A Bibliography of Folklore and Native Literature in Irish (work in progress)

A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraígí Feasta! Séamas Ó Cathaín agus Caitlín Uí Sheighin a chuir in eagar. Cló Chonamara/Oidhreacht Iorrais, Indreabhán 1987

Béarrach Mná ag Caint. Seanchas Mháiréad Ní Mhionacháin. Tadhg Ó Murchú a bhailigh, Máirtín Verling a chuir in eagar agus a chóirigh. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1999

Becker, Heinrich: I mBéal na Farraige. Scéalta agus Seanchas faoi Chúrsaí Feamainne ó Bhéal na nDaoine. Ollscoil Wuppertal (Bergische Universität) / Ollscoil na hÉireann, Gaillimh / Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1997

de Bhaldraithe, Tomás (eagarthóir): Cín Lae Amhlaoibh. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1976

de Bhaldraithe, Tomás (eagarthóir): Seanchas Thomáis Laighléis. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1981

Breathnach, Pádraic: Ar na Tamhnacha. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1987

Breathnach, Pádraic: As na Cúlacha. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1998

Breatnach, Pádraic: Bean Aonair & Scéalta Eile. Clódhanna Teo., Baile Átha Cliath 1984

Breatnach, Pádraic: I measc na nGearrcach is na gCearca Fraoigh. An Sagart, an Daingean 2010

Breatnach, Nioclás: Ar Bóthar Dom. Coláiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach 1998

de Cervantes Saavedra, Miguel (An tAthair Peadar Ó Laoghaire a d’aistrigh agus a ghiorraigh): Don Cíochótae. Cló Thalbóid, Baile Átha Cliath 2001

Gorta Broc. Scéalta agus Seanchas ó Bhéarra. Bailithe ó Phádraig Ó Murchú. Máirtín Verling a chóirigh agus a chuir in eagar. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996

Gunn, Marion (eagarthóir): Céad Fáilte go Cléire. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1990

Hodgins, Tom (editor): Dea-Chaint John Ghráinne agus a Chairde. Expressing Emotions in Irish – Friotal na Gaeltachta. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2013

Idir Mná – Scríbhneoirí Ban Ros Muc. Pléaráca Chonamara, Ros Muc 1995

Leabhar Mhaidhc Dháith – Scéalta agus Seanchas ón Rinn. Máirtín Verling a chóirigh agus a chuir in eagar, Seosamh Dálaigh, Nioclás Breatnach, Úna Parks agus daoine eile a bhailigh. An Sagart, an Daingean 2007

Le Gradam is le Spraoi. Séamas Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin a chuir in eagar. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1996

Leoithne Aniar. Cló Dhuibhne, Baile an Fhirtéaraigh 1982

Mac an Iomaire, Séamas: Cladaí Chonamara. An Gúm, Baile Átha Cliath 1985

Mac an tSíthigh, Domhnall: An Baile i bhFad Siar. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000

Mac Cionnaith, Maeleachlainn: Seanchas Rann na Feirste – Is fann guth an éin a labhras leis féin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005

Mac Cumhaill, Fionn: Gura Slán le m’Óige. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1974

Mac Gabhann, Micí: Rotha Mór an tSaoil, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1997

Mac Grianna, Seán Bán: ‘Bhí an choirm á caitheamh i gCúirt Teamhrach…’ Seán Bán Mac Grianna: Scéalta agus amhráin. In eagar ag Seán Mac Corraidh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2010

Mac Grianna, Seosamh: An Druma Mór. An Gúm, Baile Átha Cliath 1991

Mac Grianna, Seosamh: Mo Bhealach Féin. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997

Maclennan, Gordon W.: Seanchas Annie Bhán – the Lore of Annie Bhán. Edited and translated by Alan Harrison & Máiri Elena Crook. The Seanchas Annie Bhán Publication Committee 1997

Mac Meanman, Seán Bán: An Chéad Mhám. Eagarthóir: Séamus Ó Cnáimhsí. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990

Mac Meanman, Seán Bán: An Dara Mám. Eagarthóir: Séamus Ó Cnáimhsí. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1991

Mac Meanman, Séan Bán: An Tríú Mám. Eagarthóir: Séamus Ó Cnáimhsí. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1992

Mac Meanman, Seán Bán: Cnuasach Céad Conlach. Eagarthóir: Séamus Ó Cnáimhsí. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1989

Mac Ruairí, Mícheál: Ridire an Gháire Dhuibh agus Scéalta Eile.

