Seo iad na cuspóirí a mholfainn féin do ghluaiseacht na Gaeilge:
- an teanga a choinneáil ag imeacht, is é sin féachaint chuige go mairfidh sí agus go mbeidh sí á labhairt, á scríobh agus á cleachtach ar gach aon dóigh feasta.
- cumarsáid a choinneáil leis na glúnta a tháinig romhainn, is é sin leis na seanchaithe deireanacha ar breacadh scéalta na nGael síos óna mbéal lenár n-aghaidhne agus lena n-aghaidh siúd a thiocfas inár ndiaidh,
- a gceart a thabhairt do bhunadh na Gaeltachta, arbh iad a choinnigh an teanga ag imeacht go n-uige seo agus arb í a n-oidhreacht chultúrtha agus a mbéaloideas an lúb dheireanach i slabhra na nglúnta a cheanglaíos den tsaol roimh an Drochshaol sinn – den tsaol ghlan-Ghaelach a bhí ann sular tharla tubaiste an Ghorta,
- ród a réiteach don mhuintir isteach, is é sin an Ghaeilge a chur ar fáil do na hinimircigh ionas gur féidir leo a ndílseacht d’Éirinn a chur in iúl ar an dóigh is fearr amuigh, is é sin trína gcuid a dhéanamh de theanga sheanársa na tíre.