Ó Ghrossman go Solzhenitsyn – alt (neamhchríochnaithe) faoi litríocht na Rúise

For some years now, I have been working on my Russian with the purpose of writing a history of modern Russian prose (not in Irish though, I am afraid). A spin-off of this project is this (yet unfinished) article in Irish about Vasily Grossman and Aleksandr Solzhenitsyn.

Le cúpla bliain anuas tá mé ag iarraidh snas a chur ar mo chuid Rúisise arís agus mé meáite ar leabhar a scríobh (i dteanga eile seachas Gaeilge, is eagal liom) faoi stair an phróis nua-aimeartha sa Rúis. Seachthoradh don tionscadal chéanna an t-alt seo thíos faoi Vasily Grossman agus Aleksandr Solzhenitsyn.

 
Sinne, ar cuimhin linn na seachtóidí, is furasta dúinn a shíleadh go raibh idirdhealú soiléir idir scríbhneoir easaontach agus scríbhneoir oifigiúil i bhfeidhm san Aontas Sóivéadach riamh. Ba é an t-easaontóir – cibé cé acu file nó fisiceoir, scríbhneoir nó scríobaire veidhlín a bhí ann – ná fear na féasóige druidte a chuirfeadh fáidh ón Sean-Tiomna i gcuimhne duit agus é faoi shíor-agallamh ag iriseoirí ón Iarthar ag tuar tubaiste don chóras Chumannach. Nó b’fhéidir gur díbríodh go dtí na cúlriasca é, nó go cathair imeallach éigin nach raibh cead isteach ag na hiriseoirí sin inti. Ón taobh eile de bhí an stát uilechumhachtach ollsmachtúil ag tál a fhéile go flúirseach flaithiúil orthu siúd a bhí ina mbaill de chumann na scríbhneoirí oifigiúla, agus a gcuid tithe saoire agus clubanna féin acu: ba é an t-aon rud a chaithfeá a dhéanamh ná cúis an stáit a chur chun cinn i do chuid scríbhinní.

Ba é sin an chuma a bhí ar an scéal i ré Bhrezhnev, ach de réir is mar a d’fhorbair mo thuiscint féin ar stair na litríochta (is na heasaontóireachta!) san Aontas Sóivéadach fuair mé amach go raibh an t-idirdhealú sin i bhfad ag teacht i gcrann. Is dócha nach mórán againn anseo san Iarthar a chuala iomrá ar an mbanfhile Olga Bergholtz riamh, ach nuair a bhí Leningrad (inniu, Cathair Pheadair) faoi léigear ag na Gearmánaigh i rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí a hainm i mbéal an tsaoil Shóivéadaigh. Bhí sí ag craoladh ón gcathair imshuite ar an raidió, ag léamh a cuid filíochta agus ag misniú mhuintir na cathrach chun troda in aghaidh an ionsaitheora. Bhí sí ina ball den Pháirtí Chumannach ón mbliain 1940 anuas, agus tríd is tríd shílfeá gur file ”oifigiúil”, ”dleathach” a bhí inti riamh. Mar sin, cheapfá go raibh a leithéid-se slán sábháilte ar fad nuair a bhí scríbhneoirí á ngabháil ag seirbhísí rúnda Stailín.

Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Faoi dheireadh na dtríochaidí chaith Olga breis is leathbhliain ina cime agus amhras ar na húdaráis fúithi ar chúiseanna polaitiúla: maidir lena fear céile, cuireadh chun báis é faoin am chéanna, agus céasadh í féin le hadmháil a bhaint aisti. Sa deireadh scaoil na rúnseirbhísí saor léi – d’éigiontaigh na húdaráis go huile is go hiomlán í. D’athraigh an ghaoth pholaitiúil nuair a bhí Olga faoi choimeád, ionas nach bhfuair Stailín ná a chuid cúlaistíní riachtanach í a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh. Pé scéal é léiríonn cinniúint Olga Bergholtz nár sheachain na scríbhneoirí ”oifigiúla” féin an chontúirt nuair a bhí an scuab mhór ag glanadh roimpi.

Le fírinne, fuair na scríbhneoirí Sóivéadacha go léir saoirse nua i mblianta an Dara Cogadh Domhanda, agus bhreabhsaigh an litríocht suas ábhairín. Ba é an foirceadal a bhí i bhfeidhm i litríocht an Aontais Shóivéadach roimh an gcogadh ná an réalachas Sóisialach. Go bunúsach, is éard a bhí i gceist leis ná aisling na hidé-eolaíochta a léiriú mar fhírinne. Nuair a bhí bunú na gcalchas agus an ”dí-chulacú” (is é sin, léirscrios agus díbirt na ”bhfeirmeoirí saibhre” nach raibh saibhir ar aon nós) faoi lán an tseoil, agus na mílte daoine ag fáil bháis faoin tuath dá réir sin, bhí na healaíontóirí ag dathú pictiúirí de mhuintir na tuaithe ag damhsa go sona sásta timpeall ar fharasbarr dochuimsitheach arbhair agus feola. Ba é sin fírinne na hidé-eolaíochta, agus má bhí taithí na ndaoine bunoscionn leis an bhfírinne sin, b’amhlaidh ba mheasa do na daoine. Ar ndóigh, bhí a leagan féin den ”réalachas” idé-eolaíochtúil ag na Naitsithe. Ba mhinic nach n-aithneofá ó chéile na pictiúirí a bhí na healaíontóirí Naitsíocha a phéinteáil mar léiriú ar áilleacht agus ar dhearscnaitheacht an chine Airianaigh agus na cinn Shóivéadacha a thaispeáin chomh láidir lúfar, chomh cumtha comair is a bhí clann an lucht oibre agus í ag dul le lúthchleasaíocht i spórtlanna nuathógtha an stáit Shóisialaigh.

Is é an cineál cur síos a thabharfadh lucht an réalachais Shóisialaigh ar an gcogadh ná nach mbeadh ach na naimhde ag géilleadh agus ag fáil bháis. Ní fhéadfá scéalta den chineál sin a chur os comhair na saighdiúirí a bhí cleachta le saol na dtrinsí, áfach. Bhí a fhios acu go raibh fir mhaithe á marú de dheasca droch-cheannasaíochta agus go raibh cuid mhór de réigiúin Eorpacha an Aontais Shóivéadaigh sealbhaithe ag na Gearmánaigh. Mar sin, bhí réalachas ionraic ag teastáil seachas ”réalachas” Sóisialach: chaithfeadh na scríbhneoirí aitheantas a thabhairt d’”fhírinne na dtrinsí” ina gcuid saothar.

An té a chuirfeas i gcomparáid le chéile an t-ábhar a tháinig ó pheann na scríbhneoirí Sóivéadacha le linn an chogaidh féin agus an sórt scéalta a bhreac siad síos i ndiaidh an chogaidh tabharfaidh sé faoi deara gan mhoill an difríocht idir ”fírinne na dtrinsí” agus caoithiúlacht pholaitiúil na tréimhse iarchogaidh. Sampla maith is ea Volokolamskoe shosse (”Bealach Mór Volokolamsk”, nó Volokolamsk Highway mar a baisteadh ar an aistriúchán Béarla; cathair bheag laistiar de Mhoscó í Volokolamsk a raibh na Gearmánaigh ina seilbh ar feadh tréimhse ghairid sa bhliain 1941), úrscéal le hAleksandr Bek a chaitheas súil ar na cathanna a troideadh taobh thiar de Mhoscó, agus na trúpaí Sóivéadacha ag iarraidh na Gearmánaigh a stopadh sula sealbhoidís an phríomhchathair.