Mag Ruaidhrí, Mícheál: Le Linn m’Óige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001

Mag Uidhir, Séamus: Fánaíocht i gContae Mhaigh Eo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994

Merriman, Brian (eag. Liam P. Ó Murchú): Cúirt an Mheon-Oíche. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1982

de Mórdha, Dáithí: Scéal Shéamais Bhig. Saol, Seanchas, Scéalta agus Teanga Shéamais Bhig Uí Lúing. An Sagart, an Daingean 2013

Mioscais na gCumar. Béaloideas agus Seanchas ó Bhéarra. Máirtín Verling a chóirigh agus a chuir in eagar. An Sagart, an Daingean 2010

Nic Aodháin, Medhbh Fionnuala: Báitheadh iadsan agus tháinig mise. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993

Ní Ghuithín, Máire: Bean an Oileáin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1986

Ní Mhainnín, Cáit: Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2000

Ní Mhaoileoin (Bean Uí Shé), Caitlín: Coitianta ar mo Pheann. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2011

Ó Baoighill, Pádraig: An Coileach Troda agus Scéalta Eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993

Ó Baoighill, Pádraig: Ceann Tìre/Earraghàidheal – Ár gComharsanaigh Ghaelacha. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2003

Ó Baoighill, Pádraig (eag.): Faoi Scáth na Mucaise. Béaloideas Ghaeltachtaí Imeallacha Thír Chonaill. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005

Ó Baoighill, Pádraig: File Náisiúnta na hAlban Rabbie Burns – An Nasc le hÉirinn. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2015

Ó Baoighill, Pádraig: Gaeltacht Thír Chonaill – Ó Ghleann go Fánaid. Coiscéim, Binn Éadair 2000

Ó Baoighill, Pádraig: Gasúr Beag Bhaile na gCreach, Coisceim, Baile Átha Cliath 2004

Ó Baoighill, Pádraig: Nally as Maigh Eo. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1998

Ó Baoighill, Pádraig (eag.): Ó Cadhain i dTír Chonaill – Béaloideas na Gaeltachta. Coiscéim/Gael-Linn 2007

Ó Baoighill, Pádraig: Padaí Láidir Mac Culadh agus Gaeltacht Thír Eoghain. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2009

Ó Baoighill, Pádraig: Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin – Séamas Mac Amhlaoibh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2010

Ó Baoighill, Pádraig: Srathóg Feamnaí agus Scéalta Eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001

Ó Baoill, Aindrias: Cnuasach na Finne. Eagarthóir: Anraí Mac Giolla Chomhaill. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993

Ó Baoill, Dónall P. (editor): Amach as Ucht na Sliabh – Imleabhar a hAon. Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair & Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair 1992

Ó Baoill, Dónall P. (editor): Amach as Ucht na Sliabh – Imleabhar a Dó. Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair & Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair 1996

Ó Cadhain, Máirtín: An Braon Broghach. An Gúm, Baile Átha Cliath 1991

Ó Cadhain, Máirtín: An Ghaeilge Bheo – Destined to Pass. [partly in English!] Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002

Ó Cadhain, Máirtín: An tSraith dhá Tógáil. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1981

Ó Cadhain, Máirtín: An tSraith ar Lár. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1986

Ó Cadhain, Máirtín: Athnuachan. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1995

Ó Cadhain, Máirtín: Barbed Wire. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002

