Another Guide to Good Irish – Treoirleabhar Eile don Dea-Ghaeilge (Alt i nGaeilge Amháin)

When Gaelscéal still existed, I wrote some articles or reviews for it, and among them was a review of Ceart nó Mícheart – Seán Ó Ruadháin’s guide to good Irish. The review is republished here in its entirety – only in Irish.

Nuair a bhí an iris Gaeilge Gaelscéal ann, bhreac mé síos cúpla alt nó léirmheas di, ina measc an léirmheas seo ar an leabhar úd Ceart nó Mícheart – treoirleabhar Sheáin Uí Ruadháin don dea-Ghaeilge. Athfhoilsítear an léirmheas sin ina iomlán anseo – i nGaeilge amháin.

Súil an Ruadhánaigh ar cheart is ar mhícheart na Gaeilge

Sean-nath smolchaite é ar na saolta seo go bhfuil difríocht shuntasach idir ”Gaeilge na Gaeltachta” agus ”an Ghaeilge uafásach scoile”. Ar an drochuair is beag iarracht a rinne aon duine leis an difríocht dhiamhair seo a chur i míotar i dtéarmaí a cheadódh dúinn an chéad rud acu a roghnú thar an dara rud, agus más maith le haon duine an léim chandamach seo a chur de caithfidh sé na blianta fada a dhíomailt ag déanamh staidéir ar shaothar na scríbhneoirí Gaeltachta agus ar an mbéaloideas féin, go dtí go mbeidh sé sách teann as a chuid féin den teanga. Ní féidir linn ríocht rúndiamhair na dea-Ghaeilge a shroicheadh trí aon treoirleabhar amháin a léamh ó chlúdach go clúdach, cé go bhfuil mé féin beagnach cinnte gur féidir a leithéid a scríobh (agus ar ndóigh titfidh sé ar mo chrannsa an ceann sin a bhreacadh síos an lá is faide anonn, ná síligí a mhalairt). A fhad is nach mbeidh an treoirleabhar sin againn caithfidh muid leor a ghabháil le leabhair cosúil le An Cabhsa le Tomás de Bhial, An Béal Beo le Tomás Ó Máille, agus an leabhar a bheas faoi chaibidil agam thíos anseo, mar atá, Ceart nó Mícheart le Seán Ó Ruadháin.

Ní atheagrán é seo ar leabhar a cuireadh i gcló fadó ach díolaim nua: is é an t-ábhar atá ann ná na haltanna faoi cheart na Gaeilge a d’fhoilsigh an Ruadhánach ar Feasta, iris Chonradh na Gaeilge, thar na blianta. Ba é Liam Mac Peaircín a chuir an bailiúchán seo i dtoll le chéile – tá mé admhálach nach bhfuil a fhios agam mórán ina thaobh, ach amháin gur léigh mé alt nó dhó leis ar An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na Rinne. Ós conspóidíocht idir an Ruadhánach agus lucht an chomhfhreagrais atá i gcuid mhór de na scríbhinní, tá cuid mhaith litreach ó na céilí diospóireachta ar fáil sa leabhar seo chomh maith, beart a mholaim go mór. Bíonn a lán le rá ag Muiris Ó Droighneáin ach go háirithe, agus an chuma ar an scéal gur bhain sé an-sult as a bheith ag spochadh as an Ruadhánach bocht ó am go ham.

Maidir le Seán Ó Ruadháin féin bhí sé ar duine den bheagán scríbhneoirí Gaeltachta a chleacht canúint Thuaisceart Mhaigh Eo ina chuid saothar. Comhréiteach iontach í an chanúint seo idir Gaeilge Dheisceart Chonnacht agus Gaeilge Thír Chonaill, agus is mór an trua nach bhfuil mórán cainteoirí dúchais fágtha á labhairt inniu. Ar ndóigh tá an chanúint curtha i míotar ag na béaloideasóirí: an té ar suim leis staidéar a dhéanamh uirthi is féidir leis dul i dtuilleamaí an dá bhailiúchán béaloidis a d’fhoilsigh Séamus Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin, A Mhuintir Dhú Chaocháin Labhraígí Feasta agus Le Gradam is le Spraoi – agus ós ag trácht ar an gcanúint sin atáim is fearr gan dearmad a dhéanamh den dá leabhar beag deas scéalaíochta a breacadh síos ó chaint an tseanchaí Mícheál Mac Ruairí, Ridire an Gháire Dhuibh agus Mac Mic Iascaire Buí Luimnigh. Tá súil as Dia agam go mbeidh Cló Iar-Chonnacht sásta an dara ceann acu a athfhoilsiú lá de na laethanta seo in eagrán nach dtitfidh na leathanaigh as nuair a léifear an chéad uair é.