Tháinig an chéad imleabhar i gcló roimh dheireadh an chogaidh, agus ábhar iontais is ea é nach bhfuil na focail ”Stailín”, ”Cumannachas” ná ”an Páirtí” le léamh sa leabhar sin ach ar éigean. Lena cheart a thabhairt don scríbhneoir, níl siad ag fluirsiú go ródhona sa dara himleabhar ach an oiread, cé gur léir go raibh brú na hidé-eolaíochta ag luí air ní ba throime ná ar an gcéad cheann. Níl sa chéad imleabhar go bunúsach ach cur síos ar cheird phraiticiúil an tsaighdiúra agus ar thucaidí is ar mhothúcháin an cheannasaí cathláin – leabhar é atá saor ó gach cineál seafóide, nó is scéal ionraic cogaidh é. Chuirfeadh fear míleata suim ann ar chúiseanna proifisiúnta, agus le fírinne baineadh úsáid as an úrscéal mar théacsleabhar cogaíochta i scoileanna míleata an domhain.

Dealraíonn sé, dála an scéil, go ndearna na foilsitheoirí Béarla dhá leabhar d’aistriúchán an dara himleabhar, is é sin, General Panfilov’s Reserve agus Several Days. An té a rachas ar lorg an leabhair Volokolamsk Highway, bíodh a fhios aige gurb ionann é agus an chéad imleabhar, an ceann a cuireadh i gcló sa bhunteanga roimh dheireadh an chogaidh.

Duine de na scríbhneoirí cogaidh ba mhó ar thaitin a gcuid scríbhinní leis na saighdiúirí féin ab ea Vasily Grossman. Innealtóir ceimiceach a bhí ann agus aithne aige ar shaol na bpoll mianaigh, nó i ndiaidh dó céim ollscoile a bhaint amach chuaigh sé ag obair i gceantar mianadóireachta Donbass in Oirthear na hÚcráine – an réigiún céanna atá chomh mór sin ina chnámh spairne idir an Rúis agus an Úcráin inniu. Intleachtóir Giúdach a bhí ann ach má bhí féin ba é a ghéarbharúil go gcaithfeadh sé aithne cheart a chur ar an lucht oibre má bhí sé lena gceart a thabhairt dóibh ina chuid scríbhinní.

Is é an tátal a bhainfeá as sin gur Cumannach go smior a bhí ann nuair a bhí sé óg. An bhá a bhí aige leis an réabhlóideachas Sóisialach fuair sé ó thaobh na dtaobhann í, nó ba réabhlóidithe óga iad a thuismitheoirí nuair a casadh ar a chéile an chéad uair riamh iad, agus iad ar a seachnadh ó sheirbhísí rúnda an Impire san Eilvéis. Giúdaigh a bhí iontu agus bhí an cine sin go mór mór faoi chois in Impireacht na Rúise: bhí pógraim á n-eagrú ag seirbhísí rúnda an Impire gan trácht ar na monarchana bolscaireachta a bhí acu le scéalta uafáis faoin ”gcomhcheilg Ghiúdach” a scaoileadh timpeall sa tsochaí.

Rúnghníomhaire Rúiseach Impiriúil ab ea Sergey Nilus, an fear a chuir i dtoll le chéile ”Prótacail Sheanóirí Shión”, clasaiceach úd na fuathghríosóireachta frith-Ghiúdaí, le sampla amháin a lua. Le fírinne d’fhéadfá a rá go bhfuil cuid mhór de mhilleán an Uilelosctha féin ar Nilus agus ar rúnseirbhís impiriúil na Rúise, leis an spreagadh a thug na ”Prótacail” don fhrith-Ghiúdachas ar fud na hEorpa, an Naitsíochas san áireamh. Ón taobh eile de, níorbh é Nilus féin a chum na scéalta a chuir sé sna ”Prótacail”: tharraing sé go mór mór ar litríocht fhrith-Ghiúdach na Fraince is na Gearmáine, scríbhneoirí ar nós Eugène Sue nó Hermann Goedsche, agus é ag cur a chasadh féin in ábhar a fuair sé roimhe sna foinsí.

Bhí dhá rogha ag na Giúdaigh sa tsean-Rúis: imirce a dhéanamh nó troid a chur ar a son féin. Mar a deir Linda Grant sa réamhfhocal a scríobh sí don aistriúchán Béarla ar phríomhshaothar Ghrossman, ba iad siúd a chloígh lena seanchreideamh ba mhó a d’imigh ón Rúis, agus ar ndóigh rinne an chuid ba mhó acu imirce go dtí na Stáit Aontaithe. De shliocht an dreama sin, abair, an scríbhneoir ficsin eolaíochta Isaac Asimov. Maidir leo siúd a chuaigh chun saoltachta agus nach raibh mórán cur amach acu ar an reiligiún Giúdach, b’fhearr leo fanacht sa bhaile agus iad meáite ar chóras na sochaí a athrú ó bhonn le cothrom Féinne a bhaint amach dá gcine. Chuaigh cuid mhór acu siúd le creideamh saolta na ré nua – an Sóisialachas, nó na leaganacha éagsúla de a bhí coitianta sa Rúis san am – agus iad dóchasach go gcuirfeadh sé deireadh leis an bhfrith-Ghiúdachas agus le náisiúnachas cúng d’aon chineál. Leis an dara dream a bhain muintir Ghrossman.

Nuair a tháinig an chéad réabhlóid – Réabhlóid na Feabhra – d’fhág na cúigí in Iarthar na Rúise slán ag an máthairthír agus iad ag fógairt neamhspleáchais. Ina measc siúd bhí an Úcráin féin. I dtús na bliana 1919 bhí pógram gránna i mBerdychev, arbh í cathair dhúchais Vasily Grossman í, agus is léir go ndeachaigh na himeachtaí sin go mór mór i bhfeidhm ar an stócach, nó ní raibh sé ach ina dhéagóir óg san am. Nuair a tháinig deireadh le cogadh cathartha na Rúise, ionas gur fágadh na Boilséivigh ag rialú na tíre, bhí a lán Giúdach sa réigiún, Grossman óg ina measc, breá sásta leis sin, ó bhí siad suite siúráilte nach mbeadh tuilleadh géarleanúintí ag bagairt orthu faoi chumhacht a bhí ag iarraidh leas na náisiúntachtaí mionlaigh a chur chun cinn, de réir na bolscaireachta ar a laghad. Ós réabhlóidithe a bhí i dtuismitheoirí Ghrossman féin, ba dhual dó a shíleadh gurbh é an córas Cumannach an todhchaí a bhí ullmhaithe acusan dó. Mar sin ba leasc leis dul chun diúnais ar an gcóras: b’ionann sin agus a mhuintir féin, a dhúchas féin, a shéanadh.

Bhí suim ag an bhfear óg san eolaíocht agus sa litríocht araon. Rinne sé staidéar ar innealtóireacht cheimiceach i Moscó agus phós sé cailín a casadh air san ollscoil, ach ní raibh fad saoil i ndán don phósadh sin – fuair siad colscaradh i ndiaidh cúpla bliain. San am chéanna bhí Grossman ag scríbhneoireacht freisin, agus chuir boic mhóra na litríochta Sóivéadaí, cosúil le Maxim Gorky agus Boris Pilnyak, suim ina raibh idir lámhaibh aige. Fuair sé misniú agus treorú uathusan, agus de réir a chéile thosaigh sé ag foilsiú scéalta dá chuid féin sna nuachtáin agus sna hirisí.