Ó Cadhain, Máirtín: Caiscín. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1998

Ó Cadhain, Máirtín: Caithfear Éisteacht! Comhar, Baile Átha Cliath 1999

Ó Cadhain, Máirtín: Cois Caoláire. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 2004

Ó Cadhain, Máirtín: Idir Shúgradh agus Dáiríre. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1975

Ó Cadhain, Máirtín: Tone Inné agus Inniu. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999

Ó Caoimh, Séamas: An Sléibhteánach. In eagar ag Éamon Ó Conchúir, cóirithe don chló ag Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, Maigh Nuad 1989

Ó Catháin, Máirtín: Conamara agus Boston – Tríocha Bliain Anonn is Anall. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2012

Ó Catháin, Muiris: Ar Muir is ar Tír. Caibidlí do Bheatha Mhuiris Uí Chatháin a d’eachtraigh sé do Risteard Breatnach. An Sagart, an Daingean 2010

Ó Ceallaigh, Colm: Brídín. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1995

Ó Ceallaigh, Colm: Clann na Feannóige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2004

Ó Ceallaigh, Colm: Cnuasacht Airneáin. Coiscéim, Baile Átha Cliath/Béal Feirste 2006

Ó Ceallaigh, Colm: Éiric Fola. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999

Ó Ceallaigh, Colm: Meilt Mhuilte Dé. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002

Ó Ceannabháin, Peadar (a chuir in eagar): Éamon a Búrc – scéalta. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 2000

Ó Cearbhaill, Pádraig: Ba Bheannacht a Bheith Óg. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990

Ó Cearnaigh, Seán [“Seán Sheáin Uí Chearnaigh”]: An tOileán a Tréigeadh. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1974

Ó Cearra, Séamus [“Jimmí Chearra”]: Seanchas Jimmí Chearra Chois Farraige. Eagarthóir: Pádraig Ó Cearra. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2010

Ó Céileachair, Dónall Bán: Scéal mo Bheatha. Coiste Litríochta Mhúscraí, Baile Mhic Íre 2008

Ó Cinnéide, Tomás: Ar Seachrán. An Sagart, Maigh Nuad 1996

Ó Cnáimhsí, Pádraig: Idir an Dá Ghaoth. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1997

Ó Coigligh, Ciarán (eag.): Raiftearaí – Amhrán agus Dánta. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 2000

Ó Concheanainn, Peadar: Inis Meáin. Bill Doyle a mhaisigh, Pádraig Ó Siadhail a chóirigh an t-eagrán seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1993

Ó Conghaile, Mícheál: An Fear a Phléasc. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1997

Ó Conghaile, Mícheál: An Fear nach nDéanann Gáire. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2003

Ó Conghaile, Mícheál: Seachrán Jeaic Sheáin Johnny. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2002

Ó Conghaile, Peait Phádraig Tom: A Scéal Féin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1997

Ó Conghaile, Seán: Cois Fharraige le mo Linnse. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1984

Ó Corbáin, Seán: Daoine Dathúla an Iarthair. Cló Chaisil, Baile Átha Cliath 2005

Ó Criomhthain, Seán: Lá dár Saol. An Gúm, Baile Átha Cliath 1991

Ó Criomhthain, Seán & Tomás Ó Criomhthain: Cleití Gé ón mBlascaod Mór. An Sagart, an Daingean 1997

Ó Criomhthain, Tomás: Bloghanna ón mBlascaod. Eagarthóir: Breandán Ó Conaire. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1997

Ó Criomhthain, Tomás: Allagar na hInise. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997

Ó Cuinn, Cosslett (a bhailigh), Aodh Ó Canainn & Seosamh Watson (a chóirigh): Scian a caitheadh le toinn – Scéalta agus amhráin as Inis Eoghain agus cuimhne ar Ghaeltacht Iorrais. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990