Is é an leabhar is tábhachtaí a scríobhadh sa chanúint seo ná an t-úrscéal úd Pádhraic Mháire Bhán, agus ar ndóigh ba ó pheann an Ruadhánaigh chéanna a tháinig sé. Úrscéal traidisiúnta Gaeltachta atá ann go bunúsach agus imeachtaí spreagúla ann a chuideos leis an bhfoghlaimeoir teanga phraiticiúil choincréiteach a thógáil is a shealbhú. Thairis sin ba eisean a d’aistrigh David Copperfield go Gaeilge – ar mhí-ámharaí an tsaoil níor tháinig eagrán nua-aimseartha den mhórshaothar sin i gcló go fóill, agus níor éirigh liom teacht ar chóip den tseaneagrán le go bhféadfainn litriú an lae inniu a chur i bhfeidhm air, mé féin. (Is cuimhin liom go bhfaca mé an leabhar i siopa leabhar Kenny’s i nGaillimh sa bhliain 1998 nó 1999, agus aiféaltas an domhain orm inniu nár cheannaigh mé í!) Ba é scéal David Copperfield an t-aon úrscéal le Charles Dickens a d’aistrigh an Ruadhánach go Gaeilge; in aimsir an tsean-Ghúim tháinig leagan Gaeilge de A Tale of Two Cities, mar atá, Scéal fá Dhá Chathair, i gcló freisin, ach ba é Seán Mac Maoláin a d’aistrigh é, agus mar sin tá blas láidir Ultach ar an aistriúchán sin.

Is é An Béal Beo an leabhar is túisce a ritheas liom a chur i gcomparáid le Ceart nó Mícheart. Ar ndóigh is leabhar é an chéad cheann acu a ceapadh mar leabhar ó thús, agus é i bhfad níos córasaí ina chur chuige: is éard atá ann ná cur síos ar ghnéithe éagsúla de shaol traidisiúnta na Gaeltachta a chuireas cora cainte na Gaeilge dúchasaí ina gcoimhthéacs ceart cultúrtha. Is é an coimhthéacsú bua mór Ceart nó Mícheart freisin, ach ansin ní bhíonn i gceist go bunúsach ach coimhthéacs na teanga: tugtar na focail is na cora cainte taobh istigh d’abairtí críochnaithe, de struchtúir chríochnaithe comhréire a chuidíos leis an léitheoir a chuid féin a dhéanamh díobh. Agus tá cuid mhaith grinn ann freisin, rud a bhíos de dhíth go mór mór ar an bhfoghlaimeoir agus é ag streachailt leis an nGaeilge.

Bíonn an Ruadhánach míshásta nó easaontach leis an gCaighdeán ó am go ham, rud is minic a spreagas a chuid léitheoirí chun pinn, go háirithe Muiris Ó Droighneáin: más é an Ruadhánach Searbhlach de Hoilm, is é an Droighneánach an tOllamh Séamas Ó Muircheartaigh. Uaireanta is léir go bhfuil an Ruadhánach róchinnte faoi rud éigin nach bhfuil d’údarás aige leis ach a chanúint nó a réamhbhreithiúnas pearsanta féin, agus ansin ní mór do Mhuiris nó do dhuine éigin eile de lucht an chomhfhreagrais a bhotún a cheartú. Sampla maith é an cogadh dearg a d’éirigh idir Seán agus Muiris faoi inscne an fhocail úd ”gorta”: ainmfhocal firinscneach é dar le ligeadóirí agus casadóirí an Chaighdeáin (an Gorta Mór, mar shampla), ach is é diantuairim an Ruadhánaigh gur focal baininscneach é. (Mé féin nuair a bhí mé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar Ghaeilge na scríbhneoirí Ultacha is é an bharúil a bhí agamsa san am go raibh ”gorta” baininscneach acu siúd, ach ní bheinn chomh ceanndána leis an Ruadhánach agus é ag áitiú go bhfuil an fhirinscne i bhfad níos teirce sna canúintí ná an bhaininscne.)