Ansin chuaigh sé ag obair in Donbass. Ós le smaointí Sóisialacha a tógadh é, agus é ag dearcadh air féin mar Chumannach dílis san am, ba é an rud a tháinig leis go nádúrtha ná gearrscéal fada, nó úrscéilín, a scríobh faoi shaol an lucht oibre sa cheantar. Bhaist sé Glückauf ar an scéal – focal Gearmáinise a bhí in úsáid i mbéarlagair Rúisise na mianadóirí le hádh a ghuí. Leabhar eile ón tréimhse réamhchogaidh ab ea an chéad úrscéal lánfhaid a tháinig ó pheann Ghrossman, Stepan Kolchugin – is é teideal an leabhair ainm an laoich, ar ndóigh. Ba é ab ábhar don leabhar sin ná na Giúdaigh ag troid ar son na réabhlóide sa tsean-Rúis, na tucaidí a bhí acu le dul le cúis na réabhlóide.

Moladh Stepan Kolchugin do Dhuais Stailín (ná bíodh iontas ort gur ”Duais Stailín” a bhí ar an ngradam litríochta ba mhó le rá sa tír nuair a bhí Stailín i gceannas uirthi!), ach má moladh, bhain an deachtóir féin an leabhar den ghearrliosta. Bhí sé barúlach gur ”leabhar Meinséiveach” a bhí ann, is é sin, go raibh an t-úrscéal ag cur Sóisialachais den chineál ”mhícheart” chun cinn – agus coir pholaitiúil an-tromchúiseach a bhí i gceist lena leithéid san Aontas Sóivéadach. Le fírinne bhíodh Sóisialaigh neamh-cheartchreidmheacha i bhfad ní ba mheasa thíos le tíoránacht Stailín ná na ”buirgéisigh” féin. Mar a dúirt Solzhenitsyn, bhí an scéal dona go leor más í an choir a cuireadh i do leith ná KD (kontrrevolyutsionnaya deyatelnost’, ”gníomhaíocht fhrith-Réabhlóideach”), ach bhí sé seacht n-oiread ní ba mheasa má bhí an litir T dingthe isteach sa ghiorrúchán sin – KTD (kontrrevolyutsionnaya trotskistskaya deyatelnost’, ”gníomhaíocht fhrith-Réabhlóideach Throtscaíoch”, is é sin, go raibh tú ag tacú le smaointeachas Lev Trotsky, an namhaid ba mhó a bhí ag Stailín i ngluaiseacht idirnáisiúnta na gCumannach).

Ba iad na Meinséivigh (”lucht an mhionlaigh”) agus na Boilséivigh (”lucht an tromlaigh”) an dá fhaicsean a tháinig ar an bhfód de thoradh Ard-Fheis Pháirtí Daonlathach Sóisialta na Rúise sa bhliain 1903, agus ní raibh tromlach ag na Boilséivigh ach ag aon vóta amháin le linn na comhdhála: mar sin, ní raibh sa dá lipéad sin ach bolscaireacht de chuid Léinín, a bhí i gceannas ar na Boilséivigh. Ba é Yuli Martov-Tsederbaum ceannaire na Meinséiveach. An tréimhse ghairid a bhí neamhspleáchas ag an tSeoirsia, tír dhúchais Stailín, i ndiaidh réabhlóid na Rúise, ba é an Meinséiveach Noi Zhordania a bhí ina Phríomh-Aire ansin, go dtí gur fhorghabh Arm Dearg na mBoilséiveach an tír le ”poblacht” Shóivéadach (is é sin, cuid den Rúis Bhoilséiveach) a dhéanamh di.

Murab ionann agus na Boilséivigh, bhí na Meinséivigh sásta comhoibriú ceart cothrom a dhéanamh le páirtithe réabhlóideacha eile, cosúil leis na Daonlathaigh Bhunreachtúla (an páirtí liobrálach) agus na Réabhlóidithe Sóisialacha. Ba iad na Réabhlóidithe Sóisialacha an fíor-shluapháirtí Sóisialach sa Rúis a d’fhéadfá a chur i gcomparáid le páirtithe lucht oibre na dtíortha Iartharacha, ach amháin gur dhírigh an páirtí seo ar na scológa agus ar mhuintir bhocht na tuaithe le haghaidh tacaíochta, seachas ar lucht oibre na tionsclaíochta amháin. Cuid mhór den lucht oibre sin féin ba scológa iad go bunúsach pé scéal é, agus iad sásta filleadh ar an tuath má bhí an fhostaíocht sna monarchana ag gannú.

Na Boilséivigh – na Cumannaigh – a tháinig i gceannas ar an tír i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, níor theastaigh uathu a gcumhacht a roinnt leis na páirtithe eile ná leis na sluaite móra. Dhearc siad orthu féin mar ”mheitheal tosaigh” a bhí leis an mbealach ceart a thaispeáint do na sluaite sin, na bealaí eile a bhlocáil agus lucht siúlta an bhealaigh mhíchirt a chaitheamh i dtóin an phríosúin nó a chur chun báis, mar is eol dúinn inniu.

Is dócha go raibh cúis cheart ag Stailín le ”Meinséiveachas” a chur i leith Ghrossman. Thar aon rud eile, bhí athair an scríbhneora ina Mheinséiveach dáiríribh nuair a bhí sé gníomhach i bpolaitíocht réabhlóideach na Rúise Impiriúla. Sa bhreis air sin, áfach, tá sé tábhachtach a thuiscint go raibh luí ag Grossman féin le sóisialachas an phobail, seachas sóisialachas na ”meithle tosaigh”, riamh. Nuair a bhí sé ina iriseoir cogaidh sa Dara Cogadh Domhanda, agus é ag scríobh tuairiscí agus aistí do nuachtán an Airm Shóivéadaigh Krasnaya Zvezda (”An Réalta Dhearg”), dhírigh sé ar na saighdiúirí agus ar a ngaisce i machaire an chatha riamh, seachas ar ról an pháirtí, an Chumannachais agus an deachtóra.

Níor leasc leis a chuid féin a chur leis an miotaseolaíocht faoi laochas na saighdiúirí Sóivéadacha, nó ba é sin an cúram a bhí curtha roimhe mar iriseoir cogaidh. Thairis sin, cosúil le hintleachtóirí na Rúise riamh, mhothaigh sé go raibh sé go mór mór faoi chomaoin ag an gcosmhuintir – ag na gnáthshaighdiúirí mar shampla. B’fhéidir go raibh sé ní ba ghaire don Mheinséiveachas ná don Bhoilséiveachas sa chiall seo, agus gur aithin an deachtóir ar a úrscéal réamhchogaidh féin go raibh ”drochbhraon” áirithe polaitiúil in Grossman, dar leis an deachtóir agus le lucht a leanúna.

Chonaic Grossman a lán de thaobh ghránna an chogaidh, campaí báis na Naitsithe ach go háirithe. Ag scríobh scéalta nuachta faoi uafáis na gcampaí sin agus faoi Uileloscadh na nGiúdach dó, áfach, fuair sé amach nach raibh na húdaráis Shóivéadacha chomh fáiltiúil roimh an gcineál sin ábhair is a shílfeá. Ba é polasaí oifigiúil Stailín ná nár chóir trácht ar leith a dhéanamh ar chás na nGiúdach sa chogadh ná ar an Uileloscadh. Theastaigh uaidhsean béim a chur ar chomhfhulaingt na saoránach Sóivéadach go léir, seachas ar aon dream ar leith.