Ó Curraoin, Seán: Iascairín Chloch na Córa. Scéalta agus Seanchas ó Bhearna agus na Forbacha. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000

Ó Direáin, Máirtín: Feamainn Bhealtaine, An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1969

Ó Domhnaill, Conall: Mairfidh na Filí má Mhaireann ár gCuimhne. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1999

Ó Domhnaill, Mícheál: Ó Bhun an Bhogaigh go Barr na gCróibh. Eag. Mícheál Mac Giolla Easbuic. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2010

Ó Dónaill, Niall: Na Glúnta Rosannacha. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1974

Ó Dónaill, Niall: Seanchas na Féinne. An Gúm, Baile Átha Cliath 1998

O’Donnell, Peadar: Eadarbhaile (Adrigoole). (Seosamh Mac Grianna a chuir i nGaeilge.) An Gúm, Baile Átha Cliath 1998

Ó Duibheannaigh, John Ghráinne: An áit a n-ólann an t-uan an bainne. Eagarthóir: Seán Mac Labhraí. Cló na Seaneaglaise, Béal Feirste 2008

Ó Duinnshléibhe, Tomás: Taidhgín. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1995

Ó Fiannúsa: Ghaibh a Leithéid an tSlí Tráth. Cló Chois Móire, Port Láirge 2008

Ó Finneadha, Cóil Learaí: Tórramh an Bhardail agus Scéalta Eile. An Gúm, Baile Átha Cliath 1995

Ó Gallchóir, Pádraig: Na Déithe Bréige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2007

Ó Gallchóir, Seán: Trasna an Ghaoith. Scríbhinní Johnny Sheáin curtha in eagar ag Noel Ó Gallchóir. Clódóirí Lurgan, Indreabhán 2011

“Peigí Rose” [= Ó Gallchóir, Seán]: An Chéad Chnuasach 1972-’79. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1998

Ó Gallchóir, Tomás: Séimí agus Scéalta Eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996

Ó Gaora, Colm: Mise. An Gúm, Baile Átha Cliath 2008

O’Grady, Standish (Niall Johnny Shéamaisín Ó Dónaill a d’aistrigh go Gaeilge): Eadar Muir is TírAn Gúm, Baile Átha Cliath 1997

Ó Grianna, Séamus: Castar na Daoine ar a Chéile. Scríbhinní Mháire 1 Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002

Ó Grianna, Séamus: Cora Cinniúna – Imleabhar 1. An Chéad Imleabhar de Ghearrscéalta ‘Mháire’. Niall Ó Dónaill a roghnaigh is a chuir in eagar. An Gúm, Baile Átha Cliath 1993

Ó Grianna, Séamus: Cora Cinniúna – Imleabhar 2. An Dara hImleabhar de Ghearrscéalta ‘Mháire’. Niall Ó Dónaill a roghnaigh is a chuir in eagar. An Gúm, Baile Átha Cliath 1993

‘Máire’ [= Ó Grianna, Séamus]: Mo Dhá Róisín. Eag. Nollaig Mac Congáil. Coiscéim [gan dáta]

Ó Grianna, Séamus: Na Blianta Corracha. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Scríbhinní Mháire 2. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2003

Ó Grianna, Séamus: Nuair a bhí mé óg. Cló Mercier, Corcaigh/Baile Átha Cliath 1986

Ó Grianna, Séamus: Tairngreacht Mhiseoige. An Gúm, Baile Átha Cliath 1995

Ó Héalaí, Pádraig & Lochlann Ó Tuairisg (eagarthóirí): Tobar an Dúchais. An Sagart, an Daingean 2007

Ó hEithir, Breandán: Lig Sinn i gCathú. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1982

Ó hEithir, Breandán: Sionnach ar mo Dhuán. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1988

Ó hEoghusa, Tomás: Solas san Fhuinneog. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001

Ó hOdhráin, Mícheál: Cine Cróga. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath 1964