Uaireanta téann an Ruadhánach glan oscartha thar fóir agus é ag iarraidh nós a mhuintire nó a chanúna féin a chur chun cinn mar aoncheart Gaeilge. Sampla de seo is ea an dóigh a n-áitíonn sé go bhfuil ”fear céile” mícheart, agus gur chóir ”fearchéile”, is é sin, focal comhshuite, a dhéanamh de. Mar sin, cé go bhfuil an-eolas sa leabhar seo, teilgeanacha cainte agus míniúcháin séimeantaice ach go háirithe, is gá gan a bheith ag síleadh gurbh ionann tuairimí an Ruadhánaigh agus briathar deireanach deifnideach Dé i dtaobh cheart na Gaeilge. Bhí mo dhuine chomh garbh gangaideach, chomh tintrí tarcaisneach le Séamas ”Máire” Ó Grianna féin i gcúrsaí teanga, ach ní hionann sin is a rá go raibh an ceart aige i gcónaí agus é ag cur cogaidh ar an gcuid de na léitheoirí a d’easaontaigh leis.

Maidir leis an gcóiriú a rinne Liam Mac Peaircín ar an leabhar is beag locht is féidir liom a fháil air. D’fhan sé dílis go maith d’fhéinchanúint (canúint phearsanta) an Ruadhánaigh, agus is dócha go gcuirfinn féin slat an chaighdeáin ní ba déine uirthi in áiteanna. Ach ar ndóigh is dual domsa an bhéim is troime a chur ar inúsáidteacht an leabhair ag Gaeilgeoirí an lae inniu, na foghlaimeoirí ach go háirithe. Is léir gur theastaigh ó Liam a cheart a thabhairt don teangeolaí freisin, agus tuigim a chás, nó is doiciméad tábhachtach i stair na teanga é an leabhar seo freisin, go háirithe i stair fhorbairt an Chaighdeáin, agus cuirfidh lucht na sochtheangeolaíochta suim ann dá réir. Ar ndóigh tá úsáid agus úimléid sa leabhar don ghnáthfhoghlaimeoir féin mar atá sé, agus tá súil agam go mbeidh na foghlaimeoirí ag baint leasa as go fairsing. Agus ar an dea-uair ba duine acu siúd ba túisce a chuir in iúl domsa go raibh a leithéid seo de leabhar ar fáil.

Bhí mise inbharúla riamh gurb í an stíl is fearr ná Gaeilge an chainteora dhúchais a bhfuil tuiscint an scríbhneora aige ar cheart na teanga. Duine den chineál sin é Seán Ó Ruadháin. Cé nach gcaithfidh muid ár bhfaomhadh a thabhairt do gach uile fhocal uaidh (is dócha go bhfuil mé féin sásta foighneamh le cleachtais áirithe a dtugann seisean ”dearg-Bhéarlachas” orthu toisc gurbh ó scríbhneorí dúchasacha Gaeltachta a d’fhoghlaim mé an chéad uair iad) ní mór dúinn aird mhaith a thabhairt ar a bhfuil le rá aige. Molaim Liam Mac Peaircín go mór mór as an éacht a rinne sé ag cur an tsaothair thábhachtaigh seo ar fáil dúinn.

Guides to good Irish – Treoirleabhair don dea-Ghaeilge

An Béal Beo. By Tomás Ó Máille. This one was first published in the good old days of the Free State, and when I entered the Irish-language scene in the nineties, it had the reputation of some sort of secret medicine. I acquired an old copy and started to transform it to the new spelling for my own use, but fortunately, immediately after the millennium, the book was reissued in a modernized version. It teaches traditional Gaeltacht Irish in its cultural setting – among other things it includes the description of a loom and its parts (!). You might find it rather challenging, but if you want to learn to think in Irish, to use traditional sayings and idioms and understand their meaning, you need to read this book, and make extensive notes. The language is rather Connemara-slanted, but there is linguistic material from other dialects.

