Ciclipéid na hOllchruinne, leasaithe an naoú lá de Mhí Dheireadh Fómhair 2018

NÓTA: Rinne mé mo dhicheall le cloí le téarmaíocht Fhoclóir na Réalteolaíochta. Nuair nach raibh a dhath le fáil san Fhoclóir, chuaigh mé ar lorg an téarma i saothar Mhatt Hussey.

Abhac abhacréalta a thugtar ar réalta nach fathach d’aon chineál í. Mar sin is abhaic iad réaltaí an phríomhsheichimh agus na cinn atá níos lú ná iad siúd féin. Is abhacréalta í an Ghrian s’againn, mar shampla.

Rud eile é abhac bán, nó is éard a bhíos i gceist lena leithéid ná réalta atá i bhfad níos dlúithe ná réaltaí an phríomhsheichimh – go bunúsach cé go mbíonn an t-abhac bán tipiciúil ar aon mhéid leis an Domhan bíonn sé ar aon mhais leis an nGrian. Tá réalta den chineál sin bán toisc go bhfuil sí te. Níl an teas seo ag teacht ó aon imoibriú núicléach, áfach – níl ann ach iarsmaí teasa ó na laethanta a bhí an réalta gníomhach go fóill.

Abhac donn atá i gceist leis an abhac nach bhfuil in ann comhleá hidrigin a haon a choinneáil ag imeacht, is é sin, an t-imoibriú núicléach is dual do réaltaí an phríomhsheichimh. Creidtear áfach go mbíonn comhleá de chineál eile ar siúl sna habhaic dhonna, comhleá hidrigin a dó (deoitéiriam) mar shampla.

An Abhainn Eridanus a thugtar ar an réaltbhuíon mhór fhada atá dingthe idir an Bodach, an Tarbh, an Míol Mór, an Fhoirnéis, an Féinics, an Clog, an Siséal agus an Giorria. Tá an réalta is gile sa réaltbhuíon, Achernar, suite ag deireadh theas na hAbhann, agus a hainm féin bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”deireadh na habhann”. Réalta bhánghorm í Achernar, agus is impleacht dó sin go bhfuil sí an-te, ach ní fathachréalta í – le fírinne tá sí chomh geal sin toisc go bhfuil sí suite réasúnta cóngarach dúinn, céad go leith de sholasbhlianta. Réalta thábhachtach eile de chuid na hAbhann í Epsilon Eridani, nó tá sí ar an réalta is gaire dúinn a bhfuil pláinéad aici, de réir mar atá deimhnithe. Tá réigiún mór folamh, Folús na hAbhann, le haithint i dtreo na réaltbhuíne seo chomh maith – is é sin, réigiún spáis nach féidir réaltraí ná réadanna eile a fheiceáil ann.

Ábhar idir-réaltach a thugtar ar an damhna atá ar fáil sa spás idir na réaltaí. Gás is mó a bhíos ann, agus hidrigin atá sa chuid is mó den ghás seo – nócha faoin gcéad, a bheag nó a mhór. Héiliam atá sa chuid eile, chomh maith le hiarsmaí beaga de dhúile eile. Sa bhreis ar na cineálacha éagsúla gáis tá dusta ann. Bíonn dlús an ábhair idir-réaltaigh iontach éagsúil, agus é ag brath ar an teocht ach go háirithe: an áit a dtéann sé i bhfuacht téann sé chun dlúis. Ar meán tá adamh amháin i gceintiméadar ciúbach amháin den ábhar idir-réaltach, ach mar a dúradh bíonn sé difriúil i dtimpeallachtaí difriúla. Ianaítear an t-ábhar idir-réaltach timpeall na réaltaí ”óga” teo.

Acamar an t-ainm traidisiúnta ar Theta Eridani, ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann. Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”, agus tá Acamar agus Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Déréalta í Acamar, ach is mar A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Tá Acamar suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.

Achernar atá ar an réalta is gile san Abhainn, agus is é is brí leis an ainm ná Deireadh na hAbhann – tá an t-ainm sin bunaithe ar an Araibis. B-réalta atá in Achernar de réir a speictrim, is é sin, réalta the ghorm. Tá sí ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is nach bhfuil sí róchosúil le liathróid a thuilleadh – dhealrófá le milseán den déanamh Smarties í dháiríre. Sféaróideach oblátach a thugtar ar a leithéid de chruth. Tá sí suite faoi chéad is dhá scór de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór, agus í seacht n-oiread chomh trom leis an nGrian s’againn. Scéal eile é áfach go sáraíonn sí lonrachas na Gréine glan oscartha ar fad: tá Achernar breis is trí mhíle oiread níos gile ná í. Is déréalta í Achernar, agus leathbhádóir ag an bpríomhréalta nach bhfuil ach dhá Ghrian-mhais inti. Achernar B a thugtar ar an gcomhréalta seo, agus í ag dul timpeall na príomhréalta faoi dhá aonad réalteolaíoch déag di, a bheag nó a mhór.

Achtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 89, a chuireas tús le sraith na n-achtainídí, nó na n-achtanóideach, i dtábla peiriadach na ndúl. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an achtainiam, agus níl ach iarsmaí de le fáil sa dúlra, mar thruailleán i mianraí úráiniam. Is é achtainiam a 227 an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige, nó tá sí breis is fiche bliain ar leathré. Pé achtainiam a theastaíos táirgtear go saorga in imoibreoirí núicléacha é. Foinse radaíochta é an t-achtainiam a úsáidtear uaireanta le cealla ailse a mharú. Miotal é an t-achtainiam, agus le teacht na hoíche is féidir loinnir ghorm a aithint timpeall ar gach cnap achtainiam, ós rud é go mbíonn na cáithníní radaíochta ag bualadh na móilíní san aer.

Tagann alfa-mheath agus béite-mheath araon ar achtainiam a 227. Na hiseatóip atá níos troime, is fearr leo an béite-mheath, agus na cinn atá níos éadroime, is dual dóibh an t-alfa-mheath. Maidir le hachtainiam a 226, is féidir leis alfa-mheath, béite-mheath nó leictreonghabháil a dhéanamh.

Ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, tá an t-achtainiam cosúil go maith leis an lantanam, an dúil atá suite os a chionn sa tábla peiriadach. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an achtainiam (agus ag an lantanam) ina chuid comhdhúl: mar sin tá tríchlóiríd AcCl3, tríbhróimíd AcBr3, trífhluairíd AcF3 agus seisce-ocsaíd (nó trí-ocsaíd dé-achtainiam) Ac2O3 ann.

Tugtar ”sraith achtainiam” nó ”cascáid achtainiam” ar an meathshlabhra is dual do phlútóiniam a 239. Ceann de na céimeanna idir eatarthu é achtainiam a 227 sa slabhra seo.

Achtanaiméadar a thugtar ar ionstraim a thomhaiseas cumhacht na radaíochta – go bunúsach, bíonn imoibriú ceimiceach i gceist a gcuireann solas nó cineál eile radaíochta luas faoi, agus ansin aithnítear an chumhacht ar thorthaí an imoibrithe.

Acoindrít a thugtar ar dhreigít (cloch a thit ón spéir) nach bhfuil coindriúil le haithint uirthi. Is éard atá i gceist le coindriúl ná deoir bheag cloiche a ghreamaigh don dreige amuigh sa spás. Acoindrítí iad na dreigítí a tháinig ón nGealach agus ó Mhars, mar shampla. Bíonn na hacoindrítí cosúil le basalt (bruthcharraig) an Domhain.

Acróiniciúil: An réalta a tháinig chun radhairc ó scáth na léaslíne thoir díreach nuair a bhí an Ghrian ag dul faoi, deirimid go ndearna sé éirí acróiniciúil.

Acrux an t-ainm atá ar an réalta is gile i gCros an Deiscirt. Córas ilréaltach atá ann i ndáiríre, agus é suite faoi thrí chéad is fiche solasbhliain dínn, sin nó céad parsoic.

Acuairidí: Dreigechith iad na hAcuairidí atá le feiceáil i réaltbhuíon Iompróir an Uisce (réaltbhuíon an Uisceadóra), nó Aquarius. Le fírinne ní aon dreigechith amháin iad na hAcuairidí: aithnítear seacht ndreigechith éagsúla, ar a laghad, a bhíos ag teacht as pointe (radaí) éigin sa réaltbhuíon sin. Is dócha gurb iad na hEta-Acuairidí an cith is clúití acu: bíonn siad le feiceáil i Mí an Aibreáin agus i Mí na Bealtaine. Creidtear gur bhain imtharraingt na Gréine na dreigí áirithe seo ó scuabréalta Halley na céadta bliain ó shin.

Adamh: An t-aonad is lú d’aon dúil cheimiceach. De réir na tuisceana atá againn ar an adamh inniu, tá croíleacan nó núicléas ag an adamh agus an chuid is mó dá mhais comhchruinnithe ansin. Tá an núicléas comhdhéanta as dhá chineál cáithníní: prótóin agus neodróin. Tá lucht leictreach deimhneach ag an bprótón, ach níl aon chineál lucht leictreach ag an neodrón. Núicléóin a thugtar ar an dá chineál cáithníní in éineacht. Is dual do luchtanna leictreacha den chineál céanna an ruaig a chur ar a chéile, agus mar sin tá fórsa i bhfad níos láidre ná an t-éaradh leictreach de dhíth leis an núicléas a choinneáil le chéile. Seo an fórsa láidir, nó an fórsa núicléach.

Taobh amuigh den núicléas atá an néal leictreon. Tá an leictreon i bhfad níos éadroime ná an prótón – is ionann mais aon phrótón amháin agus mais dhá mhíle leictreon, beagnach. An lucht leictreach atá ag an leictreon, is lucht diúltach é a neodraíos aon phrótón amháin. Níl lucht leictreach ar bith ag an adamh sa bhunstaid, agus mar sin, is ionann líon na bprótón agus líon na leictreon. Is é líon na bprótón a shocraíos líon na leictreon, agus is é líon na leictreon (nó struchtúr an néil) a shocraíos saintréithe ceimiceacha na dúile a mbaineann an t-adamh léi.

Tá ordú agus eagar ar leith ar an néal leictreon agus é bunaithe ar cheithre chandamuimhir, mar a thugtar orthu: an phríomh-chandamuimhir a shocraíos cén sceall leictreonach ar a bhfuil an leictreon suite; an chandamuimhir asamatach a shainíos an fo-sceall (an leibhéal fuinnimh taobh istigh den sceall), ar an gcandamuimhir mhaighnéadach a aithnítear fithiseán an leictreoin, agus an chandamuimhir guairne a deir cé acu den dá leictreon san fhithiseán sin atá ann. Deir prionsabal Pauli (a fuair a ainm i ndiaidh Wolfgang Pauli, fisiceoir Gearmánach) nach féidir le dhá leictreon i néal an adaimh chéanna na candamuimhreacha céanna go léir a bheith acu.

Is iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná 1, 2, 3… Más ionann n agus an phríomh-chandamuimhir, is ionann luachanna na candamuimhreach asamataí (l) agus 0, 1, 2,…(n – 1). Más ionann l agus an chandamuimhir asamatach, is iad na luachanna a cheadaítear don chandamuimhir mhaighnéadach ná 0, +1, -1, +2, -2,…l, -l. Maidir leis an gcandamuimhir guairne, níl ach dhá luach ar fáil di: ½ agus -½.

Ní mór cuimhne a choinneáil air gur cineál simpliúchán í an tsamhail seo féin den adamh. Tá sé bunaithe ar an adamh hidrigine, nach bhfuil ach aon leictreon amháin ann. Tá sé réasúnta furasta cur síos matamaitice a thabhairt ar chóras chomh simplí sin nach bhfuil ann ach dhá réad agus iad ag idirghníomhú. Rachadh sé thar acmhainn an mhatamaiticeora féin, áfach, an idirghníomhaíocht idir na leictreoin éagsúla a chur san áireamh, abair, in adamh na hocsaigine féin (ocht leictreon ar fad) gan trácht ar adaimh na ndúl is troime amuigh (an t-úráiniam, abair, agus dhá leictreon déag is ceithre scór aige).

Is féidir leis na hadaimh naisc cheimiceacha a cheangal dá chéile. Is iad an dá chineál nasc ná an nasc comhfhiúsach agus an nasc ianach. Is éard atá i gceist leis an nasc comhfhiúsach ná comh-leictreondís (agus comhfhithiseán) dhá adamh – tugann gach adamh leictreon amháin uaidh don chomhfhithiseán. Más nasc ianach atá ann, is éard atá i gceist leis ná go bhfuair adamh amháin leictreon ar iasacht ó adamh eile. Is ionann sin is a rá go ndearnadh ian deimhneach den adamh a thug an leictreon uaidh, agus gur iompaigh an t-adamh eile ina ian diúltach. Is dual don lucht leictreach diúltach an lucht leictreach deimhneach a aomadh (a tharraingt chuige) agus a mhalairt, agus is é an comhaomachán sin is bunús leis an nasc ianach.

Adamh cianaosta: Ba é an fisiceoir Francach Georges Lemaître an chéad duine ar rith smaoineamh na hOllphléisce leis. É féin thug sé ”hipitéis an adaimh chianaosta” air. Dúirt sé go raibh a leithéid de rud ann i dtús stair na hollchruinne agus ”adamh cianaosta” nó ”ubh chosmach”, agus gurb as an adamh cianaosta seo a d’eascair an ollchruinne.

Adhara: Is é Adhara, nó Epsilon Canis Majoris, an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé suite faoi 430 solasbhliain dinn, agus is déréalta é. Maidir leis an aicme speictreach, is B-réalta í príomhréalta an chórais, agus mar sin, is réalta an-te í agus dath bánghorm inti. Tá Adhara le feiceáil i mbratach na Brasaíle freisin, agus é ag seasamh do stát Tocantins.

Adonis: Ceann de na hastaróidigh neas-Domhain é Adonis, is é sin, is astaróideach é a thagas an-chóngarach don Domhan s’againn ar a fhithis timpeall na Gréine. Ón taobh eile de, tá a chianphointe suite tuairim is cúig chéad milliún ciliméadar ón nGrian (tá an Domhan timpeall is céad is caoga milliún ciliméadar ón nGrian). Tógann sé beagnach trí bliana ar Adonis imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Ba é an réalteolaí Beilgeach Eugène Delporte a chuir an chéad sonrú san astaróideach seo, thiar sa bhliain 1936. Creidtear go bhfuil sé timpeall is ciliméadar amháin ar trastomhas.

Aeón: Sa réalteolaíocht is ionann aeón agus billiún (mórmhilliún) bliain (1,000,000,000 bliain).

I dteoiric na cruinne ascalaí, glactar leis go dtiocfaidh deireadh le fairsingiú na cruinne agus go dtosóidh an chruinne ag crapadh chuici féin arís, go dtí go dtitfidh sí isteach in aon phonc amháin – an ollbhrúisc a thugtar air seo. Ansin tiocfaidh ollphléasc eile. Duine de na cosmeolaithe ba mhó a rinne forbairt ar an teoiric seo, mar atá, an fisiceoir Sasanach Roger Penrose, thug seisean aeón ar an tréimhse ama idir dhá ollphléasc.

Aerailít: malairt ainm ar dhreigít. ”Cloch ón aer” is brí leis an bhfocal seo, go bunúsach.

Aeranomaíocht: Is éard atá i gceist leis an aeranomaíocht ná taighde ar uachtar an atmaisféir – ar an teirmisféar agus ar an méisisféar – go háirithe ar na díluchtuithe leictreacha thuas ansin.

Aeraspás: Tagraíonn an focal aeraspás d’iarrachtaí na ndaoine eitilt a dhéanamh san aer nó sa spás agus do na scileanna innealtóireachta a bhaineas leo. Ní mór é a choinneáil scartha ón aerspás a thagraíos don aer os cionn áit ar leith – os do chionn féin, cuir i gcás.

Aerastad: Tugtar aerastad ar theorainn an atmaisféir ó thaobh na heitlíochta de – is é sin, nuair a shroichfeas gnátheitleán an t-aerastad, ní bheidh fórsa ardaithe faoi na sciatháin a thuilleadh, chomh tanaí is atá an t-aer thuas ansin.

An tAerchaidéal: Réaltbhuíon é an tAerchaidéal nó Antlia atá dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, na Seolta agus Compás an Mhairnéalaigh. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a d’ainmnigh an réaltbhuíon seo agus a shainigh mar réaltbhuíon ar leith í. Níl mórán cuid súl ann: an réalta is gile atá ann, mar atá, Alpha Antliae, níl inti ach réalta phríomhsheichimh nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian s’againn, agus í féin ag druidim chun seanaoise. Réalta den déanamh K, nó réalta fhlannbhuí, atá in Alpha Antliae.

Aerloinnir: Is í an aerloinnir an dóigh a n-astaíonn an t-atmaisféar féin solas. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an aerloinnir: go bunúsach fágann solas na Gréine an t-atmaisféar luchtaithe le leictreachas, agus nuair a dhíluchtófar an fuinneamh leictreach sin, aithneofar mar sholas é. Go tipiciúil scoilteann gathanna na Gréine móilíní nítrigine no ocsaigine de chuid an aeir thuas san atmaisféar, agus nuair a rachas na hadaimh aonair le chéile le móilíní nua a dhéanamh, scaoilfear fuinneamh mar sholas. Ní féidir an aerloinnir a aithint de ló, ó tá solas scaipthe na Gréine i bhfad níos gile ná í, ach is feiniméan í a chuireas isteach ar na réalteolaithe le dorchadas na hoíche féin agus iad ag déanamh a gcuid breathnuithe.

Aeróg: Gléas a úsáidtear le tonnta leictreamaighnéadacha a ghlacadh agus a chlaochlú go bíoganna leictreacha, nó a mhalairt, is é sin, le tonnta leictreamaighnéadacha a tharchur trí bhíoganna leictreacha a chlaochlú go radathonnta (mar shampla). Tá aeróg de shórt éigin ag teastáil le craolacháin raidió nó teilifíse a tharchur nó a ghlacadh. Cineál aeróige é an soitheach satailíte, mar shampla.

Aeróga móra millteanacha iad na radaiteileascóip freisin. Úsáidtear iad le foinsí radathonnta a aithint ar an spéir, rud ar a dtugtar radairéalteolaíocht. Bíonn radathonnta ag teacht as réaltaí, réaltraí, cuasáir agus pulsáir, mar shampla.

Aeróg dhépholach: Déanamh simplí aeróige is ea an aeróg dhépholach. Dhá shlat mhiotail atá ann agus iad ag aimpliú na radathonnta eatarthu trí athshondas.

Aeróg Yagi: Déanamh aeróige is casta ná an aeróg dhépholach – aeróg atá comhdhéanta as sraith d’aeróga dépholacha agus iad suite go comhthreomhar in aice a chéile. Déanamh coitianta é seo ar na haeróga teilifíse mar shampla. Fuair an cineál seo aeróige a ainm ón innealtóir Seapánach Hidetsugu Yagi cé gurbh é Shintaro Uda a rinne an chuid ba mhó den obair dhearthóireachta. Sa bhliain 1926 a bhain siad amach paitinn don dearadh seo.

Aga: I dtéarmaíocht na réalteolaíochta is ionann an t-aga agus am tagartha na gcomhordanáidí. Bíonn athruithe beaga ag teacht ar an spéir gan stad (de thoradh na dualghluaisne ach go háirithe) agus mar sin nuair a chromfas an réalteolaí ar réaltmhapa a úsáid caithfidh sé a bheith eolach ar aga an mhapa, is é sin, cathain go beacht a bhí an mapa agus comhordanáidí an mhapa bord ar bhord le cuma na spéire.

Aichill: Ba é Aichill an chéad astaróideach Traíoch ar cuireadh sonrú ann riamh. Grúpa astaróideach iad na Traígh atá ag timpeallú ceathrú pointe Lagrange ar fhithis Iúpatair – is é sin, an pointe roimh an bpláinéad. Tá Aichill timpeall ar 130 ciliméadar ar trastomhas, agus é ar an séú Traíoch is mó. Ba é an réalteolaí Gearmánach a d’aithin Aichill roimh aon duine eile, thiar sa bhliain 1906.

Aicme speictreach: Is gnách na réaltaí a aicmiú de réir an datha atá iontu, ós rud é gur tomhas é ar theas na réalta, chomh maith lena fadsaolacht: is iad na réalta teo is luaithe a spíonas a gcuid hidrigine. Is iad na príomhaicmí sa rangú seo ná:

Aicme Dath na réalta Teocht an dromchla (273 K = 0 ºC, 373 K = 100 ºC) Sampla Réaltbhuíon Nótaí
O Bánghorm (an chuid is mó den fhuinneamh á astú mar sholas ultravialait) 30,000-50,000 K Meissa (Heka, Al Haka, Lambda Orionis) An Bodach Fathachréalta
Mintaka (Delta Orionis) An Bodach Fathachréalra
Alnitak (Zeta Orionis) An Bodach Ollfhathach
B Gorm, bánghorm 10,000-30,000 K Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris) An Béar Mór Réalta phríomhsheichimh
Rigel (Beta Orionis) An Bodach Ollfhathach
Alnilam (Epsilon Orionis) An Bodach Ollfhathach
A Bán, bánghorm 7,600-11,500 K Vega (Alpha Lyrae) An Lir Réalta phríomhsheichimh
Altair (Alpha Aquilae) An tIolar Réalta phríomhsheichimh
Sirius (Réalta an Mhadra, Alpha Canis Majoris) An Madra Mór Réalta phríomhsheichimh
Phad (Phekda, Phecda, Gamma Ursae Majoris) An Béar Mór Réalta phríomhsheichimh
Deneb (Alpha Cygni) An Eala Ollfhathach
Fomalhaut (Alpha Piscis Austrini) Iasc an Deiscirt Réalta phríomhsheichimh
F Bánbhuí 6,000-7,600 K Procyon (Alpha Canis Minoris) An Madra Beag Réalta phríomhsheichimh
Porrima (Gamma Virginis, Arich) An Mhaighdean Réalta phríomhsheichimh
G Bánbhuí, buí 5,300-6,000 An Ghrian Réalta phríomhsheichimh
Vindemiatrix (Epsilon Virginis) An Mhaighdean Fathachréalta
Sadalsuud (Beta Aquarii, Lucida Fortunae Fortunarum) Iompróir an Uisce (An tUisceadóir) Ollfhathach
Mebsuta (Epsilon Geminorum) An Cúpla Ollfhathach
K Flannbhuí 3,900-5,200 Epsilon Eridani An Abhainn Réalta phríomhsheichimh
Pollux (Beta Geminorum) An Cúpla Fathachréalta
Alsafi (Sigma Draconis) An Dragan Réalta phríomhsheichimh
Gienah (Epsilon Cygni) An Eala Fathachréalta
Eltanin (Gamma Draconis, Etamin) An Dragan Fathachréalta
M Flannbhuí, dearg 4,000 nó níos fuaire Antares (Alpha Scorpii) An Scairp Ollfhathach
Betelgeuse (Alpha Orionis) An Bodach Ollfhathach
Aldebaran (Alpha Tauri) An Tarbh Fathach
Arcturus (Alpha Bootis) An tAoire Fathach
Gacrux (Gamma Crucis) Cros an Deiscirt Fathach
Mirach (Merak, Beta Andromedae) Andraiméide Fathach
Gliese 581 An Mheá Abhac dearg
Wolf 359 An Leon Abhac dearg
Lalande 21185 (Gliese 411) An Béar Mór Abhac dearg

Ba iad Annie Jump Cannon agus Edward C. Pickering a d’oibrigh amach an córas seo thuas i dtús na fichiú haoise, agus is minic a thugtar ”córas Harvard” air, ós rud é go raibh Pickering i gceannas ar Réadlann Harvard, agus Cannon ag obair dó. Cuireadh roinnt aicmí nua leis le freastal ar chineálacha neamhghnácha réaltaí nach féidir a aicmiú de réir an chórais ”chlasaicigh” seo, cosúil leis an aicme úd W nó WR (réaltaí Wolf-Rayet).

Aicmiú Trumpler: córas aicmithe na réaltbhraislí oscailte. Ba é an réalteolaí Robert Julius Trumpler (nó Trümpler – Eilvéiseach a bhí ann a chuir faoi sna Stáit Aontaithe) a cheap an córas seo sa bhliain 1930. In aicmiú Trumpler tá uimhir Rómhánach a thugas le fios cé acu atá an bhraisle scaipthe nó dlúth (I, II, III nó IV; seasann I don bhraisle dhlúth, agus is é IV an cineál is scaipthe); uimhir Arabach a sheasas do mheánghile na réaltaí sa bhraisle (1, 2 nó 3 – is é 3 an cineál is gile); agus litir a deir cé acu atá an bhraisle saibhir (r, ó rich an Bhéarla) i réaltaí, daibhir (p, ó poor) nó idir eatarthu (m, ón bhfocal medium). Ina dhiaidh sin cuirtear an litir n le tagairt a dhéanamh don néalmhaireacht (nebulosity), is é sin, le tabhairt le fios go bhfuil an bhraisle suite i néal gáis. Is é an t-aicmiú atá ag an bPléadach, mar sin, ná I3rn – réaltbhraisle dhlúth gheal, í saibhir i réaltaí agus néalmhaireacht ag roinnt léi.

Aigéan na Stoirmeacha Oceanus Procellarum atá ar an gceann is mó de na ”mara” (na machairí basailt) ar an nGealach. Is féidir an tAigéan seo a fheiceáil ón Domhan gan dul i muinín gléasra cianradhairc. Tá cráitéar Copernicus suite san Aigéan – ceann de na gnéithe is feiceálaí de dhromchla na Gealaí. An dara spásbhád a thug daoine go dtí an Ghealach, mar atá, Apollo a 12, thuirling sí san Aigéan, agus baisteadh Mare Cognitum nó ”An Mhuir Aitheanta” ar an gcuid sin den Aigéan ina dhiaidh sin.

Ailbéideacht: An codán den tsolas (nó de chineál eile radaíochta) a fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá ailbéideacht an Domhain, mar shampla, timpeall ar 0.3, is é sin, frithchaitheann an Domhan tuairim is tríocha faoin gcéad den tsolas a bhuaileas é.

Is léir nach ionann ailbéideacht na rinne neimhe i ngach ball di. Mar shampla, má iompaíonn an Domhan taobh na farraige – taobh an Aigéin Chiúin – leat, beidh an ailbéideacht, mar a fheictear duitse í, níos mó ná meánailbéideacht ár bpláinéid.

Aimhrialtacht: Sa réalteolaíocht tagraíonn an focal aimhrialtacht dá lán coincheapanna éagsúla, mar atá:

  • Aimhrialtacht an Atlantaigh Theas
  • Aimhrialtacht éalárnach
  • Aimhrialtacht fhíor
  • Aimhrialtacht Pioneer
  • Aimhrialtacht tareitilte
  • Meán-aimhrialtacht

Is éard atá i gceist le haimhrialtacht an Atlantaigh Theas ná an aimhrialtacht a aithnítear ar an gceann inmheánach den dá chrios radaíochta timpeall an Domhain a fuair a n-ainm ón spáseolaí Meiriceánach James Van Allen. De ghnáth, ní shroicheann an crios inmheánach níos ísle síos ná sé chéad ciliméadar, ach is eisceacht (nó aimhrialtacht!) é Deisceart an Atlantaigh, áit nach mbíonn an crios radaíochta sin ach dhá chéad ciliméadar os cionn dhroim ár bpláinéid. Is é is cúis leis an aimhrialtacht seo ná nach bhfuil réimse maighnéadach an Domhain chomh siméadrach le réimse an bharra-mhaighnéid.

Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht éalárnach, an aimhrialtacht fhíor, agus an mheán-aimhrialtacht ná na comhordanáidí a thugas cur síos ar an áit a bhfuil an rinn neimhe ar a fithis, de réir na ndlíthe matamaitice a d’oibrigh Johannes Kepler amach. Uillinneacha iad an aimhrialtacht éalárnach agus an aimhrialtacht fhíor. Ní uillinn í an mheán-aimhrialtacht, cé go dtomhaistear in aonaid stua í, cosúil le huillinn. Tá an mheán-aimhrialtacht ag brath ar an achar a scuab an líne ón réad go dtí an fócas den éilips ón uair dheireanach a chuaigh an réad thart le garphointe na fithise. Is iad íosmhéid agus uasmhéid na meán-aimhrialtachta ná 0 raidian agus 2π raidian. Aonad stua é an raidian. Is ionann an raidian agus timpeall ar 57.295 céim stua, nó an stua a fhreagraíos do gha an chiorcail.

Maidir le haimhrialtacht Pioneer, is éard atá i gceist léi ná an géarú a tháinig ar luas an dá spástaiscéalaí úd Pioneer 10 agus Pioneer 11 nuair a shroich siad fad áirithe ón nGrian (timpeall ar fhiche aonad réalteolaíoch). Ní raibh súil ag na réalteolaithe leis an luasghéarú san am, ná míniú sásúil acu air, agus mar sin bhí sé ina chúis spéise acu ar feadh tamaill. Ba é an brú radaíochta ba chúis leis an aimhrialtacht – bhí na taiscéalaithe ag cailleadh teasa, ach níorbh ionann an cailleadh seo ar gach taobh den ghléas, agus mar sin bhí an brú radaíochta ag cur le luas an ghléis.

Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht tareitilte ná ardú fuinnimh a aithnítear agus spásbhád ag eitilt thart leis an Domhan. Má eitlíonn an spásbhád thart le rinn neimhe sách cóngarach, cuirfidh imtharraingt na rinne neimhe sin cor i mbealach an spásbháid, agus sa teagmháil chéanna géarófar ar a luas. Cuid bheag den luasghéarú sin áfach ní féidir leis na fisiceoirí é a mhíniú i láthair na huaire, agus tugtar aimhrialtacht tareitilte ar an gcuid sin.

Aimplitiúid a thugtar, go bunúsach, ar ”airde” na dtonnta, más é an ”tonnfhad” fad na dtonnta céanna.

Ainmníocht Bayer a thugtar ar an gcóras ainmníochta a cheap an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer thiar i dtús na seachtú haoise déag. Sa chóras seo is éard atá in ainm na réalta ná litir Ghréagach (nó ainm ar litir Ghréagach), agus ainm Laidine na réaltbhuíne ag teacht i ndiaidh na litreach sin i dtuiseal gineadach. Mar shampla, Alpha Centauri, Beta Ursae Majoris, Gamma Andromedae.

Is minic a chreidtear go seasann Alpha sa chóras seo don réalta is gile sa réaltbhuíon, agus gurb é Beta an dara ceann is gile, agus araile: Gamma, Delta, Epsilon… Le fírinne ní raibh Bayer féin ag iarraidh ordú gile na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a thabhairt go mionchruinn, nó ní raibh ar chumas réalteolaithe a linne an ghile sin a thomhas go róbheacht. Ní dhearna sé ach na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a aicmiú de réir a ngile. Má bhí, cuir i gcás, cúig réalta sa réaltbhuíon san aicme ba ghile, bhaist sé Alpha, Beta, Gamma, Delta agus Epsilon ar na cinn seo, agus ansin thug sé Zeta ar an gcéad réalta sa dara haicme, ach ní hionann sin is a rá go dtabharfadh sé Alpha ar an réalta ba ghile acu go léir. Ba mhinic a bhí a aird ar chúiseanna eile freisin: mar shampla, má bhí réalta áirithe ar an gcéad cheann sa réaltbhuíon a thagadh ó scáth na léaslíne, bhí de chlaonadh in Bayer alpha (nó an chéad litir Gréigise san aicme bhainteach gile) a bhronnadh ar an réalta sin thar aon cheann eile.

Thairis sin, rinne na réalteolaithe athruithe ar theorainneacha na réaltbhuíonta ina ndiaidh sin: thar aon rud eile, roinneadh an Long nó Argo Navis go réaltbhuíonta éagsúla, mar atá, an Chíle (Carina), Deireadh na Loinge (Puppis), Compás an Mhairnéalaigh (Pyxis), agus na Seolta (Vela). Ansin, choinnigh gach réalta a litir Ghréagach, cé gur cuireadh ainm na réaltbhuíne nua léi.

Níor chuir Bayer an córas ainmníochta s’aige i bhfeidhm ach amháin ar na réaltbhuíonta a bhí le feiceáil ón nGearmáin. Thit sé ar chrann réalteolaithe eile an córas a fhairsingiú ar réaltaí an leathsféir theas.

Aipsis: Tugtar aipsisí ar chianphointe is ar gharphointe na satailíte, is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach agus an pointe is cóngaraí don phríomhúlach ar fhithis na satailíte.

Ais leathbheag a thugtar ar an líne a ritheas ó lárphointe na héilipse go dtí ceann den dá phointe ar an éilips is cóngaraí don lárphointe. Is ionann an ais leathbheag agus leath an trastomhais is lú atá ag an éilips.

Ais leathmhór a thugtar ar an líne arb ionann í agus leath an trastomhais is mó atá ag an éilips, is é sin, ritheann sí ó lárphointe na héilipse go ceann den dá phointe ar an éilips is faide ón lárphointe.

Ais neamhaí a thugtar ar an ais a bhfuil an sféar neamhaí ag rothlú timpeall uirthi – go bunúsach, is ionann í agus ais rothlaithe an Domhain.

Ais optúil a thugtar ar an ais a ritheas trí chóras optaice agus a bhfuil an córas sin siméidreach ina timpeall. (Rud eile í an ais optach, a bhaineas leis an dóigh a n-athraontar an solas sna criostail.)

Aistiogmatacht atá i gceist nuair nach ionann an fócas (fócas an lionsa nó fócas an chórais optúil) do na línte ceartingearacha agus na línte cothrománacha.

Aistriú Doppleriarmhairt Doppler a thugtar ar athrú na minicíochta ó fhoinse tonnta atá ag gluaiseacht. Léiriú maith é bonnán an otharchairr: nuair atá an carr ag teacht inár dtreo, táimid ag cloisteáil bíoganna an bhonnáin níos tibhe i ndiaidh a chéile (rud a fhágas go bhfuil an mhinicíocht níos airde, agus fuaim an bhonnáin níos géire), agus nuair atá sí ag imeacht uainn, is dóigh linn go bhfuil na bíoganna le cloisteáil níos scaipthe (agus ansin tá an mhinicíocht níos ísle, ionas go bhfuil an fhuaim níos doimhne). De réir an phrionsabail chéanna, nuair atá foinse aon chineál tonnta ag druidim chugainn, is dóigh linn go bhfuil an tonnfhad níos lú agus an mhinicíocht níos airde ná mar a shílfeadh an breathnóir atá ag gluaiseacht in éineacht leis an bhfoinse – agus a mhalairt más ag druidim uainne atá an fhoinse sin.

Ba é an réalteolaí Ostarach Christian Andreas Doppler a mhínigh an iarmhairt seo in alt faoi dhath na ndéréaltaí thiar sa bhliain 1842. D’aithin sé prionsabal uilechuimsitheach a bhfuil baint aige leis na fuaimthonnta, na radathonnta agus na tonnta leictrimhaighnéadacha de gach cineál, an gnáthsholas san áireamh. Tugtar deargaistriú ar an dóigh a dtéann aistriú Doppler i bhfeidhm ar sholas na réaltaí agus na réada réalteolaíocha eile agus iad ag druidim uainn, agus gormaistriú an téarma a thagraíos d’aistriú Doppler ag réaltaí atá ag gluaiseacht chugainn.

Aladáid géag shnáthaide a thugtar ar chlár is féidir a iompú ionas go bhfuil sé ag pointeáil ar réad ar leith, agus é ag cur ar ár gcumas líne a tharraingt atá ag dul i dtreo an réada sin. Comhpháirt í an aladáid den teodailít (gléas an gheodasaí), mar shampla. Cineál rialóir réalteolaíoch í an aladáid, agus tá an téarma féin bunaithe ar fhocal Araibise a chiallaíos ”rialóir”.

Albireo: Is é Albireo nó Beta Cygni an cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Le fírinne is déréalta é – nó tríréalta fiú. Is iad na comhréaltaí is fusa a aithnítear ó chéile ná Albireo A agus Albireo B, ach is déréalta ann féin é Albireo A – tugtar Albireo Aa agus Albireo Ac ar an dá réalta sin inniu.

Fathachréalta fhlannbhuí den K-aicme é Albireo Aa. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile, Albireo Ac agus Albireo B, agus is B-réaltaí iad – is é sin, réaltaí teo gorma.

Alcor: Is é Alcor nó 80 Ursae Majoris Arundhati leathbhádóir na réalta úd Mizar Zeta Ursae Majoris. Le fírinne is déréalta ann féin é Alcor agus é suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn. Is réalta phríomhsheichimh den chineál A í príomhréalta Alcor – níl sa leathbhádóir ach abhac fann.

Alcyone: Is í Alcyone nó Eta Tauri an ceann is gile de réaltaí na Pléadaí i réaltbhuíon an Tairbh. Déanta na fírinne is córas ceithre réalta í Alcyone, agus is fathachréalta bhánghorm B-aicme í an phríomhréalta. An trí cinn eile is abhacréaltaí iad agus iad ag dul timpeall na príomhréalta.

Aldebaran: Is é Aldebaran nó Alpha Tauri an réalta is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus é ar réaltaí geala cuidsúlacha na spéire go léir. Fathach flannbhuí K-aicme é. Níl sé mórán níos troime ná an Ghrian s’againn cé go bhfuil sé i bhfad níos mó, i bhfad níos lonrúla – go bunúsach is réalta é a d’fhorbair ó abhac príomhsheichimh go fathach mar is dual don Ghrian féin a dhéanamh i gceann na mílte milliún bliain.

Alderamin: Is é Alderamin nó Alpha Cephei an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus é le feiceáil gan dul i dtuilleamaí uirlisí cianradhairc. Tá sé suite faoi naoi solasbhliana is dhá scór dinn. Réalta bhán A-aicme atá ann. Lonrúil is mar atá sé, ní fathachréalta é ach réalta phríomhsheichimh.

Alfa-cháithnín a thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.

Nuair a thiocfas moill ar an alfa-cháithnín sa damhna, bainfidh sé dhá leictreon óna thimpeallacht agus iompóidh sé ina adamh héiliam. Dá thoradh sin bíonn boilgeoga beaga héiliam le fáil sna mianta úráiniam.

Alfa-mheath is cúis leis an alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as dúile áirithe radaighníomhacha. Nuair a thiocfas alfa-mheath ar an núicléas, astóidh sé alfa-cháithnín, is é sin cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann. Ansin bainfear dhá aonad d’uimhir adamhach an núicléis, ós ar líon na bprótón a aithnítear an uimhir adamhach. Mar sin, má thagann alfa-mheath ar núicléas úráiniam (is é 92 uimhir adamhach an úráiniam), déanfar núicléas tóiriam de (is é 90 uimhir adamhach an tóiriam).

Ar dhúile troma radaighníomhacha, cosúil leis an úráiniam, is tipiciúla a thagas an t-alfa-mheath. Ní bhíonn iseatóip chobhsaí ar bith ag na dúile is troime amuigh, agus mar sin caithfidh núicléis na ndúl sin an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach araon a laghdú leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Dealraíonn sé gurb é an teallúiriam (uimhir adamhach: 52) an dúil is éadroime a bhfuil iseatóip alfa-ghníomhacha aige.

Alfa-radaíocht an cineál radaíocht atá comhdhéanta as alfa-cháithníní. An alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as na núiclídí radaighníomhacha ní bhíonn sí saibhir i bhfuinneamh agus is leor duilleog páipéir le maolú uirthi go substaintiúil.

Na halfa-cháithníní a bhíos ag bualadh an Domhain ón spás, mar chuid den radaíocht chosmach, tá siad i bhfad níos fuinniúla agus dainséar iontu do na neachanna beo dá réir.

Algenib an t-ainm a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta:

  • Gamma Pegasi. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon Pheigeasais. Glactar leis go bhfuil sí suite faoi thrí chéad is nócha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réalta réasúnta mór atá i nGamma Pegasi, ach is deacair a rá an féidir fathachréalta a thabhairt uirthi dáiríribh: tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread ar trastomhas. Réalta an-lonrúil í áfach – breis is cúig oiread chomh lonrúil leis an nGrian – agus ní shamhlófá a mhalairt le réalta B-aicme. Dealraíonn sé go bhfuil sí le hiompú ina fathach ceart nuair a bheas a cuid hidrigine spíonta aici.
  • Malairt ainm ar Alpha Persei nó Mirfak. Féach Mirfak.

Algol an Deamhanréalta a thugtar ar an réalta úd Beta Persei; ainm eile as Béarla é Winking Demon, is é sin, ”an Deamhan Súilbhobálach”. ”An Deamhan” is brí leis an ainm Araibise úd Al-Ghul, agus is ionann sin mar fhocal agus ghoul an Bhéarla – ”gúl” an leagan Gaeilge a thugas foclóir mór Néill Uí Dhónaill. Ba nós leis na hastralaithe anallód a shíleadh gur tuar tubaiste agus foréigin a bhí ann. Is léir mar sin gur spreag an réalta seo fantaisíocht na ndaoine le fada, agus is é is cúis leis sin ná gur déréalta uraitheach í: an dóigh a mbíonn sí ag ”bobáil súile” shíleadh na daoine gur neach beo a bhí i gceist.

Is é is ciall le ”déréalta uraitheach” ná go dtagann ceann den dá chomhréalta idir sinn agus an ceann eile ó am go ham, rud a fhágas go bhfuil lonrachas agus speictream na réalta ag athrú go tráthrialta. Tá an dá chompánach suite chomh cóngarach dá chéile is nach raibh na sean-réalteolaithe in ann iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an timthriall seo – le huirlisí forbartha an lae inniu is féidir an dá réalta a fheiceáil, áfach. Mar sin féin tugtar déréalta speictreach ar Algol, toisc gurb ar na hathruithe speictrim is lonrachais a d’aithin na réalteolaithe an chéad uair gur dhá réalta a bhí ann.

Le fírinne tá an tríú comhréalta ann freisin, ach ní uraíonn sí aon cheann den dá réalta eile.

Réaltaí príomhsheichimh iad comhréaltaí Algol, cé go bhfuil siad níos mó ná an Ghrian. An réalta is gile den triúr, nó Algol Aa1, is réalta den B-aicme í. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais agus an téagair, agus beagnach dhá chéad oiread níos lonrúla. An compánach uraitheach atá ag Algol Aa1, tugtar Algol Aa2 air. Tá sé beagáinín níos éadroime ná an Ghrian, agus é trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais. Réalta K-aicme é, agus é gan ach seacht n-oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Maidir leis an tríú comhréalta, baineann sí leis an A-aicme, agus níl sí mórán níos troime, ná níos mó, ná an Ghrian.

Bhí an-tábhacht leis an réalta seo i stair na réalteolaíochta, ó chuidigh sí leis na heolaithe tuiscint a fháil ar na déréaltaí mar rud. Is gnách aicme iomlán de dhéréaltaí a dhealramh le hAlgol.

Alioth Epsilon Ursae Majoris atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá sí suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach trí oiread chomh mór leis an nGrian s’againn. Tá Alioth ceithre oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus breis is céad oiread chomh lonrúil. Aicmítear mar A-réalta í. Tagann athruithe aisteacha ar a speictream go tráthrialta timthriallach, agus ceaptar gurb é réimse maighnéadach na réalta a mheascas na dúile breise – na truailleáin – i ”mbreosla” hidrigine na réalta ar dhóigh ar leith, ionas go dtéann siad i bhfeidhm ar an speictream mar sin.

Alkaid Benetnasch Eta Ursae Majoris atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. B-réalta atá ann de réir an speictrim, is é sin, réalta the bhánghorm. Tá sé sé oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais, agus míle trí chéad is caoga oiread chomh lonrúil. An chuid is mó de na réaltaí sa Chamchéachta tá siad ag gluaiseacht leo tríd an spás in éineacht, in aon treo agus ar aon luas le chéile – tugtar ”grúpa gluaisteach an Bhéir Mhóir” orthu – ach is eisceacht é Alkaid, nó ní ball den ghrúpa sin é.

Almach Gamma Andromedae atá ar an ilréalta arb í an tríú réad is gile i réaltbhuíon Andraiméide í. D’aithin na réalteolaithe faoi dheireadh an ochtú céad déag gur déréalta a bhí ann. Ceann den dá réalta sin áfach, is dóigh le lucht na ceirde inniu gur córas trí réalta ann féin é. Mar sin, is córas ceithre réalta í Almach, agus é suite faoi trí chéad is caoga solasbhliain dínn. Is iad na ceithre réaltaí sin ná:

  • γ Andromedae A. Fathachréalta í seo a áirítear ar an K-aicme: réalta fhlannbhuí í atá níos fuaire ná an Ghrian.
  • γ Andromedae Ba agus Bb. Dhá réalta phríomhsheichimh den B-aicme iad, agus iad ag dul timpeall a chéile uair in aghaidh dhá lá is ocht n-uaire.
  • γ Andromedae C. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í.

Alnair (focal Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”) a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:

  • Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s’againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d’fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.

Alnilam Epsilon Orionis atá ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá ann, is é sin, réalta the ghorm é. Tá sé suite faoi thuairim is dhá mhíle solasbhliain dínn, agus é tríocha oiread chomh trom leis an nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an lá is faide anonn.

Alnitak Zeta Orionis a thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sé suite faoi thuairim is ceithre chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta ann féin é.

Alpha Centauri Toliman Bungula a thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri. Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn, agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí ceangailte den bheirt eile ar aon dóigh.

Ba nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl al Qanturis nó ”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil Kentaurus an leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d’úsáidtí sa Domhan Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha Centauri A.

Tá Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s’againn. Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá réalta eile sa chóras.

Chomh gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá mbeadh Proxima ní ba lonrúla d’fhéadfá í a aithint mar réalta ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.

Mar is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri; fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain dínn.

Alphekka Alphecca Gemma An tSeoid Alpha Coronae Borealis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig ciliméadair déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian, agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.

Is gnách Alphecca Meridiana a thabhairt ar Alpha Coronae Australis, is é sin, an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.

Alpheratz Sirah Alpha Andromedae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Andraiméide. Tá sí suite in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus deirtear gurb iad Alpheratz agus trí réalta de chuid Pheigeasais (Markab, Scheat, agus Algenib) ”cearnóg mhór Pheigeasais”.

Tá Alpheratz suite faoi sheacht solasbhliana déag is ceithre scór dinn, agus is déréalta é. Tá an ceann is mó den dá chomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian agus trí oiread chomh leathan (de réir an trastomhais, nó an gha); sáraíonn sí an Ghrian faoi 240 oiread ar lonrachas. Is B-réalta í, is é sin, is réalta gheal ghorm í. Tá an leathbhádóir níos lú ná an phríomhréalta, is é sin, dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Réalta den aicme A é, is é sin, réalta bhánghorm atá ann, agus é beagáinín níos fuaire ná an phríomhréalta. Tá sé trí oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian.

Tá roinnt dúl ceimiceach neamhghnách le fáil sa phríomhréalta, mearcair, mangainéis, agus xeanón go háirithe, agus a lorg le haithint ar a speictream.

Alphonsus – Cráitéar mór ar an nGealach é Alphonsus, agus é suite taobh thoir de Mhuir na Scamall, in aice le cráitéir Ptolemaeus agus Alpitragus. Tá Alphonsus céad is fiche ciliméadar ar trastomhas, agus é ainmnithe as Alfonso a Deich, rí na Caistíle, a mhair ón mbliain 1221 go 1284. Bhí suim ag Alfonso sna réaltaí agus sna heolaíochtaí, agus is iad na leasainmneacha a baisteadh air ná Sabio, nó an Fear Críonna, agus Astrólogo, nó an tAstralaí.

Altair Alpha Aquilae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Iolair. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme is ea Altair agus í ar cheann de na réaltaí is gile ar an spéir, chomh cóngarach is atá sí dúinn – níl sí ach sé nó seacht solasbhliana déag uainn. Tá Altair ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is go gcuireann an rothlú seo as a riocht í – níl sí sféarúil (níl sí ar dhéanamh na liathróide) ach sórt leibhéalta sna poil.

Altasamat is ea an cineál gléasadh nó feistiú a chuireas ar do chumas an teileascóp a rothlú ar an ais cheartingearach agus ar an ais chothrománach araon. Tagraíonn tús an fhocail don airde (altitude), agus is ionann an t-asamat agus an treoshuíomh compáis. Cineál altasamat é an túirín gunna chomh maith.

An Altóir atá ar an réaltbhuíon idir an Scairp, an Riail, an Teileascóp agus Triantán an Deiscirt. Tá cuid mhaith réaltbhraislí le feiceáil san Altóir, agus tá Réaltnéal Roc an Gha Nimhe suite sa réaltbhuíon seo freisin. Níl an Altóir le feiceáil ach ó leathsféar theas an Domhain, agus mar sin, níl d’ainmneacha againn ar a cuid réaltaí ach Alpha Arae, Beta Arae, Gamma Arae agus araile.

Ara an t-ainm Laidine ar an Altóir. Tabhair faoi deara go dtagraíonn an t-ainm Gaeilge ”An tAra” do réaltbhuíon eile ar fad, an ceann ar a dtugtar Auriga as Laidin.

Alúmanam a thugtar ar dhúil uimhir a trí déag i dtábla peiriadach na ndúl. Al an tsiombail cheimiceach, agus is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p1. Mar sin, tá trí leictreon ar an sceall is faide amuigh, agus is dual don alúmanam an trí cinn sin a thabhairt ar iasacht uaidh. Mar sin, is é +3 an staid ocsaídiúcháin is dual don dúil seo, agus ní féidir +1 ná +2 a aithint ag an alúmanam ach amháin i gcomhdhúile díomuana. Tá an t-alúmanam 26.981 aonad ar mheáchan adamhach, agus ní díol iontais é mar sin gurb é alúmanam a 27, nó 27Al, an t-aon iseatóp nádúrtha amháin atá aige. Tá an raidiseatóp is cobhsaí, 26Al, seacht gcéad míle bliain ar leathré, agus is féidir iarsmaí de a aithint sa ghás idir-réaltach, ach más féidir féin, tá sé sábháilte a rá nach bhfuil a dhath fágtha de i ndúlra an Domhain. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ann, ní mór iad a tháirgeadh sa tsaotharlann, agus ní bhíonn siad fadsaolach ar aon nós – bíonn siad cúpla nóiméad nó cúpla soicind ar leathré, nó níos éagobhsaí fós.

Miotal éadrom é an t-alúmanam. Seoltóir maith teasa agus leictreachais atá ann, agus níl nimh ná dochar ann don orgánach dhaonna. Táthar buartha faoin mbaint atá ag an alúmanam le galar Alzheimer, ach níl na saineolaithe ar aon fhocal faoin mbaint sin. Ocsaídítear an t-alúmanam go héasca, agus mar sin bíonn brat ocsaíde ar an miotal a fhágas liath é – ar an dath sin is fusa a aithnítear an t-alúmanam. Tá an ocsaíd alúmanaim, Al2O3, an-chrua, an-láidir mar shubstaint, agus díonann an brat sin an miotal ar thuilleadh ocsaídiú. Deirtear go n-éighníomhaíonn an brat ocsaíde an miotal.

Cé go bhfuil an t-alúmanam ar ceann de na dúile is coitianta i screamh an domhain, agus aithne ag na daoine ar mhianraí éagsúla alúmanaim (alúm, mar shampla) ó thús na staire, níor éirigh leis an gcine daonna alúmanam a aonrú mar dhúil ach sa naoú haois déag. Ba é an Danmhargach Hans Christian Ørsted a rinne an t-éacht. Ar feadh i bhfad, áfach, ní raibh sé furasta an miotal a tháirgeadh, agus bhíodh sé ní ba dhaoire ná an t-ór féin.

Ba iad an Meiriceánach Charles Martin Hall agus an Francach Paul Héroult a tháinig ar an modh oibre le halúmanam a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, i ndeireadh na naoú haoise déag. Is éard atá i gceist le próiseas Hall-Héroult – mar a thugtar air – ná leictrealú na hocsaíde alúmanaim go hocsaigin agus alúmanam. Níl sé praiticiúil an ocsaíd a leá lena leictrealú, áfach, toisc go dteastaíonn teocht breis is dhá mhíle céim Celsius chuige sin. Ba é an rud a rith le Hall agus Héroult, beag beann ar a chéile, ná an ocsaíd a thuaslagadh i gcrióilit leáite. Mianra alúmanaim í an chrióilit féin – is éard atá inti ná fluairíd potaisiam agus alúmanaim (K3AlF6), agus í i bhfad níos soleáite ná an ocsaíd alúmanaim.

An leagan den ocsaíd alúmanaim a úsáidtear le haghaidh táirgíochta is é an bháicsít é. Ocsaíd alúmanaim neamhghlan atá sa bháicsít. Tugtar corandam ar na glanchriostail ocsaíde alúmanaim, agus úsáidtear sa tseodóireacht iad. Níl dath ar bith sa ghlanchorandam, ach fágann truailleáin dathanna éagsúla ann. Tugtar rúibín ar an gcorandam dearg, agus is é an cróimiam is cúis leis an dath. Tagraíonn an focal saifír do na cineálacha daite eile den chorandam, go háirithe don chorandam ghorm.

Tá a lán mianraí alúmanaim eile sa dúlra chomh maith – na hiathchlocha, mar shampla, ar sileacáití alúmanaim iad. As an mbáicsít a bhaintear an chuid is mó den alúmanam, áfach.

Níl léamh ná scríobh ná insint bhéil ar chomh húsáideach is atá an t-alúmanam, ós miotal éadrom é agus an-teacht aniar ann. Go coitianta, measctar miotail eile tríd lena dhéanamh níos oiriúnaí d’úsáid ar leith. Baintear leas as an nglanalúmanam freisin, áfach – sa leictreonaic, ar a laghad. Go bunúsach, is é an glanalúmanam atá de dhíth más í an díontacht ar an gcreimeadh (ar an ocsaídiú) is mó atá ag teastáil, ach más í an chruacht agus an díontacht ar bhuaillí nó ar bhrú meicniúil atá de dhíth, is é an cómhiotal – an miotal measctha – a roghnaítear.

Amalthea (Amailtia an leagan Gaelaithe a bhí ag Matt Hussey sa leabhar úd Fréamh an Eolais) a thugtar ar shatailít bheag de chuid Iúpatair; Iúpatar a Cúig an t-ainm córasach. Ba é an Meiriceánach Edward Emerson Barnard a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1892 – an fear céanna a bhfuair Réalta Barnard a hainm uaidh. Tá sí ag timpeallú Iúpatair níos gaire ná gealacha aithnidiúla Galileo, agus í níos lú ná iad: tá déanamh neamhrialta uirthi, is é sin, níl sí ar déanamh liathróide. Shuigh an scríbhneoir ficsin eolaíochta Arthur C. Clarke a ghearrscéal Jupiter Five ar Amalthea, mar is léir ón teideal.

Amharcmhéid an téarma a thagraíos do mhéid na réalta mar a fheictear dúinn í, is é sin, de réir ghile a cuid solais.

Am Iarthar na hEorpa: an t-am a gcloítear leis in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa Ríocht Aontaithe. Is ionann é go bunúsach agus an tAm Uilíoch, is é sin, Meán-Am Greenwich, ach amháin go n-aistrítear na cloig uair amháin ar aghaidh le teacht an Earraigh (am coigilte sholas an lae, is é sin, an t-am samhraidh) agus ar ais le teacht an Fhómhair.

Am Lár na hEorpa: an t-am a gcloítear leis sa chuid is mó den Eoraip. Tá sé ag dul uair amháin chun tosaigh ar Am Iarthar na hEorpa.

Amóinia a thugtar ar hidríd shimplí dhénártha na nítrigine, NH3. Tá an amóinia ina gás le teocht an tseomra, nó is é an fiuchphointe atá aici ná -33°C. Chomh haraiciseach is atá sí chun imoibriúcháin is gás nimhe í a dhéanas dochar do chomhdhúile bithcheimiceacha an orgánaigh dhaonna, ach is furasta an dainséar a aithint ar dhrochbholadh an gháis. Oibríonn sí ar na scamhóga ar nós na ngás tachtach eile, is é sin tarraingíonn sí éidéime na scamhóg ar an othar – líontar na scamhóga le huisce a thachtas é.

an amóinia sothuaslagtha san uisce, agus í ag imoibriú mar bhun scothláidir leis na haigéid sa tuaslagán. Mar is dual don bhun de réir theoiric Brønsted agus Lowry, glacann an amóinia le hian hidrigine ón aigéad, ionas go gcruthaítear ian deimhneach amóiniam, NH4+. Ansin is féidir leis an ian seo dul i gcomhdhúil le hiain diúltacha – salainn amóiniam, mar a thugtar ar na comhdhúile seo. Samplaí de shalainn den chineál sin iad an chlóiríd amóiniam NH4Cl agus an charbónáit amóiniam (NH4)2CO3 (an salann fia-adhairce).

Maidir le hamóinia san ollchruinne, tá eolaithe áirithe barúlach go bhféadfadh an amóinia gnó an uisce a dhéanamh do bhithsféar ar phláinéad eile agus do chóras bithcheimiceach de chineál eile. Tá fadhbanna ag baint leis an hipitéis seo, áfach. Thar aon rud ba chóir don phláinéad sin bheith ní b’fhuaire ná an Domhan, ionas go bhfanfadh an amóinia ina leacht, agus ba chóir nach mbeadh ocsaigin le fáil in atmaisféar an phláinéid, toisc gur substaint sho-adhainte, sho-dhóite í an ghlanamóinia.

An tAm Uilíoch: is ionann é agus Meán-Am Greenwich, a bheag nó a mhór. Is í an difríocht is mó idir an dá rud ná go bhfuil an tAm Uilíoch níos cruinne ná rothlú an Domhain féin, toisc go bhfuil sé bunaithe ar chloig adamhacha. Le fírinne is gnách an tAm Uilíoch a cheartú le soicindí bisigh ó am go ham le féachaint chuige nach rachaidh an dá am sin ó chéile. Cloíonn an Íoslainn leis an Am Uilíoch ó thús go deireadh na bliana, is é sin, níl am samhraidh ar leith (is é sin, am coigilte sholas an lae) acu.

Anailís speictreach a thugtar ar na modhanna oibre a bhíos ag na réalteolaithe le hairíonna na réalta a aithint ar a speictream. Ó tá a cuid línte speictreacha ag gach dúil cheimiceach, is féidir a fheiceáil ar an speictream cé hiad na dúile atá ar fáil i réalta áirithe. Thairis sin, thig linn a aithint an bhfuil an réalta ag éalú uainn nó ag druidim linn. An réalta atá ag éalú uainn, is dealraitheach dúinn go bhfuil na línte speictreacha go léir aistrithe i dtreo na deirge (deargaistriú), agus an réalta atá ag druidim linn, feicimid go bhfuil na línte speictreacha aistrithe i dtreo na goirme (gormaistriú). Is í iarmhairt Doppler is cúis leis an dá aistriú seo.

Andraiméide is ainm don dá rud seo:

  • Réaltra Andraiméide, nó M31, nó NCG 224, atá ar an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, is é sin, i gcomharsanacht Bhealach na Bó Finne. Réaltra bíseach é. Tá sé suite dhá mhilliún go leith de sholasbhlianta ónár réaltra féin, agus é tuairim is dhá chéad míle solasbhliain ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Heber Curtis (1872-1942) a d’aithin roimh aon duine gur réaltra ar leith a bhí ann, seachas réaltnéal taobh istigh dár réaltra féin.
  • Réaltbhuíon Andraiméide – is é Andromeda an leagan Laidine a úsáidtear sa Bhéarla chomh maith. Tá an réaltnéal le feiceáil sa réaltbhuíon áirithe seo. Tá Andraiméide suite idir Peirseas, Caiseoipé, an Laghairt, Peigeasas, na hÉisc, agus an Triantán. Réaltaí aithnidiúla sa bhuíon seo iad Alpheratz agus Almach. Bíonn dreigechith na nAndraiméidídí (nó na mBílídí) le feiceáil sa réaltbhuíon i Mí na Samhna.

Angstram an leagan Gaeilge de shloinne an fhisiceora Shualannaigh Anders Jonas Ångström (1814-1874) – nó den aonad faid a fuair a ainm ón bhfear seo. Is ionann deich n-angstram agus aon nanaiméadar amháin. Ar an solas agus ar an speictream ba mhó a dhírigh Ångström ina chuid taighde, agus dá réir sin is gnách tonnfhaid na gcineálacha éagsúla radaíochta a thomhas in angstraim. Ba é Ångström a mhapáil roimh aon duine eile na tonnfhaid a fhreagraíos do dhathanna éagsúla an tsolais infheicthe.

Anóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach deimhneach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu – ainiain a thugtar orthu siúd.

Antamón a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 51, agus is é Sb an tsiombail cheimiceach (tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm an antamóin, stibiam). Miotalóideach é an t-antamón, agus allatróip éagsúla aige: is é an t-allatróp miotalach an ceann is cobhsaí acu. Tá an t-antamón 121.76 ar mheáchan adamhach, rud a thugas le tuiscint gurb é antamón a 122 an t-iseatóp is coitianta, ach ní mar sin atá: le fírinne is iad antamón a 121 agus antamón a 123 an dá iseatóp cobhsaí, agus is iseatóp radaighníomhach é antamón a 122 a dtagann béite-mheath air.

Is iad +III (na comhdhúile antamónúla) agus +V (na comhdhúile antamónacha) na staideanna ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an antamón ina chuid comhdhúl. Is é an tsuilfíd antamónúil, Sb2S3, nó an stibnít, an mhian is tábhachtaí. Cól (nó kohl) a thugtar ar an tsuilfíd chéanna nuair a úsáidtear mar smideadh í.

Úsáidtear seisce-ocsaíd an antamóin (trí-ocsaíd dé-antamóin, trí-ocsaíd antamóin, ocsaíd antamónúil Sb2O3) mar lasairdhíonadh. Maidir leis an dúil féin, úsáidtear i gcóimhiotalú í – is é sin measctar trí mhiotail éagsúla é le hiad a dhéanamh níos crua nó níos láidire.

Antares Alpha Scorpii atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Scairpe. Ollfhathach dearg atá ann agus é breis is leathchéad míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s’againn. Is é is ciall don ainm úd Antares ná ”frith-Mhars”, rud a thugas le fios go bhfuil Antares cosúil le Mars chomh dearg is atá sé. Dá gcuirfí Antares in áit na Gréine, bheadh fithis Mharsa féin fágtha taobh istigh den réalta. Tá leathbhádóir beag aige, mar atá, Antares B – más féidir a rá go bhfuil sé beag, nó tá sé féin i bhfad níos mó ná an Ghrian. Réalta ghorm nó bhánghorm é Antares B, agus mar sin tá sé i bhfad níos teo ná an phríomhréalta. Tá Antares suite cúig chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus glactar leis go bhfuil i ndán dó pléasc ollnóva a dhéanamh. Réalta athraitheach atá ann.

Tá Antares le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag siombalú stát Piauí in oirthuaisceart na tíre.

An tAoire Boötes atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Coróin an Tuaiscirt, Earcail, an Dragan, an Béar Mór, na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Mhaighdean, agus Ceann na Péiste. Arcturus atá ar an réalta is gile sa réaltbhuíon áirithe seo.

Aois na cruinne, aois na hollchruinne: is ionann aois na cruinne agus an t-am a d’imigh ón Ollphléasc. Creidtear faoi láthair go bhfuil an ollchruinne tuairim is 13.8 billiún bliain d’aois.

I dtús na fichiú haoise bhí cuid mhór de na fisiceoirí barúlach gur rud éigríochta neamhathraitheach a bhí san ollchruinne. Ba í an teirmidinimic a thug an chéad leid nárbh amhlaidh i ndiaidh an iomláin. Is é dara prionsabal na teirmidinimice ná gur dual d’eantrópacht na cruinne dul i méadaíocht i ngach próiseas nádúrtha, is é sin, dá mbeadh an chruinne ann riamh, gan tús gan deireadh, bheadh sí tar éis uasmhéid na heantrópachta a shroicheadh cheana féin – bheadh an fuinneamh go léir scaipthe go cothrom ar fud na cruinne, agus gach cearn den chruinne ar aon teocht le chéile. Mar sin, tuigeadh go bhfuil aois theoranta ag an gcruinne, agus go bhfuil an chruinne ag athrú – go bhfuil a stair féin aici.

Aomadh aomachán a thugtar ar fhórsa atá ag tarraingt cáithníní, reanna neimhe nó réadanna eile – imtharraingt, aomadh maighnéadach nó pé cineál eile. (Focal é ”aomadh” ar tháinig an Duinníneach air i nGaeilge Oirthear Uladh, agus mar sin, níl leithscéal ná siocair ag bunadh an Tuaiscirt gan úsáid a bhaint as.) Is féidir a rá go n-aomann an Domhan sinn go léir, toisc go bhfuil imtharraingt (domhantarraingt) ag an Domhan. Cosúil leis sin, aomann an lucht leictreach deimhneach agus an lucht leictreach diúltach a chéile. Aomann pol thuaidh agus pol theas an mhaighnéid a chéile freisin.

Aonad réalteolaíoch a thugtar ar mheánfhad an Domhain ón nGrian. Inniu, tá luach an aonaid réalteolaíoch socraithe go hoifigiúil ar 149,597,870.7 ciliméadar (céad agus naoi milliún déag is ceithre scór, cúig chéad agus seacht míle déag is ceithre scór, ocht gcéad agus deich gciliméadar is trí scór, agus seacht gcéad méadar) – is é sin, cé go mbítear ag mioncheartú an mheánfhaid de réir na mbreathnuithe is úire, ní athraítear sainmhíniú an aonaid réalteolaíoch dá réir a thuilleadh.

An tAonbheannach Monoceros atá ar an réaltbhuíon idir an Cúpla, an Madra Beag, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, an Madra Mór, an Giorria, agus an Bodach. Ritheann an meánchiorcal neamhaí tríd an Aonbheannach. Níl an tAonbheannach ró-chuidsúlach ó thaobh na réaltaí de, ach tá roinnt réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil sa réaltbhuíon seo, ar nós Réaltnéal an Róiséid, Réaltbhraisle Chrann na Nollag, Réaltnéal na Coirceoige, agus Réaltnéal Athraitheach Hubble.

An tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta a thugaimid ar eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe proifisiúnta. Bunaíodh sa bhliain 1919 é, agus i bPáras atá ceanncheathrú an Aontais. Is é an tAontas, nó foireann ar leith taobh istigh den Aontas, a shocraíos na hainmneacha réalteolaíocha a bhaistear ar reanna neimhe agus ar réadanna spéire, nó a bhronnas stádas oifigiúil ar leagan áirithe de sheanainm.

Apafócas: malairt ainm ar an gcianphointe (apalár).

Apaigí an téarma a thagraíos do chianphointe na satailíte (na Gealaí, cuir i gcás) ar a fithis timpeall an Domhain.

Apaihéilean (nó aiféilean) a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an chóiméid nó an astaróidigh ar a fhithis timpeall na Gréine.

Apairéaltracan is ea cianphointe na Gréine ar a fithis timpeall lárphointe Bhealach na Bó Finne.

Apalár a thugtar ar chianphointe na rinne neimhe ar a fithis – is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach (ón rinn neimhe eile a bhfuil sí ag dul ina timpeall). Samplaí den apalár iad an t-apaigí, an t-apaihéilean, an t-apastrón agus an t-apairéaltracan.

Apalló an t-ainm Gaeilge ar astaróideach uimhir a 1862. Tá grúpa iomlán d’astaróidigh ainmnithe as Apalló: trasnaíonn siad fithis an Domhain ar a gcamchuairt timpeall na Gréine, agus dainséar i gcuid mhaith acu (Apalló féin san áireamh) don Domhan, mar is eagal leis na réalteolaithe.

Apastrón a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an astaróidigh nó an chóiméid ar a fhithis timpeall na réalta.

An tAra Auriga atá ar an réaltbhuíon idir an Lincse, an Cúpla agus Peirséas. Is í Capella an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, agus í ar na réaltaí is lonrúla amuigh. Le fírinne is córas ceithre réalta í, agus an dá cheann is gile acu is fathachréaltaí buí iad. Déréalta uraitheach í an dara réalta is gile san Ara, mar atá, Menkalinan; réalta athraitheach ar déanamh Algol í. Díol suime í Almaaz (Epsilon Aurigae) freisin mar ilréalta athraitheach. Tá roinnt réaltbhraislí oscailte san Ara fosta agus iad ina n-ábhar spéise ag na réalteolaithe amaitéaracha.

Tabhair faoi deara fosta gurb é Ara ainm Laidine na hAltóra freisin. Ainmneacha Laidine cosúil le Alpha Arae, Beta Arae agus araile, níl siad ag tagairt do réaltaí an Ara, ach don Altóir. Auriga an t-ainm Laidine ar an Ara.

ArcturusAlpha Boötis atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Aoire. Fathachréalta fhlannbhuí den aicme speictreach K é, agus é ar aon mhais leis an nGrian s’againn, cé go bhfuil sé i bhfad níos mó ná í – cúig oiread is fiche ar trastomhas – agus i bhfad bhfad níos lonrúla, is é sin, céad is seachtó oiread. Mar sin, cé gur fathachréalta é anois, is dócha go raibh sé ina réalta phríomhsheichimh tráth den tsaol. Tá Arcturus ar réaltaí geala na spéire, agus ba é an chéad réalta riamh ar a ndearnadh breathnuithe teileascóip de lá.

Argóint an pheirihéilin a thugtar ar an uillinn idir an nód éiritheach agus an peirihéilean.

Argón a thugtar ar dhúil uimhir a hocht déag, agus is é Ar an tsiombail cheimiceach. Is triathghás é, is é sin, tá ochtréad iomlán ar an leictreonsceall is faide amuigh aige – ocht leictreon ar fad. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p6. Struchtúr an-chobhsaí é an t-ochtréad nach gceadaíonn don argón dul i gcomhdhúile le dúile ceimiceacha eile ach ar éigean. Le comhdhúile argóin a chruthú tá imthoscaí neamhghnácha agus ocsaídeoirí láidire (fluairín ach go háirithe) ag teastáil, agus ní bhíonn na comhdhúile argóin fadsaolach ná úsáideach – sórt éachtóireachta é ag na ceimiceoirí argón a nascadh de dhúile eile. Scéal eile é go bhfuil na réalteolaithe tar éis sonrú a chur i gcomhdhúile argóin sa spáis: d’aithin siad iain argóiniam ArH+ ar speictream an ábhair idir-réaltaigh thart ar Réaltnéal an Phortáin.

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 36Ar, 38Ar, agus 40Ar. Is é 40Ar an ceann is coitianta, mar is léir ó mheáchan adamhach an argóin, 39.948. Is é is cúis leis seo go bhfuil iseatóp radaighníomhach ag an bpotaisiam, 40K, atá cuíosach flúirseach sa dúlra, agus nuair a thiocfas béite-mheath ar adamh den chineál seo, is é an t-argón úd 40Ar a gheofar mar thoradh.

Is é an t-argón an triathghás is flúirsí in atmaisféar an Domhain, agus dá réir sin ba é an chéad triathghás a d’aithin na heolaithe. Ba iad John William Strutt (Tiarna Rayleigh) agus William Ramsay a d’aonraigh an chéad eiseamal argóin sa bhliain 1894, éacht a thabhaigh Duais Nobel dóibh. Nuair a bhítear ag dealú nítrigine ón aer go crióigineach (is é sin, nuair a bhítear ag reo an aeir leis na gáis éagsúla a aonrú de réir a bhfiuchphointe), faightear argón mar sheachthoradh nádúrtha. Mar sin bíonn argón ar fáil réasúnta saor (i bhfarradh is na triathgháis eile ar a laghad, nó níl siad leath chomh flúirseach céanna san atmaisféar), agus leas á bhaint as nuair a bhíos gás támh ag teastáil. Astaíonn an t-argón solas corcra nuair a leictrítear é, agus mar sin is féidir é a úsáid i soilse daite cosúil leis an neon.

Ariel atá ar an gceathrú satailít is mó atá ag Úránas. Ba é an réalteolaí Sasanach William Lassell a chuir an chéad sonrú in Ariel thiar sa naoú haois déag. Satailít sféarúil é – is é sin tá sé ar dhéanamh liathróide, a bheag nó a mhór – agus is é an tsatailít is lú den chineál seo sa Ghrianchóras. Tá fithis Ariel suite beagnach in aon leibhéal le meánchiorcal Úránais. Creidtear go bhfuil Ariel comhdhéanta as oighear agus as cloch araon: is dócha go bhfuil croí cloiche ann agus maintlín oighir ina thimpeall. Níl ach cuid de dhromchla Ariel léarscáilithe, ach is féidir a rá go bhfuil sé breac ar fad le cainneoin agus le cráitéir.

Aristarchus atá ar an gcráitéar is mó ailbéideacht ar an taobh den Ghealach atá iompaithe linn. Chomh geal is atá sé i gcomparáid leis an timpeallacht is féidir é a aithint le súile do chinn féin faoi imthoscaí fabhracha. Tá sé suite in Ardchlár Aristarchus, in Aigéan na Stoirmeacha, agus é daichead ciliméadar ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Riccioli a d’ainmnigh sa bhliain 1651 é as an réalteolaí Aristarchus ó Samos a mhair sna blianta 310-230 roimh Chríost. Ceannródaí héilealárnachais a bhí ann mar Aristarchus – is é sin bhí sé ar na heolaithe is moiche a thuig gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais.

Arsanaic a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 33. As an tsiombail cheimiceach sna foirmlí. Tá sí in aon ghrúpa leis an nítrigin agus leis an bhfosfar i dtábla peiriadach na ndúl, agus cúig leictreon ar an sceall is faide amuigh aici. Miotalóideach í an arsanaic, is é sin tá sí idir eatarthu idir na miotail agus na dúile neamh-mhiotalacha ar a lán dóigheanna. Tá allatróip éagsúla ag an arsanaic, cosúil leis an bhfosfar – is é sin, an arsanaic liath mhiotalach, an arsanaic bhuí, agus an arsanaic dhubh. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aici, agus is é an t-aon iseatóp arsanaice atá le fáil sa dúlra.

Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +5, mar is léir ón dá ocsaíd, mar atá, an trí-ocsaíd dé-arsanaice As2O3 (”an arsanaic bhán”) agus an peantocsaid dé-arsanaice As2O5. Comhdhúile nádúrtha arsanaice iad an tríshuilfíd dé-arsanaice As2S3 (an óirpimint) agus an teitreashuilfíd teatrarsanaice As4S4 (an rialgar). Tá dath dearg sa rialgar, agus dath órbhuí san óirpimint, agus mar sin d’úsáidtí sa dathadóireacht iad ar feadh i bhfad, go dtí gur chuir ábhair dhatha eile – cinn nach bhfuil arsanaic iontu – an ruaig orthu.

Nimh í an arsanaic, an dúil féin chomh maith leis na comhdhúile. Go bunúsach, is é is cúis le nimhiúlacht na harsanaice ná go bhfuil sí chomh cosúil leis an bhfosfar is gur féidir léi dul in áit an fhosfair i mbeothach an duine, ach san am chéanna chomh difriúil is nach féidir léi gnó an fhosfair a dhéanamh sna próisis bhithcheimeacha. Thar aon rud eile cuireann sí táirgíocht na trífhosfáite adanaisín ó mhaith. Is éard atá i gceist leis an trífhosfáit adanaisín ná comhdhúil a iompraíos fuinneamh sa cholainn – cineál ”airgeadra fuinnimh” sna teagmhálacha idir na cealla – agus mar is léir ón ainm tá trí adamh fosfair de dhíth le móilín trífhosfáite adanaisín a chur i dtoll le chéile.

Sna scéalta bleachtaireachta is minic a mharaítear daoine le harsanaic, ach déanta na fírinne ní bheadh sé praiticiúil ag aon dúnmharfóir arsanaic a úsáid ar na saolta seo, ós dúil cheimiceach ar leith í agus í so-aitheanta ag na saineolaithe.

Fadhb thromchúiseach é an truailliú arsanaice sa screamhuisce. Truailliú nádúrtha ón úir é go coitianta, is é sin, ní hí tionsclaíocht an duine is cúis leis. Tá an truailliú seo as pabhar dona in Iarthar na Stát Aontaithe, sa Bhanglaidéis, san Airgintín agus sa Mhongóil, mar shampla.

Asamat an uillinn a thugas treoshuíomh na réalta ar an gcompás. Céim stua (céim uillinne) an t-aonad a úsáidtear leis an asamat a thomhas, agus is é an tuaisceart an nialas.

Astaireacht réaltlach a thugtar ar ghrúpa suntasach réaltaí a gcoinnítear cuimhne ar leith air cé nach réaltbhuíon é. Astaireachtaí aithnidiúla iad an Camchéachta (Merak, Dubhe, Phecda/Phad, Megrez, Alioth, Mizar-Alcor, agus Alkaid), Triantán an tSamhraidh (Altair, Deneb, agus Vega), Triantán an Gheimhridh (Betelgeuse, Sirius, agus Procyon), an Muileata Mór (Croí Shéarlais, Spica, Denebola, agus Arcturus), Heicseagán an Gheimhridh (Pollux, Procyon, Capella, Aldebaran, Sirius, agus Rigel), agus Slat an BhodaighCrios Oiríon (Alnitak, Mintaka, agus Alnilam).

Is féidir a rá gur astaireacht agus réaltbhuíon araon í Cros an Deiscirt, nó fuair an réaltbhuíon a hainm ó astaireacht na gceithre réaltaí is gile inti.

Astaitín a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 85. At an tsiombail cheimiceach. Mar is léir ó ainm na dúile, a chiallaíos ”éagobhsaí”, is dúil an-radaighníomhach é a dtagann meath uirthi chomh sciobtha is nach féidir mórán a fháil amach faoina hairíonna ceimiceacha – tá an t-astaitín suite faoin iaidín i dtábla peiriadach na ndúl, rud a thugas le fios gur dócha go bhfuil sé cosúil leis an iaidín. Is í an chumraíocht leictreonach atá aici ná 1s22s22p63s23p63d104s24p64d105s25p64f145d106s26p5. Mar sin, tá seacht leictreon (dhá s-leictreon agus cúig p-leictreon) ar an sceall is faide amuigh, mar is dual do na halaiginí go léir. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an astaitín ná astaitín a 210 (nó 210At), atá tuairim is ocht n-uaire ar leathré. Is idirchéim nádúrtha é an t-astaitín i meathshlabhra radaighníomhach an úráiniam, ach is dócha nach bhfuil ach cúpla dosaen gram de ar fáil i screamh an Domhain ar fad – an-chorradamh anseo agus ansiúd go bunúsach.

Astaróidigh (uatha: astaróideach) a thugtar ar reanna neimhe atá ag fithisiú na Gréine, agus iad níos lú ná na pláinéid. Ní astaróidigh iad na cóiméid, áfach. Sa chiall is cúinge, is astaróidigh iad na cinn atá suite idir Mars agus Iúpatar, san áit a bhfuil crios na n-astaróideach, ach tá grúpaí eile astaróideach ann, cosúil leis na Traígh agus na Gréagaigh (na hastaróidigh a leanas Iúpatar nó a ghabhas roimhe), nó na hastaróidigh neas-Domhain (na cinn a thagas i gcóngar dár bpláinéad féin).

Athshondas a thugtar (i gcoimhthéacs na réalteolaíochta) ar an tionchar tráthrialta a imríos reanna neimhe ar a chéile lena n-imtharraingt, go háirithe más é is toradh don idirghníomhú seo ná go bhfuil a dtréimhsí imrothluithe i gcoibhneas simplí a chéile. Sampla den athshondas é go gcríochnaíonn Neiptiún trí imrothlú timpeall na Gréine san am chéanna a thógas sé ar Phlútón dhá imrothlú a chur de.

Taobh amuigh den réalteolaíocht, tugann lucht na fisice athshondas ar an dóigh a bhfuil dhá thonnchrith ag dul i bhfeidhm ar a chéile, agus tonnchrith nua á chruthú mar chomhthoradh.

Aurora borealis agus aurora australis a thugtar ar na gealáin a fheictear timpeall an dá phol agus an ghrianghaoth ag bualadh faoi mhaighnéadsféar an Domhain. Is cuid súl iad na gealáin seo go minic, agus iad ag cur na n-ildathanna díobh. Seasann aurora borealis do na gealáin a bhíos le feiceáil timpeall an phoil thuaidh – an chaor aduaidh – agus is ionann aurora australis agus an chaor aneas. Bíonn gealáin chosúla le feiceáil ar na pláinéid eile freisin. Saighneáin a thugtar ar na gealáin freisin.

Bairiam a thugtar ar dhúil cheimiceach a 56. Ba an tsiombail cheimiceach. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é an bairiam, cosúil leis an maignéisiam, an cailciam, agus an strointiam: tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh aige, agus ochtréad ar an dara ceann, agus mar sin is dual dó an dá leictreon sin a thabhairt ar iasacht uaidh, ionas go gcruthófar ian bairiam Ba2+. Is í an t-aon staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an mbairiam ina chuid comhdhúl ná +2. Miotal airgeadgheal é an bairiam, ach nuair a oibreos an t-aer air, ní bheidh an loinnir sin i bhfad ag imeacht: chomh haraiciseach is atá an bairiam chun imoibriúcháin, is dual dó dul i gcomhdhúil le hocsaigin an aeir agus brat liath ocsaíde a tharraingt. Is féidir an bairiam a aithint ar an dath uaine a chuireas sé leis an tine, agus úsáidtear comhdhúile bairiam sna roicéid tine ealaíne ar an gcúis seo. Nimh é an bairiam, nó oibríonn na hiain bhairiam ar na néaróga.

An Balla Díreach a thugtar ar an ngág nó an scairp is suntasaí ar an nGealach. Rupes Recta an t-ainm Laidine. Tá an Balla Díreach suite in aice le Muir na Scamall, agus é tuairim is céad ciliméadar ar fad.

An Balla Mór – Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:

  • Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.
  • Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfondúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar an ngnólacht úd General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú. Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.

Bá na mBoghanna Báistí Sinus Iridum a thugtar ar an ”mbá” in iarthuaisceart Mhuir na Báistí ar an nGealach.

Bandaí cianaigine: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil cianaigin ar fáil sa réalta. Comhdhúil charbóin agus nítrigine í an chianaigin, C2N2. Is iad an dá thonnfhad úd 389 agus 422 nanaiméadar na bandaí cianaigine is tábhachtaí. Tugtar CN-réaltaí ar na réaltaí le bandaí cianaigine.

Bandaí ocsaíde tíotáiniam: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil (aon)ocsaíd tíotáiniam, TiO, ar fáil sa réalta. I speictream na bhfathachréaltaí ”fuara” (K-aicme agus M-aicme) is tipiciúla a fheictear na bandaí ocsaíde tíotáiniam.

Bandaspeictream a thugtar ar speictream ina bhfeictear grúpaí tiubha (bandaí) de línte speictreacha.

Banda stoidiacach an banda solais ar an spéir a cheanglaíos an solas stoidiacach den fhrithloinnir. Ní bhíonn an banda stoidiacach le feiceáil ach faoi imthoscaí eisceachtúla, nuair a bhíos oíche an-dorcha agus spéir gheal ann.

An Bhanlámh – ceann de na hainmneacha atá ag na Gaeil ar Chrios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, is é sin an trí réalta úd Alnitak, Alnilam, agus Mintaka i réaltbhuíon an Bhodaigh.

Baralár a thugtar ar mheáchanlár nó lárphointe maise an chórais imtharraingthe (tagraíonn an réimír sin bara- don fhocal Gréigise a chiallaíos ”trom”). Nuair a deir muid go bhfuil satailít áirithe ag fithisiú pláinéad áirithe, mar shampla, is ráiteas cineál míchruinn é – b’fhearr a rá go bhfuil an pláinéad agus an tsatailít araon ag dul timpeall ar bharalár an chórais imtharraingthe arbh é an pláinéad an rinn is mó ann. Mar shampla, tá an Domhan agus an Ghealach ag fithisiú a gcomh-bharaláir, ach ar ndóigh tá an pointe sin suite taobh istigh den Domhan cé nach ionann é agus lárphointe an Domhain. Scéal eile é scéal Phlútóin agus a chuid satailítí, nó tá baralár an chórais sin suite taobh amuigh de Phlútón.

Barón an téarma a thagraíos do bhuncháithníní troma, go háirithe don phrótón agus don neodrón. Glactar leis go bhfuil gach barón comhdhéanta as trí chuarc éagsúla.

Bealach na Bó Finne an Láir Bhán Claí Mór na Réaltaí a thugtar ar an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin – sa chiall chúng is é Bealach na Bó Finne an crioslach bán a ritheas trasna na spéire áit a bhfuil na réaltaí chomh tiubh le chéile is nach dtig le súil an duine iad a aithint thar a chéile. Is ionann an crioslach sin go bunúsach agus diosca an réaltra mar a fheictear dúinn inár dtimpeall é, ó tá muid féin suite sa diosca sin. Is é Bealach na Bó Finne an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, nó is é réaltra Andraiméide an ceann is mó.

Réaltra bíseach barrach é Bealach na Bó Finne. Is iad géaga ár réaltra – nó na cinn is tábhachtaí acu – ná Géag Pheirséis, Géag Chóngarach an Trí Chileaparsoic, Géag Chianmhar an Trí Chileaparsoic, Géag na Rialach, an Ghéag Lasmuigh, an Nua-Ghéag Lasmuigh, Géag na Scéithe is an Cheinteáir, Géag na Cíle is an tSaighdeora, agus Géag an Bhodaigh is na hEala. Is féidir gur codanna d’aon ghéag amháin iad Géag Pheirséis agus an dá Ghéag Trí Chileaparsoic; ar an dóigh chéanna, is dócha nach bhfuil sa dá Ghéag Lasmuigh ach fairsingiú ar Ghéag na Rialach. Is í Géag an Bhodaigh is na hEala ár ngéag dhúchais féin.

An Béar Beag Ursa Minor a thugtar ar an réaltbhuíon arb í an Réalta Pholach an réalta is gile inti. Níl sí róchosúil le haon bhéar, ach tá sí cosúil leis an gCamchéachta, ós rud é go bhfuil ”bosca” ceithre réalta ann chomh maith le ”cos” trí réalta. Tá an Réalta Pholach, nó Alpha Ursae Minoris, suite i ndeireadh na ”coise”. Tá an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, Kochab nó Beta Ursae Minoris, ar cheann de réaltaí an ”bhosca”. Déréalta is ea an Réalta Pholach, agus is ollfhathachréalta bhuí í an phríomhréalta. Fathach é Kochab chomh maith, agus é ag dul in aois cheana: K-réalta atá ann, is é sin, réalta atá níos fuaire agus níos deirge ná an Ghrian s’againn.

An Béar Mór Ursa Major a thugtar ar an réaltbhuíon a bhfuil an Camchéachta (an tSeisreach) suite taobh istigh di. Is iad na réaltbhuíonta timpeall an Bhéir Mhóir ná na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Leon, an Leon Beag, an Portán, an Lincse, an Sioráf, an Dragan, agus an tAoire. Is iad réaltaí an Chamchéachta na cinn is gile agus is feiceálaí sa Bhéar Mhór: Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris), Mizar (Zeta Ursae Majoris), Alioth (Epsilon Ursae Majoris), Megrez (Kaffa, Delta Ursae Majoris), Phekda (Phecda, Phad, Gamma Ursae Majoris), Merak (Beta Ursae Majoris), agus Dubhe (Ak, Alpha Ursae Majoris). Tá roinnt réaltraí le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Bearna Cassini a thugtar ar an mbearna idir A-fháinne agus B-fháinne Shatarn. Fuair sí a hainm ón réalteolaí Francach-Iodálach Giovanni Domenico (nó Jean Dominique) Cassini, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1675.

Bearna Encke – is bearna í taobh istigh d’A-fháinne Shatarn. Fuair an bhearna seo a hainm ón réalteolaí Gearmánach Johann Encke. Tá Pan, ceann de ghealaí beaga Shatarn, ag fithisiú an phláinéid sa bhearna seo.

Bearna Hertzsprung – is éard atá i gceist léi ná réigiún i léaráid Hertzsprung-Russell nach bhfuil ach dornán beag réaltaí le fáil ann. Tá an bhearna seo suite os cionn an phríomhsheichimh, ón A-aicme go dtí an F-aicme. Fuair an bhearna a hainm ón réalteolaí Danmhargach Ejnar Hertzsprung, duine acu siúd a bhfuil an léaráid féin ainmnithe astu. Ní fhanann ach beagán réaltaí sa bhearna seo ar feadh i bhfad, agus is dual do na cinn eile í a fhágáil ina ndiaidh i rith a bhforbartha. Faoi láthair, tá Capella Aa – an comhbhall is mó d’ilréalta Capella – suite i mbearna Hertzsprung.

Bearnaí Kirkwood – Sa bhliain 1866 d’aithin an réalteolaí Meiriceánach Daniel Kirkwood bearnaí áirithe i scaipeachán na n-astaróideach sa Ghrianchóras. Go bunúsach ní cheadaítear do na hastaróidigh bheith in athshondas le hIúpatar, is é sin cúrsa amháin timpeall na Gréine a thabhairt in am a bheadh i gcoibhneas simplí an ama a thógas sé ar Iúpatar imrothlú amháin a chur de, agus is iad bearnaí Kirkwood is toradh don chosc seo.

Beirilliam – Is é an beirilliam dúil cheimiceach uimhir a ceathair, agus é ar an gceann is éadroime de na miotail chré-alcaileacha. Is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ná Be, agus is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s2.

Tá an beirilliam 9.012 aonad ar mheáchan adamhach, agus is é beirilliam a naoi, nó 9Be, an t-aon iseatóp cobhsaí amháin. Tá beirilliam a deich, nó 10Be, réasúnta fadsaolach, agus é breis is milliún bliain ar leathré. Cruthaítear beirilliam a deich san atmaisféar de thoradh an phróisis ar a dtugtar spallúchán nó spallú: is iad na gathanna cosmacha is cúis leis an bpróiseas seo. An beirilliam radaighníomhach a ghintear ar an dóigh seo carntar in uachtar na hithreach é, agus is féidir leis na geolaithe tátail a bhaint i dtaobh ghníomhaíocht na Gréine as athruithe an chineál áirithe seo radaighníomhaíochta i gcisil na hithreach: go bunúsach, nuair a bhíos an ghrianghaoth láidir, bíonn an radaíocht chosmach lag, agus nuair a bhíos an radaíocht chosmach lag, ní tháirgtear mórán den iseatóp seo san atmaisféar.

Miotal liath sobhriste é an beirilliam le teocht an tseomra. Má thagann sé i dteagmháil leis an aer, fágfar brat ocsaigine air. Is féidir beirilliam a chur trí thine fosta, agus ar ndóigh is í an ocsaíd chéanna, BeO, is toradh don imoibriú seo.

Siúd is gur miotal atá ann, mar bheirilliam, ní bhíonn sé chomh haraiciseach chun iain a dhéanamh agus a shamhlófá le miotal cré-alcaileach – le fírinne tá sé níos cosúla leis an alúmanam ó thaobh na ceimice de, agus é ag ceangal naisc chomhfhiúsacha lena lán dúl. Is í an bheiril – sileacáit an bheirilliam agus an alúmanaim Be3Al2(SiO3)6 – an mianra is tábhachtaí beirilliam, agus aithne ag an gcine daonna uirthi ó thús na staire. Is féidir beirilliam a dhéanamh as beiril, ach baintear úsáid na seoide aisti chomh maith. Níl dath ar bith sa ghlanbheiril, ach is minic a fhágas truailleáin éagsúla dath éigin ann. Tugtar smaragaid ar an mbeiril uaine, agus is éard atá i gceist leis an gcloch mhuirghorm ná beiril ghorm. Tá an bheiril órga buí, agus is é an héileadór an leagan buí-uaine.

Is mór an t-éacht miotalóireachta é beirilliam a aonrú mar dhúil, agus níor éirigh an t-éacht sin le haon duine roimh an naoú haois déag. Bhí an ceimiceoir clúiteach Gearmánach Friedrich Wöhler ar an gcéad duine, thiar sa bhliain 1827, a d’aonraigh beirilliam. Eisean a bhaist an dúil fosta, ach ina dhiaidh sin thug ceimiceoirí eile taitneamh don ainm glúiciniam, atá bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”milis”, ó tá blas milis sna salainn bheirilliam. Níl sé ciallmhar bheith ag baint an iomarca suilt as an mblas sin áfach, ós rud é gur nimh atá sa bheirilliam. Tá an beirilliam cosúil leis an maignéisiam ó thaobh na ceimice de, ach ar ndóigh níl sé in ann gnó an mhaignéisiam a dhéanamh in orgánach an duine. Mar sin, tá dochar sna comhdhúile beirilliam; thairis sin tá an miotal glan féin dainséarach go leor má análaítear isteach mar dhusta é, spreagann sé ailléirge agus ailse scamhóg.

Is iomaí úsáid a bhaintear as beirilliam sa teicneolaíocht. Ligeann an miotal seo an chuid is mó de na x-ghathanna tríd, agus mar sin, úsáidtear é i bhfuinneoga radaíochta na bhfeadán x-ghathach. Ní athraíonn toirt an bheirilliam mórán leis an teocht – ní fhorbraíonn an beirilliam mórán, mar a déarfá – agus mar sin is minic a úsáidtear páirteanna beaga beirilliam sa spásteicneolaíocht, mar shampla.

Bellatrix Gamma Orionis a thugtar ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta í, is é sin réalta the bhánghorm, agus í suite dhá chéad go leith de sholasbhlianta uainn. Tá sí ocht n-oiread chomh téagartha (ó thaobh na maise de) leis an nGrian, agus naoi míle is dhá chéad oiread níos lonrúla. Bhaintí úsáid aisti mar thomhas caighdeánach ar ghile agus ar speictream na réaltaí eile tráth, ach d’éirigh lucht na ceirde as sin le fada, ós rud é gur réalta réasúnta athraitheach í.

BetelgeuseAlpha Orionis an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh (is ea, an dara ceann is gile acu, cé gurb é Alpha Orionis ainm na réalta de réir ainmníocht Bayer). Tá Betelgeuse ar réaltaí móra na spéire: ollfhathach dearg den M-aicme atá ann, agus é suite faoi shé chéad go leith de sholasbhlianta dínn, ach bíonn na réalteolaithe an-easaontach faoi chomh fada ar shiúl is atá an réalta seo dáiríre, agus na meastacháin an-difriúil le chéile. Tá sé timpeall ar dhá oiread déag chomh trom leis an nGrian, agus céad míle oiread níos lonrúla – is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go bhfuil sé athraitheach go leor ó thaobh an lonrachais de. Táthar ag déanamh go bhfuil sé i ndán do Bhetelgeuse pléasc ollnóva a dhéanamh sa deireadh.

Na Bílidí – malairt ainm ar an dreigechith ar a dtugtar na hAndraiméididí. Is éard atá i gceist leis an dreigechith seo ná iarsmaí an chóiméid úd Biela, ar stróic imtharraingt Iúpatair as a chéile é thiar sa bhliain 1842. Fuair an cóiméad a ainm ón réalteolaí Gearmánach Wilhelm von Biela a d’aithin gur cóiméad tréimhseach a bhí ann. Cuid súl a bhí sna Bílídí faoi dheireadh na naoú haoise déag, ach is ar éigean a d’aithneofá inniu iad gan dul i dtuilleamaí teileascóip nó gléasra cianradhairc eile.

Biosmat a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is ceithre scór sa Tábla Peiriadach. Bi an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Miotal geal sobhriste é an biosmat ach éireoidh sé pinc oibríonn ocsaigin an aeir air. Níl ach aon iseatóp amháin ar fáil i mbiosmat nádúrtha, mar atá, biosmat a 209. Iseatóp radaighníomhach é an ceann sin féin, nó tagann alfa-mheath air, ach tá leathré an iseatóip sin chomh fada (níos faide ná aois mheasúnaithe na hollchruinne) is nach bhfuil cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Le fírinne níl an biosmat leath chomh dainséarach ná díobhálach leis na trom-mhiotail eile, an luaidhe ach go háirithe.

Tá biosmat ar fáil mar mhiotal sa dúlra, ach is iad an bhiosmaitinít agus an bhismít na mianta is tábhachtaí. Suilfíd bhiosmait (Bi2S3) í an bhiosmaitinít, agus ocsaíd (Bi2O3) í an bhismít.

Baintear úsáid as biosmat agus as comhdhúile biosmait sa tionsclaíocht, ach ní féidir a rá go mbeadh an-ráchairt air. Dealraíonn sé áfach go bhfuil biosmat le dul in áit na luaidhe ina lán feidhmeanna, ó táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe scun scan chomh nimhiúil is atá sí. Ní féidir a rá nach mbeadh nimhiúlacht éigin ag baint leis an mbiosmat féin ach níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach leis an luaidhe.

Bís a thugtar ar réaltraí agus réaltnéalta ar déanamh bíse. Réaltra bíseach é Bealach na Bó Finne féin, ach mar a fuair na réalteolaithe amach le déanaí is bís bharrach é dháiríre. Réaltraí bíseacha eile iad Réaltra Andraiméide agus Réaltra an Triantáin.

Bís bharrach a thugtar ar réaltra a bhfuil barra thart ar a lárphointe, agus géaga bíseacha an réaltra ag teacht as an mbarra.

Bladhm a thugtar ar bhrúchtadh tobann a aithnítear mar laom láidir gile in aice le dromchla na réalta. Tugtar bladhmréaltaí ar réaltaí ar féidir bladhmanna tobanna a aithint orthu gan choinne. Abhaic dhearga iad an chuid is mó de na bladhmréaltaí.

Bíonn bladhmanna le haithint ar an nGrian s’againn freisin, ó am go ham – grianbhladhmanna mar a thugtar orthu. Bíonn siad an-éagsúil ó thaobh an fhuinnimh de, agus is minic a scaoiltear saor damhna as coróin na Gréine de thoradh bladhma (rud ar a dtugtar mais-eisteilgean corónach).

Bliain a thugtar ar imrothlú an Domhain timpeall na Gréine. Is féidir an coincheap a thuiscint is a shainmhíniú ar go leor bealaí éagsúla, áfach.

Nuair a bhímid ag trácht ar an mbliain sa ghnáthchaint, is í an bhliain ghréine, nó an bhliain thrópaiceach, a bhíos i gceist againn. Is ionann sin agus timthriall na Gréine ar an éiclipteach, mar a fheictear dúinn. Tá cineálacha eile bliana ann, áfach.

Is í an réaltbhliain an tomhas is fearr ar imrothlú an Domhain. Ar ghluaiseacht bhliantúil na réaltaí a aithnítear í (is ionann anseo ”na réaltaí” agus an sféar neamhaí, is é sin cúlra dobhogtha na réaltaí cianmhara a bhfuil a ndualghluaisne chomh beag is gur féidir neamhshuim a dhéanamh di). Tá an réaltbhliain tuairim is fiche nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach. Is é an feiniméan ar a dtugtar luainíocht na haise is cúis leis an difríocht seo.

Bliain aimhrialta a thugtar ar an am a chaitheas an Domhan ag dul ó pheirihéilean go peirihéilean (is é an peirihéilean garphointe an Domhain don Ghrian, is é sin an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an Domhain).

Bliain Iúlach a thugtar ar mheánfhad na bliana de réir fhéilire Iúil. San fhéilire sin tá an ghnáthbhliain 365 lá ar fad, agus an bhliain bhisigh lá amháin níos faide, agus bliain amháin as gach ceithre cinn is bliain bhisigh í. Mar sin, tá an bhliain 365.25 lá ar fad, go beacht, de réir an fhéilire seo. Úsáidtear an bhliain Iúlach seo sa réalteolaíocht i gcónaí. Mar shampla is í is bunús leis an tsolasbhliain – an fad a chuireas an solas de in aghaidh na bliana Iúlaí. Seanghnás is mó is cúis leis seo.

Is í an bhliain Ghréagórach meánfhad na bliana de réir fhéilire Ghréagóra, arb é an féilire a úsáidimid i láthair na huaire. Blianta bisigh iad 97 mbliana as gach 400 ceann san fhéilire sin, agus mar sin is ionann an bhliain Ghréagórach agus 365.2425 lá.

Is ionann aon bhliain ghealaí amháin agus dhá mhí déag den chineál shionadach – is é sin míonna de réir chéimeanna na Gealaí. Tá an bhliain ghealaí tuairim is aon lá déag níos giorra ná an bhliain Ghréagórach. Tá an féilire Ioslamach agus an féilire Giúdach bunaithe ar an mbliain ghealaí.

Bliain bhisigh a thugtar ar bhliain féilire atá 366 lá ar fad. I bhféilire Iúil, is bliain bhisigh í gach bliain atá inroinnte ar a ceathair. I bhféilire Ghréagóra, má tá an bhliain inroinnte ar chéad, ní bliain bhisigh í mura bhfuil sí inroinnte ar cheithre chéad freisin. Mar sin, ní blianta bisigh iad na blianta úd 1900 ná 2100, ach is bliain bhisigh í an bhliain úd 2000, de réir fhéilire Ghréagóra.

An Bodach an t-ainm Gaeilge ar Oiríon nó Orion, ar ceann de na réaltbhuíonta is aithnidiúla amuigh é. Tá an Bodach le feiceáil go soiléir ó Éirinn, agus is cinnte go n-aithníonn gach duine de mhuintir an oileáin é, iad siúd san áireamh nach bhfuil a fhios acu a ainm. Le fírinne tá an Bodach suite in aice le meánchiorcal an sféir neamhaí, rud a chiallaíos go bhfuil aithne ag an gcuid is mó de mhuintir ár bpláinéid air, agus chomh feiceálach is atá sé, bíonn páirt éigin aige i miotaseolaíochtaí ar fud an uile Dhomhain. Tá an Bodach dingthe idir an Madra Mór, an Abhainn, an tAonbheannach, an Cúpla, an tAra, an Tarbh agus an Giorria, agus is iomaí réalta gheal atá suite sa réaltbhuíon áirithe seo: Betelgeuse, Bellatrix, Rigel, Saiph agus an triúr ar a dtugtar Crios Oiríon, Slat an Bhodaigh, Slat an Cheannaí, Slat an Rí, an Bhanlámh, nó an Fhearsaid, mar atá, Alnilam, Alnitak agus Mintaka.

Ollfhathach dearg atá in Betelgeuse; fathachréaltaí gorma nó bánghorma iad Rigel, Saiph, Bellatrix agus réaltaí Shlat an Bhodaigh.

Bóilíd a thugtar ar chaor thine thuas sa spéir, go háirithe ar dhreige mhór agus í ag pléascadh san atmaisféar.

Boilsciú a thugtar, i gcúrsaí réalteolaíochta nó cosmeolaíochta, ar an dóigh a ndeachaigh an Ollchruinne i bhfairsinge go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, i rith na tréimhse boilscithe (10-36 go 10-32 soicind i ndiaidh na hOllphléisce).

Bólaiméadar a thugtar ar ghléas ar féidir leat gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach a thomhas leis, idir sholas, radaíocht ultravialait, radaíocht infridhearg, radaíocht ianaitheach, x-ghathanna agus eile. Ón taobh eile de ní féidir leis an mbólaiméadar go bunúsach ach iomlán an fhuinnimh i bhfoirm radaíochta a aithint – is é sin, ní aithníonn sé na cineálacha éagsúla radaíochta thar a chéile. Go bunúsach is brathadóir teirmeach (teasbhunaithe) é an bólaiméadar – is é sin tá eilimint ann agus í ag dul i dteocht le gach candam radaíochta a bhuaileas í, agus is ar an téamh seo (nó ar an sruth leictreach is toradh don téamh) a aithnítear fuinneamh na radaíochta.

Tagraíonn na focail bólaiméadracht agus bólaiméadrach do bhreathnuithe réalteolaíocha atá bunaithe ar gach cineál radaíochta in éineacht – le hiad a dhealú, abair, ó amharcbhreathnuithe (nach gcuireann san áireamh ach an solas infheicthe). Mar shampla, aithnítear méid bhólaiméadrach na réalta thar a hamharcmhéid: is ionann an mhéid bhólaiméadrach agus méid (nó gile) na réalta mar a fheictear dúinn í de réir na gcineálacha éagsúla radaíochta in éineacht, agus is ionann an amharcmhéid agus chomh mór nó geal a fhaighimid an réalta de réir is mar atá sí ag tabhairt solais infheicthe uaithi.

Bolcán a thugadh na réalteolaithe fadó ar an bpláinéad a cheap siad a bheith ag fithisiú na Gréine níos gaire ná Mearcair. Ba é an réalteolaí Francach Urbain Le Verrier a bhaist Bolcán, thiar sna 1840idí. Ba é ba chúis leis an hipitéis faoi Bholcán ná go bhfuil peirihéilean Mhearcair (is é sin, garphointe Mhearcair don Ghrian, an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an phláinéid) ag bogadh traidhfilín níos gasta ná mar ba chóir, de réir na fisice clasaicí, agus ba é tuairim Le Verrier agus lucht a chomhaimsire go míneodh imtharraingt Bholcáin an difríocht seo. Ba í teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein a chuir deireadh leis an tuairimíocht faoi Bholcán, nó tá an aimhrialtacht sin i luainíocht pheirihéilean Mhearcair inmhínithe ar fad de réir na teoirice sin.

Bonner Durchmusterung (tabhair faoi deara nach bhfuil …Dürchmusterung ceart ar aon nós, nó níl umlabht ar bith sa réimír úd durch-) nó BD a thugtar ar an tsuirbhéireacht chórasach a rinne Réadlann Ollscoil Bhonn in Iarthar na Gearmáine ar an spéir i rith an dara leath den naoú haois déag. Inniu féin tá tábhacht nach beag ag roinnt leis an réaltchatalóg ba thoradh don obair fhadaraíonach seo, nó luaitear breis is trí chéad míle de réaltaí ansin. Ba é an réalteolaí Gearmánach de phór na Fionlainne Friedrich Wilhelm Argelander (1799-1875) a chuir tús leis an Durchmusterung agus a bhí i gceannas ar an obair go lá a bháis.

Bórón a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a cúig, agus is é B an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p1, is é sin, tá trí leictreon ar an dara leibhéal fuinnimh. Mar sin, ní féidir leis an mbórón an t-ochtréad iomlán a bhaint amach ar an leictreonsceall is faide amuigh. Ina dhiaidh sin féin, is miotalóideach é.

Tá dhá iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an mbórón, mar atá, 10B agus 11B (bórón a deich agus bórón a haon déag). Go bunúsach, tá an dara ceann acu ceithre oiread chomh coitianta sa dúlra leis an gcéad cheann, ach bíonn an coibhneas seo ag luainiú go mór, agus mar sin is deacair meáchan adamhach an bhóróin a áireamh go cruinn. Tá an meáchan sin socraithe go hoifigiúil ar 10.81. Na raidiseatóip atá ag an mbórón, tiocfaidh meath radaighníomhach orthu go tapa: níl an ceann is fadsaolaí féin acu oiread is aon soicind amháin ar leath.

Tá allatróip éagsúla ag an mbórón: bórón dímhorfach agus cineálacha éagsúla de bhórón chriostalda (dhá chineál de bhórón rombaihéidreach chomh maith le bórón ortarombach agus bórón teitreagánach). Tá na hallatróip go léir timpeall ar 2.3 go 2.5 g/cm3 ar tiús; is é an bórón rombaihéidreach den alpha-chineál an t-allatróp is troime.

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an mbórón sna dúile ceimiceacha ná +3. Comhdhúile coitianta de chuid an bhóróin iad an t-aigéad bórach, an ocsaíd bhóróin (an trí-ocsaíd débhóróin), an nítríd bhóróin, agus an bórás.

Is í an fhoirmle atá ag an aigéad bórach ná H3BO3. Tá trí hiodrocsalghrúpa (OH) timpeall ar an adamh bóróin sa mhóilín, agus dá réir sin thig linn an fhoirmle a scríobh mar B(OH)3 chomh maith. Substaint sholadach é an t-airgéad bórach, ach tá sé sothuaslagtha san uisce, agus ar ndóigh, is aigéad sách lag é. Tá sé ar fáil sa dúlra mar mhianra: sasóilít a thugtar ar an aigéad bórach nádúrtha.

Is iomaí sainúsáid a bhaintear as an aigéad bórach sa tionsclaíocht. Maraíonn sé baictéir chomh maith, agus is féidir an fhluairíd hidrigine a thabhairt chun neodrachta leis an aigéad bórach, nó ceapfar na hiain fhluairíde i gcomhdhúile casta san imoibriú.

Maidir leis an ocsaíd bhóróin, substaint dhímhorfach í de ghnáth, ach is féidir í a iompú ina criostail leis an modh oibre ar a dtugtar ainéaladh. Úsáidtear an ocsaíd i ndéantús cineálacha áirithe gloine, mar shampla.

Comhdhúil shuimiúil í an nítríd bhóróin. Tá adamh amháin bóróin sa nítríd bhóróin in aghaidh gach adamh nítrigíne, agus mar sin is í an fhoirmle cheimiceach atá aici ná BN. Is eol do chách, beagnach, go bhfuil dhá allatróp ag an gcarbón: an diamant agus an ghraifít. Thairis sin tá allatróp is annaimhe ná iad siúd ann, cosúil leis an lonsdaeilít, nó an ”diamant heicseagánach”. Anois, tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil cúig leictreon ar an leictreonsceall is fada amuigh ag an nítrigín, agus trí leictreon ag an mbórón – agus ceithre cinn ag an gcarbón. Mar sin, má tá na hadaimh bóróin agus charbóin scaipthe go cothrom ar fud an chriostail, is ionann a struchtúr agus struchtúr an charbóin – d’fhéadfá a rá go bhfuil siad ag déanamh aithrise ar an gcarbón. Dá réir sin, tá fáil ar fhoirmeacha éagsúla den nítríd bhóróin: ceann a bhfuil struchtúr criostalda an diamaint aige, ceann a bhfuil struchtúr criostalda na graifíte aige, agus ceann a bhfuil struchtúr criostalda na lonsdaeilíte aige.

An bórás arís, is éard atá ann ná teitreabóráit déshóidiam. Bóráití a thugtar ar shalainn an aigéid bhóraigh, ach má pholaiméirítear ceithre mhóilín den aigéad seo, gheofar aigéad teitreabórach nó aigéad pireabórach H2B4O7. Is é an bórás salann sóidiam an aigéid seo, Na2B4O7. De ghnáth bíonn deich móilín uisce i struchtúr criostalda an bhóráis in aon aonad foirmle amháin, agus mar sin, is féidir deiceahiodráit na teitreabóráite (pireabóráite) sóidiam a thabhairt ar an mbórás. Tá an bórás ar fáil go nádúrtha sa dúlra agus is iomaí úsáid a bhaintear as. Amhábhar is ea an bórás do na comhdhúile bóróin a bhíos ag teastáil sa tionsclaíocht.

Grúpa suimiúil comhdhúl iad na bóráin, is é sin, hidrídí an bhóróin, comhdhúile an bhóróin agus na hidrigine. Shílfeá nach mbeadh ach aon chomhdhúil amháin den chineál seo ann, is é sin an tríhidríd bhóróin nó BH3. Ní mar a shíltear a bhítear áfach, nó tá an bórán simplí seo éagobhsaí, agus is dual dó démhéiriú a dhéanamh, is é sin rachaidh dhá mhóilín tríhidríde le chéile le séhidríd débhóróin B2H6 a dhéanamh. De réir na tuisceana traidisiúnta ar na naisc cheimiceacha idir na hadaimh, ní raibh an bórón in ann ach trí nasc a cheangal, agus ní raibh ach aon nasc amháin ag an hidrigin. Mar sin, fuair na ceimiceoirí an-deacair struchtúr na séhidríde sin a mhíniú, agus b’éigean dóibh teoiricí nua a cheapadh dá réir. Tá a lán hidrídí bóróin eile ann a bhfuil struchtúr neamhghnách acu ó thaobh na nasc de.

Tá na bóráin araiciseach chun imoibriúcháin, agus nimh iontu don duine dá réir. Bhí suim ag na hinnealtóirí aer- agus spástaistil iontu tráth den tsaol mar bhreosla, ach ní dhearnadh forbairt cheart ar na scéimeanna sin riamh.

An Bosca Seod a thugtar ar NCG 4755 nó réaltbhraisle Kappa Crucis, is é sin an réaltbhraisle oscailte atá le feiceáil i réaltbhuíon Chros an Deiscirt, timpeall ar an réalta úd Kappa Crucis, agus í ar na réaltaí is gile sa bhraisle. Ollfhathachréalta ghorm B-aicme í Kappa Crucis. Ba é an réalteolaí Francach Nicolas-Louis de Lacaille a chuir an chéad sonrú sa bhraisle seo thiar i dtús na 1750idí, ach ba é John Herschel a d’ainmnigh í.

Bósón a thugtar ar bhuncháithnín nach fearmón é. Bósóin iad na fótóin, mar shampla. Is féidir leis na bósóin an áit chéanna sa spás a ghlacadh, agus mar sin, is dual dóibh fuinneamh a iompar. Dá réir sin is leis an radaíocht is mó a shamhlaítear na bósóin, agus is leis an damhna a shamhlaítear na fearmóin.

Is iad na bósóin is tábhachtaí ná:

  • an fótón
  • na glúóin éagsúla a choinníos na cuarcanna le chéile
  • na bósóin laga (W+, W, Z)
  • bósón Higgs

Níor éirigh leis na heolaithe an graibheatón – an buncháithnín arb é iompóir na himtharraingthe é – a aithint go fóill, is é sin níl ann ach coincheap teoiriciúil, ach is éard a thugas a lán teoiricí candambhunaithe faoi nádúr na himtharraingthe le fios gur bósón é an graibheatón chomh maith.

Tá bósóin ilchodacha ann chomh maith, is é sin, cáithníní atá comhdhéanta as cáithníní eile agus a bhfuil saintréithe na mbósón acu. Samplaí de seo is ea na measóin, núicléas an ghnáth-héiliam (héiliam a ceathair), núicléas an ghnáth-charbóin (carbón a dó déag), agus an deoitéarón (núicléas na tromhidrigine).

Fuair na bósóin a n-ainm ón bhfisiceoir Indiach Satyendra Nath Bose.

Braisle is féidir a thabhairt ar bhraisle réaltaí (réaltbhraisle) nó ar bhraisle réaltraí.

  • Is éard atá i gceist le braisle réaltaí réaltbhraisle ná grúpa réaltaí taobh istigh den réaltra agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Aithnítear dhá phríomhchineál réaltbhraislí: an bhraisle oscailte agus an bhraisle chruinneogach. Réaltaí óga iad na cinn sa bhraisle oscailte, agus ní bhíonn ach cúpla céad réalta i mbraisle thipiciúil den chineál seo; na braislí cruinneogacha áfach bíonn siad i bhfad níos sine, agus i bhfad níos saibhre i réaltaí. Grúpa gluaisteach réaltghaolmhaireacht a thugtar ar réaltbhraisle scaoilte nach féidir a aithint ach ar ghluaiseacht na réaltaí: ní fheictear mar bhraisle dhlúth iad, ach ós rud é go bhfuil siad ag gluaiseacht in aon treo agus ar aon luas, is léir gur réaltbhraisle a bhí iontu ó thús. D’fhéadfá a rá go bhfuil siad ”gaolmhar” le chéile ar dhóigh ar leith, agus sin é an tuige go dtugtar ”réaltghaolmhaireacht” orthu, nó ar an mbaint atá acu le chéile.
  • Braisle réaltraí a thugtar ar ghrúpa réaltraí agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Samplaí iad Braisle Virgo, atá le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine, agus Braisle Bheirnicé i réaltbhuíon Fholt Bheirnicé.

An Bhrasaíl – An tír is mó i Meiriceá Theas, an tír is mó ina labhraítear Portaingéilis mar phríomhtheanga, agus an tír is mó a gcuirfeadh réalteolaí amaitéarach suim ina bratach náisiúnta. Taispeánann bratach na Brasaíle an spéir os cionn Rio de Janeiro ag a leathuair tar éis a hocht ar maidin ar an cúigiú lá déag de Mhí na Samhna sa bhliain 1889, nuair a gaireadh poblacht den tír. Seasann na réaltaí éagsúla do stáit éagsúla an stáit fheidearálaigh, mar seo:

Is í Spica, nó Alpha Virginis, an t-aon réalta amháin a fheictear os cionn an chreasa bháin a ritheas trasna an sféir neamhaí i lár na brataí. (Is iad na focail Phortaingéilise Orden e progresso, is é sin, ”Ordú agus forás”, nó b’fhéidir ”Síocháin sa tsochaí agus dul chun cinn”, atá le léamh ar an gcrios sin.) Tá na réaltaí eile go léir suite taobh thíos den chrios. Siombalaíonn Spica stát Pará i dtuaisceart na tíre. Is í Belém príomhchathair an stáit.

Ar chlé taobh thíos den chrios a fheictear Procyon, nó Alpha Canis Minoris. Seasann an réalta seo do stát Amazonas atá suite in iarthuaisceart na tíre, agus é ar an stát is mó sa Bhrasaíl. Manaus an phríomhchathair.

Síos ar dheis ó Procyon a fheictear cúig réalta an Mhadra Mhóir, mar atá, Sirius (Alpha Canis Majoris), Mirzam (Beta Canis Majoris), Muliphen (Gamma Canis Majoris), Wezen (Delta Canis Majoris), agus Adhara (Epsilon Canis Majoris).

  • Seasann Sirius do Mato Grosso, an tríú stát is mó sa tír, agus é suite in Iarthar na Brasaíle.
  • Seasann Mirzam d’Amapá, stát beag i dtuaisceart na tíre. Ní dhearnadh stát d’Amapá ach i ndeireadh na n-ochtóidí, nó ní raibh ann roimhe sin ach ”críoch”, agus ní bhfuair sé a réalta i mbratach na tíre ach i dtús na nóchaidí.
  • Seasann Muliphen do Rondônia in iarthar na tíre, in aice leis an mBolaiv.
  • Seasann Wezen do Roraima i dtuaisceart na tíre.
  • Seasann Adhara do Tocantins, stát beag nár dealaíodh ó stát Goiás ach sa bhliain 1988.

In aice le réaltaí an Mhadra Mhóir a fheictear Canopus (Alpha Carinae), mar shiombal do Goiás in Iarthar Lár na Brasaíle.

Ar dheis ón Madra Mór atá Cros an Deiscirt, cúig réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Crucis (nó Acrux, réalta ar a dtugann lucht labhartha na Portaingéilise Estrela de Magalhães nó Réalta Magellan freisin) do São Paulo i ndeisceart na tíre.
  • Seasann Beta Crucis (Becrux nó Mimosa) do Rio de Janeiro.
  • Seasann Gamma Crucis (Gacrux, nó Rubídea – an réalta ar dhath an rúibín – mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi) do Bahia in oirthear na tíre.
  • Seasann Delta Crucis (Pálida a thugtar ar an réalta seo as Portaingéilis) do Minas Gerais, stát atá suite in oirthear na tíre, agus é scartha ó chósta an Atlantaigh ag stiall chúng talún – is éard atá sa stiall sin ná an dá stát úd Rio de Janeiro agus Espírito Santo.
  • Seasann Epsilon Crucis do stát Espírito Santo. Giota beag cósta atá ann mar stát, agus é suite idir Rio de Janeiro, Bahia, agus Minas Gerais. Is í Vitória an phríomhchathair, ach tá Vila Velha (”an tseanchathair” is ciall don ainm Portaingéilise seo) níos mó ná Vitória ar na saolta seo.

Tá réalta pholach an Deiscirt, Sigma Octantis, nó Polaris Australis, le feiceáil thíos ina haonar. Ar ndóigh seasann an réalta seo do Distrito Federal – ceantar a gearradh ó stát Rio de Janeiro le haghaidh phríomhchathair nua na Brasaíle, Brasília, sa bhliain 1960.

Ar dheis ó Sigma Octantis a fheictear Triantán an Deiscirt, trí réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Trianguli Australis do Rio Grande do Sul i ndeisceart na tíre, in aice le hUragua. (”Abhainn Mhór an Deiscirt” is ciall d’ainm an stáit.)
  • Seasann Beta Trianguli Australis do Santa Catarina, stát beag i ndeisceart na tíre in aice le Rio Grande do Sul. Is í Florianópolis príomhchathair an stáit, ach is í Joinville an chathair is mó. D’fhág an lucht inimirce ón nGearmáin agus ón Ostair blas láidir a ndúchais ar chultúr an stáit.
  • Seasann Gamma Trianguli Australis do Paraná, stát eile i ndeisceart na tíre. Curitiba atá ar phríomhchathair an stáit seo.

Is í an Scairp an réaltbhuíon is faide ar dheis ar bhratach na Brasaíle, ocht réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Scorpii, nó Antares, do Piauí in Oirthuaisceart na Brasaíle. Is í Teresina an phríomhchathair. Tá a lán iarsmaí tábhachtacha seandálaíochta ó ré na sibhialtachtaí bundúchasacha le feiceáil i stát Piauí, go háirithe i bPáirc Náisiúnta Serra da Capivara.
  • Seasann Beta Scorpii (Graffias, Acrab) do Maranhão in Oirthuaisceart na Brasaíle. São Luis atá ar an bpríomhchathair.
  • An chéad réalta eile de chuid na Scairpe a fheictear ar an mbratach, is í Epsilon Scorpii í, agus í ag seasamh do stát Ceará. Tá an stát seo suite san Oirthuaisceart chomh maith, agus is í Fortaleza an phríomhchathair.
  • Seasann Theta Scorpii (nó Sargas) d’Alagoas, stát beag in oirthear na tíre. Is í Maceio príomhchathair an stáit.
  • Siombalaíonn Iota Scorpii stát Sergipe, stát beag eile in oirthear na tíre – le fírinne is é an stát is lú sa Bhrasaíl ar fad. Aracaju an phríomhchathair.
  • Is í Kappa Scorpii, nó Girtab, is siombail do stát Paraíba. Is í João Pessoa an phríomhchathair. Stát beag eile in oirthear na tíre atá ann, ach tá Paraíba ar na stáit is tibhe daonra sa Bhrasaíl.
  • Aisteach go leor tá Lambda Scorpii ar réaltaí geala na Scairpe, ar an dara réalta is gile b’fhéidir, cé gurb é ”lambda” an litir Ghréagach a thagraíos di i gcóras ainmníochta Bayer. Ainm eile ar an réalta é Shaula. Seasann sí do Rio Grande do Norte (”Abhainn Mhór an Tuaiscirt”), agus is í Natal príomhchathair an stáit. Deirtear go bhfuil Rio Grande do Norte ar na réigiúin is glaine aer i Meiriceá Theas ar fad. Stát beag eile in oirthear na tíre cois farraige é Rio Grande do Norte.
  • Mu Scorpii an ceann deireanach de réaltaí na Scairpe a shiombalaíos stát i mbratach na Brasaíle. Is é Pernambuco an stát sin, agus is í Recife an phríomhchathair. Ba iad na hOllannaigh ba thúisce a tháinig i seilbh an cheantair, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an gcultúr agus ar an tithíocht i bPernambuco.

Feictear dhá réalta de chuid na Péiste Uisce taobh thíos den chrios a ritheas trasna na liathróide, mar atá, Alphard (Alpha Hydrae) agus Gamma Hydrae.

  • Seasann Alphard do Mato Grosso do Sul, stát beag i ndeisceart na tíre a dealaíodh ó Mato Grosso sna seachtóidí. Campo Grande an phríomhchathair.
  • Seasann Gamma Hydrae d’Acre, stát beag in iarthar na tíre in aice le Peiriú agus an Bholaiv. Rio Branco atá ar an bpríomhchathair. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Bholaiv agus an Bhrasaíl timpeall ar an mbliain 1900, agus ghair muintir an cheantair poblacht neamhspleách d’Acre faoin am sin, chomh maith. Cúpla uair d’ionsaigh na Bolavaigh an phoblacht le seilbh a ghlacadh uirthi arís, ach sa bhliain 1903 ba iad na Brasaíligh a rinne a gcuid di.

Maidir le stair na réalteolaíochta sa Bhrasaíl, is deacair a rá cathain a thosaigh sí. Ba iad na hOllannaigh a thóg an chéad réadlann i Recife nuair a bhí siad i seilbh na háite, thiar sa bhliain 1639, ach ansin, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, d’athghabh na Portaingéalaigh an ceantar, agus chuaigh an réadlann de dhroim an domhain sa teagmháil. Sa bhliain 1845, cuireadh an Réadlann Impiriúil ar bun i Morro do Castelo, Rio de Janeiro, agus sa bhliain 1906, fuair an réadlann ainm nua, an Réadlann Náisiúnta. hAistríodh go dtí São Cristóvão i gcathair Rio de Janeiro í sa bhliain 1922. Ba é Henrique Morize a bhí i gceannas ar an Réadlann go dtí an bhliain 1930, agus sa bhliain 1919 chuidigh sé le réalteolaithe Sasanacha turas a eagrú go Sobral i stát Ceará le breathnuithe a dhéanamh ar urú iomlán na Gréine – breathnuithe a theastaigh le teoiric na coibhneasachta (an teoiric chéanna a thuill a chlú d’Einstein) a chruthú.

Ní mór scéilín áirithe magaidh a insint anseo a bhfuil baint aige leis an mBrasaíl agus leis an réalteolaíocht araon: an scéal faoi ”phróiseas Urca”. Is éard atá i gceist le próiseas Urca ná an dóigh a gcailleann neodrónréaltaí agus abhacréaltaí bána fuinneamh agus iad ag fuarú – ina neoidríonónna a imíos an fuinneamh sa phróiseas seo. Bhí George Gamow (nó Georgii Gamov), réalteolaí Meiriceánach de phór na Rúise, i Rio de Janeiro ar cuairt ag Mário Schönberg, a bhí ar an réaltfhisiceoir is mó le rá sa Bhrasaíl san fhichiú haois, agus an bheirt acu ag forbairt a dteoirice ar an bhfuarú seo. Ba nós leis an mbeirt seo scíth a fháil ó obair throm na teoiriceoireachta i dteach cearrbhachais – Urca a bhí ar an gceantar den chathair ina raibh an áit aeraíochta sin suite. Dúirt fear acu leis an bhfear eile go raibh an fuinneamh ag imeacht leis na neoidríonónna chomh tiubh is a bhíodh a gcuid airgid ag imeacht sa teach cearrbhachais in Urca. Mar sin a baisteadh an próiseas.

Breacsholas a thugtar ar an tréimhse idir solas an lae agus dorchadas na hoíche. Aithnítear cineálacha éagsúla breacsholais: an breacsholas oifigiúil, an muir-bhreacsholas agus an breacsholas réalteolaíoch.

Nuair atá lárphointe na gréine sé chéim stua nó níos lú faoin léaslíne, deirtear go bhfuil breacsholas oifigiúil ann. Ina lán teangacha tugtar ”breacsholas buirgéiseach” ar an mbreacsholas oifigiúil, toisc go bhfuil sé chomh geal amuigh, le linn an chineál seo breacsholais, is gur féidir ”ceirdeanna buirgéiseacha” a chleachtadh i gcónaí.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná sé chéim stua, níos lú ná dhá chéim stua déag faoin léaslíne, tá muir-bhreacsholas ann. Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá an léaslíne sách sofheicthe, sách inaitheanta is gur féidir leis an mairnéalach áit na loinge a oibriú amach agus é i muinín an tseicheamháin.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná dhá chéim stua déag, níos lú ná ocht gcéim stua déag faoin léaslíne, tá breacsholas réalteolaíoch ann. Ansin is féidir leis na réalteolaithe breathnuithe a dhéanamh, cé go bhfuil loinnir ón nGrian le haithint ar an spéir go fóill.

Bremsstrahlung a thugtar ar an radaíocht a ghinfear má chailleann cáithnín luchtaithe amháin (leictreon, cuir i gcás) fuinneamh gluaiseachta agus réimse leictreach timpeall ar cháithnín eile (núicléas adaimh, mar shampla) ag dul i bhfeidhm air. Deir dlí imchoimeádta an fhuinnimh nach féidir fuinneamh a chur ar neamhní, agus mar sin, an fuinneamh gluaiseachta a chaillfeas an cáithnín, claochlófar go radaíocht é. ”Radaíocht choscáin” is ciall leis an bhfocal Gearmáinise Bremsstrahlung.

Bróimín a thugtar ar dhúil uimhir a 35, arb é Br an tsiombail a sheasas di sna foirmlí ceimiceacha. Le teocht an tseomra is leacht dearg é, ach is dual dó galú go réidh. Ceann de na halaiginí é an bróimín, cosúil leis an gclóirín, agus mar sin, tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh aige – níl ach aon leictreon amháin de dhíth le hochtréad iomlán a fháil. Cosúil leis an gclóirín, tá an bróimín araiciseach chun imoibriúcháin leis an leictreon deireanach sin a fháil ar iasacht ó dhúile eile. Mar sin, is nimh láidir é an bróimín agus é aonraithe ina dhúil.

An t-ian bróimín áfach, Br, a bhfuil ochtréad aige, tá sé sách cobhsaí, agus dealraíonn sé gur riandúil é an bróimín san fhoirm ianach seo – is é sin, go dteastaíonn rianta beaga bróimín ó orgánach an duine le hoibriú go maith. Baintear úsáid áirithe as bróimídí (comhdhúile bróimín a bhfuil an t-ian seo iontu) mar chógaisí in aghaidh an titimis.

Tá na bróimídí cosúil leis na clóirídí ó thaobh na ceimice de: is comhdhúil chobhsaí ianach í bróimíd an tsóidiam, NaBr, a chuirfeadh clóiríd an tsóidiam (an gnáthshalann, NaCl) i gcuimhne duit. Sa chiall cheimiceach, is salainn iad na bróimídí miotail – salainn de chuid an aigéid hiodrabrómaigh. Is éard atá san aigéad hiodrabrómach ná tuaslagán uisce na bróimíde hidrigine, HBr. Aigéad láidir é an t-aigéad hiodrabrómach, díreach cosúil leis an aigéad hiodraclórach, HCl. Gás í an bhróimíd hidrigine.

Tá ocsaigéid ag an mbróimín chomh maith: an t-aigéad hipeabrómúil (HBrO, nó HOBr, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad brómúil (HBrO2, nó HOBrO), an t-aigéad brómach (HBrO3, nó HOBrO2) agus an t-aigéad sárbhrómach (HBrO4 nó HOBrO3). Ní féidir aon cheann de na hocsaigéid seo a aonrú ón uisce gan na móilíní a bhriseadh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar a n-airíonna san uisce. Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh san aigéad sárbhrómach ach comhdhúil theoiriciúil nárbh fhéidir a tháirgeadh ar aon nós; sa bhliain 1968, d’éirigh leis na heolaithe an chéad eiseamal d’iain sárbhrómáite BrO4 a chruthú, ach ina dhiaidh sin féin dealraíonn sé nach féidir úsáid ar bith a bhaint as an aigéad sárbhrómach ná as na sárbhrómáití sa tionsclaíocht, chomh deacair is atá sé comhdhúile sárbhrómacha a tháirgeadh. (Na comhdhúile sárchlóracha, cosúil leis an aigéad sárchlórach HClO4, is scéal eile ar fad iad.)

Níl na hipeabróimítí ná na bróimítí (salainn an aigéid hipeabrómúil agus an aigéid bhrómúil) cobhsaí ar aon nós, agus ní thig mórán leas a bhaint astu. Tá an t-ian brómáite BrO3 cobhsaí go maith, áfach, agus tá tábhacht éigin ag baint le brómáit an tsóidiam NaBrO3 mar ocsaídeoir i ruaimniú na dteicstílí. Truailleáin iad na brómáití freisin: is dual do na hiain bhróimíde ocsaídiú go brómáití le solas na gréine agus an t-uisce óil a chur ó mhaith. Tá dochar sa bhróimín don ózónaisféar chomh maith, cosúil leis na halaiginí eile.

Tá bróimín ar fáil san áit a mbíonn clóirín ar fáil chomh cosúil is atá an dá dhúil le chéile ó thaobh na ceimice de, agus is gnách bróimín a bhaint as salann na farraige, ó tá iain bhróimíde measctha tríd na hiain chlóiríde.

Bruthcharraig a thugtar ar charraig a foirmíodh nuair a chuaigh magma (laibhe, cloch leáite) i bhfuacht. Is é an basalt an cineál bruthcharraige is coitianta ar an Domhan.

Buaile an Bhodaigh an t-ainm Gaeilge ar réaltnéal Oiríon (M42 i gCatalóg Messier, NCG 1976 sa Nua-Chatalog Ghinearálta).

Bun-fhadlíne a thugtar ar an bhfadlíne a shainmhínítear mar nialas do chóras na bhfadlínte. Mar is eol do chách is í fadlíne Greenwich bun-fhadlíne an Domhain. Ritheann bun-fhadlíne na Gealaí trasna an leathsféir den Ghealach atá le feiceáil ón Domhan. Is é cráitéar Airy (ainmnithe as an réalteolaí Sasanach George Biddell Airy) a dhéanas gnó Greenwich ar Mhars – sin é an tuige go dtugtar ”Airy-0” air freisin. Ritheann bun-fhadlíne Mhearcair fiche céim stua soir ó chráitéar Hun Kal – is é sin, tá sainmhíniú na bun-fhadlíne bunaithe ar an gcráitéar sin, ach ní hé an cráitéar an nialas. Maidir le Véineas, is í an bhun-fhadlíne ansin an ceann a ritheas trí lárphointe chráitéar Ariadne.

Bunghluaisne: Ba é tuiscint na seanársaíochta ar struchtúr na hOllchruinne go raibh na réaltaí feistithe de sféar criostail a bhí ag iompú ar a ais aon uair amháin in aghaidh an lae. Bunghluaisne a thugtar ar an iompú seo agus ar an tsamhail seo den ollchruinne araon.

Buningear a thugtar ar an gciorcal samhlaíoch a ritheas tríd an bhforar, trí phointe an oirthir, trí phointe an iarthair, agus tríd an nadair.

Caidhpeanna polacha a thugtar ar an leac oighir timpeall ar na poil ar phláinéid áirithe. Tá caidhpeanna polacha ar an Domhan agus ar Mhars. Oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite, atá i gcaidhpeanna polacha an Domhain, ach bhí sé ina chúis amhrais ar feadh i bhfad, cé acu gnáthoighear (uisce reoite)oighear tirim (dé-ocsaíd charbóin) a bhí timpeall ar phoil Mharsa. Mar a thuigtear inniu, tá an dá rud fíor: uisce reoite atá sa chuid is mó de chaidhpeanna an phláinéid sin, ach is dual do na caidhpeanna dul i bhfairsinge sa gheimhreadh, agus dé-ocsaíd charbóin ag sioc sa mhullach ar an oighear uisce.

Cailciam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir fiche, agus is é Ca an tsiombail cheimiceach. Miotal cré-alcaileach é an cailciam, agus is dual dó dhá leictreon a thabhairt uaidh le caitian défhiúsach, Ca2+, a dhéanamh. Tá an cailciam 40.078 ar mheáchan adamhach, agus mar sin, is é an t-iseatóp is tábhachtaí ná 40Ca, cé go bhfuil roinnt iseatóp cobhsaí eile ann. Tá raidiseatóp nádúrtha ann freisin, mar atá, 48Ca. Tá sé chomh fadsaolach is gur féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht a bhaineas leis, áfach – ní féidir a rá gur truailleán dainséarach a bheadh ann.

Ceann de na miotail cré-alcaileacha é an cailciam, is é sin, tá sé in aon ghrúpa leis an maignéisiam, an strointiam, an beirilliam agus an bairiam. Cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an adamh cailciam, agus ochtréad iomlán taobh istigh den sceall sin. Mar sin is dual dó an dá leictreon a thabhairt ar iasacht agus ian cailciam, Ca2+, a dhéanamh.

Miotal bog é an cailciam agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis an uisce agus le hocsaigin an aeir, rud a fhágas nach furasta é a choinneáil i dtaisce mar dhúil ghlan aonraithe. Seoltóir maith leictreachais é, ach ní féidir úsáid a bhaint as sa leictreoireacht chomh himoibríoch is atá sé. Scéal eile é scéal an spáis áfach, ós rud é nach bhfuil ocsaigin amuigh ansin – mar is dóigh le hinnealtóirí áirithe. Dá réir sin is féidir go bhfeicfidh muid gléasra leictreachais fós atá ceaptha don úsáid sa spás, agus é bunaithe ar an gcailciam mar ábhar seoltóireachta.

Is iad na mianta cailciam is tábhachtaí ná an chailcít (carbónáit an chailciam, CaCO3), an dolaimít (carbónáit mheasctha an mhaignéisiam agus an chailciam, CaMg(CO3)2), an gipseam (déhiodráit shulfáit an chailciam, CaSO4 + 2H2O), an ainhidrít (an tsulfáit thirim nó CaSO4), an fhluairít (fluairíd an chailciam, CaF2) agus an apaitít nó Ca5(PO4)3X, inarb ionann X agus ceann den triúr seo a leanas: Cl (clórapaitít), OH (hiodracsalapaitít) nó F (fluarapaitít). Is iad an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe na tíortha is mó a tháirgeas cailciam.

Teastaíonn iain chailciam ón duine le haghaidh a chuid cnámh, agus mar sin is minic a chuirtear salainn chailciam le bia mar fhorlíonadh cothaitheach. Is iomaí úsáid a bhaintear as na comhdhúile éagsúla cailciam sa teicneolaíocht freisin. Maidir leis an miotal féin, úsáidtear mar chómhiotal é.

An Caimileon Chamaeleon a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir an Chuileog, an Chíle, an tIasc Eitilte, an Tábla, an tOchtamhán agus Éan Parthais. Níl d’ainmneacha ar na réaltaí is gile sa Chaimileon ach litreacha Bayer: Alpha Chamaeleontis, Beta Chamaeleontis, Gamma Chamaeleontis agus Delta Chamaeleontis.

Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet, mar ab ainm dó ina theanga dhúchais féin) a shainigh agus a d’ainmnigh an Caimileon i ndeireadh na séú haoise déag. Ní raibh Plancius ina réalteolaí go díreach: ba í an tíreolaíocht an chloch ba mhó ar a phaidrín, agus é ag tarraingt mapaí do lucht na loingseoireachta, ach ar ndóigh bhí na réaltaí thar a bheith tábhachtach ag na mairnéalaigh san am sin leis an mbealach ceart a aimsiú amuigh ar an teiscinn mhór i bhfad ón talamh slán, rud a thuig Plancius go maith. Mar sin bhí suim aige i mapáil na spéire chomh maith le mapáil an Domhain.

Bhí Plancius i dtuilleamaí na mbreathnuithe a rinne an loingseoir Pieter Dirkszoon Keyser sna farraigí theas – taiscéalaí a bhí in Keyser agus aithne ag Plancius air. Fuair Keyser bás in oileán Iáva sa bhliain 1596, ach má fuair, seachadadh torthaí a chuid breathnuithe chuig Plancius de réir mar a bhí socraithe acu roimhe sin.

Réalta phríomhsheichimh F-aicme í Alpha Chamaeleontis, agus í beagáinín níos troime ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread chomh lonrúil, áfach. Tá sí suite réasúnta cóngarach dúinn – is é sin níl sí ach trí solasbhliana is trí scór uainn.

Maidir le Beta Chamaeleontis, tá an ceann sin trí chéad solasbhliain uainn. Aicmítear mar B-réalta í, agus í cúig oiread chomh trom leis an nGrian, breis is dhá chéad oiread níos lonrúla ná í. Réalta phríomhsheichimh í.

Gamma Chamaeleontis arís, tá sí suite faoi cheithre chéad is fiche solasbhliain dínn. An cineál fathachréalta atá inti ná an cineál fathachréalta a bheas sa Ghrian féin i ndeireadh ama, agus mar sin is dócha nach bhfuil sí mórán níos troime ná an Ghrian. Tá sí seacht n-oiread is trí scór chomh fairsing leis an nGrian, agus ocht gcéad is trí scór oiread chomh lonrúil. Réalta K-aicme í, is é sin, is réalta fhlannbhuí í, agus í traidhfilín níos fuaire ná an Ghrian.