Ó hOdhráin, Mícheál: Sléibhte Mhaigh Eo. Cnuasach Gearrscéalta. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath 1964

Ó Laighin, Donnchadh C.: An Bealach go Dún Ulún. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2004

Ó Laoghaire, Peadar: An Cleasaí. Longmans, Brún agus Ó Nualláin Tta, no year given

Ó Laoghaire, Peadar: Eisirt. Longmans, Brún agus Ó Nualláin Tta, no year given

Ó Laoghaire, Peadar: Mo Scéal Féin. Cló Thalbóid, Baile Átha Cliath 1999

Ua Laoghaire [= Ó Laoghaire], Peadar: Séadna. Liam Mac Mathúna a chuir in eagar, Brian Ó Cuív a scríobh an brollach. Carbad, Baile Átha Cliath 1995

Ó Máille, Tomás: An Béal Beo. Ruairí Ó hUiginn a chóirigh an t-eagrán nua seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 2002

Ó Máille, an tOllamh Tomás: An tIomaire Rua. Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara. An Gúm, Baile Átha Cliath 2007

Ó Maolchathaigh, Séamus: An Gleann agus a Raibh ann. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1974

Ó Muimhneacháin, Aindrias (a chuir in eagar): Seanchas an Táilliúra. Seán Ó Cróinín a bhailigh. Cló Mercier, Baile Átha Cliath agus Corcaigh 1978

Ó Munghaile, Tomás: Ó Bharr Thrámh go Baile Ghib. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2008

Ó Neachtain, Joe Steve: Lámh Láidir. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2001

Ó Neachtain, Joe Steve: Scread Mhaidne, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2003

Ó Rabhartaigh, Tadhg: Mian na Marbh. Gaeil Uladh, no year given.

Ó Ráighne, Mícheál: Bóithrín na hAille Báine. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 1993

Ó Ruadháin, Seán: Pádhraic Mháire Bhán. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994

Ó Scanláin, Muiris Mossie: An Mám Ó Dheas. In eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, an Daingean 2009

Ó Sé, Maidhc Dainín: A Thig Ná Tit orm. C.J.Fallon, Baile Átha Cliath 1995

Ó Sé, Maidhc Dainín: Dochtúir na bPiast. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000

Ó Sé, Maidhc Dainín: Greenhorn. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1997

Ó Sé, Maidhc Dainín: Idir Dhá Lios. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005

Ó Sé, Maidhc Dainín: Lilí Frainc. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001

Ó Sé, Maidhc Dainín: Mair, a Chapaill. Coiscéim, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 1999

Ó Sé, Maidhc Dainín: Mura mBuafam – Suathfam. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2003

Ó Sé, Maidhc Dainín: Nuadha agus Breoghan ar Neamh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2006

Ó Sé, Maidhc Dainín: Punt Isló. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2013

Ó Sé, Maidhc Dainín: Tae le Tae. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990

Ó Searcaigh, Cathal: Seal i Neipeal. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2004

Ó Searcaigh, Séamus: Beatha Cholm Cille. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997

Ó Searcaigh, Séamus: Laochas. An Gúm, Baile Átha Cliath 1996

Ó Síocháin, Conchúr: Seanchas Chléire. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977

Ó Súilleabháin, Muiris: Fiche Bliain ag Fás. An Sagart, an Daingean 1998

Ó Súilleabháin, Muiris: Ó Oileán go Cuilleán, ó pheann Mhuiris Uí Shúilleabháin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000

Ó Súilleabháin, Páid: Ag Coimeád na Síochána. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1995

Ó Tuathail, Éamonn (eagarthóir) & Watson, Seosamh (aistritheoir): Sgéalta Mhuintir Luinigh – Munterloney Folktales. Comhairle Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath 2015

Pedersen, Holger & Munch-Pedersen, Ole (editors): Scéalta Mháirtín Neile. Comhairle Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath 1994