Tomás Ó Máille a scriobh. Foilsíodh an chéad eagrán thiar i laethanta an tSaorstáit, agus nuair a thosaigh mise ag cur aithne ar shaol na Gaeilge is éard a fuair mé amach go rabhthas ag labhairt faoin leabhar seo mar a bheadh druagántacht na seanleigheasraí ann. Cheannaigh mé seanchóip agus chrom mé ar an litriú nua a chur i bhfeidhm uirthi le haghaidh m’úsáide féin, ach, ádhúil go leor, tháinig eagrán nua i gcló tar éis chasadh na mílaoise. Is éard a mhúineas an leabhar seo ná Gaeilge thraidisiúnta i gcomhthéacs an tseansaoil – mar shampla tá cur síos ann ar sheol an fhíodóra agus ar a pháirteanna (!). Is dócha go bhfaighidh tú an leabhar réasúnta deacair, ach más mian leat a bheith in ann smaoineamh as Gaeilge, úsáid a bhaint as na teilgeanacha dúchasacha cainte agus a mbunchiall a thuiscint, caithfidh tú an leabhar seo a léamh agus nótaí cuimsitheacha a bhreacadh síos. Tá blas Chonamara ar stíl an údair, ach san am chéanna tarraingíonn sé ar na canúintí eile freisin le haghaidh ábhair.

An Cabhsa, By Tomás de Bhial. This is a book of idiomatic expressions explained in their context, in sentences which make sense, and with practical advice. If you find the idea of reading Gaeltacht literature intimidating, you might start with this book. The writer was a teacher in the Ring of Waterford Gaeltacht, and the language used is mostly very mainstream, the kind of Munster and Connacht expressions that are widely used even by non-natives.

Tomás de Bhial a chum an ceann seo. Is éard atá sa leabhar seo ná teilgeanacha dúchasacha cainte agus iad mínithe ina gcoimhthéacs, in abairtí a bhfuil ciall cheart iontu, chomh maith le leideanna praiticiúla. Más ábhar scanraidh duit dul i ngleic le litríocht na Gaeltachta, tá súil agam go réiteoidh an leabhar seo an ród romhat beagáinín. Bhi an t-údar ina mhúinteoir i nGaeltacht na Rinne, agus an teanga a úsáidtear sa leabhar tá sí an-chóngarach do phríomhshruth na Gaeilge – teilgeanacha cainte ó Chonnachtaibh nó ón Mumhain atá ann, Gaeilge den chineál a d’fheicfeá ag scríbhneoirí neamhdhúchais chomh maith.

Dea-Chaint John Ghráinne agus a chairde. Collected by Tom Hodgins. This is a book about expressing emotions in idiomatic Irish. This is Ulster Irish pure and unadulterated, and if you want to express your emotions like Séamus Ó Grianna, you need to read this book. However, having read Ó Grianna’s available books as well as other Ulster classics, I was mostly familiar with the material in the book already. This is good news though: it means that you can learn to express emotions in good Irish if you read Gaeltacht literature; and on the other hand, that this book can make that literature more accessible for the learner.

Tom Hodgins a bhailigh. Leabhar é seo a chuirfeas ar do chumas do chuid mothúchán a chur in iúl go nádúrtha trí mheán na Gaeilge dúchasaí. Is í Gaeilge Uladh an chanúint a úsáidtear. Mar sin, más maith leat friotal Shéamuis Uí Ghrianna a chur ar do chuid mothúchán, ní mór duit an leabhar seo a léamh. Ón taobh eile de áfach, caithfidh mé a rá nár tháinig mé ar mhórán rudaí anseo nach raibh ar eolas agam cheana féin, nó bhí mé tar éis mionstaidéar a dhéanamh ar shaothar Uí Ghrianna agus ar na clasaicigh eile ó Chúige Uladh cheana féin. Dea-scéala é sin féin áfach: ciallaíonn sé gur féidir leat friotal na mothúchán a fhoghlaim trí litríocht Gaeltachta a léamh, agus go gcuirfidh an leabhar seo le do thuiscint ar an litríocht sin, más foghlaimeoir thú.