Maidir le Delta Chamaeleontis, seasann an t-ainm sin do dhá réaltchóras, Delta a hAon agus Delta a Dó. Déréalta atá in Delta a hAon, agus an dá chomhréalta suite chomh cóngarach dá chéile is gur deacair iad a aithint thar a chéile. Fathachréaltaí K-aicme iad. Réalta aonair atá in Delta a Dó, agus speictream B-aicme aici. Réalta phríomhsheichimh í, agus í ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian; san am chéanna tá sí i bhfad níos lonrúla. An triúr acu tá siad suite faoi thrí chéad deich solasbhlian is dhá scór dínn, a bheag nó a mhór, ach má tá, níl Delta a Dó sách gar do Delta a hAon le haon chóras imtharraingthe amháin a dhéanamh.

Cairt Franklin-Adams a thugtar ar an mbailiúchán de phlátaí réalteolaíocha (grianghrafanna spéire) a rinne an réalteolaí amaitéarach Sasanach John Franklin-Adams (1843-1912). Chumhdaigh Franklin-Adams an spéir go léir, thuaidh agus theas – chaith sé seal i réadlann Johannesburg san Afraic Theas leis an spéir theas a ghrianghrafadh. Tháinig an chairt i gcló cúpla bliain i ndiaidh bhás an fhir féin. Dhá chéad agus sé phláta atá ann.

Cairteacha Wolf-Palisa a thugtar ar thorthaí an tsuirbhé réalteolaíoch a rinne ollscoil Vín agus ollscoil Heidelberg in éineacht sna blianta 1900-1916. Ba é an réalteolaí Gearmánach Maximilian Wolf (1863-1932) a rinne an chuid is mó den ghrianghrafadóireacht i Heidelberg (an áit ar rugadh is ar cailleadh é), ach ansin chuidigh Johann Palisa le Wolf na plátaí a réiteach don chló. Ostarach a bhí i bPalisa a rugadh sa bhliain 1848 in Troppau (inniu, Opava i bPoblacht na Seice) agus a fuair bás sa bhliain 1925 i Vín. Bhí suim ag Wolf agus Palisa sna hastaróidigh chomh maith, agus d’aithin is a d’ainmnigh siad cuid mhór acu.

Caiseoipé a thugtar ar an réaltbhuíon ar dhéanamh na litreach úd ”W” atá dingthe idir an Sioráf, Ceiféas, an Laghairt, Andraiméide, agus Peirséas. Is iad réaltaí móra na réaltbhuíne seo ná Schedar (Alpha Cassiopeiae), Caph (Beta Cassiopeiae), Gamma Cassiopeiae (nach bhfuil ainm traidisiúnta Araibise ná Laidine uirthi), Ruchbah (Ksora, Delta Cassiopeiae), agus Segin (Epsilon Cassiopeiae).

Tríd is tríd is í Schedar an réalta is gile i gCaiseoipé, cé go sáraíonn Gamma Cassiopeiae uaireanta í. Is ilréalta í Schedar, ach is fathachréalta fhlannbhuí é an ceann is suntasaí de chomhbhaill na hilréalta. Tá an réalta seo suite faoi 230 solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh geal leis an nGrian, ceithre nó cúig oiread chomh trom, agus dhá oiread is dhá scór chomh fairsing.

Réalta athraitheach ar aon chineál le Delta Scuti í Caph. Tá ainm na réalta bunaithe ar an bhfocal Araibise a chiallaíos ”lámh” nó ”bos”: tá cúig réalta i gCaiseoipé, díreach cosúil le cúig mhéar na láimhe, agus mar sin is léir go raibh an t-ainm seo ag tagairt don réaltbhuíon go léir i dtús báire. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh fairsing, agus seacht n-oiread is fiche chomh lonrúil. Réalta F-aicme í Caph, is é sin is réalta bhánbhuí í atá traidhfilín níos teo ná an Ghrian. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí díreach ag forbairt go fathachréalta. Réalta aonair í, is é sin níl leathbhádóir ar bith aici. Tá sí ag dul timpeall ar a hais go sciobtha, rud a fhágas oblátacht áirithe uirthi – is é sin tá a trastomhas níos mó ag an meánchiorcal ná idir na poil.

Réalta athraitheach eile í Gamma Cassiopeiae, agus cineál iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe aisti. Tá sí suite faoi chúig chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus is B-réalta í – is é sin, is réalta ghorm nó bhánghorm í. Fathachréalta bheag, nó fo-fhathach, atá inti, agus cosúil le Caph, tá sí níos fairsinge ag an meánchiorcal ná ag na poil. Tá sí ag caitheamh ábhair uaithi, agus diosca foirmithe timpeall na réalta as an ábhar sin. Is é an diosca is cúis le hathruithe na gile, is dócha.

Bhí Gamma Cassiopeiae tábhachtach ag na spásairí Meiriceánacha fadó mar chabhair spásloingseoireachta, is é sin, leis an treoir cheart a aimsiú sa spás. Bhaist an spásaire Virgil ”Gus” Grissom Navi ar an réalta – giorrúchán ón bhfocal úd navigation (loingseoireacht) a bhí ann is dócha. Fuair Grissom agus beirt spásairí eile bás nuair a chuaigh an spásbhád úd Apollo a hAon trí thine ar an 27 Eanáir 1967 – níor imigh an spásbhád sin ón gceap lainseála riamh, mar sin, agus ní raibh ach druileáil i gceist acu i ndáiríre. Na daoine a thugas Navi ar Gamma Cassiopeiae inniu is éard atá i gceist acu ná urraim a thabhairt do mhairtíreach seo an spástaistil.

Maidir le Ruchbah, fuair sí a hainm ó na hArabaigh, agus ”glúin” is ciall dó ina dteanga siúd. (Leagan eile den fhocal chéanna é Rukbat, a thagraíos d’Alpha Sagittarii i réaltbhuíon an tSaigheadóra.) Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í comhdhéanta as dhá chomhbhall a uraíos a chéile go tráthrialta. Déréalta í mar sin. Tá an phríomhréalta den bheirt sin dhá oiread go leith chomh trom agus beagnach ceithre oiread chomh fairsing leis an nGrian. Réalta A-aicme í agus í ina fo-fhathach faoi láthair – is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil sí díreach ag claochlú go fathachréalta cheart.

Segin, arís, tá sí suite ceithre chéad solasbhliain uainn. Fathachréalta í, agus í dhá mhíle agus cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Is B-réalta í, is é sin, is réalta the ghorm í. Tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé oiread chomh fairsing.

Tá cuid mhór réaltaí móra millteanacha le feiceáil i gCaiseoipé nach bhfeictear dúinn chomh geal leis na príomhréaltaí seo, toisc go bhfuil siad suite i bhfad i gcéin uainn. Ollfhathachréalta dhochuimsitheach – nó hipearfhathachréalta – í Rho Cassiopeiae, mar shampla, agus í suite faoi bhreis is ocht míle solasbhliain dínn. Tá sí leathmhilliún oiread chomh geal leis an nGrian, agus is hipearfhathach buí í – ní minic a thiocfá ar a leithéid sin, ach iontas na n-iontas, tá ceann eile den chineál le feiceáil i gCaiseoipé, mar atá, V509 Cassiopeiae.

Callisto: Ceann de Ghealacha Galileo í Callisto – is é sinn, satailít de chuid Iúpatair í, agus ba é Galileo Galilei a tháinig uirthi sa bhliain 1610, chomh maith le trí ghealach eile (Io, Ganymede agus Europa). Ní raibh d’ainm ag Galileo ar an ngealach seo ach Iúpatar a Ceathair: an t-ainm atá againn uirthi inniu fuair sí ó Simon Marius é. Réalteolaí Gearmánach ab ea Simon Marius (Simon Mayr an leagan Gearmáinise dá ainm) a rinne fionnachtain na ngealach seo faoin am chéanna, beag beann ar Galileo.

Tá Callisto beagnach ar aon mhéid le Mearcair, ach tá sí i bhfad níos éadroime ná é.

An Camchéachta an Céachta an tSeisreach a thugtar ar astaireacht na seacht réaltaí is suntasaí sa Bhéar Mhór, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid.

RÉALTAÍ AN CHAMCHÉACHTA

Ainm Litir Ghréagach in ainmníocht Bayer Aicme speictreach Méid dhealraitheach Fad na réalta uainn (solasbhlianta) Lonrachas/mais i gcomparáid leis an nGrian
Dubhe Alpha Ursae Majoris K 1.8 124 316/4.25
Merak Beta Ursae Majoris A 2.4 79 64/2.7
Phekda (Phecda, Phad) Gamma Ursae Majoris A 2.4 84 ?*/3.0
Megrez Delta Ursae Majoris A 3.3 58 14/1.6
Alioth Epsilon Ursae Majoris A 1.8 81 4/2.9
Mizar Zeta Ursae Majoris A 2.1 78 (ilréalta)
Alkaid (Benetnasch) Eta Ursae Majoris B 1.9 101 1.4/6

*) Tá sé deacair lonrachas Phekda i gcomparáid leis an nGrian a mheasúnú. Deirtear go bhfuil sé idir 5 agus 25 oiread.

Candam a thugtar ar phacáiste beag fuinnimh, cosúil leis an bhfótón (an candam solais). Tá dlúthbhaint ag an gcandam le tuiscint na fisice comhaimseartha ar struchtúr an adaimh. San adamh tá na leictreoin timpeall an adaimh suite ar leibhéil éagsúla fhuinnimh (na leictreonscealla agus na foscealla leictreonacha), agus ní féidir leis an leictreon bheith idir eatarthu idir na leibhéil seo. Le dul ó leibhéal íseal go leibhéal ard, caithfidh an leictreon dáileog chruinn fhuinnimh – candam – a fháil a fhreagraíos don difríocht idir an dá leibhéal. Is éard is impleacht dó sin ná go bhfuil gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach – an solas infheicthe, an radaíocht infridhearg, an radaíocht ultraivialait, na radathonnta, na micreathonnta, an x-radaíocht, an gháma-radaíocht – candamaithe, is é sin roinnte ina candaim.

Canóin na nÉiclipsí Canon der Finsternisse (Gearmáinis) a thugtar ar an díolaim faoi uruithe (éiclipsí) na Gréine is na Gealaí a chuir an réalteolaí Theodor Ritter von Oppolzer i dtoll le chéile. D’fhoilsigh Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire an saothar sa bhliain 1887, an bhliain i ndiaidh don eolaí féin bás a fháil. D’oibrigh Oppolzer amach na mionsonraí d’ocht míle urú gréine agus cúig mhíle urú gealaí, ón mbliain 1207 roimh Chríost go dtí an bhliain 2162 AD, de réir na matamaitice agus an eolais chomhaimseartha ar an meicnic neamhaí. Ábhar suntais é chomh cruinn, chomh saibhir is atá an saothar seo a rinneadh i bhfad roimh lá na ríomhairí.

Ostarach a bhí in Oppolzer, nó rugadh i bPrág é sa bhliain 1841, agus d’éag sé i Vín sa bhliain 1886. Bhí a mhac Egon von Oppolzer ina réalteolaí chomh maith, agus cosúil leis an athair fuair sé bás réasúnta óg.

Canopus Alpha Carinae Soheil atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Cíle. Réalta bhán A-aicme atá ann. Tá sé ar an dara réalta is gile ar an spéir, de réir is mar a fheictear dúinn – níl ach Sirius níos gile. Tá sé suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn, agus é deich míle níos gile ná an Ghrian, cé nach bhfuil ach téagar seacht nGrian ann. Réalta úsáideach a bhíodh ann do na mairnéalaigh agus iad ag iarraidh treoir a fháil amuigh ar an teiscinn mhór. Fuair Canopus a ainm ó na sean-Ghréagaigh, ach is deacair a rá cad is bunús leis an ainm – tá míniúcháin éagsúla ann. Is é an ceann is inchreidte ná go dtagraíonn ainm na réalta do Kanobos, a bhí ina phíolóta ar long an rí Menelaos – bhí Menelaos ina rí ar na Spartaigh le linn chogadh na Traí, mar a deir seanchas na Sean-Ghréige.

Tá Canopus le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Goiás i lár na tíre – Goiânia an phríomhchathair.

Caor thine bóilíd a thugtar ar dhreige is gile ná gnáthréalta reatha.

An Capall Beag Equuleus a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir Iompróir an Uisce, Peigeasas, agus an Deilf. Réaltbhuíon bheag é an Capall Beag, agus ní féidir a rá go mbeadh sé cuidsúlach ach an oiread. Alpha Equulei nó Kitalpha atá ar an réalta is gile sa Chapall Bheag, agus is déréalta í: is fathachréalta bhuí G-aicme í Alpha Equulei A, agus is réalta bhán phríomhsheichimh í Alpha Equulei B. Tá Kitalpha suite faoi 190 solasbhliain dínn.

Capella atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Ara, Alpha Aurigae. Le fírinne is córas ceithre réalta í: is fathachréaltaí iad Capella Aa (réalta fhlannbhuí K-aicme) agus Capella Ab (réalta bhuí G-aicme), agus is abhacréaltaí dearga iad Capella H agus Capella L. Tá réaltchóras Capella suite faoi thrí solasbhliana is dhá scór dínn. Foinse láidir x-radaíochta í Capella: creidtear go ngintear an radaíocht sin i gcoróin Capella Aa.

Carbón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a sé, agus is é C an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is iomaí foirmle cheimiceach ina bhfeictear an tsiombail seo, nó tá an carbón in ann naisc cheimiceacha a cheangal beagnach gan teorainn gan chuimse. Dá thoradh sin is é an carbón is bunús leis an mbeatha féin: na móilíní is na comhdhúile ríchasta a bhíos i mbun sainoibre sna cealla beo, ní fhéadfá a leithéidí a bhunú ar aon dúil cheimiceach eile.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an gcarbón ná 1s22s22p2. Ciallaíonn an méid sin go bhfuil ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon ag an adamh carbóin, agus go bhfuil ceithre nasc ceimiceacha ag teastáil leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Go bunúsach, is dual don charbón naisc chomhfhiúsacha a cheangal de dhúile neamh-mhiotalacha eile – gan aon trácht a dhéanamh ar na hadaimh charbóin eile.

Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an gcarbón, mar atá, 12C (carbón a dó dhéag) agus 13C (carbón a trí dhéag). Is é an chéad cheann acu an t-iseatóp is coitianta, mar is léir ón meáchan adamhach 12.011. Is é carbón a ceathair déag, nó 14C, an raidiseatóp nádúrtha, agus iarsmaí de ar fáil i gcarbón an dúlra – radacarbón a thugtar ar an iseatóp seo freisin.

Níl an radacarbón ach 5730 bliain ar leathré, agus mar sin, thiocfadh meath radaighníomhach ar gach adamh de i rith na n-aeón geolaíoch, ach go bé go bhfuil buansoláthar radacarbóin ann: nuair a bhuaileas neodróin ón radaíocht chosmach núicléis nítrigine in uachtar an atmaisféir, is é is toradh dó seo ná núicléis radacarbóin, agus na núicléis seo á meascadh tríd an gcarbón i ndúlra an Domhain. Mar sin bíonn leibhéal cobhsaí radaighníomhaíochta ag carbón nádúrtha na neachanna beo go léir: bíonn siad ag ithe bia (a bhfuil carbón nádúrtha ann) agus ag baint carbóin óna dtimpeallacht ar dhóigheanna eile, agus is é an cineál seo idirghníomhaíochta a sholáthraíos tuilleadh radacarbóin in éiric na núicléas ar tháinig meath radaighníomhach orthu. Nuair a gheobhas an neach beo bás, áfach, tiocfaidh deireadh leis an malartú carbóin seo, agus tosóidh leibhéal na radaighníomhaíochta ag dul síos sa charbón atá in iarsmaí an neacha sin. Air seo atá an dátú radacarbóin bunaithe, is é sin, dátú na seaniarsmaí trí thomhas na radaighníomhaíochta iontu.

Ní hé an radacarbón an t-aon iseatóp radaighníomhaíoch atá ag an gcarbón, ach is núiclídí saorga gearrshaolacha iad na cinn eile ar fad. Is é 11C, carbón a haon déag, an ceann is fadsaolaí acu, agus níl sé féin ach fiche nóiméad ar leathré.

Tá dhá allatróp nádúrtha coitianta ag an gcarbón agus é aonraithe ina dhúil ghlan: an diamant agus an ghraifít. Tá struchtúr tríthoiseach ag criostail an diamaint, agus gach adamh timpeallaithe ag ceithre cinn eile go siméidriúil. Naisc chomhfhiúsacha iad na naisc idir na hadaimh sa chriostal diamaint, agus mar sin ní seoltóir maith leictreachais é an diamant, toisc nach bhfuil leictreoin dílogánaithe ann. Mar is eol do chách, tá an diamant an-chrua freisin. Scéal eile ar fad í an ghraifít. Tá criostal na graifíte comhdhéanta as cisil déthoiseacha agus na leictreoin dílogánaithe ag sní go saor eatarthu. Mar sin tá an ghraifít sobhriste, agus í i bhfad níos fearr ag iompar sruth leictreachais ná na neamh-mhiotail tipiciúla.

Allatróp neamhchoitianta de chuid an charbóin is ea an lonsdaeilít a fuair a hainm ó Kathleen Lonsdale, criostalagrafaí Éireannach. Is gnách ”diamant heicseagánach” a thabhairt ar an lonsdaeilít, toisc go bhfuil struchtúr heicseagánach ag an gcriostal lonsdaeilíte. Tá an lonsdaeilít an-chrua, cosúil leis an diamant. Níl lonsdaeilít ar fáil i ndúlra an Domhain, ach is féidir teacht uirthi ar dhreigítí ón spás ó am go ham.

Maidir le comhdhúile an charbóin, is féidir a rá gur eolaíocht ar leith é a dtaighde – eolaíocht ar a dtugtar ”an cheimic orgánach”, agus is í an cheimic neamhorgánach atá i gceist leis an taighde ar chomhdhúile na ndúl eile. Is iad na naisc idir na hadaimh charbóin, na slabhraí fada carbóin, is bunús leis an idirdhealú seo. Mar sin féin, is féidir a rá gur fearr comhdhúile áirithe carbóin a áireamh ar na substaintí ”neamhorgánacha”, cosúil leis an dé-ocsaíd charbóin CO2 agus an aonocsaíd charbóin CO. Ní mór an cheimic orgánach a aithint thar an mbithcheimic: is í an bhithcheimic ná ceimic na n-orgánach beo. D’fhéadfá a rá gur brainse den cheimic orgánach í an bhithcheimic, ach ar ndóigh tá ról ag substaintí áirithe neamhorgánacha féin sa bhithcheimic (is substaint neamhorgánach í an ocsaigin ghlan, O2, mar shampla).

Is féidir leis an adamh carbóin nasc dúbailte nó triarach a cheangal de cheann eile. Mar sin tá nasc dúbailte i móilín na heitéine C2H4, agus nasc triarach i móilín na haiceitiléine C2H2. Hiodracarbóin iad an dá chomhdhúil seo, chomh maith leis an meatán CH4 agus an t-eatán CH3CH3, nach bhfuil ach naisc shimplí iontu.

Na feidhmeanna casta a bhíos ag na comhdhúile bithcheimiceacha sna cealla beo, tá siad bunaithe ar adamhghrúpaí a bhfuil saintréithe speisialta acu – feidhmghrúpaí, mar a thugtar orthu. Samplaí d’fheidhmghrúpaí iad an grúpa aildéadach -C(H)O (úsáidtear na lúibíní lena chur in iúl nach bhfuil nasc ar bith idir an adamh hidrigine H agus an t-adamh ocsaigine O), an grúpa hiodrocsaile -OH ar a n-aithnítear na halcóil is na feanóil (féach an t-eatanól, is é sin, an gnáthalcól C2H5OH), an grúpa carbocsaile -C(O)OH a bhíos ag na haigéid charbocsaile cosúil leis an aigéad formach HC(O)OH nó an t-aigéad aicéiteach CH3C(O)OH, agus a lán eile. Is féidir leis na comhdhúile orgánacha dhá fheidhmghrúpa nó níos mó a bheith acu: sampla maith de seo is ea na haimínaigéad, a bhfuil idir aimínghrúpa -NH2 agus carbocsailghrúpa -C(O)OH acu.

Catalóg Ghinearálta Boss an chatalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an Meiriceánach Benjamin Boss sa bhliain 1936. Seasann an giorrúchán GC (General Catalogue an Bhéarla) do na réaltaí sa chatalóg seo. Tá trí mhíle dhéag is fiche, trí chéad, dhá réalta is dhá scór (33,342 réalta) ar fad sa chatalóg. Is fairsingiú í ar an gcatalóg a d’fhoilsigh athair Benjamin, Lewis Boss, roimh a mhac, agus nach raibh ach sé mhíle, céad, ocht réalta is ceithre scór inti. Bhí an mac i gceannas ar Réadlann Dudley i Schenectady, Stát Nua-Eabhrac, chomh maith lena athair roimhe.

Catalóg Messier a thugtar ar an gcatalóg réalteolaíoch a chuir an réalteolaí Francach Charles Messier i dtoll le chéile thiar sna 1770idí. Réaltraí agus réaltnéalta iad na réadanna sa chatalóg seo. Ní raibh suim ag Messier iontu ar a son féin – a mhalairt ar fad bhí sé ag iarraidh cóiméid a aithint, agus na réaltnéalta ag cur isteach air san obair seo. Mar sin, d’oibrigh sé amach catalóg de réadanna a d’fhéadfaí a thógáil in ainriocht cóiméid. Úsáidtear an chatalóg seo i gcónaí. Tá deich réad is cúig scór sa chatalóg, ó M1 go M110. Is é Réaltnéal an Phortáin an chéad réad, agus seasann M110 do réaltra beag in aice le Réaltra Andraiméide (NCG 205 de réir na Nua-Chatalóige Ginearálta).

Is í an Chatalóg Réaltghrafach an chatalóg réalteolaíoch a cuireadh i dtoll a chéile as na sonraí a bhailigh fiche réadlann i ngach cearn den domhan faoi cheannas Réadlann Pháras ón mbliain 1887 ar aghaidh. Le fírinne bhí dhá thionscadal ann: ar dtús thóg na réadlanna grianghrafanna dá raibh le feiceáil le réaltaí a bhí chomh fann le 11 ar mhéid (an Chatalóg Réaltghrafach), nó níos gile ná sin; agus ina dhiaidh sin bhí siad le sraith nua grianghrafanna a thógáil a thaispeáin réaltaí ab fhainne ná sin, síos go 14 ar mhéid (Carte du Ciel nó ”Mapa na Spéire”, as Fraincis, a bhí ar an dara leagan). Bhí an spéir go léir le grianghrafadh i rith an tionscadail dhúbailte seo.

Bhí an scéim thar a bheith uaillmhianach, ach má bhí féin, ní raibh sí chomh torthúil is a shílfeá. Mhair na réadlanna na scórtha bliain á tabhairt i gcrann, agus an teicneolaíocht a raibh sí bunaithe uirthi chuaigh sí as dáta i rith na mblianta sin. Thairis sin níor críochnaíodh an dara leath den tionscadal, Carte du Ciel, i gceart riamh – ní raibh ach cuid de na réadlanna sásta páirt a ghlacadh san obair a thuilleadh, nuair a bhí an chéad sraith istigh.

Ar feadh i bhfad is beag úsáid a bhaintí as an dá chatalóg mhóra mhillteanacha seo, agus ba é an tuairim a bhí ag cuid mhór de na réalteolaithe gur obair amú a bhí iontu. Bhí fócas na réalteolaíochta féin athraithe ón réaltghrafaíocht go dtí an réaltfhisic (ó bhreathnú is mapáil na réaltaí go tuiscint theoiriciúil a bhforbartha) le linn na mblianta a chaith na réalteolaithe ag tógáil na ngrianghrafanna seo. Mar sin féin, tháinig cuma nua ar an scéal arís le déanaí, agus inniu cuirtear seansonraí an tionscadail seo i gcomparáid leis na grianghrafanna nua ón tsatailít úd Hipparcos a bhí ag mapáil na spéire sna blianta 1989-1993.

Catóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach díoltach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu – caitiain, mar a thugtar orthu.

Ceann na Péiste a thugtar ar an gcuid de réaltbhuíon na Péiste atá suite idir Fear na bPéisteanna, Earcail, Coróin an Tuaiscirt, an tAoire, an Mhaighdean, agus an Mheá. Tá dhá leath na Péiste, is é sin Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste, scartha ó chéile ag Fear na bPéisteanna. Is í Alpha Serpentis, nó Unukalhai, an réalta is gile i gCeann na Péiste agus sa réaltbhuíon go léir. Tá Unukalhai suite faoi 74 solasbhliana dínn, agus is fathachréalta í. Aicmítear mar K-réalta í, is é sin is réalta fhlannbhuí í agus í beagáinín níos fuaire sa dromchla ná an Ghrian s’againn.

Ceantar na Gréine a thugtar ar an réigiún spáis timpeall na Gréine. Is féidir a rá go bhfuil Alpha Centauri, Sirius, Procyon, Réalta Kapteyn, Réalta Barnard, Réalta Teegarden, agus Epsilon Eridani suite sa cheantar sin de réir gach sainmhíniú.

Cearnóg Mhór Pheigeasais a thugtar ar an astaireacht a chuimsíos na réaltaí seo leanas:

  • Alpha Pegasi, nó Markab;
  • Beta Pegasi, nó Scheat;
  • Gamma Pegasi, nó Algenib;
  • agus Alpha Andromedae, nó Alpheratz. Tá Alpheratz suite ar theorainn Pheigeasais agus Andraiméide, agus ar feadh i bhfad bhíodh na réalteolaithe idir dhá chomhairle fúithi – in ainmníocht Bayer ba nós dhá ainm a thabhairt uirthi ar dtús, Delta Pegasi chomh maith le Alpha Andromedae. Inniu, áirítear ar réaltaí Andraiméide amháin í.

Ceartairde (dronairde, ceartéirí, dronéirí) a thugtar ar cheann den dá chomhordanáid i gcóras na gcomhordanáidí réalteolaíocha. Is í an cheartairde an chomhordanáid a fhreagraíos don fhadlíne, nó is ionann í agus an fad idir pointe áirithe ar an meánchiorcal neamhaí agus pointe chónocht an Earraigh (teagmháil an éicliptigh agus an mheánchiorcail neamhaí), ar a dtugtar ”túsphointe Aries” freisin. Gualainn nó stua í an cheartairde go bunúsach, ach is gnách í a thabhairt in aonaid ama (uaireanta, nóiméid agus soicindí) seachas aonaid stua (céimeanna, stuanóiméid agus stuashoicindí); is ionann, ansin, ceithre huaire is fiche agus ciorcal iomlán. úsáidtear aonaid stua seachas aonaid ama leis an gcomhordanáid seo a thabhairt le fios, ní ghlaofar ceartairde/dronairde uirthi ach uair-uillinn.

Is iad ”ceartairde” agus ”ceartéirí” na leaganacha is mó a d’fheicfeá sna foclóirí, ach dealraíonn sé gur fearr le réalteolaithe le Gaeilge, nó le Gaeilgeoirí maithe a bhfuil eolas éigin acu ar na réaltaí, na leaganacha ”dronéirí” agus ”dronairde” a úsáid. Ina lán teangacha tá ainm an choincheapa seo bunaithe ar ascensio recta (”éirí ceart”) na Laidine (right ascension as Béarla, Rektaszension as Gearmáinis, ascension droite as Fraincis, rektascensja as Polainnis, rektaskensio as Fionlainnis).

Ceathramhán: Bíonn sé praiticiúil go minic an spéir infheicthe a roinnt ina ceithre chuid, agus tugtar ceithreamháin ar na rannóga seo. Braitheann sainmhíniú an cheathramháin ar an gcóras comhordanáidí a úsáidtear.

Focal é ”ceathramhán” a chloistear go minic ar an Réalt-Aistear (Star Trek) freisin, mar chuid den teicneachabaireacht. sé i gceist ag na scriptscríbhneoirí, de réir mar is dealraitheach, go bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, roinnte ina cheathramháin, agus ár ngrianchóras féin suite san Alfa-Cheathramhán. Níl an nós seo ródhifriúil leis an dóigh a n-úsáidtear an focal san fhíor-réalteolaíocht.

An Ceathramhán, nó An Ceathramhán Múrach, a thugtaí ar an réaltbhuíon ar shainigh an réalteolaí Francach Jérôme Lalande sa bhliain 1795 í agus í suite idir an tAoire agus an Dragan. Ní thugann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe aitheantas don Cheathramhán a thuilleadh, ach tá dreigechith na gCuadraintídí ainmnithe as. Quadrans Quadrans Muralis an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon.

Ceathrú an téarma a thagraíos ar an gcuma atá ar an ngealach nuair atá leath a diosca soilsithe mar a fheictear dúinn féin é. Is é sin, is ionann ”ceathrú” i gcaint na réalteolaithe agus ”leathghealach” i gcaint na ngnáthdhaoine. Tá an ghealach i mbéal ceathrún nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag fás, is é sin roimh an ngealach lán. Is í an cheathrú dheireanach atá ann nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag dul i laghad, is é sin roimh an nua-ré. D’fhéadfá an dara ceathrú a thabhairt ar an ngealach lán, ach ní gnáthúsáid a bheadh ann.

Ceiféas a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Eala, an Sioráf, Caiseoipé, an Laghairt, an Dragan, agus an Béar Beag. Is í Alderamin, nó Alpha Cephei, an réalta is gile sa réaltbhuíon, agus í suite faoi naoi solasbhliana agus dhá scór dínn. Tá Alderamin cúpla oiread chomh mór leis an nGrian, agus seacht n-oiread déag chomh lonrúil. Creidtear go bhfuil Alderamin díreach ag fágáil an phríomhsheichimh ina diaidh le hiompú ina fathachréalta nó ina fo-fhathachréalta. A-réalta (réalta bhán nó ghormbhán) atá in Aldebaran de réir aicmiú speictreach na réaltaí.

Errai, nó Gamma Cephei, an dara réalta is gile. Le fírinne is déréalta í: tugtar Gamma Cephei ar an gcóras go léir, agus Errai a thugtar ar phríomhréalta an chórais. K-réalta (réalta fhlannbhuí) agus fo-fhathachréalta í Errai, agus í beagáinín níos fuaire ná an Ghrian (ar G-réalta bhuí í). Abhacréalta dhearg atá i leathbhádóir Errai. Sa bhliain 1988 a cuireadh an chéad sonrú i bpláinéad mór (níos mó ná Iúpatar, de réir chosúlachta) atá ag fithisiú Errai. I ndeireadh na bliana 2015 socraíodh an t-ainm Tadmor a bhaisteadh ar an bpláinéad sin. Is éard atá in Tadmor ná ainm Araibise ar an tseanchathair stairiúil úd Palmyra sa tSiria, agus ba í eagraíocht réalteolaithe na Siria a mhol an t-ainm.

Alfirk, nó Beta Cephei, an tríú réalta is gile i gCeiféas. Réalta athraitheach atá inti, agus aicme nó cineál iomlán de réaltaí athraitheach ainmnithe aisti – réaltaí athraitheacha ar aon déanamh le Beta Cephei. Tríréalta í Beta Cephei, agus í comhdhéanta as déréalta speictreascópach (is é sin, déréalta nach féidir a aithint mar dhéréalta ach breathnuithe a dhéanamh ar a speictream) agus comhbhall amháin eile atá infheicthe mar réalta ar leith.

Réalta athraitheach de chineál ar leith í Delta Cephei. Bíonn lonrachas na réalta seo ag athrú go tráthrialta – d’fhéadfá a rá go bhfuil sí ag tabhairt bíoganna uathu. Bíonn lonrachas na réalta ag fás go tobann leis an uasmhéid a shroicheadh, agus maolú ag teacht uirthi de réir a chéile ina dhiaidh sin. Tógann sé 3.37 lá (trí lá agus beagnach naoi n-uaire) ar Delta Cephei timthriall amháin den tsórt seo a chur di. Athraíonn aicme speictreach na réalta féin i rith an timthrialla, ó F go G agus ar ais.

Tá aicme iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe as Delta Cephei, mar atá, na Ceifidí. Réaltaí bíogacha iad na Ceifidí a dtagann athruithe ar a n-aicme speictreach agus ar a dtrastomhas féin de réir timthriall tráthrialta. Is gnách leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as an gcineál seo réaltaí mar chineál baoithe spáis le faid a thomhas.

Ceilt a bheas ann má thagann rinn neimhe amháin idir sinn agus rinn neimhe eile. Ansin beidh an dara ceann acu ceilte ag an gcéad cheann. Mar shampla, is féidir nach bhfeicimid réalta áirithe, toisc go bhfuil an Ghealach idir sinn agus í.

Más í an Ghrian atá ceilte ag an nGealach, ní gnách ceilt a thabhairt air sin, ach urú (gréine).

Céimeanna na Gealaí a thugtar ar na hathruithe a thagas ar chuma na Gealaí mar a fheictear dúinn féin í i rith na míosa. Is í céim na Gealaí an chuid – an céatadán, fiú – den Ghealach atá soilsithe, go bunúsach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, toisc nach bhfuil sí soilsithe ag an nGrian, deirimid go bhfuil an nua-ré ann. I ndiaidh na nua-ré tagann cuma an chorráin ar an nGealach, agus í ag fás. Timpeall ar sheachtain i ndiaidh na nua-ré tá an Ghealach i mbéal ceathrún, agus leath di soilsithe. Ina dhiaidh sin tá an Ghealach scothlán. Nuair atá an Ghealach go léir soilsithe, timpeall ar dhá sheachtain i ndiaidh na nua-ré, deirtear go bhfuil lán-réiomlán gealaí ann. I ndiaidh na lán-ré tagann cuma scothlán ar an nGealach arís, agus í ag dul i laghad anois. Timpeall ar thrí seachtaine i ndiaidh na nua-ré, níl ach leath an diosca soilsithe, agus is éard a thugtar air sin ná an cheathrú dheireanach. Ina dhiaidh sin, tá corrán Gealaí ann arís. Sa deireadh, níl an corrán féin fágtha, agus tá nua-ré ann in athuair.

Tugtar mí shionadach mí ghealaí ar an tréimhse idir dhá nua-ré, nó dhá lán-ré. Tá sí naoi lá is fiche, dhá uair déag, agus ceithre nóiméad is dhá scór ar meánfhad, ach le fírinne bíonn fad na míosa gealaí ag luainiú idir 29.8 lá agus 29.26 lá, de réir is mar a bhíos imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar fhithis na Gealaí.

Céim stua a thugtar ar an aonad stua arb ionann é agus 1/360 (aon trí chéad is seascadú cuid) den chiorcal iomlán.

An Ceinteár (Centaurus an leagan Laidine, Centauri an ginideach) an réaltbhuíon ina bhfuil an réalta is cóngaraí don Ghrian le feiceáil, agus í ag críochantaíocht leis an Aerchaidéal, an Chíle, an Compás, Cros an Deiscirt, an Phéist Uisce, an Mheá, an Faolchú, an Chuileog, agus na Seolta.

Is í an tríréalta úd Alpha Centauri, nó Toliman, an réalta (nó an réaltchóras) is feiceálaí sa Cheinteár. Tá trí chomhbhall ann: Rigil Kentaurus, nó Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri (is é is ciall le proxima na Laidine ná ”an ceann is cóngaraí”). Ní réaltaí móra iad: is G-réalta phríomhsheichimh í Rigil Kentaurus, agus í ábhairín níos mó ná an Ghrian; is K-réalta phríomhsheichimh í Alpha Centauri B, agus í ábhairín níos mó agus níos fuaire ná an Ghrian; agus is abhacréalta dhearg (M-réalta) í Proxima, agus í i bhfad níos lú ná an Ghrian, nó an dá réalta eile sa chóras chéanna. Le fírinne tá sé ina chúis easaontais idir an lucht saineolais i gcónaí, cé acu atá baint cheart imtharraingthe ag Proxima leis an dá réalta eile, nó an ea nach bhfuil sí ach ag dul thar bráid. Tá an trí cinn acu suite faoi bhreis is ceithre solasbhliana dínn, ach tá Proxima níos gaire dúinn ná an dá cheann eile.

Tá Alpha Centauri chomh cóngarach dúinn is go bhfuil sí ar réaltaí geala na spéire: níl ach Canopus agus Sirius níos gile. Fathachréalta é Canopus; maidir le Sirius, is réalta phríomhsheichimh é atá suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri.

Maidir le Beta Centauri, is tríréalta í. Ainmneacha eile ar Bheta Centauri iad Agena agus Hadar. Fathachréaltaí B-aicme iad an triúr acu, agus iad suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Tá an tríréalta iomlán breis is dhá scór míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s’againn. Maidir leis an mais, tá an dá chomhréalta is troime – Beta Centauri A1 agus Beta Centauri A2 – timpeall ar dheich n-oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus an tríú ceann – Beta Centauri B – cúig oiread chomh téagartha léi. Mar is dual do na réaltaí B-aicme, tá siad go léir bánghorm, agus iad i bhfad níos teo ná an Ghrian agus i bhfad níos sciobtha ag spíonadh a gcuid hidrigine.

Gamma Centauri arís, is déréalta í. Muhlifain an t-ainm traidisiúnta. Fathaigh nó fo-fhathaigh iad an dá chomhbhall, agus is A-réaltaí iad – réaltaí bánghorma, cé nach bhfuil siad chomh te leis na B-réaltaí. Tá Gamma Centauri suite faoi chéad agus dhá scór solasbhliain dínn.

Ceinteáir a thugtar ar aicme ar leith d’astaróidigh freisin, mar atá, iad siúd a ritheann a bhfithis trasna ar fhithisí na bhfathachphláinéad (is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Is féidir dearcadh orthu mar astaróidigh nó mar chóiméid, díreach mar a bhí tréithe an duine agus an chapaill araon ag ceinteáir na miotaseolaíochta. Níor aithin na réalteolaithe na ceinteáir mar ghrúpa ar leith de reanna neimhe sular chuir siad sonrú in Chiron sa bhliain 1977. Is í Chariklo, a haithníodh sa bhliain 1997, an ceinteár is mó, agus í dhá chéad go leith de chiliméadair ar trastomhas (nó trí chéad ciliméadar ar fad, más fearr leat – níl sí ar déanamh na liathróide).

Ba é Hidalgo an chéad cheinteár a d’aithin na réalteolaithe, thiar sa bhliain 1920, ach ní raibh ainm ar leith acu ar an gcineál seo réadanna go fóill – d’aicmigh siad mar ghnáthastaróideach é. Fuair Hidalgo a ainm ón Athair Miguel Hidalgo, laoch saoirse Mheicsiceo; inniu áfach is gnách na ceinteáir a ainmniú as ceinteáir na miotaseolaíochta, cosúil le Chiron, Chariklo, Nessus agus Amycus.

Ceres an ceann is mó de na reanna neimhe i gCrios na nAstaróideach – le fírinne ní dhearctar uirthi mar astaróideach i gciall cheart an fhocail, ach mar abhacphláinéad cosúil le Plútón. Tá Ceres ar déanamh na liathróide – is é sin tá sí sféarúil. Téann sí timpeall ar an nGrian uair amháin in aghaidh 4.6 bliain, agus í naoi gcéad go leith de chileaméadair ar trastomhas. Tá trian de mhais Chrios na nAstaróideach i Ceres. Creidtear go bhfuil leac oighir timpeall ar chroílár cloiche an abhacphláinéid seo. Ba é an spástaiscéalaí úd Dawn an chéad ghléas daondéanta a fuair radharc ceart ar dhromchla Ceres, nuair a chuaigh sé thart léi sa bhliain 2015. Thóg an gléas cuid mhaith grianghrafanna, agus is éard atá le haithint orthu ná go bhfuil Ceres breac le cráitéir. Uisce galaithe an t-aon atmaisféar atá ag Ceres, agus solas na Gréine ag baint móilíní uisce den dromchla oighir.

Chiron a thugtar ar mhionphláinéad (astaróideach) uimhir 2060, ar chuir an réalteolaí Charles Kowal an chéad sonrú ann sa bhliain 1977. Ní bhaineann Chiron le crios Kuiper ar imeall an ghrianchórais ná le crios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar, agus mar sin fuair na réalteolaithe riachtanach aicme nua a bhunú dá leithéidí – na ”ceinteáir”. Dá réir sin d’ainmnigh siad as ceann de cheinteáir na miotaseolaíochta Gréagaí é. Tá garphointe a fhithise don Ghrian (an peirihéilean) suite taobh istigh d’fhithis Iúpatair, agus an cianphointe (an t-aiféilean) taobh amuigh d’fhithis Úránais.

Ciantréimhseach: Is é an t-athrú ciantréimhseach an t-athrú nach bhfuil tréimhsiúil nó peiriadach. (Athruithe tréimhsiúla nó peiriadacha iad na hathruithe a chuirtear ar ceal go tráthrialta agus an peiriad, an tréimhse nó an timthriall ag tosú arís.) Claonadh mall fadtéarmach atá i gceist leis an athrú ciantréimhseach, mar sin. Is gá a admháil, áfach, go bhfuil an duine daonna chomh gearrshaolach i gcomparáid le himeachtaí na spéire is gur féidir gur athrú peiriadach nó timthriallach atá i gceist lena lán forbairtí ciantréimhseacha, ach amháin go bhfuil siad chomh mall ag teacht i gcrann nach féidir leis an duine fad an timthrialla a thomhas.

Is é an focal Béarla ar ”ciantréimhseach” ná secular. Sa ghnáthchiall is mar ”saolta” a aistrítear é, agus tá sé tábhachtach aird a thabhairt air nach é sin an téarma réalteolaíochta sa Ghaeilge.

Cignídí: dreigechith iad na Cignídí a bhíos le feiceáil i réaltbhuíon na hEala (Cygnus) i Mí Lúnasa.

An Chíle (ainm Laidine: Carina, ginideach: Carinae) atá ar an réaltbhuíon idir Deireadh na Loinge, na Seolta, Compás an Mhairnéalaigh, an Péintéir, an tIasc Eitilte, an Caimileon, an Chuileog, agus an Ceinteár. Cosúil lena lán de na réaltbhuíonta ina timpeall, ba chuid den Long (Argo Navis) í ar dtús.

Is é Canopus, nó Alpha Carinae, an réalta is gile sa Chíle. Ollfhathachréalta bhán atá ann, agus é ar an dara réalta is gile ar an spéir (níl ach Sirius níos gile, agus ní fathach é Sirius, ach réalta phríomhsheichimh atá cóngarach dúinn).

Maidir le Beta Carinae nó Miaplacidus, tá sé ar réaltaí geala na spéire chomh maith. Ainm aisteach é Miaplacidus, ós rud é go bhfuil sé curtha i dtoll le chéile as focal Araibise a chiallaíos ”na huiscí” agus focal Laidine a chiallaíos ”mín, moiglí, séimh” (cf. placid an Bhéarla). Pé scéal é tá an réalta seo trí oiread go leith chomh trom leis an nGrian, beagnach seacht n-oiread chomh leathan, agus dhá chéad ocht n-oiread is ceithre scór chomh lonrúil. A-réalta is ea Miaplacidus, cosúil le Sirius.

Níl a leithéid de réalta ann agus ”Gamma Carinae”. Nuair a scoilteadh an Long ina réaltbhuíonta éagsúla, choinnigh gach réalta an litir Ghréagach a bhí mar ainm uirthi in ainmníocht Bayer, ionas nár hathraíodh ach ainm Laidine na réaltbhuíne i ndiaidh na litreach. Ba leis na Seolta a thit Gamma Argus Navis, agus baisteadh Gamma Velorum ar an réalta sin (Vela an t-ainm Laidine ar na Seolta).

Eta Carinae ar réaltaí móra na spéire, agus í suite faoi sheacht míle go leith de sholasbhlianta dínn. Déréalta nó ilréalta í agus í na milliúin oiread níos gile ná an Ghrian s’againn. Tagann athruithe móra ar a méid dhealraitheach, agus an dá phríomhbhall den chóras ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Bhí Eta Carinae ina réalta mhór fheiceálach sna 1830idí agus sna 1840idí (”an Brúchtadh Mór” a thugas na réalteolaithe ar an tréimhse inniu), agus í ní ba ghile ná Canopus féin tráth, ach ina dhiaidh sin mhaolaigh uirthi arís. Glactar leis anois go mbíonn gile na réalta seo ag athrú go timthriallach, agus an dá chomhbhall den déréalta ag timpeallú a chéile – tógann sé cúig bliana go leith ar an dá réalta timthriall amháin a chríochnú. Ní ar an timthriall amhán a bhraitheas na hathruithe a thagas ar ghile na réalta seo, áfach – mar shampla bíonn sé éagsúil go leor cé acu mar sholas infheicthe nó mar radaíocht de chineál eile a astaíos Eta Carinae a cuid fuinnimh.

Chomh mór millteanach is atá Eta Carinae, creideann na réalteolaithe go bhfuil ollnóva i ndán di, agus go n-iompóidh sí ina dúpholl ina dhiaidh sin. Le fírinne chuirfeadh na pléasca is na brúchta ar Eta Carinae ollnóvaí i gcuimhne duit, ach ní ollnóvaí iad i gciall cheart an fhocail, nó fanann an réalta ina réalta i ndiaidh na n-imeachtaí seo, is é sin ní dhéantar neodrónréalta ná dúpholl di. Nóvaí ateagmhasacha atá i gceist mar sin ach is ábhar iontais é an fás a thagas ar ghile na réalta le linn na mbrúchta seo. Is féidir ollnóvaí bréige a thabhairt orthu, nó ”ollnóvaí den chineál V”; nuair a bhíos brúchta cosúla le haithint ar réaltaí eile, is minic a dhealraítear le hEta Carinae iad (”imeachtaí i stíl Eta Carinae”).

Cill fhótaileictreach: is éard atá i gceist lena leithéid ná gléas a tháirgeas leictreachas nuair a bhuaileas an solas é, ionas go dtugann athruithe ar an leictreachas sin de réir athruithe an tsolais. Tá an chill fhótaileictreach bunaithe ar an bhfeiniméan fisice a dtugtar iarmhairt fhótaileictreach air.

Cineálacha lonrachais: Is éard atá i gceist leis na cineálacha lonrachais ná aicmiú na réaltaí de réir chomh lonrúil is atá siad. Sa chéad leagan den rangú seo ní raibh ach cúig aicme, is é sin, I, II, III, IV agus V – na huimhreacha Rómhánacha óna haon go dtí a cúig. Sa chóras seo, bhí I ag seasamh do na hollfhathachréaltaí, agus V ag tagairt do réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian s’againn. Ina dhiaidh sin, rinneadh athruithe agus fairsingiú ar an gcóras: mar sin, tá aicme na n-ollfhathach roinnte ina lán fochatagóirí (0, Ia, Iab, Ib) agus cúpla catagóir nua curtha leis an gcóras do na habhaic is lú freisin (sd = sub-dwarf an Bhéarla, nó fo-abhac, agus D = dwarf an Bhéarla, is é sin abhacréalta bhán).

Ba iad na réalteolaithe William Morgan, Philip Keenan agus Edith Kellman a d’oibrigh amach an córas aicmiúcháin seo i dtús na 1940idí, agus dá réir sin is gnách ”córas Morgan-Keenan” nó ”córas MKK” a thabhairt air. Bhí siad ag obair i Réadlann Yerkes – tá an réadlann seo suite i Wisconsin, ach is cuid d’Ollscoil Chicago í. An leagan den rangú atá in úsáid inniu téann sé siar go dtí na caogaidí.

Ciogal Mheatóin: Is ionann ”ciogal Mheatóin” agus 235 mhí gealaí. D’aithin an réalteolaí sean-Ghréagach Meatón gurb ionann, beagnach, naoi mbliana déag agus 235 mhí gealaí (níl de dhifríocht ach dhá uair an chloig, má ghlactar leis gurb ionann an ”bhliain” agus bliain na gréine (an bhliain thrópaiceach). Bhí tábhacht nár bheag ag baint le ciogal Mheatóin i bhféilireacht na seanársaíochta.

Ciogal na ngrianspotaí: peiriad na n-athruithe a thagas ar ghníomhaíocht mhaighdéanach na Gréine agus ar na grianspotaí, ar toradh don ghníomhaíocht sin iad. Tógann sé tuairim is aon bhliain amháin ar an nGrian ciogal den chineál seo a chur di.

Ciogal Sótach: Má chloítear leis gurb ionann bliain amháin agus trí chéad cúig lá is trí scór (365 lá), beidh an féilire chun deiridh ar shéasúir na bliana. Tógfaidh sé aon chiogal Sótach amháin go mbeidh an féilire cothrom leis an mbliain arís. Is ionann aon chiogal amháin agus míle ceithre chéad is trí scór bliain (1460 bliain) de réir fhéilire Iúil, nó bliain amháin thar an méid sin (1461 bhliain) de réir fhéilire na sean-Éigipteach (is ionann bliain sean-Éigipteach agus 365 lá go cothrom). Tá an aidiacht sin Sótach bunaithe ar Sotis, arbh é ainm na nÉigipteach ar an réalta úd Sirius (le fírinne, is leagan Gréigise é den ainm Éigiptise Sopdet), nó ba nós leis na hÉigiptigh a shíleadh gurb é éirí héiliacach na réalta sin tús na bliana. (An bhliain a shainmhínítear de réir éirí héiliacach na réalta seo, tugtar bliain Shótach uirthi, agus í tuairim is aon nóiméad amháin níos faide ná an bhliain thrópaiceach, is é sin, bliain na Gréine.)

Ciorcal an diallais: an ciorcal i ngléasadh meánchiorclach an teileascóip ar a socraítear an diallas, is é ciorcal an diallais é.

Ciorcal comhlárnach: Ciorcail chomhlárnacha iad na ciorcail arb ionann a lárphointe. Dhá chiorcal comhlárnacha nach ionann a nga, tugtar fáinne ar an réigiún eatarthu.

Ciorcal éalárnach: Ciorcail a bhfuil ceann acu go hiomlán taobh istigh den cheann eile, agus nach ionann a lárphointe, is ciorcail éalárnacha iad.

Ciorcal polach: Ciorcail pholacha iad an ciorcal Artach agus an ciorcal Antartach. Taobh istigh den chiorcal pholach caitheann an Ghrian tréimhse níos faide ná lá is oíche amháin os cionn na léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana (grian an mheán oíche, mar a déarfá), agus tréimhse níos faide ná sin taobh thíos den léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana chomh maith.

Ciseal cúlaithe: Is é an ciseal cúlaithe an ciseal i gcrómaisféar na Gréine, díreach os cionn an fhótaisféir. Is ansin a fhágtar na línte ionsúcháin ar speictream na Gréine.

Ciseal Kennelly-Heaviside: Cuid d’ianaisféar an Domhain é ciseal Kennelly-Heaviside, nó an tE-chiseal, nó an tE-réigiún. Gás ianaithe atá sa chiseal seo, agus é suite 90-150 ciliméadar os ár gcionn. Frithchaitheann ciseal Kennelly-Heaviside radathonnta meánmhinicíochta, rud a chiallaíos gur féidir leis iad a iompar thar an léaslíne.

Fuair an ciseal a ainm ó Arthur Edwin Kennelly, innealtóir leictreach Gael-Mheiriceánach, agus ón bhfisiceoir féinteagasctha Sasanach Oliver Heaviside.

Ciseal vialait: Is éard atá i gceist leis an gciseal vialait ná ciseal cáithníní sa chuid is airde thuas d’atmaisféar Mharsa, agus é ag stopadh an tsolais chorcra, an tsolais vialait agus an tsolais ultraivialait.

Cisghealaí: An réigiún den spás atá suite idir atmaisféar an Domhain agus fithis na Gealaí, deirtear gurb é an spás cisghealaí é, is é sin, an spás ar ár dtaobh féin den Ghealach. An spás taobh amuigh den spás cisghealaí, arís, is é an cianspás é. Gineadach baininscneach é an focal sin cisghealaí go foirmiúil, ach ní úsáidfeá an fhoirm cisghealach. D’fhéadfá ”an spás trasghealaí” a thabhairt ar an gcianspás chomh maith.

Claíomh Oiríon: Astaireacht, nó grúpa réaltaí, é Claíomh Oiríon atá le feiceáil i réaltbhuíon an Bhodaigh (Oiríon) taobh thíos de Shlat an Bhodaigh (Crios Oiríon, an Fhearsaid). Tá Claíomh Oiríon comhdhéanta as 42 Orionis, Theta Orionis, agus Iota Orionis chomh maith le Réaltnéal an Bhodaigh, nó Réaltnéal Oiríon, arb é réad uimhir a 42 i gcatalóg Messier agus réad uimhir a 1976 sa Nua-Chatalóg Ghinearálta é (M42, NCG1976).

Clann chóiméad: Bíonn na cóiméid ghearrthréimhseacha ag fithisiú na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus go tipiciúil tá cianphointe (apaihéilean) an chineál sin cóiméid suite sa réigiún den ghrianchóras ina bhfuil na pláinéid mhóra le fáil. An pláinéad a bhfuil cianphointe an chóiméid suite in aice lena fhithis, deirtear gur de chlann an phláinéid sin an cóiméad. Clann chóiméad thábhachtach í clann Iúpatair, cuir i gcás.

Claonadh fithise: Is éard atá i gceist le claonadh na fithise ná an ghualainn idir fithis an phláinéid (nó a leithéide de réad) agus plána (leibhéal) tagartha éigin. Más ag trácht ar fhithisí na bpláinéad timpeall na Gréine atáimid, is iad na gnáthphlánaí tagartha ná an t-éiclipteach (an leibhéal a ritheann fithis an Domhain tríd), an plána a ritheann meánchiorcal na Gréine tríd, agus an plána do-athraitheach, nó plána Laplace (an leibhéal a bhfuil baralár, nó meáchanlár, an Ghrianchórais suite ann).

Clóirín: Is é an clóirín dúil cheimiceach uimhir a 17, agus is é Cl an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Ceann de na halaiginí é an clóirín, cosúil leis an bhfluairín, an bróimín, an t-iaidín agus an t-astaitín, agus mar sin, tá aon leictreon amháin de dhíth air leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Is gás uaine nó buí-uaine é an clóirín le teocht an tseomra, agus é comhdhéanta as móilíní dhá adamh, Cl2. Fuair an clóirín a ainm ó dhath an gháis, nó is é is brí leis an bhfocal Gréigise úd khloros ná ”bánuaine”.

Tá an clóirín 35.45 aonad ar mheáchan adamhach. Is iad na hiseatóip chobhsaí ná 35Cl (trí cheathrú cuid de chlóirín an dúlra) agus 37Cl (aon cheathrú cuid amháin de chlóirín an dúlra). Tá a leithéid d’iseatóp ann agus 36Cl freisin, ach is radanúiclíd é nach bhfuil ach rianta di le fáil sa dúlra.

Is í an chomhdhúil is simplí dá bhfuil ag an gclóirín ná an chlóiríd hidrigine, HCl. Má thuaslagtar san uisce é, gheofar aigéad hidreaclórach. Aigéad láidir é an t-aigéad hidreaclórach, agus mar sin, is gás nimhe í an chlóiríd hidrigine. Tagann an t-aigéad seo isteach úsáideach sa tionsclaíocht, áfach, agus mar sin is ceimiceán é a tháirgtear go forleathan ar fud an domhain.

Tugtar aqua regia nó ”uisce an rí” ar thuaslagán measctha an aigéid nítrigh agus an aigéid hidreaclóraigh. Creimeann an tuaslagán seo ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór. Is í an tríchlóiríd óir, AuCl3, is toradh don imoibriú sin.

Ocsaídeoir láidir é an clóirín agus é araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin is nimh dhainséarach é an gás clóirín, agus le fírinne ba é an chéad ghás nimhe ar baineadh triail as i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda mar arm ceimiceach ollscriosta. Aon duine a léigh, abair, an dán Dulce et Decorum Est le Wilfred Owen, tá a fhios aige nach ábhar magaidh é an t-ionsaí clóirín. D’éirigh an dá thaobh as an gclóirín go sciobtha, áfach, nuair a tháinig gáis ab fhearr ná é chun úsáide: an fhoisgéin (an chlóiríd charbóinile), ach go háirithe – tá dhá adamh clóirín i móilín na foisgéine chomh maith le hadamh amháin carbóin agus ceann amháin ocsaigine, is é sin, Cl2CO an fhoirmle. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an fhoisgéin ar na scamhóga, ionas go líontar le leacht iad – mar a bheadh an duine á bhá ar talamh tirim. Níl boladh chomh láidir as an bhfoisgéin agus atá as an gclóirín, áfach – chuirfeadh boladh na foisgéine féar tirim i gcuimhne duit. Mar sin is féidir leis an bhfoisgéin dochar tromchúiseach a dhéanamh do na scamhóga i nganfhios don tsaighdiúir – scéal eile é an clóirín, nó d’aithneodh an saighdiúir a bholadh agus rachadh sé ar lorg a ghásphúicín in am.

Nuair a rachas an clóirín i gcomhdhúile le miotail, iompóidh sé ina ian clóiríde, Cl. Tá an t-ian clóiríde breá cobhsaí, agus níl sé nimhiúil ann féin. Clóirídí tábhachtacha iad an chlóiríd sóidiam NaCl, nó gnáthshalann, agus an chlóiríd amóiniam NH4Cl, a úsáidtear le tuilleadh blas a chur le milseáin liocrais. Cineál salann é an chlóiríd chailciam freisin, CaCl2. Is dual don chlóiríd chailciam uisce a ól chuici óna timpeallacht – is substaint thais-scópach í mar a deir an téarmaíocht – agus mar sin scaiptear ar na bóithre í le hiad a choinneáil tirim. An chuid is mó de na salainn chlóiríde tá siad so-thuaslagtha san uisce, ach is í an chlóiríd airgid AgCl an eisceacht mhór. Sin é an tuige go n-úsáidtear an níotráit airgid AgNO3 mar imoibrí leis na hiain chlóiríde a aithint: má chuirtear níotráit airgid le tuaslagán a bhfuil iain chlóiríde ann, rachaidh na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile le criostail a dhéanamh, agus beidh deascadh clóiríde airgid ann ar an toirt.

Tá aithne ag an gcine daonna ar chomhdhúile clóirín cosúil leis an ngnáthshalann ón réamhstair anuas, ach ba é Carl Wilhelm Scheele an chéad cheimiceoir a d’aonraigh gás clóirín agus a rinne taighde ceart ar airíonna na substainte seo, sna 1770idí. Shíl sé, áfach, gur comhdhúil de shórt éigin a bhí ann. Ba é an ceimiceoir Humphry Davy ó Chorn na Breataine a d’aithin, sa bhliain 1810, gur dúil cheimiceach a bhí i gceist, agus ba eisean a bhaist an dúil sin.

Tá sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín: an t-aigéad hipeaclórúil HClO (nó HOCl, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad clórúil HClO2 (nó HOClO), an t-aigéad clórach HClO3 (nó HOClO2) agus an t-aigéad sárchlórach HClO4 (HOClO3). Ní féidir ach an ceann deireanach acu a aonrú ón uisce; an trí cinn eile is comhdhúile éagobhsaí iad nach maireann taobh amuigh den tuaslagán uisce. Is féidir leo salainn a dhéanamh le hiain mhiotail, áfach – hipeaclóirítí, clóirítí agus clóráití. Ocsaídeoirí láidire iad, agus is mar ocsaídeoirí a úsáidtear iad – bléitseálann an hipeaclóirít sóidiam NaOCl teicstilí, mar shampla.

Maidir leis an aigéad sárchlórach, tá sé i bhfad níos cobhsaí ná ocsaigéid eile an chlóirín. Aigéad thar a bheith láidir é, níos láidire ná an t-aigéad nítreach féin. Is féidir é a aonrú ón uisce, ach is ábhar sophléasctha é, chomh maith lena chuid salann – na sárchlóráití. Ocsaídeoir láidir é freisin, ar ndóigh. Is é an bhaint atá ag an aigéad sárchlórach le cúrsaí an spáis ná go n-úsáidtear an tsárchlóráit amóiniam mar bhreosla sna roicéid; thairis sin d’aithin gléasra an spástaiscéalaí úd Phoenix Mars Lander sa bhliain 2008 go raibh sárchlóráit mhaignéisiam agus sárchlóráit chailciam le fáil in úir Mharsa. Bíonn salainn an aigéid shárchlóraigh an-sothuaslagtha san uisce, de ghnáth. Tá an tsárchlóráit airgid féin sothuaslagtha san uisce agus ina lán tuaslagóirí eile. Scéal eile é áfach go bhfuil an tsárchlóráit photaisiam dothuaslagtha, agus mar sin úsáidtear an t-aigéad sa cheimic anailiseach leis na hiain photaisiam, K+, a aithint.

Tá a lán ocsaídí ag an gclóirín freisin: an aonocsaíd déchlóirín Cl2O, an dé-ocsaíd chlóirín ClO2, an heacsocsaíd déchlóirín Cl2O6, an trí-ocsaíd déchlóirín Cl2O3, an heaptocsaíd déchlóirín Cl2O7, agus roinnt eile. Maidir leis an heaptocsaíd déchlóirín, is ainhidríd í don aigéad sárchlórach – is é sin má thagann sí i dteagmháin le huisce imoibreoidh sí leis an uisce le haigead sárchlórach a dhéanamh.

Cóiméad réalta scuaibe, réalta eireabaill, réalta mhongach scuabréalta a thugtar ar réad beag a thagas ó imeall an Ghrianchórais i dtreo na Gréine, ionas go bhfeictear radaíocht na Gréine ag baint damhna den réad, agus an damhna sin ag lasadh suas mar a bheadh eireaball solais ag an réad.

Go bunúsach, ní bhíonn i gceist le cóiméad ach leac oighir den chineál atá flúirseach i scamall Oort agus i gcrios Kuiper, ar imeall an ghrianchórais. An dóigh a dtéann imtharraingt na réaltaí is gaire dúinn i bhfeidhm ar an scamall sin, bíonn corraíl ann, agus de thoradh na corraíola sin a fhágas na cóiméid an scamall le bealach a dhéanamh i dtreo na Gréine.

Tugtar núicléas ar an gcnap oighir féin. Timpeall an núicléis atá an cóma, is é sin, an t-atmaisféar tanaí agus é comhdhéanta as móilíní uisce agus pé cineál damhna eile atá sa núicléas féin. As an gcóma a dhéantar eireaball an chóiméid.

Is é an t-eireaball nó an scuab an ghné is feiceálaí den chóiméad. Is éard atá ann ná ábhar a bhaintear de dhromchla an chóiméid faoi bhrú na radaíochta ón nGrian agus na grianghaoithe. Le fírinne áfach is minic is féidir dhá eireaball éagsúla a aithint ag an gcóiméad – an t-eireaball dusta agus an t-eireaball gáis – ós rud é go bhfuil ábhar eile ann – dusta cloiche (sileacáití) i mbreis ar an oighear. Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach ní hionann luas a ngluaiseachta.

Bíonn na cóiméid ag dul timpeall na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus is gnách iad a aicmiú ina dhá ngrúpa, mar atá, na cóiméid ghearrthréimhseacha agus na cóiméid fhadtréimhseacha. Is as scamall Oort taobh thiar de Neiptiún a thagas na cinn ghearrthréimhseacha, agus is as crios Kuiper, an t-imeallbhord is faide ón nGrian, do na cóiméid fhadtréimhseacha. Is iad na cóiméid ghearrthréimhseacha na cinn a chríochnaíos turas amháin timpeall na Gréine in aghaidh an dá chéad bliain, nó níos minice, agus is iad na cinn fhadtréimhseacha na cinn a dtógann sé níos mó ama orthu. Tá cóiméid neamhthréimhsiúla ann fosta, is é sin cóiméid nach bhfanann sa Ghrianchóras tar éis an chéad turas a thabhairt i dtreo na Gréine.

Téann imtharraingt na réad mór – imtharraingt na bpláinéad, cuir i gcás – i bhfeidhm ar na cóiméid ó am go ham, agus tarlaíonn sé go mbuaileann cóiméad faoi phláinéad. Sampla clúiteach de seo is ea cóiméad Shoemaker-Levy a bhuail Iúpatar sa bhliain 1994: ar dtús thit an cóiméad seo as a chéile, agus ansin bhuail na hiarsmaí an pláinéad. Ba mhillteanach an phléasc a bhí ann, agus ar ndóigh bhí an t-imbhualadh seo tábhachtach do na réalteolaithe. Threisigh sé leis an tuairim atá ag cuid mhór acu gur sciath chosanta é Iúpatar atá ag dul idir an Domhan agus dreigeoidigh nó cóiméid ó imeall an ghrianchórais.

Cóiméad Arend-Roland a thugtar ar an gcóiméad a d’aithin na réalteolaithe Sylvain Arend agus Georges Roland thiar sa bhliain 1956. Bhí sé geal as an ngnáth nuair a tháinig sé i ngar don Domhan, agus mar sin áirítear ar na cóiméid mhóra i stair na réalteolaíochta é. Cóiméad neamhthréimhsiúil a bhí ann, is é sin, d’imigh sé as an nGrianchóras tar éis dó a pheirihéilean (a gharphointe don Ghrian) a fhágáil ina dhiaidh.

Cóiméad Biela: Fuair an cóiméad seo a ainm ó Wilhelm von Biela, oifigeach Ostarach de phór na Gearmáine a raibh suim aige sa réalteolaíocht. Ba iad Jacques Montaigne agus Charles Messier (an fear céanna a chuir i dtoll le chéile catalóg na réaltnéalta!), roimh aon eolaí eile, a d’aithin an cóiméad seo beag beann ar a chéile sna 1770idí, ach ba é Biela a d’oibrigh amach, sa bhliain 1826, mionsonraí matamaitice na fithise agus a dheimhnigh tréimhse imrothlaithe an chóiméid – tuairim is 6.6 bliain.

Sa bhliain 1845, chonaic na réalteolaithe go raibh dhá leath déanta den chóiméad, agus ina dhiaidh sin, thit Cóiméad Biela as a chéile. Níor fágadh ach dreigechith de – na hAndraiméidídí nó na Bílídí – agus níl an dreigechith sin féin le feiceáil a thuilleadh inniu.

Cóiméad Donati: Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Battista Donati a chuir an chéad sonrú sa chóiméad seo thiar sa bhliain 1858. Bhí cóiméad Donati ar an gcéad chóiméad ar tógadh grianghraf de riamh. Ceann de chóiméid mhóra na staire é chomh feiceálach is a bhí sé, agus deireadh lucht na comhaimsire gurbh é an cóiméad ab áille a chonacthas riamh – ar a laghad chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm ar a lán ealaíontóirí mar inspioráid. Glactar leis gur cóiméad fadtréimhseach é nach bhfillfidh ach sa cheathrú mílaois.

Cóiméad Encke: Cóiméad gearrthréimhseach é Cóiméad Encke nach dtógann sé ach tuairim is trí bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine. Cuireadh sonrú sa chóiméad seo san ochtú haois déag, ach is é an t-ainm a fuair sé ná sloinne an réalteolaí a d’oibrigh amach mionsonraí a fhithise sa bhliain 1819, mar atá, Johann Franz Encke.

Cóiméad Halley: Ceann de chóiméid mhóra na staire é an cóiméad seo. Tógann sé cúig bliana déag is trí scór air imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Bíonn sé le feiceáil go soiléir ón Domhan nuair a thagas sé i ngar don Ghrian, agus na teoiricí atá ag na réalteolaithe i dtaobh na gcóiméad tá siad, cuid mhór, bunaithe ar na breathnuithe a rinneadh ar an gcóiméad áirithe seo. Cosúil le Cóiméad Encke, tá an cóiméad seo ainmnithe as an matamaiticeoir a d’oibrigh amach airíonna a fhithise, seachas as an duine a chuir an chéad sonrú ann. Edmund Halley a bhí ar an eolaí sin, agus rinne sé an t-éacht i dtús na hochtú haoise déag. Chonaic Halley an cóiméad le súile a chinn féin sa bhliain 1682, agus bhí sé in ann filleadh an chóiméid a thairngreacht sách cruinn, ach fuair sé féin bás breis is deich mbliana sula bhfacthas a chóiméad arís.

Cóiméad Holmes: Ba é an réalteolaí Sasanach Edwin Holmes a chuir an chéad sonrú sa chóiméad áirithe seo sa bhliain 1892. Tógann sé sé bliana agus deich mí, a bheag nó a mhór, ar chóiméad Holmes turas amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cuid súl ann.

Cóiméad Ikeya-Seki: Cóiméad fadtréimhseach é an cóiméad seo ar chuir na réalteolaithe Seapánacha Kaoru Ikeya agus Tsutomu Seki sonrú ann sa bhliain 1965. Tháinig cóiméad Ikeya-Seki an-chóngarach don Ghrian agus rinneadh trí chuid de, ach má rinneadh, chloígh na codanna sin lena seanruthag ina dhiaidh sin féin. Nuair a d’imigh an cóiméad ó lár an ghrianchórais, ní fhacthas arís é.

Cóiméad Kohoutek: Ba é an réalteolaí Seiceach Luboš Kohoutek a chuir an chéad sonrú sa chóiméad áirithe seo. Chonacthas sa bhliain 1973 é, agus bhain sé amach a gharphointe don Ghrian faoi dheireadh na bliana. Cóiméad fadtréimhseach é nach bhfeicfear arís ach i gceann seachtó is cúig mhíle bliain. Ba é an chéad chóiméad riamh a ndearnadh breathnuithe air ó spásbháid – ba iad an spás-stáisiún Sóivéadach Soyuz a Trí Dhéag agus an ceann Meiriceánach Skylab a Ceathair a bhí i gceist.

Cóiméad Pons-Winnecke: Seo cóiméad ar chuir an réalteolaí Francach Jean-Louis Pons an chéad sonrú ann sa bhliain 1819. Chuaigh an cóiméad seo as radharc ar na réalteolaithe idir an dá linn, ach ansin rinne an Gearmánach Friedrich August Theodor Winnecke a athfhionnachtain sa bhliain 1858. Cóiméad gearrthréimhseach é nach dtógann sé ach corradh is sé bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine.

Coimhdire a thugtar ar an gcomhbhall is lú i ndéréalta – is coimhdire é Sirius B, mar shampla.

Cóimheas Pogson: Ar scála logartamach na gile, tá réalta na séú méide céad oiread níos gile ná réalta na chéad mhéide. Is é is impleacht dó sin ná, más ionann gile na réalta seo agus m, agus más í gile na réalta úd eile agus m + 1, de réir an scála, is é is brí leis sin ná go bhfuil an réalta úd eile timpeall is 2.512 oiread níos gile ná an réalta seo. Is í an uimhir sin cóimheas Pogson. Le bheith beacht, is ionann cóimheas Pogson agus an cúigiú fréamh as céad, is é sin, más ionann x5 (cúigiú cumhacht an x) agus 100, is ionann x agus cóimheas Pogson. Ba é an réalteolaí Sasanach Norman Robert Pogson a d’oibrigh amach an córas seo faoi lár na naoú haoise déag.

Coindrít a thugtar ar dhreigít atá fáiscthe as dusta agus mionábhar eile spáis, agus cáithníní an mhionábhair seo le haithint i gcónaí mar choindriúil sa chloch. Deoirín damhna é an coindriúl a ghreamaigh den dreigeoideach amuigh sa spás.

An Choirceog an t-ainm Gaeilge ar Praesepe nó réad uimhir a 44 i gcatalóg Messier (M44). Réaltbhraisle oscailte í atá le feiceáil i réaltbhuíon an Phortáin, agus í ar na braislí oscailte is cóngaraí dúinn. Tá réaltaí na Coirceoige suite faoi chúig nó sé chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus is léir óna ndualghluaisne go bhfuil baint éigin ag an gCoirceog le braisle Hyades. Tá timpeall ar mhíle réalta sa Choirceog agus iad nasctha dá chéile ag an imtharraingt; an chuid is mó acu tá siad sách beag, ach d’aithin na réalteolaithe cúig fhathachréalta ansin chomh maith. Ba é Galileo Galilei, roimh aon duine eile, a rinne breathnuithe teileascóip ar an gCoirceog, agus é in ann dhá scór réalta a aithint thar a chéile ansin.

An Colgán Dorado an réaltbhuíon atá suite idir an Siséal, an Clog, an Líontán, an Phéist Bheag, an Tábla, an tIasc Eitilte, agus an Péintéir. Ba é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a shainigh an réaltbhuíon seo sa tseachtú haois déag. Ar feadh i bhfad áfach ní raibh na réalteolaithe ar aon tuairim faoi ainm ceart na réaltbhuíne seo, nó is iomaí duine acu a thugadh Xiphias uirthi – ainm Laidine nó Gréigise ar an gcolgán. Ainm Portaingéilise é Dorado, áfach. Doradus an ginideach Laidine de Dorado a úsáidtear in éineacht le hainmneacha na litreach Gréagach i gcóras ainmníochta Bayer: Alpha Doradus, Beta Doradus, Gamma Doradus…

Is í an réalta is gile sa Cholgán ná Alpha Doradus, ar déréalta í: réaltaí teo bánghorma iad an dá chomhbhall, agus iad cúpla oiread níos troime, níos mó ná an Ghrian. Tá siad chomh lonrúil áfach is go n-aicmítear mar fhathachréaltaí iad. Le bheith beacht, fo-fhathach atá i gceann acu, agus fíorfhathach sa cheann eile. A-réalta é an fathach, agus is B-réalta é an fo-fhathach, de réir an speictrim.

Tá an chuid is mó de Scamall Mór Magellan le feiceáil sa Cholgán.

An Colm Columba a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Madra Mór, an Giorria, an Siséal, an Péintéir, agus Deireadh na Loinge. Is gnách glacadh leis gurbh é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a cheap an réaltbhuíon seo is a d’ainmnigh í i ndeireadh na séú haoise déag, cé go bhfuil leideanna ann gur réaltbhuíon thraidisiúnta a bhí ann i ndáiríribh. Is ar éigean is féidir a rá go mbeadh cuid súl sa Cholm. Phact, nó Alpha Columbae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fo-fhathach B-aicme atá i gceist, agus é suite faoi 260 solasbhliain dínn. Wazn an seanainm atá ar Beta Columbae, an dara réalta is gile. Réalta fhlannbhuí K-aicme í, agus í suite faoi 87 solasbhliana dínn.

Colúr a thugtar ar cheann de dhá phríomh-fhadlíne an sféir neamhaí. Is é colúr an ghrianstad an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá ghrianstad (is é sin, túsphointe Cancer agus túsphointe Capricornus). Is é an colúr cónochta an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá chónocht (is é sin, túsphointe Aries agus túsphointe Libra).

Cóma an focal is bunús le ”cóiméad”: is éard atá sa chóma ná ”atmaisféar” an chóiméid. Móilíní uisce agus dusta is mó a bhíos ann. Thairis sin aithnítear comhdhúile ceimiceacha simplí eile seachas uisce i gcóma na gcóiméad: dé-ocsaíd charbóin (CO2), aonocsaíd charbóin (CO), suilfíd hidrigine (H2S), ciainíd hidrigine (HCN) agus formaildéad (HCHO), mar shampla.

Comharthaí an Stoidiaca a thugtar ar na teascóga den éiclipteach a chomhionannaítear le réaltbhuíonta an Stoidiaca san astralaíocht. Sainmhínítear na comharthaí seo de réir réalteolaíocht na sean-Bhablóine, rud a chiallaíos nach bhfuil na réaltbhuíonta agus na comharthaí ag freagairt dá chéile a thuilleadh, nó tháinig athrú áirithe ar an spéir idir an dá linn, chomh sean is atá na réaltchatalóga Bablónacha – is í luainíocht na gcónocht is cúis leis an athrú seo. Thairis sin is ionann gach teascóg agus aon dóú cuid déag den éiclipteach, ach ar ndóigh tá réaltbhuíonta an Stoidiaca éagsúil maidir leis an gcuid den éiclipteach atá fúthu. Scéal eile fós go bhfuil réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna dingthe idir an Scairp agus an Saighdeoir, agus an t-éiclipteach ag rith tríthi, ach ina dhiaidh sin féin ní thugann lucht na hastralaíochta aitheantas dá leithéid de chomhartha stoidiaca.

Is iad comharthaí an Stoidiaca ná an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an Leon, an Mhaighdean, an Mheá, an Scairp, an Saighdeoir, an Gabhar, an tUisceadóir, agus na hÉisc. ”An tUisceadóir” an t-ainm Gaeilge a bhíos ag lucht scríofa na dtuismeánna ar an gcomhartha úd Aquarius, ach is é ”Iompróir an Uisce” an t-ainm a mholas an Foclóir Réalteolaíochta don réaltbhuíon.

Comhathrú an domhanleithidguagadh Chandler a thugtar ar ghné áirithe de nútú an Domhain, is é sin, ar an athrú a thagas ar an mbaint atá ag ais rothlúcháin an Domhain lenár bpláinéad féin mar chorp soladach. Athrú tréimhsiúil é guagadh Chandler. Ba é an geolaí Meiriceánach Seth Chandler a d’aithin comhathrú an domhanleithid sa bhliain 1891.

Comhbhaill a thugtar ar na réaltaí a bhfuil córas déréaltach nó ilréaltach comhdhéanta astu.

Comhdhlúthuithe corónacha a thugtar ar limistéir áirithe i gcoróin na Gréine atá níos teo agus níos gile ná a bhfuil ina dtimpeall. Tá baint acu le gníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine.

Comhéifeacht athraonta an uimhir a thugas coibhneas luas an tsolais san fholús agus luas an tsolais i meán áirithe. Mar shampla, tá an t-uisce 1.333 ar chomhéifeacht athraonta, rud a chiallaíos go bhfuil an solas aon tríú cuid níos sciobtha san fholús ná san uisce.

Ní mór aird a thabhairt air go bhfuil an chomhéifeacht athraonta bunaithe ar luas na dtonnta solais. Mar sin, is féidir di bheith beagáinín níos ísle ná a haon. Sa chás sin féin áfach ní bhristear an dlí nádúrtha a deir nach dtig luas an tsolais a shárú, nó ní iompraíonn na tonnta féin aon chineál eolais ná damhna. Má thagann athrú ar mhinicíocht an tsolais, áfach, ní sháróidh luas forleata an athraithe sin luas an tsolais, ós iompróir eolais, nó fiú giota eolais ann féin, atá san athrú sin.

Comhiompar an focal a thagraíos d’aistriú an teasa trí aistriú na móilíní nó na n-adamh – is é sin, nuair a bhíos na móilíní nó na hadaimh ag gluaiseacht, bíonn siad ag iompar an teasa agus an fhuinnimh leo. Is é an comhiompar is cúis le haistriú an teasa sa chuid eachtrach den Ghrian, a dtugtar crios an chomhiompair uirthi; taobh istigh de chrios an chomhiompair atá crios na radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á iompar ag an radaíocht, seachas ag na móilíní nó na hadaimh.

Comhlínitheoir a thugtar ar ghléas a úsáidtear le solas nó radaíocht a chomhlíniú – is é sin, leis na gathanna a stopadh ó spré agus a choinneáil go tiubh in aice le chéile. Solas an-chomhlínithe atá i gceist leis an solas léasair, agus d’fhéadfá a rá go bhfuil an léasar ar an gcomhlínitheoir is láidire amuigh.

Comhlionsa atá i gceist le lionsa atá curtha i dtoll le chéile as lionsaí éagsúla agus iad déanta as cineálacha éagsúla gloine. Úsáidtear comhlionsaí leis na hiomraill optúla sna lionsaí a íosmhéidiú. Sampla tábhachtach de seo is ea an comhlionsa neamhchrómatach. Go bunúsach, ní hionann an fócas do na tonnfhaid éagsúla i lionsa aonair, rud a tharraingíos iomrall crómatach (iomrall datha), ionas go bhfeictear, abair, sórt ”bogha báistí” de dhathanna timpeall ar an réalta sa teileascóp. Comhlionsaí neamhchrómatacha iad na comhlionsaí atá ceaptha go speisialta le baint den iomrall chrómatach.

Comhordanáidí neamhaí a thugtar ar na comhordanáidí a úsáideas na réalteolaithe le háit na rinne neimhe ar an spéir a shocrú is a shainmhíniú. Bíonn córais éagsúla chomhordanáidí acu le haghaidh cuspóirí éagsúla:

  • Córas na léaslíne. Tá an córas seo bunaithe ar an áit a bhfuil an breathnóir féin suite ar dhroim an Domhain. Is í an léaslíne a shocraíos bunphlána an chórais agus nialas an leithid (is é sin, nialas na hairde). Is iad poil an chórais seo ná an forar (an pointe os cionn an bhreathnóra) agus an nadair (an pointe taobh thíos den bhreathnóir). Tugtar airde (leithead) agus asamat (fad) ar na comhordanáidí. Is féidir tuaisceart nó deisceart na léaslíne a úsáid mar nialas don fhad (don asamat).
  • Córas an mheánchiorcail. Is féidir an córas seo a bhunú ar lárphointe an Domhain (an leagan geolárnach den chóras, mar a déarfá) nó ar lárphointe na Gréine (an leagan héilealárnach den chóras). Is é an meánchiorcal neamhaí nialas an leithid, agus is é cónocht an Earraigh nialas an fhaid. Diallas a thugtar ar an leithead sa chóras seo, agus tá dhá fhad éagsúla ann: an cheartairde (an ceartéirí, an dronéirí, an dronairde) agus an uair-uillinn. Tá an cheartairde ag dul i méadaíocht soir, agus an uair-uillinn ag dul i méadaíocht siar. Cé gur uaillinn atá i gceist leis an gceartairde chomh maith leis an uair-uillinn, tugtar an dá rud in aonaid ama seachas in aonaid stua, ionas gurb ionann an ciorcal iomlán agus ceithre huaire is fiche ar an gclog.
  • Córas an éicliptigh. Tá an leagan geolárnach agus an leagan héilealárnach ann. Is é an t-éiclipteach is nialas don leithead, agus is é cónocht an Earraigh is nialas don fhad. Tugtar fad éicliptigh agus leithead éicliptigh ar an bhfad agus ar an leithead sa chóras seo.
  • Córas na gcomhordanáidí réaltracha. Is é lárphointe na Gréine bunphointe na gcomhordanáidí. Is é plána an réaltra is nialas don leithead, agus is é lárphointe an réaltra is nialas don fhad. Tá an pol thuaidh suite i bhFolt Bheirnicé, agus an pol theas sa Dealbhóir.

Compánach is féidir a thabhairt ar cheann de na réaltaí sa déréalta. Is gnách compánach nó coimhdire a thabhairt ar an gcomhbhall is laige: mar shampla, is ionann ”compánach Sirius” agus Sirius B.

Comparadóir caochaíola an gléas d’úsáidtí sna laethanta a bhí le dhá ghrianghraf réalteolaíocha den limistéar chéanna den spéir a chur i gcomparáid le chéile. D’fhéadfadh an réalteolaí dul ó ghrianghraf amháin go grianghraf eile go sciobtha agus é in ann na difríochtaí a aithint – sonrú a chur i gcóiméad, abair, nó i réad eile a bhí ag gluaiseacht go luath i gcomparáid le cúlra suaimhneach na réaltaí i gcéin. Le gléas den chineál seo a d’aithin Clyde Tombaugh Plútón sa bhliain 1930, mar shampla. Ba é an fisiceoir Gearmánach Carl Pulfrich a chéadcheap an comparadóir caochaíola sa bhliain 1904.

Inniu, is fearr leis na réalteolaithe ríomhairí a úsáid le haghaidh comparáidí mar seo, agus is gnách na grianghrafanna réalteolaíocha féin a choinneáil i dtaisce i bhfoirm leictreach ar dhioscaí ríomhaire.

An Compás a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Riail, an Faolchú, an Ceinteár, Cros an Deiscirt, an Chuileog, agus Triantán an Deiscirt. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a shainigh is a d’ainmnigh an Compás (Circinus as Laidin) thiar san ochtú haois déag. Níl an Compás ar réaltbhuíonta feiceálacha na spéire; an réalta is gile atá ann, is é sin Alpha Circini, is réalta phríomhsheichimh í a dtagann athruithe (ascaluithe) ar a gile go tiubh – réalta mhearascalach a thugtar ar a leithéid. Níl Alpha Circini suite ach faoi leathchéad solasbhliain dínn.

Compás an MhairnéalaighPyxis Pyxis Nautica a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir na Seolta, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, agus an tAerchaidéal. Réaltbhuíon fhann é Compás an Mhairnéalaigh; is fathachréalta B-aicme í an réalta is gile i gCompás an Mhairnéalaigh (Alpha Pyxidis) agus í suite faoi naoi gcéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Ritheann plána Bhealach na Bó Finne trí Chompás an Mhairnéalaigh.

Compás diallais méadar diallais a thugtar ar an uirlis a úsáidtear leis an diallas maighnéadach (an difríocht idir tuaisceart an mhaighnéid agus an fíorthuaisceart) a thomhas.

Conair an lándorchadais: Má théann an Ghealach idir an Ghrian agus an Domhan, caithfidh sí a scáil ar an Domhan, rud ar a dtugtar urú gréine. Tá an Domhan agus an Ghrian araon níos mó ná an Ghealach, rud a chiallaíos nach féidir leis an nGealach iomlán an Domhain a fhágáil i ndorchadas. Ní bhíonn ach réigiún áirithe de dhroim ár bpláinéid faoi lánscáil na Gealaí, agus ar ndóigh tá an réigiún sin ag athrú de réir is mar atá an Domhan féin ag déanamh bulla báisín. Tugtar conair an lándorchadais ar an mbealach a leanas an lánscáil le linn an uraithe.

Cónasc atá i gceist má tá dhá rinn neimhe le feiceáil in aice a chéile – go bunúsach, más ionann an dronairde (an ceartéirí, an cheartairde) don dá réad, nó más ionann an diallas don dá réad. An pláinéad atá ag fithisiú na Gréine taobh istigh d’fhithis an Domhain, má tá sé i gcónasc agus é ar an taobh thall den Ghrian, deirimid gur cónasc uachtair atá i gceist. Más ar an taobh abhus den Ghrian atá sé, is éard atá i gceist ná cónasc íochtair.

Cónocht – Sa ghnáthchaint, is ionann an cónocht agus an lá atá ar aon fhad leis an oíche: cónocht an fhómhair agus cónocht an earraigh. Maidir leis na réalteolaithe, tugann siadsan cónocht ar phointe teagmhála an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh. Tá dhá phointe den chineál sin ann: cónocht an fhómhair (túsphointe Libra) agus cónocht an earraigh (túsphointe Aries). Ainmneacha stairiúla iad ”túsphointe Libra” agus ”túsphointe Aries”, nó, de thoradh luainíocht na gcónochtaí, tá na pointí sin suite i réaltbhuíonta eile ar fad inniu, seachas na cinn óna bhfuair siad a n-ainm. Réalteolaí sean-Ghréagach a bhaist mar sin iad, sé scór bliain roimh Chríost. Aries an t-ainm Laidine ar an Reithe, agus Libra a thugtar ar an Meá.

Copernicus an leagan Laidine de shloinne an réalteolaí Pholannaigh Mikołaj Kopernik, ach thar aon rud eile, is cráitéar millteanach ar an nGealach é Copernicus a fuair a ainm ón réalteolaí. Tá Copernicus timpeall ar dheich gciliméadar is ceithre scór ar trastomhas, agus é suite ar an taobh den Ghealach atá iompaithe inár dtreo. Is féidir é a fheiceáil gan dul ach i dtuilleamaí na ndéshúileach. Cráitéar réasúnta óg é Copernicus, agus le fírinne tugtar ”tréimhse Copernicus” ar an tréimhse is deireanaí i ngeolaíocht stairiúil na Gealaí.

cráitéar ar Mhars freisin a bhfuil an t-ainm céanna air, agus é thart ar thrí chéad ciliméadar ar trastomhas – i bhfad níos mó ná an ceann ar an nGealach.

Córas Cassegrain – Is éard atá i gceist leis seo ná dearadh teileascóip a chuireas ar ár gcumas frithchaiteoir (teileascóp scáthánbhunaithe, teileascóp frithchaiteach) a thógáil a bhfuil a fhad fócasach níos mó ná fad an ghléis féin. Is é is bunsmaoineamh do chóras Cassegrain ná go bhfuil scáthán mór cuasach ann agus poll ina lár. Frithchaithfidh an scáthán seo an solas ar scáthán beag dronnach atá suite os comhair an phoill. Ansin rachaidh an solas isteach sa pholl a bhfuil an fócas taobh thiar de.

Is gnách glacadh leis gurbh é an sagart agus an t-optaiceoir féinteagasctha Laurent Cassegrain a chéadcheap an dearadh seo sna 1870idí, ach is féidir gur rith an smaoineamh le hoptaiceoirí eile faoin am chéanna.

Córas héilealárnach a thugtar ar an tuiscint go bhfuil na pláinéid agus réadanna beaga eile an Ghrianchórais ag fithisiú na Gréine – d’fhéadfá ”córas grianlárnach” a thabhairt uirthi chomh maith. Rith an smaoineamh seo le réalteolaithe sean-Ghréagacha féin. An chéad duine acu a raibh tuiscint héilealárnach aige ar an nGrianchóras ba é Aristarchus ó Samos é. Ina dhiaidh sin, áfach, fuair an tuiscint gheolárnach (an tuiscint a chuir an Domhan i lárphointe na hollchruinne) an lámh in uachtar go ceann na gcéadta bliain, cé go raibh réalteolaithe áirithe fonnmhar locht a fháil air.

An leagan den gheolárnachas a bhí i bhfeidhm san am, is gnách córas Tholamaeis a thabhairt air. Ba é Claudius Ptolamaeus, nó Tolamaes mar a thugaimid air as Gaeilge, a d’fhág a ainm ar an gcóras sin. Mhair Tolamaes i gCathair Alastair (Alexandria) san Éigipt sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost. Saoránach Rómhánach a bhí ann, ach mar ba ghnách i gcúigí oirthearacha Impireacht na Róimhe, ba í an Ghréigis teanga a chuid scríbhinní.

Ba é an Polannach Mikołaj Kopernik, nó Nicolaus Copernicus as Laidin, a d’athbheoigh an córas héilealárnach sa bhliain 1514 leis an tráchtas beag úd Commentariolus. Nuair a bhí a shaol ag druidim chun deiridh, bhí sé ag obair ar shaothar eile, De revolutionibus orbium coelestium (”Faoi imrothluithe na reann neimhe”), a chuaigh i gcló faoin am a fuair sé bás, sa bhliain 1543.

Is minic a shíltear go raibh ar Chopernicus a thuiscint ar struchtúr an ghrianchórais a chosaint ar an Eaglais Chaitliceach nó go raibh an Eaglais go tréan in aghaidh an héilealárnachais. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhí Copernicus na scórtha bliain ag déanamh créafóige nuair a chuaigh an Eaglais chun cogaidh ar an héilealárnachas, agus ba é an tIodálach Galileo Galilei ba mhó a bhí thíos leis.

Bhí Galilei ina cheannródaí ag baint úsáide as an teileascóp le breathnuithe réalteolaíocha a dhéanamh, agus sa bhliain 1610 d’fhoilsigh sé saothar beag eolaíochta ina ndearna sé cur síos ar a raibh feicthe aige, Sidereus Nuncius nó ”Teachtaire na Réaltaí”. Bhí sé tar éis ceithre shatailít a aithint ag Iúpatar, agus breathnuithe déanta aige ar an nGealach s’againn féin: chonaic sé cuid mhaith cráitéar agus gnéithe tír-raoin eile uirthi fosta.

Bhain Galilei an chonclúid as an iomlán go raibh an Ghealach agus na pláinéid déanta as damhna den chineál chéanna agus an Domhan féin. Go nuige sin ba é tuiscint na n-eolaithe clasaiceacha cosúil le Tolamaes agus Arastótal go raibh na réaltaí agus na pláinéid déanta as an ”gcúigiú dúil” nach raibh gaolmhar le ceithre dhúile an Domhain (is é sin, an t-uisce, an tine, an talamh agus an t-aer, de réir mar a thuig eolaithe na seanársaíochta an scéal) agus go raibh siad foirfe, gan cháim gan locht, cosúil le Dia féin. Bhréagnaigh breathnuithe Galilei an tuiscint seo, agus ba é sin an phríomhchúis leis an dóigh ar chaith an Eaglais le Galilei. Ní raibh an Eaglais ag cur in aghaidh an héilealárnachais mar ghléas matamaitice le gluaiseachtaí na réadanna neimhe a áireamh – ba é an phríomhfhadhb ná gur spreag an héilealárnachas Galilei chun smaointí eiriceacha eile. Rud eile fós go raibh pearsana an Bhíobla ag tagairt do ghluaiseachtaí na Gréine, ar nós éirí agus luí na Gréine, agus mar sin ba é tuiscint an Bhíobla, dar leis na diagairí, gurbh í an Ghrian a bhí ag gluaiseacht seachas a mhalairt.

Ní hionann sin is a rá nach mbeadh réalteolaithe de chuid na hEaglaise – na réalteolaithe Íosánacha ach go háirithe – tar éis a thabhairt faoi deara go raibh fadhbanna ag roinnt le córas Tholamaeis. Ní raibh siad sásta glacadh leis an Domhan mar rinn neimhe i measc a leithéidí eile agus é ag gluaiseacht, áfach. Bhí siad claonta chun tacaíocht a thabhairt do chóras Tycho Brahe: sa tsamhail sin bhí an Ghrian ag dul timpeall an Domhain agus na pláinéid ag fithisiú na Gréine.

Chaith Galilei deireadh a shaoil faoi bhraighdeanas baile, ach má chaith, mhair an héilealárnachas ag dul chun cinn. Ba é an Gearmánach Johannes Kepler ba mhó a d’fhorbair an teoiric sa tseachtú haois déag. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile fosta: eisean a d’aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad fithisí na bpláinéad. D’fhoilsigh sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.

Nuair a bhí an seachtú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an chéad eagrán de mhórshaothar Isaac Newton, Philosophiae naturalis principia mathematica (”Prionsabail mhatamaiticeacha na fealsúnachta nádurtha”), i gcló – Principia, mar is gnách a thabhairt air. Glactar leis go forleathan gurbh é Principia an saothar réabhlóideach eolaíochta a chuir tús leis an bhfisic agus leis an réalteolaíocht i gciall an lae inniu. Cuid den réabhlóid ab ea an héilealárnachas. Faoi thionchar shaothar Newton chuaigh an Eaglais féin le héilealárnachas i rith na hochtú haoise déag, cé gur mhair an cosc ar shaothar Galilei i bhfad ina dhiaidh sin féin.

Córas meiniscis – Tugtar córas meiniscis ar dhearadh áirithe teileascóip ina gcuirtear lionsa meiniscis (lionsa atá cuasach ar thaobh amháin, dronnach ar an taobh eile) os comhair an réadscátháin le hiomraill an scátháin a cheartú. Ba é an t-optaiceoir Rúiseach Dmitry Maksutov a chéadcheap an córas meiniscis, agus mar sin is gnách teileascóp Maksutov a thabhairt ar an gcóras freisin.

Córas pláinéadach a thugtar ar na pláinéid atá ag dul timpeall ar réalta áirithe, agus iad á gceangal den réalta sin ag an imtharraingt. Go dtí le déanaí, bhí ár gcóras féin ar an t-aon chóras pláinéadach amháin a raibh aithne ag an gcine daonna air, ach sa bhliain 1992 chuir na réalteolaithe sonrú i dtrí phláinéad timpeall ar neodrónréalta áirithe atá suite i réaltbhuíon na Maighdine. Fuair na pláinéid seo na hainmneacha Draugr, Phobetor, agus Poltergeist. Inniu, tá na réalteolaithe an-díograiseach faoi na córais phláinéadacha amuigh sa chianspás, agus na céadta eiseapláinéid fionnta acu cheana féin, mar a thugtar ar na pláinéid i gcórais phláinéadacha eile.

Córas réaltach a thugtar ar réaltaí atá ceangailte dá chéile ag an imtharraingt agus iad ag fithisiú a chéile – is é sin, is córais réaltacha iad na déréaltaí is na hilréaltaí. Tá sé tábhachtach na fíor-chórais réaltacha a dhealú ó na cinn optúla. Na dé- agus na hilréaltaí optúla, is éard atá i gceist leosan ná réaltaí nach bhfuil siad ach suite ar aon líne ón Domhan, ionas go bhfeicimid in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile.

Córas Tholamaeis a thugtar ar an tuiscint gheolárnach ar struchtúr an ghrianchórais agus na hollchruinne – is é sin, an tuiscint a chuireas an Domhan sa lárphointe. Fuair an córas a ainm ó Claudius Ptolemaeus, nó Tolamaes, a chaighdeánaigh an geolárnachas sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Cheap Tolamaes a chóras le gluaiseachtaí na reann neimhe a áireamh roimh ré – le huruithe Gréine agus Gealaí a thairngreacht, abair. Mar sin, fuair sé riachtanach córas an-chasta matamaitice a chur i dtoll le chéile. Coincheapanna tábhachtacha sa chóras iad an ciorcal iompair agus an t-eipiciogal. Go bunúsach, shíl Tolamaes agus na matamaiticeoirí réalteolaíocha roimh a lá féin go raibh gach pláinéad ag timpeallú pointe áirithe réasúnta gar don phláinéad féin – ba é an fhithis seo an t-eipiciogal. Ach ansin bhí an t-eipiciogal féin ag dul timpeall an Domhain ar chonair ar a dtugtaí an ciorcal iompair. Ghlac Tolamaes leis an tuiscint seo óna chuid réamhtheachtairí agus chuir sé a chasadh féin inti. Feabhsú ab ea a leagan féin den chóras ar ar tháinig roimhesean, agus mar sin d’fhan a chóras in úsáid ar feadh na gcéadta bliain.

Bhí Tolamaes ar na daoine ba léannta lena linn féin, agus níor theorannaigh sé é féin don réalteolaíocht agus don astralaíocht: chum sé tráchtas tábhachtach tíreolaíochta freisin, mar shampla. Cé go raibh a chóras réalteolaíoch bun os cionn le tuiscint an lae inniu, tá cuid dá obair beo inniu féin, ó rinne sé cion fir ag léarscáiliú na spéire freisin.

Sna laethanta a bhí, ba ghnách leis na healaíontóirí coróin a tharraingt ar chloigeann Tholamaeis sna pictiúirí a rinne siad de, ó ba eisean ”rí na réalteolaíochta”.

Córas Tycho a thugtar ar an gcomhréiteach idir córas Copernicus agus córas Tholamaeis a rith leis an réalteolaí Danmhargach Tycho (Tyge) Brahe. Ba é barúil Tycho go raibh cuid den cheart ag Copernicus agus cuid ag Tolamaes: ní chreidfeadh sé go bhféadfadh an Domhan gluaiseacht ar bith a dhéanamh, chomh támh trom is a bhí sé, ach san am chéanna ba léir dó go raibh Copernicus in ann gluaiseachtaí na bpláinéad a léiriú ní b’fhearr ná Tolamaes. Ba é a theoiricsean go raibh na pláinéid ag fithisiú na Gréine, agus an Ghrian ag fithisiú an Domhain.

Córas UBV – Córas é an córas UBV (ultraviolet – blue – visible, ultraivialait – gorm – infheicthe) a úsáidtear le réaltaí a aicmiú de réir a méide dealraithí. Is éard a dhéantar ná méid, nó gile, na réalta a thomhas de réir na radaíochta ultravialait, an tsolais ghoirm agus an tsolais infheicthe go léir, agus is é meán na luachanna seo a thugas méid na réalta de réir an chórais áirithe seo.

Córas uilleach a thugtar ar leagan forbartha de chóras Cassegrain. Sa chóras seo tá an súil-lionsa ar thaobh an teileascóip, agus réimse an-chúng radhairc ann.

Cor Caroli Croí Shéarlais a thugtar ar Alpha Canum Venaticorum, is é sin, an réalta is gile i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh. Déréalta í Alpha Canum Venaticorum, ach is é moladh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Cor Caroli” a thabhairt ach ar an gceann is gile den dá chomhbhall sa déréalta. Is fathachréalta í an réalta sin, agus í tuairim is céad oiread chomh geal agus an Ghrian, cé nach bhfuil ach mais na Gréine méadaithe faoi thrí inti. Tá Cor Caroli suite faoi chéad is cúig solasbhliana déag dínn.

Fuair an réalta a hainm ón Rí Séarlas a hAon de mhuintir na Stíobhartach. Ba é Francis Lamb, thiar sa bhliain 1673, a bhaist Cor Caroli Regis Martyris – ”Croí Shéarlais, an Rí agus an Mhairtírigh” – ar an réalta ina réaltmhapa féin. Is minic a shíltear, áfach, gurbh é Edmund Halley a d’ainmnigh as Séarlas a Dó é.

Coróin a thugtar ar an scamall plasma timpeall na Gréine, agus é ag sroicheadh na milliúin ciliméadair amach sa spás. Bíonn an choróin le feiceáil le linn urú iomlán na Gréine. Tá an choróin i bhfad níos teo ná dromchla na Gréine, agus í scartha ó fhótaisféar na Gréine ag an gcrómaisféar.

Coróin an Deiscirt atá ar an réaltbhuíon idir an Saighdeoir, an Scairp, an Teileascóp agus an Altóir. Cé go dtugtar ”coróin” uirthi, tá sí níos cosúla le crú capaill. Fuair sí a hainm ó Choróin an Tuaiscirt, ó tá an dá réaltbhuíon réasúnta cosúil le chéile. Ba é Claudius Tolamaes a bhaist an bheirt acu ina chuid scríbhinní réalteolaíochta.

Is í Alphecca Meridiana, nó Meridiana, nó Alpha Coronae Australis (nó Alpha Coronae Austrinae) an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. A-réalta í Alphecca Meridiana, agus í breis is dhá oiread chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais is na maise de; san am chéanna tá sí tuairim is tríocha oiread níos lonrúlaan Ghrian. Is í an ghné is suntasaí di ná go bhfuil sí ag rothlú ar a hais go han-sciobtha. Tá an radaíocht infridhearg as Alphecca Meridiana as pabhar láidir, rud a thugas le fios go bhfuil fáinne dusta timpeall na réalta.

Coróin an Tuaiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon idir Earcail, an tAoire agus Ceann na Péiste. Tugtar Alphecca, Alphekka, Gemma nó An tSeoid ar an réalta is gile i gCoróin an Tuaiscirt – Alpha Coronae Borealis an t-ainm de réir chóras Bayer. Tá Coróin an Tuaiscirt, nó astaireacht na réaltaí is gile inti, cosúil le crú capaill, díreach ar nós Choróin an Deiscirt, agus is ó Choróin an Tuaiscirt a fuair Coróin an Deiscirt a hainm. Ceann de na sean-réaltbhuíonta traidisiúnta í Coróin an Tuaiscirt, nó luaitear i scríbhinní réalteolaíochta Tholamaeis féin í.

Déréalta uraitheach í Alpha Coronae Borealis, is é sin tagann an coimhdire go tráthrialta idir sinn agus an phríomhréalta, rud a aithnítear mar íosmhéid solais in athruithe ghile na déréalta. A-réalta the bhán í an phríomhréalta, agus í cúpla oiread níos téagartha ná an Ghrian s’againn. Tá sí ceithre oiread déag is trí scór níos lonrúla ná an Ghrian, cé nach n-áirítear ar na fathachréaltaí í, ach ar an bpríomhsheicheamh. Maidir leis an gcomhbhall beag, is réalta G-aicme é cosúil leis an nGrian, beagáinín níos lú ná í ó thaobh na maise de. Tá Alphecca suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dár ngrianchóras.

Coróiniam – Thiar sa naoú haois déag bhí an teoiric ag eolaithe áirithe go raibh dúil cheimiceach nua ar fáil i gcoróin na Gréine. Is é an t-ainm a cheap duine acu – an Rúiseach Dmitry Mendeleyev (an fear céanna a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl) don dúil seo ná coróiniam nó niútainiam (tagairt do shloinne Isaac Newton a bhí i gceist leis an dara hainm a mhol sé, ar ndóigh). Bhí an teoiric seo bunaithe ar an speictreascópacht, nó bhí líne aitheanta ag na heolaithe ar speictream na Gréine nach raibh siad in ann a athchruthú sa tsaotharlann agus nach raibh cosúil le línte speictreacha na ndúl aitheanta. Mar sin shíl siad go raibh dúil nua i gceist.

Mar a fuarthas amach ina dhiaidh sin áfach ba é an t-iarann ba chúis leis an líne – ian iarainn a raibh lucht deimhneach trí aonad déag aige (is é sin adamh iarainn a thug uaidh trí leictreon déag). Ní dual don iarann a leithéid d’ian a dhéanamh faoi imthoscaí an Domhain, agus mar sin ní raibh taithí ag na heolaithe air: na hiain iarainn a bhíos le fáil i gcomhdhúile iarainn a bhfuil aithne againn orthu níl ach lucht deimhneach dhá nó trí aonad acu, agus rachadh sé rite leat ian Fe13+ a chruthú sa tsaotharlann.

Corónagraf a thugtar ar ghléas a chuirtear os comhair an teileascóip le diosca na Gréine a dhorchú, ionas gur féidir leis na heolaithe breathnuithe a dhéanamh ar choróin na Gréine nó ar an gcuid den spéir atá timpeall na Gréine.

An Chorr Grus a thugtar ar an réaltbhuíon idir an tIndiach, an Túcán, an Micreascóp, Iasc an Deiscirt, an Dealbhóir, agus an Féinics. Ceann d’”Éanacha an Deiscirt” í an Chorr, mar a deirtear; is iad an Túcán, an Féinics, agus an Phéacóg na ”héanacha” eile. Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet), thiar faoi dheireadh na séú haoise déag, a shainaithin an Chorr mar réaltbhuíon ar leith. Roimhe sin ba ghnách dearcadh uirthi mar chuid d’Iasc an Deiscirt.

Is é Alnair nó Alpha Gruis an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Réalta phríomhsheichimh é, ach cosúil le Sirius tá sé an-te, an-lonrúil, cé nach bhfuil sé ach ceithre oiread chomh mór leis an nGrian. Le fírinne chomh lonrúil is atá sé is féidir go bhfuil sé díreach leis an bpríomhsheicheamh a fhágáil ina dhiaidh le hiompú ina fhathachréalta. Tá sé deich n-oiread chomh lonrúil le Sirius féin.

ALNAIR AGUS SIRIUS Á gCUR I gCOMPARÁID

Réalta Trastomhas (1 = trastomhas na Gréine) Mais (1 = mais na Gréine) Aicme speictreach Lonrachas (1 = lonrachas na Gréine) Méid dhealraitheach Fad ón Domhan
Alnair (Alpha Gruis) 3.4 4.0 B 263 +1.74 céad agus aon solasbhliain amháin (aon pharsoic déag agus fiche)
Sirius A (Alpha Canis Majoris A, príomh-chomhbhall na déréalta) 1.7 2.0 A 25 -1.47 ocht solasbhliana agus sé dheichiú cuid (dhá pharsoic agus sé dheichiú cuid)

Maidir le Beta Gruis, is fathachréalta dhearg í nach bhfuil mórán rudaí suimiúla le rá fúithi: níl sí ach dhá oiread is ceithre dheichiú cuid chomh trom téagartha leis an nGrian, ach tá sí dhá mhíle is cúig chéad oiread níos lonrúla. Réalta M-aicme í.

Gamma Gruis arís, is fathachréalta í fosta ach is mar B-réalta a aicmítear í – is é sin, ar an dara aicme speictreach is teo. Radaíocht ultraivialait is mó a astaíos sí, ach tá sí lonrúil go maith ó thaobh an tsolais infheicthe chomh maith – tuairim is trí chéad is nócha oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Réalta bhánghorm í, ar ndóigh.

Corraíl – Glacaimis leis go bhfuil córas dhá rinn neimhe againn, agus ceann acu ag dul timpeall an chinn eile – is maith an sampla iad an Domhan agus an Ghealach, ar ndóigh. Tugtar corraíl ar an dóigh a gcuireann fórsaí eile seachas imtharraingt an Domhain isteach ar ghluaiseacht na Gealaí, ansin. Is féidir le himtharraingt na Gréine, mar shampla, corraíl a spreagadh i bhfithis na Gealaí; maidir leis na pláinéid, is léir go mbíonn siad ina gcúis corraíola ag a chéile. An té a chaitheas súil ar chóras na satailítí timpeall ar Iúpatar, tuigfear dó ar an toirt gur féidir leo corraíl a tharraingt ar a chéile.

Corrán an Leoin a thugtar ar astaireacht na réaltaí seo a léanas: Epsilon Leonis, Mu Leonis, Zeta Leonis, Gamma Leonis, Eta Leonis, agus Alpha Leonis. Mar is léir ón ainm, tá sí ar dhéanamh an chorráin, agus is cuid de réaltbhuíon an Leoin í.

Cosmagnaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar bhunús na hollchruinne a thuiscint agus ar theoiricí a fhorbairt le breith na hollchruinne a mhíniú. Is í teoiric na hOllphléisce an múnla cosmagnaíochta is tábhachtaí i réalteolaíocht an lae inniu.

Cosmeolaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar fhás, forbairt agus todhchaí na hollchruinne a thuiscint agus na dlíthe nádúrtha a stiúras an fhorbairt sin a thaighde, a mhapáil agus a oibriú amach.

Cothromaíocht radantach atá i gceist nuair atá córas dúnta de choirp againn, agus gach corp acu ag tabhairt uaidh an fhuinnimh chéanna mar radaíocht agus atá sé a ghlacadh chuige – is é sin, is ionann an radaíocht astaithe agus an radaíocht ionsúite.

Cothromóid Kepler – Is í cothromóid Kepler ná:

M = E – e sin E

inarb ionann:

  • M agus an mheán-aimhrialtacht;
  • E agus an aimhrialtacht éalárnach;
  • e agus an éalárnacht.

Seasann sin don tsíneas, ar ceann de na feidhmeanna triantánúla é.

Ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) ba thúisce a d’fhoilsigh an chothromóid seo. Gléas matamaitice atá inti ar bhain sé úsáid as agus é ag oibriú amach na ndlíthe nádúrtha a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, nó dlíthe Kepler mar a thugtar orthu.

Cráitéar – Go bunúsach is éard is cráitéar ann ná poll mór sa talamh. Sa réalteolaíocht is iad na cráitéir dhreigíte is tábhachtaí, is é sin, cráitéir a cruthaíodh nuair a bhuail dreigít faoi dhromchla an phláinéid nó na gealaí. Ar ndóigh tá cráitéir bholcánacha ann chomh maith – is é an cráitéar an poll as a dtagann laibhe, deatach agus dusta, fad is a fhanas an bolcán beo.

Crapadh Kelvin crapadh Kelvin-Helmholtz a thugtar ar an dóigh a gcrapann an scamall gáis chuige faoi thionchar a imtharraingthe féin. San am chéanna tá an scamall ag cailleadh fuinnimh mar theas.

Fuair an crapadh a ainm ó William Thomson (tiarna Kelvin) agus ó Hermann Helmholtz.

Crapadh Lorentz-Fitzgerald a thugtar ar chrapadh coibhneasaíoch an fhaid. Go bunúsach, is éard a deir teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein ná gur tairiseach (is é sin uimhir dhearbh dho-athraithe) é luas an tsolais san fholús, nó c, agus go gcaithfidh na hairíonna fisiceacha géilleadh don tairiseach seo. Toradh don ghéilleadh seo é crapadh Lorentz-Fitzgerald. An spásbhád atá á luasghéarú i dtreo luas an tsolais, tá sí ag dul i ngiorracht, mar a fheictear don bhreathnóir atá suite socair – rud nach n-aithníonn siad siúd, áfach, atá ag taisteal ar bhord an spásbháid.

Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhfuil aon rud ná réad ”suite socair” de réir theoiric na coibhneasaíochta, ach amháin i gcoibhneas ruda eile. Mar sin, nuair a dúradh thíos go bhfuil an breathnóir ”suite socair”, is ionann sin is a rá go bhfuil sé suite socair i gcóras comhordanáidí ina bhfuil an réad eile ag gluaiseacht leis agus a luas ag teacht i gcóngar do luas an tsolais.

Fuair crapadh Lorentz-Fitzgerald a ainm ón bhfisiceoir Ollannach Hendrik Lorentz agus ón Ollamh Éireannach George Francis Fitzgerald (nó Seoirse Proinsias Mac Gearailt, más fearr leat an leagan sin).

Crios Oiríon an Bhanlámh, an tSlat is an Bhanlámh, nó Slat an Rí, nó Slat an Cheannaí, nó an Fhearsaid, nó Slat an Bhodaigh a thugtar ar an astaireacht trí réalta atá i lár an Bhodaigh – más mar fhear armtha a shamlaítear an réaltbhuíon, is iad crios an tsaighdiúra sin iad. Is iad ainmneacha na réaltaí seo ná Alnitak, Alnilam, agus Mintaka, agus is fathachréaltaí teo gorma nó gormbhána iad. Cé go bhfuil siad ar réaltaí geala na spéire, tá trí réalta is gile ná iad féin sa réaltbhuíon chéanna, mar atá, Betelgeuse, Rigel, agus Bellatrix.

Ilréaltaí iad Alnitak agus Mintaka. Maidir le hAlnilam, dealraíonn sé nach bhfuil coimhdire ar bith aici.

Ainm traidisiúnta Alnilam Alnitak Mintaka
Ainm de réir chóras Bayer Epsilon Orionis Zeta Orionis Delta Orionis
Aicme speictreach B (ollfhathach gorm) O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad an dá chomhbhall eile O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad na trí cinn is mó de na comhbhaill
Fad ón Domhan Tuairim is dhá mhíle solasbhliain Tuairim is 1,260 solasbhliain (luach an-mhíchruinn!) Tuairim is míle agus dhá chéad solasbhliain
Mais i gcomparáid leis an nGrian 30-65 oiread 23-43 oiread (an phríomhréalta), 11-17 n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) 24 oiread (an phríomhréalta), 8.4 + 22.5 + 9 n-oiread (na trí cinn is mó de na comhbhaill eile)
Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian Ocht gcéad tríocha míle oiread Dhá chéad caoga míle oiread (an phríomhréalta), tríocha dhá mhíle oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) Céad is nócha míle oiread (an phríomhréalta; níl na comhbhaill eile in aon chóngar do bheith chomh lonrúil)
Ga (nó trastomhas) i gcomparáid leis an nGrian Dhá oiread is dhá scór Fiche oiread (an phríomhréalta), seacht n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) 16.5 oiread (an phríomhréalta), 6.5 oiread, 10.4 oiread, 5.7 oiread (na comhbhaill eile)
Dearbhmhéid -6.95 -6.0/-3.9/-4.1 -5.8 (go hiomlán), -5.4 (an phríomhréalta)
Méid dhealraitheach 1.69 1.77 (an trí chomhbhall in éineacht) 2.23 (na comhbhaill go léir in éineacht)

Crios ózóin ózónaisféar a thugtar ar an gciseal i strataisféar an Domhain a neodraíos an chuid is mó den radaíocht ultraivialait ón nGrian. In íochtar an strataisféir is mó atá an tiúchan ózóin.

Is éard atá san ózón ná allatróp trí-adamhach na hocsaigine. Dhá adamh atá i móilín na gnáthocsaigine, nó O2; is é O3 foirmle cheimiceach an ózóin. Níl an móilín ózóin róchobhsaí, nó is dual dó titim as a chéile agus gnáthocsaigin a dhéanamh, agus sin de phléasc; mar sin is ar éigean is féidir ózón a aonrú ón ngnáthocsaigin. San ózónaisféar féin ní sháraíonn tiúchan an ózóin 10 gcuid sa mhilliún.

Tá buaireamh ar an gcine daonna le fada faoin dochar atá sna clórafluaracarbóin agus sna brómafluaracarbóin don chrios ózóin. Comhdhúile iad seo atá cosúil leis na hiodracarbóin ach amháin go bhfuil adaimh chlóirín, fluairín nó bróimín curtha in áit na n-adamh hidrigine sa struchtúr móilíneach acu. Is éard is cúis leis an dochar atá sna substaintí seo ná go bhfuil siad chomh cobhsaí is gur féidir leis na móilíní a mbealach a dhéanamh a fhad leis an strataisféar, ach nuair a shroichfeas siad an strataisféar titfidh siad as a chéile agus an radaíocht ultraivialait ag dul i bhfeidhm orthu. Ansin a scaoiltear saor adaimh aonair, agus cuireann na saorfhréamha seo isteach ar an timthriall gnáthocsaigine-ózóin a stopas an radaíocht ultraivialait.

Inniu tá stáit an Domhain go léir tar éis conradh a shíniú faoi chosc ar úsáid na gclórafluaracarbón, agus dealraíonn sé go bhfuil an strataisféar ag teacht chuige féin arís i ndiaidh an dochair a rinne na comhdhúile seo. Ba nós, tráth den tsaol, iad a úsáid sna múchtóirí agus, mar thiomantáin, sna cannaí aerasóil.

Crios radaíochta crios Van Allen a thugtar ar cheann den dá chrios cáithníní luchtaithe timpeall ar an Domhan agus iad ar dhéanamh an toróidigh (cineál fáinne). Leictreoin agus prótóin is mó atá i gceist, agus iad á gceapadh ag réimse maighnéadach ár bpláinéid. An chuid is mó de na cáithníní seo is cuid den ghrianghaoth iad, agus an chuid eile ag baint leis an radaíocht chosmach. Bíonn athruithe na grianghaoithe ag dul i bhfeidhm ar na creasanna radaíochta, agus uaireanta cruthaítear crios breise a mhaireas tráth.

Fuair na creasanna a n-ainm ó James Van Allen, an t-eolaí Meiriceánach a chuir an chéad sonrú iontu. Bhí sé ina cheannródaí ag baint úsáide as gléasra ar bhord satailítí le taighde a dhéanamh ar mhaighnéadsféar an Domhain.

Croí carraigeach –croí carraigeach ag na mórphláinéid úd Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún, cé go bhfuil an chuid eile den phláinéad comhdhéanta as gás (na gásfhathaigh, arb iad Iúpatar agus Satarn iad) nó as oighear (na hoighearfhathaigh, arb iad Úránas agus Neiptiún iad).

Cróimiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 24, agus is é Cr an tsiombail don chróimiam sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail trasdultacha é an cróimiam. Miotal lonrúil sobhriste atá ann a dtagann smúid ocsaíde air agus ocsaigin an atmaisféir ag dul i bhfeidhm air. Tá ainm an chróimiam bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”dath”, toisc go mbíonn dath láidir sna dúile cróimiam. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an gcróimiam ina chuid comhdhúl, agus dathanna éagsúla sna comhdhúile, go háirithe má thuaslagtar san uisce iad.

Seo comhdhúile áirithe de chuid an chróimiam:

Foirmle cheimiceach Ainm Uimhir ocsaídiúcháin
CrCl3 Clóiríd chróimiam (tríchlóiríd chróimiam) +3
Tá dath corcra sa chlóiríd chróimiam nuair atá sí saor ó uisce. Déanann sé criostail in éineacht le huisce, ionas go bhfuil sé mhóilín uisce ann in aghaidh gach adamh cróimiam. San fhoirm seo tá dath uaine ann, agus is é seo an cineál clóiríd chróimiam is féidir a cheannach. Úsáidtear mar chatalaíoch í, is é sin le luas a chur le himoibriúcháin cheimiceacha áirithe. Níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach don duine le comhdhúile áirithe eile de chuid an chróimiam, ach is gnách dearcadh air mar shubstaint urchóideach.
CrO3 Trí-ocsaíd chróimiam, ”aigéad crómach” +6
Tá dath dúchorcra sa tríocsaíd nuair atá sí saor ó uisce, ach má ólann sí uisce chuici tiocfaidh dath geal flannbhuí ann. Is minic a dhíoltar mar ”aigéad crómach” í, ós í ainhidríd an aigéid chrómaigh í, ach dáiríribh ní féidir aigéad crómach a ghineadh tríd an tríocsaíd a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear an trí-ocsaíd sa phlátáil. Nimh láidir a spreagas ailse atá inti.
CrCl2 Dé-chlóiríd chróimiam +2
Criostail bhána atá sa dé-chlóiríd nuair atá sí saor ó uisce. Is comhdhúil tais-scópach í áfach, is é sin is dual di uisce a ól chuici, agus leis an uisce tiocfaidh dath uaine inti. Má thuaslagtar san uisce í gheofar tuaslagán gorm nó uaine. Ní úsáidtear dé-chlóiríd chróimiam sa tionsclaíocht, ach is amhábhar do chomhdhúile cróimiam eile í sa tsaotharlann.

Maidir leis an mbaint atá ag an gcróimiam leis an orgánach daonna, braitheann sé ar an staid ocsaídiúcháin chomh maith. Más é +3 an uimhir ocsaídiúcháin, níl mórán urchóide sa chróimiam, ach is nimh láidir agus ábhar ailse é an cróimiam más é +5 an uimhir ocsaídiúcháin.

Tá an cróimiam 51.996 ar mheáchan adamhach, agus ceithre iseatóp nádúrtha aige: 50Cr (4.35 % de chróimiam an dúlra), 52Cr (83.8 %), 53Cr (9.5 %), 54Cr (2.35 %). Iseatóip chobhsaí iad de réir an dealraimh, cé go bhfuil na fisiceoirí idir dhá chomhairle fós faoin gcéad cheann acu: táthar ag déanamh go dtagann meath radaighníomhach (leictreonghabháil dhúbailte) air, ach má thagann féin, tá an leathré chomh fada is gur féidir beag is fiú a dhéanamh dá radaighníomhaíocht. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ag an gcróimiam, is iseatóip shaorga de dhéantús na saotharlainne iad.

Is í an chróimít (ocsaíd an chróimiam agus an iarainn, FeCr2O4) an mianach cróimiam is tábhachtaí, agus is as an Afraic Theas agus as an gCasacstáin a thagas an chuid is mó den chróimiam. Úsáidtear an cróimiam mar chómhiotal – is é sin cuirtear le hiarann é le cruach dhosmálta a dhéanamh – agus i bplátáil.

Crómaisféar a thugtar ar an gciseal in atmaisféar na Gréine atá suite os cionn an fhótaisféir, faoi bhun na corónach. Tá an crómaisféar rósdearg, ach ní féidir é a aithint ná breathnuithe a dhéanamh air ach le linn urú iomlán na gréine. Tá an damhna sa chrómaisféar i bhfad níos scaipthe ná san fhótaisféar gan trácht ar bith a dhéanamh ar atmaisféar an Domhain. Tá an crómaisféar trí mhíle go cúig mhíle ciliméadar ar doimhneacht, agus é ag dul i dteas suas ón nGrian.

Tá an crómaisféar ag astú solais, agus is í an líne speictreach is láidre dá n-astaíonn sé ná Hα, is é sin, an líne a fhreagraíos do thitim an leictreoin ón tríú sceall go dtí an dara sceall san adamh hidrigine. Tá an líne seo 6563 angstram (656.3 nanaiméadar) ar tonnfhad, agus í suite i mbanda an tsolais dheirg – mar sin is í an líne seo is cúis le dath dearg an chrómaisféir.

Cros-aeróg Mills a thugtar ar dhearadh ar leith de radaiteileascóp atá bunaithe ar dhá shraith d’aeróga agus iad ag trasnú a chéile. Tá an dearadh ainmnithe as Bernard Yarnton Mills, an réalteolaí Astrálach a thóg an chéad radaiteileascóp den chineál seo sa bhliain 1954 i mBadgery’s Creek, leathchéad ciliméadar ó Sydney.

Cros an Deiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Ceinteár agus an Chuileog. I ré na sean-Ghréagach bhí Cros an Deiscirt le feiceáil ón nGréig féin, agus ba nós le Tolamaes dearcadh ar réaltaí Chros an Deiscirt mar chuid den Cheinteár. Ina dhiaidh sin, áfach, d’fhág luainíocht na gcónocht dofheicthe ón Eoraip iad, agus ligeadh i ndearmad iad. Ní bhfuair an réaltbhuíon an t-ainm atá uirthi inniu ach i Ré na Fionnachtana, nuair a thosaigh na hEorpaigh ag taisteal go cearnaí cianmhara den Domhan, áit a raibh na réaltaí seo le feiceáil.

Is iad na ceithre réaltaí is gile, Alpha Crucis, Beta Crucis, Gamma Crucis agus Delta Crucis, a thuill a hainm do Chros an Deiscirt: is astaireacht iad a chuirfeadh cros i gcuimhne duit. Na hainmneacha atá ar na réaltaí seo i gcóras Bayer, is gnách iad a ghiorrú go hAcrux, Becrux, Gacrux agus Decrux.

Tríréalta í Acrux agus í suite faoi thrí chéad, aon solasbhliain is fiche ón Domhan. Is féidir dhá chomhbhall a aithint le gléasra cianradhairc. Is B-réaltaí iad, agus iad tuairim is sé oiread déag chomh trom leis an nGrian. Tá gach ceann acu thart ar fiche míle oiread chomh lonrúil léi – an ceann is mó acu, tá sí breis is fiche míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian, agus an ceann is lú acu tá sí breis is cúig mhíle oiread déag níos lonrúla ná an Ghrian.

Déréalta í Becrux, nó Mimosa, mar a thugtar uirthi freisin. Déréalta speictreascópach í, is é sin, ní féidir í a aithint mar dhéréalta ach amháin trí anailís a dhéanamh ar a speictream. Tá Becrux suite faoi dhá chéad agus ocht scór solasbhliain dínn. B-réaltaí iad an dá chomhbhall, an ceann is mó acu sé oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, an ceann is lú acu deich n-oiread. Tá sé incheaptha go bhfuil comhbhall beag eile ann fós.

Maidir le Gacrux, nó Rubídea mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi, is fathachréalta dhearg den M-aicme í agus í suite níos cóngaraí dúinn ná aon réalta eile den chineál. Tá sí oiread agus leath, nó dhá oiread, chomh téagartha leis an nGrian, cé go bhfuil sí breis is ceithre scór oiread chomh mór. Mar sin, is fathachréalta í a bhí ina habhac príomhsheichimh tráth, cosúil leis an nGrian féin, agus an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an fhorbairt chéanna ar an nGrian i gceann na mílte milliún bliain.

Decrux áfach, is fo-fhathach bánghorm í atá ocht nó naoi n-oiread chomh teagartha leis an nGrian, agus ocht n-oiread chomh mór ó thaobh an trastomhais. Tá sí deich míle oiread chomh lonrúil. Pálida a thugtar ar Decrux i dtíortha na Portaingéilise.

Tá na ceithre réaltaí thuasluaite le feiceáil i mbratach na Brasaíle mar shiombailí do stáit éagsúla de chuid na tíre. Seasann Acrux do São Paulo, siombalaíonn Becrux Rio de Janeiro, is í Gacrux samhailchomhartha Bahía, agus maidir le Decrux, is í siombail Minas Gerais í.

Thairis sin, tá Epsilon Crucis le feiceáil sa bhratach, mar shiombail do stát Espírito Santo. K-réalta í, is é sin, fathachréalta fhlannbhuí agus í suite faoi dhá chéad is tríocha solasbhliain dínn. Cosúil le Gacrux, is iar-réalta phríomhsheichimh í a d’iompaigh ina fathachréalta de réir is mar a d’fhorbair sí.

Réadanna eile i gCros an Deiscirt iad an Gualmhála agus an Bosca Seod. Réaltnéal dorcha é an Gualmhála; réaltbhraisle oscailte atá sa Bhosca Seod.

An Chruinne an Ollchruinne a thugtar ar an spás-am go léir agus gach rud nó réad dá mbaineann leis an spás-am, in éineacht. Creideann formhór mór na n-eolaithe inniu gurbh í an Ollphléasc a chuir tús leis an gCruinne agus leis an spás-am go léir, ach ní hionann sin is a rá nach mbeadh teoiricí eile ann.

  • Tugtar cruinne ascalach ar an teoiric a deir go dtagann Ollbhrúisc i ndiaidh gach Ollphléasc, is é sin, go gcuirfidh comh-imtharraingt na réadanna deireadh le fairsingiú na cruinne, agus go gcrapfaidh an chruinne chuici arís. Sa

    deireadh, tiocfaidh an chéad Ollphléasc eile, agus tosóidh an chruinne ag dul i bhfairsinge arís.

  • Is í an chruinne bhoilscitheach an tuiscint a deir go bhfuil an spás féin ag boilsciú agus ag cailleadh cuaire.
  • Cruinne chéimiúlachta í an chruinne seo againn, ós rud é go bhfuil na struchtúir eagraithe de réir céimiúlachta: tá na cáithníní eagraithe ina n-adaimh, na n-adaimh – ina réaltaí; na réaltaí – ina réaltraí; na réaltraí – ina mbraislí réaltraí; na braislí réaltraí – ina n-ollbhraislí; na hollbhraislí – ina bhfiliméid.
  • Cruinne fhairsingíoch í an chruinne s’againn, ós rud é go bhfuil sí ag dul i bhfairsinge; tá na réaltraí i bhfad amach uainn ag druidim uainn, agus dá fhad amach uainn atá siad is amhlaidh is luaithe atá siad ag druidim uainn.
  • Cruinne fhoisteanach a thugtar ar an teoiric a deir nach athrú ceart é an fairsingiú thuasluaite, ó tá damhna nua ag teacht chun saoil gan stad gan staonadh, agus é ag cothromú an dóigh a bhfuil an damhna á scaipeadh de thoradh an fhairsingiúcháin. Bhí glacadh éigin le teoiric na cruinne foisteanaí sna 1950idí, ach má bhí, tháinig sé chun solais go sciobtha nach raibh sí in ann a lán breathnuithe a mhíniú.
  • Cruinne gheolárnach a thugtar ar an teoiric a deir go bhfuil an Domhan i lárphointe na hollchruinne. Is léir nach bhfuil glacadh ar bith leis an tuiscint i measc na n-eolaithe a thuilleadh.
  • Cruinne statach í an ollchruinne nach bhfuil ag dul i bhfairsinge ná ag crupadh chuici. Teoiric thréigthe eile í teoiric na cruinne stataí.

Cruinníní a thugtar ar néalta dorcha gáis agus dusta sa spás, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu.

Cuadraintídí: Is iad na Cuadraintídí an dreigechith a bhíos á fheiceáil i dtús Mhí Eanáir i réaltbhuíon an Aoire. Fuair an dreigechith seo a ainm ón gCeathramhán Múrach (Quadrans Muralis), sean-réaltbhuíon nach dtugann mapaí spéire an lae inniu aitheantas di a thuilleadh.

Cuaire: Deir teoiric coibhneasaíochta Einstein go gcuireann gach mais an spás-am ina timpeall as a riocht – is é sin, go gcuarann sí é. Cosúil leis sin, is dual do mhais na cruinne go léir an spás-am a chuaradh. A lán de na hiarmhairtí aisteacha a bhaineas leis an teoiric coibhneasaíochta is torthaí don chuaire seo iad.

Cuasár: Giorrúchán ón téarma radafhoinse chuasairéaltach réad cuasairéaltach (radafhoinse réaltchosúil, réad réaltchosúil) is ea an focal cuasár. Is éard atá i gceist leis an gcuasár ná dúpholl i gcroí réaltra agus é ag astú radaíochta de réir is mar atá damhna ón timpeallacht ag titim isteach sa dúpholl. Níl aon chuasár suite róchóngarach dúinn, agus le fírinne dealraíonn sé go bhfuil ré na gcuasár thart le fada – is é sin, an radaíocht a thagas chugainn ó na cuasáir inniu, tagann sí ó na laethanta a bhí, agus d’imigh an chuid is mó de na cuasáir féin idir an dá linn.

Ar na radathonnta a d’aithin na réalteolaithe na chéad chuasáir, ach ina dhiaidh sin tháinig chun solais gur féidir cuasáir a aithint ar bhandaí radaíochta eile fosta. Mar sin, níl an leagan ”radafhoinse chuasairéaltach” sách cruinn a thuilleadh.

Glactar leis inniu gurb éard atá (nó a bhí) sna cuasáir ná réaltraí gníomhacha agus gurb í an uilleann bhreathnóireachta an difríocht is mó idir iad agus na réaltraí gníomhacha eile.

Cúigréad Stephan: Grúpa réaltraí – cúig cinn ar fad – iad Cúigréad Stephan agus iad le feiceáil in aice a chéile i réaltbhuíon Pheigeasais. Ba é an réalteolaí Francach Édouard Stephan a chéadaithin an grúpa thiar sa bhliain 1877. Tá nasc imtharraingthe idir ceithre cinn de na réaltraí seo, agus an chuma ar an scéal go gcumascfaidh siad in aon réaltra amháin, i gceann na mórmhilliún bliain.

Cúisíocht: Is éard is brí leis an bhfocal cúisíocht ná an bhaint atá ag an gcúis lena toradh agus a mhalairt. Deir an fhisic chlasaiceach nach féidir don toradh bheith ann roimh a chúis, agus gurb é sin an t-iomlán is féidir leis an bhfisiceoir a rá i dtaobh na cúisíochta. Cuireann an fhisic choibhneasaíoch – is é sin, an fhisic atá bunaithe ar theoiric choibhneasachta Einstein – coinníoll breise leis seo: ní féidir le haon rud ná réad luas an tsolais a shárú, agus mar sin, ní féidir leis an gcúis an toradh a shroicheadh níos luaithe ná leis an solas.

Culaith spáis spáschulaith: Culaith bhrúchóirithe den chineál a chaitheas na spásairí. Tá soláthar ocsaigine ann chomh maith le cosaint ar radaíocht an spáis, agus ar ndóigh ní mór féachaint chuige go gcoinnítear an chulaith compordach ó thaobh na teochta de. Scéal eile fós é go bhfuil solas na gréine i bhfad níos láidire amuigh sa spás ná thíos ar dhroim an domhain, rud a chiallaíos go bhfuil scáthlán gréine ar leith de dhíth chun súile an spásaire a dhíonadh. Bíonn micridhreigeoidigh – dreigí beaga agus iad ag gluaiseacht go han-luath – coitianta go maith amuigh ansin freisin, agus ní mór an spásaire a chosaint orthu siúd. Rud eile nach rithfeadh leat go bhfuil gléasra ar leith ann le cuidiú leis an spásaire a chuid géag a fheacadh, toisc go n-éiríonn na teicstilí righin amuigh san fholús. Thairis sin bíonn roicéid bheaga ann a chuideos leis an spásaire an spásárthach a shroicheadh arís, má fhaigheann sé é féin rófhada amuigh.

Is léir nach bhfuil sé ciallmhar ar aon nós dul amach sa spás gan chulaith bhrúchóirithe a chaitheamh, dá mbainfeá triail as, thachtfaí thú. Na scéalta ficsin eolaíochta a thugas le fios go bpléascfá agus an fhuil ar fiuchadh i do chuid artairí de cheal aerbhrú, is ar éigean atá craiceann ar bith orthu. Ar ndóigh, tá dainséir mhóra ag baint leis an easpa aerbhrú, leis an radaíocht agus leis na difríochtaí móra teochta, ach is í an anocsacht – an easpa ocsaigine – roimh aon rud eile a chuirfeadh néal ionat is a mharódh thú. Dá mbeadh soláthar ocsaigine agat gan chulaith spáis, ansin d’fhéadfá do chloigeann a bhuaireamh leis na priacail eile.

Cumhacht solastiomnúcháin: Is dual don teileascóp níos mó solas a thiomsú ná do shúil an duine, toisc go bhfuil cró an teileascóip níos mó ná mac imrisc na súile, agus is í an chumhacht solastiomnúcháin an coibhneas a thugas le fios an difríocht. Is í an fhoirmle a shainíos an chumhacht solastiomnúcháin (P) ná:

P = (Dcró an teileascóip/Dmac imrisc an duine)2

is é sin, má roinntear trastomhas (D) chró an teileascóip ar thrastomhas mhac imrisc an duine, agus má ardaítear an líon seo go cumhacht a dó (is é sin, má chearnaítear é), is éard a gheofar ná an chumhacht solastiomnúcháin. Is minic a thugas lucht na ceirde étendue ar an gcumhacht solastiomnúcháin – is é an téarma Fraincise é.

An Cupán a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Leon, an Mhaighdean, an Seiseamhán, an Phéist Uisce, agus an Préachán. Tríd is tríd níl mórán cuid súl ann, ach is fathachréaltaí flannbhuí K-aicme iad an dá réalta is gile sa réaltbhuíon.

Delta Crateris an réalta is gile acu. Tá sí suite beagnach faoi 190 solasbhliain dínn – cúpla solasbhliain níos gaire, go bunúsach – agus tá sí tuairim is aon oiread go leith chomh téagartha leis an nGrian. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús a chuaigh in aois agus i méadaíocht.

Alpha Crateris Alkes a thugtar ar an dara réalta is gile acu. Tá sí suite faoi 160 solasbhliain dínn. Níl sí dhá oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus is léir gur réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús, sular iompaigh sí ina fathach agus í ag dul in aois.

An Cúpla is ainm don réaltbhuíon atá ar an Stoidiaca idir an Portán agus an Tarbh. Réaltbhuíonta eile timpeall an Chúpla iad an Lioncsa, an tAra, an Bodach (Oiríon), an tAonbheannach, agus an Madra Beag. Fuair an réaltbhuíon a hainm ó chúpla na miotaseolaíochta Gréagaí, Castor agus Pollux, agus dá réir sin is iad Castor agus Pollux ainmneacha an dá réalta is gile sa Chúpla freisin.

Is é Pollux, nó Beta Geminorum, an réalta is gile sa Chúpla, agus is é an fhathachréalta is cóngaraí don Ghrian dá bhfuil ann, nó níl sé ach ceithre solasbhliana déag is scór ar shiúl uainn. Réalta K-aicme é Pollux, is é sin réalta fhlannbhuí. Tá mais dhá Ghrian ann, ach tá sé naoi oiread chomh mór leis an nGrian de réir an gha is an trastomhais, agus é breis is dhá scór oiread chomh lonrúil. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí i bPollux na milliúin blianta ó shin ach idir an dá linn chuaigh an réalta in aois, ionas gur iompaigh sí ina fathach. Sa bhliain 2006 dheimhnigh an réalteolaí Artie Hatzes go bhfuil pláinéad ag fithisiú Pollux.

Maidir le Castor, nó Alpha Geminorum, is ilréalta é. Is A-réaltaí iad an dá chomhbhall is gile sa chóras. Réaltaí príomhsheichimh iad ach is léir go bhfuil siad níos téagartha ná an Ghrian. Tá an córas iomlán suite faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.

Is í Athena, nó Gamma Geminorum, an tríú réalta is gile sa Chúpla. Tá Athena suite faoi naoi solasbliana is cúig scór dínn. Fo-fhathach A-aicme atá inti.

Mebsuta an t-ainm traidisiúnta ar Epsilon Geminorum, an ceathrú réalta is gile sa Chúpla. Réalta G-aicme atá inti, cosúil leis an nGrian s’againn, agus is ollfhathachréalta í: tá sí beagnach fiche oiread chomh téagartha leis an nGrian, timpeall ar 140 oiread chomh mór de réir an gha is an trastomhais, agus ocht míle cúig gcéad oiread chomh lonrúil.

Ollfhathach eile atá i Mekbuda, nó Zeta Geminorum le fírinne córas ilréaltach atá ann, agus tá sé socraithe ag eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe gan an t-ainm sin Mekbuda a úsáid ach le tagairt do phríomhréalta an chórais. Tá an réalta seo suite beagnach míle is dhá chéad solasbhliain uainn, agus í ocht n-oiread chomh téagartha leis an nGrian. Tá an trastomhas cúig oiread is trí scór chomh mór le trastomhas na Gréine, agus tá Mekbuda beagnach trí mhíle oiread chomh lonrúil léi. Réalta athraitheach í Mekbuda, agus a haicme speictreach ag guagadh idir F agus G. Is é an cineál réalta athraitheach atá ann ná Ceifid chlasaiceach, is é sin, tá sí cosúil le Delta Cephei.