Póirtéir, Cathal (editor): Glórtha ón Ghorta. Béaloideas na Gaeilge agus an Gorta Mór. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996

Reidy, Frank: Ó Chósta go Cósta. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2009

Reidy, Frank: Seal san Aetóip – Sa Tóir ar Áirc an Chonartha. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2013

Sayers, Peig: Machnamh Seanmhná. An Gúm, Baile Átha Cliath 1992

Scéalta agus Seanchas Phádraig Uí Ghrifín, in eagar ag Áine Máire Ní Fhaoláin. An Sagart, an Daingean 1995

Stenson, Nancy (editor): An Haicléara Mánas – a nineteenth-century text from Clifden, Co. Galway. School of Celtic Studies, Dublin Institute of Advanced Studies, Dublin 2003

Tyers, Pádraig: Abair Leat Joe Daly. Seosamh Ó Dálaigh ag caint le Pádraig Tyers. An Sagart, an Daingean 1999

Tyers, Pádraig: An tAthair Tadhg. An Sagart, an Daingean 2000

Tyers, Pádraig: Malairt Beatha. Inné Teoranta, Dún Chaoin 1992

Tyers, Pádraig: Scéal trí Scéal. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2009

Tyers, Pádraig: Sliabh gCua m’Óige. An Sagart, an Daingean 2003

Ua Ciarmhaic, Mícheál: Guth ón Sceilg. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000

Ua Ciarmhaic, Mícheál: Iníon Keevack. An Gúm, Baile Átha Cliath 1996

Ua Ciarmhaic, Mícheál: Ríocht na dTonn. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1989

Ua Cnáimhsí, Pádraig: Idir an Dá Ghaoth. Scéal Mhuintir na Rosann. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1997

Ua Maoileoin, Pádraig: Bríde Bhán. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1972

Ua Maoileoin, Pádraig: De Réir Uimhreacha. Muintir an Dúna, Baile Átha Cliath 1969

Ua Maoileoin, Pádraig: Na hAird ó Thuaidh, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1960

From the Confessions of a Grammar Nazi – Admhálacha ó Shaoithín Gramadaí

I have often been called a grammar Nazi as far as the Irish language is concerned, and I am quite happy to plead guilty. In my position, you would be one, too. Here is why.

Is minic a chuirtear i mo leith gur saoithín gramadaí mise. Tá mé breá sásta a admháil, iad siúd a deir mar sin, go bhfuil an ceart acu. Dá mbeifeá i m’áit, níor thaise duitse é. Seo fios fátha agus siocair.

The whole idea of a “grammar Nazi” comes from the English-speaking world, where it makes much more sense than in the world of small, threatened languages. Much of what is traditionally considered “good grammar” in English is based on Latin, but Latin and English are different languages, even representing different branches of the Indo-European genealogical tree. So it is completely lunatic to suggest that, say, you “should not split an infinitive”. If infinitives are split in spoken language, and if they were part of the written language before Latin-influenced grammarians gained the upper hand, then it makes no sense to not split them (ha!). Instead of basing the normative grammar on Latin, it should be, as far as possible, be based on natural spoken language, as well as established literary tradition.

An coincheap sin, saoithín gramadaí nó grammar Nazi mar a deir an Béarla, tháinig sé as saol an Bhéarla, agus cé go bhfuil sé oiriúnach don Bhéarla, ní luíonn sé le réasún i gcoimhthéacs na dteangacha neamhfhorleathana atá faoi bhagairt. Tá cuid mhór dá bhfuil meas na dea-ghramadaí air sa Bhéarla bunaithe ar an Laidin, ach is dhá theanga dhifriúla iad an Laidin agus an Béarla, agus níl siad fiú ar aon chraobh le chéile i gcrann ginealais na hInd-Eorpaise. Mar sin tá sé aiféiseach ar fad a rá, mar shampla, “nach bhfuil sé ceart infinideach a scoilt” sa Bhéarla. Más gnách infinidigh a scoilt i gcaint na ndaoine, agus má bhí an t-infinideach scoilte coitianta sa teanga scríofa sula bhfuair lucht na Laidine seilbh ar an gcaighdeánú, níl sé ciallmhar an t-infinideach scoilte a sheachaint. Ba chóir caighdeán na gramadaí a bhunú ar chaint na ndaoine agus ar thraidisiún seanbhunaithe na litríochta seachas ar an Laidin.