“…mar a déarfá”, by Séan Mac Cionnaith. This is a book of Irish clichés, as the author suggests. This is basically a very good, extensive guide to idiomatic Irish, but regrettably it seems that it was rushed into print. The idiomatic expressions presented sometimes exhibit pre-Caighdeán spelling or archaic grammar (unnecessary dative forms, for instance). Basically, the problem seems to be that the author took the expressions (or at least some of them) as he found them in primary sources, without checking them in standard dictionaries. So, for an old hand such as me who knows the language well, this book is a great help, but I cannot wholeheartedly recommend it for learners. This is deplorable: with some editing this would be a superb book, now it is only a good one. However, the problem of the book is the problem of much Irish publishing in general: you don’t have access to a whole team of expert editors, you must do the work all by yourself. Noting this, the book is quite a tour de force.

Seán Mac Cionnaith a scríobh. Cnuasach cliséanna Gaeilge atá ann, mar a deir an t-údar. Go bunúsach is iontach cuimsitheach an treoirleabhar é don duine a bhfuil Gaeilge dhúchasach ag teastáil uaidh ach uaireanta feictear duit go ndeachaigh an leabhar i gcló gan an snas deireanach a fháil, Na teilgeanacha cainte sa leabhar, ó am go ham d’aithneofá litriú na ré réamh-Chaighdeánaí orthu, sin nó lorg na seanghramadaí (tuiseal tabharthach mar shampla, áit nach bhfuil gá leis an bhfoirm a thuilleadh). Is é an phríomhfhadhb dar liom ná gur phioc an t-údar na teilgeanacha cainte (cuid acu ar a laghad) leis mar a fuair sé sna bunfhoinsí iad, gan iad a sheiceáil sna foclóirí caighdeánacha. Mar sin is mór an chabhair atá sa leabhar seo dom féin, ós duine de na seanfhondúirí mé, ach ní féidir liom é a mholadh do na foghlaimeoirí gan chuntar. Is mór an trua é, nó dá ndéanfaí tuilleadh eagarthóireachta ar an leabhar, bheadh sé thar barr ar fad – níl sé ach go maith faoi láthair.  Tríd is tríd áfach is é an phríomhfhadhb atá ag an leabhar seo ná fadhb na foilsitheoireachta Gaeilge go ginearálta: níl teacht agat ar fhoireann eagarthóirí seanchleachta agus caithfidh tú iomlán na hoibre a dhéanamh ar do leontaí féin. Le taobshúil air sin, is móréacht é an leabhar seo.

Cora Cainte as Tír Chonaillby Seán Mac Maoláin. This book is another reissued one from the good old days, and the language is pure Donegal Irish, as the title suggests. It is a list of words followed by explanations or usage examples, all in Irish. The reissued version uses a standard spelling which sometimes seems less than well suitable to how the words are pronounced in Donegal. However, the book is a good guide to Ulster Irish for those who only know the Caighdeán.

Ba é Seán Mac Maoláin a chuir an leabhar seo i dtoll le chéile. Atheagrán eile é ar sheanleabhar maith, agus is í Gaeilge Thír Chonaill an chanúint sa leabhar seo, mar is léir ón teideal. Liosta focal é, agus míniúcháin nó samplai úsáide i ngach iontráil, as Gaeilge amháin. An litriú a úsáidtear san atheagrán seo tá sé chomh gar don Chaighdeán is nach bhfuil sé chomh hoiriúnach céanna d’fhuaimniú na canúna. San am chéanna is maith an treoir atá ann dóibh siúd nach bhfuil ach an Caighdeán acu agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as canúint Uladh.

I guess you miss Ceart nó Mícheart, by Seán Ó Ruadháin, here. The next blog post is my old review of that very book. (Only in Irish, I am afraid.)

Is dócha go bhfuil sibh ag crothnú Ceart nó Mícheart le Seán Ó Ruadháin anseoSa chéad bhlagmhír eile tá mo sheanléirmheas ar an leabhar áirithe sin.