Cuid mhór de na Giúdaigh a tachtadh sna seomraí gáis ní raibh siad ina ”saoránaigh Shóivéadacha” ach le cúpla bliain, áfach. Na ceantair ar tugadh ”Iarthar na Bealarúise” agus ”Iarthar na hÚcráine” orthu sa bholscaireacht Shóivéadach, níor thit siad leis an Aontas Sóivéadach ach amháin sa bhliain 1939. Leis an bPolainn a bhain siad roimhe sin, ach ba iad Hitler agus Stailín in éineacht a chloígh an tír sin i dtús an chogaidh, ionas gur cuireadh oirthear na Polainne leis an Aontas Sóivéadach – le ”poblachtaí” na hÚcráine agus na Bealarúise. B’fhearr le Stailín gan aird an tsaoil mhóir a tharraingt ar an taobh sin den scéal ach an oiread.

Le fírinne, bhí frith-Ghiúdachas áirithe ag roinnt le Stailín féin. Fear paranóideach a bhí ann riamh, agus nuair a bunaíodh stát Iosrael faoi dheireadh na ndaichidí, chuaigh an pharanóia sin go mór mór chun donais. Tháinig Golda Meir, agus í ina hambasadóir urghnách le cumhachtaí speisialta, ar cuairt oifigiúil go dtí an tAontas Sóivéadach go gairid i ndiaidh d’Iosrael neamhspleáchas a fhógairt, agus í meáite ar airm agus gléasra cogaidh a cheannach ansin. San am sin bhí Stailín báúil le hIosrael, nó bhí an chuma ar an tír nuabhunaithe go raibh sí ag forbairt i dtreo Sóisialachais – ba dhual do Stailín a shíleadh go raibh na kibbutzanna cosúil leis na calchais Shóivéadacha, mar shampla. Thairis sin bhí Iosrael agus an Ríocht Aontaithe in adharca a chéile, rud a thug le tuiscint do Stailín go bhféadfadh sé an tír nua a úsáid le maolú ar stádas na gcumhachtaí Iartharacha sa Mheán-Oirthear. Mar a d’iompaigh an scéal amach áfach d’fhear pobal Giúdach an Aontais Shóivéadaigh fíorchaoin fáilte roimh Meir, agus ba é an chiall a bhain an deachtóir as sin nach raibh na Giúdaigh Shóivéadacha chomh dílis don stát Chumannach agus ba chóir.

Bhí iarracht déanta ag Stailín roimhe sin cineál ”Iosrael” dá chuid féin a bhunú do Ghiúdaigh an Aontais Shóivéadaigh. Roimh an Uileloscadh, bhí cónaí ar fhormhór na nGiúdach sa tír san Úcráin agus sa Bhealarúis, agus shílfeá gurb i gceann den dá ”phoblacht” Shóivéadacha sin ab fhearr dúiche fhéinrialaitheach Ghiúdach a lonnú. Ní mar sin a chonacthas an scéal do Stailín, áfach. Sa bhliain 1928 fógraíodh réigiún náisiúnta na nGiúdach Sóivéadach de ghiota talún i gCian-Oirthear na Rúise, in aice le teorainn na Síne, nach raibh d’ainm air roimhe sin ach Birobidzhan, arb é ainm na príomhchathrach é fosta. Is iad an dá abhainn is mó sa réigiún, Bira agus Bidzhan, is bun leis an ainm sin.

Níor sháraigh codán na nGiúdach i ndaonra an réigiúin sin tríocha faoin gcéad riamh, ach ba é Stailín féin ba mhó a bhí ciontach i mírath na scéime: sna tríochaidí, nuair a bhí sé ag marú ceannairí áitiúla de chuid a pháirtí féin, bhí Réigiún na nGiúdach go mór mór thíos leis an bhfeachtas géarleanúna sin, rud a chuir deireadh, abair, le gníomhaíocht chultúrtha Ghiúdach i mBirobidzhan.

Sampla maith de seo is ea cinniúint an scríbhneora Emmanuil Kazakevich. Nuair a bhí sé ina fhear óg idéalach díograiseach agus dóchas mór aige as an gCumannachas, ghlac sé an-pháirt i dtógáil an infreastruchtúir chultúrtha sa Réigiún ag cur na hamharclannaíochta chun cinn, ag cumadh dánta Giúdaise (ba í an Ghiúdais, canúint Ghearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa, teanga oifigiúil an Réigiúin) agus ag cur na teanga sin ar mhórshaothair na litríochta Rúisise.

Ina dhiaidh sin, thosaigh an príosúnú agus an cur chun báis. Ansin theith Kazakevich lena anam ón Réigiún agus chaith sé tamall ar a sheachnadh ag fanacht go mbeadh an stoirm thart. Ní mór cuimhne a choinneáil anseo ar fhíric áirithe atá le léamh ag Solzhenitsyn féin: ní bhíodh ach barántas áitiúil nó réigiúnach amuigh ar chuid mhór de na daoine a bhí le príosúnú i rith na bpurguithe. Mar sin má bhí de mheabhraíocht ionat imeacht leat go cearn eile den tír láithreach nuair a chuala tú an chéad luaidreán go raibh na seirbhísí rúnda le tú a ghabháil, bhí seans maith ann go dtiocfá slán as.

Nuair a ghlan an spéir i gcúrsaí polaitíochta, shocraigh Kazakevich síos i Moscó, agus i mblianta an chogaidh chuir sé troid ar dhíormaí Hitler chomh maith le duine; ag dul i mbun pinn arís dó ba é gort an phróis a shaothraigh sé, seachas an fhilíocht, agus pé clú a mhaireas air inniu mar scríbhneoir ba iad a chuid gearrscéalta agus nóibhillí faoin gcogadh a thabhaigh dó é, ó bhí tuiscint instinneach, dhúchasach aige d’aigne an ghnáthshaighdiúra i bpáirc an áir.

Go bunúsach, tháinig scaipeadh na mionéan i lucht cultúrtha Giúdach an réigiúin sna tríochaidí, agus ceann de na mionéanacha seo ab ea Kazakevich. Díol suntais é gurbh í an Rúisis teanga na bprósleabhar a scríobh sé i ndiaidh an chogaidh – níor bhreac sé síos oiread is líne Giúdaise a thuilleadh. Is féidir nár lig an eagla dó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfaí a thuiscint mar náisiúnachas leithleasach Giúdach, ach is dócha nach raibh sé ach ag iarraidh díriú ar an bpobal léitheoireachta ba mhó a bhí ar fáil don scríbhneoir Shóivéadach. Thairis sin, is léir gur trí mheán na Rúisise a rinne sé a chuid cogaíochta, agus mar sin, ba í an teanga sin ba nádúrtha a tháinig leis le cur síos a thabhairt ar eachtraí an chathéadain.