Now we come to the interesting part. The prescribed Irish grammar and style is based on the language of the last monolingual speakers. It was not some book language regulated by village schoolmasters thinking too much of themselves. It was the language of the people. The language of such luminaries as Séamus Ó Grianna and Peig Sayers is not revered because it is some Latinizing schoolmaster’s idea of good Irish. It is revered and imitated because it is the authentic language of the Gaeltacht and the nearest thing to an established literary tradition you could find among illiterate native speakers: the language of the oral literature of the story-tellers and tradition-keepers.

Seo an chuid is mó spéis den scéal anois. Tá an leagan saintreorach den Ghaeilge bunaithe ar chleachtais na gcainteoirí deireanacha aonteangacha. Níorbh iad na mionmháistrí scoile a bhí ag síleadh an domhain díobh féin a chum ná a cheap é. Ba é caint na ndaoine é. Má thugaimid urraim do theanga Shéamuis Uí Ghrianna agus Pheig Sayers, is é is cúis leis sin nach bhfuil an teanga sin bunaithe ar thuiscint mháistir scoile na Laidine ar an rud is dea-Ghaeilge ann. Bímid ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an teanga sin toisc gurb í fíortheanga na sean-Ghaeltachta í agus í bunaithe ar an rud is cosúla le traidisiún liteartha seanbhunaithe i gcultúr na gcainteoirí dúchais nach bhfuil léamh ná scríobh a dteanga féin acu: teanga na béal-litríochta, is é sin teanga na scéalaithe is na seanchaithe. 

Those who do not speak Irish natively, such as yours truly, are advised to learn their language from native speakers, including the tradition-keepers and storytellers whose stories are available in book form, as well as native speakers who wrote books, such as Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna, Máirtín Ó Cadhain, and the writers of Gaeltacht autobiographies, of whom Peig is only one.

Sinne, nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas againn, caithfidh muid Gaeilge a fhoghlaim ó chainteoirí dúchais – na scéalaithe is na seanchaithe san áireamh a bhfuil a gcuid scéalta ar fáil faoi chlúdach leabhair, chomh maith le cainteoirí dúchais ar tháinig leabhair óna bpeann, cosúil le Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna, Máirtín Ó Cadhain, agus údair na ndírbheathaisnéisí Gaeltachta, nach bhfuil i bPeig ach bean acu.

Stupid jokes about Peig should be refrained from, because there is a strong rationale behind teaching Peig: she is one of the authentic voices of the Gaeltacht, as a native traditional storyteller, and as such, one of the authentic voices of pre-Anglicization Ireland. If there is anything wrong about Peig, it is the overreliance on Peig; instead, you should read all the native material there is, both autobiographies, folklore, and fiction.

Ba chóir stad de bheith ag insint drochscéilíní magaidh faoi Pheig, nó ní chuirfí Peig os comhair na bhfoghlaimeoirí ach cúis mhaith a bheith leis: guth údarásúil de chuid na Gaeltachta í, ós scéalaí dúchasach traidisiúnta í, agus mar sin, guth údarásúil de chuid na hÉireann réamh-Ghalldachais í. Ní bhfaighinn locht ar bith ar Pheig ach an meas a bheith uirthi gurb ionann ise agus traidisiún na Gaeltachta go léir; ina ionad sin ba chóir duit gach cineál ábhar dúchasach ón nGaeltacht a léamh, na dírbheathaisnéisí, an béaloideas agus an ficsean san áireamh.