Damhna díchineálach damhna díchineálaithe a thugtar ar dhamhna nach féidir adaimh a aithint ann a thuilleadh toisc go bhfuil na leictreoin is na núicléóin fáiscthe chuig a chéile ag an imtharraingt, nó fiú ag an bhfórsa núicléach (an idirghníomhaíocht láidir). Tá cineálacha éagsúla den damhna dhíchineálach le fáil sna habhaic bhána, sna neodrónréaltaí agus sna dúphoill.

Sna habhaic bhána imíonn an chuid is mó den spás taobh istigh de na hadaimh, ach is féidir núicléis na n-adamh éagsúil a aithint thar a chéile i gcónaí. Sna neodrónréaltaí tá na prótóin tar éis sórt comhleá a dhéanamh leis na leictreoin ionas nach bhfuil ach neodróin fágtha. Na dúphoill arís, ní féidir a aithint orthu cén cineál damhna a bhí iontu sula ndearna siad an cliseadh a rinne dúphoill díobh. Le go bhféadfadh an damhna titim isteach in aon phointe amháin – singilteacht an dúphoill – ní mór bósóin a dhéanamh de, ach níl a fhios ag na saineolaithe féin cén sórt bósóin a bheadh ann.

Damhna idirphláinéadach – Is éard atá i gceist leis an damhna idirphláinéadach ná an cineál damhna atá le fáil sa spás idir na pláinéid. Dusta is mó atá ann, chomh maith le cáithníní a bhfuil lucht leictreach acu agus iad ag baint leis an ngrianghaoth.

Damhna idir-réaltach – Tugtar damhna idir-réaltach ar an gcineál damhna atá le fáil sa spás idir na réaltchórais. Hidrigin ianaithe agus héiliam ianaithe is mó atá ann.

Damhna idir-réaltrach – Cosúil leis an damhna idir-réaltach, tá an damhna idir-réaltrach comhdhéanta as hidrigin ianaithe den chuid is mó, dar leis na réalteolaithe. Níl teorainn shoiléir idir an damhna idir-réaltach agus an damhna idir-réaltrach.

Dath a thugtar ar an dóigh a n-aithníonn súil an duine banda áirithe minicíochta de chuid an tsolais infheicthe. Go praiticiúil, braitheann sé ar a lán imthoscaí cén dath a fheictear, agus téann saoltaithí an duine féin i bhfeidhm ar an dathbhraistint fosta.

Tá dhá chineál cealla i reitine an duine: slatchealla agus cónchealla. Ní aithníonn ach na cónchealla an dath, agus ní bhíonn siad ag obair ach le solas maith – sin é an tuige a ndeirtear go bhfuil na cait go léir liath sa dorchadas.

Dathbharraíocht a thugtar ar an difríocht idir fíor-dhathinnéacs an réid agus an dathinnéacs mar a fheictear don bhreathnóir é. D’fhéadfá a rá gur cur síos matamaitice í an dathbharraíocht ar an deargadh idir-réaltach, is é sin, deargadh an tsolais ó réid chianmhara de thoradh an scaipeacháin agus an ionsúcháin (rud ar a dtugtar díobhadh chomh maith). Ní hionann mar rud an deargadh idir-réaltach agus an deargaistriú, nach bhfuil baint ar bith aige leis an díobhadh.

Dathinnéacs an uimhir a thugas dath na réalta. Bíonn an dathinnéacs íseal ag réaltaí gorma (ar réaltaí teo iad) agus bíonn sé ard ag réaltaí dearga (ar réaltaí fuara iad, i gcomparáid leis na réaltaí gorma).

RÉALTAÍ SAMPLACHA AGUS A nDATHINNÉACS

Réalta Aicme speictreach Dathinnéacs (B-V)
Betelgeuse M + 1.85
Pollux K + 1.00
An Ghrian G + 0.66
Adhafera (Zeta Leonis) F + 0.30
Sirius A A 0.00
Rigel B – 0.03
Meissa A – 0.21

Dath-theocht: Is ionann dath-theocht na réalta agus teocht an dúchoirp atá ag astú solais ar aon dath leis an réalta.

An Dátlíne Idirnáisiúnta – Is í an Dátlíne Idirnáisiúnta an teorainn idir an lá inniu agus an lá amárach (nó an lá inné agus an lá inniu, de réir mar a fheictear duit féinn é). Go bunúsach tá an líne seo socraithe ar an bhfadlíne 180°, atá ag rith tríd an Aigéan Ciúin, ach tá a lán de na hoileánraí is na stáit san aigéan ar an taobh ”contráilte” den dátlíne, ar chúiseanna polaitiúla agus de réir chomhairle a lucht rialtais. Mar shampla, tá an dátlíne suite idir an Rúis agus Alasca, cé go bhfuil an pointe is faide thoir den Rúis suite i bhfad soir ón bhfadlíne.

D-chiseal a thugtar ar an gciseal den ianaisféar atá suite idir 60 agus 90 ciliméadar os cionn an talún.

An Dealbhóir an réaltbhuíon atá suite idir an Míol Mór, Iompróir an Uisce (an tUisceadóir), Iasc an Deiscirt, an Chorr, an Féinics, agus an Fhoirnéis. Ba é an réalteolaí Nicolas-Louis de Lacalle a bhaist an réaltbhuíon, ach ba é an chéad ainm a thug sé uirthi ná Stiúideó an Dealbhóra. Sin ar féidir a rá i dtaobh an Dealbhóra, nó níl cuid súl ann ar aon nós.

Dearbhmhéid: Tugtar dearbhmhéid ar lonrachas na réalta mar a d’fheicfí í don bhreathnóir a bheadh suite faoi dheich bparsoic di. Is í an mhéid dhealraitheach lonrachas na réalta mar a fheictear dúinn anseo í. An scála a úsáidtear leis an dá chineál méid a thabhairt, is scála logartamach é. An réalta atá 3 aonad ar dhearbhmhéid, tá sí céad oiread chomh mór leis an réalta atá 6 aonad ar dhearbhmhéid. Taispeánann an sampla seo go bhfuil na réaltaí ag dul i méadaíocht agus an scála ag dul i laghad. Na réaltaí is mó, tá luach a ndearbhmhéide níos lú ná an neamhní, cosúil le hAntares (-5.3), Rigel (-7.8), Arcturus (-0.3) agus Eta Carinae (-8.6).

Tabhair faoi deara gurb é lonrachas nó gile na réalta atá i gceist leis an ”méid”, cé go dtugaimid ”méid” uirthi. Maidir le ”méid” na réalta sa ghnáthchiall, tá miosúir eile ann lena haghaidh: an trastomhas agus an mhais, cuir i gcás.

DearbhnialasIs é an dearbhnialas an teocht is ísle is féidir a shroicheadh, go teoiriciúil. Go praiticiúil, ní féidir ach teacht ina chóngar. Tá an dearbhnialas timpeall ar 273.15 céim Celsius taobh thíos den ghnáthnialas teochta (0 céim Celsius, nó leáphointe an oighir/siocphointe an uisce).

I gcóngar don dearbhnialas is féidir feiniméin neamhghnácha a aithint nach dtig a mhíniú gan dul i muinín na fisice candamaí, cosúil leis an bhforsheoltacht. Is éard atá i gceist leis an bhforsheoltacht ná an dóigh a n-imeoidh an fhriotaíocht leictreach i substaintí áirithe (forsheoltóirí, mar a thugtar orthu) agus iad á reo go dtí cóngar an dearbhnialais, ionas go mbeidh siad thar barr ar fad ag iompar an tsrutha leictrigh.

Is féidir an dearbhnialas a úsáid mar nialas do scála na teochta. Na luachanna teochta a gheofar ar an nós seo, is gnách dearbhtheocht a thabhairt orthu. Is é an ceilvín (K) aonad na dearbhtheochta. Gheofar na luachanna dearbhtheochta trí 273.15 a chur leis na luachanna teochta de réir Celsius.

DeargaistriúCeann de ghnéithe iarmhairt Doppler is ea an deargaistriú. Is éard atá i gceist leis an deargaistriú ná go ngluaiseann línte Fraunhofer (na línte speictreacha) óna gceartáit i dtreo na deirge – is é sin, tá an tonnfhad ag dul i méadaíocht agus an mhinicíocht ag dul i laghad dá réir. Tugann an deargaistriú le fios go bhfuil an réad áirithe seo ag druidim amach uainn.

Is í iarmhairt Doppler is cúis leis an deargaistriú.

An Deargspota an Deargspota Mór a thugtar ar spota mór dearg in atmaisféar Iúpatair (nó ar dhromchla Iúpatair – níl an dá rud dealaithe go soiléir ó chéile) a tugadh faoi deara an chéad uair sa seachtú haois déag. Le fírinne níltear ar aon fhocal an é an spota dearg céanna a bhí i gceist ag Robert Hooke, an t-eolaí Sasanach a thug an chéad chur síos ar an spota dearg ar Iúpatar, nó ní dhearnadh taighde ar an spota ina dhiaidh sin ach sa naoú haois déag. Pé scéal é glactar leis gur réigiún ardbhrú é an Deargspota Mór, is é sin, sórt spéirling nó stoirm, ach más ionann é deargspota Hooke agus an deargspota atá ann inniu, tá an stoirm seo ann le trí chéad go leith de bhlianta anuas, nó níos mó fós.

Níl tuiscint iomlán ag na heolaithe go fóill ar an Deargspota Mór. Ceist chonspóideach é dath an spota féin. Creideann cuid de na saineolaithe gurb é an fosfar dearg is cúis leis an dath dearg. Tá a fhios againn go bhfuil foisfín – comhdhúil fosfair agus hidrigine – in atmaisféar Iúpatair, ach is comhdhúil cuíosach éagobhsaí í ar dual di titim as a chéile agus fosfar is hidrigin a dhéanamh. Níl i dteoiric an fhoisfín ach ceann de na míniúcháin inchreidte, áfach. Deir eolaithe eile gur comhdhúil éigin de chuid an tsulfair atá ann, mar shampla.

An Deilf a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Sionnach, an tSaighead, an tIolar, Iompróir an Uisce (an tUisceadóir), an Capall Beag, agus Peigeasas. Tá sí suite sa leathsféar thuaidh, ach san am chéanna tá sí sách cóngarach do mheánchiorcal na spéire.

Níl an Deilf rófheiceálach mar réaltbhuíon. Is í Alpha Delphini an réalta is gile, ach is córas ilréaltach í dáiríre. Tá déréalta ann, mar atá, Alpha Delphini A, agus roinnt réaltaí eile a tharla san áit chéanna den sféar neamhaí – glactar leis nach fíorchoimhdirí de chuid Alpha Delphini A iad ach réaltaí nach bhfuil cóngarach di ar aon nós, is é sin, coimhdirí optúla.

Is iad Alpha Delphini Aa agus Alpha Delphini Ab na comhbhaill a bhfuil Alpha Delphini A comhdhéanta astu. Is gnách Sualocin a thabhairt ar an gcomhbhall is mó acu – má léitear ón deireadh go tús é, is éard a gheofar ná Nicolaus, an leagan Laidine den ainm Nioclás. Tagairt é don réalteolaí Iodálach Niccolò Cacciatore a bhí ag obair i Réadlann na Sicile i bPalermo i dtús na naoú haoise déag. Sa bhliain 1814 d’fhoilsigh stiúrthóir na réadlainne, Giuseppe Piazzi, a chatalóg réalteolaíochta féin, agus bhí an t-ainm seo tugtha ar an réalta sa chatalóg sin.

Déréalta speictreascópach í Alpha Delphini A – is é sin, ní féidir an dá chomhréalta a aithint thar a chéile sa teileascóp, agus ní mór anailis a dhéanamh ar an speictream. Fofhathach B-aicme í Alpha Delphini Aa. Tá Alpha Delphini suite faoi thuairim is dhá chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus í beagnach trí oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí trí oiread go leith chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais nó an gha de, ach maidir leis an lonrachas, tá sí dhá chéad ocht n-oiread is fiche chomh geal leis an nGrian.

Déréalta í Beta Delphini chomh maith. Tugtar Beta Delphini A agus Beta Delphini B ar an dá chomhréalta, agus is é an t-ainm a bhaist Niccolò Cacciatore ar an gcomhréalta is gile acu ná Rotanev. Má léitear ón deireadh go tús é, gheofar Venator, agus is focal Laidine é a chiallaíos ”sealgaire”, nó cacciatore as Iodáilis. Tá leagan Laidine den ainm agus den tsloinne úd Niccolò Cacciatore – Nicolaus Venator – ceilte in ainmneacha an dá réalta, mar sin.

F-réaltaí iad an dá chomhbhall de Beta Delphini, is é sin tá siad beagáinín níos teo ná an Ghrian. Níl ceachtar acu mórán níos troime ná an Ghrian cé go bhfuil siad níos lonrula (24 oiread agus ocht n-oiread). Tá an dá réalta suite céad solasbhliain uainn, a bheag nó a mhór.

Maidir le Gamma Delphini, is déréalta eile í. Tá sí suite traidhfilín níos faide uainn ná Beta Delphini nó Rotanev. Gamma1 Delphini agus Gamma2 Delphini ainmneacha an dá réalta. An chéad cheann acu, is réalta phríomhsheichimh í agus baint aici leis an B-aicme; an dara ceann acu, is fo-fhathach flannbhuí den K-aicme í, agus í tuairim is fiche oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Creidtear go bhfuil pláinéad ar aon mhéid le hIúpatar ag an déréalta seo.

Déréalta eile í Delta Delphini, agus í suite faoi tuairim is dhá chéad is fiche solasbhliain dínn. Réaltaí aisteacha iad an dá chomhbhall agus iad níos saibhre i miotail ná mar ba chóir, agus ní féidir iad a dhealú ó chéile ach taighde a dhéanamh ar an speictream. Réaltaí athraitheacha iad an bheirt acu.

Réalta aonair í Epsilon Delphini AldulfinEireaball na Deilfe. Fathachréalta B-aicme atá ann. Tá an réalta seo suite tuairim is trí chéad is tríocha solasbhliain uainn, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh lonrúil leis an nGrian.

Deimos atá ar an gceann is lú den dá shatailít atá ag Mars. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Asaph Hall a chuir an chéad sonrú in Deimos i Mí Lúnasa 1877, sé lá sular aithin sé Phobos. Caitheann Deimos tríocha uair an chloig ag críochnú turas amháin timpeall ar Mhars. Tá cianphointe na gealaí seo suite faoi 23 471 chiliméadar ó Mhars, agus an garphointe cúig chiliméadar déag níos cóngaraí don phláinéad. Níl in Deimos ach cnapán beag cloiche i gcomparáid leis an nGealach s’againn – níl sé ar dhéanamh na liathróide, fiú. D’fhéadfá a rá go bhfuil sé cúig chiliméadar déag ar fad agus aon chiliméadar déag ar leithead.

Deireadh na LoingeCeann de na réaltbhuíonta a tháinig ar an bhfód nuair a scoilteadh an Long nó Argo Navis é Deireadh na Loinge. Tá Deireadh na Loinge suite idir an tAonbheannach, Compás an Mhairnéalaigh, na Seolta, an Chíle, an Péintéir, an Colm, an Madra Mór, agus an Phéist Uisce.

Réalta O-aicme is ea Zeta Puppis. Tá sí suite tuairim is míle agus céad solasbhliain uainn, agus is ollfhathachréalta í. Tá sí sé oiread déag is dhá scór chomh téagartha leis an nGrian, agus í deich míle oiread níos lonrúla. Le fírinne tá an chuid is mó den radaíocht atá an réalta seo a astú sa bhanda ultraivialait, agus má chuirtear an radaíocht sin san áireamh, tá Zeta Puppis na céadta míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Pi PuppisAhadi an dara réalta is gile i nDeireadh na Loinge. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá inti, agus í dhá oiread déag chomh téagartha, dhá mhíle déag oiread chomh lonrúil leis an nGrian.

Tríréalta í Xi Puppis. Tá déréalta speictreascópach ann – is é sin, dhá réalta agus iad chomh gar dá chéile is nach dtig iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an speictream – agus an tríú réalta le feiceáil sa teileascóp mar réad ar leith. Is iad ainmneacha an trí cinn ná Xi Puppis Aa (Azmidi), Xi Puppis Ab agus Xi Puppis B. Fathachréalta atá i Xi Puppis A agus í in aon aicme speictreach leis an nGrian, is é sin G-aicme. Maidir le Xi Puppis B is réalta phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian.

DenebAlpha Cygni a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Ollfhathachréalta A-aicme atá inti agus í tuairim is dhá chéad míle oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Tá sí suite faoi dhá mhíle is sé chéad solasbhliain dínn, ach is deacair an fad sin a shainiú go cruinn, dáiríribh. Ceann de réaltaí Thriantán an tSamhraidh í.

Denebola Beta Leonis atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Leoin. Tá sí suite faoi shé solasbhliana déag is fiche dínn, agus í infheicthe go maith gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc. Réalta phríomhsheichimh í – níl sí dhá oiread chomh mór leis an nGrian – ach is A-réalta the lonrúil í. Réalta athraitheach í den chineál atá ainmnithe as Delta Scuti, is é sin, tagann athruithe beaga bídeacha ar a lonrachas de réir tréimhse nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar fad.

Deoitéarón a thugtar ar cháithnín atá comhdhéanta as prótón amháin agus neodrón amháin. Is ionann é agus núicléas an deoitéiriam.

Deoitéiriam a thugtar ar iseatóp trom neamh-radaighníomhach na hidrigine a bhfuil neodrón amháin sa núicléas aige i mbreis ar an bprótón. (Uaireanta tugtar próitiam ar an ngnáth-hidrigin nach bhfuil ach prótón amháin sa núicléas aici.) Ba iad na fisiceoirí Meiriceánacha Harold Urey agus Ferdinand Brickwedde a d’aonraigh an chéad eiseamal deoitéiriam thiar sna 1930idí, tar éis d’Urey an deoitéiriam a aithint go speictreascópach sa bhliain 1931. Ba é Urey a cheap na téarmaí úd próitiam, deoitéiriam agus tritiam agus a d’úsáid roimh aon duine eile iad in alt a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1934.

Is minic a úsáidtear an tsiombail cheimiceach D le tagairt a dhéanamh don deoitéiriam, cé nach bhfuil ann ach iseatóp de chuid na hidrigine (H). Is féidir 2H a úsáid chomh maith, agus is é sin an leagan is fearr le Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC).

Má nasctar dhá adamh deoitéiriam d’adamh ocsaigine, is éard a gheofar ná ocsaíd deoitéiriam, nó tromuisce. Is iomaí úsáid a bhaintear as an tromuisce, go háirithe sa teicneolaíocht núicléach. An leagan den imoibreoir núicléach a forbraíodh i gCeanada sna seascaidí, mar atá, CANDU (Canada Deuterium Uranium), úsáideann sé tromuisce le maolú ar na neodróin arb iad iompróirí an tslabhra imoibrithe san imoibreoir.

Úsáidtear deoitéiriam sna buamaí hidrigine freisin. Tá an buama hidrigine bunaithe ar chomhleá an deoitéiriam agus an tritiam, agus gnáthbhuama adamhach (buama eamhnaithe) mar mhaidhmitheoir ann le tús a chur leis an gcomhleá seo.

Is é an tritiam an tríú hiseatóp atá ag an hidrigin, agus é níos troime fós ná an deoitéiriam. Tá dhá neodrón agus aon phrótón amháin i núicléas an tritiam, agus is iseatóp radaighníomhach é, murab ionann agus an deoitéiriam.

Déréalta a thugtar ar dhá réalta atá chomh cóngarach dá chéile agus go bhfuil nasc imtharraingthe acu. Is ionann an déréalta agus réalta dhúbailte fhisiceach; scéal eile í an réalta dhúbailte optúil (dhá réalta atá suite ar an líne chéanna, beagnach, ón Domhan, ionas go bhfeictear in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile i ndáiríribh).

Déréalta éagothrom atá i gceist má tá an dá chomhréalta an-difriúil le chéile ó thaobh na méide nó an lonrachais de. Is féidir mar shampla go bhfuil ceann den dá chomhbhall iompaithe ina abhac bán cheana féin, agus an ceann eile ina fhathachréalta go fóill.

Déréalta fhótaiméadrach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí bhreathnuithe fótaiméadracha a dhéanamh uirthi. Déréaltaí fótaiméadracha iad na déréaltaí uraitheacha mar shampla.

Déréalta infheicthe atá i gceist más féidir leat an dá chomhréalta a aithint thar a chéile agus a fheiceáil mar dhá réad scartha le súile do chinn féin, nó ar an teileascóp ar a laghad.

Déréalta réaltmhéadrach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí bhreathnuithe réaltmhéadracha a dhéanamh uirthi. Go bunúsach, is éard a bhíos i gceist le déréalta réaltmhéadrach ná déréalta atá an-éagothrom, ionas nach bhfuil ach ceann den dá chomhréalta le feiceáil, ach san am chéanna is féidir a aithint go bhfuil an ceann sin ag timpeallú na comhréalta dofheicthe agus go bhfuil an chomhréalta dhofheicthe ag dul i bhfeidhm ar an gceann eile ar dhóigheanna éagsúla, an imtharraingt ach go háirithe.

Déréalta speictreascópach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí anailís a dhéanamh ar a speictream.

Déréalta theagmhála atá i gceist má tá an dá réalta chomh cóngarach dá chéile is go bhfuil siad i dteagmháil le chéile.

Déréalta uraitheach atá ann, má thagann ceann den dá dhéréalta idir sinn agus an déréalta eile go tráthrialta.

Diallas a thugtar ar an gcomhordanáid i gcóras an mheánchiorcail a fhreagraíos don domhanleithead. Tugtar in aonaid stua é, is é sin, céimeanna stua, stuanóiméid, agus stuashoicindí.

Dia-optar a thugtar ar aonad na cumhachta optúla. Is ionann an dia-optar agus deilín an mhéadair, is é sin, m-1, agus is ionann an chumhacht optúil agus deilín an fhaid fhócasaigh. Mar sin, má tá an lionsa deich ndia-optar ar chumhacht optúil, is ionann sin is a rá go bhfuil sé 1/10 méadar (deich gceintiméadar) ar fhad fhócasach.

Díchumadh: San optaic is ionann díchumadh agus an dóigh a gcuireann na lionsaí na línte díreacha as a riocht. Is é is cúis leis an díchumadh ná nach ionann an formhéadú timpeall ar lárphointe an lionsa agus in aice leis na ciumhaiseanna. (Is é is formhéadú ann ná an dóigh a bhfeictear an réad níos mó dúinn tríd an lionsa.) Díchumadh pioncásach atá i gceist má tá an formhéadú ag dul i méadaíocht i bhfad ó lárphointe an lionsa, agus díchumadh bairilleach a thugtar ar a mhalairt de dhíchumadh. Tá a leithéid de rud ann agus díchumadh croiméalach freisin – is é sin, meascán an dá dhíchumadh eile.

Díobhadh: Tugtar díobhadh ar an dóigh a scaiptear an solas ar a bhealach ón réalta (nó ó réad réalteolaíoch eile) chugainn agus é ag bualadh faoi dhamhna de chineálacha éagsúla. Cuid den díobhadh é an dóigh a n-ólann dusta agus gáis na hollchruinne an solas chuige féin (is é sin, ionsú an tsolais).

Tá cúiseanna éagsúla leis an díobhadh: an t-ábhar idir-réaltach (deargadh idir-réaltach), an t-atmaisféar timpeall an Domhain (díobhadh atmaisféarach) agus pé dusta atá timpeall ar an réad féin.

Is dual don dusta idir-réaltach níos mó den tsolas ardmhinicíochta (solas gorm) ná den tsolas ísealmhinicíochta (solas dearg) a ionsú, rud a chiallaíos go gcuireann an díobhadh idir-réaltach dath dearg leis an solas ó réadanna i bhfad i gcéin uainn. Sin é an fáth a dtugtar deargadh idir-réaltach ar dhíobhadh den chineál idir-réaltach. Tabhair faoi deara nach bhfuil baint ar bith ag an deargadh idir-réaltach leis an deargaistriú, ar toradh é d’iarmhairt Doppler.

Maidir leis an díobhadh atmaisféarach, is éard is cúis leis ná:

  • móilíní an aeir a bheith ag scaipeadh an tsolais (rud ar a dtugtar réscaipeadh Rayleigh)
  • na haerasóil (na deoiríní beaga uisce san aer, mar shampla) a bheith ag scaipeadh an tsolais
  • na móilíní a bheith ag ól an tsolais agus a fhuinnimh chucu (ionsú nó ionsúchán; is iad na móilíní ocsaigine agus ózóin is mó a ionsús an solas ardmhinicíochta, agus is iad na móilíní uisce is mó a bhaineas den tsolas ísealmhinicíochta)

Dione atá ar an gcúigiú satailít déag is mó dá bhfuil ag timpeallú Shatarn, agus í ar an dara satailít is dlúithe ábhar acu. Go bunúsach, is éard atá in Dione ná liathróid oighir agus cloiche agus í tuairim is 1120 ciliméadar ar mheán-trastomhas. Ba é Giovanni Domenico Cassini a chuir an chéad sonrú in Dione sa bhliain 1684, agus fuair an ghealach bheag seo a hainm ó John Herschel sa bhliain 1847. Ní dhearnadh léarscáiliú ceart ar Dione ach le déanaí, nuair a d’eitil an spástaiscéalaí Cassini thart le Dione. De thoradh an taighde a rinne Cassini tá a fhios ag an gcine daonna a lán i dtaobh thíreolaíocht Dione, agus fuair a lán gnéithe dá dromchla ainmneacha, an t-iomaire úd Janiculum Dorsa, mar shampla.

Diosca Airy: is é diosca Airy an diosca solais i lár an phatrúin díraonacháin a gheofar má chuirtear ga solais trí chró chruinn an lionsa. Fuair an diosca a ainm ó George Biddell Airy, matamaiticeoir agus réalteolaí Sasanach a bhí beo sa naoú haois déag.

Diosca bréagach: Tá baint ag an gcoincheap seo le diosca Airy. Go bunúsach, nuair a dhéantar breathnuithe ar na réaltaí tríd an teileascóp, is mar dhioscaí a fheictear iad. Na difríochtaí méide idir na dioscaí seo, áfach, ní bhraitheann siad ar fhíor-dhifríochtaí méide idir na réaltaí atá i gceist mar a bhraitheas siad ar dhifríochtaí gile. Sin é an fáth a dtugtar dioscaí bréagacha orthu.

Diosca na gréine: go bunúsach, is ionann é diosca infheicthe na gréine agus an fótaisféar.

Diosca réaltrach: an chuid den réaltra atá suite timpeall an láir agus í cosúil le diosca. Tá diosca réaltrach ag na cineálacha seo leanas de réaltraí:

  • réaltraí lionsacha: M84, NCG4111, ”Réaltra an Rotha” (ESO 350-40)
  • réaltraí bíseacha neamhbharracha: M81, M88, ”Réaltra an Triantáin” (M33)
  • réaltraí bíseacha barracha: Bealach na Bó Finne
  • réaltraí bíseacha idirmheánacha: ”Réaltra na Tine Ealaíne” (NCG6946).

Cuid de na réaltraí a bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu go bunúsach ach an diosca sin; an chuid eile is féidir bolg láir a aithint acu. An dá chineál réaltraí nach bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu ach an bolg féin: na réaltraí neamhrialta agus na réaltraí éilipseacha.

Díothú díothúchán a thugtar ar an rud a thitfeas amach má bhuaileann cáithnín agus a fhrithcháithnín a chéile. Más fíor-bhuncháithníní atá iontu, is é sin cáithníní nach bhfuil struchtúr inmheánach acu, imeoidh siad agus ní fhágfar ach candaim radaíochta. Sampla de seo is ea díothú an leictreoin agus an phosatróin. Más cáithníní iad a bhfuil struchtúr inmheánach acu – cosúil leis an bprótón agus leis an bhfrithphrótón, agus iad comhdhéanta as cuarcanna – beidh an scéal níos casta: ar dtús déanfar méasóin éagsúla, ach ansin imeoidh na méasóin féin agus cruthófar candaim radaíochta chomh maith le leictreoin, posatróin agus neoidríonónna.

Diphda: Is í Diphda nó Deneb Kaitos Beta Ceti an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir – tá sí níos gile, fiú, ná an réalta ar a dtugtar Alpha Ceti, nó Menkar. Ó thaobh an speictrim de, tá sí idir eatarthu idir na haicmí G agus K. Fathachréalta fhlannbhuí í mar sin. Meastar go bhfuil sí suite faoi shé solasbhliana déag agus ceithre scór den Domhan.

Díraonadh díraonachán a thugtar ar an dóigh ar féidir le haon chineál tonnghluaiseachta dul thart an coirnéal – is é sin, má théann an tonnghluaiseacht ag dul trí pholl, beidh sí ag dul i ngach treo sa spás ar an taobh eile den pholl. théann solas trí scoilt an-chaol, abair, is léir go bhfeicfear banda geal – uasmhéid solais mar a déarfá – ar an dromchla a bhuailfeas an solas ina dhiaidh sin. Ach san am chéanna beidh bandaí eile – uasmhéideanna eile – le feiceáil ar an dá thaobh ón banda is gile, agus iad ag éirí níos dorcha ag dul i bhfad ón bpríomh-uasmhéid. Is é an díraonadh is cúis leis na huasmhéideanna seo. Más cró beag ciorclach atá ann, áfach, beidh diosca solais – diosca Airy – le feiceáil ar an dromchla sin, agus ciorcail ina thimpeall de bharr an díraonacháin. An dóigh a scaiptear an solas ar an dromchla a bhuaileas sé, tugtar patrún díraonacháin air.

Dírghluaisne a thugtar ar ghluaiseacht na satailíte in aon treo le rothlú an phríomhúlaigh. Gluaisne chasiompaithe a thugtar ar a mhalairt de ghluaiseacht. An tsatailít a fhanas os cionn an bhaill chéanna den Domhan (an tsatailít gheoisioncrónach nó gheochobhsaí), is sampla speisialta í den dírghluaisne, nó tá sí ag timpeallú an phláinéid in aon treo agus ar aon luas le rothlú an phláinéid.

Dlí Bode, nó dlí Titius, nó dlí Titius-Bode: Sórt teoiric nó hipitéis ab ea an ”dlí” seo: is éard a dúirt an teoiric ná go bhfuil fad an phláinéid ón nGrian ag brath ar fhad an chéad phláinéid roimhe agus ar fhad an chéad phláinéid eile de réir foirmle shimplí mhatamaiticiúil:

  • is ionann fad Mhearcair ón nGrian agus 4/100 d’fhad Shatarn ón nGrian – glacaimis leis an gcéadú cuid sin mar aonad;
  • is ionann fad Véineas ón nGrian agus 7/100, is é sin, 4 + 3 aonad;
  • is ionann fad an Domhain ón nGrian agus 10/100, is é sin, 4 + 6 aonad, agus is ionann 6 agus 3 méadaithe faoi 2;
  • is ionann fad Mharsa ón nGrian agus 16/100, is é sin, 4 + 12 aonad, agus is ionann 12 agus 3 méadaithe faoi 4;
  • ansin aithnítear bearna sa seicheamh simplí matamaiticiúil seo;
  • ach is ionann fad Iúpatair ón nGrian agus 52/100, is é sin, 4 + 48 aonad, agus is ionann 48 agus 3 méadaithe faoi 16;
  • agus ar ndóigh is ionann fad Shatarn ón nGrian agus 100/100, is é sin, 4 + 96 aonad, agus is ionann 96 agus 3 méadaithe faoi 32.

Tá an dlí seo ainmnithe as beirt réalteolaithe Gearmánacha, Johann Elert Bode agus Johann Daniel Titius, a thosaigh ar an tuiscint chéanna timpeall ar an mbliain 1770. Dealraíonn sé, áfach, go ndearna David Gregory agus Edmund Halley trácht ar an smaoineamh céanna i dtéacsleabhar réalteolaíochta a foilsíodh i dtús na hochtú haoise déag. Is éard a chreid Bode agus Titius gur uirlis úsáideach a bhí sa ”dlí” s’acu le teacht ar phláinéid nua, agus ceart go leor bhí an dlí in ann áit Úránais a thairngreacht i gceart. Maidir leis an mbearna idir Mars agus Iúpatar, d’aithin an tIodálach Giuseppe Piazzi astaróideach – Ceres – san áit sin i dtús na naoú haoise déag.

Mar a tháinig chun solais ina dhiaidh sin, áfach, ní raibh an dlí ábalta áit Neiptiúin a thairngreacht i gceart, agus is iomaí locht eile a fuarthas ar an hipitéis. Ní dhearctar air mar dhlí nádúrtha d’aon chineál a thuilleadh, agus cuid de na réalteolaithe barúlach nach raibh ann riamh ach comhtharlúint.

Dlí Fechner – Dlí síceolaíochta é dlí Fechner a bhfuil baint aige leis an taighde réalteolaíochta. Deir dlí Fechner nach mbíonn na daoine éagsúla chomh braiteach le chéile ar an spreagthach céanna – mar shampla, an duine is fearr radharc is é an duine is fearr le difríochtaí i ngile an tsolais a aithint. Ba é Gustaf Theodor Fechner a d’oibrigh amach an dlí agus an leagan matamaiticiúil de.

Dlí imtharraingthe Newton – Is eol do chách, a bheag nó a mhór, gurbh é Isaac Newton a cheap an chéad teoiric faoin imtharraingt, is é sin, faoin dóigh a bhfuil na réadanna ag aomadh (ag tarraingt) a chéile. Is éard a deir dlí Newton ná:

  • gur fórsa í an imtharraingt;
  • go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir le maiseanna na réadanna atá ag aomadh a chéile; agus
  • go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir inbhéartaithe le cearnóg an fhaid idir na maiseanna.

Is í an chothromóid mhatamaiticiúil a chuireas an méid sin in iúl ná:

F = G[(m1m2)/r2]

inarb ionann:

  • F agus an fórsa;

  • G agus tairiseach na himtharraingthe;

  • m1 agus mais an chéad réad;

  • m2 agus mais an dara réad;

  • r agus an fad idir lárphointí an dara réad;

  • r2 agus cearnóg an fhaid sin, is é sin an fad méadaithe faoi féin.

D’athraigh tuiscint na fisice ar an imtharraingt nuair a tháinig teoiric coibhneasaíochta Einstein ar an bhfód, nó is éard a deir Einstein ná go gcuireann an imtharraingt an spás agus an t-am as a riocht timpeall an réid – go gcuarann sí an spás agus an t-am – agus nach fórsa ceart í an imtharraingt, is é sin, nach bhfuil i gceist leis ach an dóigh a mothaítear is a n-aithnítear an cuaradh sin.

Le fírinne bhí Newton féin cineál drochamhrasach i dtaobh na himtharraingthe mar fhórsa. Sa ghnáthchiall caithfidh dhá réad a bheith i dteagmháil le chéile le fórsa a chur i bhfeidhm ar a chéile, ach maidir leis an imtharraingt, oibríonn sí fiú tríd an bhfolús, gan a bheith á hiompar ag aon rud infheicthe nó inaitheanta. D’admhaigh Newton nach raibh i gceist le ”dlí Newton” ach foirmle néata phraiticiúil a cheadaigh don duine an fórsa imtharraingthe a áireamh, ach san am chéanna dúirt sé nach raibh tuiscint aige ar an rud is imtharraingt ann dáiríribh. Mar sin, nuair a mhínigh Einstein an imtharraingt mar dhíchumadh sa spás-am, d’fhreagair sé ceist a bhí curtha ag Newton féin.

An Domhan an pláinéad a bhfuil muid inár gcónaí air. Tá sé ar an gceann is mó de na pláinéid dhomhanchosúla sa Ghrianchóras, is é sin de na pláinéid nach gásfhathaigh iad. Tá dhá dtrian de dhromchla an Domhain, nó níos mó fós, clúdaithe ag uisce, agus an t-atmaisféar saibhir in ocsaigin – tá an dá rud riachtanach don bheatha mar a d’fhorbair sí ar an Domhan, ach is tábhachtach a thuiscint gur neachanna anaeróbacha a bhí sna chéad orgánaigh bheo ar an Domhan, is é sin gur nimh a bhí san ocsaigin dóibh. Mar sin b’éigean don bheatha éabhlóid áirithe a dhéanamh le bheith in ann leas a bhaint as ocsaigin an atmaisféir.

Aithníonn na geolaithe screamh, maintlín agus croí an Domhain thar a chéile. Is í an screamh an ciseal tanaí cloiche a chlúdaíos an pláinéad, agus í timpeall ar chúig ciliméadar ar tiús faoi na farraigí. Bíonn sí i bhfad níos tibhe faoin talamh slán, tríocha ciliméadar, fiú.

Tugtar neamhleanúnachas Mohorovičić, nó an Moho, ar an dromchla a scaras an screamh ón maintlín. Fuair an dromchla a ainm ó Andrija Mohorovičić, geolaí Crótach a bhí ina cheannródaí seismeolaíochta (is éard is seismeolaíocht ann ná an chraobh den gheolaíocht a dhéanas taighde ar na talamhchreathanna). D’aithin Mohorovičić roimh aon duine eile go bhfrithchaitheann an dromchla sin tonnta seismeacha (tonnta talamhchreatha) – is é sin nach leanann na tonnta sin a seanbhealach i ndiaidh an dromchla áirithe seo a bhualadh (sin é an fáth a dtugtar ”neamhleanúnachas” air).

Tugtar litisféar, nó sféar cloiche, ar an screamh agus ar uachtar an mhaintlín araon; taobh thíos den litisféar atá an t-astanaisféar, nó sféar na laibhe. Faoin astanaisféar atá croí an Domhain, agus is féidir struchtúr inmheánach áirithe a aithint sa chroí féin: an croí amuigh agus an croí istigh. Sreabhán slaodach atá sa chroí amuigh, ach is solad é an croí istigh. Iarann agus nicil is mó atá sa chroí. Tá an croí chomh te céanna agus dromchla na Gréine, a bheag nó a mhór – beagnach sé mhíle ceilvin.

Tá an litisféar deighilte ina phlátaí teicteonacha, agus tugtar teicteonaic ar an gcraobh den gheolaíocht a bhíos ag plé le gluaiseachtaí na bplátaí seo. Bíonn próisis éagsúla gheolaíocha ar obair áit a dtagann dhá phláta le chéile: ansin a bhíos talamhchreathanna le mothú agus bolcáin nua ag fás.

Tá an Domhan beo le bolcánachas. Le fírinne tá an Domhan eisceachtúil go maith sa Ghrianchóras chomh gníomhach is atá sé ó thaobh an bholcánachais de. Is iad na substaintí radaighníomhacha nádúrtha is mó is cúis leis an teas taobh istigh den Domhan: nuair a thagas meath radaighníomhach orthu, scaoiltear le radaíocht, is é sin le fuinneamh, agus an fuinneamh sin á chlaochlú go teas. Úráiniam, tóiriam, agus potaisiam (an t-iseatóp radaighníomhach úd 40K, nó potaisiam 40) na dúile is mó atá i gceist.

Cloch atá sa chuid is mó den Domhan, agus is éard atá sa chuid is mó den chloch ná sileacáití. Is éard atá i sileacáit ná ainian (ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) atá comhdhéanta as ocsaigin agus sileacan, agus é ceangailte de chaitiain éagsúla (iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu). Iain mhiotail is mó a bhíos ann (is é sin adaimh mhiotail a thug leictreoin ar iasacht uathu), ach bíonn iain níos casta ná sin ann.

ATMAISFÉAR AN DOMHAIN: CÉATADÁIN NA nGÁS ÉAGSÚIL SAN AER TIRIM

Nítrigin (N2) 78.09 %
Ocsaigin (O2) 20.95 %
Argón (Ar) 0.93 %
Dé-ocsaíd charbóin (CO2) 0.041 %
Neon (Ne) 0.0018 %
Héiliam (He) 0.00052 %
Meatán (CH4) 0.00018 %
Crioptón (Kr) 0.00011 %
Hidrigin (H2) 0.000055 %

Is gnách atmaisféar an Domhain a dheighilt ina chisil mar seo:

Ainm an chisil Airde Nótaí
An t-eisisféar Ó sheacht gcéad go fiche míle ciliméadar Is mó a bhaineas sainmhíniú an eisisféir le himtharraingt an Domhain ná le brú an atmaisféir. Go bunúsach tá deireadh leis an eisisféar san áit a bhfuil an ghrianghaoth níos láidire ná an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm ar na móilíní gáis.
AN TEIRMEASTAD – SEACHT gCÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an t-eisisféar agus an teirmisféar ó chéile
An teirmisféar Ó ochtó ciliméadar go seacht gcéad ciliméadar Tá an chuid seo den atmaisféar an-te, de réir chomh sciobtha is a bhíos na móilíní is na hadaimh ag gluaiseacht. Tá an gás chomh scaipthe anseo áfach nach n-aithneodh aon teirmiméadar (ná aon duine) an teocht sin – a mhalairt bheadh mothú mór fuachta ann. Bíonn na hadaimh ianaithe sa chuid seo den atmaisféar, agus mar sin tugtar ianaisféar ar an teirmisféar agus ar chodanna den mhéisisféar agus den eisisféar araon.
AN MÉISEASTAD – CEITHRE SCÓR CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar, agus an áit is fuaire san atmaisféar, de réir luas gluaiseachta na n-adamh.
An méisisféar Ó chaoga go hochtó ciliméadar Murab ionann agus an teirmisféar, tá an méisisféar ag dul i bhfuacht suas, fiú de réir luas gluaiseachta na n-adamh. Is é an méiseastad (an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar) an áit is fuaire san atmaisféar.
AN STRATASTAD – LEATHCHÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an strataisféar agus an méisisféar ó chéile
An strataisféar Ó dhá chiliméadar déag go caoga ciliméadar Tá an strataisféar níos fuaire thíos, níos teo thuas, agus é féin roinnte ina chisil éagsúla (sin é an tuige a dtugtar strataisféar air – féach focail ar nós stratum agus stratification sa Bhéarla, nó fiú sraith na Gaeilge).
AN TRÓPASTAD – DHÁ CHILIMÉADAR DÉAG OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an trópaisféar agus an strataisféar
An trópaisféar Ó dhroim an phláinéid go dhá chiliméadar déag An chuid den atmaisféar is aithin dúinn féin gan dul i muinín gléasra eolaíochta agus taighde. Tá an trópasféar níos teo thíos, agus níos fuaire thuas.

Dualghluaisne a thugtar ar an dóigh a bhfuil réalta áirithe ag gluaiseacht trasna na spéire i gcomparáid leis an sféar neamhaí (is é sin, i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí is na reann neimhe atá chomh cianmhar is nach féidir linn a ndualghluaisne siúd a aithint). Stua í an dualghluaisne, agus í á tomhas ina soicindí stua in aghaidh na bliana. Na réaltaí is mó dualghluaisne, is abhacréaltaí éadroma iad agus iad suite réasúnta cóngarach dúinn, cosúil le Réalta Barnard, Réalta Kapteyn agus Réalta Teegarden.

Dúpholl – Is éard atá i gceist leis an dúpholl ná réalta a rinne inphléascadh imtharraingthe, is é sin réalta a thit isteach inti féin chomh trom is a bhí sí. Réigiún sa spás-am é an dúpholl nach féidir éalú as toisc go bhfuil an imtharraingt chomh láidir.

Tugtar singilteacht ar chroílár an dúphoill, agus is í an léaslíne theagmhais dromchla an dúphoill. An réad nó an neach atá taobh istigh den léaslíne theagmhais ní féidir leis teacht slán ón tsingilteacht, titfidh sé isteach inti chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh – chomh cinnte is atá an Cháisc ar an Domhnach, i gciall cheart an fhocail! Ón taobh amuigh, áfach, ní fheicfear an réad sin ag baint amach an léaslíne choíche – scéal eile áfach ná go ndeargaistreofar an solas atá á fhrithchaitheamh aige, agus sa deireadh imeoidh an solas (agus an réad) as radharc ar fad. Is éard atá i gceist leis seo ná deargaistriú imtharraingteach.

An breathnóir daonna atá ag titim isteach sa dúpholl, ní aithneoidh sé an léaslíne theagmhais, má tá an dúpholl féin sách téagartha. Ina dhiaidh sin, áfach, stróicfear as a chéile é. Taobh istigh den dúpholl tá an imtharraingt ag dul i méadaíocht chomh sciobtha is go réabfaidh sí an breathnóir as a chéile – má tá sé ag titim i ndiaidh a chos, abair, beidh an imtharraingt ag dul i bhfeidhm ar a chos i bhfad níos láidire ná ar a chloigeann.

Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.

Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís an t-imoibriú a choinneáil ag obair gan an slabhra a bhriseadh.

Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlófar go húráiniam a 233 (233U) taobh istigh den imoibreoir féin. Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.

Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha go cothrom trí chéile – staid ar a dtugtar teasbhás uirthi freisin.

Ní bhfuair an Ollchruinne s’againn teasbhás go fóill, mar is soiléir, agus mar sin, is féidir glacadh leis go raibh tús ag an Ollchruinne agus go bhfuil aois theoranta aici – gur tháinig an Ollchruinne chun saoil, go raibh tús aici. Dá mbeadh an Ollchruinne síoraí, is é sin dá mbeadh sí ann gan tús gan deireadh, bheadh an chothromaíocht theirmidinimiciúil bainte amach aici cheana féin, is é sin bheadh sí tar éis teasbhás a fháil. Ba iad an Tiarna Kelvin (William Thompson), an fisiceoir Gearmánach Hermann von Helmholtz, agus an t-innealtóir Albanach William John Macquorn Rankine a tháinig ar an tuiscint seo thiar sa naoú haois déag, roimh aon duine eile.

Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.

Fathach: Is éard atá i gceist le fathach nó fathachréalta ná réalta atá i bhfad níos mó ná na réaltaí príomhsheichimh ar aon dath agus ar aon teocht léi. Tá na fathachréaltaí suite os cionn an phríomhsheichimh i léaráid Hertzsprung-Russell. Tá fathachréaltaí éagsúla ann: cuid acu bhí siad ina réaltaí príomhsheichimh ar dtús, ach ansin d’fhorbair siad go fathachréaltaí, an chuid eile bhí siad mór millteanach ó thús báire.

Glactar leis go n-iompóidh an Ghrian féin ina fathachréalta i ndeireadh báire, i gceann cúig mhíle milliún bliain, nuair a bheas an hidrigin go léir i gcroí na réalta comhleáite go héiliam. Ansin crapfaidh an croí isteach chuige féin, agus an t-ábhar taobh amuigh de á aomadh chuige ag an imtharraingt. Faoi bhrú na himtharraingte cuirfear tús nua leis an gcomhleá, ach anois, is sna sraitheanna taobh amuigh den chroí a bheas sé ag dul ar aghaidh, áit a bhfuil hidrigin fágtha fós. Rachaidh na sraitheanna sin go mór i bhfairsinge, ach ní bheidh siad chomh te céanna is a bhí dromchla na réalta ar dtús: an fuinneamh a bheas á tháirgeadh beidh sé scaipthe níos fairsinge. Mar sin rachaidh dath agus aicmiú na réalta i dtreo na fuachta, is é sin, i dtreo na deirge (aicmí K agus M).

DORNÁN FATHACHRÉALTAÍ AITHNIDIÚLA

(más déréalta nó ilréalta atá i gceist, is iad sonraí na príomhréalta sa chóras atá le léamh thíos)

Ainm Réaltbhuíon Mais i gcomparáid leis an nGrian Trastomhas i gcomparáid leis an nGrian Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian Aicme speictreach
Albireo An Eala cúig oiread deich n-oiread agus trí scór míle agus dhá chéad oiread K
Aldebaran An Tarbh aon oiread go leith ceithre oiread is dhá scór leathmhíle oiread K
Alnitak An Bodach trí oiread déag is fiche fiche oiread dhá chéad go leith míle oiread (an ceathrú cuid den mhilliún) O
Alphard An Phéist Uisce trí oiread leathchéad oiread ocht gcéad oiread K
Altarf An Portán trí oiread leathchéad oiread sé chéad is trí scór míle oiread K
Antares An Scairp dhá oiread déag ocht gcéad is trí oiread agus ceithre scór leathchéad is seacht míle is cúig chéad oiread M
Arcturus An tAoire aon oiread amháin cúig oiread is fiche céad is deich n-oiread is trí scór K
Betelgeuse An Bodach tá meastacháin éagsúla ann ó ocht n-oiread go fiche oiread tuairim is míle oiread timpeall ar chéad míle oiread (réalta an-athraitheach atá i gceist) M
Canopus An Chíle tuairim is deich n-oiread tuairim is deich oiread is trí scór cúig mhíle déag oiread F
Deneb An Eala tuairim is fiche oiread tuairim is dhá chéad oiread tuairim is dhá chéad míle oiread A
Diphda (Deneb Kaitos) An Míol Mór dhá oiread is ocht ndeichiú cuid seacht n-oiread is fiche céad is dhá scór oiread K
Eta Carinae An Chíl meastacháin éagsúla ó chéad oiread go dhá chéad oiread meastacháin éagsúla ó thrí scór oiread go hocht gcéad oiread cúig mhilliún oiread athraitheach
Hamal An Reithe aon oiread go leith cúig oiread déag timpeall ar dheich n-oiread is ceithre scór oiread K
Rigel An Bodach tuairim is fiche oiread ceithre scór oiread céad is fiche míle oiread B

An Ghealach an t-aon satailít nádúrtha atá ag an Domhan s’againn. Go bunúsach, níl inti ach cloch: sileacáití, alúmana, aol, ocsaídí iarainn, ocsaídí tiotáiniam agus eile. Tá dhá chineál tír-raon ann, is é sin, na garbhchríocha agus na mara, mar a thugtar orthu – ar ndóigh, ní thiocfá ar bhraon uisce sna farraigí sin, nó is éard atá iontu ná ísleáin nó mánna, agus iad déanta as cloch bholcánach (basalt, brúchtcharraig).

I gcomparáid le satailítí nádúrtha eile an Ghrianchórais, níl an Ghealach beag ar aon nós. Tá sí níos mó ná Europa, is é sin, an ceann is lú de Ghealacha Galileo (na ceithre satailítí is mó atá ag Iúpatar). Thairis sin, tá sí níos mó ná aon cheann acu i gcomparáid leis an bpláinéad a bhfuil sí ag dul ina thimpeall – an príomhúlach, mar a déarfá. Tá gealacha Iúpatair agus Shatarn i bhfad níos lú i gcomparáid lena bpríomhúlach.

Is éard atá sa Ghealach, mar a chreidtear inniu, ná toradh d’imbhualadh millteanach a tharla tuairim is leathchéad milliún bliain i ndiaidh fhoirmiú an Ghrianchórais. Bhuail pláinéad ar aon mhéid le Mars faoin réamh-Dhomhan – Theia a thugas na réalteolaithe ar an imbhuailteoir seo – agus ba iad smidiríní Theia comhábhair na Gealaí. Ba dhomhain ar fad a chuaigh Theia isteach sa phláinéad s’againn, agus a rian sin le haithint ar mhaintlín agus ar chroílár an Domhain i gcónaí.

Deirtear go bhfuil rothlú na Gealaí sioncrónach leis an Domhan – is é sin, is é an taobh céanna den Ghealach a bhíos iompaithe linn an t-am ar fad. Is féidir linn, áfach, beagáinín níos mó ná leath de dhromchla ár satailíte a fheiceáil, toisc go mbíonn sí ag guagadh ar dhóigheanna éagsúla: uaireanta iompaíonn sí a pol thuaidh nó a pol theas linn, agus bíonn sí ag moilliú nó ag géarú a gluaiseachta ar a fithis, ionas gur féidir linn tuilleadh den ”tosach” nó den ”chúl” a fheiceáil in amanta difriúla. Fágann an guagadh 59 % de dhromchla na Gealaí inmhapáilte ón Domhan. Ba iad na Sóivéadaigh a chuir tús le léarscáiliú an taoibh eile den Ghealach sa bhliain 1959: ansin, d’éirigh leo taiscéalaí (is é sin spásbhád beag gan foireann) a chur ag fithisiú na Gealaí agus ag tógáil grianghrafanna.

Thug daoine daonna an chéad chuairt ar an nGealach i Mí Iúil 1969, nuair a thuirling an tIolar (Eagle) modúl tuirlingthe an spásbháid úd Apollo a hAon Déag – i Muir na Sáimhe. Ba iad na spásairí Meiriceánacha Neil Armstrong agus Buzz Aldrin a bhí ag stiúradh an mhodúil, agus an tríú fear, Michael Collins, ag fanacht leo i modúl ceannasaíochta an spásbháid a bhí ag fithisiú na Gealaí. I ndiaidh an turais, bhain Collins amach clú áirithe mar scríbhneoir leis an leabhar cuimhní cinn a bhreac sé síos faoi shaol an spásaire, Carrying the Fire.

Maidir le tábhacht na dturasanna seo don eolaíocht is don taighde, ba iad na geolaithe ba mhó a ghnóthaigh orthu, nó d’ardaigh na spásairí leo cuid mhaith cloch a thug léargas nua ar fhorbairt gheolaíoch na Gealaí. Fuair na spásairí go léir bunscolaíocht sa gheolaíocht, agus bhí Harrison Schmitt, fear den triúr spásairí ar an turas deireanach go dtí an Ghealach, ina gheolaí oilte.

Gealacha Galileo a thugtar ar na satailítí is mó atá ag Iúpatar, ceithre cinn ar fad, a ndearna Galileo Galilei a bhfionnachtain thiar sa bhliain 1610.

Is iad ainmneacha na ngealach seo ná Io, Europa, Ganymede, agus Callisto. Fuair siad na hainmneacha seo ón réalteolaí Gearmánach Simon Marius (Mayr), ach ní raibh formhór na réalteolaithe fonnmhar iad a úsáid roimh an bhfichiú haois, ó nach raibh Galileo féin sásta leo – b’fhearr leis na gealacha a uimhriú go simplí. Is gnách ainmniú na reann neimhe a fhágáil faoin duine a rinne a bhfionnachtain, agus ba é Galileo a d’aithin na gealacha seo roimh Marius. Thairis sin, deirtear go raibh meas an mhagaidh mhíchuí ag lucht na comhaimsire ar na hainmneacha a bhronn seisean. Nó tagraíonn siad do na cailíní (agus d’fhear óg amháin) a raibh cumainn ghrá ag Zeus leo de réir mhiotaseolaíocht na sean-Ghréige, agus is gnách Zeus a chomhionannú le hIúpatar, mar a rinne na Rómhánaigh fadó, ó ba nós leo gach dia de chuid na nGréagach a chomhionannú le dia dá gcuid féin.

Ba é Giovanni Battista Hodierna, dalta de chuid Galileo, a bhaist na hainmneacha Principharus, Victripharus, Cosmipharus agus Fernipharus orthu. Tagairt a bhí sna hainmneacha seo do ”Phrionsa (principe) na Tuscáine”, do Vittoria della Rovere (bean Ferdinando de Medici), Cosimo de Medici (urraí Galileo) agus Ferdinando de Medici (mac Cosimo). Ó bhí Galileo ag fáil urraíochta ó Cosimo de Medici, Ard-Diúc na Tuscáine, bhí sé féin tar éis Medicea Sidera nó ”Réaltaí Mhuintir Medici” a bhaisteadh ar na gealacha seo in éineacht.

GEALACHA GALILEO – ”RÉALTAÍ MHUINTIR MEDICI” – ”MEDICEA SIDERA”

IO (Iúpatar a hAon, Principharus) EUROPA (Iúpatar a Dó, Victripharus) GANYMEDE (Iúpatar a Trí, Cosmipharus) CALLISTO (Iúpatar a Ceathair, Fernipharus)

AR MHAITHE LEIS AN gCOMPARÁID:

AN GHEALACH TIOTÁN (an tsatailít is mó atá ag Satarn)
Meángha (leath an mheán-trastomhais, ciliméadar) 1822 1560 2630 2410 1737 2575
Tréimhse imrothlaithe (lá Domhanda) 1.77 3.55 7.15 16.7 27.3 15.9
Meánluas ar an bhfithis (ciliméadar in aghaidh na soicinde) 17.3 13.7 10.9 8.2 1.02 5.57
Mais (i gcomparáid leis an Domhan) 0.015 0.008 0.025 0.018 0.012 0.0225
Dlús (gram in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh) 3.5 3.0 1.9 1.8 3.3 1.9
Imtharraingt ar an dromchla (g-aonad) 0.183 0.134 0.146 0.126 0.1654 0.14
Treoluas éalaithe (ciliméadar in aghaidh na soicinde) 2.558 2.025 2.741 2.440 2.38 2.639
Meánteocht ar an dromchla (ceilvin) 110 102 110 134 220 94
Ailbéideacht 0.63 0.67 0.43 0.22 0.136 0.22
Cianphointe na fithise (ciliméadar) 423 400 677 000 1 071 600 1 897 000 405 400 1 257 000
Garphointe na fithise (ciliméadar) 420 000 665 000 1 069 200 1 869 000 362 600 1 187 000

Gienah Gienah Cygni – ”Sciathán na hEala” – a thugtar go traidisiúnta ar an réalta úd Epsilon Cygni i réaltbhuíon na hEala. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme is ea í agus í suite corradh is seachtó solasbhliain dínn. Tá sí aon oiread déag chomh mór leis an nGrian (de réir an trastomhais) agus dhá oiread is trí scór chomh lonrúil. Creidtear áfach nach bhfuil sí ach aon oiread amháin níos troime ná an Ghrian – is é sin bhí sí i bpríomhsheicheamh na réaltaí ar dtús sular iompaigh sí ina fathach, díreach mar atá i ndán don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Gienah Ghurab Gienah Corvi Ala Corvi a thugtar ar Gamma Corvi, arb í an réalta is gile i réaltbhuíon an Phréacháin. Réalta the bhánghorm den aicme B í, agus í suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. Focal Araibise é Gienah a chiallaíos ”eite, sciathán”, agus mar sin, is é ”Sciathan an Phréacháin” is brí le hainm na réalta.

An Grúpa Áitiúil a thugtar ar an ngrúpa réaltraí a mbaineann Bealach na Bó Finne leis. Is iad Réaltra Andraiméide, Bealach na Bó Finne, agus Réaltra an Triantáin na réaltraí is mó sa ghrúpa, ach thairis sin tá cuid mhór réaltraí ann is lú ná na cinn sin, ar nós Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan.

ROINNT RÉALTRAÍ SA GHRÚPA ÁITIÚIL

Ainm Uimhir i gcatalóg Messier Uimhir sa Nua-Chatalóg Ghinearálta An cineál réaltra atá ann An réaltbhuíon ina bhfeictear an réaltra Nótaí
Réaltra Andraiméide M31 NCG224 Réaltra bíseach barrach Andraiméide An réaltra is mó sa ghrúpa
Bealach na Bó Finne Réaltra bíseach barrach An réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin
Réaltra an Triantáin M33 NCG598 Réaltra bíseach neamhbharrach An Triantán An réaltra bíseach is lú sa Ghrúpa Áitiúil. Is dócha gur satailít de chuid réaltra Andraiméide atá ann
Scamall Mór Magellan Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin An Colgán agus an Tábla Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann. Shíltí ar feadh i bhfad gur réaltra neamhrialta a bhí ann
Scamall Beag Magellan NCG292 Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin An Túcán agus an Phéist Uisce Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann

M32

NCG221 Réaltra éilipseach Andraiméide Satailít de chuid Andraiméide atá ann
SagDEG (Sagittarius Dwarf Elliptical Galaxy, Abhacréaltra Éilipseach an tSaigheadóra) Réaltra éilipseach An Saigheadóir Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
SagDIG (Sagittarius Dwarf Irregular Galaxy, Abhacréaltra Neamhrialta an tSaigheadóra) Réaltra neamhrialta An Saigheadóir Is é seo an réaltra is faide atá suite ó bharalár (is é sin, ó mheáchanlár) an Ghrúpa Áitiúil
Abhac an Dragain (Béarla: Draco Dwarf) Abhacréaltra sféaróideach An Dragan Táthar ag déanamh go bhfuil an réaltra seo an-saibhir i ndamhna dorcha

Héiliam: Is é an héiliam dúil uimhir a dó sa tábla peiriadach. Mar is léir ón uimhir adamhach, tá dhá phrótón i núicléas an héiliam. Tá dhá iseatóp tábhachtacha ag an héiliam, mar atá, an ceann is coitianta, nó héiliam a ceathair, agus an ceann eile, nó héiliam a trí. Na hiseatóip eile is radanúiclídí éagobhsaí iad a dtagann meath radaighníomhach orthu go sciobtha. Tá dhá leictreon ag an héiliam, agus mar sin, is triathghás é, nó níl áit ar an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas ach d’aon leictreondís amháin. Dá réir sin ní féidir leis an héiliam dul i gcomhdhúil le dúil eile.

Tá fiuchphointe an héiliam iontach íseal, nó níl sé ach cúpla céim Celsius os cionn an dearbhnialais. Ní féidir héiliam a reo go solad gan brú ard a oibriú air. Ina áit sin, má reoitear i dtreo an dearbhnialais é faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, iompóidh sé ina fhorshreabhán a bhfuil saintréitheanna neamhghnácha aige: mar shampla ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, nó dreapfaidh sé as agus é ag dul ar fud na háite ina scannán tanaí.

Hidrigin: Is í an hidrigin dúil uimhir a haon sa tábla peiriadach, agus is í an dúil is simplí ó thaobh an struchtúir de, nó níl ach aon phrótón amháin i núicléas na hidrigine, agus níl ach aon leictreon amháin i néal leictreon na hidrigine. Is dual do na hadaimh hidrigine móilíní dhá adamh a dhéanamh faoi na gnáth-imthoscaí ar dhroim an Domhain, ach dáiríre is dúil an-imoibríoch í an hidrigin, agus tá an chuid is mó di le fáil ceangailte i gcomhdhúile éagsúla ceimiceacha. Le fírinne tá an gás hidrigine chomh héadrom is nach bhfuil imtharraingt ár bpláinéid sách láidir lena choinneáil san atmaisféar: is dual dó éalú go dtí an spás. Sin é an tuige nach bhfuil ach iarsmaí beaga hidrigine le fáil san aer.

Nuair a rachas an hidrigin trí thine, is é an toradh a gheofar ná ocsaíd na hidrigine – is é sin, uisce. Is féidir leis an hidrigin pléasc a dhéanamh agus í ag imoibriú leis an ocsaigin. Thairis sin, tá dainséar eile ag baint le dóchan na hidrigine: tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, agus í an-te san am chéanna.

Tá trí iseatóp ag an hidrigin, agus ainmneacha ar leith orthu: an próitiam (an ghnáth-hidrigin, nach bhfuil ach prótón amháin mar núicléas aici), an deoitéiriam (hidrigin a dó – tá prótón agus neodrón amháin i núicléas an iseatóip seo), agus an tritiam (hidrigin a trí – prótón amháin agus dhá neodrón sa núicléas). Núiclíd radaighníomhaíoch é an tritiam, agus tagann béite-mheath air: is é héiliam a trí (iseatóp neamhghnách de chuid an héiliam) is toradh don mheath seo.

I réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, comhleáitear núicléis hidrigine go héiliam: an fuinneamh a thagas as an nGrian is toradh don chomhleá seo é. Ar dtús téann dhá phrótón le chéile le núicléas deoitéiriam (”deoitéarón”) a dhéanamh, ansin téann deoitéarón agus prótón le chéile le núicléas de chuid héiliam a trí a tháirgeadh, agus sa deireadh comhleáitear dhá núicléas den chineál seo go núicléas gnáth-héiliam (héiliam a ceathair) – scaoiltear dhá phrótón saor sa teagmháil seo. Tugtar timthriall ”prótón-prótón” air seo.

Infridhearg a thugtar ar na bandaí radaíochta idir na radathonnta agus an solas infheicthe. Tá tonnfhad na radaíochta infridheirge níos mó ná tonnfhad an tsolais, agus dá réir sin tá a minicíocht níos ísle. Is mar theas is mó a aithníos nó a mhothaíos an duine an radaíocht infridhearg.

Io an ceann de Ghealacha Galileo is cóngaraí d’Iúpatar, agus is minic a thugtar ”an ghealach píotsa” uirthi, toisc go bhfuil sí buí (cosúil le cáis an phíotsa) agus breac le bolcáin (a chuirfeadh slisní tráta i gcuimhne duit). Tá Io á streachailt as a chéile taobh istigh ag na fórsaí taoidmheara, is é sin, ag imtharraingt na ngealach eile gan trácht a dhéanamh ar Iúpatar féin. Dá thoradh sin tá sí beo le bolcánachas thar aon rinn neimhe eile sa Ghrianchóras. Is é an sulfar a thagas as na bolcáin is cúis leis an dath buí, agus na dathanna eile a fheictear is minic a bhaineas siad le hallatróip neamhghnácha an tsulfair.

Tá Io beagáinín níos mó ná an Ghealach s’againn, agus í ar an dara ceann is lú de ghealacha Galileo. Tá sí níos mó ná Europa, agus níos lú ná Ganymede agus Callisto.

Lárainciam – Is é an lárainciam dúil uimhir a 103, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Lr. Fuair sé a ainm ó Ernest Orlando Lawrence, agus glactar leis go bhfuil sé cosúil leis an lúitéitiam, an dúil atá os a chionn i dtábla peiriadach na ndúl: is é an lúitéitiam an ceann is troime de na lantanóidigh, agus is é an láraiciam an ceann is troime de na hachtanóidigh. Sin a bhfuil le rá i dtaobh an lárainciam i ndáiríre, nó is dúil éagobhsaí radaighníomhach é, agus is beag úsáid phraiticiúil a thig a bhaint as. An t-iseatóp is cobhsaí atá aige is é lárainciam a 266 é, agus é aon uair déag ar leathré.

Leaptón a thugtar ar bhuncháithnín éadrom, cosúil leis an leictreon. Ní féidir leis na leaptóin páirt a ghlacadh san idirghníomhú láidir (is é an t-idirghníomhú láidir is cúis leis an bhfórsa a choinníos núicléas an adaimh le chéile). Ba é an leictreon an chéad leaptón a haithníodh. Leaptón eile é an múón, agus é i bhfad níos troime ná an leictreon, cé nach bhfuil sé chomh trom leis na baróin.

Léaráid Hertzsprung-Russell a thugtar ar an léaráid a gheofar, má chuirtear sonraí na réaltaí i gcóras comhordanáidí ionas gurb iad aicmiú na réalta (is é sin, dath na réalta, nó teocht a dromchla) agus a lonrachas na haiseanna comhordanáide. Tá an léaráid ainmnithe as Ejnar Hertzsprung agus Henry Russell, beirt réalteolaithe a d’fhorbair í tuairim na bliana 1910. Danmhargach ab ea Hertzsprung, agus b’as na Stáit Aontaithe don Ruiséalach. Is féidir na hollfhathachréaltaí, na fathachréaltaí, an príomhsheicheamh agus na habhacréaltaí a aithint thar a chéile ar an léaráid seo, mar limistéir atá réasúnta scartha ó chéile.

Litiam a thugtar ar an gceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Li an tsiombail cheimiceach, agus ós rud é go bhfuil trí phrótón i núicléas an litiam, is é dúil cheimiceach uimhir a trí é i dtábla peiriadach na ndúl. Tá sé 6.94 ar mheáchan adamhach, rud a thugas le fios gurb é litiam a seacht, nó 7Li, an t-iseatóp is coitianta. Tá teacht ar litiam a sé, nó 6Li, sa dúlra chomh maith, agus níl aon cheann den dá iseatóp nádúrtha sin radaighníomhach. Bíonn céatadán litiam a sé ag guagadh timpeall ar chúig sna heiseamal nádúrtha, agus é chomh hathraitheach is nach féidir meáchan adamhach na dúile seo a shocrú níos cruinne ná 6.94.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an litiam ná 1s22s1. Is é sin, tá an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas lán (níl áit ansin ach do dhá leictreon) agus leictreon amháin ar an sceall taobh amuigh de. Is dual don litiam an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh agus ian deimhneach, Li+, a dhéanamh. Mar sin, tá sé sách araiciseach chun imoibriúcháin, cosúil leis na miotail alcaileacha eile, cé nach bhfuil sé chomh himoibríoch leis an sóidiam. Seoltóir maith leictreachais agus teasa é fosta.

Níl an litiam ach 0.53 g/cm3 ar dhlús. Is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread chomh dlúth. Má chuirtear cnapán litiam i gcoimeádán uisce le súil is go n-imoibreoidh sé leis an uisce, beidh an cnapán ag snámh ar dhromchla an uisce agus é ag iompú go hiodrocsaíd litiam le linn an imoibriúcháin.

Is gnách an miotal litiam a choinneáil i dtaisce in ola le hé a chosaint ar an uisce agus ar an aer. Is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir féin agus ocsaíd litiam a dhéanamh. Thairis sin áfach tá an litiam ábalta imoibriú le nítrigin an aeir le teocht an tseomra agus nítrid litiam Li3N a dhéanamh. Níl na miotail alcaileacha eile féin in ann dul i gcomhdhúil leis an nítrigin mar sin.

Is é +I an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an litiam ina chuid comhdhúl, rud is léir ón gcumraíocht leictreonach. Úsáidtear salainn áirithe litiam mar fhrithdhúlagráin, is é sin, mar chógais le maolú ar an dúlagar intinne.

An Mhaighdean – Ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca í an Mhaighdean, agus í le feiceáil idir an Leon, an Préachán, an Cupán, Folt Bheirnicé, an Mheá, ceann na Péiste, agus an tAoire. Spica (Alpha Virginis) an réalta is gile sa réaltbhuíon seo; réaltaí suntasacha eile iad Zavijava (Beta Virginis), Porrima (Gamma Virginis), Auva (Delta Virginis) agus Vindemiatrix (Epsilon Virginis). Tá braisle iomlán réaltraí, Braisle na Maighdine, le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Markab Markeb a thugtar ar cheithre réalta éagsúla:

  • Alpha Pegasi. Cé gurb í alfa-réalta Pheigeasais í, níl sí ach ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon sin i ndáiríre. B-réalta í, is é sin, réalta the bhánghorm. Is fathachréalta í agus í chomh sean is nach bhfuil sí ag comhleá hidrigine go héiliam a thuilleadh. Tá sí suite faoi chéad trí solasbhliana déag is fiche dínn.
  • Tau Pegasi. Tugtar Salm Kerb ar an réalta seo freisin. Réalta the den A-aicme í, ach níl sí ina fathach. Tá sí suite faoi chéad is trí scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • k Puppis (tabhair faoi deara nach í an litir Ghréagach úd kappa atá againn ansin, ach an ghnáthlitir k!). Déréalta í seo a bhfuil dhá fhathachréalta ghorma den B-aicme inti – nó, le fírinne, tá ceann den dá leathréalta sin ina dhéréalta ann féin. Tá siad go léir suite faoi cheithre chéad go leith de sholasbhlianta dínn.
  • Kappa Velorum. Déréalta i réaltbhuíon na Seolta atá ann, agus í suite faoi chúig chéad agus deich solasbliana déag is trí scór dínn. Ní furasta an dá leathréalta a aithint thar a chéile, ach is mar B-réalta a rachaidís i bhfeidhm ort.

Mars atá ar dhia cogaidh na sean-Róimhe, óna bhfuair an ceathrú pláinéad sa ghrianchóras s’againn a ainm féin. Tá Mars ag fithisiú na Gréine idir an Domhan agus crios na n-astaróideach, agus dhá ghealach aige: Phobos agus Deimos. Níl iontu siúd ach cnapáin bheaga chloiche i gcomparáid leis an nGealach s’againn, agus dealraíonn sé nach raibh iontu riamh ach astaróidigh fhánacha agus iad ceaptha ag Mars ar a gcamchuairt.

Tá Mars níos lú ná an Domhan, ach is ionann, beagnach, achar Mharsa agus achar na talún tirime ar an Domhan. Is minic a thugtar ”an pláinéad dearg” ar Mhars, ach is dócha go mb’fhearr ”an pláinéad rua” a rá, nó is é an t-iarann is cúis leis an dath sin – is é dath na meirge é go bunúsach, nó tá ”cré” Mharsa sách saibhir i mianraí iarainn. Chomh fíneáilte is atá an chré nó an dusta sin bíonn cuid mhór de ar foluain san aer, ionas go bhfuil an spéir féin sórt dearg nó rua ar Mhars.

Bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad an bhfuil uisce ar bith ar dhromchla Mharsa. Faoi dheireadh na naoú haoise chreid a lán daoine go raibh ”canálacha” ar Mhars, ó thug an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli le fios go raibh sé in ann línte díreacha a aithint ar dhromchla an phláinéid agus é barúlach gur uiscebhealaí de chineál éigin a bhí ann. Is é an chiall a bhain a lán daoine as seo go raibh neacha intleachtúla tar éis canálacha a ghearradh ansin, agus spreag an smaoineamh seo cuid mhaith scéalta faoi shibhialtacht sheanársa Mharsa atá ag foghlaim an bháis cheana, agus na daoine, nó pé cineál neacha iad, ag streachailt leo leis an mbeagán uisce atá fágtha a bhailiú ina gcuid canálacha. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh sna canálacha ach iomrall súl, agus ní raibh Marsaigh ann ach an oiread.

Maidir le ceist an uisce ar Mhars, is iad na caidhpeanna polacha is mó is ábhar suime dháiríre. Bhí na heolaithe barúlach ar feadh i bhfad gur dé-ocsaíd charbóin a bhí iontu, ach ina dhiaidh sin tháinig a athrú tuairime i bhfaisean, agus na heolaithe suite siúráilte gur oighear uisce a bhí i gceist. Is é tuiscint na n-eolaithe sa lá atá inniu ann ná go bhfuil an dá chuid ann, ach gur gnách don dé-ocsaíd charbóin galú le teacht an tsamhraidh, ionas nach bhfágtar ach an t-oighear uisce. Sin é an tuige go dtagann crapadh ar na caidhpeanna go tráthrialta.

Tá bliain Mharsa beagnach dhá oiread chomh fada le bliain an Domhain, ach níl lá Mharsa ach beagáinín níos faide ná ár lá féin – dhá scór nóiméad níos faide, a bheag nó a mhór. Bíonn na séasúir – an samhradh is an fómhar, an geimhreadh is an t-earrach – ag leanúint a chéile de réir timthriall a chuirfeadh an Domhan i gcuimhne duit.

Ceist mhór é i gcónaí, an bhfuil beatha d’aon chineál ar fáil ar Mhars. Na scéalta ficsin eolaíochta faoi na neacha intleachtúla, cosúil leis na banphrionsaí deargchraicneacha ag Edgar Rice Burroughs, tá siad bréagnaithe inniu, ach tá sé incheaptha i gcónaí go bhfuil beatha shimplí ann, rud éigin cosúil leis na baictéir mar shampla. Tá mianraí i gcré Mharsa a choinneodh plandaí beo, ach ní cosaint ar an radaíocht ultraivialait é atmaisféar tanaí an phláinéid, agus mar sin pé beatha atá ann caithfidh sí a bheith ar a teitheadh ón radaíocht faoi dhromchla Mharsa.

Is dócha gurb iad Syrtis Major agus Olympus Mons an dá ghné is clúití de thíreolaíocht Mharsa. Ba é Syrtis Major an chéad bhall ar dhromchla aon rinn neimhe ar tugadh cur síos air in aon scríbhinn eolaíochta. Ba é Christiaan Huygens, an fear mór teileascópaíochta ón Ollainn sa seachtú haois déag, a luaigh Syrtis Major roimh aon duine eile, agus é ag tabhairt ”an Mhuir Orláiste” air, toisc gur bhain sé úsáid an orláiste nó an chloig as le ham rothlaithe Mharsa a thomhas. Is éard atá i Syrtis Major, de réir thuiscint an lae inniu, ná sciathbholcán, nó ceantar leibhéalta a bhí ina sciathbholcán tráth.

Maidir le hOlympus Mons, is é an sliabh is airde sa Ghrianchóras ar fad. Tá sé dhá chiliméadar is fiche níos airde ná an tír-raon ina thimpeall, agus is sciathbholcán é freisin. Tá sé suite ar imeall thiar Tharsis, ar réigiún ardchríche é, agus trí bholcán arda eile (Tharsis Montes, nó Sléibhte Tharsis) le feiceáil taobh istigh den réigiún – Arsia Mons, Pavonis Mons, agus Ascria Mons.

ATMAISFÉAR MHARSA

Brú an aeir ar dhromchla Mharsa 0.6 % de mheánbhrú an aeir ar leibhéal na farraige ar an Domhan
Dé-ocsaíd charbóin 96 %
Argón 1.9 %
Nítrigin 1.9 %
Ocsaigin

(iarsmaí beaga)

Aonocsaíd charbóin
Meatán

An MheáLibra a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Scairp agus an Mhaighdean ar an stoidiaca. Is é Zubeneschamali nó Beta Librae an réalta is gile sa Mheá, agus is B-réalta phríomhsheichimh í – trí nó ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, agus céad is tríocha oiread níos lonrúla. Maidir leis an dara réalta is gile, nó Zubenelgenubi (Alpha Librae), is ilréalta í; shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe nach n-úsáidtear an t-ainm ”Zubenelgenubi” a thuilleadh ach le tagairt a dhéanamh don chomhbhall is gile sa chóras ilréaltach sin, is é sin, α2 Librae. Déréalta inti féin í an réalta seo, agus í suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn, a bheag nó a mhór.

Tríd is tríd, níl mórán cuid súl sa Mheá. Tá réaltbhraisle chruinneogach amháin le feiceáil sa réaltbhuíon seo, mar atá, NCG 5897, agus í suite faoi dhá scór míle solasbhliain dínn.

Mearcair atá ar an bpláinéad is cóngaraí don Ghrian. Níl gealacha ná atmaisféar aige, agus tá sé i bhfad níos lú ná an Domhan – le fírinne tá sé ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis na gealacha is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair: tá Ganymede beagáinín níos mó ná Mearcair.

Tá rothlú agus imrothlú Mhearcair in athshondas le chéile ar dhóigh ar leith: críochnaíonn an pláinéad trí rothlú (= trí lá is trí oíche) in aghaidh an dá imrothlú (= dhá bhliain), i gcomparáid le cúlra na réaltaí. An breathnóir a bheadh suite ar dhroim an phláinéid féin, áfach, d’fheicfeadh sé aon lá is aon oíche amháin i rith dhá bhliain. Rud eile fós, tá fithis Mhearcair an-éalárnach i gcomparáid leis na pláinéid eile, agus luas an phláinéid an-difriúil i bpointí éagsúla na fithise. In aice leis an ngarphointe don Ghrian (an peirihéilean) sáraíonn luas an phláinéid ar a chamchuairt timpeall na Gréine luas a rothlaithe ar a ais. Mar sin, an breathnóir a bheadh suite in áit oiriúnach ar dhromchla Mhearcair, d’fheicfeadh sé an Ghrian ag éirí, ag stad agus ag dul faoi, agus ag éirí arís i ndiaidh don phláinéad an peirihéilean a fhágáil ina dhiaidh.

Cé go bhfuil Mearcair i bhfad níos lú ná an Domhan, tá a mhaighnéadsféar (réimse maighnéadach) beagáinín níos láidire ná maighnéadsféar ár bpláinéid féin. Mar sin, creidtear go bhfuil croí iarainn Mhearcair an-mhór agus go bhfuil a screamh is a mhaintlín réasúnta tanaí.

Ní féidir a rá go mbeadh atmaisféar ag Mearcair – an beagán atá ann níl sé in ann an teas a scaipeadh is a chothromú, mar a dhéanas atmaisféar an Domhain. Mar sin, bíonn sé an-te ar Mhearcair nuair a bhíos an Ghrian ag scaladh, agus an-fhuar nuair nach mbíonn. Na háiteanna is teo ar mheánchiorcal an phláinéid is féidir leo teocht ceithre chéad céim Celsius a shroicheadh, ach le linn oíche fhada an phláinéid reofaidh siad arís go céad go leith de chéimeanna Celsius faoin nialas, nó níos fuaire fós. Maidir leis na réigiúin pholacha fanann siad an-fhuar (timpeall ar chéad céim Celsius faoin nialas) ó thús go deireadh na bliana.

Tá Mearcair sách cosúil leis an nGealach ina chuma is ina chosúlacht, nó tá dromchla an phláinéid breac le cráitéir. Sa bhliain 2012 d’aithin an taiscéalaí spáis úd Messenger go raibh oighear – oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite – sna cráitéir timpeall ar phol thuaidh an phláinéid.

Mearcair a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a ceithre scór freisin, nó airgead beo, agus is é Hg an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is é an t-aon mhiotal atá ina leacht le teocht an tseomra. Is iomaí úsáid a bhaintear as mearcair sa teicneolaíocht, go háirithe sna teirmiméadair agus sna gáslampaí, ach táthar ag éirí as ar na saolta seo, toisc gur trom-mhiotal nimhiúil dainséarach atá ann. Is iad +2 (na comhdhúile mearcaracha) agus +1 (na comhdhúile mearcarúla) na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí i gcomhdhúile ceimiceacha an mhearcair. Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir dhá adamh mearcair: mar sin, is é an caitian atá iontu ná an démhearcair Hg+-Hg+. Is é an cionnabar (an tsuilfíd mhearcarach, HgS) an mianra mearcair is tábhachtaí.

Meathshlabhra a thugtar ar shlabhra na n-idirchéimeanna ó radanúiclíd fhadsaolach go núiclíd chobhsaí. Go bunúsach níl ach iseatóip radaighníomhacha ag aon dúil a sáraíonn a huimhir adamhach 82 (is í an luaidhe dúil uimhir a 82). Mar sin, ní féidir le dúile troma cosúil leis an úráiniam (dúil uimhir a 92) cobhsaíocht a bhaint amach le haon mheath radaighníomhach amháin: ní bhaineann an t-alfa-mheath féin ach dhá aonad den uimhir adamhach. An núiclíd is toradh don mheath radaighníomhach a thagas ar an úráiniam, beidh sí radaighníomhach chomh maith, agus tiocfaidh meath radaighníomhach eile uirthi.

Seo an meathshlabhra a chaithfeas an t-úráiniam (an t-iseatóp is coitianta sa dúlra, mar atá, úráiniam a 238) a chur de le cobhsaíocht a bhaint amach:

  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 238, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar thóiriam a 234, agus is é is toradh don mheath ná prótachtainiam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar phrótachtainiam a 234, agus is éard a gheofar ná úráiniam a 234;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 234, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 230;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar thóiriam a 230, agus is éard a gheofar ansin ná raidiam a 226;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar raidiam a 226, agus is é is toradh don mheath seo ná radón a 222;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar radón a 222, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 218;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 218, agus is éard a gheofar ná luaidhe a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 214, agus is é is toradh dó seo ná biosmat a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 214, agus is é is toradh don mheath ná polóiniam a 214;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 214, agus is é is toradh don mheath ná luaidhe a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 210, agus is éard a gheofar ná biosmat a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 210, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 210;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 210, agus is éard a gheofar ansin ná luaidhe a 206;
  • agus is núiclíd chobhsaí í luaidhe a 206; mar sin, tháinig an meathshlabhra a fhad lena dheireadh.

Ní mór a thuiscint go bhfuil an meathshlabhra seo beagáinín simplithe. Mar shampla tagann béite-mheath ar pholóiniam a 218 an-chorruair, cé gurb annamh is gur ró-annamh é, agus is é is toradh dó seo ná astaitín a 218. Go ginearálta, áfach, bíonn an ceann scríbe céanna (sa mheathshlabhra seo, luaidhe a 208) i ndán do bhealaí malartacha den chineál seo.

Nuair a thosaigh an taighde ar na meathshlabhraí, ba mhinic a bhíodh ainmneacha dá gcuid féin ag na fisiceoirí ar na hidirchéimeanna, gnás a d’fhágadh na ceimiceoirí in umar an éadóchais, ós minic nár léir ó na hainmneacha seo cén dúil a bhí i gceist. Mar shampla, ba nós leis na fisiceoirí méiseatóiriam a thabhairt ar dhá núiclíd i meathshlabhra an tóiriam, cé nach iseatóip thóiriam a bhí i gceachtar acu ar aon nós, agus iad ag tabhairt tórón ar an iseatóp radóin a bhfuil baint aige le meathshlabhra an tóiriam. Iainiam a bhí acu ar thóiriam a 230.

MegrezKaffaDelta Ursae Majoris atá ar an réalta is fainne sa Chamchéachta. Réalta phríomhsheichimh í, agus cé nach bhfuil sí ach 63 % níos troime ná an Ghrian, tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil is ár réalta féin. A-réalta í Megrez, is é sin réalta bhán, agus í réasúnta te. Níl Megrez suite ach corradh is leathchéad solasbhliain uainn.

Merope23 Tauri – Ceann de na réaltaí sa Phléadach í Merope. Réalta the bhánghorm í agus í ceithre go leith oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé chéad is tríocha oiread chomh lonrúil. Tá sí suite i réaltbhuíon an Tairbh, cosúil leis an bPléadach go léir.

An Micreascóp a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir Iasc an Deiscirt, an Gabhar, an Saigheadóir, an tIndiach agus an Chorr. Ba é an réalteolaí Nicolas Louis de Lacaille a shainigh agus a d’ainmnigh an réaltbhuíon san ochtú haois déag. Réaltbhuíon fhann é an Micreascóp, agus níl sé le feiceáil sa chuid is mó den Leathsféar Thuaidh. Tá sé suite faoi bhun an stoidiaca. Is í Gamma Microscopii an réalta is gile sa réaltbhuíon; fathach buí atá inti agus í suite faoi dhá chéad deich solasbhliana is fiche dínn.

Mimas – ceann de shatailítí Shatarn é Mimas, agus ba é William Herschel a chéadaithin é sa bhliain 1789. Tá sé timpeall ar cheithre chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é réasúnta sféarúil (cosúil le liathróid) ar a dhéanamh. Tá an-luas faoi ar a fhithis, nó ní thógann sé oiread is lá amháin de chuid an Domhain air turas timpeall ar Shatarn a chríochnú. Níl ann go bunúsach ach leac oighir, nó níl a thiús ach beagáinín níos airde ná tiús an uisce. Is é an ghné is suntasaí de ná an cráitéar mór úd Herschel, a fuair a ainm ó fhear na fionnachtan. I gcomparáid leis an ngealach féin, tá an cráitéar sin níos mó ná aon cheann eile sa Ghrianchóras.

Mira Ceti Omicron Ceti – réalta bhíogach athraitheach í atá suite i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir. Déréalta í agus í comhdhéanta as fathach dearg agus abhac bán. Na hathruithe a thagas ar lonrachas na réalta seo b’ábhar iontais iad do na réalteolaithe riamh, agus mar sin baisteadh ”An Mhiorúilt” uirthi. Ba é David Fabricius ón nGearmáin a bhreac síos an chéad tuairisc ar an réalta seo agus ar a hathraitheacht i ndeireadh na séú haoise déag, ach tá leideanna ann gur chuir an cine daonna sonrú ar leith i réalta chomh neamhghnách sin i bhfad roimhe sin. Is deacair an fad ón Domhan go dtí Mira Ceti a mheasúnú go beacht: creidtear go bhfuil sí suite tuairim is trí chéad solasbhliain uainn.

Mirfak Alpha Persei atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon Pheirséis. Tá sí ar réaltaí geala na spéire, agus is F-réalta í – is é sin, réalta bhánbhuí agus í ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá sí suite breis is leathmhíle solasbhliain uainn, agus í ocht nó naoi n-oiread chomh trom is an Ghrian. San am chéanna is ollfhathachréalta í – cúig míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Tá Mirfak suite i lár Réaltbhraisle Alpha Persei, a fuair a hainm ón réalta seo. Is éard atá sa réaltbhraisle seo ná dornán réaltaí – B-réaltaí iad an chuid is mó acu, is é sin, tá siad níos teo ná Mirfak féin – a fáisceadh as an scamall céanna fadó, agus iad ar comhaois le chéile, a bheag nó a mhór.

Mizar Zeta Ursae Majoris an réalta atá suite san áit a bhfuil lámh an Chamchéachta camtha. Iad siúd a bhfuil súile géara acu is féidir leo a aithint gur déréalta atá i gceist, agus is é an t-ainm atá ar an gceann is lú den bheirt ná Alcor. Le fírinne áfach is córas ceithre réalta é Mizar, agus déréalta atá in Alcor féin. Tá Mizar – an ceathrar go léir – suite faoi shé solasbhliana is ceithre scór dínn, agus Alcor cúpla solasbhliain níos cóngaraí. Is mar A-réaltaí a aicmítear comhbhaill Mizar agus Alcor go léir.

Muir an Fhuachta Mare Frigoris a thugtar ar an ”muir” (má bhasailt) i dTuaisceart na Gealaí in aice le Muir na Báistí agus Muir an tSuaimhnis. Ba é an réalteolaí Giovanni Riccioli a d’ainmnigh í sa tseachtú haois déag. Cráitéir thábhachtacha sa mhuir seo iad Arastótal, Plató, Philolaus agus Harpalus.

Muir an Neachtair Mare Nectaris atá ar an ”muir” bheag taobh thuaidh de Mhuir na Sáimhe, taoibh thuaidh thiar de Mhuir na Torthúlachta. Tá roinnt cráitéar mór suite timpeall Mhuir an Neachtair, ar nós Fracastorius, agus é tuairim is céad agus fiche ciliméadar ar trastomhas.

Muir an tSuaimhnisMare Serenitatis a thugtar ar an ”muir” atá suite taobh thoir de Mhuir na Báistí ar an nGealach, in aice le Muir na Sáimhe agus Muir na Gaile – le fírinne, ní féidir teorainn shoiléir a aithint idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Sáimhe. Is mascan í Muir an tSuaimhnis – is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidre i Muir an tSuaimhnis ná ina thimpeall. Tugtar Montes Taurus ar an sliabhraon in oirthear Mhuir an tSuaimhnis, agus is ansin a thuirling Apollo a Seacht Déag i Mí na Nollag 1972. Ba é sin an turas deireanach a thug spásairí Meiriceánacha ar an nGealach, agus ba é an geolaí oilte Harrison Schmitt a bhí ag stiúradh an mhodúil thuirlingthe. Uaidhsean a d’fhoghlaim na spásairí eile uraiceacht na geolaíochta sula ndeachaigh siad go dtí an Ghealach, ach is follasach gur theastaigh ón múinteoir féin droim na Gealaí a shiúl chomh maith le duine.

Muir na Báistí Mare Imbrium a thugtar ar an dara muir is mó ar an nGealach (is é Aigéan na Stoirmeacha an ceann is mó ar fad). Tá sí suite idir Aigéan na Stoirmeacha agus Muir an Fhuachta, agus is iad Archimedes agus Plato an dá chráitéar móra a bhaineas léi. Dreigít mhór a bhuail droim na Gealaí tuairim is trí mhórmhilliún agus ocht gcéad milliún bliain ó shin a chuir tús leis an ”muir” seo: ar dtús bhí cráitéar ann ach ansin líonadh le laibhe é ionas gur cruthaíodh má bhasailt, nó ”muir”. Cosúil le Muir an tSuaimhnis, is mascan (maischuimsiú) í Muir na Báistí – is é sin tá an imtharraingt níos láidre ansin ná mar is gnách ar dhroim na Gealaí i gcoitinne.

Muir na Gaile Mare Vaporum an mhuir ar dhroim na Gealaí atá suite idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Báistí. Tá Muir na Gaile suite in aice leis an sliabhraon ar a dtugtar Montes Apenninus, agus ar an imeall thoir thuaidh tá an cráitéar úd Manilius. Gné shuntasach eile de Mhuir na Gaile is ea an ghág úd Rima Hyginus. Fuair an ghág a hainm ó Hyginus, cráitéar atá suite inti chomh maith le cúpla ceann eile is lú ná é.

Muir na Lionnta Mare Humorum – ceann de ”mhara” na Gealaí í. Tá sí suite in aice le hAigéan na Stoirmeacha, agus is é Gassendi an cráitéar is suntasaí sa mhuir. Is mascan (maischuimsiú) í Muir na Lionnta, is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidire istigh ansin. Ba é Giovanni Riccioli a bhaist Muir na Lionnta. Tá an mhuir seo beagnach ceithre chéad ciliméadar ar leithead.

Muir na nGábh Mare Crisium an ”mhuir” ar an nGealach atá suite soir ó thuaidh ó Mhuir na Sáimhe. Tá sí cúig go leith de chéadta ciliméadar ar leithead, agus is iad Yerkes, Peirce, agus Picard na cráitéir is suntasaí sa mhuir, cé nach bhfuil aon cheann acu mór ná cuidsúlach. Ba é Giovanni Riccioli a d’ainmnigh an mhuir. Fuair Picard a ainm ó Jean-Félix Picard, réalteolaí Francach a bhí beo sa tseachtú haois déag.

Muir na Sáimhe Mare Tranquillitatis an ceann is cáiliúla de ”mhara” na Gealaí, nó is ansin a thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an 20 Iúil 1969. Tá an mhuir seo suite díreach taobh thuaidh de mheánchiorcal na Gealaí. Tá trí chráitéar sa mhuir seo ainmnithe as an triúr fear a bhí páirteach sa chéad chuairt ar an nGealach, mar atá, Armstrong, Aldrin agus an tríú spásaire, Michael Collins, a bhí ag fanacht leis an mbeirt eile ar an bhfithis timpeall na Gealaí.

Muir na Scamall Mare Nubium a thugtar ar an ”muir” bheag ar an nGealach atá suite soir ó dheas in aice le hAigéan na Stoirmeacha. Cráitéir thábhachtacha ansin iad Bullialdus agus Pitatus.

Muir na Torthúlachta Mare Fecunditatis – ceann de na ”mara” basailt ar an nGealach í Muir na Torthúlachta, agus í ocht gcéad is leathchéad ciliméadar ar trastomhas. Cráitéir thábhachtacha iad Messier agus Messier A (in aice le lárphointe na mara) agus Langrenus (ar imeall na mara). Gné eisceachtúil den mhuir seo ná nach bhfuil mascan (maischuimsiú) ar bith sa lárphointe. Siúd is nár thug aon spásaire daonna cuairt ar Mhuir na Torthúlachta riamh, ba ansin nó in aice na mara a thuirling na spástaiscéalaithe Soivéadacha Luna 16, Luna 18 agus Luna 20, chomh maith leis an gceann Síneach Chang’e a hAon. Bhí Luna 16 agus Luna 20 in ann eiseamail a thabhairt ar ais go dtí an Domhan; treascraíodh Luna 18 agus Chang’e nuair a bhuail siad dromchla na Gealaí.

Neiptiún atá ar an bpláinéad is faide amuigh sa Ghrianchóras s’againn – ní áirítear Plútón ar na pláinéid a thuilleadh. Cosúil le hÚránas, is ”oighearfhathach” é: cé gur deacair atmaisféar agus screamh an phláinéid a aithint thar a chéile, is féidir a rá go bhfuil maintlín aige, agus é comhdhéanta as ”oighear” mar a thugtar – siúd is nach oighear atá ann ach sreabhán an-tiubh agus é comhdhéanta as uisce, amóinia agus meatán. Creideann na heolaithe go bhfuil croílár cuíosach beag ag Neiptiún agus go bhfuil cloch sileacáite agus iarann ann. Pé scéal é tá maighnéadsféar mór ag an bpláinéad, agus é an-te taobh istigh rud nach bhfuiltear in ann a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Maidir le hatmaisféar Neiptiúin, tá sé comhdhéanta as hidrigin agus héiliam – ochtó faoin gcéad de, hidrigin atá ann, agus an chuid eile, héiliam atá ann don chuid is mó. Tá an t-atmaisféar beo le gaotha móra a sháraíos luas dhá mhíle ciliméadar in aghaidh na huaire. Is dócha go bhfuil baint ag bristeacha móra na haimsire ar Neiptiún leis an teas istigh.

Néiriad an tríú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Neiptiúin. Ba é an réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach Gerrit Pieter (Gerard Peter) Kuiper a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1949. Dealraíonn sé nach bhfuil sí ar dhéanamh na liathróide, ach le fírinne níl mórán eolais againn ina taobh go fóill. Tá sí 170 ciliméadar ar fad, a bheag nó a mhór.

Is éard atá sa Nua-Chatalóg Ghinearálta (NCG an giorrúchán Gaeilge, NGC as Béarla) ná catalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an réalteolaí Danmhargach-Éireannach John Dreyer sa bhliain 1888, nuair a bhí sé i gceannas ar Réadlann Ard Mhacha. Liostáil sé réadanna éagsúla den chineál ar a dtugann réalteolaithe amaitéaracha ”réadanna domhainspéire”, is é sin, réadanna taobh amuigh dár nGrianchóras féin nach réaltaí iad. Mar sin, is réaltraí, réaltnéalta agus réaltbhraislí iad na hiontrálacha sa Nua-Chatalóg Ghinearálta.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an Nua-Chatalóg Ghinearálta i gcónaí, agus ceartuithe éagsúla déanta ag na réalteolaithe ar an gcatalóg i ndiaidh bhás Dreyer. D’fhoilsigh Dreyer féin cúpla ”Innéacs-Chatalóg” (Index Catalogues, IC) leis an NCG a fhorlíonadh. Ba é Wolfgang Steinicke a d’eisigh an leagan leasaithe is deireanaí de chatalóg Dreyer sa bhliain 2009.

Núiclíd a thugtar ar chineál áirithe adaimh má táthar ag cur béim ar leith ar struchtúr a núicléis, ar líon na bprótón agus na neodrón i núicléas an adaimh sin. Radanúiclídí iad na núiclídí radaighníomhacha, is é sin, na núiclídí a dtagann meath radaighníomhach éigin orthu.

Tugtar iseatóip ar núiclídí arb ionann líon na bprótón iontu. Ós ar líon na bprótón (an uimhir adamhach) a aithnítear an dúil cheimiceach, is leaganacha den dúil chéanna iad. Iseatoin na núiclídí arb ionann líon na neodrón iontu. Iseabair na núiclídí arb ionann a maisuimhir, is é sin, líon na bprótón agus na neodrón in éineacht.

Mar shampla, is iseatóip iad an próitiam (hidrigin a haon, nach bhfuil ach aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus an deoitéiriam (hidrigin a dó, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin sa núicléas aige). Is iseatoin iad an deoitéiriam agus héiliam a trí, nó tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin sa núicléas ag an dara ceann acu. Is iseabair iad an tritiam (hidrigin a trí, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, a bhfuil dhá neodrón agus aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus héiliam a trí. Agus ar ndóigh is iseatóip iad an próitiam, an deoitéiriam agus an tritiam.

Ní bhíonn ainmneacha ar leith ar na hiseatóip de ghnáth – is eisceacht ar fad í an hidrigin. Nuair nach raibh an taighde ar na núiclídí radaighníomhacha ach tosaithe, áfach, ba mhinic a bhí na fisiceoirí in ann a rá cén cineál meath radaighníomhach a thagadh ar núiclíd áirithe agus cén leathré a bhí aici, ach san am chéanna ní raibh siad eolach ar an dúil ar bhain sí léi (nó ba chuma leo faoi ina gcuid oibre). Mar sin bhí ainmneacha cosúil le méiseatóiriam, iainiam, bréiviam nó tórón acu ar na núiclídí sin. Tá dhá núiclíd ann ar a dtugtaí méiseatóiriam, is é sin méiseatóiriam a haon (ar iseatóp de chuid an raidiam é) agus méiseatóiriam a dó (ar iseatóp de chuid an achtainiam é). Iseatóp de chuid an phrótachtainiam é an bréiviam, agus iseatóp de chuid an tóiriam é an t-iainiam. Is é an tórón an t-iseatóp radóin a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam. Ní mholtar na hainmneacha seo a úsáid a thuilleadh, nó is furasta an chiall mhícheart a bhaint astu: sórt béarlagair nó leathchaint atá iontu.

Oberon atá ar an dara satailít is mó dá bhfuil ag Úránas. Cloch agus oighear is mó atá ann, nó creidtear go bhfuil maintlín oighir ann timpeall ar chroí cloiche. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú sa ghealach áirithe seo, thiar sa bhliain 1787, agus tagraíonn an t-ainm do A Midsummer Night’s Dream, an dráma le William Shakespeare. Tá Oberon míle go leith de chiliméadair ar trastomhas, agus é ag fithisiú Úránais faoi chúig chéad is ceithre scór míle ciliméadar den phláinéad. Tá an tsatailít seo faoi ghlas taoide ag Úránas, is é sin, iompaíonn sí an taobh céanna le hÚránas fud fad a fhithise, agus críochnaíonn sí rothlú (ar a hais) agus imrothlú (ar a fithis) amháin san am chéanna. Níl ach dhá chúigiú cuid de dhromchla Oberon mapáilte, ach is féidir dhá ghné fheiceálacha a aithint: na cainneoin (chasma an téarma Laidine a úsáidtear i logainmníocht Oberon) agus na cráitéir. Is iad Hamlet, Macbeth agus Othello ainmneacha na gcráitéar is mó; Mommur Chasma atá ar an gcainneon is tábhachtaí. Carachtair de chuid Shakespeare iad ainmneacha na gcráitéar, ar ndóigh. Maidir le Mommur, is é ainm na coille ina raibh cónaí ar Oberon de réir na heipice Fraincise óna bhfuair Shakespeare mianach an scéil dá dhráma.

Ocsaigéad a thugtar ar aigéid neamhorgánacha ina bhfuil adaimh ocsaigine timpeall an adaimh lárnaigh. Ocsaigéid iad, mar shampla, an t-aigéad nítreach HNO3, an t-aigéad sulfarach H2SO4, an t-aigéad fosfarach H3PO4, agus an t-aigéad sárchlórach HClO4.

Ocsaigin atá ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht, agus í ar an gceann is éadroime de na calcaiginí. O an tsiombail cheimiceach a sheasas di sna foirmlí. Tá trí iseatóp cobhsaí aici, mar atá, ocsaigin a sé déag, ocsaigin a seacht ndéag, agus ocsaigin a hocht ndéag, ach is léir go bhfuil an chéad cheann acu i bhfad Éireann níos coitianta in ocsaigin an dúlra ná an dá cheann eile.

Is ocsaídeoir láidir agus dúil leictridhiúltach í an ocsaigin – fuair coincheap an ocsaídiúcháin féin a ainm ón ocsaigin. Is é is brí leis sin go bhfuil de chlaonadh inti na leictreoin agus an lucht diúltach leictreachais a tharraingt chuici sna comhdhúile ceimiceacha. Tá an ocsaigin an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile agus comhdhúile a dhéanamh – sampla de seo is ea an dóchán.

Tá ocht leictreon i néal leictreon an adaimh ocsaigine, agus sé cheann acu ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an ocsaigin ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall sin, is é sin, dhá leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin eile. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aici ina cuid comhdhúl ná -2. Tagraíonn an comhartha lúide do lucht leictreach diúltach an dá leictreon a fhaigheas an ocsaigin ar iasacht ón dúil eile.

Tá dhá allatróp ag an ocsaigin – an ghnáthocsaigin, nó an ”dé-ocsaigin”, atá comhdhéanta as móilíní dhá adamh (O2), agus an t-ózón nó an ”trí-ocsaigin” (O3). Tá an t-ózón in uachtar an atmaisféir tábhachtach leis an radaíocht ultraivialait a chosc, ach ón taobh eile de is gás nimhe agus substaint éagobhsaí shophléasctha é. Cosúil leis an gclóirín, is gás tachtach é an t-ózón a oibríos ar na scamhóga ionas go líontar le huisce iad, agus an t-othar á bhá ar an talamh tirim – riocht é seo ar a dtugtar éidéime na scamhóg. Gás gan dath í an ghnáthocsaigin, ach tá dath gorm san ózón.

Tá ocsaigin de dhíth ar an duine agus ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo le haghaidh na cillríospráide (táirgiú an fhuinnimh sna cealla, ”tarraingt anála na gceall” mar a déarfá). Dealraíonn sé áfach nach mar sin a bhí ó thús, nó tá baictéir ann, cosúil leis an ngéineas Clostridium, nach gcuireann suas le hocsaigin ar aon nós. (Is é an speiceas úd Clostridium botulinum an cineál baictéir is cúis leis an ispíneachas, is é sin, an nimhiú bia.) Is iarsmaí iad na baictéir anaeróbacha seo ón tréimhse roimh Réabhlóid na hOcsaigine. Tharla Réabhlóid na hOcsaigine (nó Olltubaiste na hOcsaigine, nó Géarchéim na hOcsaigine) breis is dhá mhórmhilliún bliain ó shin, nuair a d’éirigh an t-atmaisféar chomh saibhir in ocsaigin is gur thosaigh sé ag marú na neachanna beo a bhí ann san am. Creidtear gurbh iad na halgaí gormghlasa, na Cyanophyta, a chuir tús le Réabhlóid na hOcsaigine, nó ba iad ba thúisce a thosaigh ag táirgeadh ocsaigine ar nós na bplandaí, is é sin, ag déanamh fótaisintéise. Tar éis an tsaoil bhí an bheatha in ann í féin a oiriúnú don atmaisféar ocsaiginithe, áfach, agus inniu tá an ocsaigin riachtanach (seachas nimhiúil) don chuid is mó di.

Chomh himoibritheach is atá an ocsaigin d’imeodh sí as an atmaisféar go sciobtha, ach go bé go bhfuil fótaisintéis na bplandaí ag táirgeadh tuilleadh di. An chuid is mó d’ocsaigin an Domhain tá sí ceangailte de dhúile eile i gcomhdhúile. Is dócha gurb é an t-uisce – comhdhúil na hocsaigine is na hidrigine, ocsaíd na hidrigine – an ceann is iomráití acu seo. Thairis sin áfach tá ocsaigin le fáil sna sileacáití, is é sin, i gcomhdhúile na hocsaigine, an tsileacain agus na miotal. Mianraí iad na sileacáití atá ar fáil sna clocha – is ionann, beagnach, sileacáit agus cloch, nó is deacair teacht ar chloch nach mbeadh sileacáit de chineál éigin mar chomhábhar inti. Maidir leis an ngrianchloch, is comhdhúil ocsaigine agus sileacain í – dé-ocsaíd an tsileacain.

Na hOirínidí: Cith dreigí iad na hOirinidí a bhíos ag teacht as radaí atá suite i réaltbhuíon an Bhodaigh, agus iad le feiceáil go bliantúil i Mí Dheireadh Fómhair. Is éard atá ann ná cáithníní beaga oighir a bhain an Ghrian de Chóiméad Halley fadó, díreach cosúil leis na hEta-Acuairídí.

An tOllaomthóir (Matt Hussey a cheap an téarma) a thugtar ar aimhrialtacht imtharraingthe atá suite faoi 150-250 milliún solasbhliain den Ghrianchóras i dtreo na Rialach agus Thriantán an Deiscirt. Go bunúsach, is éard atá ann ná rud dofheicthe agus é an-trom. Tá an tOllaomthóir suite sa ghannchrios, ionas nach dtig linn radharc ceart a fháil air, agus mar sin is deacair a rá cad é atá ann. Is ionann mais an Ollaomthóra agus mais na Gréine méadaithe faoi thuairim is deich gcuaidrilliún (10,000,000,000,000,000), rud is féidir a aithint go neamhdhíreach ar an dóigh a dtéann a imtharraingt i bhfeidhm ar na réaltraí.

Ór a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a naoi déag is trí scór, agus is é Au an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Bhí aithne ag an gcine daonna ar an dúil seo sa ré réamhstairiúil féin, agus is miotal lómhar í a ndéantar seodra as. Tá dath buí neamhghnách ann a dhealaíos ó na miotail eile é. Tá an t-ór as pabhar insínte, agus é níos troime ná an luaidhe féin. Is féidir teacht ar an miotal lom sa dúlra, siúd is go mbíonn sé measctha trí mhiotail lómhara eile, cosúil le copar nó pallaidiam. Bíonn comhdhúile ceimiceacha óir le fáil sa dúlra chomh maith, ar nós teallúirídí óir (comhdhúile óir agus teallúiriam).

Ní furasta ór a ocsaídiú, ach má mheasctar aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach, gheofar ocsaídeoir láidir ar a dtugtar aqua regia nó ”uisce ríoga”, toisc go bhfuil sé in ann ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór, a ocsaídiú is a chreimeadh. Rachaidh an t-ór sa tuaslagán mar ian teitreaclóróráite, AuCl4. Mar is léir ó fhoirmle an iain seo, is é +3 gnáthstaid ocsaídiúcháin an óir. Is féidir ór a thuaslagadh i dtuaslagáin chiainíde, toisc gur dual dó iain choimpléascacha a dhéanamh in éineacht leis na hiain chiainíde, agus san aigéad seiléineach H2SeO4, ar ocsaídeoir láidir é.

Pallas atá ar an dara mionphláinéad (astaróideach) is mó sa Ghrianchóras, taobh istigh d’fhithis Úránais ar a laghad. Is í an dara mionphláinéad is luaithe a d’aithin súil an duine, nó ba é an réalteolaí Heinrich Olbers a chuir an chéad sonrú inti i dtús na naoú haoise déag. Dá réir sin, is é ”2 Pallas” an t-ainm córasach atá uirthi mar mhionphláinéad. Fuair sí a hainm ó Pallas Athene, an bandia sean-Ghréagach. Tá fithis an-éalárnach aici: nuair a bhainfeas sí amach a cianphointe ón nGrian, beidh sí faoi 3.4 aonad réalteolaíoch den réalta, agus nuair a thiocfas sí go dtína garphointe, ní bheidh ach fad 2.1 aonad réalteolaíoch idir í agus an Ghrian. (Is ionann aon aonad réalteolaíoch, ar ndóigh, agus meánfhad an Domhain ón nGrian.)

Parsoic: Tá an focal féin parsoic bunaithe ar parsec an Bhéarla, agus is giorrúchán é a chiallaíos parallax second, is é sin, soicind saobhdhiallais. Aonad faid é arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus 3.26 solasbhliana. Is é is bunús leis an bparsoic ná: Glacaimis leis go bhfuil réad réalteolaíoch againn agus é ag dul trasna na spéire. Má chomhfhreagraíonn aon soicind stua amháin den ghluaiseacht tras-spéire (den tsaobhdhiallas) d’aon aonad réalteolaíoch amháin d’fhíorghluaiseacht an réid, bainfidh muid an tátal as go bhfuil an réad sin suite aon pharsoic amháin i gcéin uainn (le fírinne áfach níl Proxima Centauri féin suite chomh cóngarach sin). Is ionann an t-aonad réalteolaíocht agus meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar.

Pasiphaë: Ceann de shatailítí nádúrtha Iúpatair atá inti. Ba é an réalteolaí Philibert Jacques Melotte, Sasanach de phór na Beilge, a rinne a fiannachtain sa bhliain 1908, ach ní bhfuair sí a hainm roimh an mbliain 1975 – idir an dá linn ba é an t-ainm a bhíodh uirthi ná Iúpatar a hOcht. Tá sí dhá scór ciliméadar ar trastomhas, a bheag nó a mhór, agus tá fithis an-neamhrialta, an-éalárnach aici – tá a garphointe d’Iúpatar suite seacht milliún déag de chiliméadair ón bplainéad, agus a cianphointe aon mhilliún déag is fiche uaidh. Fithis chasiompaithe í. Tá grúpa iomlán satailítí ag Iúpatar ar a dtugtar ”grúpa Pasiphaë”, toisc go bhfuil siad ag timpeallú an phláinéid ar fhithisí éalárnacha casiompaithe atá cosúil le fithis Pasiphaë.

Peirséas – réaltbhuíon is ea Peirséas agus é le feiceáil i leathsféar thuaidh na spéire, dingthe idir an Sioráf, Caiseoipé, Andraiméide, an Triantán, an Reithe, an Tarbh, agus an tAra. Mirfak nó Algenib a thugtar ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, is é sin Alpha Persei, ach is dócha gurb é Algol, nó Beta Persei, an ceann is clúití. Feictear dhá réaltbhraisle oscailte i bPeirséas, mar atá, NCG869 agus NCG884.

An Phéacóg – réaltbhuíon í an Phéacóg agus í suite i leathsféar theas na spéire, idir an tOchtamhán, Éan Parthais, Triantán an Deiscirt, an Altóir, an Teileascóp, an tIndiach, agus an Túcán. Tugtar ”An Phéacóg” ar Alpha Pavonis freisin, is é sin, an réalta is gile sa Phéacóg. Tá Alpha Pavonis suite faoi chéad agus ceithre scór de sholasbhlianta dínn, agus is déréalta speictreascópach í: tá an dá chomhréalta níos cóngaraí dá chéile ná an Ghrian agus Mearcair. Is B-réalta í.

An Phéist a thugtar ar an t-aon réaltbhuíon atá scoilte ina dhá limistéar: Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste. Tá réaltbhuíon eile, mar atá, Fear na bPéisteanna, suite idir an Ceann agus an tEireaball. Is é Unukalhai nó Alpha Serpentis an réalta is gile sa Cheann (agus sa réaltbhuíon go léir). Cor Serpentis an t-ainm traidisiúnta Laidine ar an réalta seo – Croí na Péiste. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, agus í aicmithe mar K-réalta, is é sin beagáinín níos fuaire ná an Ghrian. Réalta í Unukalhai a bhí ina réalta phríomhsheichimh tráth agus a chlaochlaigh go fathachréalta nuair a spíon sí a cuid hidrigine, rud atá i ndán don Ghrian s’againn féin i ndeireadh ama. Tá Unukalhai suite faoi cheithre solasbhliana déag is trí scór dínn. Maidir le hEireaball na Péiste, is í Eta Serpentis an ceann is gile de na réaltaí ansin, agus is K-réalta fhlannbhuí í, díreach cosúil le hUnukalhai. Tá Eta Serpentis ina fo-fhathach, nó fathach beag atá idir eatarthu san fhorbairt i dtreo an fhathaigh. Meastar go bhfuil an réalta seo suite faoi thrí scór de sholasbhlianta dínn.

Sa bhreis ar na réaltaí, tá cuid mhaith réaltnéalta agus réaltraí le feiceáil sa dhá leath den Phéist. Is iad na réada is tábhachtaí den chineál seo sa Cheann ná M5, nó Messier 5; L134 agus L183, ar néalta dorcha iad; agus an réaltra aisteach ar a dtugtar Réad Hoag (tá a lán réaltraí eile sa réaltbhuíon seo chomh maith, ach is é Réad Hoag an ceann is aistí). Ba é an réalteolaí Meiriceánach Arthur Allen Hoag a chuir sonrú sa réaltra seo sa bhliain 1950. Réaltra fáinneach é Réad Hoag, is é sin, tá an croí ann, agus fáinne réaltaí ina thimpeall, ach ní aithnítear a dhath sa dorchadas idir an dá rud, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil réaltbhraislí ansin nach bhfuil sách geal le bheith infheicthe againne. Maidir le hEireaball na Péiste, tá sé an-saibhir i réaltbhraislí agus réaltnéalta atá suite taobh istigh dár réaltra féin, cosúil le M16 nó Messier 16 – Néal an Iolair. Níl an réaltnéal seo rógheal ann féin, ach tá sórt clú air: sa bhliain 1995 chuaigh grianghraf de chuid de Néal an Iolair ar fud na meán a chuir draíocht ar na daoine, ó bhí trí cholún cuidsúlacha gáis le feiceáil ann, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu. Is gnách ”Colúin an Chruthaithe” a thabhairt ar an réigiún sin den néal inniu.

An Phéist Bheag a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Colgán, an Abhainn, an Clog, an Tábla, an tOchtamhán, an Féinics, an Líontán, agus an Túcán. Níl sí leath chomh feiceálach leis an bPéist Uisce – le fírinne is réaltbhuíon réasúnta fann í. Is í Beta Hydri an réalta is gile sa Phéist Bheag; G-réalta í atá díreach ag forbairt ó réalta phríomhsheichimh go fathachréalta, agus í ar aon mhais, a bheag nó a mhór, leis an nGrian. Mar sin, cuireann na réalteolaithe suim ar leith inti, ós eochair í dá bhfuil i ndán don Ghrian s’againn sa deireadh. Tá Beta Hydri suite faoi cheithre solasbhliana is fiche dínn.

An Phéist Uisce a thugtar ar an réaltbhuíon is mó sa spéir. Tá an Phéist Uisce ag críochantacht leis an Aerchaidéal, an Portán, an Madra Beag, an Ceinteár, an Préachán, an Cupán, an Leon, an Mheá, an Faolchú, an tAonbheannach, Deireadh na Loinge, Compás an Mhairnéalaigh, an Seiseamhán, agus an Mhaighdin. Is é Alphard, nó Alpha Hydrae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá ann. Tá Alphard suite faoi chéad is ceithre scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Déréalta í Beta Hydrae atá suite breis is trí chéad go leith de sholasbhlianta uainn; fathachréalta the bhánghorm B-aicme é an ceann is gile den bheirt sa déréalta. Maidir le Gamma Hydrae, is fathachréalta bhuí í, is é sin, tá sí sách cosúil leis an nGrian s’againn ó thaobh an speictrim de: G-réaltaí iad an bheirt acu. Tá Gamma Hydrae suite faoi chorradh is céad deich solasbhliana is fiche dínn. Tá sí trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is céad oiread níos lonrúla.

Tá Alphard agus Gamma Hydrae le feiceáil i mbratach na Brasaíle, mar chuid de spéir na réaltaí os cionn Rio de Janeiro. Seasann Alphard do stát Mato Grosso do Sul, agus siombalaíonn Gamma Hydrae stát Acre.

Tá trí réad sa Phéist Uisce a luaitear i gCatalóg Messier, mar atá, M83, nó Réaltra Muilinn an Tuaiscirt; M68, ar réaltbhraisle chruinneogach é; agus M48, ar réaltbhraisle oscailte é. Thairis sin, is fiú an réaltnéal pláinéadach úd NCG 3242 a lua – tugtar ”taibhse Iúpatair” air, toisc gurb éasca é a thógáil in ainriocht Iúpatair chomh cosúil leis is atá sé.

Phekda Phecda Phad Gamma Ursae Majoris a thugtar ar an réalta thíos ar chlé i ”mbocsa” an Chamchéachta, taobh thíos de Megrez, ar chlé ó Merak. Tá Phekda suite timpeall ar thrí solasbhliana is ceithre scór uainn. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán, cosúil le Deneb, Vega agus Fomalhaut. Réalta phríomsheichimh í, agus í trí oiread chomh trom leis an nGrian. Is féidir a aithint ar a speictream go bhfuil scamall gáis timpeall ar an réalta seo, nó cuireann an gás línte astúcháin leis an speictream. Ceann de na réaltaí i nGrúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir í.

An Phléadach An Streoillín An Croimfhleiscín An tÉillín An Scuaidrín Na Cearrbhaigh – ”an paca cártaí a chaith an Cearrbhach Mac Cába uaidh nuair a bhain sé amach na Flaithis” – a thugtar ar réaltbhraisle uimhir a cúig is dhá scór i gCatalóg Messier – M45. Seven Sisters a chloisfeá i mBéarla ar an bPléadach – tagairt é sin do sheachtar iníonacha Atlas agus Pleione i miotaseolaíocht na sean-Ghréige. Tá an Phléadach suite i réaltbhuíon an Tairbh, agus is iad ainmneacha na ”ndeirfiúracha” ná Alcyone, Asterope (Sterope), Celaeno, Electra, Maia, Merope, agus Taygeta. Tá beirt eile de na réaltaí sa bhraisle ainmnithe as tuismitheoirí na ndeirfiúracha, Atlas agus Pleione. B-réaltaí iad na deirfiúracha agus na tuismitheoirí araon, is é sin is réaltaí teo bánghorma iad. Tá na réaltaí seo suite tuairim is ceithre chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus iad díreach ag dul trí scamall dusta a chuireas luan le loinnir na réaltaí.

Tugann na Seapánaigh Subaru ar an bPléadach, agus déanamh gluaisteáin ainmnithe acu as an réaltbhraisle seo. Na Maori sa Nua-Shéalainn, arís, is é an t-ainm a bhí acusan ar an bPléadach ná Makali’i. Bhí tábhacht spioradálta ag baint le Makali’i i gcultúr traidisiúnta na Maori, bunadh dúchasach na Nua-Shéalainne, nó ba é éirí na Pléadaí go gairid i ndiaidh luí na gréine ba chomhartha do Makahiki. Is éard a bhí i gceist le Makahiki ná tréimhse bhliantúil síochána in ómós do dhia an fhómhair is na méithe i seanchreideamh na Maori.

Príomhsheicheamh a thugtar ar an gcrios i léaráid Hertzsprung-Russell ina bhfuil an chuid is mó de na réaltaí. D’fhéadfá a rá gurb iad na gnáthréaltaí iad. Réaltaí phríomhsheichimh iad an Ghrian, Sirius, Spica, Alphecca, agus Vega, mar shampla. Is gnách a rá gurb ionann abhacréalta agus réalta phríomhsheichimh, ach ní mór cuimhne a choinneáil air nach réaltaí príomhsheichimh iad na habhacréaltaí bána.

Tá gach réalta phríomhsheichimh ar mheá hidreastatach. Is é sin, tá ábhar na réalta chomh te is go bhfuil sé ar tí pléascadh (”brú teirmeach”, is é sin brú teasa, a thugtar air seo), ach san am chéanna tá sé chomh trom is go bhfuil sé ar tí crupadh chuige, nó ”imphléascadh” a dhéanamh, agus an dá fhórsa seo – an brú teirmeach agus an imtharraingt – neodraithe ag a chéile. Sin é an rud a dtugtar meá hidreastatach (nó cothromaíocht hidreastatach) air.

Tá ”imoibreoir núicléach” na réalta príomhsheichimh suite ina croílár, agus is ansin a chomhleáitear na núicléis hidrigine go núicléis héiliam. Taobh amuigh den imoibreoir atá an crios radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á scaipeadh mar radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair.

Prótachtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a haon déag is ceithre scór, is é sin, an dúil atá suite idir an tóiriam agus an t-úráiniam i dtábla peiriadach na ndúl. Cosúil leis na hachtainídí go léir is dúil radaighníomhach é, i bhfad níos radaighníomhaí ná na comharsana, nó níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige (prótachtainiam dhá chéad a trí déag is fiche) ach dhá mhíle déag is fiche, sé bliana déag is trí scór ar leathré. Shílfeá gur tréimhse sách fada é an méid sin féin, ach is é is impleacht dó go bhfuil an prótachtainiam i bhfad níos dainséaraí le láimhseáil ná an tóiriam nó an t-úráiniam nádúrtha.

Tá ceithre staid ocsaídiúcháin ag an bprótachtainiam, mar atá, +4 agus +5, arb iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta aige iad, agus +2 agus +3. Ní féidir mórán úsáide a bhaint as an dúil ná as na comhdhúile, áfach, chomh dainséarach is atá siad de dheasca na radaighníomhaíochta. Scéal eile áfach go gcuireann na geolaithe suim sna hiarsmaí prótachtainiam a dtagann siad trasna orthu sna mianraí, lena aithint cé chomh fada is atá próisis áirithe gheolaíocha ag teacht i gcrann.

Ba iad Kazimierz Fajans agus Oswald Helmuth Göhring ba thúisce a d’aithin an prótachtainiam, agus is é an t-ainm a bhaist siad air ná ”bréiviam”, nó ba é an t-iseatóp a bhí i gceist acu ná prótachtainiam dhá chéad a ceathrar déag is fiche, nach bhfuil oiread is seacht n-uaire an chloig ar leathré – brevis an focal Laidine a chiallaíos ”gearrshaolach”. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na fisiceoirí cáiliúla úd ón nGearmáin, Otto Hahn agus Lise Meitner, trasna ar iseatóp nach raibh chomh gearrshaolach sin, agus mar sin ní bhfuarthas an t-ainm sin ”bréiviam” oiriúnach don dúil nua seo a thuilleadh. ”Próta-achtainiam” nó ”réamhachtainiam” a baisteadh ar an dúil ina dhiaidh sin, toisc go dtagann sé roimh an achtainiam i meathshlabhra an úráiniam. Sa bhliain 1949, rinne Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ”prótachtainiam” den ainm sin, le súil is go mbeadh sé níos fusa le fuaimniú.

Radaí – is é an radaí an pointe spéire a bhfuil dreigechith (mar shampla) ag teacht as, mar a fheictear dúinne.

Réalta Barnard an ceathrú réalta is cóngaraí dúinn, agus í suite faoi shé solasbhliana dínn. Feictear i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna í – is é sin má fheictear, nó is réalta bheag dhearg fhann í. Scéal eile é gur foinse láidir solais infridheirg í. Sáraíonn sí réaltaí eile na spéire ar dhualghluaisne, áfach. Tá an réalta ainmnithe as an bhfear a d’aithin í roimh aon duine eile, mar atá, Edward Emerson Barnard, réalteolaí Meiriceánach a rinne cuid mhaith breathnuithe tábhachtacha lena linn: eisean a chuir an chéad sonrú in Amalthea, gealach bheag de chuid Iúpatair, mar shampla.

Réalta Kapteyn an gnáthainm ar an dara réalta is mó dualghluisne atá le feiceáil ar an spéir. Tá sí sách cóngarach dúinn, is é sin tá sí suite faoi thrí solasbhliana déag dinn, agus is abhacréalta dhearg fhannlag í nach féidir a aithint gan déshúiligh nó teileascóp. Tá sí suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus ba é an réalteolaí Ollannach Jacobus Kapteyn a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1898.

Réalta Teegarden a thugtar ar abhacréalta dhearg ar tháinig Bonnard Teegarden agus a fhoireann taighde uirthi sa bhliain 2003 nuair a bhí siad ag scagadh eolais faoi astaróidigh a bailíodh na blianta roimhe sin. Cosúil le Réalta Barnard agus Réalta Kapteyn, tá Réalta Teegarden suite cóngarach dúinn (dhá sholasbhliain déag) agus is í an dualghluaisne an ghné is suntasaí di. Maidir leis an aicmiú, is M-réalta í cosúil leis an mbeirt eile. Tá Réalta Teegarden suite i réaltbhuíon an Reithe.

Réaltra a thugtar ar chóras réaltaí atá á choinneáil le chéile ag an imtharraingt. Is é Bealach na Bó Finne an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin. Glactar leis go bhfuil dúpholl i gcroí ár réaltra agus a lán réaltraí eile; Sagittarius A* a thugtar ar an dúpholl s’againne. Is gnách na réaltraí a aicmiú de réir an déanamh atá orthu: aithnítear réaltraí bíseacha, réaltraí éilipseacha agus réaltraí neamhrialta. Cuid de na réaltraí bíseacha is féidir cineál barra a fheiceáil timpeall an chroí iontu – réaltraí bíseacha barracha iad mar sin.

Réaltra an Ghuairneáin – is é seo leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist leis, mar atá, Réaltra an Ghuairneáin sa chiall chúng (M51a) agus réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre. Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra ”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D’fhéadfá a rá go bhfuil an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.

Réaltra an tSoimbréaró – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg Messier (M104) é. Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh cianmhar sin uainn.

RigelBeta Orionis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Córas trí réalta atá ann le fírinne. Ollfhathach í an phríomhréalta, Rigel A, agus is réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian. Tá Rigel le feiceáil ón gcuid is mó d’fharraigí an Domhain – réalta thábhachtach eolais a bhí inti riamh do na mairnéalaigh mar sin. Réalta athraitheach í Rigel, agus í ag lonrú suas nó ag tréigean go neamh-thráthrialta. Tá Rigel fiche oiread chomh trom leis an nGrian, agus tuairim is ceithre scór oiread chomh mór, de réir an trastomhais. Ó thaobh an lonrachais de, áfach, bheadh céad agus fiche míle Grian de dhíth le Rigel a shárú. Réalta bhánghorm den aicme speictreach B atá inti.

Ainm Araibise é ”Rigel” ó thús, agus is é is brí leis ná ”cos” – cos an Bhodaigh, más maith leat. Tá Rigel suite faoi thuairim is naoi gcéad solasbhliain dínn.

An SciathSciath Sobieski Scutum Scutum Sobiescianum (Polainnis: Tarcza Sobieskiego) a thugtar ar an réaltbhuíon bheag idir an tIolar, Fear na bPéisteanna, an Phéist agus an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí Polannach Eoin Hevelius (Polainnis: Jan Heweliusz) a shocraigh teorainneacha na Scéithe, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an réaltbhuíon seo ná Sciath Sobieski, le Rí na Polainne Jan (Eoin) Sobieski a onórú. Bhí Sobieski díreach tar éis bua a bhreith i gCath Vín, 1683.

Níl mórán cuid súl sa Sciath dáiríre, nó níl réaltaí rógheala inti ar aon nós. I gceann cúpla milliún bliain beidh a mhalairt fíor, áfach, nó tá ceann de réaltaí na Scéithe, Delta Scuti, ag druidim isteach linn go tiubh, agus is fathachréalta ghorm í. Nuair a bheas sí chomh cóngarach dúinn agus a bheas (timpeall ar dheich solasbhliana), beidh sí níos gile ná Sirius féin, dar leis na réalteolaithe. I láthair na huaire, tá Delta Scuti faoi dhá chéad solasbhliain dinn.

Siorcóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 40, agus is é Zr an giorrúchán a shiombalaíos siorcóiniam i bhfoirmlí ceimiceacha. Miotal é an siorcóiniam agus é in aon ghrúpa amháin leis an itriam agus leis an niaibiam. Sileacáit siorcóiniam é an siorcón, an mianra arb é an fhoinse is tábhachtaí siorcóiniam é. Is iad an Astráil agus an Afraic Theas an dá stát is mó mianadóireachta siorcóiniam.

Miotal insínte liathbhán é an glansiorcóiniam. Is féidir púdar siorcóiniam a chur trí thine, ach tá na cnapáin mhóra miotail sách díonta ar ocsaídiú. Tá leáphointe an tsiorcóiniam réasúnta ard, is é sin, míle ocht gcéad cúig chéim déag is dhá scór de réir Celsius.

Is iad an dé-ocsaíd (ZrO2), nó an tsiorcóinia, agus an tsileacáit, nó an siorcón (ZrSiO4), an dá chomhdhúil is tábhachtaí. +4 an staid ocsaídiúcháin atá ag an dúil sna comhdhúile seo, mar is gnách di. Baintear úsáid as an tsiorcóinia i ndéantús gléasra saotharlainne, agus gearrtar siorcón go seoidchlocha. Maidir leis an miotal féin, is minic a chuirtear le miotail eile é (cóimhiotalú) le hiad a dhéanamh níos díonta ar an teas agus ar an ocsaídiú.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, siorcóiniam a deich is ceithre scór (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra), siorcóiniam a haon déag is ceithre scór (11.22 %), siorcóiniam a dó déag is ceithre scór (17.15 %), siorcóiniam a ceithre déag is ceithre scór (17.38 %) agus siorcóiniam a sé déag is ceithre scór (2.8 %). Iseatóp radaighníomhach é an ceann deireanach acu, ach ós rud é go bhfuil leathré an iseatóip sin níos faide ná aois na hollchruinne, níl cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Is féidir iarsmaí d’iseatóp radaighníomhach eile a aithint sa siorcóiniam nádúrtha, is é sin siorcóiniam a trí déag is ceithre scór, nach bhfuil ach milliún go leith de bhlianta ar leathré. Pé scéal é tá an siorcóiniam 91.224 aonad ar mheáchan adamach.

Sirius: Is é Sirius nó Sotis Sopdet Alpha Canis Majoris Réalta an Mhadra an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé ar an réalta is gile dá bhfuil le feiceáil ar spéir oíche ár bpláinéid féin, amach ón nGrian ar ndóigh. Le fírinne is déréalta é: is é Sirius A príomhréalta an chórais, agus is réalta bhán den A-aicme é. Ní fathachréalta atá ann ach réalta phríomhsheichimh, agus í suite sách cóngarach dúinn, is é sin, ocht solasbhliana go leith. Tá Sirius A dhá oiread chomh trom leis an nGrian s’againn, ach tá sé breis is fiche oiread níos lonrúla. Réalta an-te é agus é ag spíonadh a chuid hidrigine i bhfad níos gasta ná an Ghrian s’againn.

Maidir le compánach Sirius, nó Sirius B, níl ann ach abhacréalta bhán: tá sé ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, agus é ar aon mhéid leis an Domhan. Mar is dual do na habhacréaltaí bána is réalta an-dlúth é, agus é tar éis a chuid hidrigine a spíonadh, ionas nach bhfuil sé ag táirgeadh teasa a thuilleadh.

Deir téacsanna seanársa réalteolaíochta gur réalta dhearg é Sirius, rud a tharraingíos cuid mhaith diospóireachta inniu féin. Míniú amháin é go raibh Sirius B ina fhathachréalta dhearg cúpla míle bliain ó shin, ach is é an bharúil atá ag an gcuid is mó de na réalteolaithe nach bhfuil sé incheaptha, nó bíonn forbairt na réaltaí i bhfad níos maille ná sin ag teacht i gcrann. Mar sin, ní féidir an rúndiamhair seo a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Tá Sirius le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Mato Grosso in iarthar na tíre.

Sóidiam: Is é an sóidiam an dara ceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Is é dúil cheimiceach uimhir a haon déag é, agus is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Na – Natrium an t-ainm Gearmáinise a úsáidtear ina lán teangacha eile fosta. Cosúil leis na miotail alcaileacha go léir tá an sóidiam an-araiciseach chun imoibriúcháin le comhdhúile a dhéanamh le dúile eile, agus mar sin má aonraítear mar dhúil é, imoibreoidh sé go fíochmhar le huisce, abair, nó leis an aer féin le comhdhúile nua a chruthú.

Is é an gnáthshalann nó clóiríd an tsóidiam NaCl an chomhdhúil is coitianta dá bhfuil aige, agus is é +1 an t-aon staid ocsaídiúcháin atá aige – tá aon leictreon amháin ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus é fonnmhar an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hian sóidiam Na+ a dhéanamh. Comhdhúile tábhachtacha eile iad an tsóid aráin (décharbónáit nó hiodracarbónáit an tsóidiam NaHCO3) agus an tsóid níocháin (carbónáit an tsóidiam Na2CO3).

Má chuirtear cnapán sóidiam in uisce, beidh imoibriú fíochmhar ann, agus an sóidiam ag cur na ruaige ar hidrigin an uisce le ”sóid loiscneach”, is é sin hiodrocsaíd sóidiam, NaOH, a dhéanamh. Bun láidir (is é sin substaint bhunata nó alcaileach) í hiodrocsaíd an tsóidiam, agus é sothuaslagtha san uisce.

Is féidir sóidiam a aithint ar an dath láidir buí a chuireas an t-ian sóidiam in aon lasair. Seo an ”D-líne” ar chuir an fisiceoir ceannródaíoch Joseph von Fraunhofer sonrú inti lena lá, agus tá an solas buí seo 589 nanaiméadar ar tonnfhad.

Spica: Is í Spica nó Alpha Virginis an réalta is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Déréalta í, agus is fathachréalta bhánghorm den B-aicme í an phríomhréalta. Tá an dá leathréalta chomh cóngarach dá chéile, áfach, nach féidir iad a aithint thar a chéile ach ar a speictream (is é sin, déréalta speictreascópach í Spica). Tá Spica suite faoi dhá chéad is caoga solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

Sraith Balmer: Is í sraith Balmer an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an dara leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá ceithre líne acu suite i mbanda an tsolais infheicthe, agus an chuid eile sa bhanda ultraivialait. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Eilvéiseach Johann Balmer a d’aithin an dóigh a raibh tonnfhaid na línte ag brath ar a chéile agus a d’oibrigh amach foirmle mhatamaiticiúil a cheadaigh do na fisiceoirí coibhneas na dtonnfhad a chomhaireamh. Ní ba dhéanaí ghinearálaigh an Sualannach Johannes Rydberg cothromóid Balmer go cothromóid Rydberg a chuir ar a gcumas tonnfhaid agus minicíochtaí na sraitheanna eile a áireamh.

Sraith Brackett: Is í sraith Brackett an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an ceathrú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil fhuinnimh os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Frederick Sumner Brackett (1896-1988) a d’aithin an tsraith seo sa bhliain 1922.

Sraith Humphreys: Is í sraith Humphreys an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an séú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Curtis Humphreys (1898-1986) a rinne a fionnachtain.

Sraith Lyman: Is í sraith Lyman an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda ultraivialait, is é sin, níl siad infheicthe. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Theodore Lyman.

Sraith Paschen: Is í sraith Paschen an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an tríú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda infridhearg, is é sin, tá a dtonnfhad níos mó ná tonnfhad an tsolais infheicthe, agus dá réir sin, tá a minicíocht níos ísle. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Gearmánach Friedrich Paschen.

Sraith Pfund: Is í sraith Pfund an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an cúigiú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach August Herman Pfund.

Teicnéitiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 43 i dTábla Peiriadach na nDúl, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Tc. Is miotal trasdultach é, agus é in aon ghrúpa leis an mangainéis agus an réiniam. Thar aon rud eile, áfach, is é an teicnéitiam an dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha acu. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná teicnéitiam a naoi ndéag is ceithre scór (99Tc), agus é 211,000 bliain ar leathré.

Ba é an fisiceoir Iodálach Emilio Segrè a d’aithin an teicnéitiam an chéad uair riamh, cé go raibh torthaí bréagdheimhneacha tugtha roimhe sin ag eolaithe a shíl go raibh dúil a 43 fionnta acu. Ar cuairt sna Stáit Aontaithe dó chuir Segrè suim sa chioglatrón (luasaire cáithníní) i Saotharlann Berkeley, agus thug Ernest Lawrence, an fear a chéadcheap an gléas, scragall úsáidte ón gcioglatrón dó, le go bhféadfadh sé taighde a dhéanamh ar na núiclídí radaighníomhacha a d’fhág an úsáid sa scragall. Bhí an scragall déanta as molaibdéineam, dúil uimhir a 42, agus teoiric ag Segrè gur iseatóp de chuid dhúil a 43 a bhí ar fáil sa scragall. Le cuidiú óna chara Carlo Perrier, a bhí ina mhianreolaí, chruthaigh sé gurbh amhlaidh.

Bhí Segrè ag obair in Ollscoil Palermo, agus d’iarr lucht rialtais na cathrach go mbaistfeadh sé panóirmiam ar an dúil nua, ainm a bhí bunaithe ar an leagan Laidine d’ainm na cathrach, Panormus. Sa bhliain 1947, aon bhliain déag i ndiaidh do Segrè an fhionnachtain a dhéanamh, bhaist eagraíocht idirnáisiúnta na gceimiceoirí teicnéitiam ar an dúil, ós rud é gur dúil shaorga (tekhnetos an focal Sean-Ghréigise a chiallaíos ”saorga, daondéanta”) í nach bhfuil ar fáil sa dúlra go nádúrtha – tá gaol ag an ainm le teicneolaíocht, ar ndóigh.

Miotal trom é an teicnéitiam a gcuirfeadh a chosúlacht platanam i gcuimhne duit. Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta a bhíos aige ina chuid comhdhúl ná +4, +5, agus +7. Tagann smúid ocsaíde ar an teicnéitiam le taise an aeir, agus is féidir an miotal a chur trí thine in atmaisféar glanocsaigine.

Triantán an Gheimhridh: Is é Triantán an Gheimhridh astaireacht na réaltaí úd Sirius, Betelgeuse, agus Procyon – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Mhadra Mhóir, an Bhodaigh, agus an Mhadra Bhig.

Triantán an tSamhraidh a thugtar ar Altair, Vega, agus Deneb in éineacht – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Iolair, na Líre, agus na hEala.