An scrios a rinneadh ar Réigiún Féinrialaitheach na nGiúdach ní raibh ann ach cuid den Phurgú Mhór a chuaigh fud fad na sochaí Sóivéadaí faoi dheireadh na dtríochaidí. Maidir leis an bhfeachtas frith-Ghiúdach a bhí idir lámhaibh ag an deachtóir i ndiaidh an chogaidh, i ndeireadh na ndaichidí agus i dtús na gcaogaidí, pógram amach is amach a bhí ann. Orthu siúd a maraíodh le linn an fheachtais seo bhí baill Choiste Frith-Fhaisisteach na nGiúdach. Bunaíodh an Coiste seo sa bhliain 1942, i ndiaidh don Ghearmáin Naitsíoch an tAontas Sóivéadach a ionsaí, agus le linn an chogaidh bhí an Coiste seo i dteagmháil le heagraíochtaí Giúdacha na dtíortha Iartharacha. Ar ndóigh fuair an Coiste caoinchead ó Stailín féin le haghaidh pé gnóthaí a bhí acu leis na heagraíochtaí sin, ach má fuair féin, cuireadh spiaireacht agus rudaí ba mheasa ná sin i leith lucht an Choiste nuair a thosaigh an feachtas frith-Ghiúdach i gceart.

Cuid den fheachtas seo ab ea Caingean na nDochtúirí – agus chuala an saol mór trácht ar an gcaingean sin. Na dochtúirí a bhí i gceist, Giúdaigh ab ea a bhformhór, agus iad ag freastal ar cheannairí an stáit, an airm agus an Pháirtí in otharlann speisialta. Cuireadh ina leith go raibh siad ag marú a gcuid othar, agus luadh Andrey Zhdanov, ball de Bhiúró Pholaitiúil (politburo) an Pháirtí mar dhuine acu siúd a fuair bás mar sin – tráth den tsaol bhí an chuma ar an scéal go rachadh sé i gcomharbas ar Stailín, ach mar a d’iompaigh na cúrsaí amach, cailleadh Zhdanov sa bhliain 1948, cúig bliana roimh an deachtóir féin. Le fírinne ba é galar náisiúnta na Rúise – an grá don vodca – ba thrúig bháis do Zhdanov, rud ab eol dá lán de lucht ceannais na tíre féin. Cibé scéal é, nuair a shíothlaigh Stailín, tháinig deireadh leis an bhfeachtas frith-Ghiúdach de réir a chéile, agus scaoileadh na dochtúirí saor.

Bhain an feachtas sin an-scanradh as Grossman. I ndiaidh dó iarsmaí an Uilelosctha a fheiceáil in Oirthear na hEorpa bhí sé dianbharúlach ar dtús go raibh ceacht foghlamtha ag an gcine daonna agus nach bhféadfadh a leithéid eile titim amach a thuilleadh. Bhí a obair liteartha féin thíos leis an bhfeachtas, áfach: is gá, thar aon rud eile, an mórúrscéal úd Za pravoe delo agus an leabhar neamhfhicsin Chornaya kniga a lua.

Is é is brí le Za pravoe delo ná ”Ar son na Cúise Cirte”. Shílfeá ar dtús nach bhfuil ann ach an t-uabhar is dual don bholscaireacht Chumannach, ach tá an scéal níos casta ná sin, nó, arís, ní chuireann Grossman an oiread béime ar an gCumannachas ná ar ról an pháirtí is a chuireas sé ar ról na cosmhuintire. I dtús an úrscéil caitheann sé súil ar theagmháil na ndeachtóirí Faisisteacha i Salzburg, ar an dóigh a bhfuil an bheirt bhoc móra úd Hitler agus Mussolini ag roinnt na hEorpa eatarthu, agus cuireann sé iad i gcomparáid le scológ ó chalchas bocht sa Rúis atá díreach á ullmhú féin chun a thír dhúchais a chosaint. Feicimid an scológ – fear atá ina shaor sciliúil adhmaid – ag tabhairt a chamchuairte deireanaí ar fud an chalchais agus é ag déanamh a mharana ar an lorg a d’fhág a lámh féin ar an áit. Mar sin, má thugann an t-údar le fios don léitheoir gur cúis cheart í cúis an Aontais Shóivéadaigh, is í cúis an cheardaí bhoicht seo atá i gceist aige, seachas cúis an Chumannachais, cúis an Pháirtí nó cúis Stailín.

Más ea nár luaigh an leabhar an Páirtí Cumannach ach ar éigean, níor chuir Grossman cuma na hÚtóipe ar shaol an chalchais ach an oiread. Thug sé le fios áfach gur timpeallacht é an calchas Sóivéadach a cheadaigh don scológ a chuid scileanna a úsáid le saol a phobail, saol a chomhleithéidí féin, a fheabhsú, seachas a bheith ag obair do rachmasóir gan ainm. Mar is eol dúinn inniu, bhí an ”ídil réalaíoch” sin féin bun os cionn ar fad le fíorshaol na gcalchas a bhí ní ba chosúla leis an seirfeachas, ach is dócha gur chreid Grossman a leagan féin. Le fírinne, nuair a bhímid ag measúnú íomhá na sochaí Sóivéadaí san úrscéal sin, caithfidh muid a admháil go bhfuil sí, ar dhóigh, níos fealltaí ná bolscaireacht an ”réalachais Shóisialaigh”, toisc go bhfuil sí níos inchreidte.

Foilsíodh Za pravoe delo an chéad uair ar an iris liteartha úd Novyi Mir – ”An Saol Nua”. Ceann de na ”hirisí ramhra” í – irisí liteartha atá chomh ramhar is gur féidir leo úrscéalta iomlána a chur ar fáil don léitheoir (agus is eol do chách chomh ramhar is a bhíos na húrscéalta sa Rúis!). A lán de na hirisí sin, bhídís ní ba liobrálaí ná na tithe foilsitheoireachta san Aontas Sóivéadach. Nuair a priontáladh úrscéal ar cheann de na hirisí, ba mhinic a tharraing sé an oiread sin calláin ó lucht bolscaireachta an Pháirtí is nach bhféadfaí é a fhoilsiú faoi chlúdach leabhair ach i bhfad ina dhiaidh sin, agus ba dhóchúla ná a mhalairt gur thug siosúr an chinsire an-íde don lámhscríbhinn idir an dá linn.

Le fírinne, is éard a bhí i ndán dá lán saothar maith litríochta a tháinig i gcló ar iris éigin ná an trí rud seo a leanas: 1) ar dtús bhí na léirmheastóirí fial flaithiúil ag tál molta ar an saothar, 2) ansin tháinig timirí an Pháirtí chucu féin agus iad ag lochtú an údair agus an eagarthóra araon toisc nár tugadh aird cheart ar phrionsabail ná ar pholasaithe an Pháirtí sa chéad leagan den tsaothar a foilsíodh; 3) agus sa deireadh bhí an t-eagarthóir agus an scríbhneoir sásta iad féin a uirísliú go hoscailte agus fiche leithscéal a ghabháil leis an bPáirtí. B’amhlaidh a tharla do Za pravoe delo chomh maith, ach má tharla, ní raibh Grossman sásta an tríú céim a ghlacadh: ní ghabhfadh sé leithscéal.

