Another Guide to Good Irish – Treoirleabhar Eile don Dea-Ghaeilge (Alt i nGaeilge Amháin)

When Gaelscéal still existed, I wrote some articles or reviews for it, and among them was a review of Ceart nó Mícheart – Seán Ó Ruadháin’s guide to good Irish. The review is republished here in its entirety – only in Irish.

Nuair a bhí an iris Gaeilge Gaelscéal ann, bhreac mé síos cúpla alt nó léirmheas di, ina measc an léirmheas seo ar an leabhar úd Ceart nó Mícheart – treoirleabhar Sheáin Uí Ruadháin don dea-Ghaeilge. Athfhoilsítear an léirmheas sin ina iomlán anseo – i nGaeilge amháin.

Súil an Ruadhánaigh ar cheart is ar mhícheart na Gaeilge

Sean-nath smolchaite é ar na saolta seo go bhfuil difríocht shuntasach idir ”Gaeilge na Gaeltachta” agus ”an Ghaeilge uafásach scoile”. Ar an drochuair is beag iarracht a rinne aon duine leis an difríocht dhiamhair seo a chur i míotar i dtéarmaí a cheadódh dúinn an chéad rud acu a roghnú thar an dara rud, agus más maith le haon duine an léim chandamach seo a chur de caithfidh sé na blianta fada a dhíomailt ag déanamh staidéir ar shaothar na scríbhneoirí Gaeltachta agus ar an mbéaloideas féin, go dtí go mbeidh sé sách teann as a chuid féin den teanga. Ní féidir linn ríocht rúndiamhair na dea-Ghaeilge a shroicheadh trí aon treoirleabhar amháin a léamh ó chlúdach go clúdach, cé go bhfuil mé féin beagnach cinnte gur féidir a leithéid a scríobh (agus ar ndóigh titfidh sé ar mo chrannsa an ceann sin a bhreacadh síos an lá is faide anonn, ná síligí a mhalairt). A fhad is nach mbeidh an treoirleabhar sin againn caithfidh muid leor a ghabháil le leabhair cosúil le An Cabhsa le Tomás de Bhial, An Béal Beo le Tomás Ó Máille, agus an leabhar a bheas faoi chaibidil agam thíos anseo, mar atá, Ceart nó Mícheart le Seán Ó Ruadháin.

Ní atheagrán é seo ar leabhar a cuireadh i gcló fadó ach díolaim nua: is é an t-ábhar atá ann ná na haltanna faoi cheart na Gaeilge a d’fhoilsigh an Ruadhánach ar Feasta, iris Chonradh na Gaeilge, thar na blianta. Ba é Liam Mac Peaircín a chuir an bailiúchán seo i dtoll le chéile – tá mé admhálach nach bhfuil a fhios agam mórán ina thaobh, ach amháin gur léigh mé alt nó dhó leis ar An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na Rinne. Ós conspóidíocht idir an Ruadhánach agus lucht an chomhfhreagrais atá i gcuid mhór de na scríbhinní, tá cuid mhaith litreach ó na céilí diospóireachta ar fáil sa leabhar seo chomh maith, beart a mholaim go mór. Bíonn a lán le rá ag Muiris Ó Droighneáin ach go háirithe, agus an chuma ar an scéal gur bhain sé an-sult as a bheith ag spochadh as an Ruadhánach bocht ó am go ham.