Úfó an giorrúchán Béarla a chiallaíos ”réad eitilte gan aithint”. Is minic a shíltear gurb ionann úfó agus spásbhád eachtardhomhanda, ach ní mar sin atá: dá n-aithneofaí mar spáslong de chuid na bhfear beag uaine é, ní bheadh sé ina úfó (is é sin, gan aithint) a thuilleadh!

Cé go mbítear ag cur sonrú i rudaí aisteacha thuas san aer ó tháinig an cine daonna chun saoil, ní dhearnadh coincheap ar leith den úfó ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1947 chonaic an t-eitleoir amaitéarach Meiriceánach Kenneth Arnold dioscaí aisteacha ina thimpeall agus é díreach ag eitilt thart le Sliabh Rainier (nó Sliabh Tacoma), an sliabh is airde sna Sléibhte Cascáideacha i Stát Washington, Iarthuaisceart na Stát Aontaithe. Is minic a chreidtear gurbh é Arnold a bhaist ainm an ”tsásair eitilte” ar na dioscaí seo, ach is deacair a rá an mar sin a bhí – is féidir gurbh iad na nuachtáin a bhain an chéad úsáid as an téarma sin flying saucer.

Níorbh é Arnold an t-aon duine a thug tuairisc ar an gcineál seo breathnuithe san am, agus ghlac Aerfhórsa na Stát Aontaithe imní: an raibh sibhialtaigh tar éis sonrú a chur in aerárthaí rúnda de chuid an Aerfhórsa féin, nó an raibh gléasra spiaireachta de chuid na Sóivéadach i gceist? Nó an ea nach raibh ann tar éis an tsaoil ach iomrall súl? Chuir an tAerfhórsa tús le Project Sign, tionscadal taighde a bhí dírithe ar a fháil amach cad é ba chúis leis na sásair eitilte. Dealraíonn sé gur rith an míniú ”eachtardhomhanda” le daoine acu siúd a raibh baint acu leis an tionscadal seo, cé go raibh a lán d’oifigigh an Aerfhórsa barúlach gurbh ón Aontas Sóivéadach a tháinig na sásair, agus córas tiomána acu nach raibh ar eolas ag innealtóirí na Stát Aontaithe. Iad siúd a chreid sa teoiric Shóivéadach, bhí siad ag déanamh gur cineál cogaíocht shíceolaíoch a bhí idir lámhaibh ag na Rúisigh chomh dána dalba is a bhí na húfónna ag eitilt in aerspás na Stát.

Ní raibh údaráis an Aerfhórsa sásta le torthaí Project Sign, agus thosaigh siad ar thionscadal nua, Project Grudge. Sa bhliain 1949 d’eisigh Grudge a chuid torthaí: glacadh leis nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, a fhad agus a d’fhéadfaí a mheá, agus nach raibh iontu go bunúsach ach míthuiscintí ar rudaí nádúrtha nó ar réadanna neamhurchóideacha eile.

Ba é tionscadal an Leabhair Ghoirm, nó Project Blue Book, an tríú hiarracht oifigiúil a rinneadh sna Stáit le taighde a dhéanamh ar na húfónna. Chaith lucht an Leabhair Ghoirm na blianta fada ag bailiú scéalta faoi úfónna agus á n-anailísiú, agus sa bhliain 1968, foilsíodh tuairisc faoin teideal ”Staidéar Eolaíoch ar na Réadanna Eitilte gan Aithint”, nó ”Tuairisc Condon”, mar is gnách í a ainmniú, ós fisiceoir darbh ainm Edward Condon a bhí i gceannas ar an gcoiste a dhréachtaigh an tuairisc. Is iad na torthaí a bhí le léamh ar an tuairisc seo ná nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, ná teicneolaíocht ardfhorbartha nó cuairteoirí eachtardhomhanda ag baint leo, de réir na fianaise a bhí ann.

Idir an dá linn áfach tháinig cultas na n-úfónna ar an bhfód, agus dreamanna beaga díograiseoirí ag fógairt gur spásbháid ó phláinéid eile a bhí i gceist. Le fírinne chuir an CIA – lárúdarás faisnéise na Stát Aontaithe – ar bun coiste taighde dá gcuid féin faoi cheannas an fhisiceora Howard Percy Robertson, ”Painéal Robertson”, sa bhliain 1951. Ba iad torthaí oibre an phainéil seo ná nach sna húfónna a bhí an bhagairt, ach sna díograiseoirí: dá mbeadh lucht an Aerfhórsa, na réadlanna réalteolaíocha agus na stáisiúin bhreathnóireachta eile curtha thar a n-acmhainn ag tuairiscí seafóideacha faoi úfónna, ní fhéadfaidís súil a choinneáil ar eitleáin spiaireachta an Aontais Shóivéadaigh. Thairis sin, d’fhéadfadh na Sóivéadaigh dochar a dhéanamh do shíocháin inmheánach na Stát Aontaithe trí spreagadh a thabhairt do chultas na n-úfónna – mar a dúirt paínéal Robertson.

Tríd is tríd, ba é toradh na bhfiosruithe seo ná nach raibh rud osnádúrtha, neamhshaolta nó neamhghnách ar bith i gceist leis na húfónna. D’admhaigh na taighdeoirí nach raibh siad ábalta gach uile bhreathnú a mhíniú go fóill ach san am chéanna bhí siad dóchasach go bhfreagródh an eolaíocht gach aon cheist sa deireadh.

Xeanón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 54. Xe an tsiombail cheimiceach. Ceann de na triathgháis é an xeanón, agus ochtréad iomlán ar an sceall is faide amuigh sa néal leictreon aige, rud a fhágas nach bhfuil sé araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin féin is féidir leis an xeanón dul i gcomhdhúile ceimiceacha áirithe, go háirithe leis an bhfluairín, arb é an t-ocsaídeoir is láidre de na dúile go léir. Úsáidtear xeanón i bhfeadáin solais, nó is dual dó solas gorm a dhéanamh má chuirtear réimse leictreachais i bhfeidhm air. Tá xeanón ar fáil san atmaisféar ach níl sé ar dhúile flúirseacha an Domhain ar aon nós.

X-radaíocht a thugtar ar an radaíocht atá níos tonnfhaide ná an gháma-radaíocht, níos tonnghiorra ná an radaíocht ultraivialait. Ba é Wilhelm Konrad Röntgen a d’aithin an X-radaíocht an chéad uair sa bhliain 1895, agus ina lán teangacha tugtar ”radaíocht Röntgen” ar an gcineál seo radaíochta. Úsáidtear X-ghathanna (is é sin, gathanna X-radaíochta) sa dochtúireacht (le pictiúirí a thógáil de chnámha an duine bheo, ach go háirithe) agus sna seiceálacha slándála ar na haerfoirt (le fáil amach faoina bhfuil istigh i mála dúnta). Chomh saibhir is atá na gathanna seo i bhfuinneamh áfach baineann priacal áirithe ailse leo, nó déanann siad dochar do na comhdhúile íogaire bithcheimiceacha sna cealla beo .

Teicneachabaireacht an “Réaltaistir” agus an Ghaeilge

(leagan leasaithe den tseanaiste a foilsíodh ar an Tuairisceoir sa bhliain 2013)

Ceann de na foinsí Béarlachais is mó i saol na Gaeilge í an tsiamsaíocht Mheiriceánach – sin rud chomh follasach agus is féidir. Ní gnách Gaeilge a chur ar na sraithscéalta teilifíse a bhfuil gnaoi an phobail orthu, ná fiú ar na leabhair mhór-ratha le scríbhneoirí éadroma. Ró-annamh a bhactar leis an teanga a chur ar leabhair nach raibh iontu ar dtús ach ficsean sainseánra (nó genre fiction mar a deir an Béarla) nó garrfhicsean (pulp fiction) agus a bhain amach clú an chlasaicigh idir an dá linn. (Tá mé féin tar éis leabhar amháin den chineál sin,  Foundation le hIsaac Asimov, a aistriú go Gaeilge. Thairis sin, tá Foundation and Empire leis an údar céanna agus A Princess of Mars le hEdgar Rice Burroughs á n-aistriú go Gaeilge agam i láthair na huaire.) Is beag an sólás do lucht na Gaeilge é, ach is féidir an fhadhb chéanna a aithint i saol na dteangacha eile – teangacha, fiú, a bhfuil stádas cobhsaí acu i saol cultúrtha agus poiblí a dtíortha.

San Fhionlainn, mar shampla, chloisfeá cliséanna na sraithscéalta Meiriceánacha go léir – sa bhunteanga – i gcoimhthéacs an chomhrá Fionlainnise. Tá an Béarla á fhoghlaim ón tríú rang bunscoile i leith. Thairis sin, ní gnách linn na sraithscéalta teilifíse a dhubáil: is fearr linn fotheidil ná athghuth. Mar sin, chuala muid criú an Enterprise, na Friends, agus laochra na sraithscéalta eile ag labhairt Béarla ar an teilí riamh, agus d’éirigh muid cleachtach ar a gcuid buafhocal. Ní hé sin an scéal atá fíor ina lán tíortha Eorpacha eile. Cé go bhfuil Gearmáinis an lae inniu torrach le focail Bhéarla, dealraíonn sé gurb as Gearmáinis a labhraíos Picard, Janeway, Worf agus Troi, gan tagairt a dhéanamh don chuid eile acu, ar theilifís na Gearmáine.

Luaigh mé an Enterprise, agus ceart go leor beidh an Star Trek go mór mór faoi chaibidil agam san aiste seo. Nó an Réaltaistear – sin é an leagan Gaeilge a múineadh dom thiar sna nóchaidí, nuair nach raibh mé ach díreach i ndiaidh ballraíocht a bhaint amach ar an bhfóram Gaeilge úd Gaelic-L.

Tá sé ina sheandeilín smolchaite ag lucht na Gaeilge ná nach bhfuil maith ar bith sna téarmaí eolaíochta a thagas as ceárta an Choiste Téarmaíochta. Cé nach bhfuil mé féin sásta le gach moladh dá n-eisíonn siad, caithfidh mé a rá go bhfuil mé tinn tuirseach de bhéal bhocht seo na nGaeilgeoirí i dtaobh na téarmaíochta oifigiúla ar na saoltaibh seo. Déarfainn go raibh téarmaí ar choincheapanna nua-aimseartha amscaí i ngach teanga ó thús. Nuair a chuaigh na cainteoirí ina dtaithí thréig an coimhthíos. Sin, nó chuir siad a gcasadh féin ar an bhfocal lena dhéanamh níos nádúrtha sa teanga.

Mar sin is é is bunrúta leis an bhfadhb áirithe seo – arís – ná nach n-úsáidtear an Ghaeilge ná na téarmaí eolaíocha Gaeilge go fairsing. Dá gcloisfeá téarmaí Gaeilge ar an teilifís an t-am ar fad, dá mbeifeá ag léamh leabhair fhaisnéise faoi bhrainsí éagsúla eolaíochta agus a gcúrsaí, agus dá mbeadh cultúr léitheoireachta an chineál sin leabhar forleathan i measc lucht na Gaeilge (ar ndóigh ba mhór an chabhair dá mbeadh na leabhair sin ann!), is dócha nach mbeadh na daoine chomh míshásta is atá siad leis na téarmaí, cé go mba iad na “drochthéarmaí” céanna a bheadh i gceist. Is é an locht is mó atá ar na téarmaí Gaeilge ná go bhfanann siad sna foclóirí in áit a bheith i gcúrsaíocht choitianta.

Patrick Stewart ina Bhorg
“Ní fiú cur inár n-aghaidh! Déanfar cuid den chnuasphobal díbh!” (“Resistance is futile! You will be assimilated”) Sin é an chaint a chloisfeá ó na “Borg“. Is iad na Borg cine na gcibearg in ollchruinne fhicseanúil an Réaltaistir – daoine agus iad iompaithe ina róbait. Níl pearsantacht ná indibhidiúlacht acu, agus is é an t-aon chuspóir atá acu ná na daoine go léir a “Bhorgú” nó a “chomhshamhlú” le comhphobal agus cnuasintinn na mBorg. San eipeasóid dhúbailte “The Best of Both Worlds” (“Rogha an Dá Shaol” – is iad sin saol na ndaoine daonna agus saol na mBorg) den tsraith “Star Trek: The Next Generation”, d’éirigh leis na Borg captaen an Enterprise, Jean-Luc Picard, a chimiú agus a “chomhshamhlú”, ionas go ndearnadh Borg de. “Locutus” an t-ainm a bhí air agus é ina chibearg – focal Laidine a chiallaíos “An Té a Labhair”. Sa deireadh, d’éirigh le criú an Enterprise Picard a tharrtháil agus gléasra na mBorg a bhaint de. Ba é Patrick Stewart a rinne páirt Jean-Luc Picard sa tsraith ST:TNG. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Is minic a bhíos na téarmaí Béarla ar choincheapanna eolaíochta lán chomh hamscaí leis na téarmaí Gaeilge. Scéal eile é áfach go gcloiseann na Béarlóirí na téarmaí seo i gcoimhthéacs na teanga nádúrtha, agus nuair atá Béarla dúchasach timpeall ar an bhfocal deacair, is furasta duit do chuid féin a dhéanamh de. Bítear ag fáil lochta ar an “teicneachabaireacht” (technobabble) ar na sraithscéalta ficsin eolaíochta, cosúil leis an Réaltaistear, go minic, nó ag gáire fúithi, ach b’fhearr liom sibhse stad den scigiúlacht sin le bhur marana a dhéanamh ar an bhfíric seo leanas: is í an teicneachabaireacht a chuireas an chosmhuintir i dtaithí na bhfocal eolaíoch agus a dhéanas cuid nádúrtha den ghnáthchaint díobh. Is é an fhadhb ná nach mbíonn na focail nuachumtha nó na téarmaí eolaíochta le cloisteáil i sruth na cainte líofa ná le léamh i gcoimhthéacs na dea-Ghaeilge. A mhalairt ar fad.

Is minic a chloiseas muid iomrá ar an dá rud “Gaeilge uafásach scoile” agus “Gaeilge Gaeltachta”, ach ar an drochuair dealraíonn sé nár bhac aon duine riamh le comparáid chórasach a dhéanamh idir an stíl a chleachtas na scríbhneoirí dúchasacha agus an cineál Gaeilge a bhíos le léamh i scríbhinní na n-údar nár fhoghlaim Gaeilge ach ar scoil. Mar sin, níl treoirleabhair ná téacsleabhair againn a mhíneodh don ghnáthléitheoir, don ghnáthscríbhneoir agus don ghnáth-Ghaeilgeoir bhocht conas a d’fhéadfadh sé “an Ghaeilge uafásach scoile” a dhí-fhoghlaim. (An ar mo chrann-sa a thitfeas sé, meas tú?)

Is deacair a rá ar ndóigh céard is dea-Ghaeilge ann, an cineál Gaeilge a mba chóir dúinn aithris a dhéanamh air, an stíl neodrach. Ina lán teangacha tá stíl na teanga liteartha chomh cobhsaí, chomh seanbhunaithe, is nach bhfuil mórán easaontais ann faoin gcineál teanga ba chóir a fhoghlaim is a chleachtadh. Bíonn scríbhneoirí cruthaitheacha ann agus a gcuid turgnamh is trialach idir lámhaibh acu ach tríd is tríd tá a fhios agat céard is dea-stíl ann mar a thuigfeadh clasaicigh na teanga an coincheap sin. Maidir le dea-stíl na Gaeilge, arís, chinn mé, na blianta ó shin, mo thuiscint féin ar na cúrsaí seo a thógáil ar dhúshraith an bhéaloidis agus na scéalaíochta traidisiúnta.

B’fhéidir nach raibh traidisiún liteartha ag muintir na Gaeltachta fadó, ach ar a laghad bhí traidisiún scéalaíochta agus seanchais acu, agus cé gur gnách linn mar Ghaeilgeoirí bheith ag caí, ag cáiseamh agus ag caoineadh an tsaibhris a cailleadh nuair a d’imigh an teanga, is é lomlán na fírinne ná go bhfuil cuid mhór den tsaibhreas chéanna againn i gcónaí. San am a chaith mé féin i mo Ghaeilgeoir chuaigh a lán ábhar béaloidis i gcló faoi chlúdach leabhair, agus de réir is mar a rinne mé staidéar ar na cinn a cheannaigh mé i rith an ama seo tháinig ciall agam do Ghaeilge na Gaeltachta. Ní féidir liom a rá go mbeinn ar aon leibhéal leis na máistrí móra ach sílim go bhfuil mé in ann aithris éigin a dhéanamh ar a bhfuil léite agam agus na hamscaíochtaí is dual do scríbhneoirí na Galltachta a sheachaint.

Cé go bhfuil na nuathéarmaí riachtanach agus géar-riachtanach, is é an rud is tábhachtaí, an rud is géire a theastaíos, ná an Ghaeilge thraidisiúnta. Caithfidh an scríbhneoir maith bheith eolach ar an ábhar agus ar na téarmaí riachtanacha, ach san am chéanna caithfidh sé a bheith ábalta na saintéarmaí a sheachaint nuair nach bhfuil gá leo. Níl sna téarmaí sin ach uirlisí de chuid na ceirde go bunúsach. Mar is eol dúinn, is namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim agus bíonn an uirlis is úsáidí dainséarach díobhálach i lámh an duine nach bhfuil an dóigh cheart aige uirthi.

Is iomaí cineál Béarlachais a chuireas isteach ar léitheoir na Gaeilge, ar ndóigh. Ceann acu an rómhuinín a bhíos ag scríbhneoirí maithe féin as na téarmaí nuachumtha i gcoimhthéacsanna neamhoiriúnacha, Bíonn an Béarla scríofa an-difriúil leis an teanga líofa labhartha, agus na focail teibí teicniúla ag ruaigeadh na gnáthchainte as, agus is rómhinic a fheicim daoine a bhfuil a gcuid Gaeilge go hiontach ar fad nuair a labhraíos siad ag cur seaicéad ceangail an Bhéarla fhoirmiúil orthu féin nuair a thosaíos siad ag scríobh – ag scríobh Gaeilge.

Teastaíonn uathu téarmaí casta “liteartha” a chur in áit na bhfocal nádúrtha, in aithris ar nós an Bhéarla. Ní féidir leo anáil a tharraingt ná a ligean amach mar is dual don duine – tosaíonn siad ag ionanálú agus ag easanálú, nó fiú ag cleachtadh ríospráide. Anois, admhaím go mbíonn focail cosúil leis an mbeirt seo ag teastáil agus sinn ag iarraidh cúrsaí eolaíochta a phlé – shílfínn nach ndéanfá in uireasa “ionanálú”, “easanálú” nó “ríospráid” i dtráchtas leigheaseolaíochta nó fiseolaíochta. Ach má bhímid ag plé na rudaí seo i gcomhthéacs na gnáthchainte, is é an rud is tábhachtaí ná na gnáthfhocail nó na gnáthleaganacha a fhoghlaim is a úsáid, is é sin, tarraingt na hanála agus ligean amach na hanála.

Is mór an trua ar ndóigh má bhaineann daoine úsáid as “ionanálú” agus “easanálú” toisc nach bhfuil na leaganacha dúchasacha ar eolas acu agus iad ag gabháil leor leis an gcéad fhocal (nó fiú leis an aon fhocal!) a dtagann siad air san fhoclóir. Má théann siad ar lorg “inhale” agus “exhale” – focail mhóra Laidineacha sa Bhéarla féin, gheobhaidh siad ansin “ionanálaigh” agus “easanálaigh”, téarmaí troma Gaeilge nach bhfuil inghlactha ach i dtéacs foirmiúil leigheaseolaíochta, má scríobhtar téacsanna den chineál sin sa teanga ar aon nós.

Má chuirimid Gaeilge i mbéal na mBorg ar an Réaltaistear, is é an chéad leagan a mholfas lucht na Gaeilge scoile dúinn ná “comhshamhlófar sibh” nó rud éigin cosúil leis sin, Cúpla mí ó shin bhí pictiúrchomhad á scaoileadh timpeall ar an bhFacebook le haistriúcháin droch-Ghaeilge ar roinnt frásaí ón Réaltaistear – más buan mo chuimhne ní raibh oiread is ceann amháin acu in aon neasacht do bheith ceart ná intuigthe mar Ghaeilge, ach is díol suntais é gur bhain an duine bocht ónar tháinig an iarracht thruamhéileach seo – gur bhain sé úsáid as “comhshamhlú” le “assimilate” an Bhéarla a aistriú. Léiriú maith scigphictiúrtha é seo ar an meon a bhíos ag a lán agus iad ag iarraidh “an Ghaeilge a chur in oiriúint don aonú haois fichead”: is cuma faoi cheart na comhréire, faoi dhul nádúrtha na bhfocal, is é an rud is tábhachtaí ná úsáid a bhaint as téarma nuachumtha.

Is é an chéad phrionsabal atá ag gach aon aistritheoir maith ná go bhfuil sé leis an gciall a aistriú seachas malairt focail a chur ar an mbuntéacs. Ar ndóigh más ag cur malairt teanga ar fhicsean eolaíochta ar nós an Réaltaistir atáimid, is cuid den atmaisféar iad na focail mhóra nach dtuigtear ach ar éigean. Le fírinne thig a rá nach mbíonn an cineál Béarla a labhraíos na Borg ar an Réaltaistear rónádúrtha, toisc go bhfuiltear ag tabhairt le fios gur cnuaschine, cnuasphobal agus cnuasintinn iad nach dtugann aitheantas d’indibhidiúlacht ar aon nós. Is féidir a rá go bhfuilimid i gcall Gaeilge chomh mínádúrtha céanna leis an smaoineamh seo a chur in iúl.

Mar sin féin, dá mbeinnse le Gaeilge a chur ar scannáin nó ar scéalta a bhaineas le coincheap an Réaltaistir, is dócha go mbeinn ag iarraidh téarmaí speisialta a sheachaint a fhad agus ab fhéidir.  Ar ndóigh, ní féidir déanamh in uireasa rudaí ar nós “féasar” (phaser), ach níl ina leithéidí ach ainmneacha ar rudaí nach bhfuil ann ar aon nós ach taobh istigh d’ollchruinne fhicseanúil an Réaltaistir féin – ainmneacha is féidir a dhealramh le hainmneacha dílse. Cuid de na téarmaí meafaracha is féidir iad a aistriú focal ar fhocal (wormhole mar shampla – ní thuigim cén fáth nach bhféadfainn “poll péiste” a thabhairt air as Gaeilge). Maidir leis na Borg, is dóigh liom gur fearr coincheap an assimilation a aistriú go Gaeilge gan dul i muinín leis an bhfocal “comhshamhlú”: Déanfar cuid den chnuasphobal díbh! Ní fiú cur inár n-aghaidh!

An focal resistance, dála an scéil. Cé gur chaith na Gaeil seacht n-aois laochais (seven heroic centuries,mar a dúirt Yeats) ag cur troda ar na Gaill, níor ceapadh focal ar leith le resistance a aistriú sa chiall mhíleata – ba leor do na Gaeil troid nó cath. Is é an focal a chuireas ligeadóirí agus casadóirí na téarmaíochta ar fáil dúinn inniu ná “frithbheartaíocht”, agus cé go bhfuil sé cineál trom, níl locht ar bith agamsa air. Scéal eile áfach go bhfaca mé an téarma “friotaíocht” go rómhinic sa chiall seo ag daoine ar mó a ngrá don Ghaeile ná a n-eolas uirthi. Is éard atá i gceist leis an bhfriotaíocht ná resistance na leictreoireachta. Dá mbeadh an teanga go maith ag an té a chrothnaigh uaidh an focal Gaeilge ar resistance, thuigfeadh sé go mb’fhearr an téarma a sheachaint agus an coincheap a chur in iúl le gnáthfhocal éigin (troid, cath, spairn lann…) mura bhfuil tú cinnte faoi aistriúchán ceart an téarma Béarla

Agus arís – leagan leasaithe den Chiclipéid!

Abhac abhacréalta a thugtar ar réalta nach fathach d’aon chineál í. Mar sin is abhaic iad réaltaí an phríomhsheichimh agus na cinn atá níos lú ná iad siúd féin. Is abhacréalta í an Ghrian s’againn, mar shampla.

Rud eile é abhac bán, nó is éard a bhíos i gceist lena leithéid ná réalta atá i bhfad níos dlúithe ná réaltaí an phríomhsheichimh – go bunúsach cé go mbíonn an t-abhac bán tipiciúil ar aon mhéid leis an Domhan bíonn sé ar aon mhais leis an nGrian. Tá réalta den chineál sin bán toisc go bhfuil sí te. Níl an teas seo ag teacht ó aon imoibriú núicléach, áfach – níl ann ach iarsmaí teasa ó na laethanta a bhí an réalta gníomhach go fóill.

Abhac donn atá i gceist leis an abhac nach bhfuil in ann comhleá hidrigin a haon a choinneáil ag imeacht, is é sin, an t-imoibriú núicléach is dual do réaltaí an phríomhsheichimh. Creidtear áfach go mbíonn comhleá de chineál eile ar siúl sna habhaic dhonna, comhleá hidrigin a dó (deoitéiriam) mar shampla.

An Abhainn Eridanus a thugtar ar an réaltbhuíon mhór fhada atá dingthe idir an Bodach, an Tarbh, an Míol Mór, an Fhoirnéis, an Féinics, an Clog, an Siséal agus an Giorria. Tá an réalta is gile sa réaltbhuíon, Achernar, suite ag deireadh theas na hAbhann, agus a hainm féin bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”deireadh na habhann”. Réalta bhánghorm í Achernar, agus is impleacht dó sin go bhfuil sí an-te, ach ní fathachréalta í – le fírinne tá sí chomh geal sin toisc go bhfuil sí suite réasúnta cóngarach dúinn, céad go leith de sholasbhlianta. Réalta thábhachtach eile de chuid na hAbhann í Epsilon Eridani, nó tá sí ar an réalta is gaire dúinn ar deimhníodh go bhfuil pláinéad aici. Tá réigiún mór folamh, Folús na hAbhann, le haithint i dtreo na réaltbhuíne seo chomh maith – is é sin, réigiún spáis nach féidir réaltraí ná réadanna eile a fheiceáil ann.

Ábhar idir-réaltach a thugtar ar an damhna atá ar fáil sa spás idir na réaltaí. Gás is mó a bhíos ann, agus hidrigin atá sa chuid is mó den ghás seo – nócha faoin gcéad, a bheag nó a mhór. Héiliam atá sa chuid eile, chomh maith le hiarsmaí beaga de dhúile eile. Sa bhreis ar na cineálacha éagsúla gáis tá dusta ann. Bíonn dlús an ábhair idir-réaltaigh iontach éagsúil, agus é ag brath ar an teocht ach go háirithe: an áit a dtéann sé i bhfuacht téann sé chun dlúis. Ar meán tá adamh amháin i gceintiméadar ciúbach amháin den ábhar idir-réaltach, ach mar a dúradh bíonn sé difriúil i dtimpeallachtaí difriúla. Ianaítear an t-ábhar idir-réaltach timpeall na réaltaí ”óga” teo.

Acamar an t-ainm traidisiúnta ar Theta Eridani, ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann. Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”, agus tá Acamar agus Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Déréalta í Acamar, ach is mar A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Tá Acamar suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.

Achernar atá ar an réalta is gile san Abhainn, agus is é is brí leis an ainm ná Deireadh na hAbhann – tá an t-ainm sin bunaithe ar an Araibis. B-réalta atá in Achernar de réir a speictrim, is é sin, réalta the ghorm. Tá sí ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is nach bhfuil sí róchosúil le liathróid a thuilleadh – dhealrófá le milseán den déanamh Smarties í dháiríre. Sféaróideach oblátach a thugtar ar a leithéid de chruth. Tá sí suite faoi chéad is dhá scór de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór, agus í seacht n-oiread chomh trom leis an nGrian s’againn. Scéal eile é áfach go sáraíonn sí lonrachas na Gréine glan oscartha ar fad: tá Achernar breis is trí mhíle oiread níos gile ná í. Is déréalta í Achernar, agus leathbhádóir ag an bpríomhréalta nach bhfuil ach dhá Ghrian-mhais inti. Achernar B a thugtar ar an gcomhréalta seo, agus í ag dul timpeall na príomhréalta faoi dhá aonad réalteolaíoch déag di, a bheag nó a mhór.

Achtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 89, a chuireas tús le sraith na n-achtainídí, nó na n-achtanóideach, i dtábla peiriadach na ndúl. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an achtainiam, agus níl ach iarsmaí de le fáil sa dúlra, mar thruailleán i mianraí úráiniam. Is é achtainiam a 227 an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige, nó tá sí breis is fiche bliain ar leathré. Pé achtainiam a theastaíos táirgtear go saorga in imoibreoirí núicléacha é. Foinse radaíochta é an t-achtainiam a úsáidtear uaireanta le cealla ailse a mharú. Miotal é an t-achtainiam, agus le teacht na hoíche is féidir loinnir ghorm a aithint timpeall ar gach cnap achtainiam, ós rud é go mbíonn na cáithníní radaíochta ag bualadh na móilíní san aer.

Tagann alfa-mheath agus béite-mheath araon ar achtainiam a 227. Na hiseatóip atá níos troime, is fearr leo an béite-mheath, agus na cinn atá níos éadroime, is dual dóibh an t-alfa-mheath. Maidir le hachtainiam a 226, is féidir leis alfa-mheath, béite-mheath nó leictreonghabháil a dhéanamh.

Ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, tá an t-achtainiam cosúil go maith leis an lantanam, an dúil atá suite os a chionn sa tábla peiriadach. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an achtainiam (agus ag an lantanam) ina chuid comhdhúl: mar sin tá tríchlóiríd AcCl3, tríbhróimíd AcBr3, trífhluairíd AcF3 agus seisce-ocsaíd (nó trí-ocsaíd dé-achtainiam) Ac2O3 ann.

Tugtar ”sraith achtainiam” nó ”cascáid achtainiam” ar an meathshlabhra is dual do phlútóiniam a 239. Ceann de na céimeanna idir eatarthu é achtainiam a 227 sa slabhra seo.

Achtanaiméadar a thugtar ar ionstraim a thomhaiseas cumhacht na radaíochta – go bunúsach, bíonn imoibriú ceimiceach i gceist a gcuireann solas nó cineál eile radaíochta luas faoi, agus ansin aithnítear an chumhacht ar thorthaí an imoibrithe.

Acoindrít a thugtar ar dhreigít (cloch a thit ón spéir) nach bhfuil coindriúil le haithint uirthi. Is éard atá i gceist le coindriúl ná deoir bheag cloiche a ghreamaigh don dreige amuigh sa spás. Acoindrítí iad na dreigítí a tháinig ón nGealach agus ó Mhars, mar shampla. Bíonn na hacoindrítí cosúil le basalt (bruthcharraig) an Domhain.

Acróiniciúil: An réalta a tháinig chun radhairc ó scáth na léaslíne thoir díreach nuair a bhí an Ghrian ag dul faoi, deirimid go ndearna sé éirí acróiniciúil.

Acrux an t-ainm atá ar an réalta is gile i gCros an Deiscirt. Córas ilréaltach atá ann i ndáiríre, agus é suite faoi thrí chéad is fiche solasbhliain dínn, sin nó céad parsoic.

Acuairidí: Dreigechith iad na hAcuairidí atá le feiceáil i réaltbhuíon Iompróir an Uisce (réaltbhuíon an Uisceadóra), nó Aquarius. Le fírinne ní aon dreigechith amháin iad na hAcuairidí: aithnítear seacht ndreigechith éagsúla, ar a laghad, a bhíos ag teacht as pointe (radaí) éigin sa réaltbhuíon sin. Is dócha gurb iad na hEta-Acuairidí an cith is clúití acu: bíonn siad le feiceáil i Mí an Aibreáin agus i Mí na Bealtaine. Creidtear gur bhain imtharraingt na Gréine na dreigí áirithe seo ó scuabréalta Halley na céadta bliain ó shin.

Adamh: An t-aonad is lú d’aon dúil cheimiceach. De réir na tuisceana atá againn ar an adamh inniu, tá croíleacan nó núicléas ag an adamh agus an chuid is mó dá mhais comhchruinnithe ansin. Tá an núicléas comhdhéanta as dhá chineál cáithníní: prótóin agus neodróin. Tá lucht leictreach deimhneach ag an bprótón, ach níl aon chineál lucht leictreach ag an neodrón. Núicléóin a thugtar ar an dá chineál cáithníní in éineacht. Is dual do luchtanna leictreacha den chineál céanna an ruaig a chur ar a chéile, agus mar sin tá fórsa i bhfad níos láidre ná an t-éaradh leictreach de dhíth leis an núicléas a choinneáil le chéile. Seo an fórsa láidir, nó an fórsa núicléach.

Taobh amuigh den núicléas atá an néal leictreon. Tá an leictreon i bhfad níos éadroime ná an prótón – is ionann mais aon phrótón amháin agus mais dhá mhíle leictreon, beagnach. An lucht leictreach atá ag an leictreon, is lucht diúltach é a neodraíos aon phrótón amháin. Níl lucht leictreach ar bith ag an adamh sa bhunstaid, agus mar sin, is ionann líon na bprótón agus líon na leictreon. Is é líon na bprótón a shocraíos líon na leictreon, agus is é líon na leictreon (nó struchtúr an néil) a shocraíos saintréithe ceimiceacha na dúile a mbaineann an t-adamh léi.

Tá ordú agus eagar ar leith ar an néal leictreon agus é bunaithe ar cheithre chandamuimhir, mar a thugtar orthu: an phríomh-chandamuimhir a shocraíos cén sceall leictreonach ar a bhfuil an leictreon suite; an chandamuimhir asamatach a shainíos an fo-sceall (an leibhéal fuinnimh taobh istigh den sceall), ar an gcandamuimhir mhaighnéadach a aithnítear fithiseán an leictreoin, agus an chandamuimhir guairne a deir cé acu den dá leictreon san fhithiseán sin atá ann. Deir prionsabal Pauli (a fuair a ainm i ndiaidh Wolfgang Pauli, fisiceoir Gearmánach) nach féidir le dhá leictreon i néal an adaimh chéanna na candamuimhreacha céanna go léir a bheith acu.

Is iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná 1, 2, 3… Más ionann n agus an phríomh-chandamuimhir, is ionann luachanna na candamuimhreach asamataí (l) agus 0, 1, 2,…(n – 1). Más ionann l agus an chandamuimhir asamatach, is iad na luachanna a cheadaítear don chandamuimhir mhaighnéadach ná 0, +1, -1, +2, -2,…l, -l. Maidir leis an gcandamuimhir guairne, níl ach dhá luach ar fáil di: ½ agus -½.

Ní mór cuimhne a choinneáil air gur cineál simpliúchán í an tsamhail seo féin den adamh. Tá sé bunaithe ar an adamh hidrigine, nach bhfuil ach aon leictreon amháin ann. Tá sé réasúnta furasta cur síos matamaitice a thabhairt ar chóras chomh simplí sin nach bhfuil ann ach dhá réad agus iad ag idirghníomhú. Rachadh sé thar acmhainn an mhatamaiticeora féin, áfach, an idirghníomhaíocht idir na leictreoin éagsúla a chur san áireamh, abair, in adamh na hocsaigine féin (ocht leictreon ar fad) gan trácht ar adaimh na ndúl is troime amuigh (an t-úráiniam, abair, agus dhá leictreon déag is ceithre scór aige).

Is féidir leis na hadaimh naisc cheimiceacha a cheangal dá chéile. Is iad an dá chineál nasc ná an nasc comhfhiúsach agus an nasc ianach. Is éard atá i gceist leis an nasc comhfhiúsach ná comh-leictreondís (agus comhfhithiseán) dhá adamh – tugann gach adamh leictreon amháin uaidh don chomhfhithiseán. Más nasc ianach atá ann, is éard atá i gceist leis ná go bhfuair adamh amháin leictreon ar iasacht ó adamh eile. Is ionann sin is a rá go ndearnadh ian deimhneach den adamh a thug an leictreon uaidh, agus gur iompaigh an t-adamh eile ina ian diúltach. Is dual don lucht leictreach diúltach an lucht leictreach deimhneach a aomadh (a tharraingt chuige) agus a mhalairt, agus is é an comhaomachán sin is bunús leis an nasc ianach.

Adamh cianaosta: Ba é an fisiceoir Francach Georges Lemaître an chéad duine ar rith smaoineamh na hOllphléisce leis. É féin thug sé ”hipitéis an adaimh chianaosta” air. Dúirt sé go raibh a leithéid de rud ann i dtús stair na hollchruinne agus ”adamh cianaosta” nó ”ubh chosmach”, agus gurb as an adamh cianaosta seo a d’eascair an ollchruinne.

Adhara: Is é Adhara, nó Epsilon Canis Majoris, an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé suite faoi 430 solasbhliain dinn, agus is déréalta é. Maidir leis an aicme speictreach, is B-réalta í príomhréalta an chórais, agus mar sin, is réalta an-te í agus dath bánghorm inti. Tá Adhara le feiceáil i mbratach na Brasaíle freisin, agus é ag seasamh do stát Tocantins.

Adonis: Ceann de na hastaróidigh neas-Domhain é Adonis, is é sin, is astaróideach é a thagas an-chóngarach don Domhan s’againn ar a fhithis timpeall na Gréine. Ón taobh eile de, tá a chianphointe suite tuairim is cúig chéad milliún ciliméadar ón nGrian (tá an Domhan timpeall is céad is caoga milliún ciliméadar ón nGrian). Tógann sé beagnach trí bliana ar Adonis imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Ba é an réalteolaí Beilgeach Eugène Delporte a chuir an chéad sonrú san astaróideach seo, thiar sa bhliain 1936. Creidtear go bhfuil sé timpeall is ciliméadar amháin ar trastomhas.

Aeón: Sa réalteolaíocht is ionann aeón agus billiún (mórmhilliún) bliain (1,000,000,000 bliain).

I dteoiric na cruinne ascalaí, glactar leis go dtiocfaidh deireadh le fairsingiú na cruinne agus go dtosóidh an chruinne ag crapadh chuici féin arís, go dtí go dtitfidh sí isteach in aon phonc amháin – an ollbhrúisc a thugtar air seo. Ansin tiocfaidh ollphléasc eile. Duine de na cosmeolaithe ba mhó a rinne forbairt ar an teoiric seo, mar atá, an fisiceoir Sasanach Roger Penrose, thug seisean aeón ar an tréimhse ama idir dhá ollphléasc.

Aerailít: malairt ainm ar dhreigít. ”Cloch ón aer” is brí leis an bhfocal seo, go bunúsach.

Aeranomaíocht: Is éard atá i gceist leis an aeranomaíocht ná taighde ar uachtar an atmaisféir – ar an teirmisféar agus ar an méisisféar – go háirithe ar na díluchtuithe leictreacha thuas ansin.

Aeraspás: Tagraíonn an focal aeraspás d’iarrachtaí na ndaoine eitilt a dhéanamh san aer nó sa spás agus do na scileanna innealtóireachta a bhaineas leo. Ní mór é a choinneáil scartha ón aerspás a thagraíos don aer os cionn áit ar leith – os do chionn féin, cuir i gcás.

Aerastad: Tugtar aerastad ar theorainn an atmaisféir ó thaobh na heitlíochta de – is é sin, nuair a shroichfeas gnátheitleán an t-aerastad, ní bheidh fórsa ardaithe faoi na sciatháin a thuilleadh, chomh tanaí is atá an t-aer thuas ansin.

An tAerchaidéal: Réaltbhuíon é an tAerchaidéal nó Antlia atá dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, na Seolta agus Compás an Mhairnéalaigh. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a d’ainmnigh an réaltbhuíon seo agus a shainigh mar réaltbhuíon ar leith í. Níl mórán cuid súl ann: an réalta is gile atá ann, mar atá, Alpha Antliae, níl inti ach réalta phríomhsheichimh nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian s’againn, agus í féin ag druidim chun seanaoise. Réalta den déanamh K, nó réalta fhlannbhuí, atá in Alpha Antliae.

Aerloinnir: Is í an aerloinnir an dóigh a n-astaíonn an t-atmaisféar féin solas. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an aerloinnir: go bunúsach fágann solas na Gréine an t-atmaisféar luchtaithe le leictreachas, agus nuair a dhíluchtófar an fuinneamh leictreach sin, aithneofar mar sholas é. Go tipiciúil scoilteann gathanna na Gréine móilíní nítrigine no ocsaigine de chuid an aeir thuas san atmaisféar, agus nuair a rachas na hadaimh aonair le chéile le móilíní nua a dhéanamh, scaoilfear fuinneamh mar sholas. Ní féidir an aerloinnir a aithint de ló, ó tá solas scaipthe na Gréine i bhfad níos gile ná í, ach is feiniméan í a chuireas isteach ar na réalteolaithe le dorchadas na hoíche féin agus iad ag déanamh a gcuid breathnuithe.

Aeróg: Gléas a úsáidtear le tonnta leictreamaighnéadacha a ghlacadh agus a chlaochlú go bíoganna leictreacha, nó a mhalairt, is é sin, le tonnta leictreamaighnéadacha a tharchur trí bhíoganna leictreacha a chlaochlú go radathonnta (mar shampla). Tá aeróg de shórt éigin ag teastáil le craolacháin raidió nó teilifíse a tharchur nó a ghlacadh. Cineál aeróige é an soitheach satailíte, mar shampla.

Aeróga móra millteanacha iad na radaiteileascóip freisin. Úsáidtear iad le foinsí radathonnta a aithint ar an spéir, rud ar a dtugtar radairéalteolaíocht. Bíonn radathonnta ag teacht as réaltaí, réaltraí, cuasáir agus pulsáir, mar shampla.

Aeróg dhépholach: Déanamh simplí aeróige is ea an aeróg dhépholach. Dhá shlat mhiotail atá ann agus iad ag aimpliú na radathonnta eatarthu trí athshondas.

Aeróg Yagi: Déanamh aeróige is casta ná an aeróg dhépholach – aeróg atá comhdhéanta as sraith d’aeróga dépholacha agus iad suite go comhthreomhar in aice a chéile. Déanamh coitianta é seo ar na haeróga teilifíse mar shampla. Fuair an cineál seo aeróige a ainm ón innealtóir Seapánach Hidetsugu Yagi cé gurbh é Shintaro Uda a rinne an chuid ba mhó den obair dhearthóireachta. Sa bhliain 1926 a bhain siad amach paitinn don dearadh seo.

Aga: I dtéarmaíocht na réalteolaíochta is ionann an t-aga agus am tagartha na gcomhordanáidí. Bíonn athruithe beaga ag teacht ar an spéir gan stad (de thoradh na dualghluaisne ach go háirithe) agus mar sin nuair a chromfas an réalteolaí ar réaltmhapa a úsáid caithfidh sé a bheith eolach ar aga an mhapa, is é sin, cathain go beacht a bhí an mapa agus comhordanáidí an mhapa bord ar bhord le cuma na spéire.

Aichill: Ba é Aichill an chéad astaróideach Traíoch ar cuireadh sonrú ann riamh. Grúpa astaróideach iad na Traígh atá ag timpeallú ceathrú pointe Lagrange ar fhithis Iúpatair – is é sin, an pointe roimh an bpláinéad. Tá Aichill timpeall ar 130 ciliméadar ar trastomhas, agus é ar an séú Traíoch is mó. Ba é an réalteolaí Gearmánach a d’aithin Aichill roimh aon duine eile, thiar sa bhliain 1906.

Aicme speictreach: Is gnách na réaltaí a aicmiú de réir an datha atá iontu, ós rud é gur tomhas é ar theas na réalta, chomh maith lena fadsaolacht: is iad na réalta teo is luaithe a spíonas a gcuid hidrigine. Is iad na príomhaicmí sa rangú seo ná:

Aicme Dath na réalta Teocht an dromchla (273 K = 0 ºC, 373 K = 100 ºC) Sampla Réaltbhuíon Nótaí
O Bánghorm (an chuid is mó den fhuinneamh á astú mar sholas ultravialait) 30,000-50,000 K Meissa (Heka, Al Haka, Lambda Orionis) An Bodach Fathachréalta
Mintaka (Delta Orionis) An Bodach Fathachréalra
Alnitak (Zeta Orionis) An Bodach Ollfhathach
B Gorm, bánghorm 10,000-30,000 K Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris) An Béar Mór Réalta phríomhsheichimh
Rigel (Beta Orionis) An Bodach Ollfhathach
Alnilam (Epsilon Orionis) An Bodach Ollfhathach
A Bán, bánghorm 7,600-11,500 K Vega (Alpha Lyrae) An Lir Réalta phríomhsheichimh
Altair (Alpha Aquilae) An tIolar Réalta phríomhsheichimh
Sirius (Réalta an Mhadra, Alpha Canis Majoris) An Madra Mór Réalta phríomhsheichimh
Phad (Phekda, Phecda, Gamma Ursae Majoris) An Béar Mór Réalta phríomhsheichimh
Deneb (Alpha Cygni) An Eala Ollfhathach
Fomalhaut (Alpha Piscis Austrini) Iasc an Deiscirt Réalta phríomhsheichimh
F Bánbhuí 6,000-7,600 K Procyon (Alpha Canis Minoris) An Madra Beag Réalta phríomhsheichimh
Porrima (Gamma Virginis, Arich) An Mhaighdean Réalta phríomhsheichimh
G Bánbhuí, buí 5,300-6,000 An Ghrian Réalta phríomhsheichimh
Vindemiatrix (Epsilon Virginis) An Mhaighdean Fathachréalta
Sadalsuud (Beta Aquarii, Lucida Fortunae Fortunarum) Iompróir an Uisce (An tUisceadóir) Ollfhathach
Mebsuta (Epsilon Geminorum) An Cúpla Ollfhathach
K Flannbhuí 3,900-5,200 Epsilon Eridani An Abhainn Réalta phríomhsheichimh
Pollux (Beta Geminorum) An Cúpla Fathachréalta
Alsafi (Sigma Draconis) An Dragan Réalta phríomhsheichimh
Gienah (Epsilon Cygni) An Eala Fathachréalta
Eltanin (Gamma Draconis, Etamin) An Dragan Fathachréalta
M Flannbhuí, dearg 4,000 nó níos fuaire Antares (Alpha Scorpii) An Scairp Ollfhathach
Betelgeuse (Alpha Orionis) An Bodach Ollfhathach
Aldebaran (Alpha Tauri) An Tarbh Fathach
Arcturus (Alpha Bootis) An tAoire Fathach
Gacrux (Gamma Crucis) Cros an Deiscirt Fathach
Mirach (Merak, Beta Andromedae) Andraiméide Fathach
Gliese 581 An Mheá Abhac dearg
Wolf 359 An Leon Abhac dearg
Lalande 21185 (Gliese 411) An Béar Mór Abhac dearg

Ba iad Annie Jump Cannon agus Edward C. Pickering a d’oibrigh amach an córas seo thuas i dtús na fichiú haoise, agus is minic a thugtar ”córas Harvard” air, ós rud é go raibh Pickering i gceannas ar Réadlann Harvard, agus Cannon ag obair dó. Cuireadh roinnt aicmí nua leis le freastal ar chineálacha neamhghnácha réaltaí nach féidir a aicmiú de réir an chórais ”chlasaicigh” seo, cosúil leis an aicme úd W nó WR (réaltaí Wolf-Rayet).

Aicmiú Trumpler: córas aicmithe na réaltbhraislí oscailte. Ba é an réalteolaí Robert Julius Trumpler (nó Trümpler – Eilvéiseach a bhí ann a chuir faoi sna Stáit Aontaithe) a cheap an córas seo sa bhliain 1930. In aicmiú Trumpler tá uimhir Rómhánach a thugas le fios cé acu atá an bhraisle scaipthe nó dlúth (I, II, III nó IV; seasann I don bhraisle dhlúth, agus is é IV an cineál is scaipthe); uimhir Arabach a sheasas do mheánghile na réaltaí sa bhraisle (1, 2 nó 3 – is é 3 an cineál is gile); agus litir a deir cé acu atá an bhraisle saibhir (r, ó rich an Bhéarla) i réaltaí, daibhir (p, ó poor) nó idir eatarthu (m, ón bhfocal medium). Ina dhiaidh sin cuirtear an litir n le tagairt a dhéanamh don néalmhaireacht (nebulosity), is é sin, le tabhairt le fios go bhfuil an bhraisle suite i néal gáis. Is é an t-aicmiú atá ag an bPléadach, mar sin, ná I3rn – réaltbhraisle dhlúth gheal, í saibhir i réaltaí agus néalmhaireacht ag roinnt léi.

Aigéan na Stoirmeacha Oceanus Procellarum atá ar an gceann is mó de na ”mara” (na machairí basailt) ar an nGealach. Is féidir an tAigéan seo a fheiceáil ón Domhan gan dul i muinín gléasra cianradhairc. Tá cráitéar Copernicus suite san Aigéan – ceann de na gnéithe is feiceálaí de dhromchla na Gealaí. An dara spásbhád a thug daoine go dtí an Ghealach, mar atá, Apollo a 12, thuirling sí san Aigéan, agus baisteadh Mare Cognitum nó ”An Mhuir Aitheanta” ar an gcuid sin den Aigéan ina dhiaidh sin.

Ailbéideacht: An codán den tsolas (nó de chineál eile radaíochta) a fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá ailbéideacht an Domhain, mar shampla, timpeall ar 0.3, is é sin, frithchaitheann an Domhan tuairim is tríocha faoin gcéad den tsolas a bhuaileas é.

Is léir nach ionann ailbéideacht na rinne neimhe i ngach ball di. Mar shampla, má iompaíonn an Domhan taobh na farraige – taobh an Aigéin Chiúin – leat, beidh an ailbéideacht, mar a fheictear duitse í, níos mó ná meánailbéideacht ár bpláinéid.

Aimhrialtacht: Sa réalteolaíocht tagraíonn an focal aimhrialtacht dá lán coincheapanna éagsúla, mar atá:

  • Aimhrialtacht an Atlantaigh Theas
  • Aimhrialtacht éalárnach
  • Aimhrialtacht fhíor
  • Aimhrialtacht Pioneer
  • Aimhrialtacht tareitilte
  • Meán-aimhrialtacht

Is éard atá i gceist le haimhrialtacht an Atlantaigh Theas ná an aimhrialtacht a aithnítear ar an gceann inmheánach den dá chrios radaíochta timpeall an Domhain a fuair a n-ainm ón spáseolaí Meiriceánach James Van Allen. De ghnáth, ní shroicheann an crios inmheánach níos ísle síos ná sé chéad ciliméadar, ach is eisceacht (nó aimhrialtacht!) é Deisceart an Atlantaigh, áit nach mbíonn an crios radaíochta sin ach dhá chéad ciliméadar os cionn dhroim ár bpláinéid. Is é is cúis leis an aimhrialtacht seo ná nach bhfuil réimse maighnéadach an Domhain chomh siméadrach le réimse an bharra-mhaighnéid.

Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht éalárnach, an aimhrialtacht fhíor, agus an mheán-aimhrialtacht ná na comhordanáidí a thugas cur síos ar an áit a bhfuil an rinn neimhe ar a fithis, de réir na ndlíthe matamaitice a d’oibrigh Johannes Kepler amach. Uillinneacha iad an aimhrialtacht éalárnach agus an aimhrialtacht fhíor. Ní uillinn í an mheán-aimhrialtacht, cé go dtomhaistear in aonaid stua í, cosúil le huillinn. Tá an mheán-aimhrialtacht ag brath ar an achar a scuab an líne ón réad go dtí an fócas den éilips ón uair dheireanach a chuaigh an réad thart le garphointe na fithise. Is iad íosmhéid agus uasmhéid na meán-aimhrialtachta ná 0 raidian agus 2π raidian. Aonad stua é an raidian. Is ionann an raidian agus timpeall ar 57.295 céim stua, nó an stua a fhreagraíos do gha an chiorcail.

Maidir le haimhrialtacht Pioneer, is éard atá i gceist léi ná an géarú a tháinig ar luas an dá spástaiscéalaí úd Pioneer 10 agus Pioneer 11 nuair a shroich siad fad áirithe ón nGrian (timpeall ar fhiche aonad réalteolaíoch). Ní raibh súil ag na réalteolaithe leis an luasghéarú san am, ná míniú sásúil acu air, agus mar sin bhí sé ina chúis spéise acu ar feadh tamaill. Ba é an brú radaíochta ba chúis leis an aimhrialtacht – bhí na taiscéalaithe ag cailleadh teasa, ach níorbh ionann an cailleadh seo ar gach taobh den ghléas, agus mar sin bhí an brú radaíochta ag cur le luas an ghléis.

Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht tareitilte ná ardú fuinnimh a aithnítear agus spásbhád ag eitilt thart leis an Domhan. Má eitlíonn an spásbhád thart le rinn neimhe sách cóngarach, cuirfidh imtharraingt na rinne neimhe sin cor i mbealach an spásbháid, agus sa teagmháil chéanna géarófar ar a luas. Cuid bheag den luasghéarú sin áfach ní féidir leis na fisiceoirí é a mhíniú i láthair na huaire, agus tugtar aimhrialtacht tareitilte ar an gcuid sin.

Aimplitiúid a thugtar, go bunúsach, ar ”airde” na dtonnta, más é an ”tonnfhad” fad na dtonnta céanna.

Ainmníocht Bayer a thugtar ar an gcóras ainmníochta a cheap an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer thiar i dtús na seachtú haoise déag. Sa chóras seo is éard atá in ainm na réalta ná litir Ghréagach (nó ainm ar litir Ghréagach), agus ainm na réaltbhuíne ag teacht i ndiaidh na litreach sin i dtuiseal gineadach. Mar shampla, Alpha Centauri, Beta Ursae Majoris, Gamma Andromedae.

Is minic a chreidtear go seasann Alpha sa chóras seo don réalta is gile sa réaltbhuíon, agus gurb é Beta an dara ceann is gile, agus araile: Gamma, Delta, Epsilon… Le fírinne ní raibh Bayer féin ag iarraidh ordú gile na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a thabhairt go mionchruinn, nó ní raibh ar chumas réalteolaithe a linne an ghile sin a thomhas go róbheacht. Ní dhearna sé ach na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a aicmiú de réir a ngile. Má bhí, cuir i gcás, cúig réalta sa réaltbhuíon san aicme ba ghile, bhaist sé Alpha, Beta, Gamma, Delta agus Epsilon ar na cinn seo, agus ansin thug sé Zeta ar an gcéad réalta sa dara haicme, ach ní hionann sin is a rá go dtabharfadh sé Alpha ar an réalta ba ghile acu go léir. Ba mhinic a bhí a aird ar chúiseanna eile freisin: mar shampla, má bhí réalta áirithe ar an gcéad cheann sa réaltbhuíon a thagadh ó scáth na léaslíne, bhí de chlaonadh in Bayer alpha (nó an chéad litir Gréigise san aicme bhainteach gile) a bhronnadh ar an réalta sin thar aon cheann eile.

Thairis sin, rinne na réalteolaithe athruithe ar theorainneacha na réaltbhuíonta ina ndiaidh sin: thar aon rud eile, roinneadh an Long nó Argo Navis go réaltbhuíonta éagsúla, mar atá, an Chíle (Carina), Deireadh na Loinge (Puppis), Compás an Mhairnéalaigh (Pyxis), agus na Seolta (Vela). Ansin, choinnigh gach réalta a litir Ghréagach, cé gur cuireadh ainm na réaltbhuíne nua léi.

Níor chuir Bayer an córas ainmníochta s’aige i bhfeidhm ach amháin ar na réaltbhuíonta a bhí le feiceáil ón nGearmáin. Thit sé ar chrann réalteolaithe eile an córas a fhairsingiú ar réaltaí an leathsféir theas.

Aipsis: Tugtar aipsisí ar chianphointe is ar gharphointe na satailíte, is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach agus an pointe is cóngaraí don phríomhúlach ar fhithis na satailíte.

Ais leathbheag a thugtar ar an líne a ritheas ó lárphointe na héilipse go dtí ceann den dá phointe ar an éilips is cóngaraí don lárphointe. Is ionann an ais leathbheag agus leath an trastomhais is lú atá ag an éilips.

Ais leathmhór a thugtar ar an líne arb ionann í agus leath an trastomhais is mó atá ag an éilips, is é sin, ritheann sí ó lárphointe na héilipse go ceann den dá phointe ar an éilips is faide ón lárphointe.

Ais neamhaí a thugtar ar an ais a bhfuil an sféar neamhaí ag rothlú timpeall uirthi – go bunúsach, is ionann í agus ais rothlaithe an Domhain.

Ais optúil a thugtar ar an ais a ritheas trí chóras optaice agus a bhfuil an córas sin siméidreach ina timpeall. (Rud eile í an ais optach, a bhaineas leis an dóigh a n-athraontar an solas sna criostail.)

Aistiogmatacht atá i gceist nuair nach ionann an fócas (fócas an lionsa nó fócas an chórais optúil) do na línte ceartingearacha agus na línte cothrománacha.

Aistriú Doppleriarmhairt Doppler a thugtar ar athrú na minicíochta ó fhoinse tonnta atá ag gluaiseacht. Léiriú maith é bonnán an otharchairr: nuair atá an carr ag teacht inár dtreo, táimid ag cloisteáil bíoganna an bhonnáin níos tibhe i ndiaidh a chéile (rud a fhágas go bhfuil an mhinicíocht níos airde, agus fuaim an bhonnáin níos géire), agus nuair atá sí ag imeacht uainn, is dóigh linn go bhfuil na bíoganna le cloisteáil níos scaipthe (agus ansin tá an mhinicíocht níos ísle, ionas go bhfuil an fhuaim níos doimhne). De réir an phrionsabail chéanna, nuair atá foinse aon chineál tonnta ag druidim chugainn, is dóigh linn go bhfuil an tonnfhad níos lú agus an mhinicíocht níos airde ná mar a shílfeadh an breathnóir atá ag gluaiseacht in éineacht leis an bhfoinse – agus a mhalairt más ag druidim uainne atá an fhoinse sin.

Ba é an réalteolaí Ostarach Christian Andreas Doppler a mhínigh an iarmhairt seo in alt faoi dhath na ndéréaltaí thiar sa bhliain 1842. D’aithin sé prionsabal uilechuimsitheach a bhfuil baint aige leis na fuaimthonnta, na radathonnta agus na tonnta leictrimhaighnéadacha de gach cineál, an gnáthsholas san áireamh. Tugtar deargaistriú ar an dóigh a dtéann aistriú Doppler i bhfeidhm ar sholas na réaltaí agus na réada réalteolaíocha eile agus iad ag druidim uainn, agus gormaistriú an téarma a thagraíos d’aistriú Doppler ag réaltaí atá ag gluaiseacht chugainn.

Aladáid géag shnáthaide a thugtar ar chlár is féidir a iompú ionas go bhfuil sé ag pointeáil ar réad ar leith, agus é ag cur ar ár gcumas líne a tharraingt atá ag dul i dtreo an réada sin. Comhpháirt í an aladáid den teodailít (gléas an gheodasaí), mar shampla. Cineál rialóir réalteolaíoch í an aladáid, agus tá an téarma féin bunaithe ar fhocal Araibise a chiallaíos ”rialóir”.

Albireo: Is é Albireo nó Beta Cygni an cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Le fírinne is déréalta é – nó tríréalta fiú. Is iad na comhréaltaí is fusa a aithnítear ó chéile ná Albireo A agus Albireo B, ach is déréalta ann féin é Albireo A – tugtar Albireo Aa agus Albireo Ac ar an dá réalta sin inniu.

Fathachréalta fhlannbhuí den K-aicme é Albireo Aa. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile, Albireo Ac agus Albireo B, agus is B-réaltaí iad – is é sin, réaltaí teo gorma.

Alcor: Is é Alcor nó 80 Ursae Majoris Arundhati leathbhádóir na réalta úd Mizar Zeta Ursae Majoris. Le fírinne is déréalta ann féin é Alcor agus é suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn. Is réalta phríomhsheichimh den chineál A í príomhréalta Alcor – níl sa leathbhádóir ach abhac fann.

Alcyone: Is í Alcyone nó Eta Tauri an ceann is gile de réaltaí na Pléadaí i réaltbhuíon an Tairbh. Déanta na fírinne is córas ceithre réalta í Alcyone, agus is fathachréalta bhánghorm B-aicme í an phríomhréalta. An trí cinn eile is abhacréaltaí iad agus iad ag dul timpeall na príomhréalta.

Aldebaran: Is é Aldebaran nó Alpha Tauri an réalta is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus é ar réaltaí geala cuidsúlacha na spéire go léir. Fathach flannbhuí K-aicme é. Níl sé mórán níos troime ná an Ghrian s’againn cé go bhfuil sé i bhfad níos mó, i bhfad níos lonrúla – go bunúsach is réalta é a d’fhorbair ó abhac príomhsheichimh go fathach mar is dual don Ghrian féin a dhéanamh i gceann na mílte milliún bliain.

Alderamin: Is é Alderamin nó Alpha Cephei an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus é le feiceáil gan dul i dtuilleamaí uirlisí cianradhairc. Tá sé suite faoi naoi solasbhliana is dhá scór dinn. Réalta bhán A-aicme atá ann. Lonrúil is mar atá sé, ní fathachréalta é ach réalta phríomhsheichimh.

Alfa-cháithnín a thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.

Nuair a thiocfas moill ar an alfa-cháithnín sa damhna, bainfidh sé dhá leictreon óna thimpeallacht agus iompóidh sé ina adamh héiliam. Dá thoradh sin bíonn boilgeoga beaga héiliam le fáil sna mianta úráiniam.

Alfa-mheath is cúis leis an alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as dúile áirithe radaighníomhacha. Nuair a thiocfas alfa-mheath ar an núicléas, astóidh sé alfa-cháithnín, is é sin cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann. Ansin bainfear dhá aonad d’uimhir adamhach an núicléis, ós ar líon na bprótón a aithnítear an uimhir adamhach. Mar sin, má thagann alfa-mheath ar núicléas úráiniam (is é 92 uimhir adamhach an úráiniam), déanfar núicléas tóiriam de (is é 90 uimhir adamhach an tóiriam).

Ar dhúile troma radaighníomhacha, cosúil leis an úráiniam, is tipiciúla a thagas an t-alfa-mheath. Ní bhíonn iseatóip chobhsaí ar bith ag na dúile is troime amuigh, agus mar sin caithfidh núicléis na ndúl sin an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach araon a laghdú leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Dealraíonn sé gurb é an teallúiriam (uimhir adamhach: 52) an dúil is éadroime a bhfuil iseatóip alfa-ghníomhacha aige.

Alfa-radaíocht an cineál radaíocht atá comhdhéanta as alfa-cháithníní. An alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as na núiclídí radaighníomhacha ní bhíonn sí saibhir i bhfuinneamh agus is leor duilleog páipéir le maolú uirthi go substaintiúil.

Na halfa-cháithníní a bhíos ag bualadh an Domhain ón spás, mar chuid den radaíocht chosmach, tá siad i bhfad níos fuinniúla agus dainséar iontu do na neachanna beo dá réir.

Algenib an t-ainm a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta:

  • Gamma Pegasi. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon Pheigeasais. Glactar leis go bhfuil sí suite faoi thrí chéad is nócha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réalta réasúnta mór atá i nGamma Pegasi, ach is deacair a rá an féidir fathachréalta a thabhairt uirthi dáiríribh: tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread ar trastomhas. Réalta an-lonrúil í áfach – breis is cúig oiread chomh lonrúil leis an nGrian – agus ní shamhlófá a mhalairt le réalta B-aicme. Dealraíonn sé go bhfuil sí le hiompú ina fathach ceart nuair a bheas a cuid hidrigine spíonta aici.
  • Malairt ainm ar Alpha Persei nó Mirfak. Féach Mirfak.

Algol an Deamhanréalta a thugtar ar an réalta úd Beta Persei; ainm eile as Béarla é Winking Demon, is é sin, ”an Deamhan Súilbhobálach”. ”An Deamhan” is brí leis an ainm Araibise úd Al-Ghul, agus is ionann sin mar fhocal agus ghoul an Bhéarla – ”gúl” an leagan Gaeilge a thugas foclóir mór Néill Uí Dhónaill. Ba nós leis na hastralaithe anallód a shíleadh gur tuar tubaiste agus foréigin a bhí ann. Is léir mar sin gur spreag an réalta seo fantaisíocht na ndaoine le fada, agus is é is cúis leis sin ná gur déréalta uraitheach í: an dóigh a mbíonn sí ag ”bobáil súile” shíleadh na daoine gur neach beo a bhí i gceist.

Is é is ciall le ”déréalta uraitheach” ná go dtagann ceann den dá chomhréalta idir sinn agus an ceann eile ó am go ham, rud a fhágas go bhfuil lonrachas agus speictream na réalta ag athrú go tráthrialta. Tá an dá chompánach suite chomh cóngarach dá chéile is nach raibh na sean-réalteolaithe in ann iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an timthriall seo – le huirlisí forbartha an lae inniu is féidir an dá réalta a fheiceáil, áfach. Mar sin féin tugtar déréalta speictreach ar Algol, toisc gur ar na hathruithe speictrim is lonrachais a d’aithin na réalteolaithe an chéad uair gur dhá réalta a bhí ann.

Le fírinne tá an tríú comhréalta ann freisin, ach ní uraíonn sí aon cheann den dá réalta eile.

Réaltaí príomhsheichimh iad comhréaltaí Algol, cé go bhfuil siad níos mó ná an Ghrian. An réalta is gile den triúr, nó Algol Aa1, is réalta den B-aicme í, agus í tuairim is trí oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus beagnach dhá chéad oiread níos lonrúla. An compánach uraitheach atá ag Algol Aa1, tugtar Algol Aa2 air. Tá sé beagáinín níos éadroime ná an Ghrian, agus é trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais. Réalta K-aicme é, agus é gan ach seacht n-oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Maidir leis an tríú comhréalta, baineann sí leis an A-aicme, agus níl sí mórán níos troime, ná níos mó, ná an Ghrian.

Bhí an-tábhacht leis an réalta seo i stair na réalteolaíochta, ó chuidigh sí leis na heolaithe tuiscint a fháil ar na déréaltaí mar rud. Is gnách aicme iomlán de dhéréaltaí a dhealramh le hAlgol.

Alioth Epsilon Ursae Majoris atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá sí suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach trí oiread chomh mór leis an nGrian s’againn. Tá Alioth ceithre oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus breis is céad oiread chomh lonrúil. Aicmítear mar A-réalta í. Tagann athruithe aisteacha ar a speictream go tráthrialta timthriallach, agus ceaptar gurb é réimse maighnéadach na réalta a mheascas na dúile breise – na truailleáin – i ”mbreosla” hidrigine na réalta ar dhóigh ar leith, ionas go dtéann siad i bhfeidhm ar an speictream mar sin.

Alkaid Benetnasch Eta Ursae Majoris atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. B-réalta atá ann de réir an speictrim, is é sin, réalta the bhánghorm. Tá sé sé oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais, agus míle trí chéad is caoga oiread chomh lonrúil. An chuid is mó de na réaltaí sa Chamchéachta tá siad ag gluaiseacht leo tríd an spás in éineacht, in aon treo agus ar aon luas le chéile – tugtar ”grúpa gluaisteach an Bhéir Mhóir” orthu – ach is eisceacht é Alkaid, nó ní ball den ghrúpa sin é.

Almach Gamma Andromedae atá ar an ilréalta arb í an tríú réad is gile i réaltbhuíon Andraiméide í. D’aithin na réalteolaithe faoi dheireadh an ochtú céad déag gur déréalta a bhí ann. Ceann den dá réalta sin áfach, is dóigh le lucht na ceirde inniu gur córas trí réalta ann féin é. Mar sin, is córas ceithre réalta í Almach, agus é suite faoi trí chéad is caoga solasbhliain dínn. Is iad na ceithre réaltaí sin ná:

  • γ Andromedae A. Fathachréalta í seo a áirítear ar an K-aicme: réalta fhlannbhuí í atá níos fuaire ná an Ghrian.
  • γ Andromedae Ba agus Bb. Dhá réalta phríomhsheichimh den B-aicme iad, agus iad ag dul timpeall a chéile uair in aghaidh dhá lá is ocht n-uaire.
  • γ Andromedae C. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í.

Alnair (focal Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”) a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:

  • Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s’againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d’fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.

Alnilam Epsilon Orionis atá ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá ann, is é sin, réalta the ghorm é. Tá sé suite faoi thuairim is dhá mhíle solasbhliain dínn, agus é tríocha oiread chomh trom leis an nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an lá is faide anonn.

Alnitak Zeta Orionis a thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sé suite faoi thuairim is ceithre chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta ann féin é.

Alpha Centauri a thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri. Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn, agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí ceangailte den bheirt eile ar aon dóigh.

Ba nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl al Qanturis nó ”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil Kentaurus an leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d’úsáidtí sa Domhan Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha Centauri A.

Tá Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s’againn. Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá réalta eile sa chóras.

Chomh gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá mbeadh Proxima ní ba lonrúla d’fhéadfá í a aithint mar réalta ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.

Mar is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri; fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain dínn.

Alphekka Alphecca Gemma An tSeoid Alpha Coronae Borealis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig ciliméadair déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian, agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.

Is gnách Alphecca Meridiana a thabhairt ar Alpha Coronae Australis, is é sin, an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.

Alpheratz Sirah Alpha Andromedae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Andraiméide. Tá sí suite in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus deirtear gurb iad Alpheratz agus trí réalta de chuid Pheigeasais (Markab, Scheat, agus Algenib) ”cearnóg mhór Pheigeasais”.

Tá Alpheratz suite faoi sheacht solasbhliana déag is ceithre scór dinn, agus is déréalta é. Tá an ceann is mó den dá chomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian agus trí oiread chomh leathan (de réir an trastomhais, nó an gha); sáraíonn sí an Ghrian faoi 240 oiread ar lonrachas. Is B-réalta í, is é sin, is réalta gheal ghorm í. Tá an leathbhádóir níos lú ná an phríomhréalta, is é sin, dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Réalta den aicme A é, is é sin, réalta bhánghorm atá ann, agus é beagáinín níos fuaire ná an phríomhréalta. Tá sé trí oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian.

Tá roinnt dúl ceimiceach neamhghnách le fáil sa phríomhréalta, mearcair, mangainéis, agus xeanón go háirithe, agus a lorg le haithint ar a speictream.

Alphonsus – Cráitéar mór ar an nGealach é Alphonsus, agus é suite taobh thoir de Mhuir na Scamall, in aice le cráitéir Ptolemaeus agus Alpitragus. Tá Alphonsus céad is fiche ciliméadar ar trastomhas, agus é ainmnithe as Alfonso a Deich, rí na Caistíle, a mhair ón mbliain 1221 go 1284. Bhí suim ag Alfonso sna réaltaí agus sna heolaíochtaí, agus is iad na leasainmneacha a baisteadh air ná Sabio, nó an Fear Críonna, agus Astrólogo, nó an tAstralaí.

Altair Alpha Aquilae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Iolair. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme is ea Altair agus í ar cheann de na réaltaí is gile ar an spéir, chomh cóngarach is atá sí dúinn – níl sí ach sé nó seacht solasbhliana déag uainn. Tá Altair ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is go gcuireann an rothlú seo as a riocht í – níl sí sféarúil (níl sí ar dhéanamh na liathróide) ach sórt leibhéalta sna poil.

Altasamat is ea an cineál gléasadh nó feistiú a chuireas ar do chumas an teileascóp a rothlú ar an ais cheartingearach agus ar an ais chothrománach araon. Tagraíonn tús an fhocail don airde (altitude), agus is ionann an t-asamat agus an treoshuíomh compáis. Cineál altasamat é an túirín gunna chomh maith.

An Altóir atá ar an réaltbhuíon idir an Scairp, an Riail, an Teileascóp agus Triantán an Deiscirt. Tá cuid mhaith réaltbhraislí le feiceáil san Altóir, agus tá Réaltnéal Roc an Gha Nimhe suite sa réaltbhuíon seo freisin. Níl an Altóir le feiceáil ach ó leathsféar theas an Domhain, agus mar sin, níl d’ainmneacha againn ar a cuid réaltaí ach Alpha Arae, Beta Arae, Gamma Arae agus araile.

Ara an t-ainm Laidine ar an Altóir. Tabhair faoi deara go dtagraíonn an t-ainm Gaeilge ”An tAra” do réaltbhuíon eile ar fad, an ceann ar a dtugtar Auriga as Laidin.

Amalthea (Amailtia an leagan Gaelaithe a bhí ag Matt Hussey sa leabhar úd Fréamh an Eolais) a thugtar ar shatailít bheag de chuid Iúpatair; Iúpatar a Cúig an t-ainm córasach. Ba é an Meiriceánach Edward Emerson Barnard a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1892 – an fear céanna a bhfuair Réalta Barnard a hainm uaidh. Tá sí ag timpeallú Iúpatair níos gaire ná gealacha aithnidiúla Galileo, agus í níos lú ná iad: tá déanamh neamhrialta uirthi, is é sin, níl sí ar déanamh liathróide. Shuigh an scríbhneoir ficsin eolaíochta Arthur C. Clarke a ghearrscéal Jupiter Five ar Amalthea, mar is léir ón teideal.

Amharcmhéid an téarma a thagraíos do mhéid na réalta mar a fheictear dúinn í, is é sin, de réir ghile a cuid solais.

Am Iarthar na hEorpa: an t-am a gcloítear leis in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa Ríocht Aontaithe. Is ionann é go bunúsach agus an tAm Uilíoch, is é sin, Meán-Am Greenwich, ach amháin go n-aistrítear na cloig uair amháin ar aghaidh le teacht an Earraigh (am coigilte sholas an lae, is é sin, an t-am samhraidh) agus ar ais le teacht an Fhómhair.

Am Lár na hEorpa: an t-am a gcloítear leis sa chuid is mó den Eoraip. Tá sé ag dul uair amháin chun tosaigh ar Am Iarthar na hEorpa.

Amóinia a thugtar ar hidríd shimplí dhénártha na nítrigine, NH3. Tá an amóinia ina gás le teocht an tseomra, nó is é an fiuchphointe atá aici ná -33°C. Chomh haraiciseach is atá sí chun imoibriúcháin is gás nimhe í a dhéanas dochar do chomhdhúile bithcheimiceacha an orgánaigh dhaonna, ach is furasta an dainséar a aithint ar dhrochbholadh an gháis. Oibríonn sí ar na scamhóga ar nós na ngás tachtach eile, is é sin tarraingíonn sí éidéime na scamhóg ar an othar – líontar na scamhóga le huisce a thachtas é.

an amóinia sothuaslagtha san uisce, agus í ag imoibriú mar bhun scothláidir leis na haigéid sa tuaslagán. Mar bhun de réir theoiric Brønsted agus Lowry, glacann an amóinia le hian hidrigine ón aigéad, ionas go gcruthaítear ian deimhneach amóiniam, NH4+. Ansin is féidir leis an ian seo dul i gcomhdhúil le hiain diúltacha – salainn amóiniam, mar a thugtar ar na comhdhúile seo. Samplaí de shalainn den chineál sin iad an chlóiríd amóiniam NH4Cl agus an charbónáit amóiniam (NH4)2CO3 (an salann fia-adhairce).

Maidir le hamóinia san ollchruinne, tá eolaithe áirithe barúlach go bhféadfadh an amóinia gnó an uisce a dhéanamh do bhithsféar ar phláinéad eile agus do chóras bithcheimiceach de chineál eile. Tá fadhbanna ag baint leis an hipitéis seo, áfach. Thar aon rud ba chóir don phláinéad sin bheith ní b’fhuaire ná an Domhan, ionas go bhfanfadh an amóinia ina leacht, agus ba chóir nach mbeadh ocsaigin le fáil in atmaisféar an phláinéid, toisc gur substaint sho-adhainte, sho-dhóite í an ghlanamóinia.

An tAm Uilíoch: is ionann é agus Meán-Am Greenwich, a bheag nó a mhór – is í an difríocht is mó idir an dá rud ná go bhfuil an tAm Uilíoch níos cruinne ná rothlú an Domhain féin, toisc go bhfuil sé bunaithe ar chloig adamhacha – le fírinne is gnách an tAm Uilíoch a cheartú le soicindí bisigh ó am go ham le féachaint chuige nach rachaidh an dá am sin ó chéile. Cloíonn an Íoslainn leis an Am Uilíoch ó thús go deireadh na bliana, is é sin, níl am samhraidh ar leith (is é sin, am coigilte sholas an lae) acu.

Anailís speictreach a thugtar ar na modhanna oibre a bhíos ag na réalteolaithe le hairíonna na réalta a aithint ar a speictream. Ó tá a cuid línte speictreacha ag gach dúil cheimiceach, is féidir a fheiceáil ar an speictream cé hiad na dúile atá ar fáil i réalta áirithe. Thairis sin, thig linn a aithint an bhfuil an réalta ag éalú uainn nó ag druidim linn. An réalta atá ag éalú uainn, is dealraitheach dúinn go bhfuil na línte speictreacha go léir aistrithe i dtreo na deirge (deargaistriú), agus an réalta atá ag druidim linn, feicimid go bhfuil na línte speictreacha aistrithe i dtreo na goirme (gormaistriú). Is í iarmhairt Doppler is cúis leis an dá aistriú seo.

Andraiméide is ainm don dá rud seo:

  • Réaltra Andraiméide, nó M31, nó NCG 224, atá ar an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, is é sin, i gcomharsanacht Bhealach na Bó Finne. Réaltra bíseach é. Tá sé suite dhá mhilliún go leith de sholasbhlianta ónár réaltra féin, agus é tuairim is dhá chéad míle solasbhliain ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Heber Curtis (1872-1942) a d’aithin roimh aon duine gur réaltra ar leith a bhí ann, seachas réaltnéal taobh istigh dár réaltra féin.
  • Réaltbhuíon Andraiméide – is é Andromeda an leagan Laidine a úsáidtear sa Bhéarla chomh maith. Tá an réaltnéal le feiceáil sa réaltbhuíon áirithe seo. Tá Andraiméide suite idir Peirseas, Caiseoipé, an Laghairt, Peigeasas, na hÉisc, agus an Triantán. Réaltaí aithnidiúla sa bhuíon seo iad Alpheratz agus Almach. Bíonn dreigechith na nAndraiméidídí (nó na mBílídí) le feiceáil sa réaltbhuíon i Mí na Samhna.

Angstram an leagan Gaeilge de shloinne an fhisiceora Shualannaigh Anders Jonas Ångström (1814-1874) – nó den aonad faid a fuair a ainm ón bhfear seo. Is ionann deich n-angstram agus aon nanaiméadar amháin. Ar an solas agus ar an speictream ba mhó a dhírigh Ångström ina chuid taighde, agus dá réir sin is gnách tonnfhaid na gcineálacha éagsúla radaíochta a thomhas in angstraim. Ba é Ångström a mhapáil roimh aon duine eile na tonnfhaid a fhreagraíos do dhathanna éagsúla an tsolais infheicthe.

Anóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach deimhneach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu – ainiain a thugtar orthu siúd.

Antamón a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 51, agus is é Sb an tsiombail cheimiceach (tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm an antamóin, stibiam). Miotalóideach é an t-antamón, agus allatróip éagsúla aige: is é an t-allatróp miotalach an ceann is cobhsaí acu. Tá an t-antamón 121.76 ar mheáchan adamhach, rud a thugas le tuiscint gurb é antamón a 122 an t-iseatóp is coitianta, ach ní mar sin atá: le fírinne is iad antamón a 121 agus antamón a 123 an dá iseatóp cobhsaí, agus is iseatóp radaighníomhach é antamón a 122 a dtagann béite-mheath air.

Is iad +III (na comhdhúile antamónúla) agus +V (na comhdhúile antamónacha) na staideanna ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an antamón ina chuid comhdhúl. Is é an tsuilfíd antamónúil, Sb2S3, nó an stibnít, an mhian is tábhachtaí. Cól (nó kohl) a thugtar ar an tsuilfíd chéanna nuair a úsáidtear mar smideadh í.

Úsáidtear seisce-ocsaíd an antamóin (trí-ocsaíd dé-antamóin, trí-ocsaíd antamóin, ocsaíd antamónúil Sb2O3) mar lasairdhíonadh. Maidir leis an dúil féin, úsáidtear i gcóimhiotalú í – is é sin measctar trí mhiotail éagsúla é le hiad a dhéanamh níos crua nó níos láidire.

Antares Alpha Scorpii atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Scairpe. Ollfhathach dearg atá ann agus é breis is leathchéad míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s’againn. Dá gcuirfí Antares in áit na Gréine, bheadh fithis Mharsa féin fágtha taobh istigh den réalta. Tá leathbhádóir beag aige, mar atá, Antares B. Tá Antares suite cúig chéad go leith de sholasbhlianta uainn.

Tá Antares le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag siombalú stát Piauí in oirthuaisceart na tíre.

An tAoire Boötes atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Coróin an Tuaiscirt, Earcail, an Dragan, an Béar Mór, na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Mhaighdean, agus Ceann na Péiste. Arcturus atá ar an réalta is gile sa réaltbhuíon áirithe seo.

Aois na cruinne, aois na hollchruinne: is ionann aois na cruinne agus an t-am a d’imigh ón Ollphléasc. Creidtear faoi láthair go bhfuil an ollchruinne tuairim is 13.8 billiún bliain d’aois.

I dtús na fichiú haoise bhí cuid mhór de na fisiceoirí barúlach gur rud éigríochta neamhathraitheach a bhí san ollchruinne. Ba í an teirmidinimic a thug an chéad leid nárbh amhlaidh i ndiaidh an iomláin. Is é dara prionsabal na teirmidinimice ná gur dual d’eantrópacht na cruinne dul i méadaíocht i ngach próiseas nádúrtha, is é sin, dá mbeadh an chruinne ann riamh, gan tús gan deireadh, bheadh sí tar éis uasmhéid na heantrópachta a shroicheadh cheana féin – bheadh an fuinneamh go léir scaipthe go cothrom ar fud na cruinne, agus gach cearn den chruinne ar aon teocht le chéile. Mar sin, tuigeadh go bhfuil aois theoranta ag an gcruinne, agus go bhfuil an chruinne ag athrú – go bhfuil a stair féin aici.

Aomadh aomachán a thugtar ar fhórsa atá ag tarraingt cáithníní, reanna neimhe nó réadanna eile – imtharraingt, aomadh maighnéadach nó pé cineál eile. (Focal é ”aomadh” ar tháinig an Duinníneach air i nGaeilge Oirthear Uladh, agus mar sin, níl leithscéal ná siocair ag bunadh an Tuaiscirt gan úsáid a bhaint as.) Is féidir a rá go n-aomann an Domhan sinn go léir, toisc go bhfuil imtharraingt (domhantarraingt) ag an Domhan. Cosúil leis sin, aomann an lucht leictreach deimhneach agus an lucht leictreach diúltach a chéile. Aomann pol thuaidh agus pol theas an mhaighnéid a chéile freisin.

Aonad réalteolaíoch a thugtar ar mheánfhad an Domhain ón nGrian. Inniu, tá luach an aonaid réalteolaíoch socraithe go hoifigiúil ar 149,597,870.7 ciliméadar (céad agus naoi milliún déag is ceithre scór, cúig chéad agus seacht míle déag is ceithre scór, ocht gcéad agus deich gciliméadar is trí scór, agus seacht gcéad méadar) – is é sin, cé go mbítear ag mioncheartú an mheánfhaid de réir na mbreathnuithe is úire, ní athraítear sainmhíniú an aonaid réalteolaíoch dá réir a thuilleadh.

An tAonbheannach Monoceros atá ar an réaltbhuíon idir an Cúpla, an Madra Beag, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, an Madra Mór, an Giorria, agus an Bodach. Ritheann an meánchiorcal neamhaí tríd an Aonbheannach. Níl an tAonbheannach ró-chuidsúlach ó thaobh na réaltaí de, ach tá roinnt réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil sa réaltbhuíon seo, ar nós Réaltnéal an Róiséid, Réaltbhraisle Chrann na Nollag, Réaltnéal na Coirceoige, agus Réaltnéal Athraitheach Hubble.

An tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta a thugaimid ar eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe proifisiúnta. Bunaíodh sa bhliain 1919 é, agus i bPáras atá ceanncheathrú an Aontais. Is é an tAontas, nó foireann ar leith taobh istigh den Aontas, a shocraíos na hainmneacha réalteolaíocha a bhaistear ar reanna neimhe agus ar réadanna spéire, nó a bhronnas stádas oifigiúil ar leagan áirithe de sheanainm.

Apafócas: malairt ainm ar an gcianphointe (apalár).

Apaigí an téarma a thagraíos do chianphointe na satailíte (na Gealaí, cuir i gcás) ar a fithis timpeall an Domhain.

Apaihéilean (nó aiféilean) a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an chóiméid nó an astaróidigh ar a fhithis timpeall na Gréine.

Apairéaltracan is ea cianphointe na Gréine ar a fithis timpeall lárphointe Bhealach na Bó Finne.

Apalár a thugtar ar chianphointe na rinne neimhe ar a fithis – is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach (ón rinn neimhe eile a bhfuil sí ag dul ina timpeall). Samplaí den apalár iad an t-apaigí, an t-apaihéilean, an t-apastrón agus an t-apairéaltracan.

Apalló an t-ainm Gaeilge ar astaróideach uimhir a 1862. Tá grúpa iomlán d’astaróidigh ainmnithe as Apalló: trasnaíonn siad fithis an Domhain ar a gcamchuairt timpeall na Gréine, agus dainséar i gcuid mhaith acu (Apalló féin san áireamh) don Domhan, mar is eagal leis na réalteolaithe.

Apastrón a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an astaróidigh nó an chóiméid ar a fhithis timpeall na réalta.

An tAra Auriga atá ar an réaltbhuíon idir an Lincse, an Cúpla agus Peirséas. Is í Capella an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, agus í ar na réaltaí is lonrúla amuigh. Le fírinne is córas ceithre réalta í, agus an dá cheann is gile acu is fathachréaltaí buí iad. Déréalta uraitheach í an dara réalta is gile san Ara, mar atá, Menkalinan; réalta athraitheach ar déanamh Algol í. Díol suime í Almaaz (Epsilon Aurigae) freisin mar ilréalta athraitheach. Tá roinnt réaltbhraislí oscailte san Ara fosta agus iad ina n-ábhar spéise ag na réalteolaithe amaitéaracha.

Tabhair faoi deara fosta gurb é Ara ainm Laidine na hAltóra freisin. Ainmneacha Laidine cosúil le Alpha Arae, Beta Arae agus araile, níl siad ag tagairt do réaltaí an Ara, ach don Altóir. Auriga an t-ainm Laidine ar an Ara.

ArcturusAlpha Boötis atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Aoire. Fathachréalta fhlannbhuí den aicme speictreach K é, agus é ar aon mhais leis an nGrian s’againn, cé go bhfuil sé i bhfad níos mó ná í – cúig oiread is fiche ar trastomhas – agus i bhfad bhfad níos lonrúla, is é sin, céad is seachtó oiread. Mar sin, cé gur fathachréalta é anois, is dócha go raibh sé ina réalta phríomhsheichimh tráth den tsaol. Tá Arcturus ar réaltaí geala na spéire, agus ba é an chéad réalta riamh ar a ndearnadh breathnuithe teileascóip de lá.

Argóint an pheirihéilin a thugtar ar an uillinn idir an nód éiritheach agus an peirihéilean.

Argón a thugtar ar dhúil uimhir a hocht déag, agus is é Ar an tsiombail cheimiceach. Is triathghás é, is é sin, tá ochtréad iomlán ar an leictreonsceall is faide amuigh aige – ocht leictreon ar fad. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p6. Struchtúr an-chobhsaí é an t-ochtréad nach gceadaíonn don argón dul i gcomhdhúile le dúile ceimiceacha eile ach ar éigean. Le comhdhúile argóin a chruthú tá imthoscaí neamhghnácha agus ocsaídeoirí láidire (fluairín ach go háirithe) ag teastáil, agus ní bhíonn na comhdhúile argóin fadsaolach ná úsáideach – sórt éachtóireachta é ag na ceimiceoirí argón a nascadh de dhúile eile. Scéal eile é go bhfuil na réalteolaithe tar éis sonrú a chur i gcomhdhúile argóin sa spáis: d’aithin siad iain argóiniam ArH+ ar speictream an ábhair idir-réaltaigh thart ar Réaltnéal an Phortáin.

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 36Ar, 38Ar, agus 40Ar. Is é 40Ar an ceann is coitianta, mar is léir ó mheáchan adamhach an argóin, 39.948. Is é is cúis leis seo go bhfuil iseatóp radaighníomhach ag an bpotaisiam, 40K, atá cuíosach flúirseach sa dúlra, agus nuair a thiocfas béite-mheath ar adamh den chineál seo, is é an t-argón úd 40Ar a gheofar mar thoradh.

Is é an t-argón an triathghás is flúirsí in atmaisféar an Domhain, agus dá réir sin ba é an chéad triathghás a d’aithin na heolaithe. Ba iad John William Strutt (Tiarna Rayleigh) agus William Ramsay a d’aonraigh an chéad eiseamal argóin sa bhliain 1894, éacht a thabhaigh Duais Nobel dóibh. Nuair a bhítear ag dealú nítrigine ón aer go crióigineach (is é sin, nuair a bhítear ag reo an aeir leis na gáis éagsúla a aonrú de réir a bhfiuchphointe), faightear argón mar sheachthoradh nádúrtha. Mar sin bíonn argón ar fáil réasúnta saor (i bhfarradh is na triathgháis eile ar a laghad, nó níl siad leath chomh flúirseach céanna san atmaisféar), agus leas á bhaint as nuair a bhíos gás támh ag teastáil. Astaíonn an t-argón solas corcra nuair a leictrítear é, agus mar sin is féidir é a úsáid i soilse daite cosúil leis an neon.

Ariel atá ar an gceathrú satailít is mó atá ag Úránas. Ba é an réalteolaí Sasanach William Lassell a chuir an chéad sonrú in Ariel thiar sa naoú haois déag. Satailít sféarúil é – is é sin tá sé ar dhéanamh liathróide, a bheag nó a mhór – agus is é an tsatailít is lú den chineál seo sa Ghrianchóras. Tá fithis Ariel suite beagnach in aon leibhéal le meánchiorcal Úránais. Creidtear go bhfuil Ariel comhdhéanta as oighear agus as cloch araon: is dócha go bhfuil croí cloiche ann agus maintlín oighir ina thimpeall. Níl ach cuid de dhromchla Ariel léarscáilithe, ach is féidir a rá go bhfuil sé breac ar fad le cainneoin agus le cráitéir.

Aristarchus atá ar an gcráitéar is mó ailbéideacht ar an taobh den Ghealach atá iompaithe linn. Chomh geal is atá sé i gcomparáid leis an timpeallacht is féidir é a aithint le súile do chinn féin faoi imthoscaí fabhracha. Tá sé suite in Ardchlár Aristarchus, in Aigéan na Stoirmeacha, agus é daichead ciliméadar ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Riccioli a d’ainmnigh sa bhliain 1651 é as an réalteolaí Aristarchus ó Samos a mhair sna blianta 310-230 roimh Chríost. Ceannródaí héilealárnachais a bhí ann mar Aristarchus – is é sin bhí sé ar na heolaithe is moiche a thuig gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais.

Arsanaic a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 33. As an tsiombail cheimiceach sna foirmlí. Tá sí in aon ghrúpa leis an nítrigin agus leis an bhfosfar i dtábla peiriadach na ndúl, agus cúig leictreon ar an sceall is faide amuigh aici. Miotalóideach í an arsanaic, is é sin tá sí idir eatarthu idir na miotail agus na dúile neamh-mhiotalacha ar a lán dóigheanna. Tá allatróip éagsúla ag an arsanaic, cosúil leis an bhfosfar – is é sin, an arsanaic liath mhiotalach, an arsanaic bhuí, agus an arsanaic dhubh. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aici, agus is é an t-aon iseatóp arsanaice atá le fáil sa dúlra.

Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +5, mar is léir ón dá ocsaíd, mar atá, an trí-ocsaíd dé-arsanaice As2O3 (”an arsanaic bhán”) agus an peantocsaid dé-arsanaice As2O5. Comhdhúile nádúrtha arsanaice iad an tríshuilfíd dé-arsanaice As2S3 (an óirpimint) agus an teitreashuilfíd teatrarsanaice As4S4 (an rialgar). Tá dath dearg sa rialgar, agus dath órbhuí san óirpimint, agus mar sin d’úsáidtí sa dathadóireacht iad ar feadh i bhfad, go dtí gur chuir ábhair dhatha eile – cinn nach bhfuil arsanaic iontu – an ruaig orthu.

Nimh í an arsanaic, an dúil féin chomh maith leis na comhdhúile. Go bunúsach, is é is cúis le nimhiúlacht na harsanaice ná go bhfuil sí chomh cosúil leis an bhfosfar is gur féidir léi dul in áit an fhosfair i mbeothach an duine, ach san am chéanna chomh difriúil is nach féidir léi gnó an fhosfair a dhéanamh sna próisis bhithcheimeacha. Thar aon rud eile cuireann sí táirgíocht na trífhosfáite adanaisín ó mhaith. Is éard atá i gceist leis an trífhosfáit adanaisín ná comhdhúil a iompraíos fuinneamh sa cholainn – cineál ”airgeadra fuinnimh” sna teagmhálacha idir na cealla – agus mar is léir ón ainm tá trí adamh fosfair de dhíth le móilín trífhosfáite adanaisín a chur i dtoll le chéile.

Sna scéalta bleachtaireachta is minic a mharaítear daoine le harsanaic, ach déanta na fírinne ní bheadh sé praiticiúil ag aon dúnmharfóir arsanaic a úsáid ar na saolta seo, ós dúil cheimiceach ar leith í agus í so-aitheanta ag na saineolaithe.

Fadhb thromchúiseach é an truailliú arsanaice sa screamhuisce. Truailliú nádúrtha ón úir é go coitianta, is é sin, ní hí tionsclaíocht an duine is cúis leis. Tá an truailliú seo as pabhar dona in Iarthar na Stát Aontaithe, sa Bhanglaidéis, san Airgintín agus sa Mhongóil, mar shampla.

Asamat an uillinn a thugas treoshuíomh na réalta ar an gcompás. Céim stua (céim uillinne) an t-aonad a úsáidtear leis an asamat a thomhas, agus is é an tuaisceart an nialas.

Astaireacht réaltlach a thugtar ar ghrúpa suntasach réaltaí a gcoinnítear cuimhne ar leith air cé nach réaltbhuíon é. Astaireachtaí aithnidiúla iad an Camchéachta (Merak, Dubhe, Phecda/Phad, Megrez, Alioth, Mizar-Alcor, agus Alkaid), Triantán an tSamhraidh (Altair, Deneb, agus Vega), Triantán an Gheimhridh (Betelgeuse, Sirius, agus Procyon), an Muileata Mór (Croí Shéarlais, Spica, Denebola, agus Arcturus), Heicseagán an Gheimhridh (Pollux, Procyon, Capella, Aldebaran, Sirius, agus Rigel), agus Slat an BhodaighCrios Oiríon (Alnitak, Mintaka, agus Alnilam).

Is féidir a rá gur astaireacht agus réaltbhuíon araon í Cros an Deiscirt, nó fuair an réaltbhuíon a hainm ó astaireacht na gceithre réaltaí is gile inti.

Astaitín a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 85. Mar is léir ó ainm na dúile, a chiallaíos ”éagobhsaí”, is dúil an-radaighníomhach é a dtagann meath uirthi chomh sciobtha is nach féidir mórán a fháil amach faoina hairíonna ceimiceacha – tá an t-astaitín suite faoin iaidín i dtábla peiriadach na ndúl, rud a thugas le fios gur dócha go bhfuil sé cosúil leis an iaidín. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an astaitín ná 210At, atá tuairim is ocht n-uaire ar leathré. Is idirchéim nádúrtha é an t-astaitín i meathshlabhra radaighníomhach an úráiniam, ach is dócha nach bhfuil ach cúpla dosaen gram de ar fáil i screamh an Domhain ar fad – an-chorr-adamh anseo agus ansiúd go bunúsach.

Astaróidigh (uatha: astaróideach) a thugtar ar reanna neimhe atá ag fithisiú na Gréine, agus iad níos lú ná na pláinéid. Ní astaróidigh iad na cóiméid, áfach. Sa chiall is cúinge, is astaróidigh iad na cinn atá suite idir Mars agus Iúpatar, san áit a bhfuil crios na n-astaróideach, ach tá grúpaí eile astaróideach ann, cosúil leis na Traígh agus na Gréagaigh (na hastaróidigh a leanas Iúpatar nó a ghabhas roimhe), nó na hastaróidigh neas-Domhain (na cinn a thagas i gcóngar dár bpláinéad féin).

Athshondas a thugtar (i gcoimhthéacs na réalteolaíochta) ar an tionchar tráthrialta a imríos reanna neimhe ar a chéile lena n-imtharraingt, go háirithe más é is toradh don idirghníomhú seo ná go bhfuil a dtréimhsí imrothluithe i gcoibhneas simplí a chéile. Sampla den athshondas é go gcríochnaíonn Neiptiún trí imrothlú timpeall na Gréine san am chéanna a thógas sé ar Phlútón dhá imrothlú a chur de.

Taobh amuigh den réalteolaíocht, tugann lucht na fisice athshondas ar an dóigh a bhfuil dhá thonnchrith ag dul i bhfeidhm ar a chéile, agus tonnchrith nua á chruthú mar chomhthoradh.

Aurora borealis agus aurora australis a thugtar ar na gealáin a fheictear timpeall an dá phol agus an ghrianghaoth ag bualadh faoi mhaighnéadsféar an Domhain. Is cuid súl iad na gealáin seo go minic, agus iad ag cur na ndathanna díobh. Seasann aurora borealis do na gealáin a bhíos le feiceáil timpeall an phoil thuaidh – an chaor aduaidh – agus is ionann aurora australis agus an chaor aneas. Bíonn gealáin chosúla le feiceáil ar na pláinéid eile freisin. Saighneáin a thugtar ar na gealáin freisin.

Bairiam a thugtar ar dhúil cheimiceach a 56. Ba an tsiombail cheimiceach. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é an bairiam, cosúil leis an maignéisiam, an cailciam, agus an strointiam: tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh aige, agus ochtréad ar an dara ceann, agus mar sin is dual dó an dá leictreon sin a thabhairt ar iasacht uaidh, ionas go gcruthófar ian bairiam Ba2+. Is í an t-aon staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an mbairiam ina chuid comhdhúl ná +2. Miotal airgeadgheal é an bairiam, ach nuair a oibreos an t-aer air, ní bheidh an loinnir sin i bhfad ag imeacht: chomh haraiciseach is atá an bairiam chun imoibriúcháin, is dual dó dul i gcomhdhúil le hocsaigin an aeir agus brat liath ocsaíde a tharraingt. Is féidir an bairiam a aithint ar an dath uaine a chuireas sé leis an tine, agus úsáidtear comhdhúile bairiam sna roicéid tine ealaíne ar an gcúis seo. Nimh é an bairiam, nó oibríonn na hiain bhairiam ar na néaróga.

An Balla Díreach a thugtar ar an ngág nó an scairp is suntasaí ar an nGealach. Rupes Recta an t-ainm Laidine. Tá an Balla Díreach suite in aice le Muir na Scamall, agus é tuairim is céad ciliméadar ar fad.

An Balla Mór – Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:

  • Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.
  • Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfondúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar an ngnólacht úd General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú. Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.

Bá na mBoghanna Báistí Sinus Iridum a thugtar ar an ”mbá” in iarthuaisceart Mhuir na Báistí ar an nGealach.

Bandaí cianaigine: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil cianaigin ar fáil sa réalta. Comhdhúil charbóin agus nítrigine í an chianaigin, C2N2. Is iad an dá thonnfhad úd 389 agus 422 nanaiméadar na bandaí cianaigine is tábhachtaí. Tugtar CN-réaltaí ar na réaltaí le bandaí cianaigine.

Bandaí ocsaíde tíotáiniam: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil (aon)ocsaíd tíotáiniam, TiO, ar fáil sa réalta. I speictream na bhfathachréaltaí ”fuara” (K-aicme agus M-aicme) is tipiciúla a fheictear na bandaí ocsaíde tíotáiniam.

Bandaspeictream a thugtar ar speictream ina bhfeictear grúpaí tiubha (bandaí) de línte speictreacha.

Banda stoidiacach an banda solais ar an spéir a cheanglaíos an solas stoidiacach den fhrithloinnir. Ní bhíonn an banda stoidiacach le feiceáil ach faoi imthoscaí eisceachtúla, nuair a bhíos oíche an-dorcha agus spéir gheal ann.

An Bhanlámh – ceann de na hainmneacha atá ag na Gaeil ar Chrios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, is é sin an trí réalta úd Alnitak, Alnilam, agus Mintaka i réaltbhuíon an Bhodaigh.

Baralár a thugtar ar mheáchanlár nó lárphointe maise an chórais imtharraingthe (tagraíonn an réimír sin bara- don fhocal Gréigise a chiallaíos ”trom”). Nuair a deir muid go bhfuil satailít áirithe ag fithisiú pláinéad áirithe, mar shampla, is ráiteas cineál míchruinn é – b’fhearr a rá go bhfuil an pláinéad agus an tsatailít araon ag dul timpeall ar bharalár an chórais imtharraingthe arbh é an pláinéad an rinn is mó ann. Mar shampla, tá an Domhan agus an Ghealach ag fithisiú a gcomh-bharaláir, ach ar ndóigh tá an pointe sin suite taobh istigh den Domhan cé nach ionann é agus lárphointe an Domhain. Scéal eile é scéal Phlútóin agus a chuid satailítí, nó tá baralár an chórais sin suite taobh amuigh de Phlútón.

Barón an téarma a thagraíos do bhuncháithníní troma, go háirithe don phrótón agus don neodrón. Glactar leis go bhfuil gach barón comhdhéanta as trí chuarc éagsúla.

Bealach na Bó Finne an Láir Bhán Claí Mór na Réaltaí a thugtar ar an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin – sa chiall chúng is é Bealach na Bó Finne an crioslach bán a ritheas trasna na spéire áit a bhfuil na réaltaí chomh tiubh le chéile is nach dtig le súil an duine iad a aithint thar a chéile. Is ionann an crioslach sin go bunúsach agus diosca an réaltra mar a fheictear dúinn inár dtimpeall é, ó tá muid féin suite sa diosca sin. Is é Bealach na Bó Finne an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, nó is é réaltra Andraiméide an ceann is mó.

Réaltra bíseach barrach é Bealach na Bó Finne. Is iad géaga ár réaltra – nó na cinn is tábhachtaí acu – ná Géag Pheirséis, Géag Chóngarach an Trí Chileaparsoic, Géag Chianmhar an Trí Chileaparsoic, Géag na Rialach, an Ghéag Lasmuigh, an Nua-Ghéag Lasmuigh, Géag na Scéithe is an Cheinteáir, Géag na Cíle is an tSaighdeora, agus Géag an Bhodaigh is na hEala. Is féidir gur codanna d’aon ghéag amháin iad Géag Pheirséis agus an dá Ghéag Trí Chileaparsoic; ar an dóigh chéanna, is dócha nach bhfuil sa dá Ghéag Lasmuigh ach fairsingiú ar Ghéag na Rialach. Is í Géag an Bhodaigh is na hEala ár ngéag dhúchais féin.

An Béar Beag Ursa Minor a thugtar ar an réaltbhuíon arb í an Réalta Pholach an réalta is gile inti. Níl sí róchosúil le haon bhéar, ach tá sí cosúil leis an gCamchéachta, ós rud é go bhfuil ”bosca” ceithre réalta ann chomh maith le ”cos” trí réalta. Tá an Réalta Pholach, nó Alpha Ursae Minoris, suite i ndeireadh na ”coise”. Tá an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, Kochab nó Beta Ursae Minoris, ar cheann de réaltaí an ”bhosca”. Déréalta is ea an Réalta Pholach, agus is ollfhathachréalta bhuí í an phríomhréalta. Fathach é Kochab chomh maith, agus é ag dul in aois cheana: K-réalta atá ann, is é sin, réalta atá níos fuaire agus níos deirge ná an Ghrian s’againn.

An Béar Mór Ursa Major a thugtar ar an réaltbhuíon a bhfuil an Camchéachta (an tSeisreach) suite taobh istigh di. Is iad na réaltbhuíonta timpeall an Bhéir Mhóir ná na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Leon, an Leon Beag, an Portán, an Lincse, an Sioráf, an Dragan, agus an tAoire. Is iad réaltaí an Chamchéachta na cinn is gile agus is feiceálaí sa Bhéar Mhór: Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris), Mizar (Zeta Ursae Majoris), Alioth (Epsilon Ursae Majoris), Megrez (Kaffa, Delta Ursae Majoris), Phekda (Phecda, Phad, Gamma Ursae Majoris), Merak (Beta Ursae Majoris), agus Dubhe (Ak, Alpha Ursae Majoris). Tá roinnt réaltraí le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Bearna Cassini a thugtar ar an mbearna idir A-fháinne agus B-fháinne Shatarn. Fuair sí a hainm ón réalteolaí Francach-Iodálach Giovanni Domenico (nó Jean Dominique) Cassini, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1675.

Bearna Encke – is bearna í taobh istigh d’A-fháinne Shatarn. Fuair an bhearna seo a hainm ón réalteolaí Gearmánach Johann Encke. Tá Pan, ceann de ghealaí beaga Shatarn, ag fithisiú an phláinéid sa bhearna seo.

Bearna Hertzsprung – is éard atá i gceist léi ná réigiún i léaráid Hertzsprung-Russell nach bhfuil ach dornán beag réaltaí le fáil ann. Tá an bhearna seo suite os cionn an phríomhsheichimh, ón A-aicme go dtí an F-aicme. Fuair an bhearna a hainm ón réalteolaí Danmhargach Ejnar Hertzsprung, duine acu siúd a bhfuil an léaráid féin ainmnithe astu. Ní fhanann ach beagán réaltaí sa bhearna seo ar feadh i bhfad, agus is dual do na cinn eile í a fhágáil ina ndiaidh i rith a bhforbartha. Faoi láthair, tá Capella Aa – an comhbhall is mó d’ilréalta Capella – suite i mbearna Hertzsprung.

Bearnaí Kirkwood – Sa bhliain 1866 d’aithin an réalteolaí Meiriceánach Daniel Kirkwood bearnaí áirithe i scaipeachán na n-astaróideach sa Ghrianchóras. Go bunúsach ní cheadaítear do na hastaróidigh bheith in athshondas le hIúpatar, is é sin cúrsa amháin timpeall na Gréine a thabhairt in am a bheadh i gcoibhneas simplí an ama a thógas sé ar Iúpatar imrothlú amháin a chur de, agus is iad bearnaí Kirkwood is toradh don chosc seo.

Bellatrix Gamma Orionis a thugtar ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta í, is é sin réalta the bhánghorm, agus í suite dhá chéad go leith de sholasbhlianta uainn. Tá sí ocht n-oiread chomh téagartha (ó thaobh na maise de) leis an nGrian, agus naoi míle is dhá chéad oiread níos lonrúla. Bhaintí úsáid aisti mar thomhas caighdeánach ar ghile agus ar speictream na réaltaí eile tráth, ach d’éirigh lucht na ceirde as sin le fada, ós rud é gur réalta réasúnta athraitheach í.

BetelgeuseAlpha Orionis an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh (is ea, an dara ceann is gile acu, cé gurb é Alpha Orionis ainm na réalta de réir ainmníocht Bayer). Tá Betelgeuse ar réaltaí móra na spéire: ollfhathach dearg den M-aicme atá ann, agus é suite faoi shé chéad go leith de sholasbhlianta dínn, ach bíonn na réalteolaithe an-easaontach faoi chomh fada ar shiúl is atá an réalta seo dáiríre, agus na meastacháin an-difriúil le chéile. Tá sé timpeall ar dhá oiread déag chomh trom leis an nGrian, agus céad míle oiread níos lonrúla – is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go bhfuil sé athraitheach go leor ó thaobh an lonrachais de. Táthar ag déanamh go bhfuil sé i ndán do Bhetelgeuse pléasc ollnóva a dhéanamh sa deireadh.

Na Bílidí – malairt ainm ar an dreigechith ar a dtugtar na hAndraiméididí. Is éard atá i gceist leis an dreigechith seo ná iarsmaí an chóiméid úd Biela, ar stróic imtharraingt Iúpatair as a chéile é thiar sa bhliain 1842. Fuair an cóiméad a ainm ón réalteolaí Gearmánach Wilhelm von Biela a d’aithin gur cóiméad tréimhseach a bhí ann. Cuid súl a bhí sna Bílídí faoi dheireadh na naoú haoise déag, ach is ar éigean a d’aithneofá inniu iad gan dul i dtuilleamaí teileascóip nó gléasra cianradhairc eile.

Biosmat a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is ceithre scór sa Tábla Peiriadach. Bi an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Miotal geal sobhriste é an biosmat ach is dual dó éirí pinc nuair a oibríos ocsaigin an aeir air. Níl ach aon iseatóp amháin ar fáil i mbiosmat nádúrtha, mar atá, biosmat a 209. Iseatóp radaighníomhach é an ceann sin féin, nó tagann alfa-mheath air, ach tá leathré an iseatóip sin chomh fada (níos faide ná aois mheasúnaithe na hollchruinne) is nach bhfuil cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Le fírinne níl an biosmat leath chomh dainséarach ná díobhálach leis na trom-mhiotail eile, an luaidhe ach go háirithe.

Tá biosmat ar fáil mar mhiotal sa dúlra, ach is iad an bhiosmaitinít agus an bhismít na mianta is tábhachtaí. Suilfíd bhiosmait (Bi2S3) í an bhiosmaitinít, agus ocsaíd (Bi2O3) í an bhismít.

Baintear úsáid as biosmat agus as comhdhúile biosmait sa tionsclaíocht, ach ní féidir a rá go mbeadh an-ráchairt air. Dealraíonn sé áfach go bhfuil biosmat le dul in áit na luaidhe ina lán feidhmeanna, ó táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe scun scan chomh nimhiúil is atá sí.

Bís a thugtar ar réaltraí agus réaltnéalta ar déanamh bíse. Réaltra bíseach é Bealach na Bó Finne féin, ach mar a fuair na réalteolaithe amach le déanaí is bís bharrach é dháiríre. Réaltraí bíseacha eile iad Réaltra Andraiméide agus Réaltra an Triantáin.

Bís bharrach a thugtar ar réaltra a bhfuil barra thart ar a lárphointe, agus géaga bíseacha an réaltra ag teacht as an mbarra.

Bladhm a thugtar ar bhrúchtadh tobann a aithnítear mar laom láidir gile in aice le dromchla na réalta. Tugtar bladhmréaltaí ar réaltaí ar féidir bladhmanna tobanna a aithint orthu gan choinne. Abhaic dhearga iad an chuid is mó de na bladhmréaltaí.

Bíonn bladhmanna le haithint ar an nGrian s’againn freisin, ó am go ham – grianbhladhmanna mar a thugtar orthu. Bíonn siad an-éagsúil ó thaobh an fhuinnimh de, agus is minic a scaoiltear saor damhna as coróin na Gréine de thoradh na bladhma (rud ar a dtugtar mais-eisteilgean corónach).

Bliain a thugtar ar imrothlú an Domhain timpeall na Gréine. Is féidir an coincheap a thuiscint is a shainmhíniú ar go leor bealaí éagsúla, áfach.

Nuair a bhímid ag trácht ar an mbliain sa ghnáthchaint, is í an bhliain ghréine, nó an bhliain thrópaiceach, a bhíos i gceist againn. Is ionann sin agus timthriall na Gréine ar an éiclipteach, mar a fheictear dúinn. Tá cineálacha eile bliana ann, áfach.

Is í an réaltbhliain an tomhas is fearr ar imrothlú an Domhain. Ar ghluaiseacht bhliantúil na réaltaí a aithnítear í (is ionann anseo ”na réaltaí” agus an sféar neamhaí, is é sin cúlra dobhogtha na réaltaí cianmhara a bhfuil a ndualghluaisne chomh beag is gur féidir neamhshuim a dhéanamh di). Tá an réaltbhliain tuairim is fiche nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach. Is é an feiniméan ar a dtugtar luainíocht na haise is cúis leis an difríocht seo.

Bliain aimhrialta a thugtar ar an am a chaitheas an Domhan ag dul ó pheirihéilean go peirihéilean (is é an peirihéilean garphointe an Domhain don Ghrian, is é sin an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an Domhain).

Bliain Iúlach a thugtar ar mheánfhad na bliana de réir fhéilire Iúil. San fhéilire sin tá an ghnáthbhliain 365 lá ar fad, agus an bhliain bhisigh lá amháin níos faide, agus bliain amháin as gach ceithre cinn is bliain bhisigh í. Mar sin, is é an meánfhad 365.25 lá, go beacht, de réir an fhéilire seo. Úsáidtear an bhliain Iúlach seo sa réalteolaíocht i gcónaí. Mar shampla is í is bunús leis an tsolasbhliain – an fad a chuireas an solas de in aghaidh na bliana Iúlaí. Seanghnás is mó is cúis leis seo.

Is í an bhliain Ghréagórach meánfhad na bliana de réir fhéilire Ghréagóra, arb é an féilire a úsáidimid i láthair na huaire. Blianta bisigh iad 97 mbliana as gach 400 ceann san fhéilire sin, agus mar sin is ionann an bhliain Ghréagórach agus 365.2425 lá.

Is ionann aon bhliain ghealaí amháin agus dhá mhí déag den chineál shionadach – is é sin míonna de réir chéimeanna na Gealaí. Tá an bhliain ghealaí tuairim is aon lá déag níos giorra ná an bhliain Ghréagórach. Tá an féilire Ioslamach agus an féilire Giúdach bunaithe ar an mbliain ghealaí.

Bliain bhisigh a thugtar ar bhliain féilire atá 366 lá ar fad. I bhféilire Iúil, is bliain bhisigh í gach bliain atá inroinnte ar a ceathair. I bhféilire Ghréagóra, má tá an bhliain inroinnte ar chéad, ní bliain bhisigh í mura bhfuil sí inroinnte ar cheithre chéad freisin. Mar sin, ní blianta bisigh iad na blianta úd 1900 ná 2100, ach is bliain bhisigh í an bhliain úd 2000, de réir fhéilire Ghréagóra.

An Bodach an t-ainm Gaeilge ar Oiríon nó Orion, ar ceann de na réaltbhuíonta is aithnidiúla amuigh é. Tá an Bodach le feiceáil go soiléir ó Éirinn, agus is cinnte go n-aithníonn gach duine de mhuintir an oileáin é, iad siúd san áireamh nach bhfuil a fhios acu a ainm. Le fírinne tá an Bodach suite in aice le meánchiorcal an sféir neamhaí, rud a chiallaíos go bhfuil aithne ag an gcuid is mó de mhuintir ár bpláinéid air, agus chomh feiceálach is atá sé, bíonn páirt éigin aige i miotaseolaíochtaí ar fud an uile Dhomhain. Tá an Bodach dingthe idir an Madra Mór, an Abhainn, an tAonbheannach, an Cúpla, an tAra, an Tarbh agus an Giorria, agus is iomaí réalta gheal atá suite sa réaltbhuíon áirithe seo: Betelgeuse, Bellatrix, Rigel, Saiph agus an triúr ar a dtugtar Crios Oiríon, Slat an Bhodaigh, Slat an Cheannaí, Slat an Rí, an Bhanlámh, nó an Fhearsaid, mar atá, Alnilam, Alnitak agus Mintaka.

Ollfhathach dearg atá in Betelgeuse; fathachréaltaí gorma nó bánghorma iad Rigel, Saiph, Bellatrix agus réaltaí Shlat an Bhodaigh.

Bóilíd a thugtar ar chaor thine thuas sa spéir, go háirithe ar dhreige mhór agus í ag pléascadh san atmaisféar.

Boilsciú a thugtar, i gcúrsaí réalteolaíochta nó cosmeolaíochta, ar an bhfairsingiú a tháinig ar an Ollchruinne go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, i rith na tréimhse boilscithe (10-36 go 10-32 soicind i ndiaidh na hOllphléisce).

Bólaiméadar a thugtar ar ghléas ar féidir leat gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach a thomhas leis, idir sholas, radaíocht ultravialait, radaíocht infridhearg, radaíocht ianaitheach, x-ghathanna agus eile. Ón taobh eile de ní féidir leis an mbólaiméadar go bunúsach ach iomlán an fhuinnimh i bhfoirm radaíochta a aithint – is é sin, ní aithníonn sé na cineálacha éagsúla radaíochta thar a chéile. Go bunúsach is brathadóir teirmeach (teasbhunaithe) é an bólaiméadar – is é sin tá eilimint ann agus í ag dul i dteocht le gach candam radaíochta a bhuaileas í, agus is ar an téamh seo (nó ar an sruth leictreach is toradh don téamh) a aithnítear fuinneamh na radaíochta.

Tagraíonn na focal bólaiméadracht agus bólaiméadrach do bhreathnuithe réalteolaíocha atá bunaithe ar gach cineál radaíochta in éineacht – le hiad a dhealú, abair, ó amharcbhreathnuithe (nach gcuireann san áireamh ach an solas infheicthe). Mar shampla, aithnítear méid bhólaiméadrach na réalta thar a hamharcmhéid: is ionann an mhéid bhólaiméadrach agus méid (nó gile) na réalta mar a fheictear dúinn í de réir na gcineálacha éagsúla radaíochta in éineacht, agus is ionann an amharcmhéid agus chomh mór nó geal a fhaighimid an réalta de réir is mar atá sí ag tabhairt solais infheicthe uaithi.

Bolcán a thugadh na réalteolaithe fadó ar an bpláinéad a cheap siad a bheith ag fithisiú na Gréine níos gaire ná Mearcair. Ba é an réalteolaí Francach Urbain Le Verrier a bhaist Bolcán, thiar sna 1840idí. Ba é ba chúis leis an hipitéis faoi Bholcán ná go bhfuil peirihéilean Mhearcair (is é sin, garphointe Mhearcair don Ghrian, an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an phláinéid) ag bogadh traidhfilín níos gasta ná mar ba chóir, de réir na fisice clasaicí, agus ba é tuairim Le Verrier agus lucht a chomhaimsire go míneodh imtharraingt Bholcáin an difríocht seo. Ba í teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein a chuir deireadh leis an tuairimíocht faoi Bholcán, nó tá an aimhrialtacht sin i luainíocht pheirihéilean Mhearcair inmhínithe ar fad de réir na teoirice sin.

Bonner Durchmusterung (tabhair faoi deara nach bhfuil …Dürchmusterung ceart ar aon nós, nó níl umlabht ar bith sa réimír úd durch-) nó BD a thugtar ar an tsuirbhéireacht chórasach a rinne Réadlann Ollscoil Bhonn in Iarthar na Gearmáine ar an spéir i rith an dara leath den naoú haois déag. Inniu féin tá tábhacht nach beag ag roinnt leis an réaltchatalóg ba thoradh don obair fhadaraíonach seo, nó luaitear breis is trí chéad míle de réaltaí ansin. Ba é an réalteolaí Gearmánach de phór na Fionlainne Friedrich Wilhelm Argelander (1799-1875) a chuir tús leis an Durchmusterung agus a bhí i gceannas ar an obair go lá a bháis.

An Bosca Seod a thugtar ar NCG 4755 nó réaltbhraisle Kappa Crucis, is é sin an réaltbhraisle oscailte atá le feiceáil i réaltbhuíon Chros an Deiscirt, timpeall ar an réalta úd Kappa Crucis, agus í ar na réaltaí is gile sa bhraisle. Ollfhathachréalta ghorm B-aicme í Kappa Crucis. Ba é an réalteolaí Francach Nicolas-Louis de Lacaille a chuir an chéad sonrú sa bhraisle seo thiar i dtús na 1750idí, ach ba é John Herschel a d’ainmnigh í.

Braisle is féidir a thabhairt ar bhraisle réaltaí (réaltbhraisle) nó ar bhraisle réaltraí.

  • Is éard atá i gceist le braisle réaltaí réaltbhraisle ná grúpa réaltaí taobh istigh den réaltra agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Aithnítear dhá phríomhchineál réaltbhraislí: an bhraisle oscailte agus an bhraisle chruinneogach. Réaltaí óga iad na cinn sa bhraisle oscailte, agus ní bhíonn ach cúpla céad réalta i mbraisle thipiciúil den chineál seo; na braislí cruinneogacha áfach bíonn siad i bhfad níos sine, agus i bhfad níos saibhre i réaltaí. Grúpa gluaisteach réaltghaolmhaireacht a thugtar ar réaltbhraisle scaoilte nach féidir a aithint ach ar ghluaiseacht na réaltaí: ní fheictear mar bhraisle dhlúth iad, ach ós rud é go bhfuil siad ag gluaiseacht in aon treo agus ar aon luas, is léir gur réaltbhraisle a bhí iontu ó thús. D’fhéadfá a rá go bhfuil siad ”gaolmhar” le chéile ar dhóigh ar leith, agus sin é an tuige go dtugtar ”réaltghaolmhaireacht” orthu, nó ar an mbaint atá acu le chéile.
  • Braisle réaltraí a thugtar ar ghrúpa réaltraí agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Samplaí iad Braisle Virgo, atá le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine, agus Braisle Bheirnicé i réaltbhuíon Fholt Bheirnicé.

An Bhrasaíl – An tír is mó i Meiriceá Theas, an tír is mó ina labhraítear Portaingéilis mar phríomhtheanga, agus an tír is mó a gcuirfeadh réalteolaí amaitéarach suim ina bratach náisiúnta. Taispeánann bratach na Brasaíle an spéir os cionn Rio de Janeiro ag a leathuair tar éis a hocht ar maidin ar an cúigiú lá déag de Mhí na Samhna, nuair a gaireadh poblacht den tír. Seasann na réaltaí éagsúla do stáit éagsúla an stáit fheidearálaigh, mar seo:

Is í Spica, nó Alpha Virginis, an t-aon réalta amháin a fheictear os cionn an chreasa bháin a ritheas trasna an sféir neamhaí i lár na brataí. (Is iad na focail Phortaingéilise Orden e progresso, is é sin, ”Ordú agus forás”, nó b’fhéidir ”Síocháin sa tsochaí agus dul chun cinn”, atá le léamh ar an gcrios sin.) Tá na réaltaí eile go léir suite taobh thíos den chrios. Siombalaíonn Spica stát Pará i dtuaisceart na tíre. Is í Belém príomhchathair an stáit.

Ar chlé taobh thíos den chrios a fheictear Procyon, nó Alpha Canis Minoris. Seasann an réalta seo do stát Amazonas atá suite in iarthuaisceart na tíre, agus é ar an stát is mó sa Bhrasaíl. Manaus an phríomhchathair.

Síos ar dheis ó Procyon a fheictear cúig réalta an Mhadra Mhóir, mar atá, Sirius (Alpha Canis Majoris), Mirzam (Beta Canis Majoris), Muliphen (Gamma Canis Majoris), Wezen (Delta Canis Majoris), agus Adhara (Epsilon Canis Majoris).

  • Seasann Sirius do Mato Grosso, an tríú stát is mó sa tír, agus é suite in Iarthar na Brasaíle.
  • Seasann Mirzam d’Amapá, stát beag i dtuaisceart na tíre. Ní dhearnadh stát d’Amapá ach i ndeireadh na n-ochtóidí, nó ní raibh ann roimhe sin ach ”críoch”, agus ní bhfuair sé a réalta i mbratach na tíre ach i dtús na nóchaidí.
  • Seasann Muliphen do Rondônia in iarthar na tíre, in aice leis an mBolaiv.
  • Seasann Wezen do Roraima i dtuaisceart na tíre.
  • Seasann Adhara do Tocantins, stát beag nár dealaíodh ó stát Goiás ach sa bhliain 1988.

In aice le réaltaí an Mhadra Mhóir a fheictear Canopus (Alpha Carinae), mar shiombal do Goiás in Iarthar Lár na Brasaíle.

Ar dheis ón Madra Mór atá Cros an Deiscirt, cúig réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Crucis (nó Acrux, réalta ar a dtugann lucht labhartha na Portaingéilise Estrela de Magalhães nó Réalta Magellan freisin) do São Paulo i ndeisceart na tíre.
  • Seasann Beta Crucis (Becrux nó Mimosa) do Rio de Janeiro.
  • Seasann Gamma Crucis (Gacrux, nó Rubídea – ”an réalta ar dhath an rúibín” – mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi) do Bahia in oirthear na tíre.
  • Seasann Delta Crucis (Pálida a thugtar ar an réalta seo as Portaingéilis) do Minas Gerais, stát atá suite in oirthear na tíre, agus é scartha ó chósta an Atlantaigh ag stiall chúng talún – is éard atá sa stiall sin ná an dá stát úd Rio de Janeiro agus Espírito Santo.
  • Seasann Epsilon Crucis do stát Espírito Santo. Giota beag cósta atá ann mar stát, agus é suite idir Rio de Janeiro, Bahia, agus Minas Gerais. Is í Vitória an phríomhchathair, ach tá Vila Velha (”an tseanchathair” is ciall don ainm Portaingéilise seo) níos mó ná Vitória ar na saolta seo.

Tá réalta pholach an Deiscirt, Sigma Octantis, nó Polaris Australis, le feiceáil thíos ina haonar. Ar ndóigh seasann an réalta seo do Distrito Federal – ceantar a gearradh ó stát Rio de Janeiro le haghaidh phríomhchathair nua na Brasaíle, Brasília, sa bhliain 1960.

Ar dheis ó Sigma Octantis a fheictear Triantán an Deiscirt, trí réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Trianguli Australis do Rio Grande do Sul i ndeisceart na tíre, in aice le hUragua. (”Abhainn Mhór an Deiscirt” is ciall d’ainm an stáit.)
  • Seasann Beta Trianguli Australis do Santa Catarina, stát beag i ndeisceart na tíre in aice le Rio Grande do Sul. Is í Florianópolis príomhchathair an stáit, ach is í Joinville an chathair is mó. D’fhág an lucht inimirce ón nGearmáin agus ón Ostair blas láidir a ndúchais ar chultúr an stáit.
  • Seasann Gamma Trianguli Australis do Paraná, stát eile i ndeisceart na tíre. Curitiba atá ar phríomhchathair an stáit seo.

Is í an Scairp an réaltbhuíon is faide ar dheis ar bhratach na Brasaíle, ocht réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Scorpii, nó Antares, do Piauí in Oirthuaisceart na Brasaíle. Is í Teresina an phríomhchathair. Tá a lán iarsmaí tábhachtacha seandálaíochta ó ré na sibhialtachtaí bundúchasacha le feiceáil i stát Piauí, go háirithe i bPáirc Náisiúnta Serra da Capivara.
  • Seasann Beta Scorpii (Graffias, Acrab) do Maranhão in Oirthuaisceart na Brasaíle. São Luis atá ar an bpríomhchathair.
  • An chéad réalta eile de chuid na Scairpe a fheictear ar an mbratach, is í Epsilon Scorpii í, agus í ag seasamh do stát Ceará. Tá an stát seo suite san Oirthuaisceart chomh maith, agus is í Fortaleza an phríomhchathair.
  • Seasann Theta Scorpii (nó Sargas) d’Alagoas, stát beag in oirthear na tíre. Is í Maceio príomhchathair an stáit.
  • Siombalaíonn Iota Scorpii stát Sergipe, stát beag eile in oirthear na tíre – le fírinne is é an stát is lú sa Bhrasaíl ar fad. Aracaju an phríomhchathair.
  • Is í Kappa Scorpii, nó Girtab, is siombail do stát Paraíba. Is í João Pessoa an phríomhchathair. Stát beag eile in oirthear na tíre atá ann, ach tá Paraíba ar na stáit is tibhe daonra sa Bhrasaíl.
  • Aisteach go leor tá Lambda Scorpii ar réaltaí geala na Scairpe, ar an dara réalta is gile b’fhéidir, cé gurb é ”lambda” an litir Ghréagach a thagraíos di i gcóras ainmníochta Bayer. Ainm eile ar an réalta é Shaula. Seasann sí do Rio Grande do Norte (”Abhainn Mhór an Tuaiscirt”), agus is í Natal príomhchathair an stáit. Deirtear go bhfuil Rio Grande do Norte ar na háiteanna is glaine aer i Meiriceá Theas ar fad. Stát beag eile in oirthear na tíre cois farraige é Rio Grande do Norte.
  • Mu Scorpii an ceann deireanach de réaltaí na Scairpe a shiombalaíos stát i mbratach na Brasaíle. Is é Pernambuco an stát sin, agus is í Recife an phríomhchathair. Ba iad na hOllannaigh ba thúisce a tháinig i seilbh an cheantair, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an gcultúr agus ar an tithíocht i bPernambuco.

Feictear dhá réalta de chuid na Péiste Uisce taobh thíos den chrios a ritheas trasna na liathróide, mar atá, Alphard (Alpha Hydrae) agus Gamma Hydrae.

  • Seasann Alphard do Mato Grosso do Sul, stát beag i ndeisceart na tíre a dealaíodh ó Mato Grosso sna seachtóidí. Campo Grande an phríomhchathair.
  • Seasann Gamma Hydrae d’Acre, stát beag in iarthar na tíre in aice le Peiriú agus an Bholaiv. Rio Branco atá ar an bpríomhchathair. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Bholaiv agus an Bhrasaíl timpeall ar an mbliain 1900, agus ghair muintir an cheantair poblacht neamhspleách d’Acre faoin am sin, chomh maith. Cúpla uair d’ionsaigh na Bolavaigh an phoblacht le seilbh a ghlacadh uirthi arís, ach sa bhliain 1903 ba iad na Brasaíligh a rinne a gcuid di.

Maidir le stair na réalteolaíochta sa Bhrasaíl, is deacair a rá cathain a thosaigh sí. Ba iad na hOllannaigh a thóg an chéad réadlann i Recife nuair a bhí siad i seilbh na háite, thiar sa bhliain 1639, ach ansin, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, d’athghabh na Portaingéalaigh an ceantar, agus chuaigh an réadlann de dhroim an domhain sa teagmháil. Sa bhliain 1845, cuireadh an Réadlann Impiriúil ar bun i Morro do Castelo, Rio de Janeiro, agus sa bhliain 1906, fuair an réadlann ainm nua, an Réadlann Náisiúnta. hAistríodh go dtí São Cristóvão i gcathair Rio de Janeiro í sa bhliain 1922. Ba é Henrique Morize a bhí i gceannas ar an Réadlann go dtí an bhliain 1930, agus sa bhliain 1919 chuidigh sé le réalteolaithe Sasanacha turas a eagrú go Sobral i stát Ceará le breathnuithe a dhéanamh ar urú iomlán na Gréine – breathnuithe a theastaigh le teoiric na coibhneasachta (an teoiric chéanna a thuill a chlú d’Einstein) a chruthú.

Ní mór scéilín áirithe magaidh a insint anseo a bhfuil baint aige leis an mBrasaíl agus leis an réalteolaíocht araon: an scéal faoi ”phróiseas Urca”. Is éard atá i gceist le próiseas Urca ná an dóigh a gcailleann neodrónréaltaí agus abhacréaltaí bána fuinneamh agus iad ag fuarú – ina neoidríonónna a imíos an fuinneamh sa phróiseas seo. Bhí George Gamow (nó Georgii Gamov), réalteolaí Meiriceánach de phór na Rúise, i Rio de Janeiro ar cuairt ag Mário Schönberg, a bhí ar an réaltfhisiceoir is mó le rá sa Bhrasaíl san fhichiú haois, agus an bheirt acu ag forbairt a dteoirice ar an bhfuarú seo. Ba nós leis an mbeirt seo scíth a fháil ó obair throm na teoiriceoireachta i dteach cearrbhachais – Urca a bhí ar an gceantar den chathair ina raibh an teach aeraíochta sin suite. Dúirt fear acu leis an bhfear eile go raibh an fuinneamh ag imeacht leis na neoidríonónna chomh tiubh is a bhíodh a gcuid airgid ag imeacht sa teach cearrbhachais in Urca. Mar sin a baisteadh an próiseas.

Breacsholas a thugtar ar an tréimhse idir solas an lae agus dorchadas na hoíche. Aithnítear cineálacha éagsúla breacsholais: an breacsholas oifigiúil, an muir-bhreacsholas agus an breacsholas réalteolaíoch.

Nuair atá lárphointe na gréine sé chéim stua nó níos lú faoin léaslíne, deirtear go bhfuil breacsholas oifigiúil ann. Ina lán teangacha tugtar ”breacsholas buirgéiseach” ar an mbreacsholas oifigiúil, toisc go bhfuil sé chomh geal amuigh, le linn an chineál seo breacsholais, is gur féidir ”ceirdeanna buirgéiseacha” a chleachtadh i gcónaí.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná sé chéim stua, níos lú ná dhá chéim stua déag faoin léaslíne, tá muir-bhreacsholas ann. Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá an léaslíne sách sofheicthe, sách inaitheanta is gur féidir leis an mairnéalach áit na loinge a oibriú amach agus é i muinín an tseicheamháin.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná dhá chéim stua déag, níos lú ná ocht gcéim stua déag faoin léaslíne, tá breacsholas réalteolaíoch ann. Ansin is féidir leis na réalteolaithe breathnuithe a dhéanamh, cé go bhfuil loinnir ón nGrian le haithint ar an spéir go fóill.

Bremsstrahlung a thugtar ar an radaíocht a ghinfear má chailleann cáithnín luchtaithe amháin (leictreon, cuir i gcás) fuinneamh gluaiseachta agus réimse leictreach timpeall ar cháithnín eile (núicléas adaimh, mar shampla) ag dul i bhfeidhm air. Deir dlí imchoimeádta an fhuinnimh nach féidir fuinneamh a chur ar neamhní, agus mar sin, an fuinneamh gluaiseachta a chaillfeas an cáithnín, claochlófar go radaíocht é. ”Radaíocht choscáin” is ciall leis an bhfocal Gearmáinise Bremsstrahlung.

Bróimín a thugtar ar dhúil uimhir a 35, arb é Br an tsiombail a sheasas di sna foirmlí ceimiceacha. Le teocht an tseomra is leacht dearg é, ach is dual dó galú go réidh. Ceann de na halaiginí é an bróimín, cosúil leis an gclóirín, agus mar sin, tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh aige – níl ach aon leictreon amháin de dhíth le hochtréad iomlán a fháil. Cosúil leis an gclóirín, tá an bróimín araiciseach chun imoibriúcháin leis an leictreon deireanach sin a fháil ar iasacht ó dhúile eile. Mar sin, is nimh láidir é an bróimín agus é aonraithe ina dhúil.

An t-ian bróimín áfach, Br, a bhfuil ochtréad aige, tá sé sách cobhsaí, agus dealraíonn sé gur riandúil é an bróimín san fhoirm ianach seo – is é sin, go dteastaíonn rianta beaga bróimín ó orgánach an duine le hoibriú go maith. Baintear úsáid áirithe as bróimídí (comhdhúile bróimín a bhfuil an t-ian seo iontu) mar chógaisí in aghaidh an titimis.

Tá na bróimídí cosúil leis na clóirídí ó thaobh na ceimice de: is comhdhúil chobhsaí ianach í bróimíd an tsóidiam, NaBr, a chuirfeadh clóiríd an tsóidiam (an gnáthshalann, NaCl) i gcuimhne duit. Sa chiall cheimiceach, is salainn iad na bróimídí miotail – salainn de chuid an aigéid hiodrabrómaigh. Is éard atá san aigéad hiodrabrómach ná tuaslagán uisce na bróimíde hidrigine, HBr. Aigéad láidir é an t-aigéad hiodrabrómach, díreach cosúil leis an aigéad hiodraclórach, HCl. Gás é an bhróimíd hidrigine.

Tá ocsaigéid ag an mbróimín chomh maith: an t-aigéad hipeabrómúil (HBrO, nó HOBr, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad brómúil (HBrO2, nó HOBrO), an t-aigéad brómach (HBrO3, nó HOBrO2) agus an t-aigéad sárbhrómach (HBrO4 nó HOBrO3). Ní féidir aon cheann de na hocsaigéid seo a aonrú ón uisce gan na móilíní a bhriseadh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar a n-airíonna san uisce. Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh san aigéad sárbhrómach ach comhdhúil theoiriciúil nárbh fhéidir a tháirgeadh ar aon nós; sa bhliain 1968, d’éirigh leis na heolaithe an chéad eiseamal d’iain sárbhrómáite BrO4 a chruthú, ach ina dhiaidh sin féin dealraíonn sé nach féidir úsáid ar bith a bhaint as an aigéad sárbhrómach ná as na sárbhrómáití sa tionsclaíocht, chomh deacair is atá sé comhdhúile sárbhrómacha a tháirgeadh. (Na comhdhúile sárchlóracha, cosúil leis an aigéad sárchlórach HClO4, is scéal eile ar fad iad.)

Níl na hipeabróimítí ná na bróimítí (salainn an aigéid hipeabrómúil agus an aigéid bhrómúil) cobhsaí ar aon nós, agus ní thig mórán leas a bhaint astu. Tá an t-ian brómáite BrO3 cobhsaí go maith, áfach, agus tá tábhacht éigin ag baint le brómáit an tsóidiam NaBrO3 mar ocsaídeoir i ruaimniú na dteicstílí. Truailleáin iad na brómáití freisin: is dual do na hiain bhróimíde ocsaídiú go brómáití le solas na gréine agus an t-uisce óil a chur ó mhaith. Tá dochar sa bhróimín don ózónaisféar chomh maith, cosúil leis na halaiginí eile.

Tá bróimín ar fáil san áit a mbíonn clóirín ar fáil chomh cosúil is atá an dá dhúil le chéile ó thaobh na ceimice de, agus is gnách bróimín a bhaint as salann na farraige, ó tá iain bhróimíde measctha tríd na hiain chlóiríde.

Bruthcharraig a thugtar ar charraig a foirmíodh nuair a chuaigh magma (laibhe, cloch leáite) i bhfuacht. Is é an basalt an cineál bruthcharraige is coitianta ar an Domhan.

Buaile an Bhodaigh an t-ainm Gaeilge ar réaltnéal Oiríon (M42 i gCatalóg Messier, NCG 1976 sa Nua-Chatalog Ghinearálta).

Bun-fhadlíne a thugtar ar an bhfadlíne a shainmhínítear mar nialas do chóras na bhfadlínte. Mar is eol do chách is í fadlíne Greenwich bun-fhadlíne an Domhain. Ritheann bun-fhadlíne na Gealaí trasna an leathsféir den Ghealach atá le feiceáil ón Domhan. Is é cráitéar Airy (ainmnithe as an réalteolaí Sasanach George Biddell Airy) a dhéanas gnó Greenwich ar Mhars – sin é an tuige go dtugtar ”Airy-0” air freisin. Ritheann bun-fhadlíne Mhearcair fiche céim stua soir ó chráitéar Hun Kal – is é sin, tá sainmhíniú na bun-fhadlíne bunaithe ar an gcráitéar sin, ach ní hé an cráitéar an nialas. Maidir le Véineas, is í an bhun-fhadlíne ansin an ceann a ritheas trí lárphointe chráitéar Ariadne.

Bunghluaisne: Ba é tuiscint na seanársaíochta ar struchtúr na hOllchruinne go raibh na réaltaí feistithe de sféar criostail a bhí ag iompú ar a ais aon uair amháin in aghaidh an lae. Bunghluaisne a thugtar ar an iompú seo agus ar an tsamhail seo den ollchruinne.

Buningear a thugtar ar an gciorcal samhlaíoch a ritheas tríd an bhforar, trí phointe an oirthir, trí phointe an iarthair, agus tríd an nadair.

Caidhpeanna polacha a thugtar ar an leac oighir timpeall ar na poil ar phláinéid áirithe. Tá caidhpeanna polacha ar an Domhan agus ar Mhars. Oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite, atá i gcaidhpeanna polacha an Domhain, ach bhí sé ina chúis amhrais ar feadh i bhfad, cé acu gnáthoighear (uisce reoite)oighear tirim (dé-ocsaíd charbóin) a bhí timpeall ar phoil Mharsa. Mar a thuigtear inniu, tá an dá rud fíor: uisce reoite atá sa chuid is mó de chaidhpeanna an phláinéid sin, ach is dual do na caidhpeanna dul i bhfairsinge sa gheimhreadh, agus dé-ocsaíd charbóin ag sioc sa mhullach ar an uisce.