Maidir le Chornaya kniga nó An Leabhar Dubh, is éard a bhí ann ná leabhar doiciméadach faisnéise a chuir Grossman agus scríbhneoir Giúdach Sóivéadach eile, Ilya Ehrenburg, i dtoll le chéile in éineacht, i ndiaidh dóibh cuimhní cinn a bhailiú ó iarmharáin Ghiúdacha an Uilelosctha. Scríbhneoir le pribhléidí móra i saol liteartha an Aontais Shóivéadaigh a bhí in Ehrenburg. Nuair a d’éalaigh sé ón Rúis go dtí an Fhrainc roimh an gCéad Chogadh Domhanda, chuir sé aithne ar a lán réabhlóidithe Rúiseacha i bPáras, Léinín féin san áireamh, agus bhí sé ag timireacht do na Boilséivigh ó am go ham, cé gur leis na cailíní, leis na toitíní draíochta agus le saol na n-ealaíontóirí ba mhó a bhí a luí, agus é ag dul i mbun pinn mar fhile agus mar scríbhneoir san am. Scríobh sé roinnt úrscéalta i stíl picaresque nuair a bhí sé óg; i rith an Dara Cogadh Domhanda bhí sé ina iriseoir cogaidh agus é chomh brúidiúil barbartha ag saighdeadh a chuid comhthíreach chun Gearmánaigh a mharú is gur chuir sé samhnas ar Stailín agus ar lucht ceannais eile na tíre sa deireadh. Giúdach a bhí in Ehrenburg féin, ar ndóigh, cé nach raibh mórán suime aige sa chreideamh Ghiúdach riamh, agus is léir gur ghoill an tUileloscadh air go pearsanta.

Foilsíodh leagan Giúdaise den Leabhar Dhubh san Iarthar, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne coisceadh an t-eagrán Rúisise a bhí ullmhaithe don chló cheana. Níor leor pribhléidí Ehrenburg leis an ród a réiteach don leabhar, agus le fírinne dealraíonn sé nach raibh gnaoi an Pháirtí ar an bhfear féin san am – mar a dúirt sé ina chuimhní cinn, b’ionann saol an Aontais Shóivéadaigh i ré Stailín agus crannchur, agus má tháinig sé féin slán as an tréimhse ní raibh ann ach gur tharraing sé an fhadóg.

An chinsireacht a rinneadh ar an Leabhar Dubh agus ar Za pravoe delo ní dhearna sí ach spreagadh a thabhairt do Ghrossman a phríomhshaothar a bhreacadh síos – Zhizn’ i sud’ba, nó ”An Saol agus an Chinniúint”. Tá an teideal féin múnlaithe ar ”An Cogadh agus an tSíocháin” le Lev Tolstoy – an t-úrscéal mór réalaíoch thar aon cheann eile i stair litríochta na Rúise. Is féidir Zhizn’ i sud’ba a aistriú mar ”An Bheatha agus an Chinniúint” freisin, agus is dócha go bhfuil an leagan sin níos gaire don tuiscint a bhí ag an údar féin dá leabhar. Is é is príomhthéama don leabhar ná iarrachtaí na Beatha cur in aghaidh dhosheachantacht na Cinniúna, agus is ionann an Chinniúint sin agus dhá fhórsa chinniúnacha na linne, is é sin, an Stailíneachas agus an Naitsíochas, agus iad dírithe ar an mBeatha a mharú.

Faigheann duine i ndiaidh duine de laochra an scéil bás, agus iad ina mbréagáin ag an gCinniúint, ach san am sin féin, ní féidir léi an Bheatha a mharú. De réir is mar a thagas an bás ar na laochra – i bpríosúin agus i gcampaí Sóivéadacha, i seomraí gáis sna campaí Naitsíocha, i bpáirc an áir – athraítear an fócas go laochra eile. D’fhéadfá a rá gurb ionann fócas an leabhair agus an Bheatha féin, an dóigh a bhfuil sí ag éalú ó lámh thapa na Cinniúna.

Cleachtann Grossman stíl na n-úrscéalaithe móra Rúiseacha ón naoú haois déag – ní hí cleasaíocht na hÉigéille is dual dó, ach réalachas an chanbháis leathain, an cineál réalachais a shamhlófá le Tolstoy féin. Is é cath Stalingrad atá i gcroílár an úrscéil, agus é ag caitheamh a scáile ar na himeachtaí go léir, fiú nuair nach bhfuil baint dhíreach aige leo. Tá ról tábhachtach ag campaí géibhinn an dá mhórchumhacht ollsmachtúla áfach, agus radharc rómhaith ag an léitheoir ar an saol iontu. I ndiaidh dó Treblinka a fheiceáil roimh aon chomhfhreagraí cogaidh eile agus scéalta a bhailiú ó iarmharáin an Uilelosctha le haghaidh an Leabhair Dhuibh, bhí Grossman thar a bheith eolach ar na campaí Gearmánacha, agus is léir go raibh fíorscéalta ó champaí a thíre dúchais féin cloiste ag an scríbhneir freisin. Chuir sé an cheist go hoscailte, an raibh difríocht bhunúsach ar bith idir campaí báis Stailín agus Hitler, agus is é an freagra a thug sé sa deireadh ná nach raibh.

Bhí misneach mór ag teastáil ó scríbhneoir Sóivéadach le teacht ar an gconclúid seo, ach tar éis an tsaoil, fear cróga a bhí in Grossman. Thiar sna tríochaidí, chimigh údaráis slándála an Stáit cara leis, Boris Guber, ar shiocair leathmhagaidh éigin mar ba nós leo. Go gairid ina dhiaidh sin, rinne siad príosúnach de bhean chéile an fhir, Olga Mikhailovna, freisin. Faoin am sin, áfach, bhí pósadh Boris agus Olga tite as a chéile, agus ise in aontíos le Grossman. Chuaigh Grossman i dteagmháil leis na húdaráis slándála agus é ag áitiú orthu, pé rud as bealach a bhí déanta ag Boris, nach bhféadfá Olga a chúiseamh as, ó nach raibh an bheirt acu ina lánúin cheart a thuilleadh, cé go raibh siad pósta de réir na ndoiciméad. Iontas na n-iontas chreid na húdaráis an méid seo, agus scaoil siad Olga saor. Bhí Grossman sásta clann Boris agus Olga a uchtú freisin – beirt mhac ab ea iad.

Chuaigh sleachta as An Saol agus an Chinniúint i gcló ar irisí liteartha anseo agus ansiúd, agus bhí a fhios ag an saol liteartha mar sin go raibh Grossman ag obair ar úrscéal a chuirfeadh tuilleadh le scéal Za pravoe delo. Chríochnaigh sé an lámhscríbhinn sa bhliain 1959 agus chuaigh sé ar lorg foilsitheora. Shílfeá go rachadh sé chuig Novyi Mir, ach ní dheachaigh, nó bhí sé searbh i gcónaí i ndiaidh an challáin a tharraing Za pravoe delo. Ní mó ná sásta a bhí sé leis an sceanairt eagarthóireachta a rinne foireann na hirise sin ar an úrscéal, agus chuir sé tuilleadh leis an seirfean nár leor an obair sin féin leis an leabhar a shábháil ó bhadhbha is ó bhultúir an Pháirtí Uilechumhachtaigh. Mar sin, thug sé an lámhscríbhinn do Znamya (”An Bhratach”), rud nach raibh mórán céille ag roinnt leis.

Nó is éard a bhí i gceist le Znamya ná an rud ba chóngaraí d’”iris oifigiúil liteartha” an Aontais Shóivéadaigh. Chuaigh ábhar eile le Grossman i gcló ar an iris roimhe sin, cosúil lena lán scéalta cogaidh le scríbhneoirí eile (Konstantin Simonov, mar shampla): d’fhéadfá a rá gurbh é an cogadh príomhthéama Znamya. Mar sin b’fhéidir go raibh sé chomh saonta sóntach is gur shíl sé nach bhféadfadh iris na scéalta cogaidh a úrscéal a chur ó dhoras. Ón taobh eile de bhí Nikita Khrushchev, Rúnaí Ginearálta an Pháirtí díreach tar éis dúshlán na sean-Stailíneach sa pháirtí a thabhairt, agus iad siúd ag cur inneall catha orthu féin le haghaidh an fhrithbhuille.

