An Béal Beo. By Tomás Ó Máille. This one was first published in the good old days of the Free State, and when I entered the Irish-language scene in the nineties, it had the reputation of some sort of secret medicine. I acquired an old copy and started to transform it to the new spelling for my own use, but fortunately, immediately after the millennium, the book was reissued in a modernized version. It teaches traditional Gaeltacht Irish in its cultural setting – among other things it includes the description of a loom and its parts (!). You might find it rather challenging, but if you want to learn to think in Irish, to use traditional sayings and idioms and understand their meaning, you need to read this book, and make extensive notes. The language is rather Connemara-slanted, but there is linguistic material from other dialects.
Tomás Ó Máille a scriobh. Foilsíodh an chéad eagrán thiar i laethanta an tSaorstáit, agus nuair a thosaigh mise ag cur aithne ar shaol na Gaeilge is éard a fuair mé amach go rabhthas ag labhairt faoin leabhar seo mar a bheadh druagántacht na seanleigheasraí ann. Cheannaigh mé seanchóip agus chrom mé ar an litriú nua a chur i bhfeidhm uirthi le haghaidh m’úsáide féin, ach, ádhúil go leor, tháinig eagrán nua i gcló tar éis chasadh na mílaoise. Is éard a mhúineas an leabhar seo ná Gaeilge thraidisiúnta i gcomhthéacs an tseansaoil – mar shampla tá cur síos ann ar sheol an fhíodóra agus ar a pháirteanna (!). Is dócha go bhfaighidh tú an leabhar réasúnta deacair, ach más mian leat a bheith in ann smaoineamh as Gaeilge, úsáid a bhaint as na teilgeanacha dúchasacha cainte agus a mbunchiall a thuiscint, caithfidh tú an leabhar seo a léamh agus nótaí cuimsitheacha a bhreacadh síos. Tá blas Chonamara ar stíl an údair, ach san am chéanna tarraingíonn sé ar na canúintí eile freisin le haghaidh ábhair.
An Cabhsa, By Tomás de Bhial. This is a book of idiomatic expressions explained in their context, in sentences which make sense, and with practical advice. If you find the idea of reading Gaeltacht literature intimidating, you might start with this book. The writer was a teacher in the Ring of Waterford Gaeltacht, and the language used is mostly very mainstream, the kind of Munster and Connacht expressions that are widely used even by non-natives.
Tomás de Bhial a chum an ceann seo. Is éard atá sa leabhar seo ná teilgeanacha dúchasacha cainte agus iad mínithe ina gcoimhthéacs, in abairtí a bhfuil ciall cheart iontu, chomh maith le leideanna praiticiúla. Más ábhar scanraidh duit dul i ngleic le litríocht na Gaeltachta, tá súil agam go réiteoidh an leabhar seo an ród romhat beagáinín. Bhi an t-údar ina mhúinteoir i nGaeltacht na Rinne, agus an teanga a úsáidtear sa leabhar tá sí an-chóngarach do phríomhshruth na Gaeilge – teilgeanacha cainte ó Chonnachtaibh nó ón Mumhain atá ann, Gaeilge den chineál a d’fheicfeá ag scríbhneoirí neamhdhúchais chomh maith.
Dea-Chaint John Ghráinne agus a chairde. Collected by Tom Hodgins. This is a book about expressing emotions in idiomatic Irish. This is Ulster Irish pure and unadulterated, and if you want to express your emotions like Séamus Ó Grianna, you need to read this book. However, having read Ó Grianna’s available books as well as other Ulster classics, I was mostly familiar with the material in the book already. This is good news though: it means that you can learn to express emotions in good Irish if you read Gaeltacht literature; and on the other hand, that this book can make that literature more accessible for the learner.
Tom Hodgins a bhailigh. Leabhar é seo a chuirfeas ar do chumas do chuid mothúchán a chur in iúl go nádúrtha trí mheán na Gaeilge dúchasaí. Is í Gaeilge Uladh an chanúint a úsáidtear. Mar sin, más maith leat friotal Shéamuis Uí Ghrianna a chur ar do chuid mothúchán, ní mór duit an leabhar seo a léamh. Ón taobh eile de áfach, caithfidh mé a rá nár tháinig mé ar mhórán rudaí anseo nach raibh ar eolas agam cheana féin, nó bhí mé tar éis mionstaidéar a dhéanamh ar shaothar Uí Ghrianna agus ar na clasaicigh eile ó Chúige Uladh cheana féin. Dea-scéala é sin féin áfach: ciallaíonn sé gur féidir leat friotal na mothúchán a fhoghlaim trí litríocht Gaeltachta a léamh, agus go gcuirfidh an leabhar seo le do thuiscint ar an litríocht sin, más foghlaimeoir thú.