Cailciam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir fiche, agus is é Ca an tsiombail cheimiceach. Miotal cré-alcaileach é an cailciam, agus is dual dó dhá leictreon a thabhairt uaidh le caitian défhiúsach, Ca2+, a dhéanamh. Tá an cailciam 40.078 ar mheáchan adamhach, agus mar sin, is é an t-iseatóp is tábhachtaí ná 40Ca, cé go bhfuil roinnt iseatóp cobhsaí eile ann. Tá raidiseatóp nádúrtha ann freisin, mar atá, 48Ca. Tá sé chomh fadsaolach is gur féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht a bhaineas leis, áfach – ní féidir a rá gur truailleán dainséarach a bheadh ann.

Ceann de na miotail cré-alcaileacha é an cailciam, is é sin, tá sé in aon ghrúpa leis an maignéisiam, an strointiam, an beirilliam agus an bairiam. Cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an adamh cailciam, agus ochtréad iomlán taobh istigh den sceall sin. Mar sin is dual dó an dá leictreon a thabhairt ar iasacht agus ian cailciam, Ca2+, a dhéanamh.

Miotal bog é an cailciam agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis an uisce agus le hocsaigin an aeir, rud a fhágas nach furasta é a choinneáil i dtaisce mar dhúil ghlan aonraithe. Seoltóir maith leictreachais é, ach ní féidir úsáid a bhaint as sa leictreoireacht chomh himoibríoch is atá sé. Scéal eile é scéal an spáis áfach, ós rud é nach bhfuil ocsaigin amuigh ansin – mar is dóigh le hinnealtóirí áirithe. Dá réir sin is féidir go bhfeicfidh muid gléasra leictreachais fós atá ceaptha don úsáid sa spás, agus é bunaithe ar an gcailciam mar ábhar seoltóireachta.

Is iad na mianta cailciam is tábhachtaí ná an chailcít (carbónáit an chailciam, CaCO3), an dolaimít (carbónáit mheasctha an mhaignéisiam agus an chailciam, CaMg(CO3)2), an gipseam (déhiodráit shulfáit an chailciam, CaSO4 + 2H2O), an ainhidrít (an tsulfáit thirim nó CaSO4), an fhluairít (fluairíd an chailciam, CaF2) agus an apaitít nó Ca5(PO4)3X, inarb ionann X agus ceann den triúr seo a leanas: Cl (clórapaitít), OH (hiodracsalapaitít) nó F (fluarapaitít). Is iad an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe na tíortha is mó a tháirgeas cailciam.

Teastaíonn iain chailciam ón duine le haghaidh a chuid cnámh, agus mar sin is minic a chuirtear salainn chailciam le bia mar fhorlíonadh cothaitheach. Is iomaí úsáid a bhaintear as na comhdhúile éagsúla cailciam sa teicneolaíocht freisin. Maidir leis an miotal féin, úsáidtear mar chómhiotal é.

An Caimileon Chamaeleon a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir an Chuileog, an Chíle, an tIasc Eitilte, an Tábla, an tOchtamhán agus Éan Parthais. Níl d’ainmneacha ar na réaltaí is gile sa Chaimileon ach litreacha Bayer: Alpha Chamaeleontis, Beta Chamaeleontis, Gamma Chamaeleontis agus Delta Chamaeleontis.

Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet, mar ab ainm dó ina theanga dhúchais féin) a shainigh agus a d’ainmnigh an Caimileon i ndeireadh na séú haoise déag. Ní raibh Plancius ina réalteolaí go díreach: ba í an tíreolaíocht an chloch ba mhó ar a phaidrín, agus é ag tarraingt mapaí do lucht na loingseoireachta, ach ar ndóigh bhí na réaltaí thar a bheith tábhachtach ag na mairnéalaigh san am sin leis an mbealach ceart a aimsiú amuigh ar an teiscinn mhór i bhfad ón talamh slán, rud a thuig Plancius go maith. Mar sin bhí suim aige i mapáil na spéire chomh maith le mapáil an Domhain.

Bhí Plancius i dtuilleamaí na mbreathnuithe a rinne an loingseoir Pieter Dirkszoon Keyser sna farraigí theas – taiscéalaí a bhí in Keyser agus aithne ag Plancius air. Fuair Keyser bás in oileán Iáva sa bhliain 1596, ach má fuair, seachadadh torthaí a chuid breathnuithe chuig Plancius de réir mar a bhí socraithe acu roimhe sin.

Réalta phríomhsheichimh F-aicme í Alpha Chamaeleontis, agus í beagáinín níos troime ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread chomh lonrúil, áfach. Tá sí suite réasúnta cóngarach dúinn – is é sin níl sí ach trí solasbhliana is trí scór uainn.

Maidir le Beta Chamaeleontis, tá an ceann sin trí chéad solasbhliain uainn. Aicmítear mar B-réalta í, agus í cúig oiread chomh trom leis an nGrian, breis is dhá chéad oiread níos lonrúla ná í. Réalta phríomhsheichimh í.

Gamma Chamaeleontis arís, tá sí suite faoi cheithre chéad is fiche solasbhliain dínn. An cineál fathachréalta atá inti ná an cineál fathachréalta a bheas sa Ghrian féin i ndeireadh ama, agus mar sin is dócha nach bhfuil sí mórán níos troime ná an Ghrian. Tá sí seacht n-oiread is trí scór chomh fairsing leis an nGrian, agus ocht gcéad is trí scór oiread chomh lonrúil. Réalta K-aicme í, is é sin, is réalta fhlannbhuí í, agus í traidhfilín níos fuaire ná an Ghrian.

Maidir le Delta Chamaeleontis, seasann an t-ainm sin do dhá réaltchóras, Delta a hAon agus Delta a Dó. Déréalta atá in Delta a hAon, agus an dá chomhréalta suite chomh cóngarach dá chéile is gur deacair iad a aithint thar a chéile. Fathachréaltaí K-aicme iad. Réalta aonair atá in Delta a Dó, agus speictream B-aicme aici. Réalta phríomhsheichimh í, agus í ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian; san am chéanna tá sí i bhfad níos lonrúla. An triúr acu tá siad suite faoi thrí chéad deich solasbhlian is dhá scór dínn, a bheag nó a mhór, ach má tá, níl Delta a Dó sách gar do Delta a hAon le haon chóras imtharraingthe amháin a dhéanamh.

Cairt Franklin-Adams a thugtar ar an mbailiúchán de phlátaí réalteolaíocha (grianghrafanna spéire) a rinne an réalteolaí amaitéarach Sasanach John Franklin-Adams (1843-1912). Chumhdaigh Franklin-Adams an spéir go léir, thuaidh agus theas – chaith sé seal i réadlann Johannesburg san Afraic Theas leis an spéir theas a ghrianghrafadh. Tháinig an chairt i gcló cúpla bliain i ndiaidh bhás an fhir féin. Dhá chéad agus sé phláta atá ann.

Cairteacha Wolf-Palisa a thugtar ar thorthaí an tsuirbhé réalteolaíoch a rinne ollscoil Vín agus ollscoil Heidelberg in éineacht sna blianta 1900-1916. Ba é an réalteolaí Gearmánach Maximilian Wolf (1863-1932) a rinne an chuid is mó den ghrianghrafadóireacht i Heidelberg (an áit ar rugadh is ar cailleadh é), ach ansin chuidigh Johann Palisa le Wolf na plátaí a réiteach don chló. Ostarach a bhí i bPalisa a rugadh sa bhliain 1848 in Troppau (inniu, Opava i bPoblacht na Seice) agus a fuair bás sa bhliain 1925 i Vín. Bhí suim ag Wolf agus Palisa sna hastaróidigh chomh maith, agus d’aithin is a d’ainmnigh siad cuid mhór acu.

Caiseoipé: an réaltbhuíon ar dhéanamh na litreach úd ”W” atá dingthe idir an Sioráf, Ceiféas, an Laghairt, Andraiméide, agus Peirséas. Is iad réaltaí móra na réaltbhuíne seo ná Schedar (Alpha Cassiopeiae), Caph (Beta Cassiopeiae), Gamma Cassiopeiae (nach bhfuil ainm traidisiúnta Araibise ná Laidine uirthi), Ruchbah (Ksora, Delta Cassiopeiae), agus Segin (Epsilon Cassiopeiae).

Tríd is tríd is í Schedar an réalta is gile i gCaiseoipé, cé go sáraíonn Gamma Cassiopeiae uaireanta í. Is ilréalta í Schedar, ach is fathachréalta fhlannbhuí é an ceann is suntasaí de chomhbhaill na hilréalta. Tá an réalta seo suite faoi 230 solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh geal leis an nGrian, ceithre nó cúig oiread chomh trom, agus dhá oiread is dhá scór chomh fairsing.

Réalta athraitheach ar aon chineál le Delta Scuti í Caph. Tá ainm na réalta bunaithe ar an bhfocal Araibise a chiallaíos ”lámh” nó ”bos”: tá cúig réalta i gCaiseoipé, díreach cosúil le cúig mhéar na láimhe, agus mar sin is léir go raibh an t-ainm seo ag tagairt don réaltbhuíon go léir i dtús báire. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh fairsing, agus seacht n-oiread is fiche chomh lonrúil. Réalta F-aicme í Caph, is é sin is réalta bhánbhuí í atá traidhfilín níos teo ná an Ghrian. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí díreach ag forbairt go fathachréalta. Réalta aonair í, is é sin níl leathbhádóir ar bith aici. Tá sí ag dul timpeall ar a hais go sciobtha, rud a fhágas oblátacht áirithe uirthi – is é sin tá a trastomhas níos mó ag an meánchiorcal ná idir na poil.

Réalta athraitheach eile í Gamma Cassiopeiae, agus cineál iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe aisti. Tá sí suite faoi chúig chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus is B-réalta í – is é sin, is réalta ghorm nó bhánghorm í. Fathachréalta bheag, nó fo-fhathach, atá inti, agus cosúil le Caph, tá sí níos fairsinge ag an meánchiorcal ná ag na poil. Tá sí ag caitheamh ábhair uaithi, agus diosca foirmithe timpeall na réalta as an ábhar sin. Is é an diosca is cúis le hathruithe na gile, is dócha.

Bhí Gamma Cassiopeiae tábhachtach ag na spásairí Meiriceánacha fadó mar chabhair spásloingseoireachta, is é sin, leis an treoir cheart a aimsiú sa spás. Bhaist an spásaire Virgil ”Gus” Grissom Navi ar an réalta – giorrúchán ón bhfocal úd navigation (loingseoireacht) a bhí ann is dócha. Fuair Grissom agus beirt spásairí eile bás nuair a chuaigh an spásbhád úd Apollo a hAon trí thine ar an 27 Eanáir 1967 – níor imigh an spásbhád sin ón gceap lainseála riamh, mar sin, nó ní raibh ach druileáil i gceist acu. Na daoine a thugas Navi ar Gamma Cassiopeiae inniu is éard atá i gceist acu ná urraim a thabhairt do mhairtíreach seo an spástaistil.

Maidir le Ruchbah, fuair sí a hainm ó na hArabaigh, agus ”glúin” is ciall dó ina dteanga siúd. (Leagan eile den fhocal chéanna é Rukbat, a thagraíos d’Alpha Sagittarii i réaltbhuíon an tSaigheadóra.) Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í comhdhéanta as dhá chomhbhall a uraíos a chéile go tráthrialta. Déréalta í mar sin. Tá an phríomhréalta den bheirt sin dhá oiread go leith chomh trom agus beagnach ceithre oiread chomh fairsing leis an nGrian. Réalta A-aicme í agus í ina fo-fhathach faoi láthair – is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil sí díreach ag claochlú go fathachréalta cheart.

Segin, arís, tá sí suite ceithre chéad solasbhliain uainn. Fathachréalta í, agus í dhá mhíle agus cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Is B-réalta í, is é sin, is réalta the ghorm í. Tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé oiread chomh fairsing.

Tá cuid mhór réaltaí móra millteanacha le feiceáil i gCaiseoipé nach bhfeictear dúinn chomh geal leis na príomhréaltaí seo, toisc go bhfuil siad suite i bhfad i gcéin uainn. Ollfhathachréalta dhochuimsitheach – nó hipearfhathachréalta – í Rho Cassiopeiae, mar shampla, agus í suite faoi bhreis is ocht míle solasbhliain dínn. Tá sí leathmhilliún oiread chomh geal leis an nGrian, agus is hipearfhathach buí í – ní minic a thiocfá ar a leithéid sin, ach iontas na n-iontas, tá ceann eile den chineál le feiceáil i gCaiseoipé, mar atá, V509 Cassiopeiae.

Callisto: Ceann de Ghealacha Galileo í Callisto – is é sinn, satailít de chuid Iúpatair í, agus ba é Galileo Galilei a tháinig uirthi sa bhliain 1610, chomh maith le trí ghealach eile (Io, Ganymede agus Europa). Ní raibh d’ainm ag Galileo ar an ngealach seo ach Iúpatar a Ceathair: an t-ainm atá againn uirthi inniu fuair sí ó Simon Marius é. Réalteolaí Gearmánach ab ea Simon Marius (Simon Mayr an leagan Gearmáinise dá ainm) a rinne fionnachtain na ngealach seo faoin am chéanna, beag beann ar Galileo.

Tá Callisto beagnach ar aon mhéid le Mearcair, ach tá sí i bhfad níos éadroime ná é.

An Camchéachta an Céachta an tSeisreach a thugtar ar astaireacht na seacht réaltaí is suntasaí sa Bhéar Mhór, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid.

RÉALTAÍ AN CHAMCHÉACHTA

Ainm Litir Ghréagach in ainmníocht Bayer Aicme speictreach Méid dhealraitheach Fad na réalta uainn (solasbhlianta) Lonrachas/mais i gcomparáid leis an nGrian
Dubhe Alpha Ursae Majoris K 1.8 124 316/4.25
Merak Beta Ursae Majoris A 2.4 79 64/2.7
Phekda (Phecda, Phad) Gamma Ursae Majoris A 2.4 84 ?*/3.0
Megrez Delta Ursae Majoris A 3.3 58 14/1.6
Alioth Epsilon Ursae Majoris A 1.8 81 4/2.9
Mizar Zeta Ursae Majoris A 2.1 78 (ilréalta)
Alkaid (Benetnasch) Eta Ursae Majoris B 1.9 101 1.4/6

*) Tá sé deacair lonrachas Phekda i gcomparáid leis an nGrian a mheasúnú. Deirtear go bhfuil sé idir 5 agus 25 oiread.

Candam a thugtar ar phacáiste beag fuinnimh, cosúil leis an bhfótón (an candam solais). Tá dlúthbhaint ag an gcandam le tuiscint na fisice comhaimseartha ar struchtúr an adaimh. San adamh tá na leictreoin timpeall an adaimh suite ar leibhéil éagsúla fhuinnimh (na leictreonscealla agus na foscealla leictreonacha), agus ní féidir leis an leictreon bheith idir eatarthu idir na leibhéil seo. Le dul ó leibhéal íseal go leibhéal ard, caithfidh an leictreon dáileog chruinn fhuinnimh – candam – a fháil a fhreagraíos don difríocht idir an dá leibhéal. Is éard is impleacht dó sin ná go bhfuil gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach – an solas infheicthe, an radaíocht infridhearg, an radaíocht ultraivialait, na radathonnta, na micreathonnta, an x-radaíocht, an gháma-radaíocht – candamaithe, is é sin roinnte ina candaim.

Canóin na nÉiclipsí Canon der Finsternisse (Gearmáinis) a thugtar ar an díolaim faoi uruithe (éiclipsí) na Gréine is na Gealaí a chuir an réalteolaí Theodor Ritter von Oppolzer i dtoll le chéile. D’fhoilsigh Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire an saothar sa bhliain 1887, an bhliain i ndiaidh don eolaí féin bás a fháil. D’oibrigh Oppolzer amach na mionsonraí d’ocht míle urú gréine agus cúig mhíle urú gealaí, ón mbliain 1207 roimh Chríost go dtí an bhliain 2162 AD, de réir na matamaitice agus an eolais chomhaimseartha ar an meicnic neamhaí. Ábhar suntais é chomh cruinn, chomh saibhir is atá an saothar seo a rinneadh i bhfad roimh lá na ríomhairí.

Ostarach a bhí in Oppolzer, nó rugadh i bPrág é sa bhliain 1841, agus d’éag sé i Vín sa bhliain 1886. Bhí a mhac Egon von Oppolzer ina réalteolaí chomh maith, agus cosúil leis an athair fuair sé bás réasúnta óg.

Canopus Alpha Carinae Soheil atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Cíle. Réalta bhán A-aicme atá ann. Tá sé ar an dara réalta is gile ar an spéir, de réir is mar a fheictear dúinn – níl ach Sirius níos gile. Tá sé suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn, agus é deich míle níos gile ná an Ghrian, cé nach bhfuil ach téagar seacht nGrian ann. Réalta úsáideach a bhíodh ann do na mairnéalaigh agus iad ag iarraidh treoir a fháil amuigh ar an teiscinn mhór. Fuair Canopus a ainm ó na sean-Ghréagaigh, ach is deacair a rá cad is bunús leis an ainm – tá míniúcháin éagsúla ann. Is é an ceann is inchreidte ná go dtagraíonn ainm na réalta do Kanobos, a bhí ina phíolóta ar long an rí Menelaos – bhí Menelaos ina rí ar na Spartaigh le linn chogadh na Traí, mar a deir seanchas na Sean-Ghréige.

Tá Canopus le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Goiás i lár na tíre – Goiânia an phríomhchathair.

Caor thine bóilíd a thugtar ar dhreige is gile ná gnáthréalta reatha.

An Capall Beag Equuleus a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir Iompróir an Uisce, Peigeasas, agus an Deilf. Réaltbhuíon bheag é an Capall Beag, agus ní féidir a rá go mbeadh sé cuidsúlach ach an oiread. Alpha Equulei nó Kitalpha atá ar an réalta is gile sa Chapall Bheag, agus is déréalta í: is fathachréalta bhuí G-aicme í Alpha Equulei A, agus is réalta bhán phríomhsheichimh í Alpha Equulei B. Tá Kitalpha suite faoi 190 solasbhliain dínn.

Capella atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Ara, Alpha Aurigae. Le fírinne is córas ceithre réalta í: is fathachréaltaí iad Capella Aa (réalta fhlannbhuí K-aicme) agus Capella Ab (réalta bhuí G-aicme), agus is abhacréaltaí dearga iad Capella H agus Capella L. Tá réaltchóras Capella suite faoi thrí solasbhliana is dhá scór dínn. Foinse láidir x-radaíochta í Capella: creidtear go ngintear an radaíocht sin i gcoróin Capella Aa.

Catalóg Ghinearálta Boss an chatalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an Meiriceánach Benjamin Boss sa bhliain 1936. Seasann an giorrúchán GC (General Catalogue an Bhéarla) do na réaltaí sa chatalóg seo. Tá trí mhíle dhéag is fiche, trí chéad, dhá réalta is dhá scór (33,342 réalta) ar fad sa chatalóg. Is fairsingiú í ar an gcatalóg a d’fhoilsigh athair Benjamin, Lewis Boss, roimh a mhac, agus nach raibh ach sé mhíle, céad, ocht réalta is ceithre scór inti. Bhí an mac i gceannas ar Réadlann Dudley i Schenectady, Stát Nua-Eabhrac, chomh maith lena athair roimhe.

Catalóg Messier a thugtar ar an gcatalóg réalteolaíoch a chuir an réalteolaí Francach Charles Messier i dtoll le chéile thiar sna 1770idí. Réaltraí agus réaltnéalta iad na réadanna sa chatalóg seo. Ní raibh suim ag Messier iontu ar a son féin – a mhalairt ar fad bhí sé ag iarraidh cóiméid a aithint, agus na réaltnéalta ag cur isteach air san obair seo. Mar sin, d’oibrigh sé amach catalóg de réadanna a d’fhéadfaí a thógáil in ainriocht cóiméid. Úsáidtear an chatalóg seo i gcónaí. Tá deich réad is cúig scór sa chatalóg, ó M1 go M110. Is é Réaltnéal an Phortáin an chéad réad, agus seasann M110 do réaltra beag in aice le Réaltra Andraiméide (NCG 205 de réir na Nua-Chatalóige Ginearálta).

Is í an Chatalóg Réaltghrafach an chatalóg réalteolaíoch a cuireadh i dtoll a chéile as na sonraí a bhailigh fiche réadlann i ngach cearn den domhan faoi cheannas Réadlann Pháras ón mbliain 1887 ar aghaidh. Le fírinne bhí dhá thionscadal ann: ar dtús thóg na réadlanna grianghrafanna dá raibh le feiceáil le réaltaí a bhí chomh fann le 11 ar mhéid (an Chatalóg Réalteolaíoch), nó níos gile ná sin; agus ina dhiaidh sin bhí siad le sraith nua grianghrafanna a thógáil a thaispeáin réaltaí ab fhainne ná sin, síos go 14 ar mhéid (Carte du Ciel nó ”Mapa na Spéire”, as Fraincis, a bhí ar an dara leagan). Bhí an spéir go léir le grianghrafadh i rith an tionscadail dhúbailte seo.

Bhí an scéim thar a bheith uaillmhianach, ach má bhí féin, ní raibh sé chomh torthúil is a shílfeá. Mhair na réadlanna na scórtha bliain á thabhairt i gcrann, agus an teicneolaíocht a raibh sé bunaithe uirthi chuaigh sí as dáta i rith na mblianta sin. Thairis sin níor críochnaíodh an dara leath den tionscadal, Carte du Ciel, i gceart riamh – ní raibh ach cuid de na réadlanna sásta páirt a ghlacadh san obair a thuilleadh, nuair a bhí an chéad sraith istigh.

Ar feadh i bhfad is beag úsáid a bhaintí as an dá chatalóg mhóra mhillteanacha seo, agus ba é an tuairim a bhí ag cuid mhór de na réalteolaithe gur obair amú a bhí iontu. Bhí fócas na réalteolaíochta féin athraithe ón réaltghrafaíocht go dtí an réaltfhisic (ó bhreathnú is mapáil na réaltaí go tuiscint theoiriciúil a bhforbartha) le linn na mblianta a chaith na réalteolaithe ag tógáil na ngrianghrafanna seo. Mar sin féin, tháinig cuma nua ar an scéal arís le déanaí, agus inniu cuirtear seansonraí an tionscadail seo i gcomparáid leis na grianghrafanna nua ón tsatailít úd Hipparcos a bhí ag mapáil na spéire sna blianta 1989-1993.

Catóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach díoltach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu – caitiain, mar a thugtar orthu.

Ceann na Péiste a thugtar ar an gcuid de réaltbhuíon na Péiste atá suite idir Fear na bPéisteanna, Earcail, Coróin an Tuaiscirt, an tAoire, an Mhaighdean, agus an Mheá. Tá dhá leath na Péiste, is é sin Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste, scartha ó chéile ag Fear na bPéisteanna. Is í Alpha Serpentis, nó Unukalhai, an réalta is gile i gCeann na Péiste agus sa réaltbhuíon go léir. Tá Unukalhai suite faoi 74 solasbhliana dínn, agus is fathachréalta í. Aicmítear mar K-réalta í, is é sin is réalta fhlannbhuí í agus í beagáinín níos fuaire sa dromchla ná an Ghrian s’againn.

Ceantar na Gréine a thugtar ar an réigiún spáis timpeall na Gréine. Is féidir a rá go bhfuil Alpha Centauri, Sirius, Procyon, Réalta Kapteyn, Réalta Barnard, Réalta Teegarden, agus Epsilon Eridani suite sa cheantar sin de réir gach sainmhíniú.

Cearnóg Mhór Pheigeasais a thugtar ar an astaireacht a chuimsíos na réaltaí seo leanas:

  • Alpha Pegasi, nó Markab;
  • Beta Pegasi, nó Scheat;
  • Gamma Pegasi, nó Algenib;
  • agus Alpha Andromedae, nó Alpheratz. Tá Alpheratz suite ar theorainn Pheigeasais agus Andraiméide, agus ar feadh i bhfad bhíodh na réalteolaithe idir dhá chomhairle fúithi – in ainmníocht Bayer ba nós dhá ainm a thabhairt uirthi ar dtús, Delta Pegasi chomh maith le Alpha Andromedae. Inniu, áirítear ar réaltaí Andraiméide amháin í.

Ceartairde (dronairde, ceartéirí, dronéirí) a thugtar ar cheann den dá chomhordanáid i gcóras na gcomhordanáidí réalteolaíocha. Is í an cheartairde an chomhordanáid a fhreagraíos don fhadlíne, nó is ionann í agus an fad idir pointe áirithe ar an meánchiorcal neamhaí agus pointe chónocht an Earraigh (teagmháil an éicliptigh agus an mheánchiorcail neamhaí), ar a dtugtar ”túsphointe Aries” freisin. Gualainn nó stua í an cheartairde go bunúsach, ach is gnách í a thabhairt in aonaid ama (uaireanta, nóiméid agus soicindí) seachas aonaid stua (céimeanna, stuanóiméid agus stuashoicindí); is ionann, ansin, ceithre huaire is fiche agus ciorcal iomlán.

Is iad ”ceartairde” agus ”ceartéirí” na leaganacha is mó a d’fheicfeá sna foclóirí, ach dealraíonn sé gur fearr le réalteolaithe le Gaeilge, nó le Gaeilgeoirí maithe a bhfuil eolas éigin acu ar na réaltaí, na leaganacha ”dronéirí” agus ”dronairde” a úsáid.

Ceathramhán: Bíonn sé praiticiúil go minic an spéir infheicthe a roinnt ina ceithre chuid, agus tugtar ceithreamháin ar na rannóga seo. Braitheann sainmhíniú an cheathramháin ar an gcóras comhordanáidí a úsáidtear. Focal é ”ceathramhán” a chloistear go minic ar Star Trek freisin, mar chuid den teicneachabaireacht. sé i gceist ag na scriptscríbhneoirí, de réir mar is dealraitheach, go bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, roinnte ina cheathramháin, agus ár ngrianchóras féin suite san Alfa-Cheathramhán. Níl an úsáid seo ródhifriúil leis an dóigh a n-úsáidtear an focal san fhíor-réalteolaíocht.

An Ceathramhán, nó An Ceathramhán Múrach, a thugtaí ar an réaltbhuíon ar shainigh an réalteolaí Francach Jérôme Lalande sa bhliain 1795 í agus í suite idir an tAoire agus an Dragan. Ní thugann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe aitheantas don Cheathramhán a thuilleadh, ach tá dreigechith na gCuadraintídí ainmnithe as. Quadrans Quadrans Muralis an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon.

Ceathrú an téarma a thagraíos ar an gcuma atá ar an ngealach nuair atá leath a diosca soilsithe mar a fheictear dúinn féin é. Is é sin, is ionann ceathrú agus leath gealaí, de réir na gnáthúsáide. Tá an ghealach i mbéal ceathrún nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag fás, is é sin roimh an lánré. Is í an cheathrú dheireanach atá ann nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag dul i laghad, is é sin roimh an nua-ré. D’fhéadfá an dara ceathrú a thabhairt ar an lánré, ach ní gnáthúsáid a bheadh ann.

Ceiféas a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Eala, an Sioráf, Caiseoipé, an Laghairt, an Dragan, agus an Béar Beag. Is í Alderamin, nó Alpha Cephei, an réalta is gile sa réaltbhuíon, agus í suite faoi naoi solasbhliana agus dhá scór dínn. Tá Alderamin cúpla oiread chomh mór leis an nGrian, agus seacht n-oiread déag chomh lonrúil. Creidtear go bhfuil Alderamin díreach ag fágáil an phríomhsheichimh ina diaidh le hiompú ina fathachréalta nó ina fo-fhathachréalta. A-réalta (réalta bhán nó ghormbhán) atá in Aldebaran de réir aicmiú speictreach na réaltaí.

Errai, nó Gamma Cephei, an dara réalta is gile. Le fírinne is déréalta í: tugtar Gamma Cephei ar an gcóras go léir, agus Errai a thugtar ar phríomhréalta an chórais. K-réalta (réalta fhlannbhuí) agus fo-fhathachréalta í Errai, agus í beagáinín níos fuaire ná an Ghrian (ar G-réalta bhuí í). Abhacréalta dhearg atá i leathbhádóir Errai. Sa bhliain 1988 a cuireadh an chéad sonrú i bpláinéad mór (níos mó ná Iúpatar, de réir chosúlachta) atá ag fithisiú Errai. I ndeireadh na bliana 2015 socraíodh an t-ainm Tadmor a bhaisteadh ar an bpláinéad sin. Is éard atá in Tadmor ná ainm Araibise ar an tseanchathair stairiúil úd Palmyra sa tSiria, agus ba í eagraíocht réalteolaithe na Siria a mhol an t-ainm.

Alfirk, nó Beta Cephei, an tríú réalta is gile i gCeiféas. Réalta athraitheach atá inti, agus aicme nó cineál iomlán de réaltaí athraitheach ainmnithe aisti – réaltaí athraitheacha ar aon déanamh le Beta Cephei. Tríréalta í Beta Cephei, agus í comhdhéanta as déréalta speictreascópach (is é sin, déréalta nach féidir a aithint mar dhéréalta ach breathnuithe a dhéanamh ar a speictream) agus comhbhall amháin eile atá infheicthe mar réalta ar leith.

Réalta athraitheach de chineál ar leith í Delta Cephei. Bíonn lonrachas na réalta seo ag athrú go tráthrialta – d’fhéadfá a rá go bhfuil sí ag tabhairt bíoganna uathu. Bíonn lonrachas na réalta ag fás go tobann leis an uasmhéid a shroicheadh, agus maolú ag teacht uirthi de réir a chéile ina dhiaidh sin. Tógann sé 3.37 lá (trí lá agus beagnach naoi n-uaire) ar Delta Cephei timthriall amháin den tsórt seo a chur di. Athraíonn aicme speictreach na réalta féin i rith an timthrialla, ó F go G agus ar ais.

Tá aicme iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe as Delta Cephei, mar atá, na Ceifidí. Réaltaí bíogacha iad na Ceifidí a dtagann athruithe ar a n-aicme speictreach agus ar a dtrastomhas féin de réir timthriall tráthrialta. Is gnách leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as an gcineál seo réaltaí mar chineál baoithe spáis le faid a thomhas.

Ceilt a bheas ann má thagann rinn neimhe amháin idir sinn agus rinn neimhe eile. Ansin beidh an dara ceann acu ceilte ag an gcéad cheann. Mar shampla, is féidir nach bhfeicimid réalta áirithe, toisc go bhfuil an Ghealach idir sinn agus í.

Más í an Ghrian atá ceilte ag an nGealach, ní gnách ceilt a thabhairt air sin, ach urú (gréine).

Céimeanna na Gealaí a thugtar ar na hathruithe a thagas ar chuma na Gealaí mar a fheictear dúinn féin í i rith na míosa. Is í céim na Gealaí an chuid – an céatadán, fiú – den Ghealach atá soilsithe, go bunúsach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, toisc nach bhfuil sí soilsithe ag an nGrian, deirimid go bhfuil an nua-ré ann. I ndiaidh na nua-ré tagann cuma an chorráin ar an nGealach, agus í ag fás. Timpeall ar sheachtain i ndiaidh na nua-ré tá an Ghealach i mbéal ceathrún, agus leath di soilsithe. Ina dhiaidh sin tá an Ghealach scothlán. Nuair atá an Ghealach go léir soilsithe, timpeall ar dhá sheachtain i ndiaidh na nua-ré, deirtear go bhfuil lán-réiomlán gealaí ann. I ndiaidh na lán-ré tagann cuma scothlán ar an nGealach arís, agus í ag dul i laghad anois. Timpeall ar thrí seachtaine i ndiaidh na nua-ré, níl ach leath na Gealaí soilsithe, agus is éard a thugtar air sin ná an cheathrú dheireanach. Ina dhiaidh sin, tá corrán Gealaí ann arís. Sa deireadh, níl an corrán féin fágtha, agus tá nua-ré ann in athuair.

Tugtar mí shionadach mí ghealaí ar an tréimhse idir dhá nua-ré, nó dhá lán-ré. Tá sí naoi lá is fiche, dhá uair déag, agus ceithre nóiméad is dhá scór ar meánfhad, ach le fírinne bíonn fad na míosa gealaí ag luainiú idir 29.8 lá agus 29.26 lá, de réir is mar a bhíos imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar fhithis na Gealaí.

Céim stua a thugtar ar an aonad stua arb ionann é agus 1/360 (aon trí chéad is seascadú cuid) den chiorcal iomlán.

An Ceinteár (Centaurus an leagan Laidine, Centauri an ginideach) an réaltbhuíon ina bhfuil an réalta is cóngaraí don Ghrian le feiceáil, agus í ag críochantaíocht leis an Aerchaidéal, an Chíle, an Compás, Cros an Deiscirt, an Phéist Uisce, an Mheá, an Faolchú, an Chuileog, agus na Seolta.

Is í an tríréalta úd Alpha Centauri, nó Toliman, an réalta (nó an réaltchóras) is feiceálaí sa Cheinteár. Tá trí chomhbhall ann: Rigil Kentaurus, nó Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri (is é is ciall le proxima na Laidine ná ”an ceann is cóngaraí”). Ní réaltaí móra iad: is G-réalta phríomhsheichimh í Rigil Kentaurus, agus í ábhairín níos mó ná an Ghrian; is K-réalta phríomhsheichimh í Alpha Centauri B, agus í ábhairín níos mó agus níos fuaire ná an Ghrian; agus is abhacréalta dhearg (M-réalta) í Proxima, agus í i bhfad níos lú ná an Ghrian, nó an dá réalta eile sa chóras chéanna. Le fírinne tá sé ina chúis easaontais idir an lucht saineolais i gcónaí, cé acu atá baint cheart imtharraingthe ag Proxima leis an dá réalta eile, nó an ea nach bhfuil sí ach ag dul thar bráid. Tá an trí cinn acu suite faoi bhreis is ceithre solasbhliana dínn, ach tá Proxima níos gaire dúinn ná an dá cheann eile.

Tá Alpha Centauri chomh cóngarach dúinn is go bhfuil sí ar réaltaí geala na spéire: níl ach Canopus agus Sirius níos gile. Fathachréalta é Canopus; maidir le Sirius, is réalta phríomhsheichimh é atá suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri.

Ceinteáir a thugtar ar aicme ar leith d’astaróidigh freisin, mar atá, iad siúd a ritheann a bhfithis trasna ar fhithisí na bhfathachphláinéad (is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Is féidir dearcadh orthu mar astaróidigh nó mar chóiméid, díreach mar a bhí tréithe an duine agus an chapaill araon ag ceinteáir na miotaseolaíochta. Níor aithin na réalteolaithe na ceinteáir mar ghrúpa ar leith de reanna neimhe sular chuir siad sonrú in Chiron sa bhliain 1977. Is í Chariklo, a haithníodh sa bhliain 1997, an ceinteár is mó, agus í dhá chéad go leith de chiliméadair ar trastomhas (nó trí chéad ciliméadar ar fad, más fearr leat – níl sí ar déanamh na liathróide).

Ba é Hidalgo an chéad cheinteár a d’aithin na réalteolaithe, thiar sa bhliain 1920, ach ní raibh ainm ar leith acu ar an gcineál seo réadanna go fóill – d’aicmigh siad mar ghnáthastaróideach é. Fuair Hidalgo a ainm ón Athair Miguel Hidalgo, laoch saoirse Mheicsiceo; inniu áfach is gnách na ceinteáir a ainmniú as ceinteáir na miotaseolaíochta, cosúil le Chiron, Chariklo, Nessus agus Amycus.

Ceres an ceann is mó de na reanna neimhe i gCrios na nAstaróideach – le fírinne ní dhearctar uirthi mar astaróideach i gciall cheart an fhocail, ach mar abhacphláinéad cosúil le Plútón. Tá Ceres ar déanamh na liathróide – is é sin tá sí sféarúil. Téann sí timpeall ar an nGrian uair amháin in aghaidh 4.6 bliain, agus í naoi gcéad go leith de chileaméadair ar trastomhas. Tá trian de mhais Chrios na nAstaróideach i Ceres. Creidtear go bhfuil leac oighir timpeall ar chroílár cloiche an abhacphláinéid seo. Ba é an spástaiscéalaí úd Dawn an chéad ghléas daondéanta a fuair radharc ceart ar dhromchla Ceres, nuair a chuaigh sé thart léi sa bhliain 2015. Thóg an gléas cuid mhaith grianghrafanna, agus is éard atá le haithint orthu ná go bhfuil Ceres breac le cráitéir. Uisce galaithe an t-aon atmaisféar atá ag Ceres, agus solas na Gréine ag baint móilíní uisce den dromchla oighir.

Chiron a thugtar ar mhionphláinéad (astaróideach) uimhir 2060, ar chuir an réalteolaí Charles Kowal an chéad sonrú ann sa bhliain 1977. Ní bhaineann Chiron le crios Kuiper ar imeall an ghrianchórais ná le crios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar, agus mar sin fuair na réalteolaithe riachtanach aicme nua a bhunú dá leithéidí – na ”ceinteáir”. Dá réir sin d’ainmnigh siad as ceann de cheinteáir na miotaseolaíochta Gréagaí é. Tá garphointe a fhithise don Ghrian (an peirihéilean) suite taobh istigh d’fhithis Iúpatair, agus an cianphointe (an t-aiféilean) taobh amuigh d’fhithis Úránais.

Ciantréimhseach: Is é an t-athrú ciantréimhseach an t-athrú nach bhfuil tréimhsiúil nó peiriadach. (Athruithe tréimhsiúla nó peiriadacha iad na hathruithe a chuirtear ar ceal go tráthrialta agus an peiriad, an tréimhse nó an timthriall ag tosú arís.) Claonadh mall fadtéarmach atá i gceist leis an athrú ciantréimhseach, mar sin. Is gá a admháil, áfach, go bhfuil an duine daonna chomh gearrshaolach i gcomparáid le himeachtaí na spéire is gur féidir gur athrú peiriadach nó timthriallach atá i gceist lena lán forbairtí ciantréimhseacha, ach amháin go bhfuil siad chomh mall ag teacht i gcrann nach féidir leis an duine fad an timthrialla a thomhas.

Is é an focal Béarla ar ”ciantréimhseach” ná secular. Sa ghnáthchiall is mar ”saolta” a aistrítear é, agus tá sé tábhachtach aird a thabhairt air nach é sin an téarma réalteolaíochta sa Ghaeilge.

Cignídí: dreigechith iad na Cignídí a bhíos le feiceáil i réaltbhuíon na hEala (Cygnus) i Mí Lúnasa.

An Chíle (ainm Laidine: Carina, ginideach: Carinae) atá ar an réaltbhuíon idir Deireadh na Loinge, na Seolta, Compás an Mhairnéalaigh, an Péintéir, an tIasc Eitilte, an Caimileon, an Chuileog, agus an Ceinteár. Cosúil lena lán de na réaltbhuíonta ina timpeall, ba chuid den Long (Argo Navis) í ar dtús.

Is é Canopus, nó Alpha Carinae, an réalta is gile sa Chíle. Ollfhathachréalta bhán atá ann, agus é ar an dara réalta is gile ar an spéir (níl ach Sirius níos gile, agus ní fathach é Sirius, ach réalta phríomhsheichimh atá cóngarach dúinn).

Maidir le Beta Carinae nó Miaplacidus, tá sé ar réaltaí geala na spéire chomh maith. Ainm aisteach é Miaplacidus, ós rud é go bhfuil sé curtha i dtoll le chéile as focal Araibise a chiallaíos ”na huiscí” agus focal Laidine a chiallaíos ”mín, moiglí, séimh” (cf. placid an Bhéarla). Pé scéal é tá an réalta seo trí oiread go leith chomh trom leis an nGrian, beagnach seacht n-oiread chomh leathan, agus dhá chéad ocht n-oiread is ceithre scór chomh lonrúil. A-réalta is ea Miaplacidus, cosúil le Sirius.

Níl a leithéid de réalta ann agus ”Gamma Carinae”. Nuair a scoilteadh an Long ina réaltbhuíonta éagsúla, choinnigh gach réalta an litir Ghréagach a bhí mar ainm uirthi in ainmníocht Bayer, ionas nár hathraíodh ach ainm Laidine na réaltbhuíne i ndiaidh na litreach. Ba leis na Seolta a thit Gamma Argus Navis, agus baisteadh Gamma Velorum ar an réalta sin (Vela an t-ainm Laidine ar na Seolta).

Eta Carinae ar réaltaí móra na spéire, agus í suite faoi sheacht míle go leith de sholasbhlianta dínn. Déréalta nó ilréalta í agus í na milliúin oiread níos gile ná an Ghrian s’againn. Tagann athruithe móra ar a méid dhealraitheach, agus an dá phríomhbhall den chóras ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Bhí Eta Carinae ina réalta mhór fheiceálach sna 1830idí agus sna 1840idí (”an Brúchtadh Mór” a thugas na réalteolaithe ar an tréimhse inniu), agus í ní ba ghile ná Canopus féin tráth, ach ina dhiaidh sin mhaolaigh uirthi arís. Glactar leis anois go mbíonn gile na réalta seo ag athrú go timthriallach, agus an dá chomhbhall den déréalta ag timpeallú a chéile – tógann sé cúig bliana go leith ar an dá réalta timthriall amháin a chríochnú. Ní ar an timthriall amhán a bhraitheas na hathruithe a thagas ar ghile na réalta seo, áfach – mar shampla bíonn sé éagsúil go leor cé acu mar sholas infheicthe nó mar radaíocht de chineál eile a astaíos Eta Carinae a cuid fuinnimh.

Chomh mór millteanach is atá Eta Carinae, creideann na réalteolaithe go bhfuil ollnóva i ndán di, agus go n-iompóidh sí ina dúpholl ina dhiaidh sin. Le fírinne chuirfeadh na pléasca is na brúchta ar Eta Carinae ollnóvaí i gcuimhne duit, ach ní ollnóvaí iad i gciall cheart an fhocail, nó fanann an réalta ina réalta i ndiaidh na n-imeachtaí seo, is é sin ní dhéantar neodrónréalta ná dúpholl di. Nóvaí ateagmhasacha atá i gceist mar sin ach is ábhar iontais é an fás a thagas ar ghile na réalta le linn na mbrúchta seo. Is féidir ollnóvaí bréige a thabhairt orthu, nó ”ollnóvaí den chineál V”; nuair a bhíos brúchta cosúla le haithint ar réaltaí eile, is minic a dhealraítear le hEta Carinae iad (”imeachtaí i stíl Eta Carinae”).

Cill fhótaileictreach: is éard atá i gceist lena leithéid ná gléas a tháirgeas leictreachas nuair a bhuaileas an solas é, ionas go dtugann athruithe ar an leictreachas sin de réir athruithe an tsolais. Tá an chill fhótaileictreach bunaithe ar an bhfeiniméan fisice a dtugtar iarmhairt fhótaileictreach air.

Cineálacha lonrachais: Is éard atá i gceist leis na cineálacha lonrachais ná aicmiú na réaltaí de réir chomh lonrúil is atá siad. Sa chéad leagan den rangú seo ní raibh ach cúig aicme, is é sin, I, II, III, IV agus V – na huimhreacha Rómhánacha óna haon go dtí a cúig. Sa chóras seo, bhí I ag seasamh do na hollfhathachréaltaí, agus V ag tagairt do réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian s’againn. Ina dhiaidh sin, rinneadh athruithe agus fairsingiú ar an gcóras: mar sin, tá aicme na n-ollfhathach roinnte ina lán fochatagóirí (0, Ia, Iab, Ib) agus cúpla catagóir nua curtha leis an gcóras do na habhaic is lú freisin (sd = sub-dwarf an Bhéarla, nó fo-abhac, agus D = dwarf an Bhéarla, is é sin abhacréalta bhán).

Ba iad na réalteolaithe William Morgan, Philip Keenan agus Edith Kellman a d’oibrigh amach an córas aicmiúcháin seo i dtús na 1940idí, agus dá réir sin is gnách ”córas Morgan-Keenan” nó ”córas MKK” a thabhairt air. Bhí siad ag obair i Réadlann Yerkes – tá an réadlann seo suite i Wisconsin, ach is cuid d’Ollscoil Chicago í. An leagan den rangú atá in úsáid inniu téann sé siar go dtí na caogaidí.

Ciogal Mheatóin: Is ionann ”ciogal Mheatóin” agus 235 mhí gealaí. D’aithin an réalteolaí sean-Ghréagach Meatón gurb ionann, beagnach, naoi mbliana déag agus 235 mhí gealaí (níl de dhifríocht ach dhá uair an chloig, má ghlactar leis gurb ionann an ”bhliain” agus bliain na gréine (an bhliain thrópaiceach). Bhí tábhacht nár bheag ag baint le ciogal Mheatóin i bhféilireacht na seanársaíochta.

Ciogal na ngrianspotaí: peiriad na n-athruithe a thagas ar ghníomhaíocht mhaighdéanach na Gréine agus ar na grianspotaí, ar toradh don ghníomhaíocht sin iad. Tógann sé tuairim is aon bhliain amháin ar an nGrian ciogal den chineál seo a chur di.

Ciogal Sótach: Má chloítear leis gurb ionann bliain amháin agus trí chéad cúig lá is trí scór (365 lá), beidh an féilire chun deiridh ar shéasúir na bliana. Tógfaidh sé aon chiogal Sótach amháin go mbeidh an féilire cothrom leis an mbliain arís. Is ionann aon chiogal amháin agus míle ceithre chéad is trí scór bliain (1460 bliain) de réir fhéilire Iúil, nó bliain amháin thar an méid sin (1461 bhliain) de réir fhéilire na sean-Éigipteach (is ionann bliain sean-Éigipteach agus 365 lá go cothrom). Tá an aidiacht sin Sótach bunaithe ar Sotis, arbh é ainm na nÉigipteach ar an réalta úd Sirius (le fírinne, is leagan Gréigise é den ainm Éigiptise Sopdet), nó ba nós leis na hÉigiptigh a shíleadh gurb é éirí héiliacach na réalta sin tús na bliana. (An bhliain a shainmhínítear de réir éirí héiliacach na réalta seo, tugtar bliain Shótach uirthi, agus í tuairim is aon nóiméad amháin níos faide ná an bhliain thrópaiceach, is é sin, bliain na Gréine.)

Ciorcal an diallais: an ciorcal i ngléasadh meánchiorclach an teileascóip ar a socraítear an diallas, is é ciorcal an diallais é.

Ciorcal comhlárnach: Ciorcail chomhlárnacha iad na ciorcail arb ionann a lárphointe. Dhá chiorcal comhlárnacha nach ionann a nga, tugtar fáinne ar an réigiún eatarthu.

Ciorcal éalárnach: Ciorcail a bhfuil ceann acu go hiomlán taobh istigh den cheann eile, agus nach ionann a lárphointe, is ciorcail éalárnacha iad.

Ciorcal polach: Ciorcail pholacha iad an ciorcal Artach agus an ciorcal Antartach. Taobh istigh den chiorcal pholach caitheann an Ghrian tréimhse níos faide ná lá is oíche amháin os cionn na léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana (grian an mheán oíche, mar a déarfá), agus tréimhse níos faide ná sin taobh thíos den léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana chomh maith.

Ciseal cúlaithe: Is é an ciseal cúlaithe an ciseal i gcrómaisféar na Gréine, díreach os cionn an fhótaisféir. Is ansin a fhágtar na línte ionsúcháin ar speictream na Gréine.

Ciseal Kennelly-Heaviside: Cuid d’ianaisféar an Domhain é ciseal Kennelly-Heaviside, nó an tE-chiseal, nó an tE-réigiún. Gás ianaithe atá sa chiseal seo, agus é suite 90-150 ciliméadar os ár gcionn. Frithchaitheann ciseal Kennelly-Heaviside radathonnta meánmhinicíochta, rud a chiallaíos gur féidir leis iad a iompar thar an léaslíne.

Fuair an ciseal a ainm ó Arthur Edwin Kennelly, innealtóir leictreach Gael-Mheiriceánach, agus ón bhfisiceoir féinteagasctha Sasanach Oliver Heaviside.

Ciseal vialait: Is éard atá i gceist leis an gciseal vialait ná ciseal cáithníní sa chuid is airde thuas d’atmaisféar Mharsa, agus é ag stopadh an tsolais chorcra, an tsolais vialait agus an tsolais ultraivialait.

Cisghealaí: An réigiún den spás atá suite idir atmaisféar an Domhain agus fithis na Gealaí, deirtear gurb é an spás cisghealaí é, is é sin, an spás ar ár dtaobh féin den Ghealach. An spás taobh amuigh den spás cisghealaí, arís, is é an cianspás é. Gineadach baininscneach é an focal sin cisghealaí go foirmiúil, ach ní úsáidfeá an fhoirm cisghealach. D’fhéadfá ”an spás trasghealaí” a thabhairt ar an gcianspás chomh maith.

Claíomh Oiríon: Astaireacht, nó grúpa réaltaí, é Claíomh Oiríon atá le feiceáil i réaltbhuíon an Bhodaigh (Oiríon) taobh thíos de Shlat an Bhodaigh (Crios Oiríon, an Fhearsaid). Tá Claíomh Oiríon comhdhéanta as 42 Orionis, Theta Orionis, agus Iota Orionis chomh maith le Réaltnéal an Bhodaigh, nó Réaltnéal Oiríon, arb é réad uimhir a 42 i gcatalóg Messier agus réad uimhir a 1976 sa Nua-Chatalóg Ghinearálta é (M42, NCG1976).

Clann chóiméad: Bíonn na cóiméid ghearrthréimhseacha ag fithisiú na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus go tipiciúil tá cianphointe (apaihéilean) an chineál sin cóiméid suite sa réigiún den ghrianchóras ina bhfuil na pláinéid mhóra le fáil. An pláinéad a bhfuil cianphointe an chóiméid suite in aice lena fhithis, deirtear gur de chlann an phláinéid sin an cóiméad. Clann chóiméad thábhachtach í clann Iúpatair, cuir i gcás.

Claonadh fithise: Is éard atá i gceist le claonadh na fithise ná an ghualainn idir fithis an phláinéid (nó a leithéide de réad) agus plána (leibhéal) tagartha éigin. Más ag trácht ar fhithisí na bpláinéad timpeall na Gréine atáimid, is iad na gnáthphlánaí tagartha ná an t-éiclipteach (an leibhéal a ritheann fithis an Domhain tríd), an plána a ritheann meánchiorcal na Gréine tríd, agus an plána do-athraitheach, nó plána Laplace (an leibhéal a bhfuil baralár, nó meáchanlár, an Ghrianchórais suite ann).

Clóirín: Is é an clóirín dúil cheimiceach uimhir a 17, agus is é Cl an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Ceann de na halaiginí é an clóirín, cosúil leis an bhfluairín, an bróimín, an t-iaidín agus an t-astaitín, agus mar sin, tá aon leictreon amháin de dhíth air leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Is gás uaine nó buí-uaine é an clóirín le teocht an tseomra, agus é comhdhéanta as móilíní dhá adamh, Cl2. Fuair an clóirín a ainm ó dhath an gháis, nó is é is brí leis an bhfocal Gréigise úd khloros ná ”bánuaine”.

Tá an clóirín 35.45 aonad ar mheáchan adamhach. Is iad na hiseatóip chobhsaí ná 35Cl (trí cheathrú cuid de chlóirín an dúlra) agus 37Cl (aon cheathrú cuid amháin de chlóirín an dúlra). Tá a leithéid d’iseatóp ann agus 36Cl freisin, ach is radanúiclíd é nach bhfuil ach rianta di le fáil sa dúlra.

Is í an chomhdhúil is simplí dá bhfuil ag an gclóirín ná an chlóiríd hidrigine, HCl. Má thuaslagtar san uisce é, gheofar aigéad hidreaclórach. Aigéad láidir é an t-aigéad hidreaclórach, agus mar sin, is gás nimhe í an chlóiríd hidrigine. Tagann an t-aigéad seo isteach úsáideach sa tionsclaíocht, áfach, agus mar sin is ceimiceán é a tháirgtear go forleathan ar fud an domhain.

Tugtar aqua regia nó ”uisce an rí” ar thuaslagán measctha an aigéid nítrigh agus an aigéid hidreaclóraigh. Creimeann an tuaslagán seo ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór. Is í an tríchlóiríd óir, AuCl3, is toradh don imoibriú sin.

Ocsaídeoir láidir é an clóirín agus é araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin is nimh dhainséarach é an gás clóirín, agus le fírinne ba é an chéad ghás nimhe ar baineadh triail as i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda mar arm ceimiceach ollscriosta. Aon duine a léigh, abair, an dán Dulce et Decorum Est le Wilfred Owen, tá a fhios aige nach ábhar magaidh é an t-ionsaí clóirín. D’éirigh an dá thaobh as an gclóirín go sciobtha, áfach, nuair a tháinig gáis ab fhearr ná é chun úsáide: an fhoisgéin (an chlóiríd charbóinile), ach go háirithe – tá dhá adamh clóirín i móilín na foisgéine chomh maith le hadamh amháin carbóin agus ceann amháin ocsaigine, is é sin, Cl2CO an fhoirmle. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an fhoisgéin ar na scamhóga, ionas go líontar le leacht iad – mar a bheadh an duine á bhá ar talamh tirim. Níl boladh chomh láidir as an bhfoisgéin agus atá as an gclóirín, áfach – chuirfeadh boladh na foisgéine féar tirim i gcuimhne duit. Mar sin is féidir leis an bhfoisgéin dochar tromchúiseach a dhéanamh do na scamhóga i nganfhios don tsaighdiúir – scéal eile é an clóirín, nó d’aithneodh an saighdiúir a bholadh agus rachadh sé ar lorg a ghásphúicín in am.

Nuair a rachas an clóirín i gcomhdhúile le miotail, iompóidh sé ina ian clóiríde, Cl. Tá an t-ian clóiríde breá cobhsaí, agus níl sé nimhiúil ann féin. Clóirídí tábhachtacha iad an chlóiríd sóidiam NaCl, nó gnáthshalann, agus an chlóiríd amóiniam NH4Cl, a úsáidtear le tuilleadh blas a chur le milseáin liocrais. Cineál salann é an chlóiríd chailciam freisin, CaCl2. Is dual don chlóiríd chailciam uisce a ól chuici óna timpeallacht – is substaint thais-scópach í mar a deir an téarmaíocht – agus mar sin scaiptear ar na bóithre í le hiad a choinneáil tirim. An chuid is mó de na salainn chlóiríde tá siad so-thuaslagtha san uisce, ach is í an chlóiríd airgid AgCl an eisceacht mhór. Sin é an tuige go n-úsáidtear an níotráit airgid AgNO3 mar imoibrí leis na hiain chlóiríde a aithint: má chuirtear níotráit airgid le tuaslagán a bhfuil iain chlóiríde ann, rachaidh na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile le criostail a dhéanamh, agus beidh deascadh clóiríde airgid ann ar an toirt.

Tá aithne ag an gcine daonna ar chomhdhúile clóirín cosúil leis an ngnáthshalann ón réamhstair anuas, ach ba é Carl Wilhelm Scheele an chéad cheimiceoir a d’aonraigh gás clóirín agus a rinne taighde ceart ar airíonna na substainte seo, sna 1770idí. Shíl sé, áfach, gur comhdhúil de shórt éigin a bhí ann. Ba é an ceimiceoir Humphry Davy ó Chorn na Breataine a d’aithin, sa bhliain 1810, gur dúil cheimiceach a bhí i gceist, agus ba eisean a bhaist an dúil sin.

Tá sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín: an t-aigéad hipeaclórúil HClO (nó HOCl, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad clórúil HClO2 (nó HOClO), an t-aigéad clórach HClO3 (nó HOClO2) agus an t-aigéad sárchlórach HClO4 (HOClO3). Ní féidir ach an ceann deireanach acu a aonrú ón uisce; an trí cinn eile is comhdhúile éagobhsaí iad nach maireann taobh amuigh den tuaslagán uisce. Is féidir leo salainn a dhéanamh le hiain mhiotail, áfach – hipeaclóirítí, clóirítí agus clóráití. Ocsaídeoirí láidire iad, agus is mar ocsaídeoirí a úsáidtear iad – bléitseálann an hipeaclóirít sóidiam NaOCl teicstilí, mar shampla.

Maidir leis an aigéad sárchlórach, tá sé i bhfad níos cobhsaí ná ocsaigéid eile an chlóirín. Aigéad thar a bheith láidir é, níos láidire ná an t-aigéad nítreach féin. Is féidir é a aonrú ón uisce, ach is ábhar sophléasctha é, chomh maith lena chuid salann – na sárchlóráití. Ocsaídeoir láidir é freisin, ar ndóigh. Is é an bhaint atá ag an aigéad sárchlórach le cúrsaí an spáis ná go n-úsáidtear an tsárchlóráit amóiniam mar bhreosla sna roicéid; thairis sin d’aithin gléasra an spástaiscéalaí úd Phoenix Mars Lander sa bhliain 2008 go raibh sárchlóráit mhaignéisiam agus sárchlóráit chailciam le fáil in úir Mharsa. Bíonn salainn an aigéid shárchlóraigh an-sothuaslagtha san uisce, de ghnáth. Scéal eile é áfach go bhfuil an tsárchlóráit photaisiam dothuaslagtha, agus mar sin úsáidtear an t-aigéad sa cheimic anailiseach leis na hiain photaisiam, K+, a aithint.

Tá a lán ocsaídí ag an gclóirín freisin: an aonocsaíd déchlóirín Cl2O, an dé-ocsaíd chlóirín ClO2, an heacsocsaíd déchlóirín Cl2O6, an trí-ocsaíd déchlóirín Cl2O3, an heaptocsaíd déchlóirín Cl2O7, agus roinnt eile. Maidir leis an heaptocsaíd déchlóirín, is ainhidríd í don aigéad sárchlórach – is é sin má thagann sí i dteagmháin le huisce imoibreoidh sí leis an uisce le heaptocsaíd déchlóirín a dhéanamh.

Cóiméad réalta scuaibe, réalta eireabaill, réalta mhongach scuabréalta a thugtar ar réad beag a thagas ó imeall an Ghrianchórais i dtreo na Gréine, ionas go bhfeictear radaíocht na Gréine ag baint damhna den réad, agus an damhna sin ag lasadh suas mar a bheadh eireaball solais ag an réad.

Go bunúsach, ní bhíonn i gceist le cóiméad ach leac oighir den chineál atá flúirseach i scamall Oort agus i gcrios Kuiper, ar imeall an ghrianchórais. An dóigh a dtéann imtharraingt na réaltaí is gaire dúinn i bhfeidhm ar an scamall sin, bíonn corraíl ann, agus de thoradh na corraíola sin a fhágas na cóiméid an scamall le bealach a dhéanamh i dtreo na Gréine.

Tugtar núicléas ar an gcnap oighir féin. Timpeall an núicléis atá an cóma, is é sin, an t-atmaisféar tanaí agus é comhdhéanta as móilíní uisce agus pé cineál damhna eile atá sa núicléas féin. As an gcóma a dhéantar eireaball an chóiméid.

Is é an t-eireaball nó an scuab an ghné is feiceálaí den chóiméad. Is éard atá ann ná ábhar a bhaintear de dhromchla an chóiméid faoi bhrú na radaíochta ón nGrian agus na grianghaoithe. Le fírinne áfach is minic is féidir dhá eireaball éagsúla a aithint ag an gcóiméad – an t-eireaball dusta agus an t-eireaball gáis – ós rud é go bhfuil ábhar eile ann – dusta cloiche (sileacáití) i mbreis ar an oighear. Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach ní hionann luas a ngluaiseachta.

Bíonn na cóiméid ag dul timpeall na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus is gnách iad a aicmiú ina dhá ngrúpa, mar atá, na cóiméid ghearrthréimhseacha agus na cóiméid fhadtréimhseacha. Is as scamall Oort taobh thiar de Neiptiún a thagas na cinn ghearrthréimhseacha, agus is as crios Kuiper, an t-imeallbhord is faide ón nGrian, do na cóiméid fhadtréimhseacha. Is iad na cóiméid ghearrthréimhseacha na cinn a chríochnaíos turas amháin timpeall na Gréine in aghaidh an dá chéad bliain, nó níos minice, agus is iad na cinn fhadtréimhseacha na cinn a dtógann sé níos mó ama orthu. Tá cóiméid neamhthréimhsiúla ann fosta, is é sin cóiméid nach bhfanann sa Ghrianchóras tar éis an chéad turas a thabhairt i dtreo na Gréine.

Téann imtharraingt na réad mór – imtharraingt na bpláinéad, cuir i gcás – i bhfeidhm ar na cóiméid ó am go ham, agus tarlaíonn sé go mbuaileann cóiméad faoi phláinéad. Sampla clúiteach de seo is ea cóiméad Shoemaker-Levy a bhuail Iúpatar sa bhliain 1994: ar dtús thit an cóiméad seo as a chéile, agus ansin bhuail na hiarsmaí an pláinéad. Ba mhillteanach an phléasc a bhí ann, agus ar ndóigh bhí an t-imbhualadh seo tábhachtach do na réalteolaithe. Threisigh sé leis an tuairim atá ag cuid mhór acu gur sciath chosanta é Iúpatar atá ag dul idir an Domhan agus dreigeoidigh nó cóiméid ó imeall an ghrianchórais.

Cóiméad Arend-Roland a thugtar ar an gcóiméad a d’aithin na réalteolaithe Sylvain Arend agus Georges Roland thiar sa bhliain 1956. Bhí sé geal as an ngnáth nuair a tháinig sé i ngar don Domhan, agus mar sin áirítear ar na cóiméid mhóra i stair na réalteolaíochta é. Cóiméad neamhthréimhsiúil a bhí ann, is é sin, d’imigh sé as an nGrianchóras tar éis dó a pheirihéilean (a gharphointe don Ghrian) a fhágáil ina dhiaidh.

Cóiméad Biela: Fuair an cóiméad seo a ainm ó Wilhelm von Biela, oifigeach Ostarach de phór na Gearmáine a raibh suim aige sa réalteolaíocht. Ba iad Jacques Montaigne agus Charles Messier (an fear céanna a chuir i dtoll le chéile catalóg na réaltnéalta!), roimh aon eolaí eile, a d’aithin an cóiméad seo beag beann ar a chéile sna 1770idí, ach ba é Biela a d’oibrigh amach, sa bhliain 1826, mionsonraí matamaitice na fithise agus a dheimhnigh tréimhse imrothlaithe an chóiméid – tuairim is 6.6 bliain.

Sa bhliain 1845, chonaic na réalteolaithe go raibh dhá leath déanta den chóiméad, agus ina dhiaidh sin, thit Cóiméad Biela as a chéile. Níor fágadh ach dreigechith de – na hAndraiméidídí nó na Bílídí – agus níl an dreigechith sin féin le feiceáil a thuilleadh inniu.

Cóiméad Donati: Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Battista Donati a chuir an chéad sonrú sa chóiméad seo thiar sa bhliain 1858. Bhí cóiméad Donati ar an gcéad chóiméad ar tógadh grianghraf de riamh. Ceann de chóiméid mhóra na staire é chomh feiceálach is a bhí sé, agus deireadh lucht na comhaimsire gurbh é an cóiméad ab áille a chonacthas riamh – ar a laghad chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm ar a lán ealaíontóirí mar inspioráid. Glactar leis gur cóiméad fadtréimhseach é nach bhfillfidh ach sa cheathrú mílaois.

Cóiméad Encke: Cóiméad gearrthréimhseach é Cóiméad Encke nach dtógann sé ach tuairim is trí bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine. Cuireadh sonrú sa chóiméad seo san ochtú haois déag, ach is é an t-ainm a fuair sé ná sloinne an réalteolaí a d’oibrigh amach mionsonraí a fhithise sa bhliain 1819, mar atá, Johann Franz Encke.

Cóiméad Halley: Ceann de chóiméid mhóra na staire é an cóiméad seo. Tógann sé cúig bliana déag is trí scór air imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Bíonn sé le feiceáil go soiléir ón Domhan nuair a thagas sé i ngar don Ghrian, agus na teoiricí atá ag na réalteolaithe i dtaobh na gcóiméad tá siad, cuid mhór, bunaithe ar na breathnuithe a rinneadh ar an gcóiméad áirithe seo. Cosúil le Cóiméad Encke, tá an cóiméad seo ainmnithe as an matamaiticeoir a d’oibrigh amach airíonna a fhithise, seachas as an duine a chuir an chéad sonrú ann. Edmund Halley a bhí ar an eolaí sin, agus rinne sé an t-éacht i dtús na hochtú haoise déag. Chonaic Halley an cóiméad le súile a chinn féin sa bhliain 1682, agus bhí sé in ann filleadh an chóiméid a thairngreacht sách cruinn, ach fuair sé féin bás breis is deich mbliana sula bhfacthas a chóiméad arís.

Cóiméad Holmes: Ba é an réalteolaí Sasanach Edwin Holmes a chuir an chéad sonrú sa chóiméad áirithe seo sa bhliain 1892. Tógann sé sé bliana agus deich mí, a bheag nó a mhór, ar chóiméad Holmes turas amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cuid súl ann.

Cóiméad Ikeya-Seki: Cóiméad fadtréimhseach é an cóiméad seo ar chuir na réalteolaithe Seapánacha Kaoru Ikeya agus Tsutomu Seki sonrú ann sa bhliain 1965. Tháinig cóiméad Ikeya-Seki an-chóngarach don Ghrian agus rinneadh trí chuid de, ach má rinneadh, chloígh na codanna sin lena seanruthag ina dhiaidh sin féin. Nuair a d’imigh an cóiméad ó lár an ghrianchórais, ní fhacthas arís é.

Cóiméad Kohoutek: Ba é an réalteolaí Seiceach Luboš Kohoutek a chuir an chéad sonrú sa chóiméad áirithe seo. Chonacthas sa bhliain 1973 é, agus bhain sé amach a gharphointe don Ghrian faoi dheireadh na bliana. Cóiméad fadtréimhseach é nach bhfeicfear arís ach i gceann seachtó is cúig mhíle bliain. Ba é an chéad chóiméad riamh a ndearnadh breathnuithe air ó spásbháid – ba iad an spás-stáisiún Sóivéadach Soyuz a Trí Dhéag agus an ceann Meiriceánach Skylab a Ceathair a bhí i gceist.

Cóiméad Pons-Winnecke: Seo cóiméad ar chuir an réalteolaí Francach Jean-Louis Pons an chéad sonrú ann sa bhliain 1819. Chuaigh an cóiméad seo as radharc ar na réalteolaithe idir an dá linn, ach ansin rinne an Gearmánach Friedrich August Theodor Winnecke a athfhionnachtain sa bhliain 1858. Cóiméad gearrthréimhseach é nach dtógann sé ach corradh is sé bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine.

Coimhdire a thugtar ar an gcomhbhall is lú i ndéréalta – is coimhdire é Sirius B, mar shampla.

Cóimheas Pogson: Ar scála logartamach na gile, tá réalta na séú méide céad oiread níos gile ná réalta na chéad mhéide. Is é is impleacht dó sin ná, más ionann gile na réalta seo agus m, agus más í gile na réalta úd eile agus m + 1, de réir an scála, is é is brí leis sin ná go bhfuil an réalta úd eile timpeall is 2.512 oiread níos gile ná an réalta seo. Is í an uimhir sin cóimheas Pogson. Le bheith beacht, is ionann cóimheas Pogson agus an cúigiú fréamh as céad, is é sin, más ionann x5 (cúigiú cumhacht an x) agus 100, is ionann x agus cóimheas Pogson. Ba é an réalteolaí Sasanach Norman Robert Pogson a d’oibrigh amach an córas seo faoi lár na naoú haoise déag.

Coindrít a thugtar ar dhreigít atá fáiscthe as dusta agus mionábhar eile spáis, agus cáithníní an mhionábhair seo le haithint i gcónaí mar choindriúil sa chloch. Deoirín damhna é an coindriúl a ghreamaigh den dreigeoideach amuigh sa spás.

An Choirceog an t-ainm Gaeilge ar Praesepe nó réad uimhir a 44 i gcatalóg Messier (M44). Réaltbhraisle oscailte í atá le feiceáil i réaltbhuíon an Phortáin, agus í ar na braislí oscailte is cóngaraí dúinn. Tá réaltaí na Coirceoige suite faoi chúig nó sé chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus is léir óna ndualghluaisne go bhfuil baint éigin ag an gCoirceog le braisle Hyades. Tá timpeall ar mhíle réalta sa Choirceog agus iad nasctha dá chéile ag an imtharraingt; an chuid is mó acu tá siad sách beag, ach d’aithin na réalteolaithe cúig fhathachréalta ansin chomh maith. Ba é Galileo Galilei, roimh aon duine eile, a rinne breathnuithe teileascóip ar an gCoirceog, agus é in ann dhá scór réalta a aithint thar a chéile ansin.

An Colgán Dorado an réaltbhuíon atá suite idir an Siséal, an Clog, an Líontán, an Phéist Bheag, an Tábla, an tIasc Eitilte, agus an Péintéir. Ba é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a shainigh an réaltbhuíon seo sa tseachtú haois déag. Ar feadh i bhfad áfach ní raibh na réalteolaithe ar aon tuairim faoi ainm ceart na réaltbhuíne seo, nó is iomaí duine acu a thugadh Xiphias uirthi – ainm Laidine nó Gréigise ar an gcolgán. Ainm Portaingéilise é Dorado, áfach. Doradus an ginideach Laidine de Dorado a úsáidtear in éineacht le hainmneacha na litreach Gréagach i gcóras ainmníochta Bayer: Alpha Doradus, Beta Doradus, Gamma Doradus…

Is í an réalta is gile sa Cholgán ná Alpha Doradus, ar déréalta í: réaltaí teo bánghorma iad an dá chomhbhall, agus iad cúpla oiread níos troime, níos mó ná an Ghrian. Tá siad chomh lonrúil áfach is go n-aicmítear mar fhathachréaltaí iad. Le bheith beacht, fo-fhathach atá i gceann acu, agus fíorfhathach sa cheann eile. A-réalta é an fathach, agus is B-réalta é an fo-fhathach, de réir an speictrim.

Tá an chuid is mó de Scamall Mór Magellan le feiceáil sa Cholgán.

An Colm Columba a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Madra Mór, an Giorria, an Siséal, an Péintéir, agus Deireadh na Loinge. Is gnách glacadh leis gurbh é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a cheap an réaltbhuíon seo is a d’ainmnigh í i ndeireadh na séú haoise déag, cé go bhfuil leideanna ann gur réaltbhuíon thraidisiúnta a bhí ann i ndáiríribh. Is ar éigean is féidir a rá go mbeadh cuid súl sa Cholm. Phact, nó Alpha Columbae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fo-fhathach B-aicme atá i gceist, agus é suite faoi 260 solasbhliain dínn. Wazn an seanainm atá ar Beta Columbae, an dara réalta is gile. Réalta fhlannbhuí K-aicme í, agus í suite faoi 87 solasbhliana dínn.

Colúr a thugtar ar cheann de dhá phríomh-fhadlíne an sféir neamhaí. Is é colúr an ghrianstad an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá ghrianstad (is é sin, túsphointe Cancer agus túsphointe Capricornus). Is é an colúr cónochta an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá chónocht (is é sin, túsphointe Aries agus túsphointe Libra).

Cóma an focal is bunús le ”cóiméad”: is éard atá sa chóma ná ”atmaisféar” an chóiméid. Móilíní uisce agus dusta is mó a bhíos ann. Thairis sin aithnítear comhdhúile simplí eile seachas uisce i gcóma na gcóiméad: dé-ocsaíd charbóin (CO2), aonocsaíd charbóin (CO), suilfíd hidrigine (H2S), ciainíd hidrigine (HCN) agus formaildéad (HCHO), mar shampla.

Comharthaí an Stoidiaca a thugtar ar na teascóga den éiclipteach a chomhionannaítear le réaltbhuíonta an Stoidiaca san astralaíocht. Sainmhínítear na comharthaí seo de réir réalteolaíocht na sean-Bhablóine, rud a chiallaíos nach bhfuil na réaltbhuíonta agus na comharthaí ag freagairt dá chéile a thuilleadh, nó tháinig athrú áirithe ar an spéir idir an dá linn, chomh sean is atá na réaltchatalóga Bablónacha – is í luainíocht na gcónocht is cúis leis an athrú seo. Thairis sin is ionann gach teascóg agus aon dóú cuid déag den éiclipteach, ach ar ndóigh tá réaltbhuíonta an Stoidiaca éagsúil maidir leis an gcuid den éiclipteach atá fúthu. Scéal eile fós go bhfuil réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna dingthe idir an Scairp agus an Saighdeoir, agus an t-éiclipteach ag rith tríthi, ach ina dhiaidh sin féin ní thugann lucht na hastralaíochta aitheantas dá leithéid de chomhartha stoidiaca.

Is iad comharthaí an Stoidiaca ná an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an Leon, an Mhaighdean, an Mheá, an Scairp, an Saighdeoir, an Gabhar, an tUisceadóir, agus na hÉisc. ”An tUisceadóir” an t-ainm Gaeilge a bhíos ag lucht scríofa na dtuismeánna ar an gcomhartha úd Aquarius, ach is é ”Iompróir an Uisce” an t-ainm a mholas an Foclóir Réalteolaíochta don réaltbhuíon.

Comhathrú an domhanleithidguagadh Chandler a thugtar ar ghné áirithe de nútú an Domhain, is é sin, ar an athrú a thagas ar an mbaint atá ag ais rothlúcháin an Domhain lenár bpláinéad féin mar chorp soladach. Athrú tréimhsiúil é guagadh Chandler. Ba é an geolaí Meiriceánach Seth Chandler a d’aithin comhathrú an domhanleithid sa bhliain 1891.

Comhbhaill a thugtar ar na réaltaí a bhfuil córas déréaltach nó ilréaltach comhdhéanta astu.

Comhdhlúthuithe corónacha a thugtar ar limistéir áirithe i gcoróin na Gréine atá níos teo agus níos gile ná a bhfuil ina dtimpeall. Tá baint acu le gníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine.

Comhéifeacht athraonta an uimhir a thugas coibhneas luas an tsolais san fholús agus luas an tsolais i meán áirithe. Mar shampla, tá an t-uisce 1.333 ar chomhéifeacht athraonta, rud a chiallaíos go bhfuil an solas aon tríú cuid níos sciobtha san fholús ná san uisce.

Ní mór aird a thabhairt air go bhfuil an chomhéifeacht athraonta bunaithe ar luas na dtonnta solais. Mar sin, is féidir di bheith beagáinín níos ísle ná a haon. Sa chás sin féin áfach ní bhristear an dlí nádúrtha a deir nach dtig luas an tsolais a shárú, nó ní iompraíonn na tonnta féin aon chineál eolais ná damhna. Má thagann athrú ar mhinicíocht an tsolais, áfach, ní sháróidh luas forleata an athraithe sin luas an tsolais, ós iompróir eolais, nó fiú giota eolais ann féin, atá san athrú sin.

Comhiompar an focal a thagraíos d’aistriú an teasa trí aistriú na móilíní nó na n-adamh – is é sin, nuair a bhíos na móilíní nó na hadaimh ag gluaiseacht, bíonn siad ag iompar an teasa agus an fhuinnimh leo. Is é an comhiompar is cúis le haistriú an teasa sa chuid eachtrach den Ghrian, a dtugtar crios an chomhiompair uirthi; taobh istigh de chrios an chomhiompair atá crios na radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á iompar ag an radaíocht, seachas ag na móilíní nó na hadaimh.

Comhlínitheoir a thugtar ar ghléas a úsáidtear le solas nó radaíocht a chomhlíniú – is é sin, leis na gathanna a stopadh ó spré agus a choinneáil go tiubh in aice le chéile. Solas an-chomhlínithe atá i gceist leis an solas léasair, agus d’fhéadfá a rá go bhfuil an léasar ar an gcomhlínitheoir is láidire amuigh.

Comhlionsa atá i gceist le lionsa atá curtha i dtoll le chéile as lionsaí éagsúla agus iad déanta as cineálacha éagsúla gloine. Úsáidtear comhlionsaí leis na hiomraill optúla sna lionsaí a íosmhéidiú. Sampla tábhachtach de seo is ea an comhlionsa neamhchrómatach. Go bunúsach, ní hionann an fócas do na tonnfhaid éagsúla i lionsa aonair, rud a tharraingíos iomrall crómatach (iomrall datha), ionas go bhfeictear, abair, sórt ”bogha báistí” de dhathanna timpeall ar an réalta sa teileascóp. Comhlionsaí neamhchrómatacha iad na comhlionsaí atá ceaptha go speisialta le baint den iomrall chrómatach.

Comhordanáidí neamhaí a thugtar ar na comhordanáidí a úsáideas na réalteolaithe le háit na rinne neimhe ar an spéir a shocrú is a shainmhíniú. Bíonn córais éagsúla chomhordanáidí acu le haghaidh cuspóirí éagsúla:

  • Córas na léaslíne. Tá an córas seo bunaithe ar an áit a bhfuil an breathnóir féin suite ar dhroim an Domhain. Is í an léaslíne a shocraíos bunphlána an chórais agus nialas an leithid (is é sin, nialas na hairde). Is iad poil an chórais seo ná an forar (an pointe os cionn an bhreathnóra) agus an nadair (an pointe taobh thíos den bhreathnóir). Tugtar airde (leithead) agus asamat (fad) ar na comhordanáidí. Is féidir tuaisceart nó deisceart na léaslíne a úsáid mar nialas don fhad (don asamat).
  • Córas an mheánchiorcail. Is féidir an córas seo a bhunú ar lárphointe an Domhain (an leagan geolárnach den chóras, mar a déarfá) nó ar lárphointe na Gréine (an leagan héilealárnach den chóras). Is é an meánchiorcal neamhaí nialas an leithid, agus is é cónocht an Earraigh nialas an fhaid. Diallas a thugtar ar an leithead sa chóras seo, agus tá dhá fhad éagsúla ann: an cheartairde (an ceartéirí, an dronéirí, an dronairde) agus an uair-uillinn. Tá an cheartairde ag dul i méadaíocht soir, agus an uair-uillinn ag dul i méadaíocht siar. Cé gur uaillinn atá i gceist leis an gceartairde chomh maith leis an uair-uillinn, tugtar an dá rud in aonaid ama seachas in aonaid stua, ionas gurb ionann an ciorcal iomlán agus ceithre huaire is fiche ar an gclog.
  • Córas an éicliptigh. Tá an leagan geolárnach agus an leagan héilealárnach ann. Is é an t-éiclipteach is nialas don leithead, agus is é cónocht an Earraigh is nialas don fhad. Tugtar fad éicliptigh agus leithead éicliptigh ar an bhfad agus ar an leithead sa chóras seo.
  • Córas na gcomhordanáidí réaltracha. Is é lárphointe na Gréine bunphointe na gcomhordanáidí. Is é plána an réaltra is nialas don leithead, agus is é lárphointe an réaltra is nialas don fhad. Tá an pol thuaidh suite i bhFolt Bheirnicé, agus an pol theas sa Dealbhóir.

Compánach is féidir a thabhairt ar cheann de na réaltaí sa déréalta. Is gnách compánach nó coimhdire a thabhairt ar an gcomhbhall is laige: mar shampla, is ionann ”compánach Sirius” agus Sirius B.

Comparadóir caochaíola an gléas d’úsáidtí sna laethanta a bhí le dhá ghrianghraf réalteolaíocha den limistéar chéanna den spéir a chur i gcomparáid le chéile. D’fhéadfadh an réalteolaí dul ó ghrianghraf amháin go grianghraf eile go sciobtha agus é in ann na difríochtaí a aithint – sonrú a chur i gcóiméad, abair, nó i réad eile a bhí ag gluaiseacht go luath i gcomparáid le cúlra suaimhneach na réaltaí i gcéin. Le gléas den chineál seo a d’aithin Clyde Tombaugh Plútón sa bhliain 1930, mar shampla. Ba é an fisiceoir Gearmánach Carl Pulfrich a chéadcheap an comparadóir caochaíola sa bhliain 1904.

Inniu, is fearr leis na réalteolaithe ríomhairí a úsáid le haghaidh comparáidí mar seo, agus is gnách na grianghrafanna réalteolaíocha féin a choinneáil i dtaisce i bhfoirm leictreach ar dhioscaí ríomhaire.

An Compás a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Riail, an Faolchú, an Ceinteár, Cros an Deiscirt, an Chuileog, agus Triantán an Deiscirt. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a shainigh is a d’ainmnigh an Compás (Circinus as Laidin) thiar san ochtú haois déag. Níl an Compás ar réaltbhuíonta feiceálacha na spéire; an réalta is gile atá ann, is é sin Alpha Circini, is réalta phríomhsheichimh í a dtagann athruithe (ascaluithe) ar a gile go tiubh – réalta mhearascalach a thugtar ar a leithéid. Níl Alpha Circini suite ach faoi leathchéad solasbhliain dínn.

Compás an MhairnéalaighPyxis Pyxis Nautica a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir na Seolta, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, agus an tAerchaidéal. Réaltbhuíon fhann é Compás an Mhairnéalaigh; is fathachréalta B-aicme í an réalta is gile i gCompás an Mhairnéalaigh (Alpha Pyxidis) agus í suite faoi naoi gcéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Ritheann plána Bhealach na Bó Finne trí Chompás an Mhairnéalaigh.

Compás diallais méadar diallais a thugtar ar uirlis a úsáidtear leis an diallas maighnéadach (an difríocht idir tuaisceart an mhaighnéid agus an fíorthuaisceart) a thomhas.

Conair an lándorchadais: Má théann an Ghealach idir an Ghrian agus an Domhan, caithfidh sí a scáil ar an Domhan, rud ar a dtugtar urú gréine. Tá an Domhan agus an Ghrian araon níos mó ná an Ghealach, rud a chiallaíos nach féidir leis an nGealach iomlán an Domhain a fhágáil i ndorchadas. Ní bhíonn ach réigiún áirithe de dhroim ár bpláinéid faoi lánscáil na Gealaí, agus ar ndóigh tá an réigiún sin ag athrú de réir is mar atá an Domhan féin ag déanamh bulla báisín. Tugtar conair an lándorchadais ar an mbealach a leanas an lánscáil le linn an uraithe.

Cónasc atá i gceist má tá dhá rinn neimhe le feiceáil in aice a chéile – go bunúsach, más ionann an dronairde (an ceartéirí, an cheartairde) don dá réad, nó más ionann an diallas don dá réad. An pláinéad atá ag fithisiú na Gréine taobh istigh d’fhithis an Domhain, má tá sé i gcónasc agus é ar an taobh thall den Ghrian, deirimid gur cónasc uachtair atá i gceist. Más ar an taobh abhus den Ghrian atá sé, is éard atá i gceist ná cónasc íochtair.

Cónocht – Sa ghnáthchaint, is ionann an cónocht agus an lá atá ar aon fhad leis an oíche: cónocht an fhómhair agus cónocht an earraigh. Maidir leis na réalteolaithe, tugann siadsan cónocht ar phointe teagmhála an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh. Tá dhá phointe den chineál sin ann: cónocht an fhómhair (túsphointe Libra) agus cónocht an earraigh (túsphointe Aries). Ainmneacha stairiúla iad ”túsphointe Libra” agus ”túsphointe Aries”, nó, de thoradh luainíocht na gcónochtaí, tá na pointí sin suite i réaltbhuíonta eile ar fad inniu, seachas na cinn óna bhfuair siad a n-ainm. Réalteolaí sean-Ghréagach a bhaist mar sin iad, sé scór bliain roimh Chríost. Aries an t-ainm Laidine ar an Reithe, agus Libra a thugtar ar an Meá.

Copernicus an leagan Laidine de shloinne an réalteolaí Pholannaigh Mikołaj Kopernik, ach thar aon rud eile, is cráitéar millteanach ar an nGealach é Copernicus a fuair a ainm ón réalteolaí. Tá Copernicus timpeall ar dheich gciliméadar is ceithre scór ar trastomhas, agus é suite ar an taobh den Ghealach atá iompaithe inár dtreo. Is féidir é a fheiceáil gan dul ach i dtuilleamaí na ndéshúileach. Cráitéar réasúnta óg é Copernicus, agus le fírinne tugtar ”tréimhse Copernicus” ar an tréimhse is deireanaí i ngeolaíocht stairiúil na Gealaí.

cráitéar ar Mhars freisin a bhfuil an t-ainm céanna air, agus é thart ar thrí chéad ciliméadar ar trastomhas – i bhfad níos mó ná an ceann ar an nGealach.

Córas Cassegrain – Is éard atá i gceist leis seo ná dearadh teileascóip a chuireas ar ár gcumas frithchaiteoir (teileascóp scáthánbhunaithe, teileascóp frithchaiteach) a thógáil a bhfuil a fhad fócasach níos mó ná fad an ghléis féin. Is é is bunsmaoineamh do chóras Cassegrain ná go bhfuil scáthán mór cuasach ann agus poll ina lár. Frithchaithfidh an scáthán seo an solas ar scáthán beag dronnach atá suite os comhair an phoill. Ansin rachaidh an solas isteach sa pholl a bhfuil an fócas taobh thiar de.

Is gnách glacadh leis gurbh é an sagart agus an t-optaiceoir féinteagasctha Laurent Cassegrain a chéadcheap an dearadh seo sna 1870idí, ach is féidir gur rith an smaoineamh le hoptaiceoirí eile faoin am chéanna.

Córas héilealárnach a thugtar ar an tuiscint go bhfuil na pláinéid agus réadanna beaga eile an Ghrianchórais ag fithisiú na Gréine – d’fhéadfá ”córas grianlárnach” a thabhairt uirthi chomh maith as Gaeilge. Rith an smaoineamh seo le réalteolaithe sean-Ghréagacha féin. An chéad duine acu a raibh tuiscint héilealárnach aige ar an nGrianchóras ba é Aristarchus ó Samos é. Ina dhiaidh sin, áfach, fuair an tuiscint gheolárnach (an tuiscint a chuir an Domhan i lárphointe na hollchruinne) an lámh in uachtar go ceann na gcéadta bliain, cé go raibh réalteolaithe áirithe fonnmhar locht a fháil air.

An leagan den gheolárnachas a bhí i bhfeidhm san am, is gnách córas Tholamaeis a thabhairt air. Ba é Claudius Ptolamaeus, nó Tolamaes mar a thugaimid air as Gaeilge, a d’fhág a ainm ar an gcóras sin. Mhair Tolamaes i gCathair Alastair (Alexandria) san Éigipt sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost. Saoránach Rómhánach a bhí ann, ach mar ba ghnách i gcúigí oirthearacha Impireacht na Róimhe, ba í an Ghréigis teanga a chuid scríbhinní.

Ba é an Polannach Mikołaj Kopernik, nó Nicolaus Copernicus as Laidin, a d’athbheoigh an córas héilealárnach sa bhliain 1514 leis an tráchtas beag úd Commentariolus. Nuair a bhí a shaol ag druidim chun deiridh, bhí sé ag obair ar shaothar eile, De revolutionibus orbium coelestium (”Faoi imrothluithe na reann neimhe”), a chuaigh i gcló faoin am a fuair sé bás, sa bhliain 1543.

Is minic a shíltear go raibh ar Chopernicus a thuiscint ar struchtúr an ghrianchórais a chosaint ar an Eaglais Chaitliceach nó go raibh an Eaglais go tréan in aghaidh an héilealárnachais. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhí Copernicus na scórtha bliain ag déanamh créafóige nuair a chuaigh an Eaglais chun cogaidh ar an héilealárnachas, agus ba é an tIodálach Galileo Galilei ba mhó a bhí thíos leis.

Bhí Galilei ina cheannródaí ag baint úsáide as an teileascóp le breathnuithe réalteolaíocha a dhéanamh, agus sa bhliain 1610 d’fhoilsigh sé saothar beag eolaíochta ina ndearna sé cur síos ar a raibh feicthe aige, Sidereus Nuncius nó ”Teachtaire na Réaltaí”. Bhí sé tar éis ceithre shatailít a aithint ag Iúpatar, agus breathnuithe déanta aige ar an nGealach s’againn féin: chonaic sé cuid mhaith cráitéar agus gnéithe tír-raoin eile uirthi fosta.

Bhain Galilei an chonclúid as an iomlán go raibh an Ghealach agus na pláinéid déanta as damhna den chineál chéanna agus an Domhan féin. Go nuige sin ba é tuiscint na n-eolaithe clasaiceacha cosúil le Tolamaes agus Arastótal go raibh na réaltaí agus na pláinéid déanta as an ”gcúigiú dúil” nach raibh gaolmhar le ceithre dhúile an Domhain (is é sin, an t-uisce, an tine, an talamh agus an t-aer, de réir mar a thuig eolaithe na seanársaíochta an scéal) agus go raibh siad foirfe, gan cháim gan locht, cosúil le Dia féin. Bhréagnaigh breathnuithe Galilei an tuiscint seo, agus ba é sin an phríomhchúis leis an dóigh ar chaith an Eaglais le Galilei. Ní raibh an Eaglais ag cur in aghaidh an héilealárnachais mar ghléas matamaitice le gluaiseachtaí na réadanna neimhe a áireamh – ba é an phríomhfhadhb ná gur spreag an héilealárnachas Galilei chun smaointí eiriceacha eile. Rud eile fós go raibh pearsana an Bhíobla ag tagairt do ghluaiseachtaí na Gréine, ar nós éirí agus luí na Gréine, agus mar sin ba é tuiscint an Bhíobla, dar leis na diagairí, gurbh í an Ghrian a bhí ag gluaiseacht seachas a mhalairt.

Ní hionann sin is a rá nach mbeadh réalteolaithe de chuid na hEaglaise – na réalteolaithe Íosánacha ach go háirithe – tar éis a thabhairt faoi deara go raibh fadhbanna ag roinnt le córas Tholamaeis. Ní raibh siad sásta glacadh leis an Domhan mar rinn neimhe i measc a leithéidí eile agus é ag gluaiseacht, áfach. Bhí siad claonta chun tacaíocht a thabhairt do chóras Tycho Brahe: sa tsamhail sin bhí an Ghrian ag dul timpeall an Domhain agus na pláinéid ag fithisiú na Gréine.

Chaith Galilei deireadh a shaoil faoi bhraighdeanas baile, ach má chaith, mhair an héilealárnachas ag dul chun cinn. Ba é an Gearmánach Johannes Kepler ba mhó a d’fhorbair an teoiric sa tseachtú haois déag. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile fosta: eisean a d’aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad fithisí na bpláinéad. D’fhoilsigh sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.

Nuair a bhí an seachtú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an chéad eagrán de mhórshaothar Isaac Newton, Philosophiae naturalis principia mathematica (”Prionsabail mhatamaiticeacha na fealsúnachta nádurtha”), i gcló – Principia, mar is gnách a thabhairt air. Glactar leis go forleathan gurbh é Principia an saothar réabhlóideach eolaíochta a chuir tús leis an bhfisic agus leis an réalteolaíocht i gciall an lae inniu. Cuid den réabhlóid ab ea an héilealárnachas. Faoi thionchar shaothar Newton chuaigh an Eaglais féin le héilealárnachas i rith na hochtú haoise déag, cé gur mhair an cosc ar shaothar Galilei i bhfad ina dhiaidh sin féin.

Córas meiniscis – Tugtar córas meiniscis ar dhearadh áirithe teileascóip ina gcuirtear lionsa meiniscis (lionsa atá cuasach ar thaobh amháin, dronnach ar an taobh eile) os comhair an réadscátháin le hiomraill an scátháin a cheartú. Ba é an t-optaiceoir Rúiseach Dmitry Maksutov a chéadcheap an córas meiniscis, agus mar sin is gnách teileascóp Maksutov a thabhairt ar an gcóras freisin.

Córas pláinéadach a thugtar ar na pláinéid atá ag dul timpeall ar réalta áirithe, agus iad á gceangal den réalta sin ag an imtharraingt. Go dtí le déanaí, bhí ár gcóras féin ar an t-aon chóras pláinéadach amháin a raibh aithne ag an gcine daonna air, ach sa bhliain 1992 chuir na réalteolaithe sonrú i dtrí phláinéad timpeall ar neodrónréalta áirithe atá suite i réaltbhuíon na Maighdine. Fuair na pláinéid seo na hainmneacha Draugr, Phobetor, agus Poltergeist. Inniu, tá na réalteolaithe an-díograiseach faoi na córais phláinéadacha amuigh sa chianspás, agus na céadta eiseapláinéid fionnta acu cheana féin, mar a thugtar ar na pláinéid i gcórais phláinéadacha eile.

Córas réaltach a thugtar ar réaltaí atá ceangailte dá chéile ag an imtharraingt agus iad ag fithisiú a chéile – is é sin, is córais réaltacha iad na déréaltaí is na hilréaltaí. Tá sé tábhachtach na fíor-chórais réaltacha a dhealú ó na cinn optúla. Na dé- agus na hilréaltaí optúla, is éard atá i gceist leosan ná réaltaí nach bhfuil siad ach suite ar aon líne ón Domhan, ionas go bhfeicimid in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile.

Córas Tholamaeis a thugtar ar an tuiscint gheolárnach ar struchtúr an ghrianchórais agus na hollchruinne – is é sin, an tuiscint a chuireas an Domhan sa lárphointe. Fuair an córas a ainm ó Claudius Ptolemaeus, nó Tolamaes, a chaighdeánaigh an geolárnachas sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Cheap Tolamaes a chóras le gluaiseachtaí na reann neimhe a áireamh roimh ré – le huruithe Gréine agus Gealaí a thairngreacht, abair. Mar sin, fuair sé riachtanach córas an-chasta matamaitice a chur i dtoll le chéile. Coincheapanna tábhachtacha sa chóras iad an ciorcal iompair agus an t-eipiciogal. Go bunúsach, shíl Tolamaes agus na matamaiticeoirí réalteolaíocha roimh a lá féin go raibh gach pláinéad ag timpeallú pointe áirithe réasúnta gar don phláinéad féin – ba é an fhithis seo an t-eipiciogal. Ach ansin bhí an t-eipiciogal féin ag dul timpeall an Domhain ar chonair ar a dtugtaí an ciorcal iompair. Ghlac Tolamaes leis an tuiscint seo óna chuid réamhtheachtairí agus chuir sé a chasadh féin inti. Feabhsú ab ea a leagan féin den chóras ar ar tháinig roimhesean, agus mar sin d’fhan a chóras in úsáid ar feadh na gcéadta bliain.

Bhí Tolamaes ar na daoine ba léannta lena linn féin, agus níor theorannaigh sé é féin don réalteolaíocht agus don astralaíocht: chum sé tráchtas tábhachtach tíreolaíochta freisin, mar shampla. Cé go raibh a chóras réalteolaíoch bun os cionn le tuiscint an lae inniu, tá cuid dá obair beo inniu féin, ó rinne sé cion fir ag léarscáiliú na spéire freisin.

Sna laethanta a bhí, ba ghnách leis na healaíontóirí coróin a tharraingt ar chloigeann Tholamaeis sna pictiúirí a rinne siad de, ó ba eisean ”rí na réalteolaíochta”.

Córas Tycho a thugtar ar an gcomhréiteach idir córas Copernicus agus córas Tholamaeis a rith leis an réalteolaí Danmhargach Tycho (Tyge) Brahe. Ba é barúil Tycho go raibh cuid den cheart ag Copernicus agus cuid ag Tolamaes: ní chreidfeadh sé go bhféadfadh an Domhan gluaiseacht ar bith a dhéanamh, chomh támh trom is a bhí sé, ach san am chéanna ba léir dó go raibh Copernicus in ann gluaiseachtaí na bpláinéad a léiriú ní b’fhearr ná Tolamaes. Ba é a theoiricsean go raibh na pláinéid ag fithisiú na Gréine, agus an Ghrian ag fithisiú an Domhain.

Córas UBV – Córas é an córas UBV (ultraviolet – blue – visible, ultravialait – gorm – infheicthe) a úsáidtear le réaltaí a aicmiú de réir a méide dealraithí. Is éard a dhéantar ná méid, nó gile, na réalta a thomhas de réir na radaíochta ultravialait, an tsolais ghoirm agus an tsolais infheicthe go léir, agus is é meán na luachanna seo a thugas méid na réalta de réir an chórais áirithe seo.

Córas uilleach a thugtar ar leagan forbartha de chóras Cassegrain. Sa chóras seo tá an súil-lionsa ar thaobh an teileascóip, agus réimse an-chúng radhairc ann.

Cor Caroli Croí Shéarlais a thugtar ar Alpha Canum Venaticorum, is é sin, an réalta is gile i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh. Déréalta í Alpha Canum Venaticorum, ach is é moladh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Cor Caroli” a thabhairt ach ar an gceann is gile den dá chomhbhall sa déréalta. Is fathachréalta í an réalta sin, agus í tuairim is céad oiread chomh geal agus an Ghrian, cé nach bhfuil ach mais na Gréine méadaithe faoi thrí inti. Tá Cor Caroli suite faoi chéad is cúig solasbhliana déag dínn.

Fuair an réalta a hainm ón Rí Séarlas a hAon de mhuintir na Stíobhartach. Ba é Francis Lamb, thiar sa bhliain 1673, a bhaist Cor Caroli Regis Martyris – ”Croí Shéarlais, an Rí agus an Mhairtírigh” – ar an réalta ina réaltmhapa féin. Is minic a shíltear, áfach, gurbh é Edmund Halley a d’ainmnigh as Séarlas a Dó é.

Coróin a thugtar ar an scamall plasma timpeall na Gréine, agus é ag sroicheadh na milliúin ciliméadair amach sa spás. Bíonn an choróin le feiceáil le linn urú iomlán na Gréine. Tá an choróin i bhfad níos teo ná dromchla na Gréine, agus í scartha ó fhótaisféar na Gréine ag an gcrómaisféar.

Coróin an Deiscirt atá ar an réaltbhuíon idir an Saighdeoir, an Scairp, an Teileascóp agus an Altóir. Cé go dtugtar ”coróin” uirthi, tá sí níos cosúla le crú capaill. Fuair sí a hainm ó Choróin an Tuaiscirt, ó tá an dá réaltbhuíon réasúnta cosúil le chéile. Ba é Claudius Tolamaes a bhaist an bheirt acu ina chuid scríbhinní réalteolaíochta.

Is í Alphecca Meridiana, nó Meridiana, nó Alpha Coronae Australis (nó Alpha Coronae Austrinae) an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. A-réalta í Alphecca Meridiana, agus í breis is dhá oiread chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais is na maise de; san am chéanna tá sí tuairim is tríocha oiread níos lonrúlaan Ghrian. Is í an ghné is suntasaí di ná go bhfuil sí ag rothlú ar a hais go han-sciobtha. Tá an radaíocht infridhearg as Alphecca Meridiana as pabhar láidir, rud a thugas le fios go bhfuil fáinne dusta timpeall na réalta.

Coróin an Tuaiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon idir Earcail, an tAoire agus Ceann na Péiste. Tugtar Alphecca, Alphekka, Gemma nó An tSeoid ar an réalta is gile i gCoróin an Tuaiscirt – Alpha Coronae Borealis an t-ainm de réir chóras Bayer. Tá Coróin an Tuaiscirt, nó astaireacht na réaltaí is gile inti, cosúil le crú capaill, díreach ar nós Choróin an Deiscirt, agus is ó Choróin an Tuaiscirt a fuair Coróin an Deiscirt a hainm. Ceann de na sean-réaltbhuíonta traidisiúnta í Coróin an Tuaiscirt, nó luaitear i scríbhinní réalteolaíochta Tholamaeis féin í.

Déréalta uraitheach í Alpha Coronae Borealis, is é sin tagann an coimhdire go tráthrialta idir sinn agus an phríomhréalta, rud a aithnítear mar íosmhéid solais in athruithe ghile na déréalta. A-réalta the bhán í an phríomhréalta, agus í cúpla oiread níos téagartha ná an Ghrian s’againn. Tá sí ceithre oiread déag is trí scór níos lonrúla ná an Ghrian, cé nach n-áirítear ar na fathachréaltaí í, ach ar an bpríomhsheicheamh. Maidir leis an gcomhbhall beag, is réalta G-aicme é cosúil leis an nGrian, beagáinín níos lú ná í ó thaobh na maise de. Tá Alphecca suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dár ngrianchóras.

Coróiniam – Thiar sa naoú haois déag bhí an teoiric ag eolaithe áirithe go raibh dúil cheimiceach nua ar fáil i gcoróin na Gréine. Is é an t-ainm a cheap duine acu – an Rúiseach Dmitry Mendeleyev (an fear céanna a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl) don dúil seo ná coróiniam nó niútainiam. Bhí an teoiric seo bunaithe ar an speictreascópacht, nó bhí líne aitheanta ag na heolaithe ar speictream na Gréine nach raibh siad in ann a athchruthú sa tsaotharlann agus nach raibh cosúil le línte speictreacha na ndúl aitheanta. Mar sin shíl siad go raibh dúil nua i gceist.

Mar a fuarthas amach ina dhiaidh sin áfach ba é an t-iarann ba chúis leis an líne – ian iarainn a raibh lucht deimhneach trí aonad déag aige (is é sin adamh iarainn a thug uaidh trí leictreon déag). Ní dual don iarann a leithéid d’ian a dhéanamh faoi imthoscaí an Domhain, agus mar sin ní raibh taithí ag na heolaithe air: na hiain iarainn a bhíos le fáil i gcomhdhúile iarainn a bhfuil aithne againn orthu níl ach lucht deimhneach dhá nó trí aonad acu, agus rachadh sé rite leat ian Fe13+ a chruthú sa tsaotharlann.

Corónagraf a thugtar ar ghléas a chuirtear os comhair an teileascóip le diosca na Gréine a dhorchú, ionas gur féidir leis na heolaithe breathnuithe a dhéanamh ar choróin na Gréine nó ar an gcuid den spéir atá timpeall na Gréine.

An Chorr Grus a thugtar ar an réaltbhuíon idir an tIndiach, an Túcán, an Micreascóp, Iasc an Deiscirt, an Dealbhóir, agus an Féinics. Ceann d’”Éanacha an Deiscirt” í an Chorr, mar a deirtear; is iad an Túcán, an Féinics, agus an Phéacóg na ”héanacha” eile. Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet), thiar faoi dheireadh na séú haoise déag, a shainaithin an Chorr mar réaltbhuíon ar leith. Roimhe sin ba ghnách dearcadh uirthi mar chuid d’Iasc an Deiscirt.

Is é Alnair nó Alpha Gruis an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Réalta phríomhsheichimh é, ach cosúil le Sirius tá sé an-te, an-lonrúil, cé nach bhfuil sé ach ceithre oiread chomh mór leis an nGrian. Le fírinne chomh lonrúil is atá sé is féidir go bhfuil sé díreach leis an bpríomhsheicheamh a fhágáil ina dhiaidh le hiompú ina fhathachréalta. Tá sé deich n-oiread chomh lonrúil le Sirius féin.

ALNAIR AGUS SIRIUS Á gCUR I gCOMPARÁID

Réalta Trastomhas (1 = trastomhas na Gréine) Mais (1 = mais na Gréine) Aicme speictreach Lonrachas (1 = lonrachas na Gréine) Méid dhealraitheach Fad ón Domhan
Alnair (Alpha Gruis) 3.4 4.0 B 263 +1.74 céad agus aon solasbhliain amháin (aon pharsoic déag agus fiche)
Sirius A (Alpha Canis Majoris A, príomh-chomhbhall na déréalta) 1.7 2.0 A 25 -1.47 ocht solasbhliana agus sé dheichiú cuid (dhá pharsoic agus sé dheichiú cuid)

Maidir le Beta Gruis, is fathachréalta dhearg í nach bhfuil mórán rudaí suimiúla le rá fúithi: níl sí ach dhá oiread is ceithre dheichiú cuid chomh trom téagartha leis an nGrian, ach tá sí dhá mhíle is cúig chéad oiread níos lonrúla. Réalta M-aicme í.

Gamma Gruis arís, is fathachréalta í fosta ach is mar B-réalta a aicmítear í – is é sin, ar an dara aicme speictreach is teo. Radaíocht ultraivialait is mó a astaíos sí, ach tá sí lonrúil go maith ó thaobh an tsolais infheicthe chomh maith – tuairim is trí chéad is nócha oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Réalta bhánghorm í, ar ndóigh.

Corraíl – Glacaimis leis go bhfuil córas dhá rinn neimhe againn, agus ceann acu ag dul timpeall an chinn eile – is maith an sampla iad an Domhan agus an Ghealach, ar ndóigh. Tugtar corraíl ar an dóigh a gcuireann fórsaí eile seachas imtharraingt an Domhain isteach ar ghluaiseacht na Gealaí, ansin. Is féidir le himtharraingt na Gréine, mar shampla, corraíl a spreagadh i bhfithis na Gealaí; maidir leis na pláinéid, is léir go mbíonn siad ina gcúis corraíola ag a chéile. An té a chaitheas súil ar chóras na satailítí timpeall ar Iúpatar, tuigfear dó ar an toirt gur féidir leo corraíl a tharraingt ar a chéile.

Corrán an Leoin a thugtar ar astaireacht na réaltaí seo a léanas: Epsilon Leonis, Mu Leonis, Zeta Leonis, Gamma Leonis, Eta Leonis, agus Alpha Leonis. Mar is léir ón ainm, tá sí ar dhéanamh an chorráin, agus is cuid de réaltbhuíon an Leoin í.

Cosmagnaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar bhunús na hollchruinne a thuiscint agus ar theoiricí a fhorbairt le breith na hollchruinne a mhíniú. Is í teoiric na hOllphléisce an múnla cosmagnaíochta is tábhachtaí i réalteolaíocht an lae inniu.

Cosmeolaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar fhás, forbairt agus todhchaí na hollchruinne a thuiscint agus na dlíthe nádúrtha a stiúras an fhorbairt sin a thaighde, a mhapáil agus a oibriú amach.

Cothromaíocht radantach atá i gceist nuair atá córas dúnta de choirp againn, agus gach corp acu ag tabhairt uaidh an fhuinnimh chéanna mar radaíocht agus atá sé a ghlacadh chuige – is é sin, is ionann an radaíocht astaithe agus an radaíocht ionsúite.

Cothromóid Kepler – Is í cothromóid Kepler ná:

M = E – e sin E

inarb ionann:

  • M agus an mheán-aimhrialtacht;
  • E agus an aimhrialtacht éalárnach;
  • e agus an éalárnacht.

Seasann sin don tsíneas, ar ceann de na feidhmeanna triantánúla é.

Ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) ba thúisce a d’fhoilsigh an chothromóid seo. Gléas matamaitice atá inti ar bhain sé úsáid as agus é ag oibriú amach na ndlíthe nádúrtha a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, nó dlíthe Kepler mar a thugtar orthu.

Cráitéar – Go bunúsach is éard is cráitéar ann ná poll mór sa talamh. Sa réalteolaíocht is iad na cráitéir dhreigíte is tábhachtaí, is é sin, cráitéir a cruthaíodh nuair a bhuail dreigít faoi dhromchla an phláinéid nó na gealaí. Ar ndóigh tá cráitéir bholcánacha ann chomh maith – is é an cráitéar an poll as a dtagann laibhe, deatach agus dusta, fad is a fhanas an bolcán beo.

Crapadh Kelvin crapadh Kelvin-Helmholtz a thugtar ar an dóigh a gcrapann an scamall gáis chuige faoi thionchar a imtharraingthe féin. San am chéanna tá an scamall ag cailleadh fuinnimh mar theas.

Fuair an crapadh a ainm ó William Thomson (tiarna Kelvin) agus ó Hermann Helmholtz.

Crapadh Lorentz-Fitzgerald a thugtar ar chrapadh coibhneasaíoch an fhaid. Go bunúsach, is éard a deir teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein ná gur tairiseach (is é sin uimhir dhearbh dho-athraithe) é luas an tsolais san fholús, nó c, agus go gcaithfidh na hairíonna fisiceacha géilleadh don tairiseach seo. Toradh don ghéilleadh seo é crapadh Lorentz-Fitzgerald. An spásbhád atá á luasghéarú i dtreo luas an tsolais, tá sí ag dul i ngiorracht, mar a fheictear don bhreathnóir atá suite socair – rud nach n-aithníonn siad siúd, áfach, atá ag taisteal ar bhord an spásbháid.

Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhfuil aon rud ná réad ”suite socair” de réir theoiric na coibhneasaíochta, ach amháin i gcoibhneas ruda eile. Mar sin, nuair a dúradh thíos go bhfuil an breathnóir ”suite socair”, is ionann sin is a rá go bhfuil sé suite socair i gcóras comhordanáidí ina bhfuil an réad eile ag gluaiseacht leis agus a luas ag teacht i gcóngar do luas an tsolais.

Fuair crapadh Lorentz-Fitzgerald a ainm ón bhfisiceoir Ollannach Hendrik Lorentz agus ón Ollamh Éireannach George Francis Fitzgerald (nó Seoirse Proinsias Mac Gearailt, más fearr leat an leagan sin).

Crios Oiríon an Bhanlámh, an tSlat is an Bhanlámh, nó Slat an Rí, nó Slat an Cheannaí, nó an Fhearsaid, nó Slat an Bhodaigh a thugtar ar an astaireacht trí réalta atá i lár an Bhodaigh – más mar fhear armtha a shamlaítear an réaltbhuíon, is iad crios an tsaighdiúra sin iad. Is iad ainmneacha na réaltaí seo ná Alnitak, Alnilam, agus Mintaka, agus is fathachréaltaí teo gorma nó gormbhána iad. Cé go bhfuil siad ar réaltaí geala na spéire, tá trí réalta is gile ná iad féin sa réaltbhuíon chéanna, mar atá, Betelgeuse, Rigel, agus Bellatrix.

Ilréaltaí iad Alnitak agus Mintaka. Maidir le hAlnilam, dealraíonn sé nach bhfuil coimhdire ar bith aici.

Ainm traidisiúnta Alnilam Alnitak Mintaka
Ainm de réir chóras Bayer Epsilon Orionis Zeta Orionis Delta Orionis
Aicme speictreach B (ollfhathach gorm) O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad an dá chomhbhall eile O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad na trí cinn is mó de na comhbhaill
Fad ón Domhan Tuairim is dhá mhíle solasbhliain Tuairim is 1,260 solasbhliain (luach an-mhíchruinn!) Tuairim is míle agus dhá chéad solasbhliain
Mais i gcomparáid leis an nGrian 30-65 oiread 23-43 oiread (an phríomhréalta), 11-17 n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) 24 oiread (an phríomhréalta), 8.4 + 22.5 + 9 n-oiread (na trí cinn is mó de na comhbhaill eile)
Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian Ocht gcéad tríocha míle oiread Dhá chéad caoga míle oiread (an phríomhréalta), tríocha dhá mhíle oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) Céad is nócha míle oiread (an phríomhréalta; níl na comhbhaill eile in aon chóngar do bheith chomh lonrúil)
Ga (nó trastomhas) i gcomparáid leis an nGrian Dhá oiread is dhá scór Fiche oiread (an phríomhréalta), seacht n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) 16.5 oiread (an phríomhréalta), 6.5 oiread, 10.4 oiread, 5.7 oiread (na comhbhaill eile)
Dearbhmhéid -6.95 -6.0/-3.9/-4.1 -5.8 (go hiomlán), -5.4 (an phríomhréalta)
Méid dhealraitheach 1.69 1.77 (an trí chomhbhall in éineacht) 2.23 (na comhbhaill go léir in éineacht)

Crios ózóin ózónaisféar a thugtar ar an gciseal i strataisféar an Domhain a neodraíos an chuid is mó den radaíocht ultraivialait ón nGrian. In íochtar an strataisféir is mó atá an tiúchan ózóin.

Is éard atá san ózón ná allatróp trí-adamhach na hocsaigine. Dhá adamh atá i móilín na gnáthocsaigine, nó O2; is é O3 foirmle cheimiceach an ózóin. Níl an móilín ózóin róchobhsaí, nó is dual dó titim as a chéile agus gnáthocsaigin a dhéanamh, agus sin de phléasc; mar sin is ar éigean is féidir ózón a aonrú ón ngnáthocsaigin. San ózónaisféar féin ní sháraíonn tiúchan an ózóin 10 gcuid sa mhilliún.

Tá buaireamh ar an gcine daonna le fada faoin dochar atá sna clórafluaracarbóin agus sna brómafluaracarbóin don chrios ózóin. Comhdhúile iad seo atá cosúil leis na hiodracarbóin ach amháin go bhfuil adaimh chlóirín, fluairín nó bróimín curtha in áit na n-adamh hidrigine sa struchtúr móilíneach acu. Is éard is cúis leis an dochar atá sna substaintí seo ná go bhfuil siad chomh cobhsaí is gur féidir leis na móilíní a mbealach a dhéanamh a fhad leis an strataisféar, ach nuair a shroichfeas siad an strataisféar titfidh siad as a chéile agus an radaíocht ultraivialait ag dul i bhfeidhm orthu. Ansin a scaoiltear saor adaimh aonair, agus cuireann na saorfhréamha seo isteach ar an timthriall gnáthocsaigine-ózóin a stopas an radaíocht ultraivialait.

Inniu tá stáit an Domhain go léir tar éis conradh a shíniú faoi chosc ar úsáid na gclórafluaracarbón, agus dealraíonn sé go bhfuil an strataisféar ag teacht chuige féin arís i ndiaidh an dochair a rinne na comhdhúile seo. Ba nós, tráth den tsaol, iad a úsáid sna múchtóirí agus ina dtiomántáin sna cannaí aerasóil.

Crios radaíochta crios Van Allen a thugtar ar cheann den dá chrios cáithníní luchtaithe timpeall ar an Domhan agus iad ar dhéanamh an toróidigh (cineál fáinne). Leictreoin agus prótóin is mó atá i gceist, agus iad á gceapadh ag réimse maighnéadach ár bpláinéid. An chuid is mó de na cáithníní seo is cuid den ghrianghaoth iad, agus an chuid eile ag baint leis an radaíocht chosmach. Bíonn athruithe na grianghaoithe ag dul i bhfeidhm ar na creasanna radaíochta, agus uaireanta cruthaítear crios breise a mhaireas tráth.

Fuair na creasanna a n-ainm ó James Van Allen, an t-eolaí Meiriceánach a chuir an chéad sonrú iontu. Bhí sé ina cheannródaí ag baint úsáide as gléasra ar bhord satailítí le taighde a dhéanamh ar mhaighnéadsféar an Domhain.

Croí carraigeach –croí carraigeach ag na mórphláinéid úd Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún, cé go bhfuil an chuid eile den phláinéad comhdhéanta as gás (na gásfhathaigh, arb iad Iúpatar agus Satarn iad) nó as oighear (na hoighearfhathaigh, arb iad Úránas agus Neiptiún iad).

Cróimiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 24, agus is é Cr an tsiombail don chróimiam sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail trasdultacha é an cróimiam. Miotal lonrúil sobhriste atá ann a dtagann smúid ocsaíde air agus ocsaigin an atmaisféir ag dul i bhfeidhm air. Tá ainm an chróimiam bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”dath”, toisc go mbíonn dath láidir sna dúile cróimiam. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an gcróimiam ina chuid comhdhúl, agus dathanna éagsúla sna comhdhúile, go háirithe má thuaslagtar san uisce iad.

Seo comhdhúile áirithe de chuid an chróimiam:

Foirmle cheimiceach Ainm Uimhir ocsaídiúcháin
CrCl3 Clóiríd chróimiam (tríchlóiríd chróimiam) +3
Tá dath corcra sa chlóiríd chróimiam nuair atá sí saor ó uisce. Déanann sé criostail in éineacht le huisce, ionas go bhfuil sé mhóilín uisce ann in aghaidh gach adamh cróimiam. San fhoirm seo tá dath uaine ann, agus is é seo an cineál clóiríd chróimiam is féidir a cheannach. Úsáidtear mar chatalaíoch í, is é sin le luas a chur le himoibriúcháin cheimiceacha áirithe. Níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach don duine le comhdhúile áirithe eile de chuid an chróimiam, ach is gnách dearcadh air mar shubstaint urchóideach.
CrO3 Trí-ocsaíd chróimiam, ”aigéad crómach” +6
Tá dath dúchorcra sa tríocsaíd nuair atá sí saor ó uisce, ach má ólann sí uisce chuici tiocfaidh dath geal flannbhuí ann. Is minic a dhíoltar mar ”aigéad crómach” í, ós í ainhidríd an aigéid chrómaigh í, ach dáiríribh ní féidir aigéad crómach a ghineadh tríd an tríocsaíd a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear an trí-ocsaíd sa phlátáil. Nimh láidir a spreagas ailse atá inti.
CrCl2 Dé-chlóiríd chróimiam +2
Criostail bhána atá sa dé-chlóiríd nuair atá sí saor ó uisce. Is comhdhúil tais-scópach í áfach, is é sin is dual di uisce a ól chuici, agus leis an uisce tiocfaidh dath uaine inti. Má thuaslagtar san uisce í gheofar tuaslagán gorm nó uaine. Ní úsáidtear dé-chlóiríd chróimiam sa tionsclaíocht, ach is amhábhar do chomhdhúile cróimiam eile í sa tsaotharlann.

Maidir leis an mbaint atá ag an gcróimiam leis an orgánach daonna, braitheann sé ar an staid ocsaídiúcháin chomh maith. Más é +3 an uimhir ocsaídiúcháin, níl mórán urchóide sa chróimiam, ach is nimh láidir agus ábhar ailse é an cróimiam más é +5 an uimhir ocsaídiúcháin.

Tá an cróimiam 51.996 ar mheáchan adamhach, agus ceithre iseatóp nádúrtha aige: 50Cr (4.35 % de chróimiam an dúlra), 52Cr (83.8 %), 53Cr (9.5 %), 54Cr (2.35 %). Iseatóip chobhsaí iad de réir an dealraimh, cé go bhfuil na fisiceoirí idir dhá chomhairle fós faoin gcéad cheann acu: táthar ag déanamh go bhfuil meath radaighníomhach (leictreonghabháil dhúbailte) ag teacht air, ach má tá féin, tá an leathré chomh fada is gur féidir beag is fiú a dhéanamh dá radaighníomhaíocht. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ag an gcróimiam, is iseatóip shaorga de dhéantús na saotharlainne iad.

Is í an chróimít (ocsaíd an chróimiam agus an iarainn, FeCr2O4) an mianach cróimiam is tábhachtaí, agus is as an Afraic Theas agus as an gCasacstáin a thagas an chuid is mó den chróimiam. Úsáidtear an cróimiam mar chómhiotal – is é sin cuirtear le hiarann é le cruach dhosmálta a dhéanamh – agus i bplátáil.

Crómaisféar a thugtar ar an gciseal in atmaisféar na Gréine atá suite os cionn an fhótaisféir, faoi bhun na corónach. Tá an crómaisféar rósdearg, ach ní féidir é a aithint ná breathnuithe a dhéanamh air ach le linn urú iomlán na gréine. Tá an damhna sa chrómaisféar i bhfad níos scaipthe ná san fhótaisféar gan trácht ar bith a dhéanamh ar atmaisféar an Domhain. Tá an crómaisféar trí mhíle go cúig mhíle ciliméadar ar doimhneacht, agus é ag dul i dteas suas ón nGrian.

Tá an crómaisféar ag astú solais, agus is í an líne speictreach is láidre dá n-astaíonn sé ná Hα, is é sin, an líne a fhreagraíos do thitim an leictreoin ón tríú sceall go dtí an dara sceall san adamh hidrigine. Tá an líne seo 6563 angstram (656.3 nanaiméadar) ar tonnfhad, agus í suite i mbanda an tsolais dheirg – mar sin is í an líne seo is cúis le dath dearg an chrómaisféir.

Cros-aeróg Mills a thugtar ar dhearadh ar leith de radaiteileascóp atá bunaithe ar dhá shraith d’aeróga agus iad ag trasnú a chéile. Tá an dearadh ainmnithe as Bernard Yarnton Mills, réalteolaí Astrálach a thóg an chéad radaiteileascóp den chineál seo sa bhliain 1954 i mBadgery’s Creek, leathchéad ciliméadar ó Sydney.

Cros an Deiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Ceinteár agus an Chuileog. I ré na sean-Ghréagach bhí Cros an Deiscirt le feiceáil ón nGréig féin, agus ba nós le Tolamaes dearcadh ar réaltaí Chros an Deiscirt mar chuid den Cheinteár. Ina dhiaidh sin, áfach, d’fhág luainíocht na gcónocht dofheicthe ón Eoraip iad, agus ligeadh i ndearmad iad. Ní bhfuair an réaltbhuíon an t-ainm atá uirthi inniu ach i Ré na Fionnachtana, nuair a thosaigh na hEorpaigh ag taisteal go cearnaí cianmhara den Domhan, áit a raibh na réaltaí seo le feiceáil.

Is iad na ceithre réaltaí is gile, Alpha Crucis, Beta Crucis, Gamma Crucis agus Delta Crucis, a thuill a hainm do Chros an Deiscirt: is astaireacht iad a chuirfeadh cros i gcuimhne duit. Na hainmneacha atá ar na réaltaí seo i gcóras Bayer, is gnách iad a ghiorrú go hAcrux, Becrux, Gacrux agus Decrux.

Tríréalta í Acrux agus í suite faoi thrí chéad, aon solasbhliain is fiche ón Domhan. Is féidir dhá chomhbhall a aithint le gléasra cianradhairc. Is B-réaltaí iad, agus iad tuairim is sé oiread déag chomh trom leis an nGrian. Tá gach ceann acu thart ar fiche míle oiread chomh lonrúil léi – an ceann is mó acu, tá sí breis is fiche míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian, agus an ceann is lú acu tá sí breis is cúig mhíle oiread déag níos lonrúla ná an Ghrian.

Déréalta í Becrux, nó Mimosa, mar a thugtar uirthi freisin. Déréalta speictreascópach í, is é sin, ní féidir í a aithint mar dhéréalta ach amháin trí anailís a dhéanamh ar a speictream. Tá Becrux suite faoi dhá chéad agus ocht scór solasbhliain dínn. B-réaltaí iad an dá chomhbhall, an ceann is mó acu sé oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, an ceann is lú acu deich n-oiread. Tá sé incheaptha go bhfuil comhbhall beag eile ann fós.

Maidir le Gacrux, nó Rubídea mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi, is fathachréalta dhearg den M-aicme í agus í suite níos cóngaraí dúinn ná aon réalta eile den chineál. Tá sí oiread agus leath, nó dhá oiread, chomh téagartha leis an nGrian, cé go bhfuil sí breis is ceithre scór oiread chomh mór. Mar sin, is fathachréalta í a bhí ina habhac príomhsheichimh tráth, cosúil leis an nGrian féin, agus an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an fhorbairt chéanna ar an nGrian i gceann na mílte milliún bliain.

Decrux áfach, is fo-fhathach bánghorm í atá ocht nó naoi n-oiread chomh teagartha leis an nGrian, agus ocht n-oiread chomh mór ó thaobh an trastomhais. Tá sí deich míle oiread chomh lonrúil. Pálida a thugtar ar Decrux i dtíortha na Portaingéilise.

Tá na ceithre réaltaí thuasluaite le feiceáil i mbratach na Brasaíle mar shiombailí do stáit éagsúla de chuid na tíre. Seasann Acrux do São Paulo, siombalaíonn Becrux Rio de Janeiro, is í Gacrux samhailchomhartha Bahía, agus maidir le Decrux, is í siombail Minas Gerais í.

Thairis sin, tá Epsilon Crucis le feiceáil sa bhratach, mar shiombail do stát Espírito Santo. K-réalta í, is é sin, fathachréalta fhlannbhuí agus í suite faoi dhá chéad is tríocha solasbhliain dínn. Cosúil le Gacrux, is iar-réalta phríomhsheichimh í a d’iompaigh ina fathachréalta de réir is mar a d’fhorbair sí.

Réadanna eile i gCros an Deiscirt iad an Gualmhála agus an Bosca Seod. Réaltnéal dorcha é an Gualmhála; réaltbhraisle oscailte atá sa Bhosca Seod.

An Chruinne an Ollchruinne a thugtar ar an spás-am go léir agus gach rud nó réad dá mbaineann leis an spás-am, in éineacht. Creideann formhór mór na n-eolaithe inniu gurbh í an Ollphléasc a chuir tús leis an gCruinne agus leis an spás-am go léir, ach ní hionann sin is a rá nach mbeadh teoiricí eile ann.

  • Tugtar cruinne ascalach ar an teoiric a deir go dtagann Ollbhrúisc i ndiaidh gach Ollphléasc, is é sin, go gcuirfidh comh-imtharraingt na réadanna deireadh le fairsingiú na cruinne, agus go gcrapfaidh an chruinne chuici arís. Sa

    deireadh, tiocfaidh an chéad Ollphléasc eile, agus tosóidh an chruinne ag dul i bhfairsinge arís.

  • Is í an chruinne bhoilscitheach an tuiscint a deir go bhfuil an spás féin ag boilsciú agus ag cailleadh cuaire.
  • Cruinne chéimiúlachta í an chruinne seo againn, ós rud é go bhfuil na struchtúir eagraithe de réir céimiúlachta: tá na cáithníní eagraithe ina n-adaimh, na n-adaimh – ina réaltaí; na réaltaí – ina réaltraí; na réaltraí – ina mbraislí réaltraí; na braislí réaltraí – ina n-ollbhraislí; na hollbhraislí – ina bhfiliméid.
  • Cruinne fhairsingíoch í an chruinne s’againn, ós rud é go bhfuil sí ag dul i bhfairsinge; tá na réaltraí i bhfad amach uainn ag druidim uainn, agus dá fhad amach uainn atá siad is amhlaidh is luaithe atá siad ag druidim uainn.
  • Cruinne fhoisteanach a thugtar ar an teoiric a deir nach athrú ceart é an fairsingiú thuasluaite, ó tá damhna nua ag teacht chun saoil gan stad gan staonadh, agus é ag cothromú an dóigh a bhfuil an damhna á scaipeadh de thoradh an fhairsingiúcháin. Bhí glacadh éigin le teoiric na cruinne foisteanaí sna 1950idí, ach má bhí, tháinig sé chun solais go sciobtha nach raibh sí in ann a lán breathnuithe a mhíniú.
  • Cruinne gheolárnach a thugtar ar an teoiric a deir go bhfuil an Domhan i lárphointe na hollchruinne. Is léir nach bhfuil glacadh ar bith leis an tuiscint i measc na n-eolaithe a thuilleadh.
  • Cruinne statach í an ollchruinne nach bhfuil ag dul i bhfairsinge ná ag crupadh chuici. Teoiric thréigthe eile í teoiric na cruinne stataí.

Cruinníní a thugtar ar néalta dorcha gáis agus dusta, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu.

Cuadraintídí: Is iad na Cuadraintídí an dreigechith a bhíos á fheiceáil i dtús Mhí Eanáir i réaltbhuíon an Aoire. Fuair an dreigechith seo a ainm ón gCeathramhán Múrach (Quadrans Muralis), sean-réaltbhuíon nach dtugann mapaí spéire an lae inniu aitheantas di a thuilleadh.

Cuaire: Deir teoiric coibhneasaíochta Einstein go gcuireann gach mais an spás-am ina timpeall as a riocht – is é sin, go gcuarann sí é. Cosúil leis sin, is dual do mhais na cruinne go léir an spás-am a chuaradh. A lán de na hiarmhairtí aisteacha a bhaineas leis an teoiric coibhneasaíochta is torthaí don chuaire seo iad.

Cuasár: Giorrúchán ón téarma radafhoinse chuasairéaltach réad cuasairéaltach (radafhoinse réaltchosúil, réad réaltchosúil) is ea an focal cuasár. Is éard atá i gceist leis an gcuasár ná dúpholl i gcroí réaltra agus é ag astú radaíochta de réir is mar atá damhna ón timpeallacht ag titim isteach sa dúpholl. Níl aon chuasár suite róchóngarach dúinn, agus le fírinne dealraíonn sé go bhfuil ré na gcuasár thart le fada – is é sin, an radaíocht a thagas chugainn ó na cuasáir inniu, tagann sí ó na laethanta a bhí, agus d’imigh an chuid is mó de na cuasáir féin idir an dá linn.Solas ó laethanta eile” atá ann dáiríre.

Ar na radathonnta is túisce a d’aithin na réalteolaithe na cuasáir, ach ina dhiaidh sin tháinig chun solais gur féidir cuasáir a aithint ar bhandaí radaíochta eile fosta. Mar sin, níl an leagan ”radafhoinse chuasairéaltach” sách cruinn a thuilleadh.

Glactar leis inniu gurb éard atá sna cuasáir ná réaltraí gníomhacha agus gurb í an uilleann bhreathnóireachta an difríocht is mó idir iad agus na réaltraí gníomhacha eile.

Cúigréad Stephan: Grúpa réaltraí – cúig cinn ar fad – iad Cúigréad Stephan agus iad le feiceáil in aice a chéile i réaltbhuíon Pheigeasais. Ba é an réalteolaí Francach Édouard Stephan a chéadaithin an grúpa thiar sa bhliain 1877. Tá nasc imtharraingthe idir ceithre cinn de na réaltraí seo, agus an chuma ar an scéal go gcumascfaidh siad in aon réaltra amháin, i gceann na mórmhilliún bliain.

Cúisíocht: Is éard is brí leis an bhfocal cúisíocht ná an bhaint atá ag an gcúis lena toradh agus a mhalairt. Deir an fhisic chlasaiceach nach féidir don toradh bheith ann roimh a chúis, agus gurb é sin an t-iomlán is féidir leis an bhfisiceoir a rá i dtaobh na cúisíochta. Cuireann an fhisic choibhneasaíoch – is é sin, an fhisic atá bunaithe ar theoiric choibhneasachta Einstein – coinníoll breise leis seo: ní féidir le haon rud ná réad luas an tsolais a shárú, agus mar sin, ní féidir leis an gcúis an toradh a shroicheadh níos luaithe ná leis an solas.

Culaith spáis spáschulaith: Culaith bhrúchóirithe den chineál a chaitheas na spásairí. Tá soláthar ocsaigine ann chomh maith le cosaint ar radaíocht an spáis, agus ar ndóigh ní mór féachaint chuige go gcoinnítear an chulaith compordach ó thaobh na teochta de. Scéal eile fós é go bhfuil solas na gréine i bhfad níos láidire amuigh sa spás ná thíos ar dhroim an domhain, rud a chiallaíos go bhfuil scáthlán gréine ar leith de dhíth chun súile an spásaire a dhíonadh. Bíonn micridhreigeoidigh – dreigí beaga agus iad ag gluaiseacht go han-luath – coitianta go maith amuigh ansin freisin, agus ní mór an spásaire a chosaint orthu siúd fosta. Rud eile nach rithfeadh leat go bhfuil gléasra ar leith ann le cuidiú leis an spásaire a chuid géag a fheacadh, toisc go n-éiríonn na teicstilí righin amuigh san fholús. Thairis sin bíonn roicéid bheaga ann a chuideos na roicéid leis an spásaire an spásárthach a shroicheadh arís, má fhaigheann sé é féin rófhada amuigh.

Is léir nach bhfuil sé ciallmhar ar aon nós dul amach sa spás gan chulaith bhrúchóirithe a chaitheamh, dá mbainfeá triail as, thachtfaí thú. Na scéalta ficsin eolaíochta a thugas le fios go bpléascfá agus an fhuil ar fiuchadh i do chuid artairí de cheal aerbhrú, is ar éigean atá craiceann ar bith orthu. Ar ndóigh, tá dainséir mhóra ag baint leis an easpa aerbhrú, leis an radaíocht agus leis na difríochtaí móra teochta, ach is í an anocsacht – an easpa ocsaigine – roimh aon rud eile a chuirfeadh néal ionat is a mharódh thú. Dá mbeadh soláthar ocsaigine agat gan chulaith spáis, ansin d’fhéadfá do chloigeann a bhuaireamh leis na priacail eile.

Cumhacht solastiomnúcháin: Is dual don teileascóp níos mó solas a thiomsú ná do shúil an duine, toisc go bhfuil cró an teileascóip níos mó ná mac imrisc na súile, agus is í an chumhacht solastiomnúcháin an coibhneas a thugas le fios an difríocht. Is í an fhoirmle a shainíos an chumhacht solastiomnúcháin ná:

P = (Dcró an teileascóip/Dmac imrisc an duine)2

is é sin, má roinntear trastomhas chró an teileascóip ar thrastomhas mhac imrisc an duine, agus má ardaítear an líon seo go cumhacht a dó (is é sin, má chearnaítear é), is éard a gheofar ná an chumhacht solastiomnúcháin. Is minic a thugas lucht na ceirde étendue ar an gcumhacht solastiomnúcháin – is é an téarma Fraincise é.

An Cupán a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Leon, an Mhaighdean, an Seiseamhán, an Phéist Uisce, agus an Préachán. Níl mórán cuid súl ann – is fathachréaltaí flannbhuí K-aicme iad an dá réalta is gile sa réaltbhuíon, agus iad ag dul in aois.

An Cúpla an réaltbhuíon atá ar an Stoidiaca idir an Portán agus an Tarbh. Réaltbhuíonta eile timpeall an Chúpla iad an Lioncsa, an tAra, an Bodach (Oiríon), an tAonbheannach, agus an Madra Beag. Fuair an réaltbhuíon a hainm ó chúpla na miotaseolaíochta Gréagaí, Castor agus Pollux, agus dá réir sin is iad Castor agus Pollux ainmneacha an dá réalta is gile sa Chúpla freisin.

Is é Pollux, nó Beta Geminorum, an réalta is gile sa Chúpla, agus is é an fhathachréalta is cóngaraí don Ghrian dá bhfuil ann, nó níl sé ach ceithre solasbhliana déag is scór ar shiúl uainn. Réalta K-aicme é Pollux, is é sin réalta fhlannbhuí. Tá mais dhá Ghrian ann, ach tá sé naoi oiread níos mó ná an Ghrian de réir an gha is an trastomhais, agus é breis is dhá scór oiread chomh lonrúil. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí i bPollux na milliúin blianta ó shin ach idir an dá linn chuaigh an réalta in aois, ionas gur iompaigh sí ina fathach. Sa bhliain 2006 dheimhnigh an réalteolaí Artie Hatzes go bhfuil pláinéad ag fithisiú Pollux.

Maidir le Castor, nó Alpha Geminorum, is ilréalta é. Is A-réaltaí iad an dá chomhbhall is gile sa chóras. Réaltaí príomhsheichimh iad ach is léir go bhfuil siad níos téagartha ná an Ghrian. Tá an córas iomlán suite faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.

Is í Athena, nó Gamma Geminorum, an tríú réalta is gile sa Chúpla. Tá Athena suite faoi naoi solasbliana is cúig scór dínn. Fo-fhathach A-aicme atá inti.

Mebsuta an t-ainm traidisiúnta ar Epsilon Geminorum, an ceathrú réalta is gile sa Chúpla. Réalta G-aicme atá inti, cosúil leis an nGrian s’againn, agus is ollfhathachréalta í: tá sí beagnach fiche oiread chomh téagartha leis an nGrian, timpeall ar 140 oiread chomh mór de réir an gha is an trastomhais, agus ocht míle cúig gcéad oiread chomh lonrúil.

Ollfhathach eile atá i Mekbuda, nó Zeta Geminorum le fírinne córas ilréaltach atá ann, agus tá an t-ainm sin Mekbuda ceaptha do phríomhréalta an chórais. Tá an réalta seo suite beagnach míle is dhá chéad solasbhliain uainn, agus í ocht n-oiread chomh téagartha leis an nGrian. Tá an trastomhas cúig oiread is trí scór chomh mór le trastomhas na Gréine, agus tá Mekbuda beagnach trí mhíle oiread chomh lonrúil léi. Réalta athraitheach í Mekbuda, agus a haicme speictreach ag guagadh idir F agus G. Is é an cineál réalta athraitheach atá ann ná Ceifid chlasaiceach, is é sin, tá sí cosúil le Delta Cephei.

Denebola Beta Leonis atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Leoin. Tá sí suite faoi shé solasbhliana déag is fiche dínn, agus í infheicthe go maith gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc. Réalta phríomhsheichimh í – níl sí dhá oiread chomh mór leis an nGrian – ach is A-réalta the lonrúil í. Réalta athraitheach í den chineál atá ainmnithe as Delta Scuti, is é sin, tagann athruithe beaga bídeacha ar a lonrachas de réir tréimhse nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar fad.

Diphda: Is í Diphda nó Deneb Kaitos Beta Ceti an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir – tá sí níos gile, fiú, ná an réalta ar a dtugtar Alpha Ceti, nó Menkar. Ó thaobh an speictrim de, tá sí idir eatarthu idir na haicmí G agus K. Fathachréalta fhlannbhuí í mar sin. Meastar go bhfuil sí suite faoi shé solasbhliana déag agus ceithre scór den Domhan.

An Domhan an pláinéad a bhfuil muid inár gcónaí air. Tá sé ar an gceann is mó de na pláinéid dhomhanchosúla sa Ghrianchóras, is é sin de na pláinéid nach gásfhathaigh iad. Tá dhá dtrian de dhromchla an Domhain, nó níos mó fós, clúdaithe ag uisce, agus an t-atmaisféar saibhir in ocsaigin – tá an dá rud riachtanach don bheatha mar a d’fhorbair sí ar an Domhan, ach is tábhachtach a thuiscint gur neachanna anaeróbacha a bhí sna chéad orgánaigh bheo ar an Domhan, is é sin gur nimh a bhí san ocsaigin dóibh. Mar sin b’éigean don bheatha éabhlóid áirithe a dhéanamh le bheith in ann leas a bhaint as ocsaigin an atmaisféir.

Aithníonn na geolaithe screamh, maintlín agus croí an Domhain thar a chéile. Is í an screamh an ciseal tanaí cloiche a chlúdaíos an pláinéad, agus í timpeall ar chúig ciliméadar ar tiús faoi na farraigí. Bíonn sí i bhfad níos tibhe faoin talamh slán, tríocha ciliméadar, fiú.

Tugtar neamhleanúnachas Mohorovičić, nó an Moho, ar an dromchla a scaras an screamh ón maintlín. Fuair an dromchla a ainm ó Andrija Mohorovičić, geolaí Crótach a bhí ina cheannródaí seismeolaíochta (is éard is seismeolaíocht ann ná an chraobh den gheolaíocht a dhéanas taighde ar na talamhchreathanna). D’aithin Mohorovičić roimh aon duine eile go bhfrithchaitheann an dromchla sin tonnta seismeacha (tonnta talamhchreatha) – is é sin nach leanann na tonnta sin a seanbhealach i ndiaidh an dromchla sin a bhualadh (sin é an fáth a dtugtar ”neamhleanúnachas” air).

Tugtar litisféar, nó sféar cloiche, ar an screamh agus ar uachtar an mhaintlín araon; taobh thíos den litisféar atá an t-astanaisféar, nó sféar na laibhe. Faoin astanaisféar atá croí an Domhain, agus is féidir struchtúr inmheánach áirithe a aithint sa chroí féin: an croí amuigh agus an croí istigh. Sreabhán slaodach atá sa chroí amuigh, ach is solad é an croí istigh. Iarann agus nicil is mó atá sa chroí. Tá an croí chomh te céanna agus dromchla na Gréine, a bheag nó a mhór – beagnach sé mhíle ceilvin.

Tá an litisféar deighilte ina phlátaí teicteonacha, agus tugtar teicteonaic ar an gcraobh den gheolaíocht a bhíos ag plé le gluaiseachtaí na bplátaí seo. Bíonn próisis éagsúla gheolaíocha ar obair áit a dtagann dhá phláta le chéile: ansin a bhíos talamhchreathanna le mothú agus bolcáin nua ag fás.