Maidir le Seán Ó Ruadháin féin bhí sé ar duine den bheagán scríbhneoirí Gaeltachta a chleacht canúint Thuaisceart Mhaigh Eo ina chuid saothar. Comhréiteach iontach í an chanúint seo idir Gaeilge Dheisceart Chonnacht agus Gaeilge Thír Chonaill, agus is mór an trua nach bhfuil mórán cainteoirí dúchais fágtha á labhairt inniu. Ar ndóigh tá an chanúint curtha i míotar ag na béaloideasóirí: an té ar suim leis staidéar a dhéanamh uirthi is féidir leis dul i dtuilleamaí an dá bhailiúchán béaloidis a d’fhoilsigh Séamus Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin, A Mhuintir Dhú Chaocháin Labhraígí Feasta agus Le Gradam is le Spraoi – agus ós ag trácht ar an gcanúint sin atáim is fearr gan dearmad a dhéanamh den dá leabhar beag deas scéalaíochta a breacadh síos ó chaint an tseanchaí Mícheál Mac Ruairí, Ridire an Gháire Dhuibh agus Mac Mic Iascaire Buí Luimnigh. Tá súil as Dia agam go mbeidh Cló Iar-Chonnacht sásta an dara ceann acu a athfhoilsiú lá de na laethanta seo in eagrán nach dtitfidh na leathanaigh as nuair a léifear an chéad uair é.

Is é an leabhar is tábhachtaí a scríobhadh sa chanúint seo ná an t-úrscéal úd Pádhraic Mháire Bhán, agus ar ndóigh ba ó pheann an Ruadhánaigh chéanna a tháinig sé. Úrscéal traidisiúnta Gaeltachta atá ann go bunúsach agus imeachtaí spreagúla ann a chuideos leis an bhfoghlaimeoir teanga phraiticiúil choincréiteach a thógáil is a shealbhú. Thairis sin ba eisean a d’aistrigh David Copperfield go Gaeilge – ar mhí-ámharaí an tsaoil níor tháinig eagrán nua-aimseartha den mhórshaothar sin i gcló go fóill, agus níor éirigh liom teacht ar chóip den tseaneagrán le go bhféadfainn litriú an lae inniu a chur i bhfeidhm air, mé féin. (Is cuimhin liom go bhfaca mé an leabhar i siopa leabhar Kenny’s i nGaillimh sa bhliain 1998 nó 1999, agus aiféaltas an domhain orm inniu nár cheannaigh mé í!) Ba é scéal David Copperfield an t-aon úrscéal le Charles Dickens a d’aistrigh an Ruadhánach go Gaeilge; in aimsir an tsean-Ghúim tháinig leagan Gaeilge de A Tale of Two Cities, mar atá, Scéal fá Dhá Chathair, i gcló freisin, ach ba é Seán Mac Maoláin a d’aistrigh é, agus mar sin tá blas láidir Ultach ar an aistriúchán sin.

Is é An Béal Beo an leabhar is túisce a ritheas liom a chur i gcomparáid le Ceart nó Mícheart. Ar ndóigh is leabhar é an chéad cheann acu a ceapadh mar leabhar ó thús, agus é i bhfad níos córasaí ina chur chuige: is éard atá ann ná cur síos ar ghnéithe éagsúla de shaol traidisiúnta na Gaeltachta a chuireas cora cainte na Gaeilge dúchasaí ina gcoimhthéacs ceart cultúrtha. Is é an coimhthéacsú bua mór Ceart nó Mícheart freisin, ach ansin ní bhíonn i gceist go bunúsach ach coimhthéacs na teanga: tugtar na focail is na cora cainte taobh istigh d’abairtí críochnaithe, de struchtúir chríochnaithe comhréire a chuidíos leis an léitheoir a chuid féin a dhéanamh díobh. Agus tá cuid mhaith grinn ann freisin, rud a bhíos de dhíth go mór mór ar an bhfoghlaimeoir agus é ag streachailt leis an nGaeilge.