Tá sé incheaptha gur shíl Grossman go raibh lón cogaidh ag teastáil ó Khrushchev sa troid inmheánach seo sa Pháirtí Chumannach, agus é inbharúla go bhféadfadh an Rúnaí Ginearálta úsáid a bhaint as a úrscéal. B’fhéidir go raibh cuid éigin den cheart aige más é seo an meastachán a bhí aige, nó ba faoin am chéanna a bhí Solzhenitsyn ag dul i dteagmháil le hAleksandr Tvardovsky, príomheagarthóir Novyi Mir, agus mar a fheicfeas muid thíos, d’éirigh le Solzhenitsyn a nóibhille Odin den Ivana Denisovicha (”Lá amháin i saol Ivan Denisovich”) a fhoilsiú ar an iris sin.

Is éard a tharla, áfach, gur chaith lámhscríbhinn An Saol agus an Chinniúint na míonna fada sa taisceadán ag Znamya, agus foireann na hirise ag dul ar na barraicíní timpeall mar a bheadh buama beo istigh ansin acu: ba léir dóibh nach bhféadfaí an t-úrscéal a fhoilsiú san Aontas Sóivéadach, ach san am chéanna ba leasc leo ligean don tseirbhís rúnda an leabhar a choigistiú agus a chur trí thine mar earra coiscthe. Ba é deireadh dosheachanta an scéil go bhfuair lucht na státslándála amach faoin úrscéal, agus i Mí Feabhra 1962 tháinig na gníomhairí ar cuairt chuig an údar le An Saol agus an Chinniúint a shealbhú, gach cóip den lámhscríbhinn chomh maith leis na sceitsí agus, fiú, ribín an chlóscríobháin, ar eagla go mbeadh sleachta as an úrscéal le haithint air.

Ar ndóigh, bhain an chuairt seo an-stangadh as Grossman féin, agus é ag rá gur mhothaigh sé é féin ”tachta ag coirpigh sa doras”. Ón taobh eile de ní mór a admháil nach raibh na gníomhairí státslándála leath chomh huaibhreach is a bhídís, lá Stailín. Níor ghabh siad an scríbhneoir féin, agus níor bhac siad le lámhscríbhinní eile, cé go raibh Grossman ag dréachtáil an úrscéil úd Vsyo techet (”Tá gach uile rud ag sreabhadh”) cheana, leabhar a bhí lán chomh mór bun os cionn le ceartchreidmheachas an Pháirtí agus An Saol agus an Chinniúint féin.

Is minic a deirtear gur caitheadh úrscéal Ghrossman i dtóin an phríosúin. Níor cimíodh an fear féin, áfach, agus bhí cead aige cath beag príobháideach a chur ar son a leabhair. Chuaigh sé i dteagmháil le Mikhail Suslov, príomh-idé-eolaí an Pháirtí, ag achainí air an leabhar a scaoileadh saor – thug sé le fios, fiú, go mbeadh sé sásta an faobhar polaitiúil a bhaint den úrscéal agus é a dhéanamh níos inghlactha dá mbeadh cead a athscríofa aige – ach is é an freagra a fuair sé gur leabhar docharach dainséarach amach is amach a bhí in An Saol agus an Chinniúint agus go raibh cúiseanna maithe ag an bPáirtí a leithéid de shaothar a choinneáil ó aice láimhe an léitheora Shóivéadaigh. Chuir Suslov an t-úrscéal, fiú, i gcomparáid le buamaí adamhacha na Stát Aontaithe, agus dúirt sé nach gcuirfí i gcló sa Rúis é ach i gceann cúpla céad bliain.

Is gnách a rá go raibh Grossman ina ”neamhphearsa” san Aontas Sóivéadach ina dhiaidh sin, ach ní mór agús áirithe a chur sa ráiteas sin. Bhí cead aige tréimhse a chaitheamh san Airméin Shóivéadach i ndiaidh choigistiú An Saol agus an Chinniúint, agus bhí sé ceaptha dó Rúisis a chur ar úrscéal tábhachtach Airméinise. Ní raibh focal Airméinise aige, ach níorbh é seo an chéad uair san Aontas Sóivéadach a tugadh ar scríbhneoir aithnidiúil blas ceart na Rúisise a chur ar ”amh-aistriúchán” a bhí déanta ag duine éigin a raibh an bhunteanga aige – rinne an file Osip Mandelshtam, mar shampla, roinnt aistriúchán den chineál seo ar fhilíocht Airméanach agus Sheoirsiach, cé nach raibh na bunteangacha aige. Níor éirigh le Grossman an obair seo a chríochnú, ach san am chéanna bhreac sé síos leabhar nótaí faoin saol a bhí aige san Airméin – Dobro vam nó ”Maitheas daoibh” a bhaist sé ar an leabhar seo, agus is aistriúchán focal ar fhocal é sin ar barev dzez, gnáthbheannú na nAirméanach. Tháinig an leabhar i gcló go dlíthiúil san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1967, cúpla bliain i ndiaidh bhás an scríbhneora, ach má tháinig féin rinne an cinsire lansóireacht áirithe air.

D’éirigh le seirbhísí rúnda an Aontais Shóivéadaigh deireadh néata a chur ar scéal Ghrossman. Shíothlaigh an fear féin go ciúin gan súil na ndaoine a tharraingt air féin ná callán idirnáisiúnta a dhéanamh. Níor foilsíodh an t-úrscéal conspóideach sa choigríoch féin ach fiche bliain, nach beag, i ndiaidh don údar slán a fhágáil ag gleann seo na ndeor, agus mar sin ní dheachaigh clú an tsaothair ná an scríbhneora mórán thar ciorcal cúng an lucht léinn agus saineolais.

Bhí Aleksandr Solzhenitsyn bun os cionn ar fad le Grossman ó thaobh an chúlra agus na cinniúna de. Más Giúdach neamhreiligiúnach a bhí in Grossman, bhí an fear eile ina Rúiseach Chríostaí, agus cé gur chreid sé go daingean sa Chumannachas nuair a bhí sé óg, d’athraigh sé béasa nuair a d’fhoghlaim sé ceacht mór a shaoil in oileánra na gcampaí géibhinn, Arkhipelag GULag mar a thug sé féin air.

Chaith Solzhenitsyn tús a óige i nDeisceart na Rúise, i dtír na gCosacach. Ba iad na Cosacaigh coilínitheoirí na gcríoch in aice le teorainneacha na Rúise. Glactar leis gur seirbhigh a bhí iontu ar dtús a d’éalaigh ó thailte na dtiarnaí talún agus a shocraigh síos áit nach raibh cumhacht an tSáir ná na dtiarnaí sin le mothú. Chuir siad inneall cogaidh orthu féin le hiad féin a chosaint ar pé bagairt agus iad ag dul le fánaíocht agus le foghail mar shlí bheatha. Chuaigh teangacha agus nósanna na náisiúntachtaí beaga Turcacha nó Cugasacha i bhfeidhm orthu, agus cibé cé acu a thabharfá Rúisis nó Úcráinis ar na canúintí a bhíodh á labhairt acu, bhí a lán téarmaí dá gcuid féin acu le tagairt a dhéanamh do shainchoincheapanna an chultúir Chosacaigh.