Tá an Domhan beo le bolcánachas. Le fírinne tá an Domhan eisceachtúil go maith sa Ghrianchóras chomh gníomhach is atá sé ó thaobh an bholcánachais de. Is iad na substaintí radaighníomhacha nádúrtha is mó is cúis leis an teas taobh istigh den Domhan: nuair a thagas meath radaighníomhach orthu, scaoiltear le radaíocht, is é sin le fuinneamh, agus an fuinneamh sin á chlaochlú go teas. Úráiniam, tóiriam, agus potaisiam (an t-iseatóp radaighníomhach úd 40K, nó potaisiam 40) na dúile is mó atá i gceist.

Cloch atá sa chuid is mó den Domhan, agus is éard atá sa chuid is mó den chloch ná sileacáití. Is éard atá i sileacáit ná ainian (ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) atá comhdhéanta as ocsaigin agus sileacan, agus é ceangailte de chaitiain éagsúla (iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu). Iain mhiotail is mó a bhíos ann (is é sin adaimh mhiotail a thug leictreoin ar iasacht uathu), ach bíonn iain níos casta ná sin ann.

ATMAISFÉAR AN DOMHAIN: CÉATADÁIN NA nGÁS ÉAGSÚIL SAN AER TIRIM

Nítrigin (N2) 78.09 %
Ocsaigin (O2) 20.95 %
Argón (Ar) 0.93 %
Dé-ocsaíd charbóin (CO2) 0.041 %
Neon (Ne) 0.0018 %
Héiliam (He) 0.00052 %
Meatán (CH4) 0.00018 %
Crioptón (Kr) 0.00011 %
Hidrigin (H2) 0.000055 %

Is gnách atmaisféar an Domhain a dheighilt ina chisil mar seo:

Ainm an chisil Airde Nótaí
An t-eisisféar Ó sheacht gcéad go fiche míle ciliméadar Is mó a bhaineas sainmhíniú an eisisféir le himtharraingt an Domhain ná le brú an atmaisféir. Go bunúsach tá deireadh leis an eisisféar san áit a bhfuil an ghrianghaoth níos láidire ná an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm ar na móilíní gáis.
AN TEIRMEASTAD – SEACHT gCÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an t-eisisféar agus an teirmisféar ó chéile
An teirmisféar Ó ochtó ciliméadar go seacht gcéad ciliméadar Tá an chuid seo den atmaisféar an-te, de réir chomh sciobtha is a bhíos na móilíní is na hadaimh ag gluaiseacht. Tá an gás chomh scaipthe anseo áfach nach n-aithneodh aon teirmiméadar (ná aon duine) an teocht sin – a mhalairt bheadh mothú mór fuachta ann. Bíonn na hadaimh ianaithe sa chuid seo den atmaisféar, agus mar sin tugtar ianaisféar ar an teirmisféar agus ar chodanna den mhéisisféar agus den eisisféar araon.
AN MÉISEASTAD – CEITHRE SCÓR CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar, agus an áit is fuaire san atmaisféar, de réir luas gluaiseachta na n-adamh.
An méisisféar Ó chaoga go hochtó ciliméadar Murab ionann agus an teirmisféar, tá an méisisféar ag dul i bhfuacht suas, fiú de réir luas gluaiseachta na n-adamh. Is é an méiseastad (an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar) an áit is fuaire san atmaisféar.
AN STRATASTAD – LEATHCHÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an strataisféar agus an méisisféar ó chéile
An strataisféar Ó dhá chiliméadar déag go caoga ciliméadar Tá an strataisféar níos fuaire thíos, níos teo thuas, agus é féin roinnte ina chisil éagsúla (sin é an tuige a dtugtar strataisféar air – féach focail ar nós stratum agus stratification sa Bhéarla, nó fiú sraith na Gaeilge).
AN TRÓPASTAD – DHÁ CHILIMÉADAR DÉAG OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an trópaisféar agus an strataisféar
An trópaisféar Ó dhroim an phláinéid go dhá chiliméadar déag An chuid den atmaisféar is aithin dúinn féin gan dul i muinín gléasra eolaíochta agus taighde. Tá an trópasféar níos teo thíos, agus níos fuaire thuas.

Dualghluaisne a thugtar ar an dóigh a bhfuil réalta áirithe ag gluaiseacht trasna na spéire i gcomparáid leis an sféar neamhaí (is é sin, i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí is na reann neimhe atá chomh cianmhar is nach féidir linn a ndualghluaisne siúd a aithint). Stua í an dualghluaisne, agus í á tomhas ina soicindí stua in aghaidh na bliana. Na réaltaí is mó dualghluaisne, is abhacréaltaí éadroma iad agus iad suite réasúnta cóngarach dúinn, cosúil le Réalta Barnard, Réalta Kapteyn agus Réalta Teegarden.

Dúpholl – Is éard atá i gceist leis an dúpholl ná réalta a rinne inphléascadh imtharraingthe, is é sin réalta a thit isteach inti féin chomh trom is a bhí sí. Réigiún sa spás-am é an dúpholl nach féidir éalú as toisc go bhfuil an imtharraingt chomh láidir.

Tugtar singilteacht ar chroílár an dúphoill, agus is í an léaslíne theagmhais dromchla an dúphoill. An réad nó an neach atá taobh istigh den léaslíne theagmhais ní féidir leis teacht slán ón tsingilteacht – titfidh sé isteach inti chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh. Ón taobh amuigh, áfach, ní fheicfear an réad sin ag baint amach an léaslíne choíche – scéal eile áfach ná go ndeargaistreofar an solas atá á fhrithchaitheamh aige, agus sa deireadh imeoidh an solas (agus an réad) as radharc ar fad. Is éard atá i gceist leis seo ná deargaistriú imtharraingteach.

An breathnóir daonna atá ag titim isteach sa dúpholl, ní aithneoidh sé an léaslíne theagmhais, má tá an dúpholl féin sách téagartha. Ina dhiaidh sin, áfach, stróicfear as a chéile é. Taobh istigh den dúpholl tá an imtharraingt ag dul i méadaíocht chomh sciobtha is go réabfaidh sí an breathnóir as a chéile – má tá sé ag titim i ndiaidh a chos, abair, beidh an imtharraingt ag dul i bhfeidhm ar a chos i bhfad níos láidire ná ar a chloigeann.

Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.

Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís an t-imoibriú a choinneáil ag obair gan an slabhra a bhriseadh.

Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlófar go húráiniam a 233 (233U) taobh istigh den imoibreoir féin. Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.

Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha trí chéile.

Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.

Fathach: Is éard atá i gceist le fathach nó fathachréalta ná réalta atá i bhfad níos mó ná na réaltaí príomhsheichimh ar aon dath agus ar aon teocht léi. Tá na fathachréaltaí suite os cionn an phríomhsheichimh i léaráid Hertzsprung-Russell. Tá fathachréaltaí éagsúla ann: cuid acu bhí siad ina réaltaí príomhsheichimh ar dtús, ach ansin d’fhorbair siad go fathachréaltaí, an chuid eile bhí siad mór millteanach ó thús báire.

Glactar leis go n-iompóidh an Ghrian féin ina fathachréalta i ndeireadh báire, i gceann cúig mhíle milliún bliain, nuair a bheas an hidrigin go léir i gcroí na réalta comhleáite go héiliam. Ansin crapfaidh an croí isteach chuige féin, agus an t-ábhar taobh amuigh de á aomadh chuige ag an imtharraingt. Faoi bhrú na himtharraingte cuirfear tús nua leis an gcomhleá, ach anois, is sna sraitheanna taobh amuigh den chroí a bheas sé ag dul ar aghaidh, áit a bhfuil hidrigin fágtha fós. Rachaidh na sraitheanna sin go mór i bhfairsinge, ach ní bheidh siad chomh te céanna is a bhí dromchla na réalta ar dtús: an fuinneamh a bheas á tháirgeadh beidh sé scaipthe níos fairsinge. Mar sin rachaidh dath agus aicmiú na réalta i dtreo na fuachta, is é sin, i dtreo na deirge (aicmí K agus M).

DORNÁN FATHACHRÉALTAÍ AITHNIDIÚLA

(más déréalta nó ilréalta atá i gceist, is iad sonraí na príomhréalta sa chóras atá le léamh thíos)

Ainm Réaltbhuíon Mais i gcomparáid leis an nGrian Trastomhas i gcomparáid leis an nGrian Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian Aicme speictreach
Albireo An Eala cúig oiread deich n-oiread agus trí scór míle agus dhá chéad oiread K
Aldebaran An Tarbh aon oiread go leith ceithre oiread is dhá scór leathmhíle oiread K
Alnitak An Bodach trí oiread déag is fiche fiche oiread dhá chéad go leith míle oiread (an ceathrú cuid den mhilliún) O
Alphard An Phéist Uisce trí oiread leathchéad oiread ocht gcéad oiread K
Altarf An Portán trí oiread leathchéad oiread sé chéad is trí scór míle oiread K
Antares An Scairp dhá oiread déag ocht gcéad is trí oiread agus ceithre scór leathchéad is seacht míle is cúig chéad oiread M
Arcturus An tAoire aon oiread amháin cúig oiread is fiche céad is deich n-oiread is trí scór K
Betelgeuse An Bodach tá meastacháin éagsúla ann ó ocht n-oiread go fiche oiread tuairim is míle oiread timpeall ar chéad míle oiread (réalta an-athraitheach atá i gceist) M
Canopus An Chíle tuairim is deich n-oiread tuairim is deich oiread is trí scór cúig mhíle déag oiread F
Deneb An Eala tuairim is fiche oiread tuairim is dhá chéad oiread tuairim is dhá chéad míle oiread A
Diphda (Deneb Kaitos) An Míol Mór dhá oiread is ocht ndeichiú cuid seacht n-oiread is fiche céad is dhá scór oiread K
Eta Carinae An Chíl meastacháin éagsúla ó chéad oiread go dhá chéad oiread meastacháin éagsúla ó thrí scór oiread go hocht gcéad oiread cúig mhilliún oiread athraitheach
Hamal An Reithe aon oiread go leith cúig oiread déag timpeall ar dheich n-oiread is ceithre scór oiread K
Rigel An Bodach tuairim is fiche oiread ceithre scór oiread céad is fiche míle oiread B

An Ghealach an t-aon satailít nádúrtha atá ag an Domhan s’againn. Go bunúsach, níl inti ach cloch: sileacáití, alúmana, aol, ocsaídí iarainn, ocsaídí tiotáiniam agus eile. Tá dhá chineál tír-raon ann, is é sin, na garbhchríocha agus na mara, mar a thugtar orthu – ar ndóigh, ní thiocfá ar bhraon uisce sna farraigí sin, nó is éard atá iontu ná ísleáin nó mánna, agus iad déanta as cloch bholcánach (basalt, brúchtcharraig).

I gcomparáid le satailítí nádúrtha eile an Ghrianchórais, níl an Ghealach beag ar aon nós. Tá sí níos mó ná Europa, is é sin, an ceann is lú de Ghealacha Galileo (na ceithre satailítí is mó atá ag Iúpatar). Thairis sin, tá sí níos mó ná aon cheann acu i gcomparáid leis an bpláinéad a bhfuil sí ag dul ina thimpeall – an príomhúlach, mar a déarfá. Tá gealacha Iúpatair agus Shatarn i bhfad níos lú i gcomparáid lena bpríomhúlach.

Is éard atá sa Ghealach, mar a chreidtear inniu, ná toradh d’imbhualadh millteanach a tharla tuairim is leathchéad milliún bliain i ndiaidh fhoirmiú an Ghrianchórais. Bhuail pláinéad ar aon mhéid le Mars faoin réamh-Dhomhan – Theia a thugas na réalteolaithe ar an imbhuailteoir seo – agus ba iad smidiríní Theia comhábhair na Gealaí. Ba dhomhain ar fad a chuaigh Theia isteach sa phláinéad s’againn, agus a rian sin le haithint ar mhaintlín agus ar chroílár an Domhain i gcónaí.

Deirtear go bhfuil rothlú na Gealaí sioncrónach leis an Domhan – is é sin, is é an taobh céanna den Ghealach a bhíos iompaithe linn an t-am ar fad. Is féidir linn, áfach, beagáinín níos mó ná leath de dhromchla ár satailíte a fheiceáil, toisc go mbíonn sí ag guagadh ar dhóigheanna éagsúla: uaireanta iompaíonn sí a pol thuaidh nó a pol theas linn, agus bíonn sí ag moilliú nó ag géarú a gluaiseachta ar a fithis, ionas gur féidir linn tuilleadh den ”tosach” nó den ”chúl” a fheiceáil in amanta difriúla. Fágann an guagadh 59 % de dhromchla na Gealaí inmhapáilte ón Domhan. Ba iad na Sóivéadaigh a chuir tús le léarscáiliú an taoibh eile den Ghealach sa bhliain 1959: ansin, d’éirigh leo taiscéalaí (is é sin spásbhád beag gan foireann) a chur ag fithisiú na Gealaí agus ag tógáil grianghrafanna.

Thug daoine daonna an chéad chuairt ar an nGealach i Mí Iúil 1969, nuair a thuirling an tIolar (Eagle) modúl tuirlingthe an spásbháid úd Apollo a hAon Déag – i Muir na Sáimhe. Ba iad na spásairí Meiriceánacha Neil Armstrong agus Buzz Aldrin a bhí ag stiúradh an mhodúil, agus an tríú fear, Michael Collins, ag fanacht leo i modúl ceannasaíochta an spásbháid a bhí ag fithisiú na Gealaí. I ndiaidh an turais, bhain Collins amach clú áirithe mar scríbhneoir leis an leabhar cuimhní cinn a bhreac sé síos faoi shaol an spásaire, Carrying the Fire.

Maidir le tábhacht na dturasanna seo don eolaíocht is don taighde, ba iad na geolaithe ba mhó a ghnóthaigh orthu, nó d’ardaigh na spásairí leo cuid mhaith cloch a thug léargas nua ar fhorbairt gheolaíoch na Gealaí. Fuair na spásairí go léir bunscolaíocht sa gheolaíocht, agus bhí Harrison Schmitt, fear den triúr spásairí ar an turas deireanach go dtí an Ghealach, ina gheolaí oilte.

Gealacha Galileo a thugtar ar na satailítí is mó atá ag Iúpatar, ceithre cinn ar fad, a ndearna Galileo Galilei a bhfionnachtain thiar sa bhliain 1610.

Is iad ainmneacha na ngealach seo ná Io, Europa, Ganymede, agus Callisto. Fuair siad na hainmneacha seo ón réalteolaí Gearmánach Simon Marius (Mayr), ach ní raibh formhór na réalteolaithe fonnmhar iad a úsáid roimh an bhfichiú haois, ó nach raibh Galileo féin sásta leo – b’fhearr leis na gealacha a uimhriú go simplí. Is gnách ainmniú na reann neimhe a fhágáil faoin duine a rinne a bhfionnachtain, agus ba é Galileo a d’aithin na gealacha seo roimh Marius. Thairis sin, deirtear go raibh meas an mhagaidh mhíchuí ag lucht na comhaimsire ar na hainmneacha a bhronn seisean. Nó tagraíonn siad do na cailíní (agus d’fhear óg amháin) a raibh cumainn ghrá ag Zeus leo de réir mhiotaseolaíocht na sean-Ghréige, agus is gnách Zeus a chomhionannú le hIúpatar, mar a rinne na Rómhánaigh fadó, ó ba nós leo gach dia de chuid na nGréagach a chomhionannú le dia dá gcuid féin.

Ba é Giovanni Battista Hodierna, dalta de chuid Galileo, a bhaist na hainmneacha Principharus, Victripharus, Cosmipharus agus Fernipharus orthu. Tagairt a bhí sna hainmneacha seo do ”Phrionsa (principe) na Tuscáine”, do Vittoria della Rovere (bean Ferdinando de Medici), Cosimo de Medici (urraí Galileo) agus Ferdinando de Medici (mac Cosimo). Ó bhí Galileo ag fáil urraíochta ó Cosimo de Medici, Ard-Diúc na Tuscáine, bhí sé féin tar éis Medicea Sidera nó ”Réaltaí Mhuintir Medici” a bhaisteadh ar na gealacha seo in éineacht.

GEALACHA GALILEO – ”RÉALTAÍ MHUINTIR MEDICI” – ”MEDICEA SIDERA”

IO (Iúpatar a hAon, Principharus) EUROPA (Iúpatar a Dó, Victripharus) GANYMEDE (Iúpatar a Trí, Cosmipharus) CALLISTO (Iúpatar a Ceathair, Fernipharus)

AR MHAITHE LEIS AN gCOMPARÁID:

AN GHEALACH TIOTÁN (an tsatailít is mó atá ag Satarn)
Meángha (ciliméadar) 1822 1560 2630 2410 1737 2575
Tréimhse imrothlaithe (lá Domhanda) 1.77 3.55 7.15 16.7 27.3 15.9
Meánluas ar an bhfithis (ciliméadar in aghaidh na soicinde) 17.3 13.7 10.9 8.2 1.02 5.57
Mais (i gcomparáid leis an Domhan) 0.015 0.008 0.025 0.018 0.012 0.0225
Dlús (gram in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh) 3.5 3.0 1.9 1.8 3.3 1.9
Imtharraingt ar an dromchla (g-aonad) 0.183 0.134 0.146 0.126 0.1654 0.14
Treoluas éalaithe (ciliméadar in aghaidh na soicinde) 2.558 2.025 2.741 2.440 2.38 2.639
Meánteocht ar an dromchla (ceilvin) 110 102 110 134 220 94
Ailbéideacht 0.63 0.67 0.43 0.22 0.136 0.22
Cianphointe na fithise (ciliméadar) 423 400 677 000 1 071 600 1 897 000 405 400 1 257 000
Garphointe na fithise (ciliméadar) 420 000 665 000 1 069 200 1 869 000 362 600 1 187 000

Gienah Gienah Cygni – ”Sciathán na hEala” – a thugtar go traidisiúnta ar an réalta úd Epsilon Cygni i réaltbhuíon na hEala. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme is ea í agus í suite corradh is seachtó solasbhliain dínn. Tá sí aon oiread déag chomh mór leis an nGrian (de réir an trastomhais) agus dhá oiread is trí scór chomh lonrúil. Creidtear áfach nach bhfuil sí ach aon oiread amháin níos troime ná an Ghrian – is é sin bhí sí i bpríomhsheicheamh na réaltaí ar dtús sular iompaigh sí ina fathach, díreach mar atá i ndán don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Gienah Ghurab Gienah Corvi Ala Corvi a thugtar ar Gamma Corvi, arb í an réalta is gile i réaltbhuíon an Phréacháin. Réalta the bhánghorm den aicme B í, agus í suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. Focal Araibise é Gienah a chiallaíos ”eite, sciathán”, agus mar sin, is é ”Sciathan an Phréacháin” is brí le hainm na réalta.

An Grúpa Áitiúil a thugtar ar an ngrúpa réaltraí a mbaineann Bealach na Bó Finne leis. Is iad Réaltra Andraiméide, Bealach na Bó Finne, agus Réaltra an Triantáin na réaltraí is mó sa ghrúpa, ach thairis sin tá cuid mhór réaltraí ann is lú ná na cinn sin, ar nós Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan.

ROINNT RÉALTRAÍ SA GHRÚPA ÁITIÚIL

Ainm Uimhir i gcatalóg Messier Uimhir sa Nua-Chatalóg Ghinearálta An cineál réaltra atá ann An réaltbhuíon ina bhfeictear an réaltra Nótaí
Réaltra Andraiméide M31 NCG224 Réaltra bíseach barrach Andraiméide An réaltra is mó sa ghrúpa
Bealach na Bó Finne Réaltra bíseach barrach An réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin
Réaltra an Triantáin M33 NCG598 Réaltra bíseach neamhbharrach An Triantán An réaltra bíseach is lú sa Ghrúpa Áitiúil. Is dócha gur satailít de chuid réaltra Andraiméide atá ann
Scamall Mór Magellan Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin An Colgán agus an Tábla Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann. Shíltí ar feadh i bhfad gur réaltra neamhrialta a bhí ann
Scamall Beag Magellan NCG292 Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin An Túcán agus an Phéist Uisce Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann

M32

NCG221 Réaltra éilipseach Andraiméide Satailít de chuid Andraiméide atá ann
SagDEG (Sagittarius Dwarf Elliptical Galaxy, Abhacréaltra Éilipseach an tSaigheadóra) Réaltra éilipseach An Saigheadóir Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
SagDIG (Sagittarius Dwarf Irregular Galaxy, Abhacréaltra Neamhrialta an tSaigheadóra) Réaltra neamhrialta An Saigheadóir Is é seo an réaltra is faide atá suite ó bharalár (is é sin, ó mheáchanlár) an Ghrúpa Áitiúil
Abhac an Dragain (Béarla: Draco Dwarf) Abhacréaltra sféaróideach An Dragan Táthar ag déanamh go bhfuil an réaltra seo an-saibhir i ndamhna dorcha

Héiliam: Is é an héiliam dúil uimhir a dó sa tábla peiriadach. Mar is léir ón uimhir adamhach, tá dhá phrótón i núicléas an héiliam. Tá dhá iseatóp tábhachtacha ag an héiliam, mar atá, an ceann is coitianta, nó héiliam a ceathair, agus an ceann eile, nó héiliam a trí. Na hiseatóip eile is radanúiclídí éagobhsaí iad a dtagann meath radaighníomhach orthu go sciobtha. Tá dhá leictreon ag an héiliam, agus mar sin, is triathghás é, nó níl áit ar an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas ach d’aon leictreondís amháin. Dá réir sin ní féidir leis an héiliam dul i gcomhdhúil le dúil eile.

Tá fiuchphointe an héiliam iontach íseal, nó níl sé ach cúpla céim Celsius os cionn an dearbhnialais. Ní féidir héiliam a reo go solad gan brú ard a oibriú air. Ina áit sin, má reoitear i dtreo an dearbhnialais é faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, iompóidh sé ina fhorshreabhán a bhfuil saintréitheanna neamhghnácha aige: mar shampla ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, nó dreapfaidh sé as agus é ag dul ar fud na háite ina scannán tanaí.

Hidrigin: Is í an hidrigin dúil uimhir a haon sa tábla peiriadach, agus is í an dúil is simplí ó thaobh an struchtúir de, nó níl ach aon phrótón amháin i núicléas na hidrigine, agus níl ach aon leictreon amháin i néal leictreon na hidrigine. Is dual do na hadaimh hidrigine móilíní dhá adamh a dhéanamh faoi na gnáth-imthoscaí ar dhroim an Domhain, ach dáiríre is dúil an-imoibríoch í an hidrigin, agus tá an chuid is mó di le fáil ceangailte i gcomhdhúile éagsúla ceimiceacha. Le fírinne tá an gás hidrigine chomh héadrom is nach bhfuil imtharraingt ár bpláinéid sách láidir lena choinneáil san atmaisféar: is dual dó éalú go dtí an spás. Sin é an tuige nach bhfuil ach iarsmaí beaga hidrigine le fáil san aer.

Nuair a rachas an hidrigin trí thine, is é an toradh a gheofar ná ocsaíd na hidrigine – is é sin, uisce. Is féidir leis an hidrigin pléasc a dhéanamh agus í ag imoibriú leis an ocsaigin. Thairis sin, tá dainséar eile ag baint le dóchan na hidrigine: tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, agus í an-te san am chéanna.

Tá trí iseatóp ag an hidrigin, agus ainmneacha ar leith orthu: an próitiam (an ghnáth-hidrigin, nach bhfuil ach prótón amháin mar núicléas aici), an deoitéiriam (hidrigin a dó – tá prótón agus neodrón amháin i núicléas an iseatóip seo), agus an tritiam (hidrigin a trí – prótón amháin agus dhá neodrón sa núicléas). Núiclíd radaighníomhaíoch é an tritiam, agus tagann béite-mheath air: is é héiliam a trí (iseatóp neamhghnách de chuid an héiliam) is toradh don mheath seo.

I réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, comhleáitear núicléis hidrigine go héiliam: an fuinneamh a thagas as an nGrian is toradh don chomhleá seo é. Ar dtús téann dhá phrótón le chéile le núicléas deoitéiriam (”deoitéarón”) a dhéanamh, ansin téann deoitéarón agus prótón le chéile le núicléas de chuid héiliam a trí a tháirgeadh, agus sa deireadh comhleáitear dhá núicléas den chineál seo go núicléas gnáth-héiliam (héiliam a ceathair) – scaoiltear dhá phrótón saor sa teagmháil seo. Tugtar timthriall ”prótón-prótón” air seo.

Infridhearg a thugtar ar na bandaí radaíochta idir na radathonnta agus an solas infheicthe. Tá tonnfhad na radaíochta infridheirge níos mó ná tonnfhad an tsolais, agus dá réir sin tá a minicíocht níos ísle. Is mar theas is mó a aithníos nó a mhothaíos an duine an radaíocht infridhearg.

Io an ceann de Ghealacha Galileo is cóngaraí d’Iúpatar, agus is minic a thugtar ”an ghealach píotsa” uirthi, toisc go bhfuil sí buí (cosúil le cáis an phíotsa) agus breac le bolcáin (a chuirfeadh slisní tráta i gcuimhne duit). Tá Io á streachailt as a chéile taobh istigh ag na fórsaí taoidmheara, is é sin, ag imtharraingt na ngealach eile gan trácht a dhéanamh ar Iúpatar féin. Dá thoradh sin tá sí beo le bolcánachas thar aon rinn neimhe eile sa Ghrianchóras. Is é an sulfar a thagas as na bolcáin is cúis leis an dath buí, agus na dathanna eile a fheictear is minic a bhaineas siad le hallatróip neamhghnácha an tsulfair.

Tá Io beagáinín níos mó ná an Ghealach s’againn, agus í ar an dara ceann is lú de ghealacha Galileo. Tá sí níos mó ná Europa, agus níos lú ná Ganymede agus Callisto.

Leaptón a thugtar ar bhuncháithnín éadrom, cosúil leis an leictreon. Ní féidir leis na leaptóin páirt a ghlacadh san idirghníomhú láidir (is é an t-idirghníomhú láidir is cúis leis an bhfórsa a choinníos núicléas an adaimh le chéile). Ba é an leictreon an chéad leaptón a haithníodh. Leaptón eile é an múón, agus é i bhfad níos troime ná an leictreon, cé nach bhfuil sé chomh trom leis na baróin.

Léaráid Hertzsprung-Russell a thugtar ar an léaráid a gheofar, má chuirtear sonraí na réaltaí i gcóras comhordanáidí ionas gurb iad aicmiú na réalta (is é sin, dath na réalta, nó teocht a dromchla) agus a lonrachas na haiseanna comhordanáide. Tá an léaráid ainmnithe as Ejnar Hertzsprung agus Henry Russell, beirt réalteolaithe a d’fhorbair í tuairim na bliana 1910. Danmhargach ab ea Hertzsprung, agus b’as na Stáit Aontaithe don Ruiséalach. Is féidir na hollfhathachréaltaí, na fathachréaltaí, an príomhsheicheamh agus na habhacréaltaí a aithint thar a chéile ar an léaráid seo, mar limistéir atá réasúnta scartha ó chéile.

Litiam a thugtar ar an gceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Li an tsiombail cheimiceach, agus ós rud é go bhfuil trí phrótón i núicléas an litiam, is é dúil cheimiceach uimhir a trí é i dtábla peiriadach na ndúl. Tá sé 6.94 ar mheáchan adamhach, rud a thugas le fios gurb é litiam a seacht, nó 7Li, an t-iseatóp is coitianta. Tá teacht ar litiam a sé, nó 6Li, sa dúlra chomh maith, agus níl aon cheann den dá iseatóp nádúrtha sin radaighníomhach. Bíonn céatadán litiam a sé ag guagadh timpeall ar chúig sna heiseamal nádúrtha, agus é chomh hathraitheach is nach féidir meáchan adamhach na dúile seo a shocrú níos cruinne ná 6.94.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an litiam ná 1s22s1. Is é sin, tá an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas lán (níl áit ansin ach do dhá leictreon) agus leictreon amháin ar an sceall taobh amuigh de. Is dual don litiam an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh agus ian deimhneach, Li+, a dhéanamh. Mar sin, tá sé sách araiciseach chun imoibriúcháin, cosúil leis na miotail alcaileach eile, cé nach bhfuil sé chomh himoibríoch leis an sóidiam. Seoltóir maith leictreachais agus teasa é fosta.

Níl an litiam ach 0.53 g/cm3 ar dhlús. Is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread chomh dlúth. Má chuirtear cnapán litiam i gcoimeádán uisce le súil is go n-imoibreoidh sé leis an uisce, beidh an cnapán ag snámh ar dhromchla an uisce agus é ag iompú go hiodrocsaíd litiam le linn an imoibriúcháin.

Is gnách an miotal litiam a choinneáil i dtaisce in ola le hé a chosaint ar an uisce agus ar an aer. Is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir féin agus ocsaíd litiam a dhéanamh. Thairis sin áfach tá an litiam in ann imoibriú le nítrigin an aeir le teocht an tseomra agus nítrid litiam Li3N a dhéanamh. Níl na miotail alcaileacha eile féin in ann dul i gcomhdhúil leis an nítrigin mar sin.

Is é +I an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an litiam ina chuid comhdhúl, rud is léir ón gcumraíocht leictreonach. Úsáidtear salainn áirithe litiam mar fhrithdhúlagráin, is é sin, mar chógais le maolú ar an dúlagar intinne.

An Mhaighdean – Ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca í an Mhaighdean, agus í le feiceáil idir an Leon, an Préachán, an Cupán, Folt Bheirnicé, an Mheá, ceann na Péiste, agus an tAoire. Spica (Alpha Virginis) an réalta is gile sa réaltbhuíon seo; réaltaí suntasacha eile iad Zavijava (Beta Virginis), Porrima (Gamma Virginis), Auva (Delta Virginis) agus Vindemiatrix (Epsilon Virginis). Tá braisle iomlán réaltraí, Braisle na Maighdine, le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Markab Markeb a thugtar ar cheithre réalta éagsúla:

  • Alpha Pegasi. Cé gurb í alfa-réalta Pheigeasais í, níl sí ach ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon sin i ndáiríre. B-réalta í, is é sin, réalta the bhánghorm. Is fathachréalta í agus í chomh sean is nach bhfuil sí ag comhleá hidrigine go héiliam a thuilleadh. Tá sí suite faoi chéad trí solasbhliana déag is fiche dínn.
  • Tau Pegasi. Tugtar Salm Kerb ar an réalta seo freisin. Réalta the den A-aicme í, ach níl sí ina fathach. Tá sí suite faoi chéad is trí scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • k Puppis (tabhair faoi deara nach í an litir Ghréagach úd kappa atá againn ansin, ach an ghnáthlitir k!). Déréalta í seo a bhfuil dhá fhathachréalta ghorma den B-aicme inti – nó, le fírinne, tá ceann den dá leathréalta sin ina dhéréalta ann féin. Tá siad go léir suite faoi cheithre chéad go leith de sholasbhlianta dínn.
  • Kappa Velorum. Déréalta i réaltbhuíon na Seolta atá ann, agus í suite faoi chúig chéad agus deich solasbliana déag is trí scór dínn. Ní furasta an dá leathréalta a aithint thar a chéile, ach is mar B-réalta a rachaidís i bhfeidhm ort.

Mars atá ar dhia cogaidh na sean-Róimhe, óna bhfuair an ceathrú pláinéad sa ghrianchóras s’againn a ainm féin. Tá Mars ag fithisiú na Gréine idir an Domhan agus crios na n-astaróideach, agus dhá ghealach aige: Phobos agus Deimos. Níl iontu siúd ach cnapáin bheaga chloiche i gcomparáid leis an nGealach s’againn, agus dealraíonn sé nach raibh iontu riamh ach astaróidigh fhánacha agus iad ceaptha ag Mars ar a gcamchuairt.

Tá Mars níos lú ná an Domhan, ach is ionann, beagnach, achar Mharsa agus achar na talún tirime ar an Domhan. Is minic a thugtar ”an pláinéad dearg” ar Mhars, ach is dócha go mb’fhearr ”an pláinéad rua” a rá, nó is é an t-iarann is cúis leis an dath sin – is é dath na meirge é go bunúsach, nó tá ”cré” Mharsa sách saibhir i mianraí iarainn. Chomh fíneáilte is atá an chré nó an dusta sin bíonn cuid mhór de ar foluain san aer, ionas go bhfuil an spéir féin sórt dearg nó rua ar Mhars.

Bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad an bhfuil uisce ar bith ar dhromchla Mharsa. Faoi dheireadh na naoú haoise chreid a lán daoine go raibh ”canálacha” ar Mhars, ó thug an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli le fios go raibh sé in ann línte díreacha a aithint ar dhromchla an phláinéid agus é barúlach gur uiscebhealaí de chineál éigin a bhí ann. Is é an chiall a bhain a lán daoine as seo go raibh neacha intleachtúla tar éis canálacha a ghearradh ansin, agus spreag an smaoineamh seo cuid mhaith scéalta faoi shibhialtacht sheanársa Mharsa atá ag foghlaim an bháis cheana, agus na daoine, nó pé cineál neacha iad, ag streachailt leo leis an mbeagán uisce atá fágtha a bhailiú ina gcuid canálacha. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh sna canálacha ach iomrall súl, agus ní raibh Marsaigh ann ach an oiread.

Maidir le ceist an uisce ar Mhars, is iad na caidhpeanna polacha is mó is ábhar suime dháiríre. Bhí na heolaithe barúlach ar feadh i bhfad gur dé-ocsaíd charbóin a bhí iontu, ach ina dhiaidh sin tháinig a athrú tuairime i bhfaisean, agus na heolaithe suite siúráilte gur oighear uisce a bhí i gceist. Is é tuiscint na n-eolaithe sa lá atá inniu ann ná go bhfuil an dá chuid ann, ach gur gnách don dé-ocsaíd charbóin galú le teacht an tsamhraidh, ionas nach bhfágtar ach an t-oighear uisce. Sin é an tuige go dtagann crapadh ar na caidhpeanna go tráthrialta.

Tá bliain Mharsa beagnach dhá oiread chomh fada le bliain an Domhain, ach níl lá Mharsa ach beagáinín níos faide ná ár lá féin – dhá scór nóiméad níos faide, a bheag nó a mhór. Bíonn na séasúir – an samhradh is an fómhar, an geimhreadh is an t-earrach – ag leanúint a chéile de réir timthriall a chuirfeadh an Domhan i gcuimhne duit.

Ceist mhór é i gcónaí, an bhfuil beatha d’aon chineál ar fáil ar Mhars. Na scéalta ficsin eolaíochta faoi na neacha intleachtúla, cosúil leis na banphrionsaí deargchraicneacha ag Edgar Rice Burroughs, tá siad bréagnaithe inniu, ach tá sé incheaptha i gcónaí go bhfuil beatha shimplí ann, rud éigin cosúil leis na baictéir mar shampla. Tá mianraí i gcré Mharsa a choinneodh plandaí beo, ach ní cosaint ar an radaíocht ultraivialait é atmaisféar tanaí an phláinéid, agus mar sin pé beatha atá ann caithfidh sí a bheith ar a teitheadh ón radaíocht faoi dhromchla Mharsa.

Is dócha gurb iad Syrtis Major agus Olympus Mons an dá ghné is clúití de thíreolaíocht Mharsa. Ba é Syrtis Major an chéad bhall ar dhromchla aon rinn neimhe ar tugadh cur síos air in aon scríbhinn eolaíochta. Ba é Christiaan Huygens, an fear mór teileascópaíochta ón Ollainn sa seachtú haois déag, a luaigh Syrtis Major roimh aon duine eile, agus é ag tabhairt ”an Mhuir Orláiste” air, toisc gur bhain sé úsáid an ”orláiste” as le ham rothlaithe Mharsa a thomhas. Is éard atá i Syrtis Major, de réir thuiscint an lae inniu, ná sciathbholcán, nó ceantar leibhéalta a bhí ina sciathbholcán tráth.

Maidir le hOlympus Mons, is é an sliabh is airde sa Ghrianchóras ar fad. Tá sé dhá chiliméadar is fiche níos airde ná an tír-raon ina thimpeall, agus is sciathbholcán é freisin. Tá sé suite ar imeall thiar Tharsis, ar réigiún ardchríche é, agus trí bholcán arda eile (Tharsis Montes, nó Sléibhte Tharsis) le feiceáil taobh istigh den réigiún – Arsia Mons, Pavonis Mons, agus Ascria Mons.

ATMAISFÉAR MHARSA

Brú an aeir ar dhromchla Mharsa 0.6 % de mheánbhrú an aeir ar leibhéal na farraige ar an Domhan
Dé-ocsaíd charbóin 96 %
Argón 1.9 %
Nítrigin 1.9 %
Ocsaigin

(iarsmaí beaga)

Aonocsaíd charbóin
Meatán

An MheáLibra a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Scairp agus an Mhaighdean ar an stoidiaca. Is é Zubeneschamali nó Beta Librae an réalta is gile sa Mheá, agus is B-réalta phríomhsheichimh í – trí nó ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, agus céad is tríocha oiread níos lonrúla. Maidir leis an dara réalta is gile, nó Zubenelgenubi (Alpha Librae), is ilréalta í; shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe nach n-úsáidtear an t-ainm ”Zubenelgenubi” a thuilleadh ach le tagairt a dhéanamh don chomhbhall is gile sa chóras ilréaltach sin, is é sin, α2 Librae. Déréalta inti féin í an réalta seo, agus í suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn, a bheag nó a mhór.

Tríd is tríd, níl mórán cuid súl sa Mheá. Tá réaltbhraisle chruinneogach amháin le feiceáil sa réaltbhuíon seo, mar atá, NCG 5897, agus í suite faoi dhá scór míle solasbhliain dínn.

Mearcair atá ar an bpláinéad is cóngaraí don Ghrian. Níl gealacha ná atmaisféar aige, agus tá sé i bhfad níos lú ná an Domhan – le fírinne tá sé ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis na gealacha is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair: tá Ganymede beagáinín níos mó ná Mearcair.

Tá rothlú agus imrothlú Mhearcair in athshondas le chéile ar dhóigh ar leith: críochnaíonn an pláinéad trí rothlú (= trí lá is trí oíche) in aghaidh an dá imrothlú (= dhá bhliain), i gcomparáid le cúlra na réaltaí. An breathnóir a bheadh suite ar dhroim an phláinéid féin, áfach, d’fheicfeadh sé aon lá is aon oíche amháin i rith dhá bhliain. Rud eile fós, tá fithis Mhearcair an-éalárnach i gcomparáid leis na pláinéid eile, agus luas an phláinéid an-difriúil i bpointí éagsúla na fithise. In aice leis an ngarphointe don Ghrian (an peirihéilean) sáraíonn luas an phláinéid ar a chamchuairt timpeall na Gréine luas a rothlaithe ar a ais. Mar sin, an breathnóir a bheadh suite in áit oiriúnach ar dhromchla Mhearcair, d’fheicfeadh sé an Ghrian ag éirí, ag stad agus ag dul faoi, agus ag éirí arís i ndiaidh don phláinéad an peirihéilean a fhágáil ina dhiaidh.

Cé go bhfuil Mearcair i bhfad níos lú ná an Domhan, tá a mhaighnéadsféar (réimse maighnéadach) beagáinín níos láidire ná maighnéadsféar ár bpláinéid féin. Mar sin, creidtear go bhfuil croí iarainn Mhearcair an-mhór agus go bhfuil a screamh is a mhaintlín réasúnta tanaí.

Ní féidir a rá go mbeadh atmaisféar ag Mearcair – an beagán atá ann níl sé in ann an teas a scaipeadh is a chothromú, mar a dhéanas atmaisféar an Domhain. Mar sin, bíonn sé an-te ar Mhearcair nuair a bhíos an Ghrian ag scaladh, agus an-fhuar nuair nach mbíonn. Na háiteanna is teo ar mheánchiorcal an phláinéid is féidir leo teocht ceithre chéad céim Celsius a shroicheadh, ach le linn oíche fhada an phláinéid reofaidh siad arís go céad go leith de chéimeanna Celsius faoin nialas, nó níos fuaire fós. Maidir leis na réigiúin pholacha fanann siad an-fhuar (timpeall ar chéad céim Celsius faoin nialas) ó thús go deireadh na bliana.

Tá Mearcair sách cosúil leis an nGealach ina chuma is ina chosúlacht, nó tá dromchla an phláinéid breac le cráitéir. Sa bhliain 2012 d’aithin an taiscéalaí spáis úd Messenger go raibh oighear – oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite – sna cráitéir timpeall ar phol thuaidh an phláinéid.

Mearcair a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a ceithre scór freisin, nó airgead beo, agus is é Hg an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is é an t-aon mhiotal atá ina leacht le teocht an tseomra. Is iomaí úsáid a bhaintear as mearcair sa teicneolaíocht, go háirithe sna teirmiméadair agus sna gáslampaí, ach táthar ag éirí as ar na saolta seo, toisc gur trom-mhiotal dainséarach atá ann. Is iad +2 (na comhdhúile mearcaracha) agus +1 (na comhdhúile mearcarúla) na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí i gcomhdhúile ceimiceacha an mhearcair. Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir dhá adamh mearcair: mar sin, is é an caitian atá iontu ná an démhearcair Hg+-Hg+. Is é an cionnabar (an tsuilfíd mhearcarach, HgS) an mianra mearcair is tábhachtaí.

Meathshlabhra a thugtar ar shlabhra na n-idirchéimeanna ó radanúiclíd fhadsaolach go núiclíd chobhsaí. Go bunúsach níl ach iseatóip radaighníomhacha ag aon dúil a sáraíonn a huimhir adamhach 82 (is í an luaidhe dúil uimhir a 82). Mar sin, ní féidir le dúile troma cosúil leis an úráiniam (dúil uimhir a 92) cobhsaíocht a bhaint amach le haon mheath radaighníomhach amháin: ní bhaineann an t-alfa-mheath féin ach dhá aonad den uimhir adamhach. An núiclíd is toradh don mheath radaighníomhach a thagas ar an úráiniam, beidh sí radaighníomhach chomh maith, agus tiocfaidh meath radaighníomhach eile uirthi.

Seo an meathshlabhra a chaithfeas an t-úráiniam (an t-iseatóp is coitianta sa dúlra, mar atá, úráiniam a 238) a chur de le cobhsaíocht a bhaint amach:

  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 238, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar thóiriam a 234, agus is é is toradh don mheath ná prótachtainiam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar phrótachtainiam a 234, agus is éard a gheofar ná úráiniam a 234;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 234, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 230;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar thóiriam a 230, agus is éard a gheofar ansin ná raidiam a 226;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar raidiam a 226, agus is é is toradh don mheath seo ná radón a 222;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar radón a 222, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 218;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 218, agus is éard a gheofar ná luaidhe a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 214, agus is é is toradh dó seo ná biosmat a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 214, agus is é is toradh don mheath ná polóiniam a 214;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 214, agus is é is toradh don mheath ná luaidhe a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 210, agus is éard a gheofar ná biosmat a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 210, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 210;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 210, agus is éard a gheofar ansin ná luaidhe a 206;
  • agus is núiclíd chobhsaí í luaidhe a 206; mar sin, tháinig an meathshlabhra a fhad lena dheireadh.

Ní mór a thuiscint go bhfuil an meathshlabhra seo beagáinín simplithe. Mar shampla tagann béite-mheath ar pholóiniam a 218 an-chorruair, cé gurb annamh is gur ró-annamh é, agus is é is toradh dó seo ná astaitín a 218. Go ginearálta, áfach, bíonn an ceann scríbe céanna (sa mheathshlabhra seo, luaidhe a 208) i ndán do bhealaí malartacha den chineál seo.

Nuair a thosaigh an taighde ar na meathshlabhraí, ba mhinic a bhíodh ainmneacha dá gcuid féin ag na fisiceoirí ar na hidirchéimeanna, gnás a d’fhágadh na ceimiceoirí in umar an éadóchais, ós minic nár léir ó na hainmneacha seo cén dúil a bhí i gceist. Mar shampla, ba nós leis na fisiceoirí méiseatóiriam a thabhairt ar dhá núiclíd i meathshlabhra an tóiriam, cé nach iseatóip thóiriam a bhí i gceachtar acu ar aon nós, agus iad ag tabhairt tórón ar an iseatóp radóin a bhfuil baint aige le meathshlabhra an tóiriam. Iainiam a bhí acu ar thóiriam a 230.

MegrezKaffaDelta Ursae Majoris atá ar an réalta is fainne sa Chamchéachta. Réalta phríomhsheichimh í, agus cé nach bhfuil sí ach 63 % níos troime ná an Ghrian, tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil is ár réalta féin. A-réalta í Megrez, is é sin réalta bhán, agus í réasúnta te. Níl Megrez suite ach corradh is leathchéad solasbhliain uainn.

Merope23 Tauri – Ceann de na réaltaí sa Phléadach í Merope. Réalta the bhánghorm í agus í ceithre go leith oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé chéad is tríocha oiread chomh lonrúil. Tá sí suite i réaltbhuíon an Tairbh, cosúil leis an bPléadach go léir.

An Micreascóp a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir Iasc an Deiscirt, an Gabhar, an Saigheadóir, an tIndiach agus an Chorr. Ba é an réalteolaí Nicolas Louis de Lacaille a shainigh agus a d’ainmnigh an réaltbhuíon san ochtú haois déag. Réaltbhuíon fhann é an Micreascóp, agus níl sé le feiceáil sa chuid is mó den Leathsféar Thuaidh. Tá sé suite faoi bhun an stoidiaca. Is í Gamma Microscopii an réalta is gile sa réaltbhuíon; fathach buí atá inti agus í suite faoi dhá chéad deich solasbhliana is fiche dínn.

Mimas – ceann de shatailítí Shatarn é Mimas, agus ba é William Herschel a chéadaithin é sa bhliain 1789. Tá sé timpeall ar cheithre chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é réasúnta sféarúil (cosúil le liathróid) ar a dhéanamh. Tá an-luas faoi ar a fhithis, nó ní thógann sé oiread is lá amháin de chuid an Domhain air turas timpeall ar Shatarn a chríochnú. Níl ann go bunúsach ach leac oighir, nó níl a thiús ach beagáinín níos airde ná tiús an uisce. Is é an ghné is suntasaí de ná an cráitéar mór úd Herschel, a fuair a ainm ó fhear na fionnachtan. I gcomparáid leis an ngealach féin, tá an cráitéar sin níos mó ná aon cheann eile sa Ghrianchóras.

Mira Ceti Omicron Ceti – réalta bhíogach athraitheach í atá suite i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir. Déréalta í agus í comhdhéanta as fathach dearg agus abhac bán. Na hathruithe a thagas ar lonrachas na réalta seo b’ábhar iontais iad do na réalteolaithe riamh, agus mar sin baisteadh ”An Mhiorúilt” uirthi. Ba é David Fabricius ón nGearmáin a bhreac síos an chéad tuairisc ar an réalta seo agus ar a hathraitheacht i ndeireadh na séú haoise déag, ach tá leideanna ann gur chuir an cine daonna sonrú ar leith i réalta chomh neamhghnách sin i bhfad roimhe sin. Is deacair an fad ón Domhan go dtí Mira Ceti a mheasúnú go beacht: creidtear go bhfuil sí suite tuairim is trí chéad solasbhliain uainn.

Mirfak Alpha Persei atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon Pheirséis. Tá sí ar réaltaí geala na spéire, agus is F-réalta í – is é sin, réalta bhánbhuí agus í ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá sí suite breis is leathmhíle solasbhliain uainn, agus í ocht nó naoi n-oiread chomh trom is an Ghrian. San am chéanna is ollfhathachréalta í – cúig míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Tá Mirfak suite i lár Réaltbhraisle Alpha Persei, a fuair a hainm ón réalta seo. Is éard atá sa réaltbhraisle seo ná dornán réaltaí – B-réaltaí iad an chuid is mó acu, is é sin, tá siad níos teo ná Mirfak féin – a fáisceadh as an scamall céanna fadó, agus iad ar comhaois le chéile, a bheag nó a mhór.

Mizar Zeta Ursae Majoris an réalta atá suite san áit a bhfuil lámh an Chamchéachta camtha. Iad siúd a bhfuil súile géara acu is féidir leo a aithint gur déréalta atá i gceist, agus is é an t-ainm atá ar an gceann is lú den bheirt ná Alcor. Le fírinne áfach is córas ceithre réalta é Mizar, agus déréalta atá in Alcor féin. Tá Mizar – an ceathrar go léir – suite faoi shé solasbhliana is ceithre scór dínn, agus Alcor cúpla solasbhliain níos cóngaraí. Is mar A-réaltaí a aicmítear comhbhaill Mizar agus Alcor go léir.

Muir an Fhuachta Mare Frigoris a thugtar ar an ”muir” (má bhasailt) i dTuaisceart na Gealaí in aice le Muir na Báistí agus Muir an tSuaimhnis. Ba é an réalteolaí Giovanni Riccioli a d’ainmnigh í sa tseachtú haois déag. Cráitéir thábhachtacha sa mhuir seo iad Arastótal, Plató, Philolaus agus Harpalus.

Muir an Neachtair Mare Nectaris atá ar an ”muir” bheag taobh thuaidh de Mhuir na Sáimhe, taoibh thuaidh thiar de Mhuir na Torthúlachta. Tá roinnt cráitéar mór suite timpeall Mhuir an Neachtair, ar nós Fracastorius, agus é tuairim is céad agus fiche ciliméadar ar trastomhas.

Muir an tSuaimhnisMare Serenitatis a thugtar ar an ”muir” atá suite taobh thoir de Mhuir na Báistí ar an nGealach, in aice le Muir na Sáimhe agus Muir na Gaile – le fírinne, ní féidir teorainn shoiléir a aithint idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Sáimhe. Is mascan í Muir an tSuaimhnis – is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidre i Muir an tSuaimhnis ná ina thimpeall. Tugtar Montes Taurus ar an sliabhraon in oirthear Mhuir an tSuaimhnis, agus is ansin a thuirling Apollo a Seacht Déag i Mí na Nollag 1972. Ba é sin an turas deireanach a thug spásairí Meiriceánacha ar an nGealach, agus ba é an geolaí oilte Harrison Schmitt a bhí ag stiúradh an mhodúil thuirlingthe. Uaidhsean a d’fhoghlaim na spásairí eile uraiceacht na geolaíochta sula ndeachaigh siad go dtí an Ghealach, ach is follasach gur theastaigh ón múinteoir féin droim na Gealaí a shiúl chomh maith le duine.

Muir na Báistí Mare Imbrium a thugtar ar an dara muir is mó ar an nGealach (is é Aigéan na Stoirmeacha an ceann is mó ar fad). Tá sí suite idir Aigéan na Stoirmeacha agus Muir an Fhuachta, agus is iad Archimedes agus Plato an dá chráitéar móra a bhaineas léi. Dreigít mhór a bhuail droim na Gealaí tuairim is trí mhórmhilliún agus ocht gcéad milliún bliain ó shin a chuir tús leis an ”muir” seo: ar dtús bhí cráitéar ann ach ansin líonadh le laibhe é ionas gur cruthaíodh má bhasailt, nó ”muir”. Cosúil le Muir an tSuaimhnis, is mascan (maischuimsiú) í Muir na Báistí – is é sin tá an imtharraingt níos láidre ansin ná mar is gnách ar dhroim na Gealaí i gcoitinne.

Muir na Gaile Mare Vaporum an mhuir ar dhroim na Gealaí atá suite idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Báistí. Tá Muir na Gaile suite in aice leis an sliabhraon ar a dtugtar Montes Apenninus, agus ar an imeall thoir thuaidh tá an cráitéar úd Manilius. Gné shuntasach eile de Mhuir na Gaile is ea an ghág úd Rima Hyginus. Fuair an ghág a hainm ó Hyginus, cráitéar atá suite inti chomh maith le cúpla ceann eile is lú ná é.

Muir na Lionnta Mare Humorum – ceann de ”mhara” na Gealaí í. Tá sí suite in aice le hAigéan na Stoirmeacha, agus is é Gassendi an cráitéar is suntasaí sa mhuir. Is mascan (maischuimsiú) í Muir na Lionnta, is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidire istigh ansin. Ba é Giovanni Riccioli a bhaist Muir na Lionnta. Tá an mhuir seo beagnach ceithre chéad ciliméadar ar leithead.

Muir na nGábh Mare Crisium an ”mhuir” ar an nGealach atá suite soir ó thuaidh ó Mhuir na Sáimhe. Tá sí cúig go leith de chéadta ciliméadar ar leithead, agus is iad Yerkes, Peirce, agus Picard na cráitéir is suntasaí sa mhuir, cé nach bhfuil aon cheann acu mór ná cuidsúlach. Ba é Giovanni Riccioli a d’ainmnigh an mhuir. Fuair Picard a ainm ó Jean-Félix Picard, réalteolaí Francach a bhí beo sa tseachtú haois déag.

Muir na Sáimhe Mare Tranquillitatis an ceann is cáiliúla de ”mhara” na Gealaí, nó is ansin a thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an 20 Iúil 1969. Tá an mhuir seo suite díreach taobh thuaidh de mheánchiorcal na Gealaí. Tá trí chráitéar sa mhuir seo ainmnithe as an triúr fear a bhí páirteach sa chéad chuairt ar an nGealach, mar atá, Armstrong, Aldrin agus an tríú spásaire, Michael Collins, a bhí ag fanacht leis an mbeirt eile ar an bhfithis timpeall na Gealaí.

Muir na Scamall Mare Nubium a thugtar ar an ”muir” bheag ar an nGealach atá suite soir ó dheas in aice le hAigéan na Stoirmeacha. Cráitéir thábhachtacha ansin iad Bullialdus agus Pitatus.

Muir na Torthúlachta Mare Fecunditatis – ceann de na ”mara” basailt ar an nGealach í Muir na Torthúlachta, agus í ocht gcéad is leathchéad ciliméadar ar trastomhas. Cráitéir thábhachtacha iad Messier agus Messier A (in aice le lárphointe na mara) agus Langrenus (ar imeall na mara). Gné eisceachtúil den mhuir seo ná nach bhfuil mascan (maischuimsiú) ar bith sa lárphointe. Siúd is nár thug aon spásaire daonna cuairt ar Mhuir na Torthúlachta riamh, ba ansin nó in aice na mara a thuirling na spástaiscéalaithe Soivéadacha Luna 16, Luna 18 agus Luna 20, chomh maith leis an gceann Síneach Chang’e a hAon. Bhí Luna 16 agus Luna 20 in ann eiseamail a thabhairt ar ais go dtí an Domhan; treascraíodh Luna 18 agus Chang’e nuair a bhuail siad dromchla na Gealaí.

Neiptiún atá ar an bpláinéad is faide amuigh sa Ghrianchóras s’againn – ní áirítear Plútón ar na pláinéid a thuilleadh. Cosúil le hÚránas, is ”oighearfhathach” é: cé gur deacair atmaisféar agus screamh an phláinéid a aithint thar a chéile, is féidir a rá go bhfuil maintlín aige, agus é comhdhéanta as ”oighear” mar a thugtar – siúd is nach oighear atá ann ach sreabhán an-tiubh agus é comhdhéanta as uisce, amóinia agus meatán. Creideann na heolaithe go bhfuil croílár cuíosach beag ag Neiptiún agus go bhfuil cloch sileacáite agus iarann ann. Pé scéal é tá maighnéadsféar mór ag an bpláinéad, agus é an-te taobh istigh rud nach bhfuiltear in ann a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Maidir le hatmaisféar Neiptiúin, tá sé comhdhéanta as hidrigin agus héiliam – ochtó faoin gcéad de, hidrigin atá ann, agus an chuid eile, héiliam atá ann don chuid is mó. Tá an t-atmaisféar beo le gaotha móra a sháraíos luas dhá mhíle ciliméadar in aghaidh na huaire. Is dócha go bhfuil baint ag bristeacha móra na haimsire ar Neiptiún leis an teas istigh.

Néiriad an tríú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Neiptiúin. Ba é an réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach Gerrit Pieter (Gerard Peter) Kuiper a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1949. Dealraíonn sé nach bhfuil sí ar dhéanamh na liathróide, ach le fírinne níl mórán eolais againn ina taobh go fóill. Tá sí 170 ciliméadar ar fad, a bheag nó a mhór.

Is éard atá sa Nua-Chatalóg Ghinearálta (NCG an giorrúchán Gaeilge, NGC as Béarla) ná catalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an réalteolaí Danmhargach-Éireannach John Dreyer sa bhliain 1888, nuair a bhí sé i gceannas ar Réadlann Ard Mhacha. Liostáil sé réadanna éagsúla den chineál ar a dtugann réalteolaithe amaitéaracha ”réadanna domhainspéire”, is é sin, réadanna taobh amuigh dár nGrianchóras féin nach réaltaí iad. Mar sin, is réaltraí, réaltnéalta agus réaltbhraislí iad na hiontrálacha sa Nua-Chatalóg Ghinearálta.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an Nua-Chatalóg Ghinearálta i gcónaí, agus ceartuithe éagsúla déanta ag na réalteolaithe ar an gcatalóg i ndiaidh bhás Dreyer. D’fhoilsigh Dreyer féin cúpla ”Innéacs-Chatalóg” (Index Catalogues, IC) leis an NCG a fhorlíonadh. Ba é Wolfgang Steinicke a d’eisigh an leagan leasaithe is deireanaí de chatalóg Dreyer sa bhliain 2009.

Núiclíd a thugtar ar chineál áirithe adaimh má táthar ag cur béim ar leith ar struchtúr a núicléis, ar líon na bprótón agus na neodrón i núicléas an adaimh sin. Radanúiclídí iad na núiclídí radaighníomhacha, is é sin, na núiclídí a dtagann meath radaighníomhach éigin orthu.

Tugtar iseatóip ar núiclídí arb ionann líon na bprótón iontu. Ós ar líon na bprótón (an uimhir adamhach) a aithnítear an dúil cheimiceach, is leaganacha den dúil chéanna iad. Iseatoin na núiclídí arb ionann líon na neodrón iontu. Iseabair na núiclídí arb ionann a maisuimhir, is é sin, líon na bprótón agus na neodrón in éineacht.

Mar shampla, is iseatóip iad an próitiam (hidrigin a haon, nach bhfuil ach aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus an deoitéiriam (hidrigin a dó, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin sa núicléas aige). Is iseatoin iad an deoitéiriam agus héiliam a trí, nó tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin sa núicléas ag an dara ceann acu. Is iseabair iad an tritiam (hidrigin a trí, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, a bhfuil dhá neodrón agus aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus héiliam a trí. Agus ar ndóigh is iseatóip iad an próitiam, an deoitéiriam agus an tritiam.

Ní bhíonn ainmneacha ar leith ar na hiseatóip de ghnáth – is eisceacht ar fad í an hidrigin. Nuair nach raibh an taighde ar na núiclídí radaighníomhacha ach tosaithe, áfach, ba mhinic a bhí na fisiceoirí in ann a rá cén cineál meath radaighníomhach a thagadh ar núiclíd áirithe agus cén leathré a bhí aici, ach san am chéanna ní raibh siad eolach ar an dúil ar bhain sí léi (nó ba chuma leo faoi ina gcuid oibre). Mar sin bhí ainmneacha cosúil le méiseatóiriam, iainiam, bréiviam nó tórón acu ar na núiclídí sin. Tá dhá núiclíd ann ar a dtugtaí méiseatóiriam, is é sin méiseatóiriam a haon (ar iseatóp de chuid an raidiam é) agus méiseatóiriam a dó (ar iseatóp de chuid an achtainiam é). Iseatóp de chuid an phrótachtainiam é an bréiviam, agus iseatóp de chuid an tóiriam é an t-iainiam. Is é an tórón an t-iseatóp radóin a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam. Ní mholtar na hainmneacha seo a úsáid a thuilleadh, nó is furasta an chiall mhícheart a bhaint astu: sórt béarlagair nó leathchaint atá iontu.

Oberon atá ar an dara satailít is mó dá bhfuil ag Úránas. Cloch agus oighear is mó atá ann, nó creidtear go bhfuil maintlín oighir ann timpeall ar chroí cloiche. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú sa ghealach áirithe seo, thiar sa bhliain 1787, agus tagraíonn an t-ainm do A Midsummer Night’s Dream, an dráma le William Shakespeare. Tá Oberon míle go leith de chiliméadair ar trastomhas, agus é ag fithisiú Úránais faoi chúig chéad is ceithre scór míle ciliméadar den phláinéad. Tá an tsatailít seo faoi ghlas taoide ag Úránas, is é sin, iompaíonn sí an taobh céanna le hÚránas fud fad a fhithise, agus críochnaíonn sí rothlú (ar a hais) agus imrothlú (ar a fithis) amháin san am chéanna. Níl ach dhá chúigiú cuid de dhromchla Oberon mapáilte, ach is féidir dhá ghné fheiceálacha a aithint: na cainneoin (chasma an téarma Laidine a úsáidtear i logainmníocht Oberon) agus na cráitéir. Is iad Hamlet, Macbeth agus Othello ainmneacha na gcráitéar is mó; Mommur Chasma atá ar an gcainneon is tábhachtaí. Carachtair de chuid Shakespeare iad ainmneacha na gcráitéar, ar ndóigh. Maidir le Mommur, is é ainm na coille ina raibh cónaí ar Oberon de réir na heipice Fraincise óna bhfuair Shakespeare mianach an scéil dá dhráma.

Ocsaigéad a thugtar ar aigéid neamhorgánacha ina bhfuil adaimh ocsaigine timpeall an adaimh lárnaigh. Ocsaigéid iad, mar shampla, an t-aigéad nítreach HNO3, an t-aigéad sulfarach H2SO4, an t-aigéad fosfarach H3PO4, agus an t-aigéad sárchlórach HClO4.

Ocsaigin atá ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht, agus í ar an gceann is éadroime de na calcaiginí. O an tsiombail cheimiceach a sheasas di sna foirmlí. Tá trí iseatóp cobhsaí aici, mar atá, ocsaigin a sé déag, ocsaigin a seacht ndéag, agus ocsaigin a hocht ndéag, ach is léir go bhfuil an chéad cheann acu i bhfad Éireann níos coitianta in ocsaigin an dúlra ná an dá cheann eile.

Is ocsaídeoir láidir agus dúil leictridhiúltach í an ocsaigin – fuair coincheap an ocsaídiúcháin féin a ainm ón ocsaigin. Is é is brí leis sin go bhfuil de chlaonadh inti na leictreoin agus an lucht diúltach leictreachais a tharraingt chuici sna comhdhúile ceimiceacha. Tá an ocsaigin an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile agus comhdhúile a dhéanamh – sampla de seo is ea an dóchán.

Tá ocht leictreon i néal leictreon an adaimh ocsaigine, agus sé cheann acu ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an ocsaigin ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall sin, is é sin, dhá leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin eile. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aici ina cuid comhdhúl ná -2. Tagraíonn an comhartha lúide do lucht leictreach diúltach an dá leictreon a fhaigheas an ocsaigin ar iasacht ón dúil eile.

Tá dhá allatróp ag an ocsaigin – an ghnáthocsaigin, nó an ”dé-ocsaigin”, atá comhdhéanta as móilíní dhá adamh (O2), agus an t-ózón nó an ”trí-ocsaigin” (O3). Tá an t-ózón in uachtar an atmaisféir tábhachtach leis an radaíocht ultraivialait a chosc, ach ón taobh eile de is gás nimhe agus substaint éagobhsaí shophléasctha é. Cosúil leis an gclóirín, is gás tachtach é an t-ózón a oibríos ar na scamhóga ionas go líontar le huisce iad, agus an t-othar á bhá ar an talamh tirim – riocht é seo ar a dtugtar éidéime na scamhóg. Gás gan dath í an ghnáthocsaigin, ach tá dath gorm san ózón.

Tá ocsaigin de dhíth ar an duine agus ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo le haghaidh na cillríospráide (táirgiú an fhuinnimh sna cealla, ”tarraingt anála na gceall” mar a déarfá). Dealraíonn sé áfach nach mar sin a bhí ó thús, nó tá baictéir ann, cosúil leis an ngéineas Clostridium, nach gcuireann suas le hocsaigin ar aon nós. (Is é an speiceas úd Clostridium botulinum an cineál baictéir is cúis leis an ispíneachas, is é sin, an nimhiú bia.) Is iarsmaí iad na baictéir anaeróbacha seo ón tréimhse roimh Réabhlóid na hOcsaigine. Tharla Réabhlóid na hOcsaigine (nó Olltubaiste na hOcsaigine, nó Géarchéim na hOcsaigine) breis is dhá mhórmhilliún bliain ó shin, nuair a d’éirigh an t-atmaisféar chomh saibhir in ocsaigin is gur thosaigh sé ag marú na neachanna beo a bhí ann san am. Creidtear gurbh iad na halgaí gormghlasa, na Cyanophyta, a chuir tús le Réabhlóid na hOcsaigine, nó ba iad ba thúisce a thosaigh ag táirgeadh ocsaigine ar nós na bplandaí, is é sin, ag déanamh fótaisintéise. Tar éis an tsaoil bhí an bheatha in ann í féin a oiriúnú don atmaisféar ocsaiginithe, áfach, agus inniu tá an ocsaigin riachtanach (seachas nimhiúil) don chuid is mó di.

Chomh himoibritheach is atá an ocsaigin d’imeodh sí as an atmaisféar go sciobtha, ach go bé go bhfuil fótaisintéis na bplandaí ag táirgeadh tuilleadh di. An chuid is mó d’ocsaigin an Domhain tá sí ceangailte de dhúile eile i gcomhdhúile. Is dócha gurb é an t-uisce – comhdhúil na hocsaigine is na hidrigine, ocsaíd na hidrigine – an ceann is iomráití acu seo. Thairis sin áfach tá ocsaigin le fáil sna sileacáití, is é sin, i gcomhdhúile na hocsaigine, an tsileacain agus na miotal. Mianraí iad na sileacáití atá ar fáil sna clocha – is ionann, beagnach, sileacáit agus cloch, nó is deacair teacht ar chloch nach mbeadh sileacáit de chineál éigin mar chomhábhar inti. Maidir leis an ngrianchloch, is comhdhúil ocsaigine agus sileacain í – dé-ocsaíd an tsileacain.

Na hOirínidí: Cith dreigí iad na hOirinidí a bhíos ag teacht as radaí atá suite i réaltbhuíon an Bhodaigh, agus iad le feiceáil go bliantúil i Mí Dheireadh Fómhair. Is éard atá ann ná cáithníní beaga oighir a bhain an Ghrian de Chóiméad Halley fadó, díreach cosúil leis na hEta-Acuairídí.

An tOllaomthóir (Matt Hussey a cheap an téarma) a thugtar ar aimhrialtacht imtharraingthe atá suite faoi 150-250 milliún solasbhliain den Ghrianchóras i dtreo na Rialach agus Thriantán an Deiscirt. Go bunúsach, is éard atá ann ná rud dofheicthe agus é an-trom. Tá an tOllaomthóir suite sa ghannchrios, ionas nach dtig linn radharc ceart a fháil air, agus mar sin is deacair a rá cad é atá ann. Is ionann mais an Ollaomthóra agus mais na Gréine méadaithe faoi thuairim is deich gcuaidrilliún (10,000,000,000,000,000), rud is féidir a aithint go neamhdhíreach ar an dóigh a dtéann a imtharraingt i bhfeidhm ar na réaltraí.

Ór a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a naoi déag is trí scór, agus is é Au an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Bhí aithne ag an gcine daonna ar an dúil seo sa ré réamhstairiúil féin, agus is miotal lómhar í a ndéantar seodra as. Tá dath buí neamhghnách ann a dhealaíos ó na miotail eile é. Tá an t-ór as pabhar insínte, agus é níos troime ná an luaidhe féin. Is féidir teacht ar an miotal lom sa dúlra, siúd is go mbíonn sé measctha trí mhiotail lómhara eile, cosúil le copar nó pallaidiam. Bíonn comhdhúile ceimiceacha óir le fáil sa dúlra chomh maith, ar nós teallúirídí óir (comhdhúile óir agus teallúiriam).

Ní furasta ór a ocsaídiú, ach má mheasctar aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach, gheofar ocsaídeoir láidir ar a dtugtar aqua regia nó ”uisce ríoga”, toisc go bhfuil sé in ann ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór, a ocsaídiú is a chreimeadh. Rachaidh an t-ór sa tuaslagán mar ian teitreaclóróráite, AuCl4. Mar is léir ó fhoirmle an iain seo, is é +3 gnáthstaid ocsaídiúcháin an óir. Is féidir ór a thuaslagadh i dtuaslagáin chiainíde, toisc gur dual dó iain choimpléascacha a dhéanamh in éineacht leis na hiain chiainíde, agus san aigéad seiléineach H2SeO4, ar ocsaídeoir láidir é.

Pallas atá ar an dara mionphláinéad (astaróideach) is mó sa Ghrianchóras, taobh istigh d’fhithis Úránais ar a laghad. Is í an dara mionphláinéad is luaithe a d’aithin súil an duine, nó ba é an réalteolaí Heinrich Olbers a chuir an chéad sonrú inti i dtús na naoú haoise déag. Dá réir sin, is é ”2 Pallas” an t-ainm córasach atá uirthi mar mhionphláinéad. Fuair sí a hainm ó Pallas Athene, an bandia sean-Ghréagach. Tá fithis an-éalárnach aici: nuair a bhainfeas sí amach a cianphointe ón nGrian, beidh sí faoi 3.4 aonad réalteolaíoch den réalta, agus nuair a thiocfas sí go dtína garphointe, ní bheidh ach fad 2.1 aonad réalteolaíoch idir í agus an Ghrian. (Is ionann aon aonad réalteolaíoch, ar ndóigh, agus meánfhad an Domhain ón nGrian.)

Parsoic: Tá an focal féin parsoic bunaithe ar parsec an Bhéarla, agus is giorrúchán é a chiallaíos parallax second, is é sin, soicind saobhdhiallais. Aonad faid é arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus 3.26 solasbhliana. Is é is bunús leis an bparsoic ná: Glacaimis leis go bhfuil réad réalteolaíoch againn agus é ag dul trasna na spéire. Má chomhfhreagraíonn aon soicind stua amháin den ghluaiseacht tras-spéire (den tsaobhdhiallas) d’aon aonad réalteolaíoch amháin d’fhíorghluaiseacht an réid, bainfidh muid an tátal as go bhfuil an réad sin suite aon pharsoic amháin i gcéin uainn (le fírinne áfach níl Proxima Centauri féin suite chomh cóngarach sin). Is ionann an t-aonad réalteolaíocht agus meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar.

Pasiphaë: Ceann de shatailítí nádúrtha Iúpatair atá inti. Ba é an réalteolaí Philibert Jacques Melotte, Sasanach de phór na Beilge, a rinne a fiannachtain sa bhliain 1908, ach ní bhfuair sí a hainm roimh an mbliain 1975 – idir an dá linn ba é an t-ainm a bhíodh uirthi ná Iúpatar a hOcht. Tá sí dhá scór ciliméadar ar trastomhas, a bheag nó a mhór, agus tá fithis an-neamhrialta, an-éalárnach aici – tá a garphointe d’Iúpatar suite seacht milliún déag de chiliméadair ón bplainéad, agus a cianphointe aon mhilliún déag is fiche uaidh. Fithis chasiompaithe í. Tá grúpa iomlán satailítí ag Iúpatar ar a dtugtar ”grúpa Pasiphaë”, toisc go bhfuil siad ag timpeallú an phláinéid ar fhithisí éalárnacha casiompaithe atá cosúil le fithis Pasiphaë.

Peirséas – réaltbhuíon is ea Peirséas agus é le feiceáil i leathsféar thuaidh na spéire, dingthe idir an Sioráf, Caiseoipé, Andraiméide, an Triantán, an Reithe, an Tarbh, agus an tAra. Mirfak nó Algenib a thugtar ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, is é sin Alpha Persei, ach is dócha gurb é Algol, nó Beta Persei, an ceann is clúití. Feictear dhá réaltbhraisle oscailte i bPeirséas, mar atá, NCG869 agus NCG884.

An Phéacóg – réaltbhuíon í an Phéacóg agus í suite i leathsféar theas na spéire, idir an tOchtamhán, Éan Parthais, Triantán an Deiscirt, an Altóir, an Teileascóp, an tIndiach, agus an Túcán. Tugtar ”An Phéacóg” ar Alpha Pavonis freisin, is é sin, an réalta is gile sa Phéacóg. Tá Alpha Pavonis suite faoi chéad agus ceithre scór de sholasbhlianta dínn, agus is déréalta speictreascópach í: tá an dá chomhréalta níos cóngaraí dá chéile ná an Ghrian agus Mearcair. Is B-réalta í.

An Phéist a thugtar ar an t-aon réaltbhuíon atá scoilte ina dhá limistéar: Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste. Tá réaltbhuíon eile, mar atá, Fear na bPéisteanna, suite idir an Ceann agus an tEireaball. Is é Unukalhai nó Alpha Serpentis an réalta is gile sa Cheann (agus sa réaltbhuíon go léir). Cor Serpentis an t-ainm traidisiúnta Laidine ar an réalta seo – Croí na Péiste. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, agus í aicmithe mar K-réalta, is é sin beagáinín níos fuaire ná an Ghrian. Réalta í Unukalhai a bhí ina réalta phríomhsheichimh tráth agus a chlaochlaigh go fathachréalta nuair a spíon sí a cuid hidrigine, rud atá i ndán don Ghrian s’againn féin i ndeireadh ama. Tá Unukalhai suite faoi cheithre solasbhliana déag is trí scór dínn. Maidir le hEireaball na Péiste, is í Eta Serpentis an ceann is gile de na réaltaí ansin, agus is K-réalta fhlannbhuí í, díreach cosúil le hUnukalhai. Tá Eta Serpentis ina fo-fhathach, nó fathach beag atá idir eatarthu san fhorbairt i dtreo an fhathaigh. Meastar go bhfuil an réalta seo suite faoi thrí scór de sholasbhlianta dínn.

Sa bhreis ar na réaltaí, tá cuid mhaith réaltnéalta agus réaltraí le feiceáil sa dhá leath den Phéist. Is iad na réada is tábhachtaí den chineál seo sa Cheann ná M5, nó Messier 5; L134 agus L183, ar néalta dorcha iad; agus an réaltra aisteach ar a dtugtar Réad Hoag (tá a lán réaltraí eile sa réaltbhuíon seo chomh maith, ach is é Réad Hoag an ceann is aistí). Ba é an réalteolaí Meiriceánach Arthur Allen Hoag a chuir sonrú sa réaltra seo sa bhliain 1950. Réaltra fáinneach é Réad Hoag, is é sin, tá an croí ann, agus fáinne réaltaí ina thimpeall, ach ní aithnítear a dhath sa dorchadas idir an dá rud, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil réaltbhraislí ansin nach bhfuil sách geal le bheith infheicthe againne. Maidir le hEireaball na Péiste, tá sé an-saibhir i réaltbhraislí agus réaltnéalta atá suite taobh istigh dár réaltra féin, cosúil le M16 nó Messier 16 – Néal an Iolair. Níl an réaltnéal seo rógheal ann féin, ach tá sórt clú air: sa bhliain 1995 chuaigh grianghraf de chuid de Néal an Iolair ar fud na meán a chuir draíocht ar na daoine, ó bhí trí cholún cuidsúlacha gáis le feiceáil ann, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu. Is gnách ”Colúin an Chruthaithe” a thabhairt ar an réigiún sin den néal inniu.

An Phéist Bheag a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Colgán, an Abhainn, an Clog, an Tábla, an tOchtamhán, an Féinics, an Líontán, agus an Túcán. Níl sí leath chomh feiceálach leis an bPéist Uisce – le fírinne is réaltbhuíon réasúnta fann í. Is í Beta Hydri an réalta is gile sa Phéist Bheag; G-réalta í atá díreach ag forbairt ó réalta phríomhsheichimh go fathachréalta, agus í ar aon mhais, a bheag nó a mhór, leis an nGrian. Mar sin, cuireann na réalteolaithe suim ar leith inti, ós eochair í dá bhfuil i ndán don Ghrian s’againn sa deireadh. Tá Beta Hydri suite faoi cheithre solasbhliana is fiche dínn.

An Phéist Uisce a thugtar ar an réaltbhuíon is mó sa spéir. Tá an Phéist Uisce ag críochantacht leis an Aerchaidéal, an Portán, an Madra Beag, an Ceinteár, an Préachán, an Cupán, an Leon, an Mheá, an Faolchú, an tAonbheannach, Deireadh na Loinge, Compás an Mhairnéalaigh, an Seiseamhán, agus an Mhaighdin. Is é Alphard, nó Alpha Hydrae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá ann. Tá Alphard suite faoi chéad is ceithre scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Déréalta í Beta Hydrae atá suite breis is trí chéad go leith de sholasbhlianta uainn; fathachréalta the bhánghorm B-aicme é an ceann is gile den bheirt sa déréalta. Maidir le Gamma Hydrae, is fathachréalta bhuí í, is é sin, tá sí sách cosúil leis an nGrian s’againn ó thaobh an speictrim de: G-réaltaí iad an bheirt acu. Tá Gamma Hydrae suite faoi chorradh is céad deich solasbhliana is fiche dínn. Tá sí trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is céad oiread níos lonrúla.

Tá Alphard agus Gamma Hydrae le feiceáil i mbratach na Brasaíle, mar chuid de spéir na réaltaí os cionn Rio de Janeiro. Seasann Alphard do stát Mato Grosso do Sul, agus siombalaíonn Gamma Hydrae stát Acre.

Tá trí réad sa Phéist Uisce a luaitear i gCatalóg Messier, mar atá, M83, nó Réaltra Muilinn an Tuaiscirt; M68, ar réaltbhraisle chruinneogach é; agus M48, ar réaltbhraisle oscailte é. Thairis sin, is fiú an réaltnéal pláinéadach úd NCG 3242 a lua – tugtar ”taibhse Iúpatair” air, toisc gurb éasca é a thógáil in ainriocht Iúpatair chomh cosúil leis is atá sé.

Phekda Phecda Phad Gamma Ursae Majoris a thugtar ar an réalta thíos ar chlé i ”mbocsa” an Chamchéachta, taobh thíos de Megrez, ar chlé ó Merak. Tá Phekda suite timpeall ar thrí solasbhliana is ceithre scór uainn. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán, cosúil le Deneb, Vega agus Fomalhaut. Réalta phríomsheichimh í, agus í trí oiread chomh trom leis an nGrian. Is féidir a aithint ar a speictream go bhfuil scamall gáis timpeall ar an réalta seo, nó cuireann an gás línte astúcháin leis an speictream. Ceann de na réaltaí i nGrúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir í.

An Phléadach An Streoillín An Croimfhleiscín An tÉillín An Scuaidrín Na Cearrbhaigh – ”an paca cártaí a chaith an Cearrbhach Mac Cába uaidh nuair a bhain sé amach na Flaithis” – a thugtar ar réaltbhraisle uimhir a cúig is dhá scór i gCatalóg Messier – M45. Seven Sisters a chloisfeá i mBéarla ar an bPléadach – tagairt é sin do sheachtar iníonacha Atlas agus Pleione i miotaseolaíocht na sean-Ghréige. Tá an Phléadach suite i réaltbhuíon an Tairbh, agus is iad ainmneacha na ”ndeirfiúracha” ná Alcyone, Asterope (Sterope), Celaeno, Electra, Maia, Merope, agus Taygeta. Tá beirt eile de na réaltaí sa bhraisle ainmnithe as tuismitheoirí na ndeirfiúracha, Atlas agus Pleione. B-réaltaí iad na deirfiúracha agus na tuismitheoirí araon, is é sin is réaltaí teo bánghorma iad. Tá na réaltaí seo suite tuairim is ceithre chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus iad díreach ag dul trí scamall dusta a chuireas luan le loinnir na réaltaí.

Tugann na Seapánaigh Subaru ar an bPléadach, agus déanamh gluaisteáin ainmnithe acu as an réaltbhraisle seo. Na Maori sa Nua-Shéalainn, arís, is é an t-ainm a bhí acusan ar an bPléadach ná Makali’i. Bhí tábhacht spioradálta ag baint le Makali’i i gcultúr traidisiúnta na Maori, bunadh dúchasach na Nua-Shéalainne, nó ba é éirí na Pléadaí go gairid i ndiaidh luí na gréine ba chomhartha do Makahiki. Is éard a bhí i gceist le Makahiki ná tréimhse bhliantúil síochána in ómós do dhia an fhómhair is na méithe i seanchreideamh na Maori.

Príomhsheicheamh a thugtar ar an gcrios i léaráid Hertzsprung-Russell ina bhfuil an chuid is mó de na réaltaí. D’fhéadfá a rá gurb iad na gnáthréaltaí iad. Réaltaí phríomhsheichimh iad an Ghrian, Sirius, Spica, Alphecca, agus Vega, mar shampla. Is gnách a rá gurb ionann abhacréalta agus réalta phríomhsheichimh, ach ní mór cuimhne a choinneáil air nach réaltaí príomhsheichimh iad na habhacréaltaí bána, ná fiú réaltaí i gciall cheart an fhocail, ach iarsmaí de réaltaí.

Tá gach réalta phríomhsheichimh ar mheá hidreastatach. Is é sin, tá ábhar na réalta chomh te is go bhfuil sé ar tí pléascadh (”brú teirmeach”, is é sin brú teasa, a thugtar air seo), ach san am chéanna tá sé chomh trom is go bhfuil sé ar tí crupadh chuige, nó ”imphléascadh” a dhéanamh, agus an dá fhórsa seo – an brú teirmeach agus an imtharraingt – neodraithe ag a chéile. Sin é an rud a dtugtar meá hidreastatach (nó cothromaíocht hidreastatach) air.

Tá ”imoibreoir núicléach” na réalta príomhsheichimh suite ina croílár, agus is ansin a chomhleáitear na núicléis hidrigine go núicléis héiliam. Taobh amuigh den imoibreoir atá an crios radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á scaipeadh mar radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair.

Prótachtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a haon déag is ceithre scór, is é sin, an dúil atá suite idir an tóiriam agus an t-úráiniam i dtábla peiriadach na ndúl. Cosúil leis na hachtainídí go léir is dúil radaighníomhach é, i bhfad níos radaighníomhaí ná na comharsana, nó níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige (prótachtainiam dhá chéad a trí déag is fiche) ach dhá mhíle déag is fiche, sé bliana déag is trí scór ar leathré. Shílfeá gur tréimhse sách fada é an méid sin féin, ach is é is impleacht dó go bhfuil an prótachtainiam i bhfad níos dainséaraí le láimhseáil ná an tóiriam nó an t-úráiniam nádúrtha.

Tá ceithre staid ocsaídiúcháin ag an bprótachtainiam, mar atá, +4 agus +5, arb iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta aige iad, agus +2 agus +3. Ní féidir mórán úsáide a bhaint as an dúil ná as na comhdhúile, áfach, chomh dainséarach is atá siad de dheasca na radaighníomhaíochta. Scéal eile áfach go gcuireann na geolaithe suim sna hiarsmaí prótachtainiam a dtagann siad trasna orthu sna mianraí, lena aithint cé chomh fada is atá próisis áirithe gheolaíocha ag teacht i gcrann.

Ba iad Kazimierz Fajans agus Oswald Helmuth Göhring ba thúisce a d’aithin an prótachtainiam, agus is é an t-ainm a bhaist siad air ná ”bréiviam”, nó ba é an t-iseatóp a bhí i gceist acu ná prótachtainiam dhá chéad a ceathrar déag is fiche, nach bhfuil oiread is seacht n-uaire an chloig ar leathré – brevis an focal Laidine a chiallaíos ”gearrshaolach”. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na fisiceoirí cáiliúla úd ón nGearmáin, Otto Hahn agus Lise Meitner, trasna ar iseatóp nach raibh chomh gearrshaolach sin, agus mar sin ní bhfuarthas an t-ainm sin ”bréiviam” oiriúnach don dúil nua seo a thuilleadh. ”Próta-achtainiam” nó ”réamhachtainiam” a baisteadh ar an dúil ina dhiaidh sin, toisc go dtagann sé roimh an achtainiam i meathshlabhra an úráiniam. Sa bhliain 1949, rinne Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ”prótachtainiam” den ainm sin, le súil is go mbeadh sé níos fusa le fuaimniú.

Radaí – is é an radaí an pointe spéire a bhfuil dreigechith (nó rud éigin cosúil leis) ag teacht as, mar a fheictear dúinne.

Réalta Barnard an ceathrú réalta is cóngaraí dúinn, agus í suite faoi shé solasbhliana dínn. Feictear i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna í – is é sin má fheictear, nó is réalta bheag dhearg fhann í. Scéal eile é gur foinse láidir solais infridheirg í. Sáraíonn sí réaltaí eile na spéire ar dhualghluaisne, áfach. Tá an réalta ainmnithe as an bhfear a d’aithin í roimh aon duine eile, mar atá, Edward Emerson Barnard, réalteolaí Meiriceánach a rinne cuid mhaith breathnuithe tábhachtacha lena linn: eisean a chuir an chéad sonrú in Amalthea, gealach bheag de chuid Iúpatair, mar shampla.

Réalta Kapteyn an gnáthainm ar an dara réalta is mó dualghluisne atá le feiceáil ar an spéir. Tá sí sách cóngarach dúinn, is é sin tá sí suite faoi thrí solasbhliana déag dinn, agus is abhacréalta dhearg fhannlag í nach féidir a aithint gan déshúiligh nó teileascóp. Tá sí suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus ba é an réalteolaí Ollannach Jacobus Kapteyn a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1898.

Réalta Teegarden a thugtar ar abhacréalta dhearg ar tháinig Bonnard Teegarden agus a fhoireann taighde uirthi sa bhliain 2003 nuair a bhí siad ag scagadh eolais faoi astaróidigh a bailíodh na blianta roimhe sin. Cosúil le Réalta Barnard agus Réalta Kapteyn, tá Réalta Teegarden suite cóngarach dúinn (dhá sholasbhliain déag) agus is í an dualghluaisne an ghné is suntasaí di. Maidir leis an aicmiú, is M-réalta í cosúil leis an mbeirt eile. Tá Réalta Teegarden suite i réaltbhuíon an Reithe.

Réaltra a thugtar ar chóras réaltaí atá á choinneáil le chéile ag an imtharraingt. Is é Bealach na Bó Finne an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin. Glactar leis go bhfuil dúpholl i gcroí ár réaltra agus a lán réaltraí eile; Sagittarius A* a thugtar ar an dúpholl s’againne. Is gnách na réaltraí a aicmiú de réir an déanamh atá orthu: aithnítear réaltraí bíseacha, réaltraí éilipseacha agus réaltraí neamhrialta. Cuid de na réaltraí bíseacha is féidir cineál barra a fheiceáil timpeall an chroí iontu – réaltraí bíseacha barracha iad mar sin.

Réaltra an Ghuairneáin – is é seo leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist leis, mar atá, Réaltra an Ghuairneáin sa chiall chúng (M51a) agus réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre. Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra ”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D’fhéadfá a rá go bhfuil an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.

Réaltra an tSoimbréaró – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg Messier (M104) é. Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh cianmhar sin uainn.

RigelBeta Orionis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Córas trí réalta atá ann le fírinne. Ollfhathach í an phríomhréalta, Rigel A, agus is réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian. Tá Rigel le feiceáil ón gcuid is mó d’fharraigí an Domhain – réalta thábhachtach eolais a bhí inti riamh do na mairnéalaigh mar sin. Réalta athraitheach í Rigel, agus í ag lonrú suas nó ag tréigean go neamh-thráthrialta. Tá Rigel fiche oiread chomh trom leis an nGrian, agus tuairim is ceithre scór oiread chomh mór, de réir an trastomhais. Ó thaobh an lonrachais de, áfach, bheadh céad agus fiche míle Grian de dhíth le Rigel a shárú. Réalta bhánghorm den aicme speictreach B atá inti.

Ainm Araibise é ”Rigel” ó thús, agus is é is brí leis ná ”cos” – cos an Bhodaigh, más maith leat. Tá Rigel suite faoi thuairim is naoi gcéad solasbhliain dínn.

An SciathSciath Sobieski Scutum Scutum Sobiescianum (Polainnis: Tarcza Sobieskiego) a thugtar ar an réaltbhuíon bheag idir an tIolar, Fear na bPéisteanna, an Phéist agus an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí Polannach Eoin Hevelius (Polainnis: Jan Heweliusz) a shocraigh teorainneacha na Scéithe, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an réaltbhuíon seo ná Sciath Sobieski, le Rí na Polainne Jan (Eoin) Sobieski a onórú. Bhí Sobieski díreach tar éis bua a bhreith i gCath Vín, 1683.

Níl mórán cuid súl sa Sciath dáiríre, nó níl réaltaí rógheala inti ar aon nós. I gceann cúpla milliún bliain beidh a mhalairt fíor, áfach, nó tá ceann de réaltaí na Scéithe, Delta Scuti, ag druidim isteach linn go tiubh, agus is fathachréalta ghorm í. Nuair a bheas sí chomh cóngarach dúinn agus a bheas (timpeall ar dheich solasbhliana), beidh sí níos gile ná Sirius féin, dar leis na réalteolaithe. I láthair na huaire, tá Delta Scuti faoi dhá chéad solasbhliain dinn.

Siorcóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 40, agus is é Zr an giorrúchán a shiombalaíos siorcóiniam i bhfoirmlí ceimiceacha. Miotal é an siorcóiniam agus é in aon ghrúpa amháin leis an itriam agus leis an niaibiam. Sileacáit siorcóiniam é an siorcón, an mianra arb é an fhoinse is tábhachtaí siorcóiniam é. Is iad an Astráil agus an Afraic Theas an dá stát is mó mianadóireachta siorcóiniam.

Miotal insínte liathbhán é an glansiorcóiniam. Is féidir púdar siorcóiniam a chur trí thine, ach tá na cnapáin mhóra miotail sách díonta ar ocsaídiú. Tá leáphointe an tsiorcóiniam réasúnta ard, is é sin, míle ocht gcéad cúig chéim déag is dhá scór de réir Celsius.

Is iad an dé-ocsaíd (ZrO2), nó an tsiorcóinia, agus an tsileacáit, nó an siorcón (ZrSiO4), an dá chomhdhúil is tábhachtaí. +4 an staid ocsaídiúcháin atá ag an dúil sna comhdhúile seo, mar is gnách di. Baintear úsáid as an tsiorcóinia i ndéantús gléasra saotharlainne, agus gearrtar siorcón go seoidchlocha. Maidir leis an miotal féin, is minic a chuirtear le miotail eile é (cóimhiotalú) le hiad a dhéanamh níos díonta ar an teas agus ar an ocsaídiú.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, siorcóiniam a deich is ceithre scór (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra), siorcóiniam a haon déag is ceithre scór (11.22 %), siorcóiniam a dó déag is ceithre scór (17.15 %), siorcóiniam a ceithre déag is ceithre scór (17.38 %) agus siorcóiniam a sé déag is ceithre scór (2.8 %). Iseatóp radaighníomhach é an ceann deireanach acu, ach ós rud é go bhfuil leathré an iseatóip sin níos faide ná aois na hollchruinne, níl cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Is féidir iarsmaí d’iseatóp radaighníomhach eile a aithint sa siorcóiniam nádúrtha, is é sin siorcóiniam a trí déag is ceithre scór, nach bhfuil ach milliún go leith de bhlianta ar leathré. Pé scéal é tá an siorcóiniam 91.224 aonad ar mheáchan adamach.

Sirius: Is é Sirius nó Sotis Sopdet Alpha Canis Majoris Réalta an Mhadra an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé ar an réalta is gile dá bhfuil le feiceáil ar spéir oíche ár bpláinéid féin, amach ón nGrian ar ndóigh. Le fírinne is déréalta é: is é Sirius A príomhréalta an chórais, agus is réalta bhán den A-aicme é. Ní fathachréalta atá ann ach réalta phríomhsheichimh, agus í suite sách cóngarach dúinn, is é sin, ocht solasbhliana go leith. Tá Sirius A dhá oiread chomh trom leis an nGrian s’againn, ach tá sé breis is fiche oiread níos lonrúla. Réalta an-te é agus é ag spíonadh a chuid hidrigine i bhfad níos gasta ná an Ghrian s’againn.

Maidir le compánach Sirius, nó Sirius B, níl ann ach abhacréalta bhán: tá sé ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, agus é ar aon mhéid leis an Domhan. Mar is dual do na habhacréaltaí bána is réalta an-dlúth é, agus é tar éis a chuid hidrigine a spíonadh, ionas nach bhfuil sé ag táirgeadh teasa a thuilleadh.

Deir téacsanna seanársa réalteolaíochta gur réalta dhearg é Sirius, rud a tharraingíos cuid mhaith diospóireachta inniu féin. Míniú amháin é go raibh Sirius B ina fhathachréalta dhearg cúpla míle bliain ó shin, ach is é an bharúil atá ag an gcuid is mó de na réalteolaithe nach bhfuil sé incheaptha, nó bíonn forbairt na réaltaí i bhfad níos maille ná sin ag teacht i gcrann. Mar sin, ní féidir an rúndiamhair seo a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Tá Sirius le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Mato Grosso in iarthar na tíre.

Sóidiam: Is é an sóidiam an dara ceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Is é dúil cheimiceach uimhir a haon déag é, agus is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Na – Natrium an t-ainm Gearmáinise a úsáidtear ina lán teangacha eile fosta. Cosúil leis na miotail alcaileacha go léir tá an sóidiam an-araiciseach chun imoibriúcháin le comhdhúile a dhéanamh le dúile eile, agus mar sin má aonraítear mar dhúil é, imoibreoidh sé go fíochmhar le huisce, abair, nó leis an aer féin le comhdhúile nua a chruthú.

Is é an gnáthshalann nó clóiríd an tsóidiam NaCl an chomhdhúil is coitianta dá bhfuil aige, agus is é +1 an t-aon staid ocsaídiúcháin atá aige – tá aon leictreon amháin ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus é fonnmhar an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hian sóidiam Na+ a dhéanamh. Comhdhúile tábhachtacha eile iad an tsóid aráin (décharbónáit nó hiodracarbónáit an tsóidiam NaHCO3) agus an tsóid níocháin (carbónáit an tsóidiam Na2CO3).

Má chuirtear cnapán sóidiam in uisce, beidh imoibriú fíochmhar ann, agus an sóidiam ag cur na ruaige ar hidrigin an uisce le ”sóid loiscneach”, is é sin hiodrocsaíd sóidiam, NaOH, a dhéanamh. Bun láidir (is é sin substaint bhunata nó alcaileach) í hiodrocsaíd an tsóidiam, agus é sothuaslagtha san uisce.

Is féidir sóidiam a aithint ar an dath láidir buí a chuireas an t-ian sóidiam in aon lasair. Seo an ”D-líne” ar chuir an fisiceoir ceannródaíoch Joseph von Fraunhofer sonrú inti lena lá, agus tá an solas buí seo 589 nanaiméadar ar tonnfhad.

Spica: Is í Spica nó Alpha Virginis an réalta is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Déréalta í, agus is fathachréalta bhánghorm den B-aicme í an phríomhréalta. Tá an dá leathréalta chomh cóngarach dá chéile, áfach, nach féidir iad a aithint thar a chéile ach ar a speictream (is é sin, déréalta speictreascópach í Spica). Tá Spica suite faoi dhá chéad is caoga solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

Sraith Balmer: Is í sraith Balmer an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an dara leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá ceithre líne acu suite i mbanda an tsolais infheicthe, agus an chuid eile sa bhanda ultraivialait. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Eilvéiseach Johann Balmer a d’aithin an dóigh a raibh tonnfhaid na línte ag brath ar a chéile agus a d’oibrigh amach foirmle mhatamaiticiúil a cheadaigh do na fisiceoirí coibhneas na dtonnfhad a chomhaireamh. Ní ba dhéanaí ghinearálaigh an Sualannach Johannes Rydberg cothromóid Balmer go cothromóid Rydberg a chuir ar a gcumas tonnfhaid agus minicíochtaí na sraitheanna eile a áireamh.

Sraith Brackett: Is í sraith Brackett an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an ceathrú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil fhuinnimh os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Frederick Sumner Brackett.

Sraith Humphreys: Is í sraith Humphreys an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an séú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Curtis Humphreys.

Sraith Lyman: Is í sraith Lyman an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda ultraivialait, is é sin, níl siad infheicthe. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Theodore Lyman.

Sraith Paschen: Is í sraith Paschen an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an tríú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda infridhearg, is é sin, tá a dtonnfhad níos mó ná tonnfhad an tsolais infheicthe, agus dá réir sin, tá a minicíocht níos ísle. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Gearmánach Friedrich Paschen.

Sraith Pfund: Is í sraith Pfund an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an cúigiú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach August Herman Pfund.

Teicnéitiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 43 i dTábla Peiriadach na nDúl, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Tc. Is miotal trasdultach é, agus é in aon ghrúpa leis an mangainéis agus an réiniam. Thar aon rud eile, áfach, is é an teicnéitiam an dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha acu. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná teicnéitiam a naoi ndéag is ceithre scór (99Tc), agus é 211,000 bliain ar leathré.

Ba é an fisiceoir Iodálach Emilio Segrè a d’aithin an teicnéitiam an chéad uair riamh, cé go raibh torthaí bréagdheimhneacha tugtha roimhe sin ag eolaithe a shíl go raibh dúil a 43 fionnta acu. Ar cuairt sna Stáit Aontaithe dó chuir Segrè suim sa chioglatrón (luasaire cáithníní) i Saotharlann Berkeley, agus thug Ernest Lawrence, an fear a chéadcheap an gléas, scragall úsáidte ón gcioglatrón dó, le go bhféadfadh sé taighde a dhéanamh ar na núiclídí radaighníomhacha a d’fhág an úsáid sa scragall. Bhí an scragall déanta as molaibdéineam, dúil uimhir a 42, agus teoiric ag Segrè gur iseatóp de chuid dhúil a 43 a bhí ar fáil sa scragall. Le cuidiú óna chara Carlo Perrier, a bhí ina mhianreolaí, chruthaigh sé gurbh amhlaidh.

Bhí Segrè ag obair in Ollscoil Palermo, agus d’iarr lucht rialtais na cathrach go mbaistfeadh sé panóirmiam ar an dúil nua, ainm a bhí bunaithe ar an leagan Laidine d’ainm na cathrach, Panormus. Sa bhliain 1947, aon bhliain déag i ndiaidh do Segrè an fhionnachtain a dhéanamh, bhaist eagraíocht idirnáisiúnta na gceimiceoirí teicnéitiam ar an dúil, ós rud é gur dúil shaorga (tekhnetos an focal Sean-Ghréigise a chiallaíos ”saorga, daondéanta”) í nach bhfuil ar fáil sa dúlra go nádúrtha – tá gaol ag an ainm le teicneolaíocht, ar ndóigh.

Miotal trom é an teicnéitiam a gcuirfeadh a chosúlacht platanam i gcuimhne duit. Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta a bhíos aige ina chuid comhdhúl ná +4, +5, agus +7. Tagann smúid ocsaíde ar an teicnéitiam le taise an aeir, agus is féidir an miotal a chur trí thine in atmaisféar glanocsaigine.

Triantán an Gheimhridh: Is é Triantán an Gheimhridh astaireacht na réaltaí úd Sirius, Betelgeuse, agus Procyon – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Mhadra Mhóir, an Bhodaigh, agus an Mhadra Bhig.

Triantán an tSamhraidh a thugtar ar Altair, Vega, agus Deneb in éineacht – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Iolair, na Líre, agus na hEala.

Úfó an giorrúchán Béarla a chiallaíos ”réad eitilte gan aithint”. Is minic a shíltear gurb ionann úfó agus spásbhád eachtardhomhanda, ach ní mar sin atá: dá n-aithneofaí mar spáslong de chuid na bhfear beag uaine é, ní bheadh sé ina úfó (is é sin, gan aithint) a thuilleadh!

Cé go mbítear ag cur sonrú i rudaí aisteacha thuas san aer ó tháinig an cine daonna chun saoil, ní dhearnadh coincheap ar leith den úfó ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1947 chonaic an t-eitleoir amaitéarach Meiriceánach Kenneth Arnold dioscaí aisteacha ina thimpeall agus é díreach ag eitilt thart le Sliabh Rainier (nó Sliabh Tacoma), an sliabh is airde sna Sléibhte Cascáideacha i Stát Washington, Iarthuaisceart na Stát Aontaithe. Is minic a chreidtear gurbh é Arnold a bhaist ainm an ”tsásair eitilte” ar na dioscaí seo, ach is deacair a rá an mar sin a bhí – is féidir gurbh iad na nuachtáin a bhain an chéad úsáid as an téarma sin flying saucer.

Níorbh é Arnold an t-aon duine a thug tuairisc ar an gcineál seo breathnuithe san am, agus ghlac Aerfhórsa na Stát Aontaithe imní: an raibh sibhialtaigh tar éis sonrú a chur in aerárthaí rúnda de chuid an Aerfhórsa féin, nó an raibh gléasra spiaireachta de chuid na Sóivéadach i gceist? Nó an ea nach raibh ann tar éis an tsaoil ach iomrall súl? Chuir an tAerfhórsa tús le Project Sign, tionscadal taighde a bhí dírithe ar a fháil amach cad é ba chúis leis na sásair eitilte. Dealraíonn sé gur rith an míniú ”eachtardhomhanda” le daoine acu siúd a raibh baint acu leis an tionscadal seo, cé go raibh a lán d’oifigigh an Aerfhórsa barúlach gurbh ón Aontas Sóivéadach a tháinig na sásair, agus córas tiomána acu nach raibh ar eolas ag innealtóirí na Stát Aontaithe. Iad siúd a chreid sa teoiric Shóivéadach, bhí siad ag déanamh gur cineál cogaíocht shíceolaíoch a bhí idir lámhaibh ag na Rúisigh chomh dána dalba is a bhí na húfónna ag eitilt in aerspás na Stát.

Ní raibh údaráis an Aerfhórsa sásta le torthaí Project Sign, agus thosaigh siad ar thionscadal nua, Project Grudge. Sa bhliain 1949 d’eisigh Grudge a chuid torthaí: glacadh leis nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, a fhad agus a d’fhéadfaí a mheá, agus nach raibh iontu go bunúsach ach míthuiscintí ar rudaí nádúrtha nó ar réadanna neamhurchóideacha eile.

Ba é tionscadal an Leabhair Ghoirm, nó Project Blue Book, an tríú hiarracht oifigiúil a rinneadh sna Stáit le taighde a dhéanamh ar na húfónna. Chaith lucht an Leabhair Ghoirm na blianta fada ag bailiú scéalta faoi úfónna agus á n-anailísiú, agus sa bhliain 1968, foilsíodh tuairisc faoin teideal ”Staidéar Eolaíoch ar na Réadanna Eitilte gan Aithint”, nó ”Tuairisc Condon”, mar is gnách í a ainmniú, ós fisiceoir darbh ainm Edward Condon a bhí i gceannas ar an gcoiste a dhréachtaigh an tuairisc. Is iad na torthaí a bhí le léamh ar an tuairisc seo ná nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, ná teicneolaíocht ardfhorbartha nó cuairteoirí eachtardhomhanda ag baint leo, de réir na fianaise a bhí ann.

Idir an dá linn áfach tháinig cultas na n-úfónna ar an bhfód, agus dreamanna beaga díograiseoirí ag fógairt gur spásbháid ó phláinéid eile a bhí i gceist. Le fírinne chuir an CIA – lárúdarás faisnéise na Stát Aontaithe – ar bun coiste taighde dá gcuid féin faoi cheannas an fhisiceora Howard Percy Robertson, ”Painéal Robertson”, sa bhliain 1951. Ba iad torthaí oibre an phainéil seo ná nach sna húfónna a bhí an bhagairt, ach sna díograiseoirí: dá mbeadh lucht an Aerfhórsa, na réadlanna réalteolaíocha agus na stáisiúin bhreathnóireachta eile curtha thar a n-acmhainn ag tuairiscí seafóideacha faoi úfónna, ní fhéadfaidís súil a choinneáil ar eitleáin spiaireachta an Aontais Shóivéadaigh. Thairis sin, d’fhéadfadh na Sóivéadaigh dochar a dhéanamh do shíocháin inmheánach na Stát Aontaithe trí spreagadh a thabhairt do chultas na n-úfónna – mar a dúirt paínéal Robertson.

Tríd is tríd, ba é toradh na bhfiosruithe seo ná nach raibh rud osnádúrtha, neamhshaolta nó neamhghnách ar bith i gceist leis na húfónna. D’admhaigh na taighdeoirí nach raibh siad ábalta gach uile bhreathnú a mhíniú go fóill ach san am chéanna bhí siad dóchasach go bhfreagródh an eolaíocht gach aon cheist sa deireadh.

Xeanón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 54. Xe an tsiombail cheimiceach. Ceann de na triathgháis é an xeanón, agus ochtréad iomlán ar an sceall is faide amuigh sa scamall leictreonach aige, rud a fhágas nach bhfuil sé araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin féin is féidir leis an xeanón dul i gcomhdhúile ceimiceacha áirithe, go háirithe leis an bhfluairín, arb é an t-ocsaídeoir is láidre de na dúile go léir. Úsáidtear xeanón i bhfeadáin solais, nó is dual dó solas gorm a dhéanamh má chuirtear réimse leictreachais i bhfeidhm air. Tá xeanón ar fáil san atmaisféar ach níl sé ar dhúile flúirseacha an Domhain ar aon nós.

X-radaíocht a thugtar ar an radaíocht atá níos tonnfhaide ná an gháma-radaíocht, níos tonnghiorra ná an radaíocht ultraivialait. Ba é Wilhelm Konrad Röntgen a d’aithin an X-radaíocht an chéad uair sa bhliain 1895, agus ina lán teangacha tugtar ”radaíocht Röntgen” ar an gcineál seo radaíochta. Úsáidtear X-ghathanna (is é sin, gathanna X-radaíochta) sa dochtúireacht (le pictiúirí a thógáil de chnámha an duine bheo, ach go háirithe) agus sna seiceálacha slándála ar na haerfoirt (le fáil amach faoina bhfuil istigh i mála dúnta). Chomh saibhir is atá na gathanna seo i bhfuinneamh áfach baineann priacal áirithe ailse leo, nó déanann siad dochar do na comhdhúile íogaire bithcheimiceacha sna cealla beo .

Leagan leasaithe de Chiclipéid na Réalteolaíochta arís

Leagan úr de Chiclipéid na Réalteolaíochta arís

An Leagan is Úire de Chiclipéid na Réalteolaíochta (leasú ón séú lá de Mhí Iúil 2017)

Ciclipéid eile – another unfinished science encyclopaedia in Irish

Seo ciclipéid eile a rinne mé iarracht a chur i dtoll le chéile. Níl mé cinnte an éireoidh liom í a chríochnú, ach is dócha gur féidir libh sult agus tairbhe a bhaint aisti.

achtainiam (an t-achtainiam, an achtainiam) – Is é an t-achtainiam (Ac) dúil cheimiceach uimhir a 89. Dúil radaighníomhach é, is é sin, níl ach iseatóip radaighníomhacha aige. Miotal é agus loinnir an airgid ghil ann. Ceann de na miotail trasdultacha é, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aige ina chuid comhdhúl ná +3. Is é an t-iseatóp is fadsaolaí dá bhfuil aige ná achtainiam a 227, agus é beagnach aon mhíle is fiche de bhlianta ar leathré. Bíonn iarsmaí beaga achtainiam ar fáil sna mianraí úráiniam. Baintear úsáid as achtainiam mar fhoinse radaíochta chomh radaighníomhach agus atá sé. Mar shampla, is féidir cealla ailse a mharú le radaíocht an achtainiam.

achtainíd (an achtainíd, na hachtainíde, na hachtainídí, na n-achtainídí) nó achtanóideach (an t-achtanóideach, an achtanóidigh, na hachtanóidigh, na n-achtanóideach) – Is iad na hachtainídí nó na hachtanóidigh an t-achtainiam agus an ceithre dhúil déag a thagas ar a lorg i dtábla peiriadach na ndúl: an tóiriam, an prótachtainiam, an t-úráiniam, an neiptiúiniam, an plútóiniam, an t-ameiriciam, an ciúiriam, an beircéiliam, an calafoirniam, an t-éinstéiniam, an feirmiam, an meindiléiviam, an nóbailiam agus an láirinciam. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag na dúile seo, agus cuid acu bíonn leathré a n-iseatóp chomh gairid is nach féidir mórán taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha na ndúl féin. Ón taobh eile de, tá cuid acu ar fáil sa dúlra féin, agus iseatóip an-fhadsaolacha acu, an t-úráiniam agus an tóiriam ach go háirithe. Is é an cineál meath radaighníomhach is tipiciúla a thagas orthu ná an t-alfa-mheath.

acnód (an t-acnód, an acnóid, na hacnóid, na n-acnód): San ailgéabar, úsáidtear cuair nó graif leis na luachanna a léiriú a shásas cothromóid áirithe. Má shásann luach áirithe an chothromóid cé nach bhfuil sé suite ar an gcuar, déarfaimid gur acnód atá ann.

acroiléin (an acroiléin, na hacroiléine) nó próipéanal (an próipéanal, an phróipéanail) – Is í an acroiléin an t-aildéad is simplí ina bhfuil nasc dúbailte idir dhá adamh carbóin. CH2=CH-C(H)O an fhoirmle. Baintear leas aisti mar amhábhar sa tionsclaíocht lena lán ceimiceán úsáideach a tháirgeadh, ach is nimh í féin a bhfuil drochbholadh aisti. Substaint ghreannach í a dhéanas dochar do na scamhóga.

adainín (an t-adainín, an adainín) – Bun bithcheimiceach é an t-adainín, agus é ardtábhachtach mar bhloc tógála in orgánach an duine. Tá sé de dhíth le móilíní na n-aigéad núicléasach (an t-aigéad ribeanúicléasach agus an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach) a chur i dtoll le chéile. Thairis sin, nuair a rachas an t-adainín i gcoimpléasc leis an dá vitimín úd ribeaflaivin agus niaicin, gheofar comheinsímí tábhachtacha a bhfuil feidhmeanna éagsúla acu sa mheitibileacht.

adamh (an t-adamh, an adaimh, na hadaimh, na n-adamh) – Is é an t-adamh an t-aonad is lú d’aon dúil cheimiceach. Tá núicléas san adamh agus é comhdhéanta as núicléóin, is é sin, prótóin agus neodróin. Is ionann, a bheag nó a mhór, meáchan an phrótóin agus an neodróin. Timpeall an núicléis atá an néal leictreon, agus é comhdhéanta as leictreoin.

Is gnách a rá go bhfuil na leictreoin ag timpeallú an núicléis, ach is simpliúchán é sin, ós rud é nach ionann dlíthe fisiceacha na gluaiseachta ag rudaí chomh beag bídeach leis an leictreon agus ag rudaí ar aon mhéid leis an duine. Is fearr leis na fisiceoirí a rá go bhfuil an leictreon le fáil timpeall an núicléis de réir dóchúlacht áirithe, agus an dóchúlacht seo ag dul i laghad ag imeacht ón núicléas i dtreo na héigríche. Ón taobh eile de is féidir réigiúin áirithe a aithint timpeall an núicléis ina sroicheann an dóchúlacht sin luachanna an-arda. Is iad na réigiúin sin an néal leictreon.

Nuair a dúirt mé ”réigiúin”, san uimhir iolra, thug mé le fios go bhfuil níos mó ná aon réigiún amháin ann – is é sin, go bhfuil struchtúr inmheánach ag an néal leictreon. Is féidir a rá go bhfuil leictreonscealla éagsúla san adamh, agus go bhfuil leibhéil éagsúla fuinnimh – fo-scealla, mar a déarfá – taobh istigh de na scealla. Ansin, taobh istigh de gach leibhéal fuinnimh atá na fithiseáin adamhacha. Is éard is fithiseán adamhach ann ná cuid den néal leictreon ina bhfuil áit, nó ”lóistín”, do leictreondís amháin – is é sin, dhá leictreon a sáraíonn a nguairne a chéile.

Maidir leis an nguairne, is airí í is deacair a mhíniú, ach is í is cúis leis go bhfuil móimint dhépholach mhaighnéadach ag an leictreon – is é sin, gur maighnéad beag é an leictreon. De ghnáth, is iad na luchtanna leictreacha atá ag gluaiseacht a chruthaíos maighnéadas, agus le maighnéadas an leictreoin a mhíniú, caithfidh muid a phostaláidiú – is é sin, caithfidh muid glacadh leis mar aicsím, gan chruthú gan mhíniú – go bhfuil an leictreon á iompar, ar bhealaí áirithe, mar a bheadh sé ag rothlú ar a ais. Guairne a thugtar ar an ”rothlú” seo. Ní mór áfach cuimhne a choinneáil air nach ionann guairne an leictreoin agus rothlú aon réad infheicthe ó thaobh na matamaitice is na fisice de, chomh difriúil is atá na dlíthe nádúrtha ar leibhéal na mbuncháithníní agus ar leibhéal na rudaí macrascópacha. Má thugaimid ”rothlú” ar an nguairne, níl ann ach meafar leis an airí áirithe seo a dhéanamh níos intuigthe.

Úsáidtear candamuimhreacha le háit an leictreoin sa néal leictreon a shainiú. Deir an phríomh-chandamuimhir (n), cén sceall ar a bhfuil an leictreon. Is iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná na slánuimhreacha deimhneacha, is é sin, 1, 2, 3 agus araile. Ansin, tá an chandamuimhir asamatach (l) ann a thugann an fo-sceall ar a bhfuil an leictreon. Is iad na luachanna a cheadaítear don chandamuimhir asamatach ná na slánuimhreacha (an náid san áireamh) atá níos lú ná an phríomh-chandamuimhir: 0, 1, 2, 3,…(n-3), (n-2), (n-1). Más ionann an phríomh-chandamuimhir agus 6, mar sin, is iad na candamuimhreacha asamatacha ná 0, 1, 2, 3, 4 agus 5. An triú candamuimhir, is í an chandamuimhir mhaighnéadach (m) í. Is iad na luachanna a cheadaítear don chandamuimhir mhaighnéadach ná –l…-2, -1, 0, 1, 2,…l, is é sin, na slánuimhreacha ó shéanadh na candamuimhreach maighnéadaí go dtí an chandamuimhir féin. Tugann an chandamuimhir mhaighnéadach le fios cé acu fithiseán ar a bhfuil leictreon áirithe. Cuid den leictreonsceall é an fithiseán ar a bhfuil áit do dhá leictreon, is é sin, d’aon leictreondís amháin.

Is í an chandamuimhir ghuairneach, nó candamuimhir na guairne, an chandamuimhir dheireanach, agus is iad na luachanna a cheadaítear di ná +½ agus -½. Go bunúsach, tugann sí le fios cé acu den dá leictreon ar an bhfithiseán atá ann.

aduaine (an aduaine, na haduaine): I bhfisic na gcáithníní tugtar ”cáithníní aduaine” ar cháithníní áirithe a ghintear go furasta in imbhuailtí na gcáithníní, agus meath ag teacht orthu chomh mall is nach raibh súil ag na fisiceoirí ar dtús. Sa deireadh, shocraigh siad gur airí fhisiceach a bhí i gceist ar bhaist siad ”aduaine” uirthi. Cuarc ar leith, mar atá, an cuarc aduain, is cúis leis an aduaine seo, mar a shíleas na fisiceoirí inniu.

aeólatrópacht – féach ainiseatrópacht

aeraidinimic (an aeraidinimic, na haeraidinimice): Brainse den dinimic (is é sin, fisic na gluaiseachta) í an aeraidinimic a dhíríos ar ghluaiseacht an aeir agus ar idirghníomhú an aeir le réad atá ag déanamh a bhealaigh tríd an aer. Nuair a deir muid go bhfuil gléas, sás nó réad éigin ”aeraidinimiciúil”, is éard atá i gceist leis ná go bhfuil airíonna maithe aeraidinimice aige – is é sin go bhfuil sé deartha go sruthlínithe agus an t-aer ag dul thart leis gan mórán táimhe.

aeraifisic (an aeraifisic, na haeraifisice): Go bunúsach, brainse innealtóireachta atá i gceist leis an aeraifisic agus é ag dul i muinín na fisice le gléasra aeraidinimiciúla a dhearadh – eitleáin mar shampla. D’fhéadfá innealtóireacht aeraidinimice a thabhairt ar aeraifisic chomh maith.

aerasól (an t-aerasól, an aerasóil, na haerasóil, na n-aerasól): Is éard atá i gceist leis an aerasól sa chiall eolaíoch ná cineál meascán collóideach ina bhfuil cáithníní beaga soladacha nó deora beaga leachta scaipthe ar fud an gháis nó an aeir. Is minic a shíltear gurb ionann aerasól agus ábhar spraeáilte, ach san eolaíocht is coincheap i bhfad níos cuimsithí é: mar shampla, glactar leis na scamaill mar cineál aerasól, ós rud é gur deora beaga uisce atá ann agus iad scaipthe san aer.

aerastat (an t-aerastat, an aerastait, na haerastait, na n-aerastat) – Is éard atá i gceist leis an aerastat ná aerárthach is éadroime ná an t-aer féin – is é sin, aerárthach atá i dtuilleamaí umar buacachta le fanacht ag eitilt. Is éard a bhíos sna humair ná gás éigin is éadroime ná an t-aer – héiliam, go praiticiúil.

Tá dhá chineál aerastat ann: balúin agus aerlonga.

An tAerchaidéal (an tAerchaidéal, an Aerchaidéil): Réaltbhuíon é an tAerchaidéal a bhíos le feiceáil dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, Compás an Mhairnéalaigh, agus na Seolta. Níl mórán cuid súl ann mar réaltbhuíon, agus le fírinne ní raibh ann ar dtús ach píosa beag den spéir nár háiríodh mar chuid d’aon réaltbhuíon: i lár na hochtú haoise déag a baisteadh an t-ainm seo air. Antlia an t-ainm Laidine. Níl d’ainm ar an réalta is gile san Aerchaidéal ach Alpha Antliae. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, réalta den chineál K. Tá roinnt réaltraí le haithint san Aerchaidéal fosta, go háirithe NCG 2997. Réaltra bíseach neamhbharrach é.

aereiteog (an aereiteog, na haereiteoige, na haereiteoga, na n-aereiteog): Is ionann go bunúsach an aereiteog agus sciathán an eitleáin mar a fheictear sa trasghearradh é.

aerobach (aidiacht): is ionann é go bunúsach agus aerdhíonach. An coimeádán atá aerobach (nó aer-obach), ní ligeann sé aer isteach ná amach.

aeróbach (aidiacht): an t-orgánach nó an próiseas a bhfuil ocsaigin ag teastáil uaidh, deirimid go bhfuil sé aeróbach. Na baictéir aeróbacha, is baictéir iad nach féidir leo déanamh in uireasa ocsaigine. Sa chiall seo is orgánach aeróbach é an duine freisin, ar ndóigh. Is éard atá i gceist leis an aclaíocht aeróbach (an aeróbaic, mar a thugtar uirthi freisin) ná an cineál aclaíochta a chuireas béim ar an gcleachtadh leanúnach, ar an análú agus ar an meitibileacht aeróbach seachas ar an iarracht thobann.

aerthormán (an t-aerthormán, an aerthormáin): Is éard is aerthormán ann ná an tormán a chloistear ar an raidió de dheasca an leictreachais san atmaisféar. Cuireann an t-aerthormán isteach ar na craolacháin aimplitiúidmhodhnaithe, ach go háirithe.

agáit (an agáit, na hagáite, na hagáití, na n-agáití): Mianra atá ann agus é comhdhéanta as dé-ocsaíd sileacain don chuid is mó. Mianra micricriostalta é, is é sin ní féidir criostail na hagáite a aithint ach faoin micreascóp. Bíonn na hagáití stríopach, agus cuid súl iontu go minic, ionas gur féidir iad a úsáid san ornáidiú.

aibéilít (an aibéilít, na haibéilíte): Cineál ábhar pléascach í an aibéilít atá comhdhéanta as níotráit amóiniam NH4NO3 agus as hiodracarbón níotráitithe éigin, cosúil leis an trínítreatolúéin (TNT).

aibsíse (an aibsíse, na haibsíse, na haibsísí, na n-aibsísí): Tugtar aibsíse ar an x san ordphéire (x,y) a chuirtear in iúl le ponc sna comhordanáidí déthoiseacha Cairtéiseacha. Mar sin, is í ais chothrománach na gcomhordanáidí seo, nó an x-ais, an ais ar a socraítear luach na haibsíse. Is í an aibsíse a thaispeánas cé chomh fada is atá an ponc ón nialas ar an x-ais.

aicéataildéad (an t-aicéataildéad, an aicéataildéid): Is é an t-aicéataildéad toradh ocsaídiúcháin an eatánóil (an ghnáthalcóil), agus is é CH3CHO a fhoirmle cheimiceach. Is féidir eatánál a thabhairt ar an aicéataildéad freisin, nó sin é an t-ainm oifigiúil córasach a cheap Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí, nó IUPAC, don aicéataildéad, ach is é an t-ainm traidisiúnta is mó a úsáidtear inniu féin.

Leacht sho-ghalaithe é an t-aicéataildéad agus boladh láidir as. Tá sé inmheasctha leis an uisce i ngach coibhneas, nó cuireann an t-adamhghrúpa úd -CHO, ar a n-aithnítear na haildéid, go mór le hintuaslagthacht na comhdhúile orgánaí. Níl fiuchphointe an aicéataildéid, +20.2 céim de réir Celsius, ach traidhfilín os cionn ghnáth-theocht an tseomra, agus mar sin, dá mbainfeá don leacht le do mhéar, ghalódh sí le teann teocht do láimhe. Is é -123.5 céim de réir Celsius an leáphointe.

Is é an t-aicéataildéad is cúis leis an bpóit a thagas ar an duine i ndiaidh na meisce, nó ocsaídíonn crua-ae an duine an t-alcól go haicéataildéad, agus is í an phóit an nimhiú aicéataildéid is toradh dó seo. Is ar éigean is féidir nimh a thabhairt ar an aicéataildéad sa chiall chúng, ach is féidir gur carcainigin (ábhar ailse) atá ann. Greannaíonn sé na seicne múcasacha agus na scamhóga, agus is truailleán aeir é. Is é an priacal is mó a bhaineas leis, áfach, ná an dóiteán, nó tá sé thar a bheith so-adhainte, díreach cosúil leis an alcól.

Baineann an tionsclaíocht cheimiceach a lán úsáide as an aicéataildéad mar amhábhar do chomhdhúile is casta ná é.

aicéataimíd (an aicéataimíd, na haicéataimíde): Is ionann an aicéataimíd agus aimíd an aigéid aicéitigh. Is é sin, is ionann móilín na haicéataimíde agus an aigéid aicéitigh, ach amháin go bhfuil an t-aimínghrúpa -NH2 curtha in áit an hiodrocsailghrúpa -OH. CH3CONH2 an fhoirmle cheimiceach mar sin.

Solad í an aicéataimíd le gnáth-theocht an tseomra. Is é an leáphointe atá aige ná dhá chéim is ceithre scór (82 chéim) de réir Celsius. Criostail gheala gan dath atá san aicéataimíd agus iad ag ól uisce an aeir chucu – is é sin, deirimid gur criostail thais-scópacha iad. Tá an aicéataimíd sothuaslagtha san uisce, ach níl an dá shubstaint inmheasctha – is é sin ní féidir iad a mheascadh i ngach coibhneas.

Níl fiuchphointe ag an aicéataimíd i gciall cheart an fhocail. Tosóidh sí ag fiuchadh ag teocht dhá chéad dhá chéim is fiche (222 chéim) de réir Celsius, ach nuair a ghalós sí, titfidh na móilíní as a chéile.

Ní úsáidtear mórán aicéataimíde sa tionsclaíocht inniu, ach tá tábhacht éigin léi mar phlaisteachán, is é sin, breiseán a chuirtear le plaistigh agus le hábhair shaorga eile le hiad a dhéanamh níos somhúnlaithe – níos plaistí, mar a déarfá.

Is ar éigean is féidir a rá gur nimh láidir atá ann, ach tá priacal áirithe ailse ag baint leis an aicéataimíd.

aicéatainilíd (an aicéatainilíd, na haicéatainilíde) – Díorthach de chuid na hanailíne í an aicéatainilíd (le firinne, bheadh sé níos loighciúla aicéatanailíd a thabhairt uirthi, ach anseo, beidh mé ag cloí le moladh téarmaíochta an Choiste, cé nach bhfuil mé róshásta leis). Is ionann móilín na haicéatainilíde agus móilín na haicéataimíde, ach amháin go bhfuil ceann de na hadaimh hidrigine san aimínghrúpa -NH2 malartaithe ar fháinne aramatach -C6H5. Nó, más fearr leat an dearcadh eile, is féidir a rá gur móilín anailíne atá againn ach amháin go bhfuil ceann de na hadaimh hidrigine malartaithe ar aicéitilghrúpa CH3C(O)-. Mar sin, is í an fhoirmle struchtúrtha shimplithe atá ag an aicéatainilíd ná CH3C(O)-NH-C6H5.

Solad í an aicéatainilíd agus boladh so-aitheanta aisti. Is é an leáphointe atá aici ná céad ceithre chéim déag (114) de réir Celsius. Sna laethanta a bhí, bhaintí leas aisti le maolú ar an bhfiabhras agus ar an bpian, ach is é an paraicéiteamól a úsáidtear ina háit inniu, nó fuair na bithcheimiceoirí amach go gclaochlaíonn meitibileacht an duine an aicéatainilíd go paraicéiteamól pé scéal é, agus gurb é an paraicéiteamól an fíorchógas (deirtear gur pródruga í an aicéatainilíd don pharaicéiteamól). Mar sin, is fearr leis na dochtúirí gan bacadh leis an aicéatainilíd ar aon nós, ó nach bhfuil ann ach céim idirmheánach. Thairis sin, dealraíonn sé go mbaineann priacail éagsúla shláinte leis an aicéatainilíd nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna ag an bparaicéiteamól.

Baineann an tionsclaíocht cheimiceach úsáid as an aicéatainilíd, i ndéantús ruaimeanna (dathanna) agus cógas ach go háirithe. Is dócha go bhfuil sí níos coitianta mar amhábhar ná mar cheimiceán ann féin sa lá atá inniu ann.

Níl an aicéatainilíd intuaslagtha san uisce ach ar éigean. Ní thuaslagtar ach grám amháin, nó níos lú fós, i ndeich lítear uisce.

aicéatáit (an aicéatáit, na haicéatáite, na haicéatáití, na n-aicéatáití): Tugtar aicéatáití ar shalainn an aigéid aicéitigh, agus iad comhdhéanta as iain dheimhneacha de chineál éigin (iain mhiotail go tipiciúil) agus iain aicéatáite CH3C(O)O. Is é an t-ian aicéatáite an t-ian diúltach (an t-ainian) a fhreagraíos don aigéad aicéiteach CH3C(O)OH, an t-ian is toradh do phrótalú an aigéid sin. Bíonn na haicéatáití sothuaslagtha san uisce.

Sa cheimic orgánach, tugtar aicéatáití ar dhíorthaigh eile de chuid an aigéid aicéitigh freisin, eistir ach go háirithe.

Is minic a bhíos aicéatáit cheallalóis i gceist acu siúd a thagraíos don ”aicéatáit” sa ghnáthchaint. Nuair a imoibreos an t-aigéad aicéiteach leis an gceallalós, gheofar eistear ar a dtugtar aicéatáit cheallalóis. Ábhar úsáideach í an aicéatáit cheallalóis as a ndéantar scannáin agus snáithíní. Is gnách ”scannán sábháilte” a thabhairt ar scannán atá déanta as aicéatáit cheallalóis, nó roimh theacht na haicéatáite ba é an nítriceallalós amhábhar na scannán, agus mar is léir don eolach ón réimír sin ”nítri-”, ba gheall le hábhar pléascach a bhí ann. Ba é an nítriceallalós ba chúis leis an dóiteán a mharaigh leathchéad duine i nDroim Collachair (Contae Luimnigh) ar an 5 Meán Fómhair 1928, agus níorbh é sin an t-aon tubaiste den chineál seo. Ba mhór an dul chun cinn é nuair a tháinig an scannán aicéatáite in áit an nítriceallalóis.

aicéatal (an t-aicéatal, an aicéatail, na haicéatail, na n-aicéatal): Comhdhúil orgánach é an t-aicéatal ina bhfuil adamh carbóin idir dhá adamh ocsaigine, agus nasc singil ag gach ceann de na hadaimh ocsaigine seo den adamh carbóin sin. Má sheasann R, R’, agus R” d’adamhghrúpaí éagsúla orgánacha, is í an fhoirmle a bheas ag an aicéatal ná R-O-CH(R’)-O-R”. Má chuirtear adamhghrúpa orgánach eile fós in áit an adaimh hidrigine úd H, gheofar céatal, ach is é cleachtas Chumann Idirnáisiunta na gCeimiceoirí inniu go ndearctar ar na céatail mar chineál aicéatal.

aicéitifeanón (an t-aicéitifeanón, an aicéitifeanóin): Is é an t-aicéitifeanón an céatón aramatach is simplí atá ann. I móilín an aicéitifeanón tá meitilghrúpa agus fáinne aramatach ceangailte den charbóinilghrúpa: C6H5-C(O)-CH3. Tá fiuchphointe an aicéitifeanóin suite díreach timpeall ar ghnáth-theocht an tseomra, nó fiche céim de réir Celsius. Is ar éigean is féidir a rá gur nimh é, ach is substaint dhochrach ghreannaitheach é. Bíonn sé le fáil go nádúrtha ina lán cineálacha bia, torthaí go háirithe (úll mar shampla), agus úsáidtear an-chorrdheoir le blas a chur le guma coganta, abair. Sna laethanta a bhí, bhaintí úsáid as i bpiollaí suain fosta.

aicéitil (an aicéitil, na haicéitile): Adamhghrúpa í an aicéitil a gheofar má bhaintear hiodrocsailghrúpa -OH de mhóilín an aigéid aicéitigh CH3C(O)OH. Is é is foirmle don aicéitil, mar sin, ná CH3C(O)-.

aicéitiléin (an aicéitiléin, na haicéitiléine) nó eitín (an t-eitín, an eitín): Is í an aicéitiléin an ceann is simplí de na hailcíní, is é sin, de na hiodracarbóin shlabhroscailte a bhfuil nasc triarach idir dhá adamh carbóin iontu. Is í foirmle cheimiceach na haicéitiléine ná C2H2, nó H-CC-H – tá an ceithre adamh suite ar an t-aon líne dhíreach amháin mar sin. Ní féidir leacht a dhéanamh den aicéitiléin leis an ngnáth-aerbhrú, nó néalaíonn sí go díreach ó sholad go gás le teocht ochtó is ceithre chéim Celsius faoin nialas. Tá sí cineál éagobhsaí agus is dual di dul trí thine go fíochmhar. Mar sin baineann an-dainséar léi. Ina dhiaidh sin féin úsáidtear go forleathan sa teicneolaíocht í, go háirithe le miotal a ghearradh is a tháthú.

Sna laethanta a bhí ba í an chairbíd chailciam an fhoinse ba tábhachtaí aicéitiléine. Nuair a théifear aol beo (ocsaíd chailciam, CaO) agus cóc (gual, C) le chéile i stuafhoirnéis leictreach, gheofar cairbíd chailciam (CaC2) agus aonocsaíd charbóin (CO), mar seo:

CaO + 3C -> CaC2 + CO

Ansin hidrealófar an chairbíd, is é sin, cuirfear ag imoibriú le huisce H2O í, ionas go bhfaighfear aicéitiléin agus hiodrocsaíd chailciam (aol teilgthe):

CaC2 + H2O -> C2H2 + Ca(OH)2

Ar na saolta seo, áfach, is í an artola an fhoinse is tábhachtaí aicéitiléine, agus ní bhactar mórán leis an gcóc a thuilleadh. Faightear aicéitiléin nuair a chraiceáiltear an artola, is é sin nuair a bhristear síos na móilíní móra le hidreacarbóin níos éadroime a dhéanamh.

aicéitilíd (an aicéitilíd, na haicéitilíde, na haicéitilídí, na n-aicéitilídí) nó déchairbíd (an déchairbíd, na déchairbíde, na déchairbídí, na ndéchairbídí): Sa chiall chúng, is aicéitilídí iad comhdhúile an iain aicéitilíde, C22-. Tá nasc triarach idir an dá adamh carbóin cosúil leis an móilín nítrigine. Is éard a deirtear ná go bhfuil an t-ian aicéitilíde isileictreonach leis an móilín nítrigine, is é sin, is ionann struchtúr an scamaill leictreonaigh ag an aicéitilíd agus ag an nítrigin.

Is aicéitilíd í an chairbíd chailciam CaC2, mar shampla. Má thagann an chairbíd chailciam i dteagmháil leis an uisce, nó le haigéad éigin, déanfaidh sé aicéitiléin C2H2. Sin é an tuige go dtugtar ‘aicéitilíd’ ar an gcineál seo comhdhúl – is féidir aicéitiléin a dhéanamh astu.

Sa chiall fhairsing, tá cineál eile aicéitilídí ann fosta, mar atá, aicéitilídí orgánacha. Sna comhdhúile seo tá adamhghrúpa orgánach éigin – slabhra d’adaimh charbóin go bunúsach – nasctha den ian déchairbíde, ionas nach bhfuil ach aon lucht deimhneach amháin fágtha aige: R-C2. Seasann ”R” don adamhghrúpa sin.

aicéitiliú, aicéitiliúchán (an t-aicéitiliú, an aicéitilithe, na haicéitilithe, na n-aicéitilithe; an t-aicéitiliúchán, an aicéitiliúcháin, na haicéitiliúcháin, na n-aicéitiliúchán): Cineál imoibriú ceimiceach é an t-aicéitiliú, agus mar is léir ón ainm, is éard a dhéantar san imoibriú ná adamhghrúpa aicéitile, CH3CO-, a chur le móilín éigin. Is í an ainhidríd aicéiteach, (CH3CO)2O, a úsáidtear mar imoibrí san aicéitiliú. Sampla den aicéitiliú é déantús an aigéid aicéitiolsalaiciligh, ar a dtugtar aspairín sa ghnáthchaint: aicéitilítear aigéad salaicileach leis an leigheas úsáideach seo a tháirgiú.

aicéitinitríl (an aicéitinitríl, na haicéitinitríle): Is í an aicéitinitríl an chomhdhúil orgánach ina bhfuil an dá adamhghrúpa úd meitil (CH3) agus ciainíd (CN) nasctha dá chéile: CH3 CN, mar sin. Is í an nitríl is simplí dá bhfuil ann (is é sin mura dtugtar aitheantas don chiainíd hidrigine, is é sin an t-aigéad prúiseach HCN, mar nitríl). Leacht gan dath atá ann le teocht an tseomra.

Úsáidtear aicéitinitríl mar thuaslagóir ach go háirithe. Ní féidir a rá go mbeadh sí in aon ghaobhair do bheith chomh dainséarach leis an gciainíd hidrigine nó leis an ian ciainíde, nó tá an nasc idir an dá adamh carbóin sa mhóilín cuíosach láidir. Mar sin tá dáileog mharfach na haicéitinitríle sách ard.

aicéitiolaicéatón (an t-aicéitiolaicéatón, an aicéitiolaicéatóin), nó peantáin-2,4-dé-ón (an peantáin-2,4-dé-ón, an pheantáin-2,4-dé-óin) – Déchéatón é an t-aicéitiolaicéatón ina bhfuil slabhra cúig adamh carbóin. Is í an fhoirmle cheimiceach ná CH3C(O)CH2C(O)CH3 – úsáidtear na lúibíní lena chur in iúl go bhfuil na hadaimh ocsaigine ag gobadh amach ón slabhra carbóin, is é sin nach bhfuil siad ina ndroichid idir na hadaimh charbóin. D’fhéadfá a shamhlú gur thóg muid móilín aicéatóin CH3C(O)CH3 agus gur chuir muid adamhghrúpa aicéitile CH3C(O)- in áit ceann de na hadaimh hidrigine. Sin é an fáth go dtugtar ”aicéitiolaicéatón” ar an tsubstaint seo.

Sampla den tátaiméireacht é an t-aicéitiolaicéatón, is é sin, tá dhá chineál móilíní i ngach eiseamal den aicéitiolaicéatón nach ionann a struchtúr. Ní isiméirí i gciall chúng an téarma sin an dá leagan sin, nó má dhéanann tú iarracht iad a aonrú ó chéile, tosóidh leagan amháin ag claochlú go leagan eile, go dtí go mbainfidh an meascán amach a sheanchothromaíocht. An cineál seo isiméirí nach féidir a scaradh ó chéile is gnách tátaiméirí a thabhairt orthu. An fhoirmle a thug mé thuas níl sé bunaithe ach ar thátaiméir amháin, an leagan céatónach.

An tátaiméir eile, tugtar leagan eanólach uirthi. Is éard is brí le heanól ná comhdhúil cheimiceach ina bhfuil nasc dúbailte idir dhá adamh carbóin, agus feidhmghrúpa hiodrocsaile -OH ceangailte de cheann acu. Ní bhíonn na heanóil cobhsaí, ach is minic a bhíos baint thátaiméireach acu le haildéad nó le céatón éigin.

Is féidir foirmle an eanóil a thabhairt mar CH3C(O)CH=CH(OH)-CH3, ach is ar éigean is féidir a rá gur cur síos cruinn í ar struchtúr na tátaiméire seo. Le fírinne, tá adamh hidrigine na ”hiodraicsile” sin suite idir an dá adamh ocsaigine agus cineál leathnasc aige den dá cheann acu – is é sin ní féidir a rá go mbeadh sé nasctha do cheann acu thar an gceann eile. Is é is impleacht dó seo go bhfuil nasc an adaimh sin den mhóilín go léir cuíosach sobhriste, agus gur féidir leis an eanól ian hidrigine a thabhairt uaidh – is é sin, prótalú a dhéanamh, nó gnó an aigéid a dhéanamh.

Úsáidtear aicéitiolaicéatón mar amhábhar i sintéis a lán drugaí agus substaintí eile a tháirgtear sa tionsclaíocht cheimiceach.

Ní féidir a rá gur nimh láidir a bheadh san aicéitiolaicéatón, ach greannaíonn sé na scamhóga agus na seicne múcasacha, agus mar sin, is substaint dhíobhálach é. Má fhanann tú nochta don aicéitiolaicéatón ar feadh tréimhsí fada, is féidir dó dochar a dhéanamh do do chuid néaróg fosta.

aicme speictreach (an aicme speictreach, na haicme speictrí, na haicmí speictreacha, na n-aicmí speictreacha) – Catagóir í an aicme speictreach a úsáideas na réalteolaithe leis na réaltaí a rangú. Is é córas Harvard an t-aicmiú is coitianta, agus is iad na haicmí atá ann ná O, B, A, F, G, K, M, L, T, agus Y – le cuimhne a choinneáil ar na litreacha seo, is gnách an abairt Bhéarla ”oh, be a fine girl, kiss me, love you too” a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Tugtar ”aicmí speictreacha” ar na haicmí seo, nó is féidir leis na réalteolaithe a lán a aithint ar speictream an réalta – ar na dathanna ina cuid solais. Is iad na réaltaí gorma nó bánghorma (O, B, A) na réaltaí is teo, agus is iad is sciobtha a spíonfas a gcuid hidrigine. Réaltaí bána iad na réaltaí F-aicme. Tá an Ghrian seo againn le fáil san aicme G, in éineacht leis na réaltaí bánbhuí eile. Réaltaí flannbhuí iad na réaltaí K. Maidir leis na haicmí is fuaire amuigh, is abhacréaltaí dearga (M), donndearga (L) nó donna (T) iad: tá siad ag dul chun dorchadais de réir a chéile, go dtí go n-iompóidh siad ina n-abhacréaltaí dubha (Y).