Bíonn an Ruadhánach míshásta nó easaontach leis an gCaighdeán ó am go ham, rud is minic a spreagas a chuid léitheoirí chun pinn, go háirithe Muiris Ó Droighneáin: más é an Ruadhánach Searbhlach de Hoilm, is é an Droighneánach an tOllamh Séamas Ó Muircheartaigh. Uaireanta is léir go bhfuil an Ruadhánach róchinnte faoi rud éigin nach bhfuil d’údarás aige leis ach a chanúint nó a réamhbhreithiúnas pearsanta féin, agus ansin ní mór do Mhuiris nó do dhuine éigin eile de lucht an chomhfhreagrais a bhotún a cheartú. Sampla maith é an cogadh dearg a d’éirigh idir Seán agus Muiris faoi inscne an fhocail úd ”gorta”: ainmfhocal firinscneach é dar le ligeadóirí agus casadóirí an Chaighdeáin (an Gorta Mór, mar shampla), ach is é diantuairim an Ruadhánaigh gur focal baininscneach é. (Mé féin nuair a bhí mé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar Ghaeilge na scríbhneoirí Ultacha is é an bharúil a bhí agamsa san am go raibh ”gorta” baininscneach acu siúd, ach ní bheinn chomh ceanndána leis an Ruadhánach agus é ag áitiú go bhfuil an fhirinscne i bhfad níos teirce sna canúintí ná an bhaininscne.)

Uaireanta téann an Ruadhánach glan oscartha thar fóir agus é ag iarraidh nós a mhuintire nó a chanúna féin a chur chun cinn mar aoncheart Gaeilge. Sampla de seo is ea an dóigh a n-áitíonn sé go bhfuil ”fear céile” mícheart, agus gur chóir ”fearchéile”, is é sin, focal comhshuite, a dhéanamh de. Mar sin, cé go bhfuil an-eolas sa leabhar seo, teilgeanacha cainte agus míniúcháin séimeantaice ach go háirithe, is gá gan a bheith ag síleadh gurbh ionann tuairimí an Ruadhánaigh agus briathar deireanach deifnideach Dé i dtaobh cheart na Gaeilge. Bhí mo dhuine chomh garbh gangaideach, chomh tintrí tarcaisneach le Séamas ”Máire” Ó Grianna féin i gcúrsaí teanga, ach ní hionann sin is a rá go raibh an ceart aige i gcónaí agus é ag cur cogaidh ar an gcuid de na léitheoirí a d’easaontaigh leis.

Maidir leis an gcóiriú a rinne Liam Mac Peaircín ar an leabhar is beag locht is féidir liom a fháil air. D’fhan sé dílis go maith d’fhéinchanúint (canúint phearsanta) an Ruadhánaigh, agus is dócha go gcuirfinn féin slat an chaighdeáin ní ba déine uirthi in áiteanna. Ach ar ndóigh is dual domsa an bhéim is troime a chur ar inúsáidteacht an leabhair ag Gaeilgeoirí an lae inniu, na foghlaimeoirí ach go háirithe. Is léir gur theastaigh ó Liam a cheart a thabhairt don teangeolaí freisin, agus tuigim a chás, nó is doiciméad tábhachtach i stair na teanga é an leabhar seo freisin, go háirithe i stair fhorbairt an Chaighdeáin, agus cuirfidh lucht na sochtheangeolaíochta suim ann dá réir. Ar ndóigh tá úsáid agus úimléid sa leabhar don ghnáthfhoghlaimeoir féin mar atá sé, agus tá súil agam go mbeidh na foghlaimeoirí ag baint leasa as go fairsing. Agus ar an dea-uair ba duine acu siúd ba túisce a chuir in iúl domsa go raibh a leithéid seo de leabhar ar fáil.

Bhí mise inbharúla riamh gurb í an stíl is fearr ná Gaeilge an chainteora dhúchais a bhfuil tuiscint an scríbhneora aige ar cheart na teanga. Duine den chineál sin é Seán Ó Ruadháin. Cé nach gcaithfidh muid ár bhfaomhadh a thabhairt do gach uile fhocal uaidh (is dócha go bhfuil mé féin sásta foighneamh le cleachtais áirithe a dtugann seisean ”dearg-Bhéarlachas” orthu toisc gurbh ó scríbhneorí dúchasacha Gaeltachta a d’fhoghlaim mé an chéad uair iad) ní mór dúinn aird mhaith a thabhairt ar a bhfuil le rá aige. Molaim Liam Mac Peaircín go mór mór as an éacht a rinne sé ag cur an tsaothair thábhachtaigh seo ar fáil dúinn.