An cháil atá ar an gCosacach i gcultúr na Rúise agus na hÚcráine araon is í cáil na crógachta agus na saoirse í: an laoch saor ag marcaíocht trasna na machairí móra millteanacha amuigh faoin spéir lom leathan. I dtús a staire bhí na Cosacaigh neamhspleách neamhthuilleamach ar an Sár, agus cineál daonlathas ainrialach acu eatarthu. San am sin ba leis na foghlaithe mara ba mhó a dhealrófá iad – ba í an difríocht ba mhó ná gurbh é an capall a rinne gnó na loinge dóibh agus gurbh iad na machairí an t-aon ”fharraige” a bhí á siúl acu. Sa deireadh thiar thall tháinig cumhacht an Impire a fhad leo féin, agus b’éigean dóibh comhréiteach a shocrú le Moscó.

D’iompaigh siad ina n-aicme mhíleata a raibh a pribhléidí agus a dualgaisí féin aici, agus iad ag déanamh ceannródaíochta le críocha na hImpireachta a fhairsingiú. Mar sin ní leis an laochas ná leis an tsaoirse a shamhlaítear na Cosacaigh sna tíortha timpeall na Rúise ach a mhalairt ar fad: síltear go raibh siad sclábhánta ar fad ina ndílseacht don tSár, agus iad cruálach cranraithe ag imirt na láimhe láidire ar na pobail mhionlaigh san Impireacht. Maidir leis na réabhlóidithe Rúiseacha ní raibh meas an mhadra acu siúd ar na Cosacaigh ach an oiread. Theastaigh uathusan pribhléidí feodacha na n-uasal agus na gCosacach araon a chur ar ceal agus na cearta sibhialta céanna a bhronnadh ar na saoránaigh go léir, mar is dual don stát nua-aimseartha a dhéanamh. Agus cinnte bhí na Cosacaigh go mór mór thíos le bua na mBoilséiveach i gcogadh cathartha na Rúise. Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil ach iarsmaí fágtha den tsean-Chosacachas inniu. Na ”Cosacaigh” a bhíos ag cuidiú le Putin inniu an lámh láidir a chur ar chríocha ceannairceacha na Rúise, cosúil leis an tSeisnia, níl baint acu le seanchultúr na gCosacach ach ar éigean: is fearr iad a dhealramh le clubanna coiriúla gluaisrothaíochta.

Mar sin féin mhair miotas rómánsúil an Chosacaigh chróga i ré an tSóivéadachais: bhain Mikhail Sholokhov amach Duais Nobel sa Litríocht leis an mórúrscéal úd Tikhii Don – ”An Don Chiúin”: is í an abhainn úd Don i nDeisceart na Rúise a bhí i gceist aige. And Quiet Flows the Don an teideal Béarla. Scríbhneoir ceartchreidmheach Cumannach ab ea Sholokhov, agus é sásta, don chuid is mó, faomhadh a thabhairt don drochíde a fuair na scríbhneoirí easaontacha ón gcumhacht Shóivéadach. Bhí sé admhálach go raibh an saol crua nuair a bhí Stailín beo, agus go bhfuair a lán daoine bás go héagóir san am sin, ós rud é nach raibh siad in aghaidh an Chumannachais ar aon nós. San am chéanna, bhí sé an-mhíthrócaireach i dtaobh na n-easaontóirí frith-Shóivéadacha, nó bhí sé barúlach go raibh siad ciontach san fhrith-Shóivéadachas a chuirtí ina leith, agus a bpionós dlite dóibh.

Sna ceantair a bhí coilínithe nó tugtha chun tíreachais ag na Cosacaigh bhí coimhlint nó codarsnacht áirithe shóisialta le mothú idir na Cosacaigh agus na hinogorodnie, ”lucht na gcathrach eile”, is é sin iad siúd a chuir fúthu sna ceantair chéanna i ndiaidh na gCosacach. Is léir nach raibh muintir Solzhenitsyn aineolach ar an gcodarsnacht seo ach an oiread, agus dealraíonn sé gur inogorodnie ab ea iad go bunúsach, cé nach bhfuil na foinsí ag teacht le chéile air seo.

Chaith athair Solzhenitsyn blianta an Chéad Chogadh Domhanda ina oifigeach in arm an Impire, ach fuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin i dtimpiste neafaiseach sealgaireachta – mar ba dhual don fhear Rúiseach bhí sé tugtha don tsealgaireacht mar chaitheamh aimsire. Ó mhná a mhuintire, ón máthair agus ó na hainteanna, ba mhó a fuair Aleksandr óg a thabhairt suas. Bhí siad dílis do chultúr reiligiúnach na sean-Rúise i laethanta an stáit Shóivéadaigh féin, rud is furasta a aithint ar mheon an scríbhneora sa chuid dheireanach dá shaothar, is é sin sa tsraith úrscéalta faoin ”Roth Dearg”, mar a bhaist an scríbhneoir air. Le fírinne bhí sé ag pleanáil mórúrscéal den chineál sin a scríobh faoi réabhlóid na Rúise cheana féin, nuair a bhí sé dílis don Chumannachas i gcónaí.

Nuair a thosaigh Oibríocht Barbarossa, is é sin, ionradh na Gearmáine Naitsíche ar an Aontas Sóivéadach, nó an Cogadh Mór faoin Tír Dhúchais, mar a thugas na Rúisigh air, ghlaoigh an tír ar a clann mhac, Solzhenitsyn san áireamh, leis an ruaig a chur ar an namhaid. Rinneadh oifigeach de Solzhenitsyn agus cuireadh chun na hairtléire é, ó bhí sé ina mhatamaiticeoir – bíonn scileanna matamaitice ag teastáil ó lucht na hairtléire lena gcuid gunnaí móra a dhíriú ar an targaid. Nuair a tháinig an t-arm Sóivéadach a fhad leis an bPrúis Thoir – cúige Gearmánach a roinneadh idir an stát Sóivéadach agus an Pholainn i ndiaidh an chogaidh – nuair a tháinig an t-arm a fhad sin, ghabh seirbhís frithspiaireachta an airm, SMERSH, an captaen óg airtléire beagnach i bpáirc an áir féin.

Is í an choir a cuireadh ina leith ná bolscaireacht fhrith-Shóivéadach. Bhí sé tar éis Stailín a lochtú i litreacha príobháideacha chuig cara leis. San am sin d’aithin sé é féin ina Chumannach i gcónaí, nó cosúil lena lán san am bhí sé barúlach go raibh Stailín i ndiaidh cás glan uasal a réamhtheachtaire Léinín a chur as a riocht, agus gurb é sin ba chúis le huafáis an Stailíneachais. Bhí Solzhenitsyn agus a chara pinn meabhrach ar na spiairí rúnseirbhíse a bhíodh ag oscailt agus ag léamh litreacha na saoránach Sóivéadach, agus mar sin thugaidís pakhan ar an deachtóir mar fhocal cóid. ”Ceann feadhna na droinge coiriúla” is ciall leis an bhfocal sin i mbéarlagair na gcoirpeach Rúiseach, cineál godfather mar a déarfadh lucht an Mhaifia, agus ar ndóigh bhí an ”cód” sin ró-shobhriste ag na spiairí.