Réaltaí O-aicme iad, mar shampla, Meissa, Alnitak agus Mintaka sa Bhodach.

Réaltaí B-aicme iad Bellatrix, Saiph, Alnilam agus Rigel sa Bhodach, Achernar san Abhainn, Regulus sa Leon, agus Spica sa Mhaighdean.

Réaltaí A-aicme iad Sirius sa Mhadra Mhór, Deneb san Eala, Altair san Iolar agus Vega sa Lir.

Réaltaí F-aicme iad an Réalta Pholach sa Bhéar Bheag, Canopus sa Chíle, agus Procyon sa Mhadra Bheag.

Mar a chonaic muid thuas, réalta G-aicme í an Ghrian. Réaltaí eile den chineál seo iad Tau Ceti sa Mhíol Mhór, Capella san Ara, agus Alpha Centauri A sa Cheinteár.

Réaltaí K-aicme iad Arcturus san Aoire agus Aldebaran sa Tarbh, ar fathachréaltaí iad, agus Alpha Centauri B sa Cheantár, ar réalta de chuid an phríomhsheichimh é.

Réaltaí M-aicme iad na hollfhathaigh Betelgeuse sa Bhodach agus Antares sa Scairp, an ”gnáthfhathach” Rasalgethi in Earcail, agus na habhacréaltaí Proxima Centauri sa Cheantár agus Réalta Barnard i bhFear na bPéisteanna.

aicrilinitríl (an aicrilinitríl, na haicrilinitríle) – Comhdhúil cheimiceach í an aicrilinitríl a bhfuil a móilín comhdhéanta as grúpa vinile CH2=CH- agus as grúpa nitríle nó ciainíde -CN – is é sin, CH2=CH-CN. Is í an aicrilinitríl an ceann is simplí de na nitrílí neamhsháithithe. Úsáidtear aicrilinitríl mar amhábhar do phlaistigh agus do shnáithíní saorga, nó is dual don aicrilinitríl polaiméirí a dhéanamh.

Leacht gan dath í an aicrilinitríl go bunúsach, ach is minic a bhíos eiseamail aicrilinitríle buí le truailleáin. Tá leáphointe na haicrilinitríle suite ceithre chéim is ceithre scór taobh thíos den nialas de réir Celsius (-84°C), agus an fiuchphointe seacht gcéim déag is trí scór os cionn an nialais (77°C).

Nimh í an aicrilinitríl, agus má chuirtear in aice le lasair oscailte í rachaidh sí trí thine. Dealraíonn sé go bhful priacal áirithe ailse ag baint léi chomh maith.

aidiabatach: Nuair atá próiseas ceimiceach nó fisiceach ag titim amach taobh istigh de chóras nach bhfuil ag ól teasa chuige óna thimpeallacht ná á thál uaidh, deirimid gur próiseas aidiabatach atá i gceist.

aidiaiteirmeach: Nuair atá próiseas ceimiceach nó fisiceach ag titim amach gan teas a ól chuige óna thimpeallacht, deirimid gur próiseas aidiaiteirmeach é. Ní próiseas aidiabatach é gach próiseas aidiaiteirmeach, ach is próiseas aidiaiteirmeach é gach próiseas aidiabatach.

aigéad (an t-aigéad, an aigéid; na haigéid, na haigéid) – Is éard atá i gceist leis an aigéad ná substaint atá in ann bun (comhdhúil alcaileach) a neodrú. Is ionann sin is a rá go bhfuil an t-aigéad in ann ian hidrigine, nó prótón, a thabhairt uaidh, prótón a nglacfaidh an bun leis, ós rud é go bhfuil leictreondís ag an mbun le haghaidh an phrótóin sin. Is féidir a rá gurb ionann aigéad agus deontóir prótóin, mar sin.

Tá an t-ian hidrigine an-eisceachtúil mar ian, nó má bhaintear an t-aon leictreon den adamh hidrigine, ní fhágfar ach an núicléas lom – an prótón lom, go bunúsach – ina bhfuil an lucht leictreach comhchruinnithe i réigiún i bhfad níos lú ná in aon ian eile. Mar sin ní dual don ian hidrigine maireachtáil i ngnáth-thimpeallacht cheimiceach gan iasacht na leictreondíse a fháil ó mhóilín éigin. Má thuaslagtar aigéad san uisce, is iad na móilíní uisce a dhéanfas gnó an bhuin agus a ghlacfas na prótóin ó na móilíní aigéid. Is é is toradh don phróiseas seo – prótalú, mar a thugtar air – ná ian ocsóiniam (nó ian hiodrocsóiniam), H3O+. Ní bun láidir é an t-uisce: d’fhéadfá a rá nach nglacann sé leis an bprótón ach faoi bhrú. Mar sin, is aigéad láidir é an t-ian ocsóiniam féin, nó b’fhearr leisean an prótón a thabhairt uaidh arís le hiompú ina ghnáthmhóilín uisce H2O.

De ghnáth, bíonn na haigéid in ann miotail a chreimeadh, nó cuireann an miotal ruaigeadh ar an hidrigin i móilín an aigéid le dul ina háit. Is é is toradh don imoibriúchán seo ná salann, is é sin, comhdhúil idir ian deimhneach an mhiotail agus an t-ian diúltach (an t-ainian) a fhágfar de mhóilín an aigéid nuair a imeos an hidrigin.

Mar sin, is ocsaídeoirí iad na haigéid, ó tá siad in ann miotail a chlaochlú – a ocsaídiú – go hiain dheimhneacha. Ní hionann sin is a rá go mbeadh gach aigéad in ann gach miotal a ocsaídiú. Na miotail atá níos uaisle ná an hidrigin – is é sin, na miotail a bhfuil póitéinseal leictreach a n-ocsaídithe níos airde ná póitéinseal céanna na hidrigine – ní féidir leis an aigéad is láidre amuigh iad a chreimeadh. Scéal eile ar fad go bhfuil aigéid láidire áirithe ina n-ocsaídeoirí beag beann ar a n-aigéadacht féin. Mar shampla, ní chreimeann an t-aigéad hidreaclórach HCl an t-airgead geal ar aon nós, nó cé gur aigéad láidir atá ann, ní ocsaídeoir láidir é. Scéal eile ar fad é an t-aigéad nítreach HNO3, nó is ocsaídeoir láidir ann féin é móilín an aigéid sin, i mbreis ar an aigéadacht. Sin é an fáth go bhfuil an t-aigéad nítreach in ann an t-airgead geal a chreimeadh.

aigéadacht (an aigéadacht, na haigéadachta): Tá aigéadacht an tuaslagáin – tuaslagán uisce is minice a bhíos i gceist againn – ag brath ar thiúchan an aigéid sa tuaslagán agus ar chomh láidir atá an t-aigéad sin. Is é an uimhir úd pH is tomhas d’aigéadacht an tuaslagáin uisce.

Amfailít nó comhdhúil aimfiteireach é an t-uisce, is é sin, is féidir leis gnó an aigéid agus an bhuin araon a dhéanamh, cé go bhfuil sé an-lag sa dá ról seo. Tá claonadh áirithe san uisce chun uathphrótalú, is é sin, imoibriú dhá mhóilín uisce, ceann acu ag déanamh ghnó an aigéid agus an ceann eile ina bhun:

2H2O -> H3O+ (ian ocsóiniam) + OH(ian hiodrocsaíde)

Nuair nach bhfuil aigéid ná bunanna ar bith tuaslagtha san uisce, is ionann tiúchan na n-ian ocsóiniam agus tiúchan na n-ian hiodrocsaíde, mar atá, 10-7 mol/l. Is éard is pH ann ná logartam deachúlach (deichbhunaithe) na tiúchana ocsóiniam ar fágadh an comhartha lúide ar lár de (mar sin, is frithlogartam é): is é sin, más ionann an tiúchan agus 10-7, is ionann an logartam agus -7, agus is ionann an pH agus 7. Tagairt é an litir p don fhocal Gearmáinise Potenz, is é sin ”cumhacht”, agus seasann an H do na hiain hidrigine, H+. Ní féidir teacht ar shaoriain hidrigine i dtuaslagáin uisce, nó ceanglófar de na móilíní uisce iad le hiain ocsóiniam a dhéanamh. Mar sin is féidir a rá gurb ionann tiúchan na n-ian hidrigine agus tiúchan na n-ian ocsóiniam san uisce.

Nuair a chuirfear aigéad láidir leis an uisce, rachaidh tiúchan na n-ian ocsóiniam i méadaíocht, agus na móilíní aigéid ag imoibriú leis na móilíní uisce – á bprótalú. Ansin rachaidh an pH féin i laghad. Má théann an pH i méadaíocht, beidh uimhir na n-ian ocsóiniam sa tuaslagán ag dul i laghad agus uimhir na n-ian hiodrocsaíde ag dul i méadaíocht. Mar sin, is iad na tuaslagáin bhunata na tuaslagáin is airde pH, agus is iad na tuaslagáin aigéadacha na tuaslagáin is ísle pH.

Má tá an t-aigéad réasúnta láidir agus an tiúchan réasúnta íseal, is féidir glacadh leis go bprótalaítear gach móilín aigéid agus gurb ionann tiúchan an aigéid féin agus tiúchan na n-ian ocsóiniam, agus ansin is furasta luach an pH a dhéanamh amach. Nuair a bhíos an tiúchan sách ard, áfach, bíonn difríochtaí suntasacha idir na haigéid éagsúla.

Is é an tomhas atá againn ar chumhacht an aigéid ná tairiseach díthiomsúcháin aigéid nó pKa. Le fírinne is é an Ka an fíorthairiseach, agus is frithlogartam é an pKa cosúil leis an pH féin. Is ionann Ka agus ([H][A+])/[HA], ina seasann:

  • [H] do thiúchan na n-ian hidrigine (nó ocsainiam)

  • [A+] do thiúchan na n-ian deimhneach a fhreagraíos don aigéad

  • [HA] do thiúchan na móilíní neamhphrótalaithe aigéid

Is é aonad na tiúchana seo ná mol/l, is é sin, mól in aghaidh an lítir.

aigéad adainileach (an t-aigéad adainileach, an aigéid adainiligh) nó aonfhosfáit adanóisín (an aonfhosfáit adanóisín, na haonfhosfáite adanóisín) – Is éard atá san aonfhosfáit adanóisín ná comhdhúil bhithcheimiceach den chineál ar a dtugtar núicléitíd, is é sin ceann de na monaiméirí a bhfuil na móilíní aigéid ribeanúicléasaigh agus dí-ocsairibeanúicléasaigh comhdhéanta astu – nasc amháin sa slabhra, mar a déarfá.

aigéad aicéiteach (an t-aigéad aicéiteach, an aigéid aicéitigh) – Is é an t-aigéad aicéiteach aigéad an fhínéagair. Toradh d’ocsaídiú an aicéataildéid é. CH3C(O)OH an fhoirmle cheimiceach. Ceann de na haigéid charbocsaileacha é, agus is aicéad réasúnta lag é. Tugtar aicéatáití ar shalainn an aigéid aicéitigh. Is iomaí úsáid a bhaintear as an aigéad seo sa tionsclaíocht cheimiceach, nó is amhábhar nó imoibreán tábhachtach é, agus ar ndóigh leasaítear bia le fínéagar.

aigéad aicéiteach oighreach (an t-aigéad aicéiteach oighreach, an aigéid aicéitigh oighrigh) – Is ionann aigéad aicéiteach oighreach agus glanaigéad aicéiteach, is é sin an t-aigéad féin seachas a chuid tuaslagán uisce. Is é is leáphointe don chomhdhúil seo ná 16.6 céim de réir Celsius, rud a chiallaíos go ndéanfaidh sé criostail atá cosúil le hoighear má chuirtear in áit scothfhuar é. Cé nach aigéad róláidir é an t-aigéad aicéiteach, baineann dainséar áirithe leis an aigéad aicéiteach oighreach, chomh maith le tuaslagáin láidire aigéid aicéitigh: d’fhágfadh sé cneá ar an gcraiceann mar shampla.

aigéad aicéitíolsalaicileach (an t-aigéad aicéitíolsalaicileach, an aigéid aicéitíolsalaicileach) – Aigéad orgánach é an t-aigéad aicéitíolsalaicileach ina bhfuil grúpa carbocsaileach -C(O)OH agus grúpa aicéatáite CH3C(O)O– nasctha de dhá adamh in aice a chéile i bhfáinne na beinséine. Cógas tábhachtach é a úsáidtear le maolú ar an bhfiabhras agus ar an tinneas cinn ach go háirithe, ach dealraíonn sé go bhfuil sé in ann taom croí agus ailse na bputóg is na tóna a chosc chomh maith.

aigéad aicrileach (an t-aigéad aicrileach, an aigéid aicriligh) – Is é an t-aigéad aicrileach an t-aigéad orgánach neamhsháithithe is simplí. Is í an fhoirmle cheimiceach a sheasas dó ná CH2=CH-C(O)OH. Aigéad scothláidir é – níos láidre ná an t-aigéad aicéiteach mar shampla – agus mar sin is féidir dó dochar agus damáiste a dhéanamh don chraiceann agus do na súile an dóigh a gcreimeann sé fíocháin. Le teocht an tseomra is leacht é an t-aigéad aicrileach agus boladh ar leith as. Tá sé sothuaslagtha san uisce. Úsáidtear mar amhábhar sa tionsclaíocht cheimiceach é.

aigéadalú (an t-aigéadalú, an aigéadalaithe) – Is éard is aigéadalú ann ná móilín a bheith ag titim as a chéile (á aigéadalú) toisc go bhfuil aigéad éigin ag dul i bhfeidhm air.

aigéad ascorbach (an t-aigéad ascorbach, an aigéid ascorbaigh). Is ionann é agus an vitimín C, go bunúsach. Is éard atá ann ná aigéad orgánach a bhfuil ról an fhrithocsaídeora aige i mbithcheimic an duine. Tá cuid mhór de na hainmhithe (an madra, cuir i gcás) in ann aigéad ascorbach a tháirgeadh mar a bheadh hormón ann, ach caithfidh an duine, na hápaí agus na moncaithe (mar shampla) a gcuid vitimín C a fháil leis an mbia.

Tugtar ascorbáití (ascorbáit, an ascorbáit, na hascorbáite, na hascorbáití, na n-ascorbáití) ar shalainn an aigéid ascorbaigh, agus ar ndóigh, is féidir le hascorbáit photaisiam nó le hascorbáit sóidiam gnó na vitimíne a dhéanamh chomh maith leis an aigéad féin.

aigéad aspartach (an t-aigéad aspartach, an aigéid aspartaigh) – Aimínaigéad é an t-aigéad aspartach, agus is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná HOC(O)CH(NH2)CH2C(O)OH. Tá aon fheidhmghrúpa aimíne amháin sa mhóilín, ach tá dhá fheidhmghrúpa carbocsaile -C(O)OH ann (scríobhaimid ceann acu mar HOC(O)- san fhoirmle thuas, ach is é an grúpa céanna é). Mar sin, aimínaigéad aigéadach atá ann – níl ach aon cheann den dá charbocsailghrúpa neodraithe ag an aimínghrúpa. Tá dhá eanantaiméir ag an aigéad aspartach, agus is í an L-eanantaiméir an ceann nádúrtha. Bloc tógála é an L-aigéad aspartach a theastaíos ó orgánach an duine le próitéiní a chur i dtoll le chéile, is é sin, is aimínaigéad próitéinigineach é. Is féidir leis an duine agus leis na mamaigh eile aigéad aspartach a shintéisiú mura bhfuil sé le fáil sa bhia, agus mar sin ní ceann de na haimínaigéid riachtanacha é.

aigéad beansóch (an t-aigéad beansóch, an aigéid bheansóch) – Is é an t-aigéad beansóch an ceann is simplí de na haigéid aramatacha ó thaobh an struchtúir de. Níl ann go bunúsach ach an fáinne aramatach agus an feidhmghrúpa carbocsaileach nasctha de. Mar sin is féidir an fhoirmle a thabhairt mar C6H5C(O)OH.

aigéad beinséinheicseacarbocsaileach (an t-aigéad beinséinheicseacarbocsaileach, an aigéid bheinséinheicseacarbocsailigh) nó aigéad meillíteach (an t-aigéad meillíteach, an aigéid mheillítigh) – mar is léir ón gcéad ainm acu, is é an struchtúr atá ag an aigéad seo ná go bhfuil fáinne aramatach ann agus carbocsailghrúpa greamaithe de gach adamh carbóin san fháinne sin: C6[C(O)OH]6. Meillít nó milchloch a thugtar ar shalann alúmanaim an aigéid seo atá ar fáil sa dúlra. Maidir leis an aigéad, is solad é le teocht an tseomra, agus é sothuaslagtha san uisce. Seasann sé a lán ceimiceán creimneach cosúil leis an aigéad nítreach agus leis an gclóirín, agus bíonn a chuid salann, na meillíteáití, chomh cobhsaí céanna. Creideann lucht na réalteolaíochta go mbíonn meillíteáití ar fáil sa spás, ar dhroim Mharsa mar shampla.

aigéad bórach (an t-aigéad bórach, an aigéid bhóraigh) – Ocsaigéad lag é an t-aigéad bórach H3BO3, agus é ar fáil sa dúlra mar mhianra (sasóilít). Solad é an t-aigéad bórach le teocht an tseomra, ach tá sé sothuaslagtha san uisce. Is gnách an tuaslagán a úsáid mar fhrithsheipteán le cneánna a ghlanadh. Nimh atá ann don duine, áfach: má shlogann tú oiread is deoir bheag aigéid bhóraigh, caithfidh tú fios a chur ar dhochtúir ar an toirt.

aigéad brómach (an t-aigéad brómach, an aigéid bhrómaigh) – Is é an t-aigéad brómach ocsaigéad an bhróimín chúigfhiúsaigh, is é sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an mbróimín san aigéad seo ná +5. Is í an fhoirmle atá ag an aigéad brómach ná HBrO3. Aigéad láidir é ach níl sé cobhsaí mar chomhdhúil: ní féidir é a aonrú, ná a thiúchan thar 50 % den tuaslagán. Ocsaídeoir láidir é freisin.

aigéad capróch (an t-aigéad capróch, an aigéid chapróch) nó aigéad heacsánóch – Is éard atá ann ná aigéad simplí orgánach a bhfuil sé adamh carbóin ann: CH3CH2CH2CH2CH2C(O)OH. Bíonn aigéad capróch ar fáil go nádúrtha i gcineálacha éagsúla geire nó saille, agus boladh míthaitneamhach as a chuirfeadh gabhar i gcuimhne duit. Úsáidtear aigéad capróch i ndéantús na mblasóirí agus na gcumhrán. Leacht é nach bhfuil ró-intuaslagtha san uisce.

aigéad cionnamach (an t-aigéad cionnamach, an aigéid chionnamaigh) – Aigéad orgánach aramatach é an t-aigéad cionnamach atá ar fáil sa chainéal. Is í an fhoirmle atá aige ná C6H5-CH=CH-C(O)OH. Solad bán é nach féidir mórán de a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear i ndéantús na mblastóirí agus na gcumhrán é.

aigéad clórach (an t-aigéad clórach, an aigéid chlóraigh) – Is é an t-aigéad clórach ocsaigéad an chlóirín chúigfhiúsaigh, is é sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín ann ná +5. Is í an fhoirmle cheimiceach ná HClO3. Aigéad láidir agus ocsaídeoir láidir é, ach ní féidir é a aonrú ná an tuaslagán a thiúchan mórán thar 30 %: is dual don aigéad chlórach díréiriú a dhéanamh i dtuaslagáin níos tibhe ná sin, is é sin ocsaídítear cuid den aigéad chlórach go haigéad sárchlórach HClO4, agus an chuid eile ag déanamh dí-ocsaídiú go comhdhúile is ísle uimhir ocsaídiúcháin, ar nós na dé-ocsaíde ClO2, nó fiú go clóirín mar dhúil, Cl2. Úsáidtear salainn an aigéid chlóraigh, na clóráití, mar ocsaídeoirí, i ndéantús tine ealaíne mar shampla.

aigéad eitiléindé-áimínteatraicéiteach (an t-aigéad eitiléindé-aimínteatraicéiteach, an aigéid eitiléindé-aimínteatraicéitigh) – Is gnách an giorrúchán Béarla, EDTA, a úsáid in áit an téarma seo, ach ós foclóir Gaeilge é seo, is fearr liom AEDT a thabhairt ar an tsubstaint. Ní mór an t-ainm a chur i dtoll le chéile céim ar chéim lena léiriú céard atá i gceist.

Ar dtús, tá eitéin nó eitiléin againn, is é sin CH2=CH2, agus nasc dúbailte idir an dá adamh carbóin, C. Ansin, má dhícheanglaímid ceann den dá nasc ansin, gheobhaidh muid eitiléinghrúpa -CH2-CH2-. Má chuirimid dhá aimínghrúpa leis, is éard a bheas againn ná eitiléindé-aimín NH2-CH2-CH2-NH2. Anois, áfach, rachaidh an scéal oiread eile chun castachta. Tá dhá adamh hidrigine i ngach aimínghrúpa. Samhlaigh duit anois go bhfuil ceithre mhóilín aigéid aicéitigh CH3C(O)OH againn. Bainfidh muid adamh hidrigine as gach móilín le ceithre adamhghrúpa -CH2C(O)OH a fháil. Ansin, cuirfidh muid na hadamhghrúpaí seo in áit na n-adamh hidrigine sna haimínghrúpaí, agus beidh AEDT againn: [HOC(O)CH2]2NCH2CH2N[CH2C(O)OH]2.

Solad é an tAEDT agus é sothuaslagtha san uisce. Deirtear gur liogann shédhéadach atá ann – is é sin tá sé ”fhiacail” (ceithre ghrúpa carbacsaile agus dhá ghrúpa aimíne) ann, agus iad go léir in ann imoibriú le substaintí eile. Go praiticiúil, is gnách go bhfaigheann na ”fiacla” go léir greim ar aon ian miotail amháin, ionas go bhfanfaidh sé leabaithe taobh istigh den mhóilín AEDT. Crágchoimpléasc a thugtar ar a leithéid, agus deirtear go bhfuil an t-ian miotail crágtha ag an AEDT. Mar sin, is oibreán crágtha é an tAEDT.

Is iomaí úsáid a bhaintear as an AEDT. Mar shampla, leigheasann sé nimhiú trom-mhiotail, ós féidir leis iain trom-mhiotail (ar nós mearcair nó luaidhe) a chrágadh. Níl sé féin saor ó dhochar, áfach, agus táthar buartha faoin AEDT mar thruailleán, chomh coitianta is a úsáidtear é.

aigéad hipeaclórúil (an t-aigéad hipeaclórúil, an aigéid hipeaclórúil) – Is é an t-aigéad hipeaclórúil (HClO an ghnáthfhoirmle, cé gurb é HOCl fíorstruchtúr an aigéid seo) an t-ocsaigéad is laige dá bhfuil ag an gclóirín. Hipeaclóirítí a thugtar ar na salainn. Ocsaídeoir láidir é an t-aigéad seo cé nach aigéad láidir é. Ní féidir an t-aigéad hipeaclórúil a aonrú, ach úsáidtear a thuaslagán uisce agus a chuid salann mar is gnách ocsaídeoirí láidre a úsáid – le baictéir a mharú ach go háirithe.

aigéad lachtach (an t-aigéad lachtach, an aigéid lachtaigh) – Aigéad carbocsaileach – is é sin, aigéad orgánach – atá ann, mar aigéad lachtach, agus ról tábhachtach aige i mbithcheimic an duine agus na n-ainmhithe. Is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná CH3CH(OH)C(O)OH. Mar sin, tá ceithre adamh nó adamhghrúpa éagsúla ag gobadh ón adamh carbóin is lár don mhóilín, mar atá, adamh hidrigine H, grúpa hiodrocsaile -OH, grúpa carbocsaile -C(O)OH agus grúpa meitile (CH3). Ós rud é nach bhfuil na hadamhghrúpaí agus an t-adamh hidrigine sin in aon leibhéal le chéile, is féidir dhá isiméir a aithint ag an aigéad lachtach ar scáilí scátháin dá chéile iad. Aithnítear na hisiméirí sin ar an dóigh a dtéann siad i bhfeidhm ar sholas polaraithe.

Go bunúsach, cineál tonnghluaiseacht atá i gceist leis an solas, agus is féidir an solas a pholarú, is é sin, gan ach an chuid den tsolas a fhágáil atá ag ascalú in aon leibhéal amháin. Úsáidtear an polarú i spéaclaí gréine, mar shampla. Má théann solas den chineál sin trí eiseamal aigéid lachtaigh nach bhfuil ach aon isiméir amháin ann, casfar leibhéal ascalaithe an tsolais ar dheis nó ar chlé, ag brath ar an isiméir atá ann.

Deirimid go bhfuil móilín an aigéid lachtaigh ciriúil agus tugaimid adamh neamhshiméadrach lárphointe ciriúil ar an adamh carbóin i lár an mhóilín. An dá isiméir ”scáthánacha” úd deirtear gur eanantaiméirí dá chéile iad.

Aigéad scothláidir é an t-aigéad lachtach, níos láidire ná an t-aigéad aicéiteach. Substaint thais-scópach é, is é sin, is dual dó uisce a ól chuige óna thimpeallacht. Leáfaidh an meascán raicéimeach as an dá chineál aigéad lachtach le teocht seacht gcéim déag Celsius, agus é sothuaslagtha ar fad san uisce. (Is éard is ciall le meascán raicéimeach ná meascán cothrom as an dá isiméir.) Má aonraítear ceann den dá eanantaiméir, áfach, ní leáfaidh sé ach le teocht trí chéim déag is dhá scór de réir Celsius.

aigéad lionoiléach (an t-aigéad lionoiléach, an aigéid lionoiléach) – Ceann de na haigéid shailleacha riachtanacha é an t-aigéad lionoiléach. Aigéad sailleach den chineál omega-3 atá ann, agus é ar fáil in ola lus na gréine, mar shampla. Is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná CH3CH2CH2CH2CH2CH=CHCH2CH=CHCH2CH2CH2CH2CH2CH2CH2C(O)OH – leis an struchtúr cruinn a tharraingt, caithfidh tú cuimhne a choinneáil air gur cis-isiméir dhúbailte atá i gceist, is é sin, go bhfuil an dá adamh hidrigine ar aon taobh den nasc dúbailte sa dá áit a bhfuil a leithéid de nasc. Aigéad sailleach il-neamhsháithithe (polai-neamhsháithithe) atá i gceist, ós rud é go bhfuil dhá nasc dúbailte sa slabhra carbóin (níos mó ná aon cheann amháin).

Teastaíonn aigéad lionoiléach ó orgánach an duine le haigéad aracadónach a dhéanamh. Is iomaí úsáid a bhaineas an tionsclaíocht cheimiceach as an aigéad lionoiléach chomh maith – i ndéantús vearnaisí, péinteanna ola, agus táirgí cosmaide, cuir i gcás.

aigéad líséirgeach (an t-aigéad líséirgeach, an aigéid líséirgigh) – Aigéad orgánach é an t-aigéad líséirgeach a fhaightear san arbhar atá truaillithe le heargót. Fungas é an t-eargót ar dual dó seagal agus a lán plandaí eile a chur ó mhaith. Díorthach de chuid an aigéid seo an druga ar a dtugtar LSD, is é sin, dé-eitiolaimíd an aigéid líséirgigh. Substaint shaorga shintéiseach í an dé-eitiolaimíd sin, ach tá a lán díorthach nádúrtha de chuid an aigéid líséirgigh ar fáil san arbhar truaillithe fosta, agus iad in ann siabhráin a spreagadh cosúil leis an dé-eitiolaimíd féin.

aigéad nítreach (an t-aigéad nítreach, an aigéid nítrigh) – Ceann de na ceimiceáin is tábhachtaí dá bhfuil ann an t-aigéad nítreach. Is í an fhoirmle atá aige ná HNO3, agus mar sin, is ocsaigéad é ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +5 ag an nítrigin. Aigéad thar a bheith láidir atá ann, ach thairis sin is scoth ocsaídeora é freisin agus é in ann imoibriú lena lán miotal lómhar atá díonach ar na haigéid, mar aigéid. Thig leis an aigéad nítreach an copar agus an t-airgead geal a chreimeadh agus a ocsaídiú, mar shampla. Má mheasctar aigéad hiodraclórach agus aigéad nítreach, gheofar aqua regia nó ”uisce an rí” agus é in ann an t-ór féin – ”rí na miotal” – a chreimeadh is a ocsaídiú.

Is oibreán láidir ceimiceach é an t-aigéad nítreach, agus mar sin bíonn priacail agus contúirtí ag baint leis. Is féidir leis an gcaolaigéad féin cneá a fhágáil ort gan trácht a dhéanamh ar an aigéad tiubhaithe.

Ní féidir an t-aigéad nítreach a thiúchan ach go 68 % trí dhriogadh, nó sin é an meascán aiseotrópach. Sin é an t-aigéad nítreach tiubhaithe a bhíos ar díol.

Níotráití (an níotráit, na níotráite; na níotráití, na níotráití) nó sailpítir (an sailpítear, an tsailpítir; na sailpítir, na sailpítear) a thugtar ar shalainn an aigéid nítrigh. Bíonn siad an-sothuaslagtha san uisce. Ocsaídeoirí láidire iad díreach cosúil leis an aigéad féin. Úsáidtear iad sna leasacháin agus sna pléascáin.

aimeiriciam (an t-aimeiriciam, an aimeiriciam) – Is é an t-aimeiriciam (Am) dúil cheimiceach uimhir a 95. Ceann de na hachtanóidigh é, agus mar sin is dúil radaighníomhach é nach bhfuil iseatóp cobhsaí ar bith aige. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá aige ná 243Am, agus é breis is seacht míle bliain ar leathré. Miotal geal insínte é an t-aimeiriciam glan ach má fhágtar i dteagmháil le hocsaigin an aeir é tiocfaidh smúit air go gasta. Is é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an ameiriciam ina chuid comhdhúl ceimiceach. Is féidir a lán staideanna ocsaídiúcháin eile a aithint aige, ó +2 go +7, ach bíonn ocsaídeoirí láidire cosúil leis an bhfluairín de dhíth leis na staideanna is airde a bhaint amach.

Úsáidtear aimeiriciam i mbrathadóirí deataigh, is é sin i ngléasanna aláraim thine. Is dual don aimeiriciam (241Am) alfa-cháithníní a astú, agus mar sin cruthaítear sruth cáithníní den chineál seo idir dhá leictreoid i seomra ianúcháin taobh istigh den ghléas aláraim. Má thagann cáithníní deataigh idir na leictreoidí coscfaidh siad sruth na n-alfa-cháithníní, rud a aithneos an gléas, toisc go bhfuil lucht leictreach ag na cáithníní.

aimhleisceas maighnéadach (an t-aimhleisceas maighnéadach, an aimhleiscis mhaighnéadaigh) – Is é an t-aimhleisceas maighnéadach an cháilíocht mhaighnéadach a chomhfhreagraíos don fhriotaíocht i gcúrsaí leictreachais. Is dual don tsruth leictreach an bealach is lú friotaíocht a roghnú, agus cosúil leis sin is dual do threolínte an réimse mhaighnéadaigh an bealach is lú aimhleisceas a roghnú.

Sainmhínítear an t-aimhleisceas maighnéadach mar fhórsa maighnéadghluaisneach agus é roinnte ar an bhflosc maighnéadach – is é sin, cóimheas an fhórsa mhaighnéadghluaisnigh agus an fhlosca mhaighnéadaigh. Is é aonad an aimhleiscis mhaighnéadaigh ná H-1, is é sin hanraí inbhéartach (1/H). Is é an hanraí (H) aonad an ionduchtais.

aimhrialtacht éalárnach (an aimhrialtacht éalárnach, na haimhrialtachta éalárnaí) – Ceann den trí chomhordanáid – de na ”haimhrialtachtaí” – atá de dhíth le háit an réid neamhaí a shocrú ar a fhithis, más fithis éilipseach í. Ní mór gur fithis den chineál atá ann ar a dtugtar ”fithis Kepler”, is é sin fithis an réid neamhaí mar a shainmhínigh an réalteolaí Johannes Kepler é.

Uillinn í an aimhrialtacht éalárnach go bunúsach. Seo an dóigh a bhfaighimid í:

  • Ar dtús caithfidh muid ais leathmhór na fithise a shocrú. Is í ais mhór na héilipse ná an trasghearradh is mó atá aici – líne a ritheas trí dhá fhócas na héilipse agus tríd an dá phointe is faide ón lárphointe. Is ionann an ais leathmhór agus leath na haise móire. (B’fhearr liomsa an leath-ais mhór a thabhairt uirthi, nó bheadh sé ní ba loighciúla, ach is fearr dom cloí leis an téarmaíocht oifigiúil.)

  • Ansin tá ciorcal cúnta de dhíth orainn. Is ionann é agus an ciorcal arb ionann a thrasghearradh agus ais mhór na héilipse, agus arb ionann a gha agus ais leathmhór na héilipse. Ar ndóigh, tá an ciorcal seo ag teagmháil leis an éilips sa dá phointe is faide ón lárphointe.

  • Ansin, tarraingeoidh muid líne díreach ón bpointe ar an bhfithis éilipseach atá i gceist againn. Caithfidh sé go bhfuil an líne seo agus an ais leathmhór ar uillinn nócha céim (dronuillinn) dá chéile.

  • Agus ansin, leanfaidh muid orainn ag tarraingt na líne dírí sin ón bpointe ar an bhfithis éilipseach go dtí go dtrasnóidh sí an ciorcal cúnta.

  • Tarraingeoidh muid líne dhíreach eile ón bpointe trasnaithe seo go dtí an lárphointe.

  • Is í an aimhrialtacht éalárnach an uillinn idir an líne nua seo agus an ais leathmhór.

aimhrialtacht eoraipiam (an aimhrialtacht eoraipiam, na haimhrialtachta eoraipiam) – Is é an t-eoraipiam (Eu) dúil cheimiceach uimhir a 64, agus ceann de na lantanóidigh atá ann. Cosúil leis na lantanóidigh eile, is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an eoraipiam ina chuid comhdhúl ceimiceach ná +3, ach thairis sin tá +2 coitianta go maith freisin. Tá tábhacht leis an dara huimhir ocsaídiúcháin seo sa gheolaíocht, nó is é is impleacht di go bhfuil an t-eoraipiam (Eu2+) in ann áit an chailciam (Ca2+) a ghlacadh i mianraí ar leith, sna plagacláis ach go háirithe. Ní tharlódh a leithéid do na lantanóidigh eile.

Deir na geolaithe go bhfuil aimhrialtacht dheimhneach eoraipiam ag an gcloch má tá breis eoraipiam inti, agus go bhfuil aimhrialtacht dhiúltach eoraipiam ag an gcloch má tá easpa eoraipiam inti. Is féidir leis na geolaithe conclúidí a bhaint as an aimhrialtacht eoraipiam i dtaobh an dóigh ar foirmíodh an chloch.

aimhrialtacht fhíor (an aimhrialtacht fhíor, na haimhrialtachta fíre) – Ceann den trí chomhordanáid – den trí ”aimhrialtacht” – atá de dhíth le háit an réid neamhaí ar a fhithis a shainiú, más fithis éilipseach í. Ní mór gur fithis den chineál atá ann ar a dtugtar ”fithis Kepler”, is é sin fithis an réid neamhaí mar a shainmhínigh an réalteolaí Johannes Kepler é. Uillinn í an aimhrialtacht fhíor. Má tharraingímid líne dhíreach ó áit an réid ar an bhfithis go fócas na héilipse, is í an aimhrialtacht fhíor an uillinn idir an líne seo agus an ais leathmhór.

aimíd (an aimíd, na haimíde; na haimídí, na n-aimídí) – Cuid de mhóilín a lán aigéad é an t-adamhghrúpa hiodrocsaile -OH. Má chuirtear an t-aimínghrúpa -NH2 ina áit, gheofar díorthach ar a dtugtar aimíd. Sampla maith í aimíd an aigéid aicéitigh CH3C(O)NH2 (cuir an fhoirmle seo i gcomparáid leis an aigéad aicéiteach féin, CH3C(O)OH) ach le fírinne bíonn aimídí an-choitianta: aimíd é an níolón, mar shampla, agus aimíd eile í dé-eitiolaimíd an aigéid líséirgigh, is é sin an druga úd LSD. Mar a thugas ainm na substainte sin le fios, tá eitiolghrúpaí (-CH2CH3) curtha in áit an dá adamh hidrigine san aimínghrúpa, ach is féidir aimíd a thabhairt ar an gcineál seo comhdhúil chomh maith.

ainhidríd (an ainhidríd, na hainhidríde; na hainhidrídí, na n-ainhidrídí): Comhdhúil cheimiceach a ghéillfeas comhdhúil áirithe eile nuair a imoibreos sí leis an uisce, is í ainhidríd na comhdhúile eile sin í. Mar shampla, is í an trí-ocsaíd shulfair SO3 ainhidríd an aigéid shulfaraigh H2SO4.

ainhidrít (an ainhidrít, na hainhidríte) – An cineál sulfáit chailciam nach bhfuil móilíní uisce ar fáil i struchtúr a cuid criostal tugtar ainhidrít uirthi. Mianra nádúrtha í ar dual di uisce a ól chuici agus gipseam a dhéanamh.

ainian (an t-ainian, an ainiain; na hainiain, na n-ainian) – Ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige. Má sháitear leictreoidí i dtuaslagán uisce a bhfuil substaint ianach ann, beidh na hainiain ag tarraingt ar an leictreoid dheimhneach, ar a dtugtar anóid.

airgeadairgead geal (an t-airgead [geal], an airgid [ghil]): Is éard atá san airgead, nó san airgead geal, ná ceann de na miotail trasdultacha, agus is iad na miotail atá in aon ghrúpa leis ná an copar agus an t-ór. Is é an giorrúchán a sheasas don airgead sna foirmlí ceimiceacha ná Ag, agus is é comhdhúil uimhir a 47 é i dtábla peiriadach na ndúl. Miotal geal insínte é an t-airgead, agus é níos fearr ná aon mhiotal eile ag iompar teasa agus leictreachais – deirtear gur seoltóir maith teasa agus leictreachais é. Baintear úsáid fhairsing as an airgead geal sa tseodóireacht, san fhiaclóireacht agus sa leictreonaic.

Creimfidh an t-aigéad nítreach airgead, agus is í an chomhdhúil a gheofar ar an dóigh sin ná an níotráit airgid. Baintear úsáid as an níotráit airgid sa díghalrú – is é sin, le baictéir a mharú. Mar shampla, is féidir tuaslagán uisce na níotráite airgid a chur i súile an linbh nuabheirthe, má chreidtear go bhfuil gónairith ar an máthair. (Galar gnéis é an gónairith ar féidir dó dochar tromchúiseach a dhéanamh do shúile an linbh.) Úsáidtear an níotráit airgid leis na hiain chlóiríde a aithint sna tuaslagáin uisce freisin. An chuid is mó de na clóirídí tá siad sothuaslagtha san uisce, ach is í an chlóiríd airgid an eisceacht mhór. Mar sin, nuair a chuirfear níotráit airgid i dtuaslagán clóiríde, rachaidh na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile ar an toirt, ionas go dtiocfaidh deascán bán sa choimeádán – an chlóiríd airgid nach bhfuil intuaslagtha san uisce.

airgeadmhéadracht (an airgeadmhéadracht, na hairgeadmhéadrachta): Cineál toirtmheascadh atá i gceist leis an airgeadmhéadracht – modh oibre a chuireas ar chumas na gceimiceoirí a aithint cé chomh saibhir agus atá an tuaslagán uisce sna hiain chlóiríde. Tá an chlóiríd airgid AgCl dothuaslagtha go hiomlán san uisce, agus mar sin, nuair a mheascfar níotráit airgid AgNO3 trí eiseamal de thuaslagán clóiríde, rachaidh na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile ina ndríodar clóiríde airgid. Ansin is féidir linn tiúchan na clóiríde san eiseamal a oibriú amach.

áiritheoir drithlíochta: Is éard atá i gceist leis an áiritheoir drithlíochta ná gléas a aithníos an radaighníomhaíocht agus é bunaithe ar úsáid na drithlíochta – na lonrachta. In áiritheoir den chineál seo tá ábhar ar leith ann a dtiocfaidh drithliú nó loinnir ann nuair a bhuailfeas radaíocht é. Is é is cúis leis an loinnir ná go n-ardaítear leictreoin sna hadaimh go leibhéal níos airde fuinnimh nuair a ghlacas siad caithnín nó candam radaíochta – is é sin, go bhfloscfar an leictreon. Nuair a thitfeas an leictreon ar a ghnáthleibhéal san adamh, is é sin nuair a dhífhloscfar é, caithfidh sé uaidh (astóidh sé) candam solais a aithneofar mar dhrithliú.

áiritheoir Geiger áiritheoir Geiger-Müller – Is gléas é áiritheoir Geiger a aithníos an radaighníomhaíocht, is é sin, na caithníní a bhíos ag teacht as ábhar radaighníomhach. Tá áiritheoir Geiger bunaithe ar fheadán Geiger, feadán a bhfuil gás támh cosúil le hargón ann. Ní dual don argón leictreachas a iompar, ach nuair a bhuailfeas caithnín radaíochta adamh argóin, scaoilfear saor le leictreon, ionas go n-ianófar an t-adamh. Ó tá lucht leictreach ag an leictreon, iompraíonn sé leictreachas, agus mar sin aithnítear an radaíocht ar sheoltacht leictreach an gháis.

Tá áiritheoir Geiger ar ceann de na hionstraimí is mó a úsáidtear leis an radaighníomhaíocht a thomhas, ach níl sé ar an ngléas is fearr amuigh. Mar shampla, ní aithníonn sé cineálacha éagsúla na radaíochta ianaithí thar a chéile. Tá bunsmaoineamh an áiritheora sách simplí, áfach, agus is féidir áiritheoirí radaíochta den tsaghas seo a tháirgiú go saor ar scála tionsclaíoch.

Fuair an gléas a ainm ó Hans Geiger agus Walther Müller, fisiceoirí Gearmánacha a chéadcheap é thiar sa bhliain 1928.

airmheán (an t-airmheán, an airmheáin; na hairmheáin, na n-airmheán): I dteanga na staististice tugtar airmheán ar an luach atá níos lú ná leath na luachanna san eiseamal, agus níos airde ná an leath eile.

airsín (an t-airsín, an airsín; na hairsíní, na n-airsíní) – Is éard atá san airsín ná comhdhúil na harsanaice agus na hidrigine. Tá trí adamh hidrigine agus adamh arsanaice amháin sa mhóilín, agus mar sin is í an fhoirmle atá ag an gcomhdhúil seo ná AsH3. Gás nimhe atá ann nach bhfuil cobhsaí ag teocht ard – is dual dó dianscaoileadh agus arsanaic agus hidrigin a dheanamh. Úsáidtear sa tionsclaíocht é le leathsheoltóirí a dhópáil le harsanaic – is é sin, le hiarsmaí arsanaice a mheascadh trí ghearmáiniam nó trí shileacan chun seoltacht an leathsheoltóra a mhionchoigeartú.

aischuradóir srutha dhírigh (an t-aischuradóir srutha dhírigh, an aischuradóra srutha dhírigh; na haischuradóirí srutha dhírigh, na n-aischuradóirí srutha dhírigh) – ciorcad leictreach a shocraíos bíoganna leictreacha ar uasmhéid nó íosmhéid áirithe voltais gan an difríocht voltais idir na buaiceanna a athrú.

aiseotrópacht (an aiseotrópacht, na haiseotrópachta) – Tugtar meascán aiseotrópach ar mheascán leachtanna nach féidir na comhchodanna ann a scaradh le chéile trí dhriogadh, ós rud é gurb ionann coibhneas na gcomhchodanna sa leacht agus sa ghal. Meascáin aiseotrópacha iad an t-aigead nítreach tiubhaithe (68 % aigead nítreach, 32 % uisce) agus an t-aigead sulfarach tiubhaithe (98 % aigead sulfarach, 2 % uisce). Má dhriogtar alcól (eatánól), sroichfidh sé aiseotrópacht nuair a bheas 96 % alcól agus 4 % uisce ann.

aisíditímidín (an t-aisíditímidín, an aisíditímidín) – Ba é an t-aisíditímidín (AZT) an chéad chógas a forbraíodh thiar sna hochtóidí leis an SEIF a leigheas. Tá sé in ann an chúl-trascrioptáis a chosc – einsím de chuid an víris easpa imdhíonachta daonna a stiúras trascríobh an ADN sa víreas. Go bunúsach ní ligeann an coscaire seo don VEID tuilleadh víreas den chineál chéanna a chlannú.

aispeist (an aispeist, na haispeiste) – Tugtar aispeist ar mhianraí áirithe sileacáite agus iad comhdhéanta as criostail shnáithíneacha. Bhíodh aispeist á húsáid go forleathan i dtógáil tithíochta mar dhíonadh ar thine, ar thormán, agus ar shruth leictreach, go dtí gur tháinig chun solais chomh dainséarach is atá sí do shláinte an duine. Ó na 195oidí ar aghaidh thosaigh na tíortha forbartha ag éirí as an aispéist, agus cuireadh diandlíthe i bhfeidhm ina haghaidh.

Is é carnadh na snáithíní sna scamhóga is cúis leis an bpriacal sláinte a ghabhas leis an aispeist. Aispeastóis (an aispeastóis, na haispeastóise) a thugtar ar an gcarnadh sin – cineál niúmaconóis í. Is féidir le snáithíní aispeiste na scamhóga a chur ó mhaith ar a lán bealaí, ailse na scamhóg go mór mór san áireamh.

alfa-cháithnín (an t-alfa-cháithnín, an alfa-cháithnín, na halfa-cháithníní, na n-alfa-cháithníní): Is éard atá i gceist leis an alfa-cháithnín ná cáithnín atá comhdhéanta as dhá phrótón agus dhá neodrón. Mar sin, is ionann an t-alfa-cháithnín agus núicléas an adaimh héiliam (is é sin, núicléis an iseatóip is coitianta, ar a dtugtar héiliam a ceathair, 4He). Féach alfa-radaíocht.

alfa-ghníomhach: An núiclíd a dtagann an t-alfa-mheath uirthi, ionas go n-astaíonn sí alfa-cháithnín, deir muid gur núiclíd alfa-ghníomhach í.

alfa-radaíocht (an alfa-radaíocht, na halfa-radaíochta) – Is éard is alfa-radaíocht ann ná an cineál is laige den radaighníomhacht. Tá an alfa-radaíocht comhdhéanta as alfa-cháithníní, agus is ionann an t-alfa-cháithnín, go bunúsach, agus núicléas héiliam den ghnáthchineál, is é sin, cnuas a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann. Ní bhíonn an radaíocht seo ródhainséarach don duine, nó is leor páipéar le hí a stopadh. Mar sin féin, is féidir don alfa-radaíocht féin dochar a dhéanamh don orgánach, má tá foinse na halfa-radaíochta suite taobh istigh den cholainn.

Na halfa-cháithníní cosmacha, is é sin na cinn a thagas isteach ón spás, bíonn fuinneamh mór fúthu, agus mar sin, tá siad i bhfad níos dainséaraí ná na halfa-cháithníní a astaítear as na núicléis radaighníomhacha.

Is é an t-alfa-mheath is cúis leis an alfa-radaíocht. Meath radaighníomhach atá ann a thagas ar na dúile troma radaighníomhacha, ar nós an úráiniam. Sin é an tuige go mbíonn boilgeoga beaga héiliam taobh istigh de na mianraí úráiniam.

Bíonn fuinneamh an alfa-cháithnín chomh híseal, dáiríre, is go bhfuair na fisiceoirí deacair a thuiscint, ar dtús, go bhféadfadh a leithéid éalú ó aon núicléas, nó bíonn na núicléis á gcoinneáil le chéile ag fórsaí láidire núicléacha, fórsaí ar chóir dóibh cáithnín chomh trom, chomh lagfhuinniúil sin a stopadh scun scan. Tá an cáithnín thíos i bpoll domhain, mar a déarfá, agus na fórsaí adamhacha ina mballaí ina thimpeall. Seo an tuiscint atá ag an bhfisic chlasaiceach. Má ghlactar leis an alfa-cháithnín mar thonn radaíochta, mar chineál splaince, áfach, is féidir leis, de réir dóchúlachta áirithe, ”tollánú” a dhéanamh tríd na ballaí – éalú as an ”log póitéinsiúil”, mar a thugtar air. Seo an tuiscint atá ag an bhfisic chandamach ar an alfa-mheath, agus ba mhór an dul chun cinn don fhisic é gur éirigh leis na saineolaithe an t-alfa-mheath a mhíniú go sásúil.

allatrópacht (an allatrópacht, na hallatrópachta) – Is éard atá i gceist leis an allatrópacht ná go mbíonn dúile áirithe ceimiceacha ar fáil ina bhfoirmeacha difriúla ó thaobh struchtúr na móilíní de. Cé gurb ionann iad na hadaimh, is féidir leo bheith ceangailte go difriúil. Tugtar allatróip (an t-allatróp, an allatróip, na hallatróip, na n-allatróp) ar fhoirmeacha allatrópacha na dúile céanna.

Samplaí den allatrópacht iad:

  • Allatróip an charbóin, is é sin, an diamant agus an ghraifít. (Allatróip shaorga iad na nanaifheadáin charbóin.)

  • Allatróip na hocsaigine, is é sin, an ghnáthocsaigin agus an t-ózón. Dhá adamh atá i móilín na gnáthocsaigine, agus trí cinn i móilín an ózóin.

  • Allatróip an fhosfair. Tá an dúrud acu ann, ach aithníonn an gnáthdhuine an fosfar geal agus an fosfar dearg, ach go háirithe.

  • Allatróip an stáin. Tá a leithéid de rud ann agus galar an stáin nó plá an stáin. Is é is brí leis sin ná an dóigh a gclaochlóidh an stán ó mhiotal geal go púdar neamh-mhiotalach má théann fuacht i bhfeidhm air. Allatróip éagsúla iad an dá chineál stán seo, agus an púdar níos cobhsaí ná an miotal le teocht íseal.

An Altóir (An Altóir, na hAltóra) – Réaltbhuíon bheag í an Altóir agus í le feiceáil i leathsféar theas na spéire, dingthe idir Triantán an Deiscirt agus an Scairp. Níl d’ainm ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo ach Alpha Arae (Ara an t-ainm Laidine atá ar an Altóir). Réalta de chuid an phríomhsheichimh í Alpha Arae, ach is réalta sách geal í – B-réalta de réir an chórais speictrigh. Mar sin, is réalta bhánghorm í, agus í ag comhleá a cuid hidrigine go héiliam go tiubh téirimeach. Tá Alpha Arae suite faoi dhá chéad is seachtó solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í naoi n-oiread níos troime ná an Ghrian.

alúmanam (an t-alúmanam, an alúmanaim) – Is é an t-alúmanam (Al) dúil cheimiceach uimhir a 13, agus é suite i dtríú príomhghrúpa an tábla pheiriadaigh faoi bhun an bhóróin agus os cionn an ghailliam. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná trí leictreon ar an tríú sceall, ochtréad iomlán ar an dara sceall, agus leictreondís amháin ar an sceall is cóngaraí don núicléas. Ina chuid comhdhúl, tugann an t-adamh alúmanaim uaidh an trí leictreon sin ar an sceall is faide amuigh, agus mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual don alúmanam ná +3.

Is é an t-alúmanam an miotal is coitianta i screamh an Domhain. Scéal eile, áfach, nach furasta é a aonrú as a chuid comhdhúl, agus níl sé le fáil mar mhiotal glan sa dúlra. Mar sin, níor éirigh leis na ceimiceoirí an miotal a tháirgeadh roimh an naoú haois déag (bhí an Danmhargach Hans Christian Ørsted ar an gcéad duine a bhí ábalta eiseamal alúmanaim a chur os comhair shúile an tsaoil mhóir), agus ar feadh i bhfad, bhí an t-alúmanam ní ba dhaoire ná an t-ór féin. Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, áfach, rith leis an Meiriceánach Charles Martin Hall agus leis an bhFrancach Paul Héroult báicsít (ocsaíd alúmanaim) a thuaslagan i gcrióilít leáite agus an meascán seo a leictrealú.

Inniu, tá an t-alúmanam ar ceann de na miotail is mó a úsáidtear sa tionsclaíocht. Mar is eol do chách, tá sé an-éadrom. Nuair a rachas an t-alúmanam i dteagmháil le hocsaigin an aeir, imoibreoidh sé léi, i gcruth is go dtiocfaidh brat ocsaíde ar an alúmanam a bhainfeas an loinnir de. Murab ionann agus meirg an iarainn, áfach, ní thitfidh an brat seo den alúmanam, a mhalairt ar fad: fanfaidh sé timpeall an mhiotail mar sciath chosanta. Deir an téarmaíocht go n-éighníomhaíonn an brat an t-alúmanam.

Maidir le comhdhúile an alúmanaim, tá a lán acu ar fáil sa dúlra, mar mhianraí. Samplaí iad na hiathchlocha, ar sileacáití alúmanaim iad; an bheiril, ar cioglaisileacáit alúmanaim agus beirilliam í; an chrióilít, ar fluairíd alúmanaim agus sóidiam í; cineálacha áirithe gairnéid, ar nós almaindín, ar sileacáit alúmanaim agus iarainn é, nó pioróp, ar sileacáit alúmanaim agus maignéisiam é; agus mianraí éagsúla ocsaíde alúmanaim. Ocsaíd alúmanaim atá sa bháicsít, arb í foinse thionsclaíoch an alúmanaim í. Corandam a thugtar ar an ocsaíd alúmanaim is ionghlaine dá bhfuil ar fáil sa dúlra, agus é ar ceann de na mianraí is crua dá bhfuil ann.

Níl dath ar bith sa ghlanchorandam. Fágann iarsmaí na ndúl eile dath sa chorandam, áfach, agus úsáidtear corandam daite sa tseoideoireacht. Tugtar rúibín ar an gcorandam dearg, agus é truaillithe le cróimiam. Saifír a thugtar ar an gcorandam a bhfuil dath éigin eile ann (gorm nó buí, go tipiciúil), agus iad truaillithe le dúile eile (iarann agus tiotáiniam).

amagdailin (an amagdailin, na hamagdailine) – Comhdhúil orgánach í an amagdailin atá le fáil sna halmóinní searbha. Nítríl atá inti, is é sin tá adamhghrúpa ciainíde i móilín na hamagdailine, agus murab ionann is a lán nítrílí eile is féidir leis an amagdailin imoibriú le heinsímí áirithe in orgánach an duine ionas go scaoiltear an chiainíd saor. Dá dheasca sin is nimh dhainséarach í an amagdailin.

Sna laethanta a bhí, bhíodh an amagdailin á díol mar chógas in aghaidh ailse, ach is é tuairim na saineolaithe inniu ná go bhfuil sí i bhfad rónimhiúil le haghaidh a leithéide. Dealraíonn sé freisin nach gcuireann sí isteach ná amach ar an ailse pé scéal é. Mar sin tá cosc uirthi ina lán tíortha.

amaláis (an amaláis, na hamaláise) – Einsím (catalaíoch nádúrtha) í an amaláis a chuireas luas faoi hiodralú an stáirse go siúcra. Tá amaláis le fáil, abair, i seile an duine.

amaloipsin (an amaloipsin, na hamaloipsin) – Einsím í an amaloipsin atá le fáil i bpaincréas an duine agus é ag cuidiú le hiodralú an stáirse go siúcra. D’fhéadfá amaláis an phaincréis a thabhairt uirthi freisin.

amalós (an t-amalós, an amalóis) – Cineál stáirse é go bunúsach an t-amalós. Tá sé comhdhéanta de mhóilíní móra polaiméireacha a bhfuil déanamh an héilics orthu.

amatól (an t-amatól, an amatóil) – Meascán as trínítreatolúéin (TNT) agus níotráit amóiniam (NH4NO3) é an t-amatól, agus ar ndóigh is ábhar pléascach é. D’úsáidtí sa dá chogadh domhanda é i bpléascáin mhíleata, agus bhíodh sé coitianta sa mhianadóireacht ina dhiaidh sin féin.

amfaból (an t-amfaból, an amfabóil, na hamfabóil, na n-amfaból) – Grúpa iomlán mianraí iad na hamfabóil. Sileacáití de chineál ar leith iad agus dath dorcha iontu de ghnáth. Bíonn iain mhaignéisiam agus iarainn sna hamfabóil agus ní mór iain hiodrocsaíde (OH), clóiríde (Cl) nó fluairíde (F) a bheith ann chomh maith. Is iad na hiain bhreise seo a dhealaíos na hamfabóil ó na pirixéiní.

amfailít (an amfailít, na hamfailíte, na hamfailítí, na n-amfailítí) – Is ionann amfailít agus substaint amfaiteireach nó amfaprótónach, is é sin, substaint ar féidir léi gnó an aigéid agus gnó an bhuin a dhéanamh: thig léi prótón (ian hidrigine) a thabhairt uaithi mar is dual don aigéad, ach san am chéanna tá leictreondís aici le hian hidrigine a cheapadh mar a dhéanas an bun. Amfailítí iad an t-uisce agus na haimínaigéid, mar shampla.

amfataimín (an t-amfataimín, an amfataimín, na hamfataimíní, na n-amfataimíní) – I gciall chúng an téarma is éard atá san amfataimín ná alfa-meitilfeineitiolaimín, C6H5CH2CH(CH3)NH2. Spreagthach láidir é – is é sin spreagann sé lárchóras na néaróg. Cuireann dáileoga beaga amfataimín le cumais chognaíochta an duine (cuimhne, céadfú), ach ón taobh eile de baineann priacail mhóra lena ró-úsáid (siabhráin, síocóis, strus ar an gcroí). An duine a bhíos ag tógáil amfataimín mar dhruga aineasa is dual dó andúil a chur ann; thairis sin is féidir leis tualangacht a fhorbairt, ionas nach dtéann an dáileog chéanna i bhfeidhm air mar a théadh roimhe sin.

amhaire (an t-amhaire, an amhaire, na hamhairí, na n-amhairí) – Is éard atá i gceist leis an amhaire ná callaire atá ceaptha le fuaimeanna ísealmhinicíochta a aithris.

amleathadh (an t-amleathadh, an amleata) – Deir teoiric na coibhneasachta (teoiric cháiliúil Einstein) go bhfuil imeacht an ama féin coibhneasach, is é sin, go bhfuil fad an ama ag brath ar na himthoscaí. Mar shampla, má fhanann leathchúpla amháin ar an Domhan agus leathchúpla eile ag taisteal an spáis, nuair a thiocfas an spásaire abhaile, beidh a dheartháir níos sine ná é féin, agus tréimhse níos faide ama imithe sa bhaile ná sa spásbhád (”paradacsa an chúpla”). Tugtar amleathadh ar an bhfeiniméan seo. Tá cineálacha éagsúla amleata ann, mar shampla:

  • Amleathadh de bharr an treoluais choibhneasta. Cuirimis i gcás go bhfuil dhá chóras againn nach bhfuil imtharraingt ar bith ag dul i bhfeidhm orthu, agus iad ag gluaiseacht – gach ceann acu ag dul a bhealach féin gan luas ná treo a athrú. Ansin is dóigh leo siúd atá ag brath ar cheann den dá chóras go bhfuil an t-am ag imeacht níos maille sa dá chóras eile.

  • Amleathadh de bharr na himtharraingthe. Bíonn an t-am ag imeacht níos maille in aice le rinn mhór throm neimhe ná i bhfad uaithi sa spás folamh.

amóinealú (an t-amóinealú, an amóinealaithe) – Imoibriú ceimiceach a bhfuil amóinia páirteach ann, agus a fhágfas an t-aimínghrúpa -NH2 in áit an hiodrocsailghrúpa -OH.

amóinia (an amóinia, na hamóinia) – Is í an amóinia an ceann is tábhachtaí de hidrídí na nítrigine. Is í foirmle cheimiceach na hamóinia ná NH3, agus mar sin tá trí adamh hidrigine agus adamh amháin nítrigine i ngach móilín amóinia. Tá an amóinia sothuaslagtha san uisce (an amóinia atá le ceannach i siopa an phoitigéara is tuaslagán uisce í), agus is bun scothláidir í. Nuair a imoibreos sí le huisce nó le haigéad, gheofar an t-ian amóiniam NH4+, agus é á iompar mar a bheadh ian miotail ann.

Gás nimhe í an amóinia, agus í ag oibriú go dona ar na scamhóga. Cosúil leis na gáis ghreannacha eile (clóirín mar shampla) spreagann sí éidéime na scamhóg, is é sin fágann sí na scamhóga lán uisce a thachtfas an t-othar. Tá boladh bréan so-aitheanta as an amóinia a chuirfeadh mún lofa i gcuimhne duit. Le fírinne tá amóinia le fáil i mún lofa, agus is í is cúis leis an dochar a dhéanas mún na muc (mar shampla) sa dúlra.

Amhábhar tábhachtach í an amóinia sa tionsclaíocht cheimiceach. Is féidir gás amóinia a chur trí thine san aer, ach is dual don dóiteán seo dul as mura bhfuil catalaíoch ar fáil, nó níl an lasair amóinia sách te leis an imoibriú a choinneáil ag imeacht. Is iad an nítrigin agus an t-uisce gnáth-thorthaí an dóiteáin seo. Is féidir amóinia a ocsaídiú go haigéad níotrach fosta, ach arís tá catalaíoch ar leith de dhíth.

amóiniam (an t-amóiniam, an amóiniam) – Is é an t-amóiniam an t-ian deimhneach is comhchuingeach don amóinia. Is í NH4+ an fhoirmle. Bíonn an t-ian seo ag dul le hiain dhiúltacha le comhdhúile ianacha a dhéanamh agus iad cosúil le salainn na miotal alcaileach: de ghnáth bíonn siad sothuaslagtha san uisce. Sa chiall leathan tugtar amóiniam ar iain ina bhfuil adamhghrúpaí orgánacha curtha in áit na n-adamh hidrigine sa ghnáthamóiniam.

amscála geolaíoch (an t-amscála geolaíoch, an amscála geolaíoch) – Amscála a thaispeánas na tréimhsí ama mar a fhreagraíos siad do shraitheanna éagsúla geolaíochta. Is iad na leibhéil éagsúla ama a aithníos an scála seo ná:

  • na haeóin: an t-aeón Haidéasach (4600-4030 milliún bliain ó shin), an t-aeón Aircéach (4030-2420 milliún bliain ó shin), an t-aeón Prótarasóch (2420-541 mhilliún bliain ó shin) agus an t-aeón Fanarasóch (ó dheireadh an aeóin Phrotarasóch go dtí an lá inniu). Is gnách na haeóin réamh-Fhanarasócha a cheangal in aon ollaeón Réamh-Chaimbriach amháin.

  • na réanna: an ré Phailéasóch (541-252 mhilliún bliain ó shin), an ré Mhéiseasóch (252-66 mhilliún bliain ó shin) agus an ré Chaenasóch (i ndiaidh na ré Méiseasóiche go dtí an lá inniu). Aithnítear réanna éagsúla sna haeóin réamh-Phanarasócha freisin.

  • na tréimhsí sa chiall chúng: an tréimhse Chaimbriach (tús na ré Pailéasóiche: 541-485 mhilliún bliain ó shin), an tréimhse Ordaivíseach (485-444 mhilliún bliain ó shin), an tréimhse Shiolúrach (444-419 milliún bliain ó shin), an tréimhse Dheavónach (419-359 milliún bliain ó shin), an tréimhse Charbónmhar (359-299 milliún bliain ó shin), an tréimhse Pheirmeach (299-252 mhilliún bliain ó shin), an tréimhse Thriasach (252-200 bliain ó shin), an tréimhse Iúrasach (200-145 mhilliún bliain ó shin), an tréimhse Chailceach (145-66 mhilliún bliain ó shin), an tréimhse Phailéigineach (66-23 mhilliún bliain ó shin), an tréimhse Nuaigineach (23-2.58 milliún bliain ó shin), agus an tréimhse Cheathartha (i ndiaidh na tréimhse Nuaiginí). Go dtí le déanaí, dhearctaí ar an bPailéigineach agus ar an Nuaigineach mar a bheadh aon tréimhse amháin ann, mar atá, an tréimhse Threasach.

  • na sealaid. Is fiú ainmneacha na sealad ó thús na tréimhse Pailéiginí ar aghaidh a fhoghlaim: an […]

anóid (an anóid, na hanóide; na hanóidí, na n-anóidí) – Is éard is anóid ann ná leictreoid atá faoi lucht leictreach deimhneach, ionas go bhfuil na hiain dhiúltacha (na hainiain) á n-aomadh (á dtarraingt) aici.

aonad réalteolaíoch (an t-aonad réalteolaíoch, an aonaid réalteolaíoch; na haonaid réalteolaíocha, na n-aonad réalteolaíoch) – Is é an t-aonad réalteolaíoch ná meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar (níos cruinne, céad daichead naoi milliún agus cúig chéad nócha ocht míle ciliméadar, nó 149,598,000 km).

aonocsaíd sulfair (an aonocsaíd sulfair, na haonocsaíde sulfair) – Ocsaíd éagobhsaí de chuid an tsulfair í an aonocsaíd sulfair SO nach mbíonn ar fáil ar an Domhan ach uaireanta, mar thoradh idirmheánach in imoibriúcháin cheimiceacha. Is dual dó démhéiriú go dé-ocsaíd déshulfair S2O2. Bhí na saineolaithe in ann a aithint, áfach, go mbíonn aonocsaíd sulfair ar fáil sa spás, go háirithe in atmaisféar Io. Ceann de ghealacha móra Iúpatair í Io.

apaigí (an t-apaigí, an apaigí) – Is é an t-apaigí an cianphointe ón Domhan. An tsatailít atá ag dul timpeall an Domhain – cibé cé acu an Ghealach nó satailít shaorga dhaondéanta atá i gceist – tá déanamh na héilipse ar a fithis, agus an Domhan suite i gceann de dhá fhócas na héilipse. Nuair atá an tsatailít ag an gceann is faide ón Domhan den éilipse sin, deirtear go bhfuil sí sa chianphointe, nó san apaigí.

apaihéilean (an t-apaihéilean, an apaihéilin) nó aiféilean (an t-aiféilean, an aiféilin) – Is é an t-apaihéilean nó an t-aiféilean (úsáidtear an dá leagan sa Ghaeilge) an cianphointe ón nGrian. An pláinéad, an t-astaróideach, an cóiméad nó an taiscéalaí saorga daondéanta atá ag dul timpeall na Gréine, tá déanamh na héilipse ar a fhithis, agus an Ghrian suite i gceann de dhá fhócas na héilipse.Nuair atá an tsatailít ag an gceann is faide ón nGrian den éilipse sin, deirtear go bhfuil sí sa chianphointe, san apaihéilean, nó san aiféilean.

apaitít (an apaitít, na hapaitíte) – Mianra fosfáite cailciam í an apaitít. Is í an fhoirmle a bhíonn ag an apaitít ná Ca10(PO4)6X2, agus ainiain éagsúla ag déanamh ról an X: OH (hiodrocsaíd), Br (bróimíd), F (fluairíd) nó Cl (clóiríd). Is í an apaitít céim a cúig ar scála cruais Mohs.

apalár (an t-apalár, an apaláir) nó apaipsis (an apaipsis, na hapaipsise) nó cianphointe (an cianphointe, an chianphointe) – Is é an t-apalár nó an apaipsis an cianphointe ar fhithis éilipseach, is é sin, an pointe is faide atá suite ón bpríomhach (an rinn neimhe a bhfuil an tsatailít ag dul ina timpeall). Tá dhá fhócas ag an éilipse, agus lár imtharraingte an chórais suite i gceann den dá fhócas. Nuair atá an tsatailít sa phointe is faide ón ”meáchanlár” sin, deirtear go bhfuil sí san apalár nó san apaipsis, nó sa chianphointe.

aqua regia – Frása Laidine é ”aqua regia” a chiallaíonn ”uisce ríoga”. Is éard atá ann ná meascán as aigéad nítreach agus aigéad hidreaclórach. Ní chreimeann ceachtar den dá aigéad ann féin an t-ór (”rí na miotal”), ach má mheasctar trí chéile iad, beidh siad in ann an t-ór a ocsaídiú go hiain teitreaclóróráite (III), AuCl4.

argantaiciainíd (an argantaiciainíd, na hargantaiciainíde) – Tugtar argantaiciainídí ar shubstaintí ina bhfuil an t-ainian úd Ag(CN)2 nó déchianargantáit (I) ceangailte de chaitian miotail éigin – argantaiciainíd sóidiam NaAg(CN)2 nó argantaiciainíd photaisiam KAg(CN)2 ach go háirithe. Úsáidtear argantaiciainídí sa phlátáil airgid, is é sin, le brat airgid ghil a chur ar réadanna éagsúla – ionstraimí ceoil, cuir i gcás.

argón (an t-argón, an argóin) – Is é an t-argón dúil cheimiceach uimhir a hocht déag, agus is é Ar an tsiombail cheimiceach a sheasas dó. Tá sé ar an triathghás is flúirsí in atmaisféar an Domhain. Ós triathghás é, tá ochtréad iomlán – ocht leictreon – ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus mar sin, níl sé araiciseach chun imoibriú le dúile eile. Is féidir comhdhúile argóin agus fluairín a tháirgeadh, ach ní bhíonn na comhdhúile sin cobhsaí ach amháin le teocht an-íseal.

Úsáidtear argón nuair a bhíos gás támh de dhíth. An cineál substaintí a bhíos ró-araiciseach chun imoibriú le hocsaigin an aeir, is féidir iad a chur ar stóras in atmaisféar argóin. Thairis sin, is féidir argón a úsáid sna feadáin ghás-díluchtúcháin agus sa ghléasra léasair le solas a dhéanamh a bhfuil dath ar leith ann – gorm nó uaine, go bunúsach.

astaitín (an t-astaitín, an astaitín) – Is é an t-astaitín dúil cheimiceach uimhir a 85, agus is é At an tsiombail a sheasas don dúil seo sna foirmlí ceimiceacha. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an astaitín, agus iad féin chomh héagobhsaí is nach féidir mórán taighde a dhéanamh ar an dúil seo. Is é an t-iseatóp is cobhsaí ná 210At, agus é féin gan ach ocht n-uaire an chloig ar leathré. Ní féidir eiseamal astaitín a dhéanamh a bheadh infheicthe gan dul i dtuilleamaí micreascóip, nó bheadh a leithéid galaithe ar an toirt ag teas a radaighníomhaíochta féin. Tá an t-astaitín suite i ngrúpa na halaiginí taobh thíos den iaidín, agus mar sin, is féidir glacadh leis go bhfuil sé cosúil leis an iaidín ó thaobh na ceimice de.

astaróideach (an t-astaróideach, an astaróidigh; na hastaróidigh, na n-astaróideach) – is ionann é an t-astaróideach agus an mionphláinéad, is é sin, rinn neimhe atá ag dul timpeall na Gréine agus í níos lú ná na fíorphláinéid. Sa ghnáthchaint is gnách glacadh leis gur astaróidigh iad na mionphláinéid taobh istigh d’fhithis Iúpatair, go háirithe iad siúd atá suite i gcrios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar. Thairis sin, tá dhá ghrúpa astaróideach ag tionlacan Iúpatair féin – na Gréagaigh agus na Traígh; grúpa eile fós iad na hastaróidigh neas-Domhain.

astraláib (an astraláib, na hastraláibe; na hastraláibí, na n-astraláibí) – Is éard atá i gceist leis an astraláib ná cineál claonmhéadar a úsáidtear le háit na reann neimhe ar an spéir a aithint agus a chur i gcomparáid le chéile. Ionstraim sheanársa í an astraláib a bhí in úsáid ag na sean-Ghréigigh féin; ba nós leis na Muslamaigh astraláibí maisithe cuidsúlacha a dhéanamh i ré órga an Ioslaim. Bhíodh a ndéanamh féin ar an astraláib ag na mairnéalaigh, agus forbairt uirthi is ea an seachtamhán.

Balla Mór (an Balla Mór, an Bhalla Mhóir) – Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:

  • Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.

  • Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfundúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. (Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú.) Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.

bórón (an bórón, an bhóróin): Is é an bórón an dúil atá sa tábla pheiriadach os cionn an alúmanaim, dúil uimhir a cúig. B an tsiombail a sheasann don bhórón sna foirmlí ceimiceacha. Níl an bórón ar fáil sa dúlra ach i mianraí, agus le fírinne tá sé deacair go leor bórón a aonrú mar dhúil. Dealraíonn sé nár éirigh le haon duine bórón réasúnta glan a tháirgeadh ach san fhichiú haois, ach mar sin féin, ba léir do na saineolaithe i bhfad roimhe sin gur dúil ar leith a bhí ann.

Tá an glanbhórón an-chrua, agus is é a leáphointe ná 2080 (dhá mhíle agus ceithre scór) céim Celsius. Tá ceithre allatróp difriúla ag an mbórón, is é sin, ceithre struchtúr difriúla criostalacha, cosúil leis an dóigh a bhfuil dhá allatróp (diamant agus graifít) ag an gcarbón. Is é an béite-bhórón an t-allatróp is cobhsaí le teocht an tseomra agus faoin ngnáthbhrú. Níl mórán difríochta idir na hallatróip éagsúla ó thaobh an dlúis de, nó tá siad go léir timpeall ar dhá ghrám go leith in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh. Criostail chrua dhubha a bhíos ann.

Tá dhá leictreon ar an sceall is cóngaraí don núicléas, agus trí leictreon ar an dara sceall. Mar sin, ní féidir leis an mbórón ochtréad iomlán a fháil ar an dara sceall ina chuid comhdhúl. Is í an ghnáth-uimhir ocsaídiúcháin ná +3, agus an t-adamh bóróin ceangailte de na hadaimh eile le naisc chomhfhiúsacha.

Is é an t-aigéad bórach (aigéad bórach, aigéid bhóraigh) an chomhdhúil is tábhachtaí dá bhfuil ag an mbórón. Is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná H3BO3, agus is aigéad lag é. Solad bán atá ann, agus é intuaslagtha san uisce. Baintear úsáid as mar fhrithsheipteán (is é sin, leis na baictéir a mharú), mar fheithidicíd (feithidnimh), mar leasaitheach seithe agus i ndéantús snáithínghloine. Is amhábhar tábhachtach é an t-aigéad bórach sa tionsclaíocht cheimiceach freisin.

Is é an bórás an mianra bóráin is aithnidiúla. Is éard atá ann ná teitreabhóráit an tsóidiam Na2B4O7, agus ceithre mhóilín uisce sa chriostal in aghaidh an aonaid fhoirmle. Baintear éagsúlacht úsáide as an mbórás (sa mhiotalóireacht, sa chosmaid, sa ghloiniú, sa ghlónrú, sa chruanadóireacht agus araile), agus is foinse thábhachtach bóróin é.

Is iad na bóráin, nó na hidrídí bóróin, na comhdhúile is suimiúla dá bhfuil ag an mbórón. Mar a deir an dara hainm – na hidridí bóróin – is éard atá iontu ná comhdhúile hidrigine agus bóróin. Comhdhúile leictreonuireasacha iad, is é sin, ní bhíonn a ndóthain leictreon acu leis na móilíní a choinneáil le chéile, de réir na tuisceana traidisiúnta a bhí ag na saineolaithe ar an nasc ceimiceach. Mar sin, bhí teoiricí agus tuiscintí nua de dhíth leis na naisc idir an bórón agus an hidrigin sna comhdhúile seo a mhíniú. I nasc comhfhiúsach den ghnáthchineál, tá leictreondís amháin ann agus í roinnte idir dhá adamh, ach sna bóráin, bíonn dhá leictreon roinnte idir trí adamh, go minic. Díol mór suime agus ábhar tábhachtach taighde iad na bóráin ag na ceimiceoirí i gcónaí.

breacsholas (an breacsholas, an bhreacsholais): Is é an breacsholas an coincheap réalteolaíoch a fhreagraíos don chlapsholas sa ghnáthchaint. Mar is eol do chách, ní thagann an dorchadas dubh go díreach i ndiaidh don ghrian dul faoi, ós rud é go mbíonn móilíní gáis an atmaisféir ag scaipeadh sholas na gréine.

Aithníonn na réalteolaithe cineálacha éagsúla breacsholais idir an lá geal agus an oíche dhubh dhorcha, mar atá:

  • an breacsholas oifigiúil. Le linn an bhreacsholais oifigiúil, tá lárphointe na Gréine níos lú ná sé chéim stua taobh thíos den léaslíne.

  • an muir-bhreacsholas, nó breacsholas an mhairnéalaigh. Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá lárphointe na Gréine 6-12 chéim stua taobh thíos den léaslíne. Nuair atá an cineál seo breacsholais ann, tá na réaltaí is gile le feiceáil, ach san am chéanna thig leis an mairnéalach amuigh ar an teisclinn mhór an léaslíne a fheiceáil i gcónaí, agus mar sin is féidir leis seiseamhán a úsáid le suíomh na loinge a aithint.

  • an bhreacsholas réalteolaíoch. Le linn an bhreacsholais réalteolaíoch, tá lárphointe na Gréine 12-18 gcéim stua taobh thíos den léaslíne. Tá an chuid is mó de na réaltaí le feiceáil, ach san am chéanna tá solas scaipthe na Gréine ag cur isteach ar na breathnuithe réalteolaíocha is mionchruinne.

Nuair atá lárphointe na Gréine suite 18 gcéim stua taobh thíos den léaslíne, tá sé chomh dorcha agus is féidir, a bheag nó a mhór, agus an breacsholas féin imithe. Ar ndóigh scéim shimplithe í an scéim thuas, nó go praiticiúil bíonn imeacht an tsolais agus teacht an dorchadais ag brath go mór mór ar an aimsir agus ar imthoscaí eile na huaire.

bróimín (an bróimín, an bhróimín) – Is é an bróimín dúil cheimiceach uimhir a 35, agus is é Br an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na halaiginí atá ann agus mar sin tá gaol aige leis an bhfluairín, leis an gclóirín agus leis an iaidín. Tá sé ina leacht ruadhearg le teocht an tseomra agus faoi bhrú an atmaisféir, ach san am chéanna is dual dó galú go héasca. Mar sin bíonn boladh láidir as an mbróimín, agus a ainm féin bunaithe ar fhocal Gréigise a chiallaíos ”drochbholadh”. Cosúil leis an gclóirín tá an bróimín féin iontach fonnmhar chun imoibriúcháin, agus mar sin greannaíonn gal an bhróimín na scamhóga go dona.

Ó thaobh na ceimice de tá an bróimín cosúil leis na halaiginí eile, is é sin, is é -1 an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta – ocsaídíonn an bróimín na dúile eile le haon leictreon amháin a fháil ar iasacht uathu agus ochtréad iomlán a bhaint amach ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an bróimíd hidrigine cosúil leis an gclóiríd hidrigine, is é sin gás atá inti agus é sothuaslagtha san uisce. Ar ndóigh is aigéad láidir é tuaslagán uisce na bróimíde hidrigine, cosúil leis an aigéad hidreaclórach. Bróimídí a thugtar ar shalainn an aigéid seo, agus iad sothuaslagtha san uisce amach ó chúpla eisceacht, ar nós na bróimíde airgid AgBr (díreach cosúil leis an gclóiríd airgid).

Brúnghluaisne (an Bhrúnghluaisne, na Brúnghluaisne) – Brúnghluaisne a thugtar ar an dóigh a n-athraíonn cáithníní beaga treo a ngluaiseachta agus iad á staidéar faoi mhicreascóp. Ba é an luibheolaí Albanach Robert Brown (Roibeard de Brún, más fearr leat an leagan sin) ba thúisce a d’aithin an ghluaisne seo thiar sa bhliain 1827 agus ba iad na gráinní pailine a bhí á mbreathnú aige. Go bunúsach is éard a chonaic sé go raibh na gráinní ag déanamh a mbealaigh tríd an uisce ach nach raibh sé féin in ann cúiseanna ná dlíthe na gluaiseachta sin a shainmhíniú. Mar a thuigtear inniu is iad na móilíní indibhidiúla uisce a bhíos ag bualadh faoin ngráinne pailne, agus is éard a chonaic an Brúnach ná na cora a chuireas na himbhuailte seo i mbealach an ghráinne. Cruthaíonn an Bhrúnghluaisne go bhfuil an damhna comhdhéanta as cáithníní neamhleanúnacha (adaimh nó móilíní), is é sin nach contanam é a d’fhéadfá a roinnt chomh mion agus is mian leat.

Búdachas (an Búdachas, an Bhúdachais) – Is córas creidimh (reiligiún) nó traidisiún spioradálta é an Búdachas a d’fhorbair sa Chian-Oirthear i ndiaidh bhás Siddhartha Gautama, bunaitheoir an reiligiúin, a mhair timpeall na bliana 500 roimh bhreith Chríost. Is é is brí leis an bhfocal Búda ná duine dúisithe, duine múscailte – is é sin, duine a fuair tuiscint cheart ar an saol – agus is é an rud a chreideas lucht leanúna an Bhúdachais gurbh é Siddhartha Gautama an chéad Bhúda, an chéad duine ar éirigh leis staid seo na hardtuisceana a bhaint amach.

Is gnách príomh-choincheapanna an Bhúdachais a ainmniú as Sanscrait nó as Pailis, nó is iad an tSanscrait agus an Phailis príomhtheangacha an traidisiúin, agus gaol réasúnta dlúth acu le chéile freisin. Eochairfhocal é karma, a chiallaíos ”gníomh, obair” sa tSanscrait. Creideann na Búdaithe go bhfuil tionchar ag gníomhartha suáilceacha agus duáilceacha an duine ar a chinniúint, ar a karma, agus go gcaithfidh sé deachú a chuid duáilcí agus drochghníomhartha a íoc ar an saol seo nó ar an gcéad saol eile i ndiaidh dó bás a fháil agus athbhreith a dhéanamh. (Cuid de traidisiún an Bhúdachais é an creideamh san athbhreith agus in ath-ionchollú an anama.) Cineál tomhsaire é an karma a thaispeánas, cá mhéad gníomhartha duáilceacha nó suáilceacha atá déanta ag an duine agus cén éiric a chaithfeas sé a íoc as na gníomhartha suáilceacha.

caitian (an caitian, an chaitiain; na caitiain, na gcaitian): Ian a bhfuil lucht leictreach deimhneach aige. Má sháitear leictreoidí i dtuaslagán uisce a bhfuil substaint ianach ann, beidh na caitiain ag tarraingt ar an leictreoid dhiúltach, ar a dtugtar catóid.

ceirneoir (an ceirneoir, an cheirneora; na ceirneoirí, na gceirneoirí): Is é an ceirneoir an duine – an láithreoir dioscó nó an craoltóir – a roghnaíos na popamhráin atá le seinm agus a dhéanas tráchtaireacht éigin idir dhá amhrán. ”Mútálaí ceirníní” a moladh mar théarma ar cheirneoir freisin, go greannmhar b’fhéidir. Inniu, ar ndóigh, ní bhíonn na ceirneoirí ag mútáil le ceirníní a thuilleadh, ó tháinig na dlúthdhioscaí agus na fuaimchomhaid ina n-áit.

ceirnín (an ceirnín, an cheirnín; na ceirníní, na gceirníní) – Is éard atá sa cheirnín ná meán stórála fuaime i gcruth an diosca a bhfuil eitre bhíseach ann. Is í an eitre seo iompróir na fuaime, agus teastaíonn seinnteoir ceirníní leis an bhfuaim a chloisteáil. Cuirfear an ceirnín ar chaschlár an tseinnteora, agus socrófar luas an chaschláir de réir an cheirnín (78, 45, nó 33 1/3 imrothlú sa nóiméad – is iad na ceirníní is sine is luaithe a chastar). Ansin, ísleofar an fhuaimlámh ar an gceirnín, ionas go bhfaighidh an tsnáthaid (an stíleas) ag ceann na fuaimláimhe greim ar an eitre. Ansin, beidh an tsnáthaid ag crith de réir na gcor san eitre. An gléas i gceann na fuaimláimhe a bhfuil an stíleas feistithe de, is é sin, an glacaire, – tiontóidh sé creathanna na snáthaide go comharthaí leictreacha. Is é an t-aimplitheoir a dhéanfas fuaim cheart de na comharthaí seo ansin.

Méan analógach é an ceirnín. Is é sin, tá atáirgeadh na fuaime ón gceirnín bunaithe ar ghluaiseacht leanúnach na snáthaide ar an eitre. Ón taobh eile de, is meán digiteach é an dlúthdhiosca. Is ionann sin is a rá go bhfuil an fhuaim ar an dlúthdhiosca mionghearrtha ina bíoga beaga neamhleanúnacha.

Bhí an-tábhacht leis an gceirnín mar mheán fuaime roimh na nóchaidí, ach d’imigh sin agus tháinig seo: tá na dlúthdhioscaí i bhfad níos coitianta ná na ceirníní inniu, cé nach bhfuil an ceirnín imithe go fóill.

As vinil is mó a fháisctear na ceirníní inniu, agus is minic a thugtar ”vinil” ar na ceirníní féin. Giorrúchán é d’fhíorainm an chineál seo plaistigh, is é sin, an chlóiríd pholaivinile, PVC.

clóiríd (an chlóiríd, na clóiríde, na clóirídí, na gclóirídí) – Tugtar clóirídí ar na comhdhúile ina bhfuil clóirín nasctha de dhúil nach bhfuil chomh leictridhiúltach leis an gclóirín – is ionann sin agus na dúile go léir ach amháin an ocsaigin agus an fluairín, ó tá an bheirt sin níos leictridhiúltaí ná an clóirín. Thar aon rud eile is clóirídí iad comhdhúile an chlóirín agus na miotal, nó tá siad comhdhéanta as iain dheimhneacha na miotal agus na hiain dhiúltacha chlóiríde. Is éard atá san ian clóiríde ná adamh clóirín a fuair leictreon amháin ar iasacht, ionas go bhfuil lucht leictreach diúltach aige, agus ochtréad iomlán ar an leictreonsceall is faide amuigh aige. Cosúil leis na halaiginí go léir tá seacht leictreon ar an leictreonsceall sin ag an gclóirín, agus an t-ochtú ceann ag teastáil go géar leis an ochtréad a bhaint amach.

clóiríd sóidiam (an chlóiríd sóidiam, na clóiríde sóidiam) – Is ionann an chlóiríd sóidiam agus an gnáthshalann a chuirtear leis an mbia. Ó thaobh na ceimice de, is éard atá ann ná comhdhúil dhénártha an tsóidiam agus an chlóirín. NaCl an fhoirmle cheimiceach. Tá sé comhdhéanta as iain sóidiam agus as iain chlóiríde, agus iad á gcoinneáil le chéile ag an nasc ianach. Is é sin, tá lucht leictreach deimhneach ag gach ian sóidiam, agus lucht leictreach diúltach ag gach ian clóiríde. Aomann an dá lucht leictreach sin a chéile, agus is é an t-aomachán a choinníos criostal na clóiríde sóidiam le chéile.

Bíonn na comhdhúile an-difriúil leis na dúile as a bhfuil siad comhdhéanta, agus ní eisceacht í an chlóiríd sóidiam. Is miotal alcaileach é an sóidiam agus é iontach araiciseach chun imoibriú leis na substaintí eile: mar shampla, má chuirtear i gcoimeádán uisce é, beidh lasair mhór ann agus an sóidiam ag imoibriú leis an uisce.

Ón taobh eile de, is halaigin í an clóirín, agus é an-imoibríoch freisin. Le teocht an tseomra is gás uaine nó buí é, agus é ag greannú na scamhóg.

An chomhdhúil a dhéanfas siad in éineacht, áfach, is solad criostalach é nach bhfuil dath an mhiotail ná dath buí an gháis ann, agus ní dual dó imoibriú leis na substaintí eile: nuair a chuaigh an dá dhúil le chéile fuair an fonn imoibriúcháin a shásamh. Is féidir leat an salann a thuaslagadh san uisce, ach ní imoibreoidh sé leis an uisce: má bhlaiseann tú an t-uisce sin aithneoidh tú go bhfuil an salann ann i gcónaí cé nach bhfuil sé le feiceáil; agus má ghalaíonn tú an t-uisce fágfar an salann ina dhiaidh sa choimeádán.

Tá dúile na bpríomhghrúpaí, ar nós an chlóirín agus an tsóidiam, ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach. Is é is ochtréad ann ná ocht leictreon a bheith ar an leictreonsceall is faide amuigh san adamh. Tá leictreon amháin ag an sóidiam ar an leictreonsceall is faide amuigh, agus ochtréad ar an dara leictreonsceall is faide amuigh. Ón taobh eile de, tá seacht leictreon ag an gclóirín ar an leictreonsceall is faide amuigh. Má thugann an t-adamh sóidiam an leictreon sin ar iasacht don adamh clóirín, beidh ochtréad ag an mbeirt acu – margadh iontach é, agus ní bhíonn sé éasca an chomhdhúil a bhriseadh agus na dúile a aonrú arís.

clóirín (an clóirín, an chlóirín): Is é an clóirín dúil cheimiceach uimhir a 17, agus é ar an dara halaigin is éadroime. Le teocht an tseomra is gás buí nó uaine é, agus é dainséarach don duine, nó oibríonn sé ar na scamhóga ionas go líonfaidh siad le huisce, agus sa deireadh tachtfaidh an t-uisce seo an duine a bhí faoi lé an chlóirín (tugtar éidéime na scamhóg ar an riocht seo). Má mheasctar oiread is aon chodán faoin gcéad (1 %) den chlóirín tríd an aer, nó níos lú fós, ní bheidh an duine i bhfad beo á análú, agus an clóirín ag greannú na scamhóg aige.

Baineann nimhiúlacht seo an chlóirín le chomh himoibríoch is atá sé. Mar is dual do na halaiginí tá seacht leictreon ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus leictreon breise ag teastáil uaidh leis an ochtréad a bhaint amach. Mar sin, is é -1 an staid ocsaídiúcháin is coitianta aige.

Gás nimhiúil é an chlóiríd hidrigine freisin, comhdhúil ina bhfuil nasc comhfhiúsach idir adamh hidrigine amháin agus adamh clóirín amháin. Aigéad láidir í má thuaslagtar san uisce é, agus tugtar aigéad hidreaclórach ar an tuaslagán. Is féidir comhdhúile ianacha an chlóirín leis na miotail, cosúil leis an gclóiríd sóidiam (an gnáthshalann), a chiallú mar shalainn de chuid an aigéid seo.

Má thuaslagtar an clóirín féin san uisce, gheofar meascán an aigéid hidreaclóraigh (HCl) agus an aigéid ar a dtugtar aigéad hipeaclórúil (HClO). Ní féidir aigéad hipeaclórúil a aonrú as an tuaslagán uisce. Is é an t-ocsaigéad is laige dá bhfuil ag an gclóirín, agus i móilín an aigéid seo tá adamh amháin clóirín, adamh amháin ocsaigine agus adamh amháin hidrigine. Nuair a thabharfas an móilín an t-ian hidrigine uaidh, gheofar an t-ian hipeaclóiríte, ian ina bhfuil adamh amháin ocsaigine agus adamh amháin clóirín, agus lucht leictreach diúltach ag an iomlán seo. Is féidir salainn an aigéid seo a aonrú, agus baintear leas astu sa teicneolaíocht mar ocsaídeoirí is mar thuarthóirí. Is í an staid ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín sna hipeaclóirítí agus san aigéad hipeaclórúil ná +1.

Ocsaigéad eile de chuid an chlóirín é an t-aigéad clórúil. Tá adamh amháin clóirín, dhá adamh ocsaigine agus adamh amháin hidrigine i móilín an aigéid seo (HClO2). Is ar éigean is féidir é a aonrú as an tuaslagán uisce, ach oiread leis an aigéad hipeaclórúil. Bíonn salainn an aigéid seo cobhsaí, áfach, agus baintear úsáid as an gclóirít sóidiam (salann sóidiam an aigéid chlórúil) mar ocsaídeoir. Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín sna comhdhúile seo ná +3.

Ó tá sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín, is féidir an t-aigéad clórach a lua freisin. Tá trí adamh ocsaigine, adamh amháin clóirín agus adamh amháin hidrigine i móilín an aigéid chlóraigh (HClO3), ach ní féidir é a aonrú as an tuaslagán uisce ach oiread leis na hocsaigéid thuasluaite. Is í an staid ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín san ocsaigéad seo ná +5, agus is féidir a struchtúr a chur i gcomparáid leis an aigéad nítreach. Ocsaídeoirí láidire iad salainn an aigéid seo, is é sin, na clóráití, agus úsáidtear an chlóráit sóidiam, mar shampla, sna pléascáin, mar ocsaídeoir agus mar dhíghalrán.

Is é an t-ocsaigéad is airde uimhir ocsaídiúcháin ná an t-aigéad sárchlórach. I móilín an aigéid seo tá ceithre adamh ocsaigine, adamh amháin clóirín, agus adamh amháin hidrigine (HClO4), agus tugtar sárchlóráití ar a chuid salann. Aigéad láidir agus ocsaídeoir láidir é, agus creimeann sé an chuid is mó de na miotail. Bíonn a chuid salann sothuaslagtha san uisce, agus baintear úsáid astu mar ocsaídeoirí. Is féidir aigéad sárchlórach a aonrú – is é sin, aigéad glan a tháirgeadh nach bhfuil deoir uisce ann – ach is substaint dhainséarach é an t-aigéad glan a bhfuil de chlaonadh ann pléascadh. Is í an staid ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín sna comhdhúile seo ná +7.

clóiríneacht (an chlóiríneacht, na clóiríneachta): Ceann d’airíonna an tsáile í an chlóiríneacht. Is ionann í agus meáchan an oiread clóirín (nó clóiríde) atá in aon chileagram sáile. Is gnách meáchan an chlóirín a áireamh de réir an oiread airgid ghil atá de dhíth leis an gclóirín sin a dheascadh (tabhair faoi deara go bhfuil an chlóiríd airgid dothuaslagtha san uisce, agus mar sin, má mheascann muid salann sothuaslagtha airgid tríd an sáile, go bhfaighidh muid deascán clóiríd airgid). Má tá an chlóiríd truaillithe le hiaidíd agus le bróimíd, ní féidir iad a aithint thar an gclóiríd leis an modh oibre seo, agus mar sin, glactar leo mar a bheadh clóiríd iontu – mar chuid de chlóiríneacht an tsáile.

clóiríniú (an clóiríniú, an chlóirínithe) nó clóiríniúchán (an clóiríniúchán, an chlóiríniúcháin) – Is éard is brí le clóiríniú ná imghlanadh an uisce le clóirín. Cosúil lena lán ocsaídeoirí eile tá an clóirín an-éifeachtúil ag marú frídíní (baictéir agus aiméibí) agus mar sin is féidir é a úsáid mar fhrithsheipteán. In áit an chlóirín féin, is minic a bhaintear leas as comhdhúile de chuid an chlóirín arb ocsaídeoirí láidire iad, go háirithe an hipeaclóirít sóidiam.

clóraform (an clóraform, an chlórafoirm), nó tríchlóraimeatán (an tríchlóraimeatán, an tríchlóraimeatáin) – Mar a léiríos an t-ainm córasach, is éard atá sa chlóraform ná hidreacarbón clóirínithe simplí ina bhfuil trí adamh clóirín agus aon adamh hidrigine amháin ceangailte d’aon adamh carbóin amháin. I laethanta luatha na máinliachta nua-aoisí ba nós leis na dochtúirí na hothair a chur chun suain (a ainéistéisiú) le clóraform, ach is féidir leis an tsubstaint seo taom croí (stad cairdiach) a tharraingt ar an othar, is é sin, an croí a stopadh go tobann. Mar sin, d’éirigh na dochtúirí as an gclóraform mar ainéistéiseach. Ina dhiaidh sin, bhaintí leas as sna cuisneoirí, ach ós dual don chlóraform, mar hidreacarbón hailiginithe, luas a chur faoi dhíscaoileadh an ózóin thuas san atmaisféar, táthar ag éirí as an úsáid seo chomh maith.

Táirgeann a lán cineálacha feamainne – leathach, rufa, míoránach, caisíneach, feamainn bhuí, glasán, feamainn choiréalach – clóraform go nádúrtha. Is dócha gur seachthoradh don fhótaisintéis é.

Má thagann clóraform i dteagmháil le hocsaigin agus é ar stóras, is dual dó claochlú go foisgéin, gás nimhe a d’úsáidtí mar arm ceimiceach sa Chéad Chogadh Domhanda.

clóráit (an chlóráit, na clóráite, na clóráití, na gclóráití) – Tugtar clóráití ar shalainn an aigéid chlóraigh HClO3. Níl an t-aigéad seo ar fáil mar shubstaint aonraithe, ach is féidir tuaslagán uisce dhá fhichead faoin gcéad a dhéanamh. Aigéad láidir é an t-aigéad clórach, agus ocsaídeoir láidir atá ann chomh maith. Ocsaídeoirí láidire iad na clóráití freisin, agus is féidir iad a úsáid i bpléascáin agus i dtine ealaíne, cosúil leis na níotráití. Bíonn siad cuíosach sothuaslagtha san uisce.

clóral (an clóral, an chlórail) – Aildéad é an clóral, nó an tríchlóireatanál, CCl3CHO. Is ionann an clóral agus an t-aicéataildéad CH3CHO, ach amháin go bhfuil an trí adamh hidrigine sa mheitilghrúpa CH3– malartaithe ar adaimh chlóirín. Is é ”eatanál” ainm córasach an aicéataildéid, agus mar sin, is é ”tríchlóireatanál” ainm córasach an chlórail.

Nuair a rachas aildéad RCHO i dteagmháil leis an uisce, is dual dó hiodráit aildéid a dhéanamh – is é sin, comhdhúil ina bhfuil dhá hiodrocsalghrúpa ceangailte d’aon adamh carbóin amháin, RCH(OH)2. De ghnáth, ní bhíonn a leithéid cobhsaí, agus ní féidir an hiodráit aildéid a aonrú gan é titim as a chéile go haildéad agus uisce arís. Scéal eile é áfach nuair atá malartaithe leictridhiúltacha – cosúil le hadaimh chlóirín – ceangailte den adamh carbóin in aice leis an aildéadghrúpa. Ansin, is féidir an hiodráit a aonrú. Mar sin, is comhdhúil réasúnta cobhsaí í an hiodráit chlórail CCl3CH(OH)2, agus sna laethanta a bhí, d’úsáidtí mar dhruga ainéistéiseach í. Bhí an-ráchairt ar an hiodráit chlórail ar feadh i bhfad, ach ó thosaigh na daoine ag cur andúile inti, fuair na húdaráis leighis ina lán tíortha riachtanach srianta a chur lena húsáid nó í a chosc scun scan.

cóbalt (an cóbalt, an chóbailt) – Is é an cóbalt (Co) dúil cheimiceach uimhir a 27. Tá sé suite idir an t-iarann agus an nicil i dtábla peiriadach na ndúl ceimiceach, agus é cosúil go maith leis na comharsana seo. Miotal crua liath lonrúil atá ann, agus cé go n-imoibríonn sé le hocsaigin an aeir, ní thagann meirg air mar a thagas ar an iarann. Má thagann brat ocsaíde ar an gcóbalt ní thitfidh sé ina scraitheanna mar a dhéanfadh meirg an iarainn, ach fanfaidh sé ina sciath chosanta idir an miotal agus an t-aer. Deirtear go n-éighníomhaítear an cóbalt, mar sin.

Bíonn traidhfilín beag cóbailt de dhíth ar an duine – deirtear gur riandúil é an cóbalt – toisc gur comhábhar tábhachtach é in einsímí áirithe. Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tipiciúla ná +2 agus +3. Úsáidtear an miotal féin i gcóimhiotail, go háirithe i gcóimhiotail sárfheidhmíochta a chaithfeas an-teocht a sheasamh – taobh istigh den scairdinneall mar shampla. Maidir leis na comhdhúile cóbailt, is iomaí cineál tairbhe a bhaintear astu. Úsáidtear an ocsaíd chóbailt sna ceallraí litiam-ianacha. A lán comhdhúl de chuid an chóbailt tagann siad isteach áisiúil i gcatalú na bpróiseas ocsaídiúcháin. Is dócha fosta gur chuala tú iomrá ar ghorm an chóbailt: tá dath gorm nó uaine i gcomhdhúile áirithe cóbailt, agus bíonn an-teacht aniar sa dath sin. Mar sin baintear leas as na comhdhúile seo mar ábhar datha (dathlí).

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an gcóbalt, mar atá, 59Co. Thairis sin tá iseatóip éagsúla radaighníomhacha aige, ach níl siad le fáil sa dúlra chomh héagobhsaí is a bhíos siad. Is é an raidiseatóp is fadsaolaí atá aige ná 60Co, agus é breis is cúig bliana ar leathré. Astaíonn sé gáma-radaíocht, agus úsáidtear mar fhoinse radaíochta é.

I mblianta an Chogaidh Fhuair bhí eagla ar a lán daoine roimh ”bhuama cóbailt”. Is éard a bhí i gceist acu ná buama adamhach agus é líneáilte le cóbalt. Nuair a mhadhmfaí an buama d’iompódh an cóbalt nádúrtha ina chóbalt radaighníomhach rud a chuirfeadh go mór mór leis an truailliú i ndiaidh na pléisce. Cineál ”buama salach” a bheadh ann mar sin. Is dealraitheach, áfach, nach raibh sa bhuama cóbailt riamh ach scéal uafáis, agus nár cuireadh oiread is aon bhuama amháin den chineál sin i dtoll le chéile riamh. Ba é an fisiceoir Leo Szilard ba thúisce a thrácht ar an mbuama cóbailt mar choincheap. Buaileadh Szilard breoite le hailse an lamhnáin roinnt bhlianta ina dhiaidh sin, agus leigheas na dochtúirí le radaíocht an chóbailt é, íorónta go leor.

codlaidín (an codlaidín, an chodlaidín) nó óipiam (an t-óipiam, an óipiam) – Tugtar codlaidín nó óipiam ar laitéis an phoipín óipiam, Papaver somniferum. Tá moirfín sa chodlaidín, chomh maith le cóidín agus alcalóidigh eile. Druga támhshuanach é an moirfín, agus is féidir leis na daoine andúil a chur ann. Sna laethanta a bhí, ba nós leis na handúiligh óipiam a chaitheamh sa phíopa le sult a bhaint as an támhshuan, ach inniu, is gnách le déantúsóirí na ndrugaí mídhleathacha an t-óipiam a phróiseáil go hearóin. Mar instealladh a ghlacas na handúiligh an hearóin. As an Afganastáin a thagas an chuid is mó de chodlaidín an domhain.

comhréir (an chomhréir, na comhréire) – Is í an chomhréir an chuid den ghramadach agus den teangeolaíocht a chardálas an dóigh a mbíonn na focail ag brath ar a chéile agus an t-ordú ar leith a bhíos orthu agus iad ag teacht sna sálaí ag a chéile. D’fhéadfá a rá gurb í an chraobh teangeolaíochta a dhéanas staidéar ar céard is dul nádúrtha cainte ann agus conas a bhíos na focail faoi réir a chéile. Tá a lán teoiricí éagsúla ann, áfach, a bhíos ag plé leis an gcomhréir.

Deirtear gurbh é an gramadóir Indiach, Panini, a bhí ina cheannródaí ag plé ceisteanna na comhréire sa tráchtas a scríobh sé faoi ghramadach na Sanscraite thiar sa cheathrú haois roimh bhreith Chríost. Teanga í an tSanscrait a bhfuair a cainteoir deireanach dúchais bás sular scríobhadh litríocht chlasaiceach na teanga, agus mar sin, nuair a bhí an cultúr Sanscraite faoi lán an tseoil, chaithfeadh na scríbhneoirí agus na léitheoirí araon í a fhoghlaim mar theanga iasachta. Dá réir sin, bhí áiseanna cruinne teagaisc de dhíth le go bhféadfaí an teanga a mhúineadh de réir a caighdeáin chlasaicigh. D’ainmnigh Panini a lán feiniméan sa ghramadach, idir mhorfeolaíocht agus chomhréir, roimh aon duine eile, agus úsáidtear téarmaí áirithe Sanscraite dá chuid i mbéarlagair na dteangeolaithe inniu féin.

Maidir leis na teoiricí nua-aoiseacha comhréire, is dócha gurb iad teoiricí Noam Chomsky – gramadach ghiniúnach na dtrasfhoirmithe, teoiric na réire is an cheangail, agus eile – is mó a bhíos i mbéal an phobail inniu. Tá an ghramadach ghiniúnach bunaithe ar an tuiscint nach bhfuil sa ráiteas i dteanga áirithe ach struchtúr éadomhain, agus go bhfuil gramadach uilechoitianta, struchtúr domhain, taobh thiar den struchtúr éadomhain. Mar sin, caithfidh an teangeolaí tuiscint a fháil ar an struchtúr domhain, ar an dóigh a mbraitheann na focail ar a chéile go fíor fírinneach, agus ansin, níl i gcomhréir teanga áirithe – comhréir na Gaeilge, cuir i gcás – ach na rialacha a cheadaíos dúinn an fíorstruchtúr sin – arb ionann é beag beann ar an teanga a labhraímid – a aistriú, nó a ”thrasfhoirmiú”, go Gaeilge. Is é is impleacht dó seo ná gurb ionann, cuir i gcás, an struchtúr domhain don Ghaeilge agus don Bhéarla (nó pé teanga eile is mian leat a lua).

Faigheann a lán teangeolaithe locht ar theoiricí Chomsky, agus iad den tuairim nach bhfuil siad úsáideach acu siúd a bhíos ag doiciméadú teangacha neamhfhorleathana a bhfuil a gcomhréir agus a ngramadach an-difriúil leis na teangacha Eorpacha. Is é a mbarúil siúd ná nach bhfuil gramadach ”uilechoitianta” Chomsky in aon chóngar don uilechoitiantacht i ndáiríre.

cróimiam (an cróimiam, an chróimiam) – Is é an cróimiam dúil cheimiceach uimhir fiche a ceathair. Cr an tsiombail cheimiceach. Miotal crua é ach tá sé insínte mar sin féin, agus úsáidtear an chuid is mó de leis an iarann a dhíonadh ar mheirg. Dealraíonn sé go bhfuil iarsmaí beaga cróimiam riachtanach leis an orgánach a choinneáil ag imeacht, ach go bunúsach, tá sé sábháilte a rá gur dochar is mó a dhéanas an cróimiam don duine.

Tá ainm an chróimiam bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”dath”. Tá a lán staideanna éagsúla ocsaídiúcháin ag an gcróimiam, agus dath láidir iontu. Bíonn an dath ag brath ar an staid ocsaídiúcháin: mar shampla, bíonn dath dubhuaine sna comhdhúile ina bhfuil an staid ocsaídiúcháin +III ag an gcróimiam – cróimiam trífhiúsach, mar a deirtear: úsáidtear ocsaíd thrífhiúsach an chróimiam (an tseisce-ocsaíd chróimiam Cr2O3) le dath uaine a chur sa ghloine; agus sna laethanta a bhí, dathlí bhuí a bhí in ocsaíd mheasctha an chróimiam dhéfhiúsaigh (+II) agus na luaidhe, PbCrO2. Ní úsáidtear an buí cróimiam seo a thuilleadh, áfach, nó tá sé rónimhiúil, ós rud é go bhfuil luaidhe ann.

An cineál cróimiam a bhíos de dhíth ar an duine, is é an cróimiam trífhiúsach é. Ní féidir le meitibileacht an duine staid ocsaídiúcháin an chróimiam a athrú, áfach: nimh atá sa chróimiam nuair nach bhfuil sé trífhiúsach, agus níl ródháileog an chróimiam thrífhiúsaigh sláintiúil don duine ach an oiread.

Tá a leithéid de chomhdhúil ann agus trí-ocsaíd chróimiam CrO3. Criostail dhúdhearga atá ann. Is í an staid ocsaídiúcháin atá ag an gcróimiam sa chomhdhúil seo ná +VI, agus má thuaslagtar san uisce í, gheofar tuaslagán aigéadach. An t-aigéad atá sa tuaslagán seo, is é an t-aigéad crómach é, ach ní féidir é a aonrú ón tuaslagán gan é titim as a chéile go huisce agus go trí-ocsaíd chróimiam arís. Is féidir salainn de chuid an aigéid chrómaigh (crómáití) a aonrú, agus tábhacht áirithe trádála ag baint leo, nó úsáidtear mar dhathlíonna agus i bplátáil chróimiam na miotal eile iad.

débhéascna (an débhéascna, na débhéascna) – Is éard atá i gceist leis an débhéascna ná dhá theanga a bheith á labhairt go coitianta ag an gcuid is mó de na daoine sa tsochaí chéanna, agus iad ag freastal ar riachtanais éagsúla. Is féidir go bhfuil gaol nó lúb ghaoil idir an dá theanga, nó nach bhfuil gaol ar bith acu le chéile.

Sampla den chéad chineál í an Araibis, nó tá an Araibis chaighdeánaithe bunaithe ar an gcanúint chaighdeánaithe a bhí á cleachtadh ag na filí Arabacha nuair a bhí an Fáidh Mahamad beo – is é sin, bhí blas na saorgachta is na fileatachta ar an teanga seo san am sin féin. Níl an saghas sin Araibise ag aon duine ó dhúchas, agus dá labhrófá sa tsráid í, bheadh na daoine marbh ag gáire fút.

Ní meafar amháin é seo, nó d’inis teangeolaí Éigipteach amháin go raibh sé ag iarraidh a iníon a thógáil le hAraibis Chlasaiceach, ach nuair a chuala na paisinéirí ar bhord an bhus é agus é ag labhairt na teanga clasaicí leis an bpuirtleog girsí, phléasc a ngáire orthu ar an toirt. Sa deireadh ní raibh de rogha aige ach éirí as an iarracht seo agus canúint na hÉigipte a labhairt lena chlann, ar nós gach uile dhuine sa tír. Na canúintí Araibise a bhíonn ag na daoine go nádúrtha, tá siad an-difriúil leis an teanga scríofa, agus bíonn sé iontach deacair ag na cainteoirí dúchais féin an Araibis liteartha a fhoghlaim go maith.

Sampla den dara cineál débhéascna í Poblacht Pharagua. Is í an Ghuaráinis caint na ndaoine i bParagua, agus is teanga bhundúchasach Mheiriceánach í. Is í teanga na scéilíní magaidh agus na seanfhocal í. Is í an Spáinnis teanga an oideachais agus an ardchultúir, áfach. D’inis bean Pharaguach dom gur le Spáinnis amháin a tógadh í, ó shíl a hathair gur teanga mhadrúil mhíchuibhiúil a bhí sa Ghuaráinis. Ina duine fásta di, áfach, is minic a thagadh uaigneas agus coimhthíos uirthi ina tír dhúchais féin, nó cé go raibh sí ina múinteoir i scoil scothaicme do na daoine saibhre, ba í an Ghuaráinis teanga an ghnáthchaidrimh i seomra scíthe na múinteoirí ansin féin, agus ise dall ar fad ar an teanga.

Bhí débhéascna i bhfeidhm ar feadh i bhfad sa Ghréig. Ba é an cineál Gréigise a bhí le léamh ar na nuachtáin agus ar na doiciméid oifigiúla ná an ghlan-Ghréigis nó katharevousa, teanga shaorga a bhí ag iarraidh gramadach agus stór focal na sean-Ghréigise a choinneáil beo. Bhí leagan caighdeánach de chaint na ndaoine ann freisin, Gréigis an phobail nó dhimotiki. Nuair a tháinig deireadh le rialtas míleata na gcoirnéal a bhí i gceannas ar an nGréig sna blianta 1967-1974, áfach, caitheadh an katharevousa i dtraipisí, agus ba í caint na ndaoine a fuair an lámh in uachtar i saol poiblí na tíre.

an Domhan (an Domhan, an Domhain) – Is é an Domhan an pláinéad is dúchas dúinn go léir, agus é ar an gceann is mó den chuid de na pláinéid nach gásfhathaigh iad inár ngrianchóras. Is é an tríú pláinéad is cóngaraí don Ghrian. Tá atmaisféar an Domhain comhdhéanta as nítrigin (78%), ocsaigin (21%) agus gáis eile, triathgháis ach go háirithe (is é an t-argón an triathghás is flúirsí san atmaisféar – 0.93 % den atmaisféar, argón atá ann). Tá an chuid is mó de dhromchla an Domhain clúdaithe ag na farraigí, ach tá ilchríocha móra ann freisin: an Eoráis, an dá Mheiriceá, an Afraic agus an Astráil.

Tá satailít nádúrtha amháin ag an Domhan, mar atá, an Ghealach. Tá an Ghealach ar ceann de na gealacha is mó sa Ghrianchóras: níl aon tsatailít eile sa Ghrianchóras chomh mór sin i gcoibhneas a príomhaigh, agus ní sháraíonn ach Ganymede, Callisto, Io agus Tíotán í ar trastomhas. (Gealacha de chuid Iúpatair iad an chéad trí cinn acu, agus is é Tíotán an tsatailít is mó atá ag Satarn.) Bíonn tionchar nach beag ag imtharraingt na Gealaí ar an Domhan, nó cuireann sí an taoide ag tuile is ag trá. Tógann sé beagáinín níos mó ná aon tsoicind amháin ar an solas teacht ón nGealach go dti an Domhan.

Ag trácht ar struchtúr inmheánach an Domhain dúinn, is gnách linn screamh, maintlín, agus croí a aithint.

Is éard atá i screamh an Domhain, go bunúsach, ná carraig – an cineál bruthcharraig bholcánach ar a dtugtar aindéisít. Is iad comhábhair thipiciúla na haindéisíte ná na plagacláis agus na pirixéiní. Is sileacáití alúmanaim iad na plagacláis agus cailciam nó sóidiam iontu freisin, agus is furasta iad a aithint ar an dóigh ar leith a mbristear iad. Is minic a chuireas dromchla eitrithe na cloiche plagacláis ceirnín den tseanchineál (ceirnín plaisteach ón tréimhse roimh na dlúthdhioscaí) i gcuimhne duit. Tugtar cúpláil pholaisintéiseach ar an struchtúr seo i mbéarlagair na n-eolaithe. Maidir leis na pirixéiní, is sileacáití iad freisin, nó meascáin as sileacáití agus alúmanáití, agus iad saibhir i maignéisiam agus in iarann. Bíonn comhdhéanamh ceimiceach na bpirixéiní an-éagsúil, áfach, toisc go bhfuil struchtúr cineál solúbtha iontu, ionas gur féidir le caitiain a lán miotal difriúil áit a fháil i gcriostail phirixéine.

Is é an Moho, nó dromchla neamhleanúnachais Mohorovičić, an teorainn idir an screamh agus an maintlín, arb é an chuid den Domhan faoin screamh é. Fuair an dromchla neamhleanúnachais seo a ainm ón ngeolaí Crótach Andrija Mohorovičić, a rinne taighde ar thonnta seismeacha, is é sin, na tonnta a iompraíos na talamhchreathanna, agus d’aithin sé go raibh dromchla ann a d’fhrithchaitheadh na tonnta seo – is é sin, dromchla nach ligeadh tríd iad.

Ritheann an Moho cúig chiliméadar déag is fiche faoin talamh tirim, ar meán, ach go praiticiúil bíonn sé an-éagsúil ag brath ar an áit agus ar stair gheolaíoch na háite. Faoi na farraigí móra, ní bhíonn screamh an Domhain ach cúig nó deich gciliméadar ar tiús.

Is iad an screamh agus uachtar an mhaintlín in éineacht an litisféar, nó sféar na cloiche. Tá litisféar an Domhain dealaithe ina bplátaí teicteonacha, agus bolcánas is talamhchreathanna coitianta san áit a bhfuil na plátaí ag cuimilt le chéile nó ag bualadh faoi chéile. Faoin litisféar atá an t-astanaisféar, nó sféar na laibhe, a bhfuil na plátaí teicteonacha ag snámh air. Tá an teorainn idir an litisféar agus an t-astanaisféar níos doimhne thíos ná an Moho, timpeall ar chéad nó dhá chéad ciliméadar, agus sroicheann an t-astanaisféar síos go doimhneacht seacht gcéad ciliméadar. Is í an tslaodacht a dhealaíos an t-astanaisféar ó na cisil taobh thuas agus taobh thíos de, agus iad i bhfad níos righne ná é.

Faoi bhun an astanaisféir atá íochtar an mhaintlín. Is é an comhdhéanamh an difríocht is suntasaí idir an dá chiseal seo. Peireadóitít is mó atá in uachtar an mhaintlín, is é sin, meascán as pirixéiní agus olaivín. Is éard atá san olaivín ná meascán as sileacáit mhaignéisiam agus sileacáit iarainn – ní dual don mhianra seo alúmanam a bheith ann.

Maidir leis an gcroí, creidtear go bhfuil sé comhdhéanta as iarann agus as nicil, rud is cúis le réimse maighnéadach an Domhain, mar is dóigh leis na heolaithe.

fithiseán (an fithiseán, an fhithiseáin; na fithiseáin, na bhfithiseán) – Is éard is fithiseán ann ná feidhm mhatamaiticiúil a thugas cur síos ar iompraíocht na leictreondíse timpeall an adaimh nó an mhóilín. Is féidir a rá, freisin, gurb é an fithiseán an rannóg den néal leictreoin a thugas ”lóistín” don leictreondís áirithe seo.

Is féidir áit gach leictreon san adamh a shainmhíniú leis na candamuimhreacha is dual dó. Deir an phríomh-chandamuimhir cén leictreonsceall ar a bhfuil an leictreon. Ar an gcandamuimhir asamatach a aithnítear an leibhéal fuinnimh (an ”fo-sceall”) ar a bhfuil an leictreon suite. Léiríonn an chandamuimhir mhaighnéadach, cé acu de na fithiseáin ar an leibhéal fuinnimh sin atá i gceist. Sa deireadh, sainíonn candamuimhir na guairne, cé acu den dá leictreon ar an bhfithiseán sin atá ann.

Fomalhaut – réalta phríomhsheichimh atá le feiceáil i réaltbhuíon Iasc an Deiscirt, agus í suite faoi chúig solasbhliana fichead dínn. Le fírinne is tríréalta í, ós rud é go bhfuil dhá réalta eile mar leathbhádóirí ag Fomalhaut, agus iad i bhfad níos fainne ná í. D’aithin na réalteolaithe sa bhliain 2008 pláinéad ag fithisiú Fomalhaut. Bhí an pláinéad seo ina chúis achrainn ar feadh tamaill, ach dealraíonn sé inniu go bhfuil sé ann i ndáiríre.

Chomh cóngarach is atá Fomalhaut, feictear dúinn go bhfuil sí ar an réalta is gile in Iasc an Deiscirt, cé nach fathachréalta í. Tá sí beagnach dhá oiread chomh mór leis an nGrian, is é sin ábhairín níos lú ná Sirius.

gásfhathach (an gásfhathach, an ghásfhathaigh; na gásfhathaigh, na ngásfhathach) – Tugtar gásfhathaigh ar an gceithre phláinéad is mó sa Ghrianchóras, is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas, agus Neiptiún. Glactar leis go bhfuil croí soladach ag na pláinéid seo, ach má tá féin, níl ann ach cloch bheag i gcomparáid leis an gcuid eile den phláinéad. An chuid is mó den phláinéad, is éard atá ann ná hidrigin, héiliam agus substaintí eile a bheadh ina ngáis le teocht an tseomra agus faoin ngnáth-aerbhrú ar an Domhan.

Is deacair a rá cá bhfuil ”dromchla” an ghásfhathaigh, ós rud é nach féidir an pláinéad féin a aithint thar a atmaisféar. Ní féidir mapaí a tharraingt de na gásfhathaigh, nó níl geograife ná geolaíocht acu, ach is féidir crioslaigh éagsúla aeráide a aithint orthu, chomh maith le feiniméin fhadsaolacha aimsire, cosúil leis an Spota Mór Dearg ar Iúpatar. Bíonn gaotha móra agus tornádónna millteanacha ag séideadh in atmaisféar na ngásfhathach, agus glactar leis gur tornádó den chineál sin atá sa Spota Mór Dearg féin.

Gearmáinis (an Ghearmáinis, na Gearmáinise) nó Gearmáiltis (an Ghearmáiltis, na Gearmáiltise; leagan Albanach é seo ach d’fheicfeá ag na seanscríbhneoirí Ultacha féin é) nó Almáinis (an Almáinis, na hAlmáinise; seo an leagan a bhí ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin mar shampla) – Ceann de na teangacha Gearmáinice (nó na teangacha Gearmánda) í an Ghearmáinis, agus í á labhairt sa Ghearmáin, san Ostair, san Eilvéis, i Lichtinstéin agus i Lucsamburg. Thairis sin, is féidir teacht ar mhionlaigh eitneacha i dtíortha eile a bhfuil Gearmáinis nó canúint ghaolmhar á labhairt acu san Fhrainc, san Iodáil, sa Danmhairg agus, fiú, in áiteanna san Oileán Úr féin. Ní raibh impireacht mhór choilíneachta ag na Gearmánaigh riamh, agus mar sin, ní dheachaigh an Ghearmáinis ar fud an domhain mar a chuaigh an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis agus an Phortaingéilis féin. Ón taobh eile de, glactar leis go coitianta gur ceann de theangacha móra cultúrtha na hEorpa agus an domhain í an Ghearmáinis, agus déantar staidéar agus saothrú éigin uirthi ar fud an domhain.

Tá canúintí Gearmáinice á labhairt i Lár na hEorpa ó Ré na nImircí Móra anuas, ar a laghad – ba iad na himircí seo, go bunúsach, a chuir deireadh le hImpireacht na Róimhe agus tús leis an Meánaois san Eoraip. As na canúintí seo a fáisceadh an Ghearmáinis agus an Ollainnis (an Ísiltíris) araon. Le fírinne, na canúintí a bhí á labhairt go traidisiúnta i dTuaisceart na Gearmáine (an Íseal-Ghearmáinis), bhí siad i bhfad níos cosúla leis an Ísiltíris ná leis an nGearmáinis sa chiall chúng (is é sin, an Ard-Ghearmáinis), nó ní dheachaigh an ”Dara Fuaimaistriú” i bhfeidhm ar an Íseal-Ghearmáinis.

Is é an ”Dara Fuaimaistriú” nó an ”Fuaimaistriú Gearmánach” (die zweite Lautverschiebungdie deutsche Lautverschiebung) a fhágas ”cuma na Gearmáinise” ar na focail. (Ba é an ”Chéad Fhuaimaistriú” nó an ”Fuaimaistriú Gearmáinice/Gearmánda” a dhealaigh na teangacha Gearmánda nó Gearmáinice ó na teangacha Ind-Eorpacha eile – sampla den Chéad Aistriú é go bhfuil f- san fhocal Béarla father nuair atá p- san fhocal Spáinnise padre.) Is é an Dara hAistriú is cúis le crobhaingí consan cosúil le Pf san fhocal Pfad (cosán – cf. path an Bhéarla) nó Z san fhocal Zahn (fiacail – cf. tönn na hÍoslainnise, tand na Sualainnise nó tooth an Bhéarla).

Tugann na Gearmánaigh féin Hochdeutsch, is é sin, an Ard-Ghearmáinis, ar an teanga chaighdeánach a chleachtas siad, toisc go bhfuil sí bunaithe ar na canúintí deisceartacha, ar a dtugtaí Ard-Ghearmáinis go traidisiúnta. Ní féidir a rá, áfach, go mbeadh an Ghearmáinis chaighdeánach róchosúil le haon chanúint ar leith. Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar, athair an Reifirméisin, a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu í, agus is léir go raibh an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé ar an mBíobla, ó rinne sé a dhícheall le teanga nádúrtha na cosmhuintire – caint na ndaoine – a aithris ina stíl féin. Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá-san, agus é ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcoimhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí Gemeines Deutsch nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag cleachtais na Seansailéireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.

Tá litríocht agus filíocht á scríobh sa teanga ó ré na Meánaoise i leith, ach is dócha gurb i ré an Sturm und Drang – ”ré na stoirme agus na sainte” – ba túisce a chuaigh litríocht na Nua-Ghearmáinise i bhfeidhm ar an Eoraip go léir. Go bunúsach, is éard a bhí i gceist leis an stoirm seo ná frithghníomh ar an réasúnachas a bhí san fhaisean roimhe sin, i ré na hEagnaíochta. Mar sin, chuir an Sturm und Drang béim ar na mothúcháin mhóra, ar an míréasúntacht.

Ba iad Johann Wolfgang von Goethe agus Friedrich Schiller scríbhneoirí móra na linne. D’éirigh siad as an Sturm und Drang, áfach, nó b’fhearr leo smaointí na gluaiseachta seo agus réasúnachas na hEagnaíochta a chomhleá. Mar sin, tugann lucht an léinn Weimarer Klassik nó Clasaiceachas Weimar ar an gcuid aibí de shaothar na scríbhneoirí seo. Chaith siad seal fada dá saol i Weimar, cathair réasúnta beag i gcroílár na Gearmáine a bhfuil clú an ardchultúir uirthi inniu, buíochas le Goethe agus Schiller.

Roimh laethanta Chlasaiceachas Weimar, bhí an Ghearmáinis go mór faoi chois ina tír dhúchais féin, ó b’fhearr leis na maithe is na móruaisle Fraincis a labhairt, agus lucht na gceard is na gcuallachtaí féin ag dul go dtí an Fhrainc ar lorg foghlama agus oiliúna. D’éirigh le Goethe, Schiller agus lucht a gcomhaimsire sracadh nua a chur i litríocht na Gearmáinise, agus mar sin, chuaigh a lán filí agus scríbhneoirí i mbun pinn sna sálaí acu.

I ndiaidh an Chlasaiceachais, ba é an Rómánsachas a tháinig ar an bhfód. Scríbhneoirí tábhachtacha Rómánsacha sa Ghearmáin ab ea na filí Novalis (fíorainm: Friedrich von Hardenberg) agus Ludwig Tieck, chomh maith leis an bprós-scríbhneoir E. T. A. Hoffmann (seasann na litreacha d’Ernst Theodor Amadeus). Cuid d’fhaisean liteartha na linne ab ea an tsuim a cuireadh i ndánta agus i scéalta na cosmhuintire. D’fhoilsigh Achim von Arnim agus Clemens Brentano Des Knaben Wunderhorn (”Corn Miorúilteach an Bhuachalla”), bailiúchán amhrán tíre, agus le ré an Rómánsachais a bhaineas díolaim síscéalta Jacob agus Wilhelm Grimm chomh maith. Taobh amuigh den Ghearmáin, is iad na scéalta seo is mó a shamhlaítear leo, ach thairis sin, rinne siad obair thábhachtach foclóiríochta agus gramadóireachta freisin. Scríbhneoir tábhachtach Rómánsach a bhí i mBettina von Arnim fós. Deirfiúr le Brentano a bhí inti agus í pósta ar Achim von Arnim. Gníomhaí sóisialta ab ea í agus í ag éileamh cothrom Féinne do na mná is do na Giúdaigh sa tsochaí.

Ba é Heinrich Heine an file deireanach Rómánsach agus an chéad fhile Réalaíoch. Scríobh sé a lán dánta Rómánsacha, ach san am chéanna, ba mhinic a d’aithneofá dearcadh íorónta ar an Rómánsachas ina chuid saothar. Is é an dán úd Lore-Ley an ceann is clúití leis i mbaile is i gcéin – an dán faoi bhean sí na Réine, Lore-Ley, agus í ag cur draíochta ar na bádóirí lena ceol. (D’aistrigh Proinsias Mac an Bheatha an dán seo go Gaeilge, fiú.) Sa Ghearmáin féin, áfach, is dócha gur mó meas an lucht léinn ar shaothar eile le Heine, ar nós Deutschland, ein Wintermärchen (”An Ghearmáin – scéal geimhridh”). Dán fada é a thugas cur síos cuimsitheach ar dhearcadh scoilte an údair ar Ghearmáin a linne: ó thaobh amháin de, bhí grá mór aige dá theanga dhúchais agus do chultúr a thíre, ach ón taobh eile de, bhí sé in umar an éadóchais ag an bpolaitíocht.

Sna blianta 1815-1848, is féidir dhá mhórshruth a aithint i litríocht na Gearmáinise, mar atá, an Biedermeier agus an Vormärz.

Ba í Comhdháil Vín sa bhliain 1815 a chuir deireadh leis an tréimhse réabhlóideach san Eoraip a thosaigh le Muirthéacht na Fraince, agus ansin, roghnaigh cuid de na scríbhneoirí Gearmánacha droimh láimhe a thabhairt leis an bpolaitíocht agus díriú ar áilleacht an nádúir agus ar théamaí neamhpholaitiúla eile. Tugtar Biedermeier ar an sruth seo. Ba iad Franz Grillparzer agus Adalbert Stifter scríbhneoirí móra an Biedermeier.

Maidir leis an Vormärz, is é is ciall leis an bhfocal féin ná ”an Réamh-Mhárta”, agus is é an Márta atá i gceist ná trioblóidí réabhlóideacha na bliana 1848 (”bliain mire na hEorpa” nó ”Earrach na Náisiún”). Sa Ghearmáin, is gnách ”réabhlóid an Mhárta” a thabhairt ar imeachtaí na bliana sin, ó thosaigh siad i mBeirlín i Mí an Mhárta 1848, agus mar sin, ba iad lucht an ”Réamh-Mhárta” iad siúd a bhí ag ullmhú an ”Mhárta” – na scríbhneoirí radacacha, mar shampla. Ba é an drámadóir Georg Büchner an scríbhneoir ba tábhachtaí de chuid an Vormärz.

I ndiaidh an Vormärz, tháinig an réalachas. Ba iad Gottfried Keller, Theodor Storm, agus Theodor Fontane ceannródaithe an réalachais. Eilvéiseach a bhí in Keller, agus b’as Tuaisceart na Gearmáine do Storm, ach mar sin féin bhí caidreamh maith acu le chéile, agus meas acu ar shaothar a chéile. Scríobhadh Storm gearrscéalta fada nó mionúrscéalta, ach ba é an mórúrscéal úd Der grüne Heinrich (”Annraoi Glas”) a thabhaigh a chlú do Keller, chomh maith leis na gearrscéalta sa chnuasach Die Leute von Seldwyla (”Muintir Seldwyla”). Maidir le Theodor Storm, is dócha gurb é an scéal Der Schimmelreiter (”An Marcach Sí”) an saothar is clúití dár tháinig óna pheann-san.

I dtús na fichiú haoise a thosaigh ré an nua-aoiseachais. Bhí Thomas Mann agus a dheartháir Heinrich ar scríbhneoirí móra na linne, chomh maith le Rainer Maria Rilke, Hermann Hesse, agus, ar ndóigh, Franz Kafka.

Ba é an mórúrscéal úd Buddenbrooks (”Muintir Buddenbrook”) a bhain amach clú, cáil, agus Duais Nobel do Thomas Mann. Tugann an t-úrscéal seo cur síos ar theaghlach lucht gnó i Lübeck a dtagann meath air de réir a chéile, agus sliocht sleachta na dtrádálaithe móra ag dul le ceol is le healaíontóireacht beag beann ar thoil na seanghlúine.

Mórúrscéal eile le Thomas Mann ón tréimhse seo é Der Zauberberg (”An Sliabh Draíochta”). Sa leabhar seo caitheann an scríbhneoir súil ar shruthanna intleachtúla nó cultúrtha na linne roimh an gCéad Chogadh Domhanda, ach tá an scéal suite i dteach téarnaimh na n-othar eitinne thuas i sléibhte na hEilvéise, in aice le Davos. Ní thiteann mórán amach sa leabhar amach ó chomhráite na n-othar, ach mar sin féin, is dual don úrscéal seo dul i bhfeidhm ar an léitheoir go domhain, nó tá carachtair dhodhearmadta ann, cosúil leis an daonlathach Iodálach Lodovico Settembrini, ionchollú an daonnachais nua-aimseartha, agus Naphta, an tÍosánach frithghníomhach nó fiú réamh-Fhaisisteach, a sheasas d’fhórsaí scriosacha an antoisceachais agus an dorchadais. (Ní mór cuimhne a choinneáil air gurbh as Tuaisceart na Gearmáine, as ríocht an Phrotastúnachais, do Thomas Mann, agus mar is dual don Phrotastúnach, ní raibh mórán measa aige ar Chumann Íosa.)

Maidir le Heinrich Mann, is dócha gurb é Professor Unrat (”An tOllamh Unrat” is brí leis sin, ar ndóigh, ach is deacair an t-imeartas focal i dteideal an leabhair a aistriú) an t-úrscéal is tábhachtaí dár tháinig óna pheann-san. Scannánaíodh an leabhar sin faoin teideal Der blaue Engel, nó ”An tAingeal Gorm”, agus ba í Marlene Dietrich féin a rinne páirt an phríomhcharachtair mhná. Múinteoir dian é an tOllamh Unrat, agus cnagaois aige cheana féin, ach lá amháin, tugann sé teasghrá do chailín ceabairé, Lola, agus déanann sé dearmad is neamhshuim de nósanna an fhir mheasúil go hiomlán.

geoid (an gheoid, na geoide) – Is éard atá i gceist leis an ngeoid ná samhail de dhromchla an Domhain atá bunaithe ar an domhantarraingt agus an dóigh a n-athraíonn sí ó áit go háit. Tá an gheoid níos leibhéalta ná fíordhéanamh an Domhain, ach tá sí i bhfad níos neamhrialta ná an eileapsóid thagartha, arb í an tsamhail shiméadrach mhatamaiticeach de dhromchla ár bpláinéid í.

Glactar leis go mbeadh droim na n-aigéan ag cloí leis an ngeoid, dá mbeadh an t-uisce iontu ar aon dlús ar fud an domhain, agus dá mbeadh na haigéin saor ó oibriú na haimsire, na taoide agus na sruthanna farraige – is é sin dá mbeadh an domhantarraingt ag múnlú na n-aigéan beag beann ar imthoscaí eile.

Coincheap tábhachtach í an gheoid i gcúrsaí tíreolaíochta, geolaíochta, léarscáilíochta agus geodasaíochta.

grianghaoth (an ghrianghaoth, na grianghaoithe) – Grianghaoth a thugtar ar an sruth cáithníní a thagas as an nGrian. Den chuid is mó, prótóin agus leictreoin atá sa ghrianghaoth agus iad chomh saibhir i bhfuinneamh cinéiteach (is é sin, fuinneamh gluaiseachta) is gur féidir leo éalú ó imtharraingt na Gréine. Aithnítear tionchar na grianghaoithe ar a lán bealaí, mar shampla, is éard atá i gceist leis na Saighneáin (an Chaor Aduaidh, an aurora borealis) ná an ghrianghaoth ag bualadh faoi na hadaimh ocsaigine agus nítrigine in uachtar an atmaisféir.

Is léir go bhfuil grianghaoth, nó réaltghaoth, ag na réaltaí eile freisin.

halaigin (an halaigin, na halaigine; na halaiginí) – Is iad na halaiginí na dúile i seachtú príomhghrúpa an tábla pheiriadaigh. Tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh acu, agus na scealla is cóngaraí don núicléas tá siad lán. Mar sin, is dual do na dúile seo an t-ochtú leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin is leictridheimhní ná iad, le hochtréad iomlán leictreon a fháil ar an sceall is faide amuigh. Is iad na halaiginí an fluairín, an clóirín, an bróimín, an t-iaidín agus an t-astaitín, ach is dúil radaighníomhach éagobhsaí é an t-astaitín nach féidir mórán a fháil amach faoina saintréithe ceimiceacha.

Téann na halaiginí i gcomhdhúil leis an hidrigin le halaiginídí hidrigine a dhéanamh. Is gáis iad na halaiginídí hidrigine, agus iad sothuaslagtha san uisce. Is aigéid láidire iad agus mar sin, is nimheanna dainséaracha iad a dhéanann an-dochar do na scamhóga.

hidrigin (an hidrigin, na hidrigine) – Is í an hidrigin an dúil cheimiceach is éadroime agus is simplí ó thaobh an struchtúir de. Níl in adamh na hidrigine ach aon phrótón amháin agus aon leictreon amháin, go bunúsach, ach amháin go bhfuil dhá iseatóp tearca ag an dúil seo, a bhfuil ainmneacha dá gcuid féin orthu: an deoitéiriam, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin ina núicléas, agus an tritiam, a bhfuil prótón amháin agus dhá neodrón ina núicléas. Iseatóp radaighníomhach é an tritiam. Neamh-mhiotal í an hidrigin, cé go bhfuil sí in aon ghrúpa leis na miotail alcaileacha i dtábla peiriadach na ndúl. Sna comhdhúile a bhíos aici leis na neamh-mhiotail eile, ceanglaíonn sí nasc comhfhiúsach leo, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla a bhíos aici ná +1, ó nach bhfuil sé ar na neamh-mhiotail is leictridhiúltaí amuigh.

Is gás gan dath gan bholadh í an hidrigin le teocht an tseomra agus faoi ghnáthbhrú an aeir, nuair atá sí ina dúil aonraithe. Tá an gás sin comhdhéanta as móilíní dhá adamh. Ní féidir a rá go mbeadh nimh inti i gciall cheart an fhocail, ach is léir go dtachtann an hidrigin ghlan an duine, cosúil le gach gás eile seachas an ocsaigin.

Tá sé de chlaonadh sa hidrigin imoibriú le dúile leictridhiúltacha cosúil leis an ocsaigin, agus mar sin, is dual do mheascán na hidrigine is na hocsaigine pléasc a dhéanamh, chomh fíochmhar is a théann an hidrigin trí thine. Tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, cé gur féidir beagáinín den chorcra a shonrú inti. Cuireann seo leis an dainséar atá i ndóiteán hidrigine: is deacair é a aithint in am.

Is é an t-uisce – ocsaíd na hidrigine – an chomhdhúil is tábhachtaí dá bhfuil ag an hidrigin, gan amhras. Má chuirtear hidrigin trí thine, is é an t-uisce a gheofar. Is ábhar tábhachtach tógála é an t-adamh hidrigine sna comhdhúile orgánacha, ach tá a lán comhdhúile neamhorgánacha ag an hidrigin freisin, ar ndóigh. Na comhdhúile atá ag an hidrigin leis na halaiginí, is gáis nimhe iad le teocht an tseomra, agus iad ina n-aigéid láidire sa tuaslagán uisce. Is í clóiríd na hidrigine an ceann is tábhachtaí acu. Tugtar aigéad hidreaclórach ar thuaslagán na clóiríde seo.