“…mar a déarfá”, by Séan Mac Cionnaith. This is a book of Irish clichés, as the author suggests. This is basically a very good, extensive guide to idiomatic Irish, but regrettably it seems that it was rushed into print. The idiomatic expressions presented sometimes exhibit pre-Caighdeán spelling or archaic grammar (unnecessary dative forms, for instance). Basically, the problem seems to be that the author took the expressions (or at least some of them) as he found them in primary sources, without checking them in standard dictionaries. So, for an old hand such as me who knows the language well, this book is a great help, but I cannot wholeheartedly recommend it for learners. This is deplorable: with some editing this would be a superb book, now it is only a good one. However, the problem of the book is the problem of much Irish publishing in general: you don’t have access to a whole team of expert editors, you must do the work all by yourself. Noting this, the book is quite a tour de force.
Seán Mac Cionnaith a scríobh. Cnuasach cliséanna Gaeilge atá ann, mar a deir an t-údar. Go bunúsach is iontach cuimsitheach an treoirleabhar é don duine a bhfuil Gaeilge dhúchasach ag teastáil uaidh ach uaireanta feictear duit go ndeachaigh an leabhar i gcló gan an snas deireanach a fháil, Na teilgeanacha cainte sa leabhar, ó am go ham d’aithneofá litriú na ré réamh-Chaighdeánaí orthu, sin nó lorg na seanghramadaí (tuiseal tabharthach mar shampla, áit nach bhfuil gá leis an bhfoirm a thuilleadh). Is é an phríomhfhadhb dar liom ná gur phioc an t-údar na teilgeanacha cainte (cuid acu ar a laghad) leis mar a fuair sé sna bunfhoinsí iad, gan iad a sheiceáil sna foclóirí caighdeánacha. Mar sin is mór an chabhair atá sa leabhar seo dom féin, ós duine de na seanfhondúirí mé, ach ní féidir liom é a mholadh do na foghlaimeoirí gan chuntar. Is mór an trua é, nó dá ndéanfaí tuilleadh eagarthóireachta ar an leabhar, bheadh sé thar barr ar fad – níl sé ach go maith faoi láthair. Tríd is tríd áfach is é an phríomhfhadhb atá ag an leabhar seo ná fadhb na foilsitheoireachta Gaeilge go ginearálta: níl teacht agat ar fhoireann eagarthóirí seanchleachta agus caithfidh tú iomlán na hoibre a dhéanamh ar do leontaí féin. Le taobshúil air sin, is móréacht é an leabhar seo.
Cora Cainte as Tír Chonaill, by Seán Mac Maoláin. This book is another reissued one from the good old days, and the language is pure Donegal Irish, as the title suggests. It is a list of words followed by explanations or usage examples, all in Irish. The reissued version uses a standard spelling which sometimes seems less than well suitable to how the words are pronounced in Donegal. However, the book is a good guide to Ulster Irish for those who only know the Caighdeán.
Ba é Seán Mac Maoláin a chuir an leabhar seo i dtoll le chéile. Atheagrán eile é ar sheanleabhar maith, agus is í Gaeilge Thír Chonaill an chanúint sa leabhar seo, mar is léir ón teideal. Liosta focal é, agus míniúcháin nó samplai úsáide i ngach iontráil, as Gaeilge amháin. An litriú a úsáidtear san atheagrán seo tá sé chomh gar don Chaighdeán is nach bhfuil sé chomh hoiriúnach céanna d’fhuaimniú na canúna. San am chéanna is maith an treoir atá ann dóibh siúd nach bhfuil ach an Caighdeán acu agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as canúint Uladh.
I guess you miss Ceart nó Mícheart, by Seán Ó Ruadháin, here. The next blog post is my old review of that very book. (Only in Irish, I am afraid.)
Is dócha go bhfuil sibh ag crothnú Ceart nó Mícheart le Seán Ó Ruadháin anseo. Sa chéad bhlagmhír eile tá mo sheanléirmheas ar an leabhar áirithe sin.