Má théann an hidrigin i gcomhdhúil le dúil is ísle leictridhiúltacht ná í, gheofar hidríd, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an hidrigin ina leithéid ná -1. Bíonn na hidrídí seo an-éagobhsaí, áfach, agus is dual dó imoibriú a dhéanamh leis an uisce. Gás hidrigine agus hiodrocsaíd is torthaí don chineál sin imoibriúcháin de ghnáth.

ian (an t-ian, an iain; na hiain, na n-ian) – Tugtar ian ar an adamh nó ar an ngrúpa adamh a bhfuil lucht leictreach aige. Tugtar caitiain ar na hiain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu, agus is ainiain iad na hiain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu. Aomann an dá shaghas lucht leictreach a chéile, agus mar sin, is dual don dá shórt iain dul le chéile i gcomhdhúile ianacha. Mar shampla, tá an gnáthshalann, an chlóiríd sóidiam, comhdhéanta as iain dhiúltacha chlóiríde agus iain dheimhneacha sóidiam.

iarann (an t-iarann, an iarainn) – Is é an t-iarann dúil cheimiceach uimhir a 26. Miotal liathgheal atá ann, ach tagann meirg (smúid ruadhearg ocsaíde) air go luath faoi thionchar an aeir agus an uisce. Is iad +2 agus +3 na staideanna ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an iarann, agus is ar an dath ruadhearg a aithnítear an uimhir ocsaídiúcháin is airde acu seo. I gcomhdhúile áirithe, áfach, is féidir staid ocsaídiúcháin eile a bheith ag an iarann. Baintear úsáid fhorleathan as an iarann mar amhábhar, ach de ghnáth, cuirtear breiseáin leis lena dhéanamh níos daingne agus a dhíonadh ar mheirg. Go tipiciúil, measctar codán áirithe carbóin tríd an iarann, agus tugtar cruach (an chruach, na cruach) ar an iarann a bhfuil carbón curtha leis. Is féidir, áfach, saintréithe na cruach a athrú ar an dúrud dóigheanna ach an miotal ceart a mheascadh tríthi, agus mar sin a fhaightear cineálacha speisialta cruach le freastal ar éilimh agus riachtanaisí éagsúla.

iarmhairt Purkinje – Is éard atá i gceist le hiarmhairt Purkinje ná an dóigh a dtéann an tsúil in oiriúint an dorchadais, agus an t-athrú a thagas ar íogaireacht na súile do na dathanna éagsúla. Tá dhá chineál cealla i reitine na súile, mar atá, slatchealla agus cónchealla. Is iad na cónchealla a aithníos na dathanna, ach is iad na slatchealla is íogaire don tsolas ar fad. Mar sin, nuair a bhíos dorchadas ann is iad na slatchealla amháin atá ag obair, agus ní féidir leis an tsúil mórán de na dathanna a aithint: tá sé fágtha i dtuilleamaí na codarsnachta amháin.

Tá sé tábhachtach a thuiscint nach ionann íogaireacht na súl do gach dath. Feictear don tsúil go bhfuil dath áirithe níos ”gile” ná dath eile nó a mhalairt. Mar shampla, sílimid go bhfuil an dath buí níos ”gile” ná an dath dearg, toisc go bhfuil an tsúil níos íogaire don bhuí.

Is é an scéal, anois, nach ionann uasmhéid na híogaireachta ag na slatchealla agus ag na cónchealla. Athraíonn uasmhéid íogaireachta na súile go léir i dtreo uasmhéid na slatcheall sula n-imeoidh aithint na ndathanna go léir – is é sin, i dtreo na huaine nó an ghoirm. Mar sin, an chodarsnacht atá idir dhá dhath le teacht an dorchadais, is féidir go bhfuil sí bun os cionn leis an gcodarsnacht atá eatarthu le solas an lae. Sin é iarmhairt Purkinje.

Fuair an iarmhairt a hainm ó Jan Evangelista Purkyně, anatamaí Seiceach a mhair ón mbliain 1787 go dtí an bhliain 1869. Leagan Gearmáinise dá shloinne é ”Purkinje” agus é le feiceáil go minic i gcoimhthéacs na heolaíochta.

Io – Ceann de ”ghealacha Galileo” í Io, is é sin, ceann de shatailítí móra Iúpatair. Tá Io timpeall ar trí mhíle, sé chéad, dhá fhichead ciliméadar ar trastomhas, agus í ag fithisiú a príomhaigh níos cóngaraí ná aon cheann eile de ghealacha Galileo.

Is é an bolcánachas a thabhaigh a clú d’Io, nó tá sí ar coipeadh le laibhe. Is í imtharraingt na ngealach mór eile de chuid Iúpatair, chomh maith le himtharraingt an phríomhaigh féin, a fhágas Io mar sin: go bunúsach is iad na fórsaí taoide is cúis leis an mbolcánachas sin, agus na reanna neimhe eile ag iomaíocht le chéile ag iarraidh Io a tharraingt a mbealach féin.

Is minic a dhealraítear Io le píotsa: is iad na bolcáin na ”slisní tráta”, agus an chuid is mó den ghealach chomh buí le cáis – sulfar is cúis leis an dath seo.

Iúpatar (Iúpatar, Iúpatair) – Is é Iúpatar an pláinéad is mó inár ngrianchóras, agus is gásfhathach é. Is féidir sonrú a chur ann gan dul i dtuilleamaí teileascóip, agus bhí aithne ag na sean-Rómhánaigh féin air: ba iadsan a bhaist an t-ainm sin air, ainm an dé is cumhachtaí i seanchreideamh na Róimhe. Tá mais Iúpatair breis is trí chéad oiread níos mó ná mais an Domhain, agus is ionann a thrastomhas agus trastomhas an Domhain méadaithe faoina haon déag. Is ionann mais Iúpatair agus mais na bpláinéad is na ngealach eile sa Ghrianchóras méadaithe faoina dó go leith. Mar sin, tá an pláinéad seo as pabhar mór i gcoibhneas na reann neimhe eile a théann timpeall na Gréine. Tá a lán gealach ag fithisiú Iúpatair féin, agus creidtear gur cóiméid nó astaróidigh a bhí i gcuid mhór acu i dtosach agus gur cheap Iúpatar ar a gcamchuairt iad.

Is é tuairim a lán saineolaithe gurb é Iúpatar ”folúsghlantóir an Ghrianchórais” a ghlacfas chuige na cóiméid is na hastaróidigh dhainséaracha sula dtiocfaidh siad ag bagairt ar an Domhan. Níltear ar aon bharúil faoin teoiric seo, ach tá fianaise áirithe phraiticiúil ann: i mí Iúil 1994, bhí na réalteolaithe in ann súil a choinneáil ar an dóigh ar bhuail an cóiméad úd Shoemaker-Levy a Naoi faoin bpláinéad. Stróic imtharraingt Iúpatair an cóiméad as a chéile ar dtús, agus bhí na bloghanna ag dul timpeall an phláinéid ar feadh tamaill sular tháinig siad anuas ón bhfithis ceann i ndiaidh a chéile. Sa mhatalang seo scaoileadh saor le fuinneamh a sháródh buamaí adamhacha an chine dhaonna go léir.

Tá réimse mór maighnéadach ag Iúpatar, agus é an-fhadaithe faoi bhrú na grianghaoithe: deirtear, fiú, go bhfuil ”maighnéadeireaball” ag an bpláinéad, agus é ag sroicheadh thar Shatarn amach. Tarchuradóir láidir raidió é an réimse maighnéadach seo freisin, agus ag minicíochtaí áirithe sáraíonn sé an Ghrian féin.

Mar is dual don ghásfhathach, ní féidir an cheist a fhreagairt go sásúil, cá bhfuil dromchla Iúpatair, nó má théann muid síos ó imeall an atmaisféir, ní thiocfaidh muid ach ar thuilleadh de na gáis chéanna atá le fáil san atmaisféar féin, ach amháin go n-iompóidh siad ina leacht nuair a thiocfas muid sách domhain isteach.

Is iad fáinní Shatarn is mó ar chuala muid iomrá orthu, ach tá fáinní cosúil leosan ag Iúpatar freisin, cé nach bhfuil siad chomh cuidsúlach céanna. Le fírinne, níl iontu go bunúsach ach dusta is deannach. Ba é an taiscéalaí spáis Voyager a hAon a d’aithin fáinní Iúpatair, thiar sa bhliain 1979. Glactar leis go bhfuil ceithre fháinne ann: an ”Fáinne Luain”, an ”Príomhfháinne”, agus dhá ”Fháinne Scáineacha”, mar atá, Fáinne Scáineach Amalthea agus Fáinne Scáineach Thebe. Tá an Príomhfháinne ag dul timpeall ar an bpláinéad in aice le fithis na gealaí úd Adrastea, agus an chuma ar an scéal go bhfuil Adrastea ina ”gealach tréadaíochta” ag an bhfáinne sin, is é sin, go bhfuil an fáinne ag brath ar imtharraingt na gealaí sin lena chuma a choinneáil. Cosúil leis sin, tá na fáinní scáineacha i dtuilleamaí na ngealach úd Amalthea agus Thebe, agus tá gealacha tréadaíochta den chineál chéanna le fáil i gcóras fáinní Shatarn freisin. Maidir leis an bhFáinne Luain, is é an fáinne is cóngaraí don phláinéad, agus é ar déanamh taoschnó (is é sin dónat).

leictrealú (an leictrealú, an leictrealaithe) – Is éard atá i gceist leis an leictrealú ná próiseas ina soláthraítear leictreoin don dúil is leictreadheimhní sa chomhdhúil agus ina mbaintear leictreoin den dúil is leictreadhiúltaí acu, ionas go ndealaítear an dá dhúil ó chéile. Is féidir triail a bhaint as an leictrealú sa bhaile féin: má mheasctar cuid mhaith gnáthshalainn, nó clóiríd sóidiam, trí uisce, is féidir hidrigin agus clóirín a tháirgeadh trí leictrealú an tuaslagáin seo. Má sháimid dhá leictreoid isteach ann – is féidir linn leictreoidí a dhéanamh as dhá bharra graifíte a cheanglaítear le sreanga leictreacha de phoil an ghnáthchadhnra – feicfidh muid bolgáin bheaga gháis ag foirmiú timpeall na leictreoidí.

San ócáid áirithe seo, beidh na hiain dheimhneacha sóidiam ag tarraingt ar an gcatóid, nó ar an leictreoid atá faoi lucht diúltach leictreachais, agus na hiain chlóiríde á haomadh ag an leictreoid eile, agus í faoi lucht deimhneach. Bainfidh an anóid na leictreoin bhreise de na hiain chlóiríde, ionas go gcruthaítear clóirín i bhfoirm dúile. Ag an gcatóid, gheobhaidh na hiain sóidiam na leictreoin a iompóidh ina n-adaimh shóidiam iad. Is dual don tsóidiam, ar miotal alcaileach é, imoibriú leis an uisce ar an toirt, ionas go bhfaighfear hiodrocsaíd sóidiam agus hidrigin. Is í an hidrigin an gás a chruthaítear timpeall na catóide, agus clóirín atá i gceist ag an leictreoid eile.

Is féidir a rá go bhfuil dainséar áirithe ag roinnt leis an turgnamh seo, áfach. Má bhaineann tú triail as, is fearr duit éirí as chomh túisce is a aithneos tú go bhfuil an trealamh ag obair. Is féidir leis an mbeagán féin den chlóirín dochar a dhéanamh do do scamhóga, go háirithe mura bhfuil aeráid mhaith agat. Thairis sin beidh an tuaslagán uisce saibhir i hiodrocsaíd sóidiam, nó sóid loiscneach, bun láidir a chreimeas an craiceann agus na fíocháin bheo eile.

Úsáidtear leictrealú go forleathan sa tionsclaíocht le dúile éagsúla a aonrú le haghaidh úsáide sa teicneolaíocht – alúmanam, mar shampla. Is í an bháicsít an mianra is tábhachtaí mar fhoinse alúmanaim, agus is éard atá ann ó thaobh na ceimice de ná seiscea-ocsaíd alúmanaim (tá dhá ian alúmanaim ann in aghaidh an trí ian ocsaíde). Má leictrealaítear báicsít, is éard a gheofar ná alúmanam agus ocsaigin, mar sin.

Níl an bháicsít intuaslagtha san uisce, áfach, agus dá mbeadh féin, tharlódh an rud céanna do na hadaimh alúmanaim ag an gcatóid agus a tharlaíos do na hadaimh shóidiam, is é sin, d’imoibreoidís leis an uisce le gás hidrigine a dhéanamh agus iad ag iompú ina n-iain arís. Tá leáphointe na trí-ocsaíde alúmanaim chomh hard is nach bhfuil sé praiticiúil í a leá le haghaidh leictrealú. Is éard a dhéantar, mar sin, ná an bháicsít a thuaslagan i gcrióilít leáite.

Mianra alúmanaim eile í an chrióilít a bhfuil a leáphointe i bhfad níos ísle ná leáphointe na trí-ocsaíde alúmanaim, agus an trí-ocsaíd intuaslagtha inti. Mar sin, is féidir alúmanam a aonrú ón mbáicsít trí mheascán leáite na báicsíte agus na crióilíte a leá. Is í an chomhdhúil cheimiceach atá sa chrióilít ná heicseafluairíd tríshóidiam alúmanaim, nó heicseafluaralúmanáit tríshóidiam, Na3AlF6. Ar na saoltaibh seo, ní úsáidtear crióilít nádúrtha in aonrú alúmanaim a thuilleadh, chomh tearc is atá sí sa dúlra; tá sé níos saoire an heicseafluaralúmanáit sin a tháirgeadh as mianraí eile.

leictreon (an leictreon, an leictreon; na leictreoin, na leictreon) – Ceann de na buncháithníní é an leictreon, agus áirítear ar na leaptóin, ar na buncháithníní éadroma, é. In éineacht leis na núicléóin, is é sin, na prótóin is na neadróin, tá na leictreoin riachtanach mar bhloic thógála don damhna mar is aithnid dúinn é. Tá an t-adamh comhdhéanta as an núicléas, a bhfuil na prótóin is na leictreoin ann, agus as an néal leictreon timpeall ar an núicléas.

Tá guairne ag na leictreoin. Is éard atá i gceist leis an nguairne ná ceann de na hairíonna fisiceacha, cineál móiminteam uilleach, a chuirtear in iúl go minic mar ”chineál rothlú timpeall na haise”, cé nach ionann go hiomlán í, ó thaobh na matamaitice de, agus an rothlú timpeall na haise a dhéanfadh réad macrascópach. I néal leictreon na n-adamh, bíonn na leictreoin innealta go néata ina leictreondíseanna, agus guairne an dá leictreon i ndís den chineál seo ag neodrú a chéile. Fithiseán a thugtar ar an gcuid den néal leictreon is ”lóistín” d’aon leictreondís amháin, agus na fithiseáin féin tá siad scaipthe ar leibhéil éagsúla fuinnimh. Na leibhéil fuinnimh seo, arís, is cineál ”fo-scealla” iad do na leictreonscealla, as a bhfuil néal leictreon an adaimh comhdhéanta.

Is í gluaiseacht na leictreon is cúis leis an sruth leictreach. Nuair a thosaigh na daoine ag fáil tuisceana ar an leictreachas, shocraigh na heolaithe go bhfuil an sruth leictreach ag dul ón bpol deimhneach go dtí an pol diúltach. Ní raibh ann go bunúsach ach sórt comhthuiscint áisiúil nó caighdeánú a chuidigh le heolaithe ó thíortha éagsúla ciall a bhaint as saothar a chéile. Tá a fhios againn anois go bhfuil sruth na leictreon ag dul a mhalairt de bhealach sa chiorcad leictreach – tá an lucht deimhneach leictreachais agus an lucht diúltach leictreachais ag aomadh a chéile agus ag tarraingt i dtreo a chéile, agus mar sin, is dual do na leictreoin dul ag triall ar an bpol deimhneach, ós rud é go bhfuil lucht diúltach acu féin.

Neodraíonn lucht diúltach an leictreoin lucht deimhneach an phrótóin. Mar sin, is ionann líon na leictreon agus líon na bprótón san adamh, mura bhfuil nasc ceimiceach ar bith ceangailte ag an dúil le haon dúil eile. Má cheanglaíonn an dá dhúil nasc comhfhiúsach, beidh leictreondís amháin i bpáirt acu. Má cheanglaíonn siad nasc ianach, gheobhaidh an dúil is leictridhiúltai acu leictreon amháin ar iasacht, ionas go n-iompóidh an t-adamh ina ainian, agus tabharfaidh an dúil is lú leictridhiúltacht leictreon amháin uaidh, ionas go n-iompóidh an t-adamh ina chaitian.

leictridhiúltacht (an leictridhiúltacht, na leictridhiúltachta) – Is éard atá i gceist leis an leictridhiúltacht ná an claonadh atá i ndúil áirithe leictreoin a ghlacadh chuici i gcomhdhúil cheimiceach, ionas go bhfaighidh an dúil lucht diúltach leictreachais sa chomhdhúil. Is iad na neamh-mhiotail, na halaiginí ach go háirithe, is leictridhiúltaí, agus is iad na miotail, na miotail alcaileacha thar aon chineál miotal eile, na dúile is ísle leictridhiúltacht, nó na dúile is leictridheimhní – is é sin, tá sé de chlaonadh iontu leictreoin a thabhairt uathu sna comhdhúile, ionas go bhfaighidh siad lucht deimhneach.

litriú (an litriú, an litrithe) – Is é an litriú nó an ceartlitriú ná an dóigh cheart le fuaimeanna na teanga labhartha a chur in iúl i bhfoirm scríofa. Tugtar litriú foghraíochta nó litriú fóinéimeach ar an gcineál litriú atá ag iarraidh na fuaimeanna a chur in iúl chomh cruinn agus is féidir, ionas go bhfreagraíonn gach litir (gach carachtar san aibítir) d’fhuaim nó d’fhoghar amháin – d’fhóinéim amháin, mar a deir béarlagair na saineolaithe. Litriú sanasaíochta atá i gceist má dhéantar iarracht aird a thabhairt ar bhunús stairiúil na bhfocal (ar shanasaíocht na bhfocal) agus ar an ngaol nó ar an mbaint stairiúil atá ag focail áirithe le chéile, fiú nuair nach bhfuil an gaol sin le cloisteáil sa chaint a thuilleadh. Litriú morfafóinéimeach é an litriú a chuireas béim ar struchtúr inmheánach na bhfocal, ionas gur féidir na hiarmhíreanna, na réimíreanna agus na tamhain a aithint thar a chéile sa teanga scríofa, cé go n-imríonn siad tionchar ar fhuaimniú a chéile sa teanga labhartha. Litriú stairiúil é an litriú a choinníos cuimhne ar fhoirm stairiúil na bhfocal, beag beann ar na hathruithe a tháinig ar na focail sa chaint.

Go praiticiúil, is dual do litriú na teanga tipiciúla bheith idir eatarthu idir na córais seo go léir. Mar shampla, an litriú a bhí sách fóinéimeach i dtús, is minic a chloítear leis thar na céadta bliain agus an teanga labhartha ag athrú, ionas go mbeidh an litriú sa deireadh níos cosúla le litriú sanasaíochta nó le litriú morfafóinéimeach.

macrascópach – Rudaí macrascópacha iad na rudaí is féidir leat a fheiceáil le do shúile cinn, gan dul i muinín an mhicreascóip.

meán-aimhrialtacht (an mheán-aimhrialtacht, na meán-aimhrialtachta) – Comhordanáid (”aimhrialtacht”) í an mheán-aimhrialtacht atá de dhíth le háit an réid neamhaí ar fhithis éilipseach Kepler a shainmhíniú. Murab ionann agus an dá aimhrialtacht eile, ní uillinn í an mheán-aimhrialtacht, cé go dtomhaistear in aonaid stua í, cosúil le huillinn. Tá an mheán-aimhrialtacht ag brath ar an achar a scuab an líne ón réad go dtí an fócas den éilips ón uair dheireanach a chuaigh an réad thart le garphointe na fithise. Is iad íosmhéid agus uasmhéid na meán-aimhrialtachta ná 0 raidian agus 2π raidian. Aonad stua é an raidian. Is ionann an raidian agus timpeall ar 57.295 céim stua, nó an stua a fhreagraíos do gha an chiorcail.

mearcair (an mearcair, an mhearcair) – Is é an mearcair an t-aon mhiotal amháin atá ina leacht le teocht an tseomra agus faoin ngnáth-aerbhrú. Tugtar airgead beo air freisin. Go dtí le déanaí, d’úsáidtí mearcair go han-choitianta sna teirmiméadair agus sna manaiméadair, is é sin, in ionstraimí tomhaiste aerbhrú agus teochta. Tá an mearcair agus comhdhúile an mhearcair chomh nimhiúil don duine agus don dúlra agus go bhfuiltear ag éirí astu inniu, ámh. Tá an mearcair in aon ghrúpa leis an gcaidmiam agus leis an tsinc i dtábla peiriadach na ndúl.

Tugtar malgaim (an malgam, an mhalgaim; na malgaim, na malgam) ar chóimhiotail an mhearcair, agus baintear úsáid as malgam an airgid ghil san fhiaclóireacht. Is féidir an chuid is mó de na miotail a mhalgamú (a chóimhiotalú leis an mearcair), ach is eisceachtaí iad an t-iarann agus an platanam, ar a laghad.

Trom-mhiotal é an mearcair agus bíonn a chuid comhdhúl díobhálach dainséarach don duine, do chóras na néaróg ach go háirithe: bhainfeadh an nimhiú mearcair an lúth as do chuid géag i bhfad sula maródh sé thú. Sampla uafásach de chontúirtí an mhearcair é scéal Bhá Minamata sa tSeapáin a chuaigh ar fud an domhain thiar sna caogaidí. Bhí monarcha cheimiceach de chuid an chomhlachta úd Chisso suite in aice leis an mbá seo a chuir an t-uisce ó mhaith lena cuid truailleán, nó ní dhearna an comhlacht iarracht ar bith leis an nimh a bhaint den uisce fuíll. Carnadh an mearcair sna héisc agus sna sliogéisc, agus muintir Minamata á n-ithe – ní mór cuimhne a choinneáil air gur cuid lárnach de bhia thraidisiúnta na Seapáine torthaí na farraige, idir iasc, sliogiasc, agus fheamainn. Bhí an truaillitheoireacht seo ag dul ar aghaidh ó na tríochaidí anuas, agus nuair a fuair an saol mór amach fúithi, bhí ródach uafásach déanta cheana féin.

Tá dhá staid ocsaídiúcháin ag an mearcair, +1 (comhdhúile mearcarúla) agus +2 (comhdhúile mearcaracha). Glactar leis go bhfuil nasc idir dhá adamh mearcair san ian mearcarúil – mar sin, is í an fhoirmle is cruinne ná Hg22+, seachas Hg+. Bíonn na comhdhúile mearcarúla réasúnta éagobhsaí, áfach, agus claonadh iontu chun díréiriú a dhéanamh – is éard is ciall le díréiriú ná go n-ocsaídítear leath na n-ian go hiain mhearcaracha, Hg2+, agus go ndí-ocsaídítear an chuid eile go mearcair miotalach, Hg.

Is dócha gurb é an chlóiríd mhearcarúil HgCl, nó Cl-Hg-Hg-Cl, an ceann is tábhachtaí de na comhdhúile mearcarúla. Tugtar calaiméal (an calaiméal, an chalaiméil) uirthi freisin. Úsáidtear sna leictreoidí é, nó is caighdeán maith tagartha sa leictriceimic é. Ba ghnáth calaiméal a úsáid i bpurgóidí éagsúla mar chineál cógas fadó, rud a scanródh dochtúirí ár linne.

Maidir leis na comhdhúile mearcaracha, tá siad i bhfad níos líonmhaire ná na comhdhúile mearcarúla: samplaí iad an ocsaíd HgO, an tsuilfíd HgS, agus a lán eile. Ceann acu an fhulmanáit mhearcair, Hg(CNO)2, ábhar pléascach a úsáidtear i gcaipíní pléasctha – is é sin, mar phléascán príomhúil, le hábhair phléascacha eile a mhadhmadh.

Sna laethanta a bhí, bhíodh lucht déanta na hataí ag úsáid na níotráite mearcaraí, Hg(NO3)2, le feilt a dhéanamh den fhionnadh. Ba é ba thoradh dó seo ná síor-nimhiú mearcair a chuaigh go dona i bhfeidhm ar an inchinn agus ar an néarchóras. Sin é an tuige go ndeirtear mad as a hatter – chomh craiceáilte leis an haitéir – as Béarla: bhíodh na haitéirí á n-iompar mar a bheadh galar intinne orthu, ach le fírinne, galar inchinne a bhí i gceist a tholg siad ón mearcair.

NCG: Giorrúchán é seo a sheasas do na focail Nua-Chatalóg Ghinearálta. Seo an leagan Gaeilge – is é an giorrúchán Béarla ná NGC, ó na focail New General Catalogue. Catalóg réalteolaíochta atá ann agus ní féidir a rá go mbeadh sí chomh nua is a thugas an t-ainm le fios, nó is sa bhliain 1888 a foilsíodh an chéad uair í. Ba é John Dreyer, réalteolaí Éireannach de phór na Danmhairge, a d’eisigh an chatalóg, agus é ag tarraingt go mór ar obair William Herschel roimhe. Baintear úsáid as an Nua-Chatalóg Ghinearálta i gcónaí, ach is follasach go raibh a lán athruithe de dhíth idir an dá linn. Tá leaganacha leasaithe éagsúla ar fáil inniu, agus d’fhoilsigh Dreyer féin cúpla ”catalóg innéacsaithe” nó Index Catalogue (IC) le botúin an chéad eagráin a cheartú.

ocsaídiú (an t-ocsaídiú, an ocsaídithe) nó ocsaídiúcháin (an t-ocsaídiúchán, an ocsaídiúcháin) – Is éard atá i gceist leis an ocsaídiú ná próiseas ceimiceach ina dtugann dúil áirithe leictreoin ar iasacht uaithi agus í ag dul i gcomhdhúil le dúil eile. Sa cheimic orgánach, tugtar ocsaídiú ar an dóigh a n-ardaítear uimhir ocsaídiúcháin an adaimh charbóin i bhfeidhmghrúpa na comhdhúile. Mar shampla, is féidir an t-eatánól CH3CH2OH, ar alcól é, a ocsaídiú go haicéataildéad CH3C(H)O, ar aildéad é, agus ansin, is féidir an t-aildéad seo a ocsaídiú go haigéad aicéiteach CH3C(O)OH.

ocsaigin (an ocsaigin, na hocsaigine) – Is í an ocsaigin dúil cheimiceach uimhir a hocht i dtábla peiriadach na ndúl. Le teocht an tseomra agus faoi gnáthbhrú an aeir, is gás gan dath í, agus í an-fhonnmhar chun imoibriúcháin leis na dúile eile. Is ocsaídeoir láidir í an ocsaigin, ní nach ionadh, ós as an ocsaigin a fuarthas an téarma sin ”ocsaídiú” freisin. Is éard atá i gceist leis an tine agus an dóiteán ná imoibriú na hocsaigine le dúile eile, ionas go gcruthaítear ocsaídí, is é sin, comhdhúile ina bhfuil an ocsaigin ar an dúil is leictridhiúltaí. Níl ach an fluairín níos leictridhiúltaí ná an ocsaigin, agus mar sin, is ocsaídí iad formhór mór na gcomhdhúl ocsaigine.

Tá an ocsaigin ar an dara gás is flúirsí in atmaisféar an Domhain, agus an nítrigin ar an ngás is coitianta. Maolaíonn an nítrigin ar fhonn imoibriúcháin na hocsaigine, nó mura mbeadh san aer ach ocsaigin, d’fhéadfadh na miotail féin dul trí thine. Má chuirtear tairne iarainn, cuir i gcás, i gcoimeádán glanocsaigine, is féidir an tairne sin a chur trí thine mar a bheadh cipín adhmaid ann.

Shílfeá nach féidir don ocsaigin bheith nimhiúil ná dochrach don duine, ós rud é go bhfuil soláthar ocsaigine géar-riachtanach dó, ach le fírinne, má tá an ocsaigin ag teacht isteach faoi bhrú atá níos mó ná brú na hocsaigine sa ghnáthaer, is féidir di cineál nimhiú a tharraingt ar an duine. Is iad na tumadóirí scúba is mó a bhíos thíos leis an mbagairt seo, ós rud é go bhfuil siad faoi bhrú ard an uisce a oibríos ar an ngás a análaíos siad. Tugtar hipearocsacht ar an nimhiú ocsaigine.

Tá an ghnáthocsaigin comhdhéanta as móilíní dhá adamh – mar sin, tugtar dé-ocsaigin ar an ngnáthocsaigin go minic. Tá allatróp eile ag an ocsaigin, an trí-ocsaigin nó an t-ózón (an t-ózón, an ózóin), a bhfuil a mhóilíní comhdhéanta as trí adamh ocsaigine. Is nimh é an t-ózón don duine, cé go bhfuil an ciseal ózóin in uachtar an atmaisféir ina sciath chosanta thábhachtach ar an radaíocht ultraivialait. Greannaíonn an t-ózón na scamhóga, cosúil leis an gclóirín. Tá an glanózón claonta chun pléasctha freisin. Tá dath gorm san ózón, go háirithe nuair atá sé ina leacht nó ina sholad, agus is féidir an t-ózón a aithint ar an mboladh a chuirfeadh an clóirín i gcuimhne duit. Bíonn boladh an ózóin as na gléis leictreacha uaireanta, mar shampla. Baintear úsáid as an ózón nuair a bhíos ocsaídeoir láidir de dhíth, agus is minic a úsáidtear in íonú uisce é freisin, leis na baictéir a mharú.

ollphléasc (an ollphléasc, na hollphléisce) nó olltailm (an olltailm, na holltailme) – Is í an ollphléasc nó an olltailm an phléasc mhór a chuir tús leis an Ollchruinne.

ózaiceirít (an ózaiceirít, na hózaiceiríte) – Is éard atá san ózaiceirít ná cineál céir nádúrtha atá le fáil sa talamh cosúil leis an artola. Ina lán teangacha tugtar céir thalún uirthi. Tá sí comhdhéanta as hidreacarbóin éagsúla fhadslabhracha (is ionann í agus an pairifín ó thaobh na ceimice de, a bheag nó a mhór), agus boladh láidir aisti. As an Úcráin, as na ceantair timpeall Shléibhte Chairp, a thagas an chuid is mó den ózaiceirít trádála.

pailéagrafaíocht (an phailéagrafaíocht, na pailéagrafaíochta) – Is í an phailéagrafaíocht an brainse léinn a dhéanas taighde ar an dóigh ar athraigh cruth na litreach (cruth na gcarachtar san aibítir) i rith na gcéadta bliain. Bíonn scileanna pailéagrafaíochta de dhíth ar na teangeolaithe agus na focleolaithe agus iad ag iarraidh seanscríbhinní a léamh is a thuiscint. Is féidir leis an bpailéagrafaí lámhscríbhinní brionnaithe a aithint freisin. Má bhain an falsaitheoir úsáid as litreacha ó thréimhsí difriúla i stair na haibítre, is é an pailéagrafaí an duine is túisce a chuirfeas sonrú ina leithéid.

Pailis (an Phailis, na Pailise) nó Páilis (an Pháilis, na Páilise) – Is í an Phailis an teanga inar breacadh síos cuid mhór de scrioptúir naofa na mBúdaithe, an Tripitaka nó ”Scríbhinní na dTrí gCiseán” mar is féidir linn a thabhairt orthu as Gaeilge. Tá sí gaolmhar leis an tSanscrait, ach is ceann de na teangacha Pracraite í, is é sin, tá sí níos ”óige” agus níos cosúla leis na canúintí labhartha ná an tSanscrait. Teanga mharbh í an Phailis inniu, áfach, teanga nach bhfuil ag aon duine ó dhúchas, díreach cosúil leis an tSanscrait féin. Teireaváda a thugtar ar an gcineál Búdachais is mó a chuireas béim ar thábhacht na Pailise, agus is é an creideamh is láidire sa Chambóid agus sa Téalainn, mar shampla. Is é an sruth is coimeádaí sa Bhúdachas.

platanam (an platanam, an phlatanaim) – Is é an platanam an ceann is mó le rá de na miotail phlatanamchosúla, agus is é Pt an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Triathmhiotal atá ann agus é ar fáil ina dhúil sa dúlra. Fuair an platanam a ainm ó na conquistadores Spáinneacha, nó bhí siad ar lorg óir bhuí agus airgid ghil i Meiriceá Theas, agus iad míshásta leis an ”airgead beag” (platina, cf. plata, an focal Spáinnise ar ”airgead geal”) a thóg cuid acu in ainriocht an fhíor-airgid.

Le fírinne, áfach, is miotal iontach úsáideach é an platanam. Tá an platanam in ann cuid mhór hidrigine a ól chuige nó a shú isteach, agus mar sin, catalaíonn sé (is é sin, cuireann sé luas faoi) imoibriúcháin cheimiceacha a bhfuil an hidrigin páirteach iontu. Sin é an fáth a gcuirtear i dtiontóirí catalaíocha na ngluaisteán é, ach is féidir úsáid chosúil a bhaint as sna saotharlanna ceimiceacha freisin, ar acht is go bhfuil na ceimiceoirí, nó lucht a n-urraithe, sách saibhir le híoc as na gléis phlatanaim!

Is iad na staideanna ocsaídiúcháin a bhíos ag an bplatanam ina chuid comhdhúl ná +2 agus +4. Níl an platanam ró-araiciseach chun imoibriúcháin, ach is féidir é a thuaslagan in aqua regia te, is é sin, i meascán an aigéid hiodraclóraigh agus an aigéid nítrigh. Mar sin a fhaightear ian heicseaclóraplatanáite, PtCl62-. Is í an staid ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian sin ná +4. Tá an t-ian seo le fáil sa chuid is úsáidí de chomhdhúile an phlatanaim.

Comhdhúil eile de chuid an phlatanaim é ”catalaíoch Adams”, arb ionann é agus dé-ocsaíd phlatanaim, PtO2. Ní catalaíoch ann féin é, ach is dual dó ”platanam dubh” a dhéanamh, is é sin púdar fíneáilte platanaim a bhfuil an-chumas catalaíoch ann.

príomhach (an príomhach, an phríomhaigh; na príomhaigh, na bpríomhach) – An rinn neimhe a bhfuil satailít ag dul timpeall uirthi, deirtear gurb í príomhach a satailíte í. Is é an Domhan príomhach na Gealaí, agus is í an Ghrian príomhach an Domhain.

príomhsheicheamh (an príomhsheicheamh, an phríomhsheichimh) – Is iad na réaltaí príomhsheichimh na ”gnáthréaltaí” nach bhfuil ina bhfathaigh ná ina habhaic bhána. Má chuirtear sonraí na réaltaí go léir i gcóras déthoiseach comhordanáidí a thaispeánas an dóigh a bhfuil dath agus gile na réalta ag brath ar a chéile (is gnách léaráid Hertzsprung-Russell a thabhairt ar an gcineál sin learáide, ó ba iad an réalteolaí Danmhargach Ejnar Hertzsprung agus an Meiriceánach Henry Norris Russell a chéadcheap is a d’fhorbair an léaráid), feicfear banda mór dlúth ina bhfuil an chuid is mó de na réaltaí ar fáil – sin é an príomhsheicheamh.

Is gnách abhacréaltaí a thabhairt ar réaltaí an phríomhsheichimh, ach is úsáid é seo a chuirfeadh an tuata ar strae. Ní réaltaí príomhsheichimh iad na habhacréaltaí bána, mar shampla, ó tá siad i bhfad níos teo ná mar is dual do réaltaí príomhsheichimh ar aon mhéid leo.

Réaltaí aithnidiúla príomhsheichimh iad, mar shampla, an Ghrian, Sirius, Réalta Barnard, Procyon, Réalta Kapteyn, Altair, Vega, agus Fomalhaut.

Réalta Barnard – réalta bheag atá le feiceáil i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna, agus í suite faoi shé solasbhliana dínn. Chomh fann agus atá sí ní féidir í a aithint gan dul i dtuilleamaí teileascóip, cé go bhfuil sí chomh cóngarach sin. Réalta M-aicme í, is é sin, abhacréalta dhearg. Creidtear go bhfuil sí ar ceann de na réaltaí is sine sa réaltra s’againn: chomh fann fuar is atá sí, níl sí ach ag cráindó, agus mar sin, níl sí ag teacht i ndeireadh a cuid hidrigine ach go mall. Réalta shuntasach í mar sin féin, nó sáraíonn sí gach réalta eile ar dhualghluaisne. Fuair sí a hainm ón réalteolaí Meiriceánach Edward Emerson Barnard a chuir sonrú sa dualghluaisne sin sa bhliain 1916.

Réalta Kapteyn – réalta bheag atá le feiceáil i réaltbhuíon an Phéintéara, agus í suite faoi thrí solasbhliana déag dínn. Ba é an tOllannach Jacobus Kapteyn a chuir sna catalóga í sa bhliain 1898. San am sin ba í an réalta ba mó dualghluaisne amuigh. Abhacréalta dhearg í, díreach cosúil le Réalta Barnard. Dealraíonn sé go bhfuil cúpla pláinéad á fithisiú.

réaltra (an réaltra, an réaltra; na réaltraí, na réaltraí) – Is éard is réaltra ann ná crobhaing réaltaí, gáis agus deannaigh sa spás, agus í á coinneáil le chéile ag an imtharraingt. Tá an chuid is mó de dhamhna na hollchruinne comhchruinnithe sna réaltraí, agus an spás eatarthu beagnach folamh. Is é an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin ná Bealach na Bó Finne.

Is gnách na réaltraí a rangú de réir an déanamh atá orthu. Is iad na réaltraí bíseacha agus na réaltraí éilipseacha na cinn is feiceálaí, ach thairis sin, tá cineálacha eile ann, cosúil leis na réaltraí fáinne, nach bhfuil iontu ach fáinne réaltaí ag dul timpeall an lomnúicléis, agus na réaltraí lionsacha. Tá réaltraí neamhrialta ann chomh maith, réaltraí nach féidir a gcosúlacht a rangú de réir na ngnáthaicmí. Tá réaltraí abhaic ann freisin, agus iad i bhfad níos lú ná Bealach na Bó Finne agus na réaltraí móra eile. Mar sin féin, creidtear gurb iontu atá an chuid is mó de dhamhna na hOllchruinne, chomh líonmhar is atá siad.

Aicmítear Bealach na Bó Finne mar bhís bharrach, nó réaltra bíseach barrach. Is é sin, dá bhfeicfeá ón taobh amuigh é, is éard an déanamh a bheadh ar an réaltra ná barra mór ramhar a mbeadh núicléas (croí) an réaltra ina lár, agus géaga bíseacha an réaltra ag téacht as dhá cheann an bharra seo. Go dtí le déanaí, chreidtí go raibh ceithre mhórghéag ag ár réaltra, mar atá, Géag Pheirséis, Géag na hEala (ar a dtugtar Géag na Rialach freisin), Géag na Scéithe is na Croise (nó Géag an Cheinteáir), agus Géag an tSaighdeora agus na Cíle. Is é an chuma atá ag teacht ar an scéal inniu, áfach, nach bhfuil ach dhá mhórghéag ann – Géag Pheirséis agus Géag na Scéithe, na Croise is an Cheinteáir. Na géaga eile, is géaga beaga breise iad. Tá ár ngrianchóras féin suite i gceann de na mionghéaga, mar atá, Géag an Bhodaigh.

Creidtear go bhfuil dúpholl mór – an Díothóir Mór – i gcroí Bhealach na Bó Finne, agus ní rud as an ngnáth é ag na réaltraí. Bíonn na dúphoill i gcroíthe na réaltraí ag astú cineálacha éagsúla radaíochta, chomh maith le roiseanna damhna a bhrúchtann amach as poil an dúphoill. Tugtar scairdeanna coibhneasaíocha ar na roiseanna seo, toisc nach féidir a saintréithe a mhíniú gan dul i dtuilleamaí theoiric na coibhneasachta, an teoiric a thabhaigh a mhórchlú d’Albert Einstein. Más féidir roiseanna móra radaíochta nó damhna a aithint ag teacht as croí an réaltra, deirtear go bhfuil núicléas (croí) gníomhach ag an réaltra, agus tugtar réaltraí gníomhacha ar na cinn a bhfuil núicléas gníomhach acu.

Is féidir do dhá réaltra teacht chomh cóngarach dá chéile is go dtosóidh siad ag oibriú is ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Is í an imtharraingt is cúis leis an idirghníomhaíocht seo. Dhá réaltra atá curtha as a riocht ag a chéile, is féidir dóibh luas mór a chur le foirmiú na réaltaí nua i scamall gáis a chéile. Tugtar réaltraí réaltroise ar réaltraí ina bhfuil na réaltaí nua ag teacht chun saoil mar sin, i bhfad níos luaithe ná sna gnáthréaltraí.

Réaltra an Ghuairneáin – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist leis an réad sin, is é sin, Réaltra an Ghuairneáin (M51a) agus réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre. Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra ”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D’fhéadfá a rá go bhfuil an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.

Réaltra an tSoimbréaró – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg Messier (M104). Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh cianmhar sin uainn.

réaltsruth (an réaltsruth, an réaltsrutha; na réaltsruthanna, na réaltsruthanna) – Is éard atá i gceist le réaltsruth ná dornán réaltaí atá ag gluaiseacht in aon treo le chéile ina bhfáinne timpeall ar réaltra.

Rúisis (an Rúisis, na Rúisise) – Is í an Rúisis an teanga atá ó dhúchas ag an gcuid is mó de mhuintir na Rúise, agus í á labhairt sna tíortha iar-Shóivéadacha go forleathan, toisc go mbíonn pobail mhóra Rúiseacha iontu agus cuid den mhuintir dhúchasach féin tar éis líofacht a bhaint amach sa teanga. Ceann de na teangacha Slavacha Oirthearacha í, cosúil leis an Úcráinis agus an Bhealarúisis, ach is féidir tionchar láidir ón tSlaivis Dheisceartach a aithint ar a lán de na focail theibí nó léannta, a fuarthas ar iasacht ón tSean-Slaivis Eaglasta. Bhí an Rúisis fáiltiúil riamh roimh fhocail ó theangacha eile: is féidir iasachtaí ón Ollainnis, ón nGearmáinis, ón bhFraincis agus ón mBéarla a aithint i mbunstór focal na teanga.

Is í an aibítir Rúiseach an leagan is coitianta den aibítir Choireallach. Treoir réasúnta maith atá ann d’fhuaimniú na teanga, cé nach dtaispeánann sí an siolla faoi bhéim, rud a chuireas go mór mór isteach ar fhoghlaimeoirí na teanga. Bíonn an bhéim ag athrú ó shiolla go siolla, ó thamhan go hiarmhír agus ó iarmhír go tamhan i bhfoirmeacha éagsúla díochlaonta nó réimnithe, agus is deacair rialacha na n-athruithe seo a leagan amach chomh soiléir is go bhféadfadh an foghlaimeoir iad a thabhairt leis trí staidéar teoiriciúil. Mar sin, is fusa aithris a dhéanamh ar an gcaint bheo agus caidreamh na Rúiseach féin a lorg.

Mar chuidiú leis na foghlaimeoirí, áfach, bíonn eagráin ”aiceannaithe” de chlasaicigh Rúiseacha le fáil ó fhoilsitheoirí sa Rúis agus sna tíortha eile araon, agus iad ag taispeáint na béime le hagúidí (sínte fada) a chuirtear leis na gutaí faoi bhéim. Sna heagráin atá dírithe ar na Rúisigh féin, ní fheicfeá agúid ach an chorruair, le dhá fhocal nó dhá fhoirm a dhealú ó chéile nach bhfuil de dhifríocht eatarthu ach an bhéim.

Ar feadh i bhfad, ní raibh ach an tSean-Slaivis Eaglasta á saothrú mar theanga liteartha sa Rúis. Teanga Shlavach Dheisceartach a bhí ann go bunúsach, agus í níos gaolmhaire leis an tSeirbea-Chróitis agus leis an mBulgáiris ná leis an Rúisis ó thús. Na chéad mhisinéirí Críostaí a d’fhéach leis an gcreideamh nua a chraobhscaoileadh i measc na Slavach, tháinig siad ó theorainn na Gréigise agus na dteangacha Slavacha Deisceartacha, agus mar sin roghnaigh siad canúint Dheisceartach le haghaidh a gcuid scríbhinní cráifeacha nó Bíoblúla.

Nuair a chuir an tImpire Peadar Mór a chuid leasuithe i bhfeidhm ar an Rúis leis an tír a thabhairt chun nua-aimsearthachta, tháinig borradh mór faoi shaothrú liteartha na teanga dúchais, nó bhí an tImpire ag iarraidh an Rúisis a chur in áit na Sean-Slaivise mar theanga chultúrtha. Is léir, áfach, gur fhág an tSean-Slaivis a lorg ar stór focal na Rúisise, go háirithe ar an téarmaíocht theibí.

I rith na naoú haoise déag, bhain na scríbhneoirí Rúiseacha amach clú idirnáisiúnta leis an gcineál speisialta réalachais a chleacht siad ina gcuid úrscéalta agus gearrscéalta.

Ba é Aleksandr Pushkin (1799-1837) an chéad chlasaiceach. Scríobh sé dánta fada eipiceacha cosúil le Yevgeniy Onegin, a bhfuair an saol mór aithne air mar cheoldráma, ach thairis sin, d’fhág sé ina dhiaidh an t-úrscéal Kapitanskaya dochka (Iníon an Chaptaein), úrscéal stairiúil i stíl Walter Scott.

Ansin, tháinig Mikhail Lermontov (1814-1841). Saighdiúir agus file a bhí ann, ach is dócha gurb é an t-úrscéal Geroy nashego vremeni (Laoch ár Linne) an chuid is tábhachtaí dá shaothar, mar is dóigh le léitheoir an lae inniu.

Ní féidir dearmad a dhéanamh de Nikolay Gogol (1809-1852), ach an oiread. Úcránach a bhí ann, ach ó nár glacadh leis an Úcráinis mar theanga san am – is é an meas oifigiúil a bhí uirthi nach raibh inti ach canúint de chuid na Rúisise, ”Mion-Rúisis” – roghnaigh sé an Rúisis mar mheán liteartha, cé go bhfuil blas na hÚcráine agus na hÚcráinise ar a lán dá chuid luathshaothair. Ba é an t-úrscéal Mërtvye dushi (Anamnacha Marbha) a thabhaigh a cháil dó, áfach. Aoir atá ann a thugas cur síos ar amhantraí aisteach: bíonn laoch (nó frithlaoch) seo an scéil ag ceannach ”anamnacha marbha”, is é sin, seirfigh atá sna rollaí i gcónaí cé go bhfuil siad tar éis bháis cheana féin. (”Anam” a thugtaí ar sheirfeach sa tsean-Rúis i dtéarmaíocht an daonáirimh – d’fhéadfá a rá gur aonad tomhais a bhí ann – agus ba nós na ”hanamnacha marbha” a bhaint de na rollaí lá an daonáirimh.) Saothar clúiteach eile le Gogol é an dráma úd Revizor (An Cigire).

Prós-scríbhneoir réadúil agus drámadóir ab ea Ivan Turgenev (1818-1883). hAistríodh leabhar amháin leis go Gaeilge, fiú – Cuimhní Cinn an tSealgaire (Zapiski okhotnika sa bhunteanga). Gearrscéalta iad na cuimhní cinn seo a thugas cur síos suimiúil ar shaol na tuaithe, agus is féidir a aithint orthu go raibh an scríbhneoir iontach míshásta leis an bhfeodachas agus leis an seirfeachas a bhí i bhfeidhm sa Rúis san am. Tháinig sraith úrscéalta óna pheann chomh maith, ar nós Dvoryanskoye gnezdo (Nead na nUasal), a chaith súil ar shaol na ndaoine uaisle faoin tuath, agus Ottsy i deti (Aithreacha agus Mic, nó b’fhéidir Aithreacha agus a gClann Mhac), inar chardáil Turgenev an dóigh a raibh na coimhlintí sa tsochaí agus teacht an réabhlóideachais ag cur dinge idir na glúnta agus ag dealú na mac óna n-aithreacha.

Scríbhneoir fadsaolach próis ab ea Leon (Lev) Tolstoy (1828-1910). Ar dtús scríobh sé trí úrscéal beaga faoina shaol féin, Detstvo (An Chéad Óige), Otrochestvo (Aois an Ghearrbhodaigh) agus Yunost’ (An Óige); ina dhiaidh sin, áfach, bhain sé amach clú domhanda leis na húrscéalta móra réalaíocha úd Voyna i mir (Cogadh agus Síocháin) agus Anna Karenina. Ní raibh iontu siúd ach cuid bheag dá shaothar, chomh bisiúil is a bhí sé. Timpeall ar an mbliain 1870, chuaigh sé trí ghéarchéim mhór phearsanta ina shaol, agus chrom sé ar a idé-eolaíocht féin a bhaint amach – Tolstaíochas, a bhí bunaithe ar chineál ainrialachas Críostaí. Chuaigh an idé-eolaíocht seo go mór mór i bhfeidhm ar chuid mhór d’intleachtóirí a linne sa bhaile agus i gcéin, agus d’fhág sí a blas ar a chuid saothar deireanach. Níor thaitin an radacachas Críostaí leis an Eaglais Ortadocsach, a d’eascoiteannaigh an scríbhneoir sa bhliain 1901.

Saíceachas (an Saíceachas, an tSaíceachais) – Creideamh é an Saíceachas a tháinig ar an bhfód sa Phuinseaib (réigiún Indiach agus é roinnte idir an India agus an Phacastáin inniu) sa chúigiú haois déag. Is éard a deir lucht staidéir an reiligiúin chomparáidigh ná gur ”panindiachas” é an Saíceachas, is é sin creideann na Saícigh go bhfuil an chruinne ábhartha ar maos le diachas ach go bhfuil idirdhealú idir an saol saolta agus an diachas i gcónaí. Ní mór an cineál seo reiligiún a scaradh ón ”bpandiachas” a deir gurb ionann an ollchruinne agus Dia.

An spiorad sin atá le haithint gach áit, tugann na Saícigh Vahiguru nó an Teagascóir Iontach air. Tugtar gúrúnna ar na teagascóirí móra reiligiúnacha sa Saíceachas, an deichniúr acu: focal Sanscraite é guru a chiallaíos ”múinteoir, oide”. Ba é Guru Nanak (1469-1539) a bhunaigh an Saíceachas; maidir leis na gúrúnna eile, chuidigh gach duine acu ar a bhealach féin le forbairt an tSaíceachais mar chreideamh neamhspleách.

Is é leabhar naofa na Saíceach an t-aonú gúrú déag, agus tugtar Guru Granth Sahib air. Tá sé scríofa in aibítir speisialta ar a dtugtar Gurmukhi – sin í an aibítir a úsáideas na Saícigh leis an bPuinseaibis a scríobh freisin. Tá an scrioptúr Saíceach breactha síos i roinnt teangacha éagsúla: tá idir Phuinseaibis, Pheirsis agus Hiondúis ann chomh maith le teangacha nó canúintí eile.

Sanscrait (an tSanscrait, na Sanscraite) – Is í an tSanscrait teanga chlasaiceach na hIndia, inar chuir lucht léinn na sean-India i míotar miotaseolaíocht agus seanchas a dtíre fadó. Bhí an-tábhacht ag an tSanscrait i stair na teangeolaíochta Ind-Eorpaí, nó nuair a d’aithin na teangeolaithe Iartharacha go raibh lúb ghaoil éigin ag an tSanscrait leis an Laidin agus an tSean-Ghréigis, tuigeadh dóibh an chéad uair go raibh a leithéid de rud ann agus fine na dteangacha Ind-Eorpacha.

Tá dlúthbhaint ag an tSanscrait leis an gcreideamh Hiondúch, agus is dóigh lena lán de lucht leanúna an Hiondúchais go bhfuil fórsaí neamhshaolta sa teanga féin agus gur féidir leat do shláinte a fheabhsú trí théacsanna naofa a reic os ard sa teanga. Ón taobh eile de, breacadh a lán scríbhinní saolta síos as Sanscrait chomh maith, tráchtais mhatamaitice mar shampla.

Is é is brí le hainm na teanga ná ”imghlan” nó ”ardnósach”, rud a thugas le fios gur teanga ealaíonta chaighdeánaithe chlasaiceach í. Le fírinne, scríobhadh litríocht chlasaiceach na teanga, nó an chuid is mó di, i ndiaidh don chainteoir dheireanach dúchais bás a fháil. Na teangacha a bhí á labhairt ag an gcosmhuintir san am chéanna, thugtaí ”Pracraití” orthu. As na Pracraití a d’fhorbair an Hiondúis, an Urdais agus na teangacha nua-aimseartha eile a labhraítear i dtuaisceart na hIndia.

Is í an aibítir Dhéiveanágrach is mó a shamhlaítear leis an tSanscrait, ach tá aibítrí eile in úsáid san India, go háirithe ag lucht labhartha na dteangacha Dráivideacha i ndeisceart na tíre – ag na Tamalaigh, mar shampla. Hiondúigh iad an chuid is mó acu seo freisin, agus cé nach bhfuil an Tamailis gaolmhar leis an tSanscrait ar aon nós, tá meas mór ag a lán Tamalach ar an teanga sin ar chúiseanna reiligiúnacha. Mar sin, níl sé as an ngnáth Sanscrait a scríobh nó a chlóbhualadh san aibítir Thamalach.

saobhdhiallas (an saobhdhiallas, an tsaobhdhiallais) – Is é an saobhdhiallas an ghluaiseacht dhealraitheach, an ghluaiseacht a aithníos tú le súile do chinn, trasna réimse do radhairc. Na rudaí atá in aice leat, feictear níos mó duit iad ná na cinn atá i bhfad uait – sin é an rud is peirspictíocht ann. Ar an dóigh chéanna, na rudaí atá ag gluaiseacht trasna, má tá siad in aice leat, feictear an fad a chuireas siad díobh níos mó duit ná an fad céanna a chuireas na rudaí i bhfad uait díobh. Sin é an rud is saobhdhiallas ann.

Tomhaistear an saobhdhiallas mar stua, agus is iad na haonaid a úsáidtear ná na céimeanna, na nóiméid agus na soicindí.

sféar neamhaí (an sféar neamhaí, an sféir neamhaí) – Sna laethanta a bhí shíleadh na daoine nach raibh sna réaltaí ach poill i gcineál sféar nó liathróid, agus go raibh solas Dé ag teacht isteach tríd na poill seo ó Neamh. D’athraigh an tuiscint ar na cúrsaí seo go mór mór idir an dá linn, ach ina dhiaidh sin féin is gnách leis na réalteolaithe inniu féin an spéir a mhapáil mar a bheadh sféar ann agus sinn suite i lárphointe an sféir sin.

scitsibhéascna (an scitsibhéascna, na scitsibhéascna) – Tugtar scitsibhéascna ar an staid ina bhfuil pobal labhartha na teanga idir eatarthu faoin gcineál caighdeán a mba chóir dóibh cloí leis ina gcuid scríbhneoireachta foirmeálta nó oifigiúla. Deirtear go minic go bhfuil scitsibhéascna ag luí ar chuid mhór de lucht na Gaeilge, ós rud é nach bhfuil siad siúráilte faoi cé acu ba chóir dóibh aithris a dhéanamh ar an gcaighdeán oifigiúil, nó ar ”chaighdeán” neamhoifigiúil na scríbhneoirí canúnacha.

scitsifréine (an scitsifréine, na scitsifréine) – Galar tromchúiseach intinne í an scitsifréine. Bíonn siabhráin agus bréagchreidimh éagsúla ag cur isteach ar thuiscint na réaltachta, agus is minic a bhíos eagla mhíréasúnta agus mothúcháin mhístiúrtha eile ag luí ar an othar.

Ní mór scitsifréine a scaradh ó mhí-ordú dícheangailte na féinaithne. Sa mhí-ordú seo síleann an t-othar go bhfuil níos mó ná duine (pearsa) amháin ann. Is minic a shíltear gurb ionann scitsifréine agus ”pearsantacht scoilte”, ach le fírinne ní hionann an dá rud ar aon nós. B’fhearr a rá go bhfuil intinn an othair scitsifréinigh ina smidiríní ar fad.

Go bunúsach ní féidir leis an othar imeachtaí na réaltachta a scaradh ó imeachtaí a intinne, ionas go n-aithníonn sé lena chéadfaí rudaí nach bhfuil ann ar aon nós. Thairis sin bíonn na smaointí féin á gceangal dá chéile ar dhóigh anordúil, agus ní féidir leis an scitsifréineach cumarsáid a dhéanamh le daoine eile, ós rud é nach bhfuil baint cheart ag a chuid focal le chéile. Déanann sé neamhshuim den ghlaineacht phearsanta agus ní bhíonn sé in ann cuideachta a choinneáil do dhaoine eile.

Creidtear go bhfuil claonadh géiniteach (oidhreachtúil) ag daoine áirithe chun scitsifréine, ach ní féidir a rá gurb í an scitsifréine an chinniúint dhosheachanta ag na daoine sin féin. Bíonn strus nó brú éigin de dhíth leis an ngalar a spreagadh. Cuid mhór de na hothair is daoine óga iad agus iad fós ag iarraidh fódú a dhéanamh sa saol, agus is follas go bhfuil strus mór ag dul le héiginnteacht seo na hóige ag aon duine. Cuireann ró-úsáid na biotáille agus na ndrugaí leis an bpriacal, chomh maith. An dainséar is mó a ghabhas leis an gcanabas (an chnáib, an haisis, an marachuan) ná gur féidir leis síocóis nó scitsifréine a tharraingt ar dhuine óg a bhfuil an claonadh sin ann ó dhúchas.

Is minic a thagas mionchomharthaí síocóiseacha ar an othar sula mbuailfidh an galar féin é, agus is é an cur chuige is fearr ná na réamhchomharthaí seo a admháil is a aithint le teacht chun cabhrach in am, go háirithe más duine óg atá i gceist agus galar den chineál seo ag luí ar dhlúthghaol leis.

SiriusRéalta an MhadraSopdetSotis – Is é Sirius an réalta is gile amuigh ar an spéir de réir mar a fheictear dúinn (is é sin má fhágtar an Ghrian féin as an áireamh). Tá sé le feiceáil i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir, agus sin é an fáth go dtugtar Réalta an Mhadra air. Tá sé suite réasúnta gar dúinn, is é sin, níl sé ach faoi naoi solasbhliana dínn. Ní fathachréalta atá ann mar sin ach ceann de réaltaí an phríomhsheichimh, ach ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil sé níos mó ná an Ghrian s’againn féin. Tá sé níos teo fosta agus é ag dó a chuid hidrigine go géar gasta. Mar sin níl fad saoil i ndán dó i gcomparáid leis an nGrian.

Réalta bhánghorm é Sirius – is é sin, réalta den aicme speictreach A. Tá lámhscríbhinní áirithe ó laethanta na seanársaíochta ag áitiú gur réalta dhearg a bhí ann san am sin, rud a chuireas isteach go mór mór ar na réalteolaithe. Sa naoú haois déag, tugadh faoi deara go bhfuil leathbhádóir beag ag Sirius, réalta bheag ar a nglaoitear Sirius B inniu. Tá an teoiric ann gur fathachréalta dhearg a bhí sa leathbhádóir seo fadó agus gur iompaigh sé ina abhacréalta bhán idir an dá linn, ach is ar éigean is féidir a chreidiúint go raibh Sirius dearg nuair a bhí réalteolaithe na sean-Róimhe ag obair, nó bíonn forbairt na réaltaí i bhfad níos maille ag teacht i gcrann.

struchtúr mórscála (an struchtúr mórscála, an struchtúir mhórscála; na struchtúir mhórscála, na struchtúr mórscála) – Tá na réaltaí ordaithe ina réaltraí, cosúil le Bealach na Bó Finne, ach níl na réaltraí féin scaipthe ar fud na hollchruinne gan eagar nó inneall de shórt éigin a bheith orthu. Tá na réaltraí ordaithe ina mbraislí, agus na braislí féin ina bhforbhraislí. Tugtar struchtúir mhórscála ar na forbhraislí agus ar struchtúir eile ar aon mhéid nó ar aon diminsiún leo. Struchtúir mhórscála iad an Balla Mór agus an tOllaomthóir, mar shampla. Bíonn na struchtúir seo dealaithe óna chéile le folúis mhóra nach bhfuil ach an corr-réaltra le fáil iontu.

Sualainnis (an tSualainnis, na Sualainnise) – Teanga Lochlannach í an tSualainnis a labhraítear sa tSualainn agus ar chóstaí is ar oileáin na Fionlainne. Is í an teanga Lochlannach is líonmhaire cainteoirí. Tá sí intuigthe ag lucht labhartha na hIoruaise agus na Danmhairgise, ach cé go bhfuil sí níos gaolmhaire leis an Danmhairgis ná leis an Ioruais, is doiligh leis na Sualannaigh mórán céille a bhaint as caint na nDanmhargach.

Tá stór focal na Sualainnise ar maos le hiasachtaí ón bhFraincis agus ón mBéarla, chomh maith leis na teangacha clasaiceacha (an Laidin agus an Ghréigis). Cosúil leis an Ioruais agus an Danmhairgis, bhí an tSualainnis go mór mór faoi thionchar na Gearmáinise sa Mheánaois, agus mar sin tá lorg na teanga sin ar stór focal na Sualainnise – d’fhéadfá a rá go bhfuil cuid mhór den tSualainnis lomaistrithe ón nGearmáinis. Ní mór cuimhne a choinneáil air, áfach, gurb í an Ghearmáinis Íochtarach – seanchanúint Thuaisceart na Gearmáine – foinse na n-iasachtaí Gearmáinise sa tSualainnis, rud a fhágas go mbíonn siad níos comhoiriúnaí le córas foghraíochta na Sualainnise ná focail na Gearmáinise caighdeánaí.

Bhí trí inscne ag na hainmfhocail sa teanga ar dtús, ach tá an difríocht idir an bhaninscne agus an fhirinscne beagnach imithe inniu. Maireann an neodar, an inscne neodrach, beo sa teanga i gcónaí.

Cuirtear an t-alt deimhneach leis an ainmfhocal mar a bheadh iarmhír ann: ett hus ‘teach’, huset ‘an teach’; en man ‘fear’, mannen ‘an fear’.

an Tábla Mensa – réaltbhuíon nach bhfuil le feiceáil ach ó leathsféar theas an Domhain. Ba é an réalteolaí Francach Nicolas Louis de La Caille a shainmhínigh an réaltbhuíon seo san ochtú haois déag. Níl réaltaí geala sa réaltbhuíon seo ar aon nós, ach tá cuid de Scamall Mór Magellan suite inti. Tá an Tábla dingthe idir an Caimileon, an Colgán, an Phéist Bheag, an tOchtamhán agus an tIasc Eitilte.

taifeach (an taifeach, an taifigh) – Is éard atá i gceist leis an taifeach ná cumas an ghléas tomhais nó taispeána mionsonraí a aithint nó a thaispeáint.

táimhe (an táimhe, na táimhe) – Is éard atá i gceist leis an táimhe ná an dóigh a mbíonn na réada go léir ag iarraidh a seanluas agus a seantreo gluaiseachta a choinneáil, ionas go bhfuil sé riachtanach fórsa a oibriú ar aon réad lena chur óna sheanbhealach, le tuilleadh luas a chur faoi, nó le luas a bhaint de.

na Táirídí (na Táirídí, na dTáirídí) – Cith dreigí is ea na Táirídí a bhíos le feiceáil timpeall ar thús Mhí na Samhna, agus an chuma orthu go bhfuil siad ag teacht as áit áirithe i réaltbhuíon an Tairbh, óna bhfuair siad a n-ainm. Creidtear gur iarsmaí cóiméid atá iontu.

tairiseach (an tairiseach, an tairisigh; na tairisigh, na dtairiseach) – luach i bhfoirmle matamaitice nach bhfuil inathraithe.

tairiseach Hubble – Glacann na réalteolaithe leis go coitianta go bhfuil an Ollchruinne ag dul i bhfairsinge (”an chruinne fhairsingíoch”), agus na réaltraí ag druidim ó chéile. Meastachán ar luas an fhairsingiúcháin seo é tairiseach Hubble, agus é ainmnithe as an réalteolaí Meiriceánach Edwin Hubble. Níl luach an tairisigh socraithe go fóill, ach faoi láthair, glactar leis go bhfuil sé timpeall ar 70 (km/s)/Mpc. Is ionann Mpc agus meigeaparsoic, is é sin, milliún parsoic, agus is ionann parsoic agus timpeall ar 3.26 solasbhliain, sin nó tuairim is 30,856,775,813,100 ciliméadar. Go bunúsach, má tá dhá réad suite aon mheigeaparsoic (milliún parsoic) amháin ó chéile, tiocfaidh seachtó ciliméadar breise leis an bhfad sin in aghaidh na soicinde ar an t-aon chúis amháin go bhfuil an spás féin ag dul i méadaíocht.

taiscéalaí spáis (an taiscéalaí spais, an taiscéalaí spáis; na taiscéalaithe spáis, na dtaiscéalaithe spáis) – Spásbhád taighde nach bhfuil aon duine ar bhord á stiúradh.

tais-scópach – más dual do shubstaint éigin taise a timpeallachta a ól chuici, deirimid gur substaint thais-scópach atá ann.

taoide (an taoide, na taoide) – Tuile agus trá an uisce in éadan an chósta. Is é is cúis leis an taoide ná imtharraingt na Gealaí agus na Gréine chomh maith le rothlú an Domhain féin. Oibríonn na fórsaí taoide seo ar an gcloch leáite taobh istigh den Domhan chomh maith.

an Tarbh (an Tarbh, an Tairbh) nó Taurus – ceann de na réaltbhuíonta ar an Stoidiaca, agus ceann de chomharthaí astralaíochta an Stoidiaca chomh maith. Tá an réaltbhuíon ag críochantacht le seacht gceann eile: an tAra, Peirséas, an Reithe, an Míol Mór, an Abhainn, an Bodach (Oirían) agus an Cúpla. Is é Aldebaran an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, ”súil an Tairbh”. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann. Tá réada cuidsúlacha eile le feiceáil sa Tarbh, áfach: an Phléadach (an tÉillín, an Streoillín, an Tréidín – Seven Sisters a deir an Béarla), na Hyades, Réaltnéal an Phortáin (iarsmaí an ollnóva a chonacthas sa bhliain 1054, agus é curtha i míotar ag réalteolaithe Síneacha na linne), agus a lán eile.

Taygeta – ceann de na réaltaí sa Phléadach. Déréalta speictreascópach í, is é sin, ní féidir í a aithint mar dhéréalta ach amháin ar an speictream. Réalta den aicme ”B” í, is é sin, réalta the a bhfuil dath gorm inti, agus í cuíosach gearrshaolach.

Taygete – gealach bheag de chuid Iúpatair. Satailít chasiompaithe neamhrialta í. Ceann de na gealacha i ngrúpa Carme í.

teascóg (an teascóg, na teascóige; na teascóga, na dteascóg) – an chuid d’achar an chiorcail idir dhá gha agus stua, nó an chuid de théagar an sféir taobh istigh de chón gathanna as lárphointe an sféir.

teicteonaic (an teicteonaic, na teicteonaice) – an chraobh den gheolaíocht a dhéanas staidéar ar screamh an Domhain, ar a struchtúr agus ar a forbairt in imeacht na milliún bliain. Cuid thábhachtach den teicteonaic í teicteonaic na bplátaí, is é sin taighde ar na plátaí ilchríochacha agus ar an dóigh ar ghluais siad in imeacht ama. Ábhar taighde don teicteonaic é fás agus forbairt na sliabhraonta chomh maith.

teictít (an teictít, na teictíte; na teictítí, na dteictítí) – Is éard atá i gceist leis na teictítí ná clocha beaga dímhorfacha a foirmíodh nuair a bhuail dreigít ón spás faoi dhroim an Domhain. Leáigh imbhualadh den chineál sin cuid mhór cloiche, agus na deora leáite a cruthaíodh mar sin chuaigh siad i bhfuacht arís chomh sciobtha is nár criostlaíodh iad. Rinneadh ábhar dímhorfach – ábhar gan struchtúr ceart criostalach, cineál gloine – díobh sa teagmháil, mar sin. Murab ionann agus an cineál clocha gloine a foirmíodh ar bhealach bholcánach bíonn na teictítí beagnach saor ó uisce.

teileascóp (an teileascóp, an teileascóip; na teileascóip, na dteileascóp) – Gléas aonsúileach cianradhairc é an teileascóp. Sa bhunchiall is éard is teileascóp ann ná cineál píopa a bhfuil lionsa mór dronnach, an réadlionsa, i gceann amháin de, agus lionsa beag, an súil-lionsa nó an súilphíosa, sa cheann eile. Déantóirí spéaclaí ón Ollainn a chéadcheap an cineál seo teileascóp – teileascóp athraonta athraonadóir – thiar i dtús na seachtú haoise déag. Is féidir gur éirigh le duine aonair éigin i bhfad roimhe sin féin teileascóp a thógáil, nó bhí tuiscint áirithe ag saoithe na sean-Ghréige agus na sean-Róimhe féin ar chúrsaí optaice agus ar athraonadh an tsolais sna lionsaí.

Tá an bunphrionsabal sách simplí: nuair a chuala Galileo Galilei iomrá ar theileascóip na nOllannach, níor theastaigh uaidh ceann acu a fheiceáil lena shás féin a chur i dtoll le chéile. Breathnóir dúthrachtach spéire agus réalteolaí ceannródaíoch a bhí in Galilei, ach thairis sin rinne sé an-fhorbairt agus an-fheabhsú ar an teileascóp mar ghléas.

Tháinig lucht na ceirde go luath ar an tuiscint go mbeadh sé praiticiúil scáthán mór cuasach, réadscáthán, a úsáid in áit an réadlionsa – is é sin teileascóp frithchaite frithchaiteoir a thógáil. Ba é Isaac Newton an chéad duine ar éirigh leis frithchaiteoir inúsáidte a dhearadh is a dhéanamh.

Bhí fabhtaí agus fadhbanna éagsúla ag cur isteach ar na réalteolaithe agus iad ag úsáid na dteileascóp. Mar shampla, athraíonn innéacs athraonta an tsolais beagáinín de réir an tonnfhaid (agus an datha), rud a chiallaíos go bhfágann an lionsa cineál ”bogha báistí” timpeall ar shonraí na réad – an t-iomrall crómatach, mar a deir an téarmaíocht (is é kroma an focal Gréigise a chiallaíos ”dath”). San ochtó haois déag tosaíodh ag cur lionsaí as cineálacha éagsúla gloine le chéile le súil is go neodróidís iomrall crómatach a chéile – tugtar lionsaí neamhchrómatacha ar chnuaslionsaí den chineál seo.

an Teileascóp (an Teileascóp, an Teileascóip) nó Telescopium – Réaltbhuíon bheag é an Teileascóp atá ag críochantacht leis an Altóir, le Coróin an Deiscirt, leis an Indiach, leis an Micreascóp, leis an bPéacóg agus leis an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí Francach Nicholas Louis de La Caille a shainmhínigh agus a d’ainmnigh an réaltbhuíon áirithe seo faoi lár na hochtú haoise déag, ach ina dhiaidh sin rinne réalteolaithe eile athruithe ar theorainneacha na réaltbhuíonta ina gcuid mapaí féin, agus is é is toradh do na hathruithe nach bhfuil ach iarsmaí fágtha den réaltbhuíon mhór a bhí ann ar dtús. Is é Alpha Telescopii an réalta is gile sa réalbhuíon seo. Fo-fhathachréalta bhánghorm í atá suite faoi 250 solasbhliain dínn.

teileascóp athraonta – is ionann é agus athraonadóir, is é sin teileascóp atá bunaithe ar athraonadh an tsolais amháin, ionas nach bhfuil ach lionsaí ann.

teileascóp buaice, teileascóp forair – teileascóp atá feistithe le pointeáil go díreach ar an bhforar nó ar an teascóg den sféar neamhaí atá timpeall ar an bhforar. Is é an forar an pointe den sféar neamhaí atá suite díreach os cionn an bhreathnóra.

teileascóp Cassegrain – cineál frithchaiteoir (teileascóp frithchaite, nó scáthánbhunaithe) ina bhfuil dhá scáthán. An príomhscáthán a dhéanas gnó an réadscátháin, tá poll ina lárphointe, agus réadlionsa nó scannán ceamara suite taobh thiar den pholl. Tá scáthán beag suite os comhair an phríomhscátháin leis na gathanna solais a dhíriú ar an bpoll. Fuair an dearadh seo a ainm ón Athair Laurent Cassegrain, sagart agus múinteoir eolaíochta a bhí beo sa seachtú haois déag.

teileascóp frithchaite – is ionann é agus frithchaiteoir, is é sin teileascóp scáthánbhunaithe. I dteileascóp den chineál seo úsáidtear réadscáthán in áit réadlionsa leis na gathanna solais a fhócasú.

teileascóp Maksutov, nó teileascóp meiniscis – teileascóp frithchaite inaa bhfuil lionsa cuasdronnach, nó ”meinisceas”, curtha i mbéal an phíopa le maolú ar an iomrall cómatach. Is é is iomrall cómatach ann ná an claonadh atá sna teileascóip ”cóma” (cf. ”cóiméad”) nó cineál ”eireaball solais”, cosúil le scuab na scuabréalta, a chur leis na réaltaí. Fuair an t-aireagán seo a ainm ó Dmitriy Maksutov (1896-1964), innealtóir optaice ón Aontas Sóivéadach a raibh suim aige sa réalteolaíocht.

teileascóp Schmidt – cineál teileascóp frithchaite a úsáidtear le grianghraif a thógáil den spéir. Tá lionsa ceartúcháin ar déanamh neamhghnách i mbéal an phíopa i dteileascóp den chineál seo, agus é, go bunúsach, plánadhronnach ar an imeall agus plánachuasach timpeall an láir. Baineann an lionsa seo den iomrall sféarúil. Fuair an dearadh a ainm ón optaiceoir Eastónach Bernhard Schmidt (1879-1935), ach tá sé incheaptha gur tháinig an réalteolaí Fionlannach Yrjö Väisälä (1891-1971) ar an dearadh céanna beag beann ar Schmidt.

teiliméadrú (an teiliméadrú, an teiliméadraithe; na teiliméadruithe, na dteiliméadruithe) – Is éard atá i gceist leis an teiliméadrú nó leis an teiliméadracht (an teiliméadracht, na teiliméadrachta) ná gléas a chur go háit dhoshroicthe nó aistreánach le cáilíocht éigin a thomhas agus luachanna na cáilíochta sin a thraschur chuig an ngléas mónatóireachta. Sampla de seo is ea an dóigh a gcuirtear ionstraimí tomhaiste ar bhord balúin le sonraí a bhailiú i dtaobh na haimsire; ar ndóigh, teiliméadrú atá i gceist leis na satailítí freisin a bhíos ag bailiú sonraí ón spás agus ag aistriú na sonraí go dtí an stáisiún stiúrtha.

teimhneacht (an teimhneacht, na teimhneachta) – An rud nach bhfuil trédhearcach ná tréshoilseach – an rud nach ligeann solas ar bith tríd – deirtear go bhfuil sé teimhneach.

teirmeachúpla (an teirmeachúpla, an teirmeachúpla; na teirmeachúplaí, na dteirmeachúplaí) – Gléas tomhaiste teochta a bhfuil dhá sheoltóir as miotail dhifriúla ann. Is féidir leis an ngléas seo voltas leictreach a ghineadh murab ionann an teocht san áit a bhfuil sé agus an teocht thagartha. Ar an voltas leictreach sin a thomhaistear an teocht ansin.

teirpéin (an teirpéin, na teirpéin; na teirpéiní, na dteirpéiní) – Tugtar teirpéiní ar na hidreacarbóin a bhfuil an tuirpintín comhdhéanta astu agus uaireanta, ar chomhdhúile dlúthghaolmhara nach hidreacarbóin iad, ach is fearr teirpéineoidigh a thabhairt orthu siúd. Is féidir gach teirpéin a mhíniú mar pholaiméir (nó mar olagaiméir is fearr a rá) isipréine. Comhdhúil cheimiceach í an isipréin a bhfuil cúig adamh carbóin agus ocht n-adamh hidrigine ina móilín, CH2=C(CH3)CH=CH2. Má mhéadaítear na huimhreacha seo faoin tslánuimhir chéanna, is é an toradh a gheofar ná líon na n-adamh carbóin agus na n-adamh hidrigine i móilíní na dteirpéiní.

Mar shampla, tá deich n-adamh carbóin agus sé adamh déag hidrigine i móilín na pínéine, arb í an teirpéin is tábhachtaí dá bhfuil sa tuirpintín féin. Deirtear go bhfuil dhá aonad isipréine sa phínéin. Is féidir a rá gur cineál teirpéine é an rubar nádúrtha freisin, nó tá sé comhdhéanta as móilíní móra a bhfuil na céadta aonad isipréine iontu.

Teirpéin í an scuailéin freisin, cé nach bhfuil sí le fáil sa tuirpintín. Is í an scuailéin an chomhchuid is tábhachtaí in ola ae siorc, agus creidtear gur cosaint nádúrtha ar an ailse atá sa scuailéin. Níl anseo ach cúpla sampla i ndáiríre, áfach, nó is grúpa mór comhdhúl orgánach iad na teirpéiní agus na teirpéineoidigh, agus a lán acu le fáil sna hainmhithe, sna plandaí agus sa duine féin.

teocht (an teocht, na teochta) – an cháilíocht fhisiciúil a thomhaiseas chomh fuar nó chomh te agus atá an réad. Ní hionann é agus an teas, arb ionann é agus an fuinneamh a aistrítear ó réad go réad (agus a aithnítear ar athrú na teochta).

teodailít (an teodailít, na teodailíte; na teodailítí, na dteodailítí) – Gléas tomhaiste uilleann den chineál a d’fheicfeá á úsáid ag lucht suirbhéireachta an tír-raoin. Is éard atá ann go bunúsach ná teileascóp beag agus é feistithe ar bhealach ar leith ionas gur féidir é a chasadh ar feadh na haise ceartingearaí agus na haise cothrománaí.

teoiric (an teoiric, na teoirice; na teoiricí, na dteoiricí) – córas idéanna atá bunaithe ar phrionsabail ghinearálta na heolaíochta agus atá ceaptha le feiniméan áirithe a mhíniú go sásúil, ionas go bhfuil sé ag cur leis an gcuid eile den eolaíocht.

teoiric chinéiteach na ngás – teoiric a thugas cur síos ar airíonna na ngás. Glacann an teoiric seo go bhfuil an gás comhdhéanta as móilíní beaga; go bhfuil na móilíní seo ar aon mhais le chéile; go bhfuil siad chomh líonmhar is gur féidir bheith i muinín na staitisticí; go mbíonn na móilíní ag gluaiseacht leo go sciobtha gan stad gan staonadh; agus go mbíonn siad ag bualadh faoi chéile agus faoi bhallaí an choimeádáin. Glactar leis fosta nach n-imríonn siad fórsaí ar a chéile ach amháin le linn na n-imbuailte. Scéal eile fós, dearctar ar na móilíní mar a bheadh sféir fhoirfe – liathróidí beaga – iontu agus iad leaisteach, is é sin, go bhfilleann siad ar a seanfhoirm i ndiaidh gach imbhualadh. Postaláid eile fós nach maireann imbhualadh an mhóilín le balla an choimeádáin ach ar feadh tamaillín an-bhídeach ama – is é sin gur féidir dearmad a dhéanamh den am sin, i gcomparáid leis an am idir dhá imbhualadh. Réamhchoinníoll eile é go bhfuil fuinneamh gluaiseachta (fuinneamh cinéiteach) na móilíní ag brath go díreach ar an teas. Thairis sin fós cuirtear san áireamh go bhfuil mais ag na móilíní, ionas go ngéilleann siad don domhantarraingt.

teoiric choibhneasachta Einsteinteoiric na coibhneasachta – teoiric chuimsitheach fisice a tháinig ar an bhfód go luath san fhichiú haois agus a chuir, in éineacht leis an bhfisic chandamach, deireadh le ré na fisice clasaicí. Luaitear teoiric na coibhneasachta le hAlbert Einstein (1879-1955), a d’fhoilsigh an chéad leagan den teoiric – teoiric na coibhneasachta speisialta – san alt Zur Elektromagnetik bewegter Körper (”Faoi leictreamaighnéadaic na réad i ngluaiseacht”) sa bhliain 1905, agus tháinig teoiric na coibhneasachta ginearálta i gcló an chéad uair deich mbliana ina dhiaidh sin.

Ba iad cothromóidí Maxwell a thug an chéad spreagadh d’Einstein. Fuair na cothromóidí seo a n-ainm ón bhfisiceoir Albanach James Clerk Maxwell (1831-1879), a bhí ar an gcéad eolaí a d’aithin nach bhfuil sa leictreachas agus sa mhaighnéadas ach gnéithe éagsúla d’aon fheiniméan amháin. Is iad na cothromóidí a thugas cur síos ar an bhfeiniméan sin. Cuid sheanbhunaithe den fhisic a bhí sna cothromóidí cheana nuair a chuaigh Einstein ag staidéar fisice. Ansin áfach thug sé faoi deara nach raibh na cothromóidí sin ag cur leis an bhfisic chlasaiceach, agus chrom sé ar theoiric a oibriú amach a bheadh i gcomhréir leis na cothromóidí.

Is é an chéad tátal a bhain sé as na cothromóidí sin ná nach féidir luas an tsolais (is é sin luas an tsolais san fholús, ar tairiseach nádúrtha é, timpeall ar trí chéad míle ciliméadar in aghaidh na soicinde) a shárú. Le fírinne ní féidir le haon réad a bhfuil mais ann an luas sin a shroicheadh, fiú.

Scéal eile fós, más féidir leat teacht i gcóngar don luas sin, go mbeidh an solas ag éalú uait lán chomh sciobtha is dá mbeifeá ag fanacht socair. Agus le fírinne is é an chuid is bunúsaí den teoiric ná nach féidir leat fanacht socair ach i gcoibhneas rud éigin eile – sin é an tuige go dtugaimid ”teoiric na coibhneasachta” uirthi.

Tíotán (Tíotán, Thíotáin) – Is é Tíotán an tsatailít is mó atá ag dul timpeall ar Shatarn. Tá sé ar aon mhéid le gealacha móra Iúpatair (is é sin, gealacha Galilei), nó tá sé tuairim is cúig míle ciliméadar ar trastomhas. Tá atmaisféar ceart aige, agus é comhdhéanta as nítrigin, chomh maith le céatadán beag meatáin agus hidrigine. Tá lochanna móra meatáin ar dhromchla Thíotáin: le fírinne an dóigh a mbíonn an meatán seo á ghalú de na lochanna le solas na gréine agus ag titim ina dheora báistí ar ais ón atmaisféar chuirfeadh sé timthriall an uisce ar an Domhan s’againn i gcuimhne duit.

Chomh dlúth agus atá an t-atmaisféar, níor cheadaigh sé don chine dhaonna mórán a fháil amach faoi thíreolaíocht Thíotáin sular tháinig an spástaiscéalaí úd Cassini a fhad leis an ngealach seo. Anois, áfach, tá ainmneacha baiste ar a lán gnéithe de dhromchla Thíotáin, na lochanna meatáin ach go háirithe. Fuair siad a n-ainmneacha ó na lochanna móra ar an Domhan: mar shampla, tá Neagh Lacus nó Loch nEathach ar Thíotán, chomh maith le Mývatn Lacus (ó Loch Mývatn san Íoslainn) nó Koitere Lacus (ó Loch Koitere san Fhionlainn). Tá trí fharraige ar Thíotán chomh maith: Ligeia Mare (ó bhean de na siréanaí i miotaseolaíocht na sean-Ghréige), Kraken Mare Kraken, an t-arrachtach mara), agus Punga Mare (ó Punga, athair na roc, na siorcanna agus na laghairteanna i miotaseolaíocht na Maorach sa Nua-Shéalainn).

Titania – Is í Titania an tsatailít nádúrtha is mó dá bhfuil ag dul timpeall ar Úránas. Tá sí ar an tseachtú gealach is mó sa Ghrianchóras, níos mó ná Rhea agus níos lú ná Tríotón. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú in Titania thiar sa bhliain 1787, agus ba é an spástaiscéalaí úd Voyager a Dó a rinne an chéad mhapáil ar an tsatailít seo thiar sa bhliain 1986. Níl eolas againn ach ar dhá scór faoin gcéad de dhromchla Thitania faoi láthair, áfach.

Creidtear go bhfuil Titania comhdhéanta as oighear agus cloch araon – is féidir go bhfuil an chloch timpeall an oighir. Tá atmaisféar éigin aici, nó ar a laghad is féidir a aithint go bhfuil dé-ocsaíd charbóin ann mar ghás.

Tá gnéithe áirithe de dhromchla Thitania ainmnithe: tá cráitéir ann chomh maith le scairpeanna agus cainneoin. Gertrude atá ar an gcráitéar is mó, agus é breis is trí chéad ciliméadar ar thrastomhas – níl Titania féin ach míle go leith ciliméadar ar thrastomhas. Messina Chasma an cainneon is faide, agus é ag rith ó mheánchiorcal Thitania a fhad leis an bpol theas. Is é an t-ainm atá ar an scairp is tábhachtaí ná Roussillon Rupes, agus í ceithre chéad ciliméadar ar fad.

tuirpintín (an tuirpintín, an tuirpintín) – Meascán as hidreacarbóin é an tuirpintín a dhriogtar as roisín an chrainn phéine. Tugtar teirpéiní ar na hidreacarbóin a bhfuil an tuirpintín comhdhéanta astu agus ar hidreacarbóin eile a bhfuil struchtúr cosúil acu. Is í an phínéin an teirpéin is tábhachtaí agus is mó atá le fáil sa tuirpintín. Úsáidtear an tuirpintín mar thuaslagóir, agus is amhábhair thábhachtacha don tionsclaíocht cheimiceach iad na teirpéiní.

uisce (an t-uisce, an uisce; na huiscí, na n-uiscí) – Is é an t-uisce ocsaíd na hidrigine, agus dhá adamh hidrigine is aon adamh ocsaigine amháin i ngach móilín uisce. Tá an t-uisce ina leacht le teocht an tseomra agus faoi ghnáthbhrú an aeir, rud is annamh ag comhdhúil chomh héadrom sin. Mar shampla, is gás é an chlóiríd hidrigine faoi na himthoscaí céanna, cé go bhfuil adamh an chlóirín níos troime ná adamh na hocsaigine.

Is é an gnáthmhíniú a thugtar air seo ná gur déphol é móilín an uisce – is é sin, tá sé de chlaonadh sna hadaimh hidrigine cuid den lucht deimhneach leictreach a ghlacadh, agus an t-adamh ocsaigine ag sú chuige na leictreoin fhiúsacha lena lucht diúltach leictreach – agus go mbíonn adaimh hidrigine móilín amháin ag aomadh adaimh ocsaigine na móilíní eile, ionas go bhfuil naisc hidrigine (mar a thugtar orthu) idir na móilíní éagsúla, comhaomadh nach ligeann do na móilíní éalú ó chéile chomh héasca.

Ar ndóigh, is déphol é móilín na clóiríde hidrigine fosta, ach ós rud é nach bhfuil ach aon adamh hidrigine amháin ann, ní féidir leis an gclóiríd hidrigine na struchtúir chasta chraobhacha a chruthú a choinníos na móilíní uisce greamaithe dá chéile.

Go ginearálta, glactar leis nach bhfuil dath ar bith san uisce, ach, le fírinne, ní mar sin atá. Tá an t-uisce gorm nó gormghlas, rud a thabharfar faoi deara má líontar tobán le huisce. Mar sin, tá an fharraige gorm i ndáiríre – is é dath nádúrtha an uisce is cúis leis. Tá an dath sin chomh lag, áfach, is nach n-aithnítear é i ngloine ná i mbuidéal atá lán uisce.

Tá an t-uisce riachtanach leis an mbeo a choinneáil leis an duine, na hainmhithe agus na plandaí, ar ndóigh. Thairis sin, is tuaslagóir tábhachtach é: bíonn na comhdhúile ianacha agus polacha sothuaslagtha san uisce. Na comhdhúile ianacha, tá siad comhdhéanta as iain dheimhneacha agus iain dhiúltacha, agus is féidir le taobh deimhneach an mhóilín uisce (na hadaimh hidrigine) greim a fháil ar ian diúltach, agus an taobh diúltach ag aomadh an iain dheimhnigh. Na comhdhúile polacha, arís, tá siad cosúil leis an uisce, toisc go bhfuil pol diúltach agus pol deimhneach sa mhóilín acu. Mar sin, bíonn móilíní den chineál seo á meascadh trí na móilíní uisce go furasta.

Ní féidir leis an uisce an chuid is mó de na comhdhúile orgánacha a thuaslagadh, áfach. Níl mórán difríochta idir an carbón agus an hidrigin ó thaobh na leictridhiúltachta de, agus mar sin, ní féidir a rá go mbeadh an nasc idir an dá dhúil seo dépholach.

Dá bhrí sin, ní féidir leis an uisce greim a fháil ar na hadaimh hidrigine agus carbóin i gcomhdhúile tipiciúla orgánacha. Ní féidir na hidreacarbóin, mar shampla, a thuaslagadh san uisce, agus má dhéanann tú iarracht peitreal nó tuirpintín a mheascadh tríd an uisce, ní éireoidh leat: fanfaidh an peitreal nó an tuirpintín os cionn an uisce, toisc go bhfuil sé níos éadroime ná é.

vanaidiam (an vanaidiam, an vanaidiam) – Is é an vanaidiam dúil cheimiceach uimhir fiche a trí. V an tsiombail cheimiceach. Ceann de na miotail thrasdultacha é. Miotal bog airgeadgheal insínte atá ann, agus é díonta go maith ar an gcreimeadh, cé go dtagann brat ocsaíde air i dteagmháil leis an aer. Ba é an saineolaí Sualannach Nils Gabriel Sefström a bhaist an vanaidiam sa bhliain 1831: tá ainm an mhiotail bunaithe ar Vanadís, ceann de na leasainmneacha a bhí ar Freyja, bandia na háilleachta i miotaseolaíocht na Lochlannach. Le fírinne níorbh é Sefström an chéad duine a d’aithin gur dúil ar leith é an vanaidiam, nó tríocha bliain roimh a lá-san tháinig Andrés Manuel del Río ar mhiotal anaithnid agus é ag obair i Meicsiceo. Níor ghlac na saineolaithe eile leis áfach go raibh miotal nua ann, nó is éard a d’áitigh siad ar del Río nach raibh i gceist ach cróimiam neamhghlan, agus sa deireadh ghéill del Río dóibh. Is é an t-ainm a bhí ag del Río ar an dúil nua ná eireatróiniam, ainm a bhí bunaithe ar an bhfocal sean-Ghréigise a chiallaíos ”dearg”.

Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin éagsúla ag an vanaidiam, agus dath difriúil ag dul le gach uimhir ocsaídiúcháin i dtuaslagán uisce. Is í +5 an staid ocsaídiúcháin is cobhsaí atá ag an vanaidiam, agus bíonn comhdhúile na staide ocsaídiúcháin seo buí – an peantocsaíd vanaidiam V2O5 mar shampla. Bíonn vanaidiam ceathairfhiúsach (+4) gorm, agus aithnítear vanaidiam trífhiúsach (+3) – an dara staid ocsaídiúcháin is tábhachtaí – ar an dath uaine. Maidir le vanaidiam défhiúsach (+2), bíonn sé corcairghorm.

Baintear úsáid as iain vanaidiam i gcadhnraí (batairí) vanaidiam, ach is dócha go n-úsáidtear an chuid is mó den mhiotal seo mar bhreiseán a chuirtear le cruach nó le hiarann. Cuireann an vanaidiam teacht aniar agus daingne san iarann, agus bíonn vanaidiam éigin sna cromfhearsaidí agus sna hacastóirí, mar shampla.

Vega – Is é Vega an réalta is gile i réaltbhuíon na Lire, agus é ar na réaltaí is gile dá bhfuil le feiceáil ar an spéir. Aicmítear Vega mar A-réalta de réir an speictrim, is é sin, is réalta bhánghorm é. Mar sin, réalta an-te atá ann agus í ag spíonadh a cuid hidrigine go géar gasta. Bhí ról tábhachtach ag Vega i bhforbairt na réalteolaíochta breathnaithí, nó bhí sé ar an gcéad réalta ar tógadh grianghraf di agus ar sainíodh a speictream.

Tá Vega suite faoi chúig solasbliana fichead dínn, agus é tuairim is dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Mar sin, cé go bhfuil sé geal, ní fathachréalta atá ann ach réalta príomsheichimh atá cuíosach cóngarach dúinn. Tá sé ag rothlú ar a ais chomh sciobtha is go bhfuil sé leacaithe sna poil.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil diosca dusta timpeall ar Vega, agus na réalteolaithe ag déanamh go bhfuil pláinéad mór, cosúil le hIúpatar, ag fithisiú Vega chomh maith.

voltas (an voltas, an voltais) – Is é an voltas difríocht an phoitéinsil leictrigh idir dhá phointe, agus is é an volta an t-aonad a thomhaiseas é. Tá voltas éigin de dhíth le go bhféadfadh sruth leictreach a bheith ann idir an dá phointe seo, nó is éard is sruth leictreach ann, go bunúsach, ná iarracht an nádúir an difríocht phoitéinsil sin a laghdú.

Is minic a chuirtear an ciorcad leictreach i gcomparáid le heas uisce: is é an voltas airde na heasa, agus is é an sruth leictreach sruth an uisce. Má ardaítear an voltas, laghdófar an sruth leictreach a fhreagraíos don fhuinneamh chéanna. Úsáidtear voltais arda sna línte cumhachta, nó mar sin, is féidir an sruth leictreach a íosmhéidiú. Is féidir dearcadh ar na línte cumhachta mar fhriotóirí a tháirgeas teas, agus is leis an teas seo a chailltear fuinneamh. Tá an caillteamas sin ag brath ar an sruth, agus mar sin, is féidir an caillteamas a íosmhéidiú tríd an sruth a laghdú.

Scéal eile áfach go mbíonn sé thar a bheith dainséarach don duine baint don líne ardvoltais, nó maróidh an turraing leictreach é ar an toirt.

xeanón (an xeanón, an xeanóin) – Is é an xeanón an dara ceann is troime de na triathgháis, agus an ceann is troime a bhfuil iseatóip chobhsaí aige. Le fírinne, tá naoi n-iseatóp nádúrtha ag an dúil seo, ach ar ndóigh, is féidir iseatóip radaighníomhacha a tháirgeadh go saorga.

Tá iarsmaí beaga xeanóin san atmaisféar, timpeall ar 0.9 milliúnú cuid, agus nuair a scartar ocsaigin agus nítrigin an aeir ó chéile, faightear xeanón mar sheachthoradh in éineacht leis na triathgháis eile.

Mar is dual don triathghás níl an xeanón araiciseach chun imoibriú leis na dúile ceimiceacha eile, ach is féidir leis an bhfluairín – an t-ocsaídeoir is láidire de na dúile ar fad – é a ocsaídiú, ionas go bhfaighfear fluairídí éagsúla xeanóin. D’éirigh leis na saineolaithe xeanón agus ocsaigin a cheangal in ocsaídí xeanóin freisin. Tríd is tríd, áfach, bíonn comhdhúile an xeanóin éagobhsaí sophléasctha, go háirithe le teocht an tseomra.

Úsáidtear xeanón sna lampaí xeanóin agus i ngléasra léasair.

zónóis (an zónóis, na zónóise; na zónóisí, na zónóisí) – Is é is ciall le zónóis ná galar ar féidir leis an duine é a tholgadh ó ainmhí. Zónóisí iad an t-antrasc, an confadh, an tsisteasóimiáis, an calar, an einceifileapaite spúinseach bhólachta (”galar na bó mire”, galar Creutzfeldt-Jakob) agus a lán eile.

An Leagan is Úire de Chiclipéid na Réalteolaíochta – The Newest Version of my Astronomy Encyclopaedia in Irish

Abhac abhacréalta a thugtar ar réalta nach fathach d’aon chineál í. Mar sin is abhaic iad réaltaí an phríomhsheichimh agus na cinn atá níos lú ná iad siúd féin. Is abhacréalta í an Ghrian s’againn, mar shampla. Rud eile é abhac bán, nó is éard a bhíos i gceist lena leithéid ná réalta atá i bhfad níos dlúithe ná réaltaí an phríomhsheichimh – go bunúsach cé go mbíonn an t-abhac bán tipiciúil ar aon mhéid leis an Domhan bíonn sé ar aon mhais leis an nGrian. Tá réalta den chineál sin bán toisc go bhfuil sí te. Níl an teas seo ag teacht ó aon imoibriú núicléach, áfach – níl ann ach iarsmaí teasa ó na laethanta a bhí an réalta gníomhach go fóill. Abhac donn atá i gceist leis an abhac nach bhfuil in ann comhleá hidrigin a haon a choinneáil ag imeacht, is é sin, an t-imoibriú núicléach is dual do réaltaí an phríomhsheichimh. Creidtear áfach go mbíonn comhleá de chineál eile ar siúl sna habhaic dhonna, comhleá hidrigin a dó (deoitéiriam) mar shampla.

An Abhainn Eridanus a thugtar ar an réaltbhuíon mhór fhada atá dingthe idir an Bodach, an Tarbh, an Míol Mór, an Fhoirnéis, an Féinics, an Clog, an Siséal agus an Giorria. Tá an réalta is gile sa réaltbhuíon, Achernar, suite ag deireadh theas na hAbhann, agus a hainm féin bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”deireadh na habhann”. Réalta bhánghorm í Achernar, agus is impleacht dó sin go bhfuil sí an-te, ach ní fathachréalta í – le fírinne tá sí chomh geal sin toisc go bhfuil sí suite réasúnta cóngarach dúinn, céad go leith de sholasbhlianta. Réalta thábhachtach eile de chuid na hAbhann í Epsilon Eridani, nó tá sí ar an réalta is gaire dúinn ar deimhníodh go bhfuil pláinéad aici. Tá réigiún mór folamh, Folús na hAbhann, le haithint i dtreo na réaltbhuíne seo chomh maith – is é sin, réigiún spáis nach féidir réaltraí ná réadanna eile a fheiceáil ann.

Ábhar idir-réaltach a thugtar ar an damhna atá ar fáil sa spás idir na réaltaí. Gás is mó a bhíos ann, agus hidrigin atá sa chuid is mó den ghás seo – nócha faoin gcéad, a bheag nó a mhór. Héiliam atá sa chuid eile, chomh maith le hiarsmaí beaga de dhúile eile. Sa bhreis ar na cineálacha éagsúla gáis tá dusta ann. Bíonn dlús an ábhair idir-réaltaigh iontach éagsúil, agus é ag brath ar an teocht ach go háirithe: an áit a dtéann sé i bhfuacht téann sé chun dlúis. Ar meán tá adamh amháin i gceintiméadar ciúbach amháin den ábhar idir-réaltach, ach mar a dúradh bíonn sé difriúil i dtimpeallachtaí difriúla. Ianaítear an t-ábhar idir-réaltach timpeall na réaltaí ”óga” teo.

Acamar an t-ainm traidisiúnta ar Theta Eridani, ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann. Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”, agus tá Acamar agus Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Déréalta í Acamar, ach is mar A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Tá Acamar suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.

Achernar atá ar an réalta is gile san Abhainn, agus is é is brí leis an ainm ná Deireadh na hAbhann – tá an t-ainm sin bunaithe ar an Araibis. B-réalta atá in Achernar de réir a speictrim, is é sin, réalta the ghorm. Tá sí ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is nach bhfuil sí róchosúil le liathróid a thuilleadh – dhealrófá le milseán den déanamh Smarties í dháiríre. Sféaróideach oblátach a thugtar ar a leithéid de chruth. Tá sí suite faoi chéad is dhá scór de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór, agus í seacht n-oiread chomh trom leis an nGrian s’againn. Scéal eile é áfach go sáraíonn sí lonrachas na Gréine glan oscartha ar fad: tá Achernar breis is trí mhíle oiread níos gile ná í. Is déréalta í Achernar, agus leathbhádóir ag an bpríomhréalta nach bhfuil ach dhá Ghrian-mhais inti. Achernar B a thugtar ar an gcomhréalta seo, agus í ag dul timpeall na príomhréalta faoi dhá aonad réalteolaíoch déag di, a bheag nó a mhór.

Achtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 89, a chuireas tús le sraith na n-achtainídí, nó na n-achtanóideach, i dtábla peiriadach na ndúl. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an achtainiam, agus níl ach iarsmaí de le fáil sa dúlra, mar thruailleán i mianraí úráiniam. Is é achtainiam a 227 an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige, nó tá sí breis is fiche bliain ar leathré. Pé achtainiam a theastaíos táirgtear go saorga in imoibreoirí núicléacha é. Foinse radaíochta é an t-achtainiam a úsáidtear uaireanta le cealla ailse a mharú. Miotal é an t-achtainiam, agus le teacht na hoíche is féidir loinnir ghorm a aithint timpeall ar gach cnap achtainiam, ós rud é go mbíonn na cáithníní radaíochta ag bualadh na móilíní san aer.

Tagann alfa-mheath agus béite-mheath araon ar achtainiam a 227. Na hiseatóip atá níos troime, is fearr leo an béite-mheath, agus na cinn atá níos éadroime, is dual dóibh an t-alfa-mheath. Maidir le hachtainiam a 226, is féidir leis alfa-mheath, béite-mheath nó leictreonghabháil a dhéanamh.

Ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, tá an t-achtainiam cosúil go maith leis an lantanam, an dúil atá suite os a chionn sa tábla peiriadach. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an achtainiam (agus ag an lantanam) ina chuid comhdhúl: mar sin tá tríchlóiríd AcCl3, tríbhróimíd AcBr3, trífhluairíd AcF3 agus seisce-ocsaíd (nó trí-ocsaíd dé-achtainiam) Ac2O3 ann.

Tugtar ”sraith achtainiam” nó ”cascáid achtainiam” ar an meathshlabhra is dual do phlútóiniam a 239. Ceann de na céimeanna idir eatarthu é achtainiam a 227 sa slabhra seo.

Achtanaiméadar a thugtar ar ionstraim a thomhaiseas cumhacht na radaíochta – go bunúsach, bíonn imoibriú ceimiceach i gceist a gcuireann solas nó cineál eile radaíochta luas faoi, agus ansin aithnítear an chumhacht ar thorthaí an imoibrithe.

Acoindrít a thugtar ar dhreigít (cloch a thit ón spéir) nach bhfuil coindriúil le haithint uirthi. Is éard atá i gceist le coindriúl ná deoir bheag cloiche a ghreamaigh don dreige amuigh sa spás. Acoindrítí iad na dreigítí a tháinig ón nGealach agus ó Mhars, mar shampla. Bíonn na hacoindrítí cosúil le basalt (bruthcharraig) an Domhain.

Acróiniciúil: An réalta a tháinig chun radhairc ó scáth na léaslíne thoir díreach nuair a bhí an Ghrian ag dul faoi, deirimid go ndearna sé éirí acróiniciúil.

Acrux an t-ainm atá ar an réalta is gile i gCros an Deiscirt. Córas ilréaltach atá ann i ndáiríre, agus é suite faoi thrí chéad is fiche solasbhliain dínn, sin nó céad parsoic.

Acuairidí: Dreigechith iad na hAcuairidí atá le feiceáil i réaltbhuíon Iompróir an Uisce (réaltbhuíon an Uisceadóra), nó Aquarius. Le fírinne ní aon dreigechith amháin iad na hAcuairidí: aithnítear seacht ndreigechith éagsúla, ar a laghad, a bhíos ag teacht as pointe (radaí) éigin sa réaltbhuíon sin. Is dócha gurb iad na hEta-Acuairidí an cith is clúití acu: bíonn siad le feiceáil i Mí an Aibreáin agus i Mí na Bealtaine. Creidtear gur bhain imtharraingt na Gréine na dreigí áirithe seo ó scuabréalta Halley na céadta bliain ó shin.

Adamh: An t-aonad is lú d’aon dúil cheimiceach. De réir na tuisceana atá againn ar an adamh inniu, tá croíleacan nó núicléas ag an adamh agus an chuid is mó dá mhais comhchruinnithe ansin. Tá an núicléas comhdhéanta as dhá chineál cáithníní: prótóin agus neodróin. Tá lucht leictreach deimhneach ag an bprótón, ach níl aon chineál lucht leictreach ag an neodrón. Núicléóin a thugtar ar an dá chineál cáithníní in éineacht. Is dual do luchtanna leictreacha den chineál céanna an ruaig a chur ar a chéile, agus mar sin tá fórsa i bhfad níos láidre ná an t-éaradh leictreach de dhíth leis an núicléas a choinneáil le chéile. Seo an fórsa láidir, nó an fórsa núicléach.

Taobh amuigh den núicléas atá an néal leictreon. Tá an leictreon i bhfad níos éadroime ná an prótón – is ionann mais aon phrótón amháin agus mais dhá mhíle leictreon, beagnach. An lucht leictreach atá ag an leictreon, is lucht diúltach é a neodraíos aon phrótón amháin. Níl lucht leictreach ar bith ag an adamh sa bhunstaid, agus mar sin, is ionann líon na bprótón agus líon na leictreon. Is é líon na bprótón a shocraíos líon na leictreon, agus is é líon na leictreon (nó struchtúr an néil) a shocraíos saintréithe ceimiceacha na dúile a mbaineann an t-adamh léi.

Tá ordú agus eagar ar leith ar an néal leictreon agus é bunaithe ar cheithre chandamuimhir, mar a thugtar orthu: an phríomh-chandamuimhir a shocraíos cén sceall leictreonach ar a bhfuil an leictreon suite; an chandamuimhir asamatach a shainíos an fo-sceall (an leibhéal fuinnimh taobh istigh den sceall), ar an gcandamuimhir mhaighnéadach a aithnítear fithiseán an leictreoin, agus an chandamuimhir guairne a deir cé acu den dá leictreon san fhithiseán sin atá ann. Deir prionsabal Pauli (a fuair a ainm i ndiaidh Wolfgang Pauli, fisiceoir Gearmánach) nach féidir le dhá leictreon i néal an adaimh chéanna na candamuimhreacha céanna go léir a bheith acu.

Is iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná 1, 2, 3… Más ionann n agus an phríomh-chandamuimhir, is ionann luachanna na candamuimhreach asamataí (l) agus 0, 1, 2,…(n – 1). Más ionann l agus an chandamuimhir asamatach, is iad na luachanna a cheadaítear don chandamuimhir mhaighnéadach ná 0, +1, -1, +2, -2,…l, -l. Maidir leis an gcandamuimhir guairne, níl ach dhá luach ar fáil di: ½ agus -½.

Ní mór cuimhne a choinneáil air gur cineál simpliúchán í an tsamhail seo féin den adamh. Tá sé bunaithe ar an adamh hidrigine, nach bhfuil ach aon leictreon amháin ann. Tá sé réasúnta furasta cur síos matamaitice a thabhairt ar chóras chomh simplí sin nach bhfuil ann ach dhá réad agus iad ag idirghníomhú. Rachadh sé thar acmhainn an mhatamaiticeora féin, áfach, an idirghníomhaíocht idir na leictreoin éagsúla a chur san áireamh, abair, in adamh na hocsaigine féin (ocht leictreon ar fad) gan trácht ar adaimh na ndúl is troime amuigh (an t-úráiniam, abair, agus dhá leictreon déag is ceithre scór aige).

Is féidir leis na hadaimh naisc cheimiceacha a cheangal dá chéile. Is iad an dá chineál nasc ná an nasc comhfhiúsach agus an nasc ianach. Is éard atá i gceist leis an nasc comhfhiúsach ná comh-leictreondís (agus comhfhithiseán) dhá adamh – tugann gach adamh leictreon amháin uaidh don chomhfhithiseán. Más nasc ianach atá ann, is éard atá i gceist leis ná go bhfuair adamh amháin leictreon ar iasacht ó adamh eile. Is ionann sin is a rá go ndearnadh ian deimhneach den adamh a thug an leictreon uaidh, agus gur iompaigh an t-adamh eile ina ian diúltach. Is dual don lucht leictreach diúltach an lucht leictreach deimhneach a aomadh (a tharraingt chuige) agus a mhalairt, agus is é an comhaomachán sin is bunús leis an nasc ianach.

Adamh cianaosta: Ba é an fisiceoir Francach Georges Lemaître an chéad duine ar rith smaoineamh na hOllphléisce leis. É féin thug sé ”hipitéis an adaimh chianaosta” air. Dúirt sé go raibh a leithéid de rud ann i dtús stair na hollchruinne agus ”adamh cianaosta” nó ”ubh chosmach”, agus gurb as an adamh cianaosta seo a d’eascair an ollchruinne.

Adhara: Is é Adhara, nó Epsilon Canis Majoris, an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé suite faoi 430 solasbhliain dinn, agus is déréalta é. Maidir leis an aicme speictreach, is B-réalta í príomhréalta an chórais, agus mar sin, is réalta an-te í agus dath bánghorm inti. Tá Adhara le feiceáil i mbratach na Brasaíle freisin, agus é ag seasamh do stát Tocantins.

Adonis: Ceann de na hastaróidigh neas-Domhain é Adonis, is é sin, is astaróideach é a thagas an-chóngarach don Domhan s’againn ar a fhithis timpeall na Gréine. Ón taobh eile de, tá a chianphointe suite tuairim is cúig chéad milliún ciliméadar ón nGrian (tá an Domhan timpeall is céad is caoga milliún ciliméadar ón nGrian). Tógann sé beagnach trí bliana ar Adonis imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Ba é an réalteolaí Beilgeach Eugène Delporte a chuir an chéad sonrú san astaróideach seo, thiar sa bhliain 1936. Creidtear go bhfuil sé timpeall is ciliméadar amháin ar trastomhas.

Aeón: Sa réalteolaíocht is ionann aeón agus billiún (mórmhilliún) bliain (1,000,000,000 bliain).

I dteoiric na hollchruinne timthriallaí, glactar leis go dtiocfaidh deireadh le fairsingiú na cruinne agus go dtosóidh an chruinne ag crapadh chuici féin arís, go dtí go dtitfidh sí isteach in aon phonc amháin – an ollbhrúisc a thugtar air seo. Ansin tiocfaidh ollphléasc eile. Duine de na cosmeolaithe acu siúd ba mhó a rinne forbairt ar an teoiric seo, mar atá, an fisiceoir Sasanach Roger Penrose, thug seisean aeón ar an tréimhse ama idir dhá ollphléasc.

Aerailít: malairt ainm ar dhreigít. ”Cloch ón aer” is brí leis an bhfocal seo, go bunúsach.

Aeranomaíocht: Is éard atá i gceist leis an aeranomaíocht ná taighde ar uachtar an atmaisféir – ar an teirmisféar agus ar an méisisféar – go háirithe ar na díluchtuithe leictreacha thuas ansin.

Aeraspás: Tagraíonn an focal aeraspás d’iarrachtaí na ndaoine eitilt a dhéanamh san aer nó sa spás agus do na scileanna innealtóireachta a bhaineas leo. Ní mór é a choinneáil scartha ón aerspás a thagraíos don aer os cionn áit ar leith – os do chionn féin, cuir i gcás.

Aerastad: Tugtar aerastad ar theorainn an atmaisféir ó thaobh na heitlíochta de – is é sin, nuair a shroichfeas gnátheitleán an t-aerastad, ní bheidh fórsa ardaithe faoi na sciatháin a thuilleadh, chomh tanaí is atá an t-aer thuas ansin.

An tAerchaidéal: Réaltbhuíon é an tAerchaidéal nó Antlia atá dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, na Seolta agus Compás an Mhairnéalaigh. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a d’ainmnigh an réaltbhuíon seo agus a shainigh mar réaltbhuíon ar leith í. Níl mórán cuid súl ann: an réalta is gile atá ann, mar atá, Alpha Antliae, níl inti ach réalta phríomhsheichimh nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian s’againn, agus í féin ag druidim chun seanaoise. Réalta den déanamh K, nó réalta fhlannbhuí, atá in Alpha Antliae.

Aerloinnir: Is í an aerloinnir an dóigh a n-astaíonn an t-atmaisféar féin solas. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an aerloinnir: go bunúsach fágann solas na Gréine an t-atmaisféar luchtaithe le leictreachas, agus nuair a dhíluchtófar an fuinneamh leictreach sin, aithneofar mar sholas é. Go tipiciúil scoilteann gathanna na Gréine móilíní nítrigine no ocsaigine de chuid an aeir thuas san atmaisféar, agus nuair a rachas na hadaimh aonair le chéile le móilíní nua a dhéanamh, scaoilfear fuinneamh mar sholas. Ní féidir an aerloinnir a aithint de ló, ó tá solas scaipthe na Gréine i bhfad níos gile ná í, ach is feiniméan í a chuireas isteach ar na réalteolaithe le dorchadas na hoíche féin agus iad ag déanamh a gcuid breathnuithe.

Aeróg: Gléas a úsáidtear le tonnta leictreamaighnéadacha a ghlacadh agus a chlaochlú go bíoganna leictreacha, nó a mhalairt, is é sin, le tonnta leictreamaighnéadacha a tharchur trí bhíoganna leictreacha a chlaochlú go radathonnta (mar shampla). Tá aeróg de shórt éigin ag teastáil le craolacháin raidió nó teilifíse a tharchur nó a ghlacadh. Cineál aeróige é an soitheach satailíte, mar shampla.

Aeróga móra millteanacha iad na radaiteileascóip freisin. Úsáidtear iad le foinsí radathonnta a aithint ar an spéir, rud ar a dtugtar radairéalteolaíocht. Bíonn radathonnta ag teacht as réaltaí, réaltraí, cuasáir agus pulsáir, mar shampla.

Aeróg dhépholach: Déanamh simplí aeróige is ea an aeróg dhépholach. Dhá shlat mhiotail atá ann agus iad ag aimpliú na radathonnta eatarthu trí athshondas.

Aeróg Yagi: Déanamh aeróige is casta ná an aeróg dhépholach – aeróg atá comhdhéanta as sraith d’aeróga dépholacha agus iad suite go comhthreomhar in aice a chéile. Déanamh coitianta é seo ar na haeróga teilifíse mar shampla. Fuair an cineál seo aeróige a ainm ón innealtóir Seapánach Hidetsugu Yagi cé gurbh é Shintaro Uda a rinne an chuid ba mhó den obair dhearthóireachta. Sa bhliain 1926 a bhain siad amach paitinn don dearadh seo.

Aga: I dtéarmaíocht na réalteolaíochta is ionann an t-aga agus am tagartha na gcomhordanáidí. Bíonn athruithe beaga ag teacht ar an spéir gan stad (de thoradh na dualghluaisne ach go háirithe) agus mar sin nuair a chromfas an réalteolaí ar réaltmhapa a úsáid caithfidh sé a bheith eolach ar aga an mhapa, is é sin, cathain go beacht a bhí an mapa agus comhordanáidí an mhapa bord ar bhord le cuma na spéire.

Aichill: Ba é Aichill an chéad astaróideach Traíoch ar cuireadh sonrú ann riamh. Grúpa astaróideach iad na Traígh atá ag timpeallú ceathrú pointe Lagrange ar fhithis Iúpatair – is é sin, an pointe roimh an bpláinéad. Tá Aichill timpeall ar 130 ciliméadar ar trastomhas, agus é ar an séú Traíoch is mó. Ba é an réalteolaí Gearmánach a d’aithin Aichill roimh aon duine eile, thiar sa bhliain 1906.

Aicme speictreach: Is gnách na réaltaí a aicmiú de réir an datha atá iontu, ós rud é gur tomhas é ar theas na réalta, chomh maith lena fadsaolacht: is iad na réalta teo is luaithe a spíonas a gcuid hidrigine. Is iad na príomhaicmí sa rangú seo ná:

Aicme Dath na réalta Teocht an dromchla (273 K = 0 ºC, 373 K = 100 ºC) Sampla Réaltbhuíon Nótaí
O Bánghorm (an chuid is mó den fhuinneamh á astú mar sholas ultravialait) 30,000-50,000 K Meissa (Heka, Al Haka, Lambda Orionis) An Bodach Fathachréalta
Mintaka (Delta Orionis) An Bodach Fathachréalra
Alnitak (Zeta Orionis) An Bodach Ollfhathach
B Gorm, bánghorm 10,000-30,000 K Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris) An Béar Mór Réalta phríomhsheichimh
Rigel (Beta Orionis) An Bodach Ollfhathach
Alnilam (Epsilon Orionis) An Bodach Ollfhathach
A Bán, bánghorm 7,600-11,500 K Vega (Alpha Lyrae) An Lir Réalta phríomhsheichimh
Altair (Alpha Aquilae) An tIolar Réalta phríomhsheichimh
Sirius (Réalta an Mhadra, Alpha Canis Majoris) An Madra Mór Réalta phríomhsheichimh
Phad (Phekda, Phecda, Gamma Ursae Majoris) An Béar Mór Réalta phríomhsheichimh
Deneb (Alpha Cygni) An Eala Ollfhathach
Fomalhaut (Alpha Piscis Austrini) Iasc an Deiscirt Réalta phríomhsheichimh
F Bánbhuí 6,000-7,600 K Procyon (Alpha Canis Minoris) An Madra Beag Réalta phríomhsheichimh
Porrima (Gamma Virginis, Arich) An Mhaighdean Réalta phríomhsheichimh
G Bánbhuí, buí 5,300-6,000 An Ghrian Réalta phríomhsheichimh
Vindemiatrix (Epsilon Virginis) An Mhaighdean Fathachréalta
Sadalsuud (Beta Aquarii, Lucida Fortunae Fortunarum) Iompróir an Uisce (An tUisceadóir) Ollfhathach
Mebsuta (Epsilon Geminorum) An Cúpla Ollfhathach
K Flannbhuí 3,900-5,200 Epsilon Eridani An Abhainn Réalta phríomhsheichimh
Pollux (Beta Geminorum) An Cúpla Fathachréalta
Alsafi (Sigma Draconis) An Dragan Réalta phríomhsheichimh
Gienah (Epsilon Cygni) An Eala Fathachréalta
Eltanin (Gamma Draconis, Etamin) An Dragan Fathachréalta
M Flannbhuí, dearg 4,000 nó níos fuaire Antares (Alpha Scorpii) An Scairp Ollfhathach
Betelgeuse (Alpha Orionis) An Bodach Ollfhathach
Aldebaran (Alpha Tauri) An Tarbh Fathach
Arcturus (Alpha Bootis) An tAoire Fathach
Gacrux (Gamma Crucis) Cros an Deiscirt Fathach
Mirach (Merak, Beta Andromedae) Andraiméide Fathach
Gliese 581 An Mheá Abhac dearg
Wolf 359 An Leon Abhac dearg
Lalande 21185 (Gliese 411) An Béar Mór Abhac dearg

Ba iad Annie Jump Cannon agus Edward C. Pickering a d’oibrigh amach an córas seo thuas i dtús na fichiú haoise, agus is minic a thugtar ”córas Harvard” air, ós rud é go raibh Pickering i gceannas ar Réadlann Harvard, agus Cannon ag obair dó. Cuireadh roinnt aicmí nua leis le freastal ar chineálacha neamhghnácha réaltaí nach féidir a aicmiú de réir an chórais ”chlasaicigh” seo, cosúil leis an aicme úd W nó WR (réaltaí Wolf-Rayet).

Aicmiú Trumpler: córas aicmithe na réaltbhraislí oscailte. Ba é an réalteolaí Robert Julius Trumpler (nó Trümpler – Eilvéiseach a bhí ann a chuir faoi sna Stáit Aontaithe) a cheap an córas seo sa bhliain 1930. In aicmiú Trumpler tá uimhir Rómhánach a thugas le fios cé acu atá an bhraisle scaipthe nó dlúth (I, II, III nó IV; seasann I don bhraisle dhlúth, agus is é IV an cineál is scaipthe); uimhir Arabach a sheasas do mheánghile na réaltaí sa bhraisle (1, 2 nó 3 – is é 3 an cineál is gile); agus litir a deir cé acu atá an bhraisle saibhir (r, ó rich an Bhéarla) i réaltaí, daibhir (p, ó poor) nó idir eatarthu (m, ón bhfocal medium). Ina dhiaidh sin cuirtear an litir n le tagairt a dhéanamh don néalmhaireacht (nebulosity), is é sin, le tabhairt le fios go bhfuil an bhraisle suite i néal gáis. Is é an t-aicmiú atá ag an bPléadach, mar sin, ná I3rn – réaltbhraisle dhlúth gheal, í saibhir i réaltaí agus néalmhaireacht ag roinnt léi.

Aigéan na Stoirmeacha Oceanus Procellarum atá ar an gceann is mó de na ”mara” (na machairí basailt) ar an nGealach. Is féidir an tAigéan seo a fheiceáil ón Domhan gan dul i muinín gléasra cianradhairc. Tá cráitéar Copernicus suite san Aigéan – ceann de na gnéithe is feiceálaí de dhromchla na Gealaí. An dara spásbhád a thug daoine go dtí an Ghealach, mar atá, Apollo a 12, thuirling sí san Aigéan, agus baisteadh Mare Cognitum nó ”An Mhuir Aitheanta” ar an gcuid sin den Aigéan ina dhiaidh sin.

Ailbéideacht: An codán den tsolas (nó de chineál eile radaíochta) a fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá ailbéideacht an Domhain, mar shampla, timpeall ar 0.3, is é sin, frithchaitheann an Domhan tuairim is tríocha faoin gcéad den tsolas a bhuaileas é.

Is léir nach ionann ailbéideacht na rinne neimhe i ngach ball di. Mar shampla, má iompaíonn an Domhan taobh na farraige – taobh an Aigéin Chiúin – leat, beidh an ailbéideacht, mar a fheictear duitse í, níos mó ná meánailbéideacht ár bpláinéid.

Aimhrialtacht: Sa réalteolaíocht tagraíonn an focal aimhrialtacht dá lán coincheapanna éagsúla, mar atá:

  • Aimhrialtacht an Atlantaigh Theas
  • Aimhrialtacht éalárnach
  • Aimhrialtacht fhíor
  • Aimhrialtacht Pioneer
  • Aimhrialtacht tareitilte
  • Meán-aimhrialtacht

Is éard atá i gceist le haimhrialtacht an Atlantaigh Theas ná an aimhrialtacht a aithnítear ar an gceann inmheánach den dá chrios radaíochta timpeall an Domhain a fuair a n-ainm ón spáseolaí Meiriceánach James Van Allen. De ghnáth, ní shroicheann an crios inmheánach níos ísle síos ná sé chéad ciliméadar, ach is eisceacht (nó aimhrialtacht!) é Deisceart an Atlantaigh, áit nach mbíonn an crios radaíochta sin ach dhá chéad ciliméadar os cionn dhroim ár bpláinéid. Is é is cúis leis an aimhrialtacht seo ná nach bhfuil réimse maighnéadach an Domhain chomh siméadrach le réimse an bharra-mhaighnéid.

Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht éalárnach, an aimhrialtacht fhíor, agus an mheán-aimhrialtacht ná na comhordanáidí a thugas cur síos ar an áit a bhfuil an rinn neimhe ar a fithis, de réir na ndlíthe matamaitice a d’oibrigh Johannes Kepler amach. Uillinneacha iad an aimhrialtacht éalárnach agus an aimhrialtacht fhíor. Ní uillinn í an mheán-aimhrialtacht, cé go dtomhaistear in aonaid stua í, cosúil le huillinn. Tá an mheán-aimhrialtacht ag brath ar an achar a scuab an líne ón réad go dtí an fócas den éilips ón uair dheireanach a chuaigh an réad thart le garphointe na fithise. Is iad íosmhéid agus uasmhéid na meán-aimhrialtachta ná 0 raidian agus 2π raidian. Aonad stua é an raidian. Is ionann an raidian agus timpeall ar 57.295 céim stua, nó an stua a fhreagraíos do gha an chiorcail.

Maidir le haimhrialtacht Pioneer, is éard atá i gceist léi ná an géarú a tháinig ar luas an dá spástaiscéalaí úd Pioneer 10 agus Pioneer 11 nuair a shroich siad fad áirithe ón nGrian (timpeall ar fhiche aonad réalteolaíoch). Ní raibh súil ag na réalteolaithe leis an luasghéarú san am, ná míniú sásúil acu air, agus mar sin bhí sé ina chúis spéise acu ar feadh tamaill. Ba é an brú radaíochta ba chúis leis an aimhrialtacht – bhí na taiscéalaithe ag cailleadh teasa, ach níorbh ionann an cailleadh seo ar gach taobh den ghléas, agus mar sin bhí an brú radaíochta ag cur le luas an ghléis.

Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht tareitilte ná ardú fuinnimh a aithnítear agus spásbhád ag eitilt thart leis an Domhan. Má eitlíonn an spásbhád thart le rinn neimhe sách cóngarach, cuirfidh imtharraingt na rinne neimhe sin cor i mbealach an spásbháid, agus sa teagmháil chéanna géarófar ar a luas. Cuid bheag den luasghéarú sin áfach ní féidir leis na fisiceoirí é a mhíniú i láthair na huaire, agus tugtar aimhrialtacht tareitilte ar an gcuid sin.

Aimplitiúid a thugtar, go bunúsach, ar ”airde” na dtonnta, más é an ”tonnfhad” fad na dtonnta céanna.

Ainmníocht Bayer a thugtar ar an gcóras ainmníochta a cheap an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer thiar i dtús na seachtú haoise déag. Sa chóras seo is éard atá in ainm na réalta ná litir Ghréagach (nó ainm ar litir Ghréagach), agus ainm na réaltbhuíne ag teacht i ndiaidh na litreach sin i dtuiseal gineadach. Mar shampla, Alpha Centauri, Beta Ursae Majoris, Gamma Andromedae.

Is minic a chreidtear go seasann Alpha sa chóras seo don réalta is gile sa réaltbhuíon, agus gurb é Beta an dara ceann is gile, agus araile: Gamma, Delta, Epsilon… Le fírinne ní raibh Bayer féin ag iarraidh ordú gile na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a thabhairt go mionchruinn, nó ní raibh ar chumas réalteolaithe a linne an ghile sin a thomhas go róbheacht. Ní dhearna sé ach na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a aicmiú de réir a ngile. Má bhí, cuir i gcás, cúig réalta sa réaltbhuíon san aicme ba ghile, bhaist sé Alpha, Beta, Gamma, Delta agus Epsilon ar na cinn seo, agus ansin thug sé Zeta ar an gcéad réalta sa dara haicme, ach ní hionann sin is a rá go dtabharfadh sé Alpha ar an réalta ba ghile acu go léir. Ba mhinic a bhí a aird ar chúiseanna eile freisin: mar shampla, má bhí réalta áirithe ar an gcéad cheann sa réaltbhuíon a thagadh ó scáth na léaslíne, bhí de chlaonadh in Bayer alpha (nó an chéad litir Gréigise san aicme bhainteach gile) a bhronnadh ar an réalta sin thar aon cheann eile.

Thairis sin, rinne na réalteolaithe athruithe ar theorainneacha na réaltbhuíonta ina ndiaidh sin: thar aon rud eile, roinneadh an Long nó Argo Navis go réaltbhuíonta éagsúla, mar atá, an Chíle (Carina), Deireadh na Loinge (Puppis), Compás an Mhairnéalaigh (Pyxis), agus na Seolta (Vela). Ansin, choinnigh gach réalta a litir Ghréagach, cé gur cuireadh ainm na réaltbhuíne nua léi.

Níor chuir Bayer an córas ainmníochta s’aige i bhfeidhm ach amháin ar na réaltbhuíonta a bhí le feiceáil ón nGearmáin. Thit sé ar chrann réalteolaithe eile an córas a fhairsingiú ar réaltaí an leathsféir theas.

Aipsis: Tugtar aipsisí ar chianphointe is ar gharphointe na satailíte, is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach agus an pointe is cóngaraí don phríomhúlach ar fhithis na satailíte.

Ais leathbheag a thugtar ar an líne a ritheas ó lárphointe na héilipse go dtí ceann den dá phointe ar an éilips is cóngaraí don lárphointe. Is ionann an ais leathbheag agus leath an trastomhais is lú atá ag an éilips.

Ais leathmhór a thugtar ar an líne arb ionann í agus leath an trastomhais is mó atá ag an éilips, is é sin, ritheann sí ó lárphointe na héilipse go ceann den dá phointe ar an éilips is faide ón lárphointe.

Ais neamhaí a thugtar ar an ais a bhfuil an sféar neamhaí ag rothlú timpeall uirthi – go bunúsach, is ionann í agus ais rothlaithe an Domhain.

Ais optúil a thugtar ar an ais a ritheas trí chóras optaice agus a bhfuil an córas sin siméidreach ina timpeall. (Rud eile í an ais optach, a bhaineas leis an dóigh a n-athraontar an solas sna criostail.)

Aistiogmatacht atá i gceist nuair nach ionann an fócas (fócas an lionsa nó fócas an chórais optúil) do na línte ceartingearacha agus na línte cothrománacha.

Aistriú Doppleriarmhairt Doppler a thugtar ar athrú na minicíochta ó fhoinse tonnta atá ag gluaiseacht. Léiriú maith é bonnán an otharchairr: nuair atá an carr ag teacht inár dtreo, táimid ag cloisteáil bíoganna an bhonnáin níos tibhe i ndiaidh a chéile (rud a fhágas go bhfuil an mhinicíocht níos airde, agus fuaim an bhonnáin níos géire), agus nuair atá sí ag imeacht uainn, is dóigh linn go bhfuil na bíoganna le cloisteáil níos scaipthe (agus ansin tá an mhinicíocht níos ísle, ionas go bhfuil an fhuaim níos doimhne). De réir an phrionsabail chéanna, nuair atá foinse aon chineál tonnta ag druidim chugainn, is dóigh linn go bhfuil an tonnfhad níos lú agus an mhinicíocht níos airde ná mar a shílfeadh an breathnóir atá ag gluaiseacht in éineacht leis an bhfoinse – agus a mhalairt más ag druidim uainne atá an fhoinse sin.

Ba é an réalteolaí Ostarach Christian Andreas Doppler a mhínigh an iarmhairt seo in alt faoi dhath na ndéréaltaí thiar sa bhliain 1842. D’aithin sé prionsabal uilechuimsitheach a bhfuil baint aige leis na fuaimthonnta, na radathonnta agus na tonnta leictrimhaighnéadacha de gach cineál, an gnáthsholas san áireamh. Tugtar deargaistriú ar an dóigh a dtéann aistriú Doppler i bhfeidhm ar sholas na réaltaí agus na réada réalteolaíocha eile agus iad ag druidim uainn, agus gormaistriú an téarma a thagraíos d’aistriú Doppler ag réaltaí atá ag gluaiseacht chugainn.

Aladáid géag shnáthaide a thugtar ar chlár is féidir a iompú ionas go bhfuil sé ag pointeáil ar réad ar leith, agus é ag cur ar ár gcumas líne a tharraingt atá ag dul i dtreo an réada sin. Comhpháirt í an aladáid den teodailít (gléas an gheodasaí), mar shampla. Cineál rialóir réalteolaíoch í an aladáid, agus tá an téarma féin bunaithe ar fhocal Araibise a chiallaíos ”rialóir”.

Albireo: Is é Albireo nó Beta Cygni an cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Le fírinne is déréalta é – nó tríréalta fiú. Is iad na comhréaltaí is fusa a aithnítear ó chéile ná Albireo A agus Albireo B, ach is déréalta ann féin é Albireo A – tugtar Albireo Aa agus Albireo Ac ar an dá réalta sin inniu.

Fathachréalta fhlannbhuí den K-aicme é Albireo Aa. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile, Albireo Ac agus Albireo B, agus is B-réaltaí iad – is é sin, réaltaí teo gorma.

Alcor: Is é Alcor nó 80 Ursae Majoris Arundhati leathbhádóir na réalta úd Mizar Zeta Ursae Majoris. Le fírinne is déréalta ann féin é Alcor agus é suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn. Is réalta phríomhsheichimh den chineál A í príomhréalta Alcor – níl sa leathbhádóir ach abhac fann.

Alcyone: Is í Alcyone nó Eta Tauri an ceann is gile de réaltaí na Pléadaí i réaltbhuíon an Tairbh. Déanta na fírinne is córas ceithre réalta í Alcyone, agus is fathachréalta bhánghorm B-aicme í an phríomhréalta. An trí cinn eile is abhacréaltaí iad agus iad ag dul timpeall na príomhréalta.

Aldebaran: Is é Aldebaran nó Alpha Tauri an réalta is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus é ar réaltaí geala cuidsúlacha na spéire go léir. Fathach flannbhuí K-aicme é. Níl sé mórán níos troime ná an Ghrian s’againn cé go bhfuil sé i bhfad níos mó, i bhfad níos lonrúla – go bunúsach is réalta é a d’fhorbair ó abhac príomhsheichimh go fathach mar is dual don Ghrian féin a dhéanamh i gceann na mílte milliún bliain.

Alderamin: Is é Alderamin nó Alpha Cephei an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus é le feiceáil gan dul i dtuilleamaí uirlisí cianradhairc. Tá sé suite faoi naoi solasbhliana is dhá scór dinn. Réalta bhán A-aicme atá ann. Lonrúil is mar atá sé, ní fathachréalta é ach réalta phríomhsheichimh.

Alfa-cháithnín a thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.

Nuair a thiocfas moill ar an alfa-cháithnín sa damhna, bainfidh sé dhá leictreon óna thimpeallacht agus iompóidh sé ina adamh héiliam. Dá thoradh sin bíonn boilgeoga beaga héiliam le fáil sna mianta úráiniam.

Alfa-mheath is cúis leis an alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as dúile áirithe radaighníomhacha. Nuair a thiocfas alfa-mheath ar an núicléas, astóidh sé alfa-cháithnín, is é sin cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann. Ansin bainfear dhá aonad d’uimhir adamhach an núicléis, ós ar líon na bprótón a aithnítear an uimhir adamhach. Mar sin, má thagann alfa-mheath ar núicléas úráiniam (is é 92 uimhir adamhach an úráiniam), déanfar núicléas tóiriam de (is é 90 uimhir adamhach an tóiriam).

Ar dhúile troma radaighníomhacha, cosúil leis an úráiniam, is tipiciúla a thagas an t-alfa-mheath. Ní bhíonn iseatóip chobhsaí ar bith ag na dúile is troime amuigh, agus mar sin caithfidh núicléis na ndúl sin an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach araon a laghdú leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Dealraíonn sé gurb é an teallúiriam (uimhir adamhach: 52) an dúil is éadroime a bhfuil iseatóip alfa-ghníomhacha aige.

Alfa-radaíocht an cineál radaíocht atá comhdhéanta as alfa-cháithníní. An alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as na núiclídí radaighníomhacha ní bhíonn sí saibhir i bhfuinneamh agus is leor duilleog páipéir le maolú uirthi go substaintiúil.

Na halfa-cháithníní a bhíos ag bualadh an Domhain ón spás, mar chuid den radaíocht chosmach, tá siad i bhfad níos fuinniúla agus dainséar iontu do na neachanna beo dá réir.

Algenib an t-ainm a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta:

  • Gamma Pegasi. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon Pheigeasais. Glactar leis go bhfuil sí suite faoi thrí chéad is nócha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réalta réasúnta mór atá i nGamma Pegasi, ach is deacair a rá an féidir fathachréalta a thabhairt uirthi dáiríribh: tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread ar trastomhas. Réalta an-lonrúil í áfach – breis is cúig oiread chomh lonrúil leis an nGrian – agus ní shamhlófá a mhalairt le réalta B-aicme. Dealraíonn sé go bhfuil sí le hiompú ina fathach ceart nuair a bheas a cuid hidrigine spíonta aici.
  • Malairt ainm ar Alpha Persei nó Mirfak. Féach Mirfak.

Algol an Deamhanréalta a thugtar ar an réalta úd Beta Persei; ainm eile as Béarla é Winking Demon, is é sin, ”an Deamhan Súilbhobálach”. ”An Deamhan” is brí leis an ainm Araibise úd Al-Ghul, agus is ionann sin mar fhocal agus ghoul an Bhéarla – ”gúl” an leagan Gaeilge a thugas foclóir mór Néill Uí Dhónaill. Ba nós leis na hastralaithe anallód a shíleadh gur tuar tubaiste agus foréigin a bhí ann. Is léir mar sin gur spreag an réalta seo fantaisíocht na ndaoine le fada, agus is é is cúis leis sin ná gur déréalta uraitheach í: an dóigh a mbíonn sí ag ”bobáil súile” shíleadh na daoine gur neach beo a bhí i gceist.

Is é is ciall le ”déréalta uraitheach” ná go dtagann ceann den dá chomhréalta idir sinn agus an ceann eile ó am go ham, rud a fhágas go bhfuil lonrachas agus speictream na réalta ag athrú go tráthrialta. Tá an dá chompánach suite chomh cóngarach dá chéile is nach raibh na sean-réalteolaithe in ann iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an timthriall seo – le huirlisí forbartha an lae inniu is féidir an dá réalta a fheiceáil, áfach. Mar sin féin tugtar déréalta speictreach ar Algol, toisc gur ar na hathruithe speictrim is lonrachais a d’aithin na réalteolaithe an chéad uair gur dhá réalta a bhí ann.

Le fírinne tá an tríú comhréalta ann freisin, ach ní uraíonn sí aon cheann den dá réalta eile.

Réaltaí príomhsheichimh iad comhréaltaí Algol, cé go bhfuil siad níos mó ná an Ghrian. An réalta is gile den triúr, nó Algol Aa1, is réalta den B-aicme í, agus í tuairim is trí oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus beagnach dhá chéad oiread níos lonrúla. An compánach uraitheach atá ag Algol Aa1, tugtar Algol Aa2 air. Tá sé beagáinín níos éadroime ná an Ghrian, agus é trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais. Réalta K-aicme é, agus é gan ach seacht n-oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Maidir leis an tríú comhréalta, baineann sí leis an A-aicme, agus níl sí mórán níos troime, ná níos mó, ná an Ghrian.

Bhí an-tábhacht leis an réalta seo i stair na réalteolaíochta, ó chuidigh sí leis na heolaithe tuiscint a fháil ar na déréaltaí mar rud. Is gnách aicme iomlán de dhéréaltaí a dhealramh le hAlgol.

Alioth Epsilon Ursae Majoris atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá sí suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach trí oiread chomh mór leis an nGrian s’againn. Tá Alioth ceithre oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus breis is céad oiread chomh lonrúil. Aicmítear mar A-réalta í. Tagann athruithe aisteacha ar a speictream go tráthrialta timthriallach, agus ceaptar gurb é réimse maighnéadach na réalta a mheascas na dúile breise – na truailleáin – i ”mbreosla” hidrigine na réalta ar dhóigh ar leith, ionas go dtéann siad i bhfeidhm ar an speictream mar sin.

Alkaid Benetnasch Eta Ursae Majoris atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. B-réalta atá ann de réir an speictrim, is é sin, réalta the bhánghorm. Tá sé sé oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais, agus míle trí chéad is caoga oiread chomh lonrúil. An chuid is mó de na réaltaí sa Chamchéachta tá siad ag gluaiseacht leo tríd an spás in éineacht, in aon treo agus ar aon luas le chéile – tugtar ”grúpa gluaisteach an Bhéir Mhóir” orthu – ach is eisceacht é Alkaid, nó ní ball den ghrúpa sin é.

Almach Gamma Andromedae atá ar an ilréalta arb í an tríú réad is gile i réaltbhuíon Andraiméide í. D’aithin na réalteolaithe faoi dheireadh an ochtú céad déag gur déréalta a bhí ann. Ceann den dá réalta sin áfach, is dóigh le lucht na ceirde inniu gur córas trí réalta ann féin é. Mar sin, is córas ceithre réalta í Almach, agus é suite faoi trí chéad is caoga solasbhliain dínn. Is iad na ceithre réaltaí sin ná:

  • γ Andromedae A. Fathachréalta í seo a áirítear ar an K-aicme: réalta fhlannbhuí í atá níos fuaire ná an Ghrian.
  • γ Andromedae Ba agus Bb. Dhá réalta phríomhsheichimh den B-aicme iad, agus iad ag dul timpeall a chéile uair in aghaidh dhá lá is ocht n-uaire.
  • γ Andromedae C. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í.

Alnair (focal Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”) a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:

  • Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s’againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d’fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.

Alnilam Epsilon Orionis atá ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá ann, is é sin, réalta the ghorm é. Tá sé suite faoi thuairim is dhá mhíle solasbhliain dínn, agus é tríocha oiread chomh trom leis an nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an lá is faide anonn.

Alnitak Zeta Orionis a thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sé suite faoi thuairim is ceithre chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta ann féin é.

Alpha Centauri a thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri. Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn, agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí ceangailte den bheirt eile ar aon dóigh.

Ba nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl al Qanturis nó ”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil Kentaurus an leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d’úsáidtí sa Domhan Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha Centauri A.

Tá Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s’againn. Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá réalta eile sa chóras.

Chomh gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá mbeadh Proxima ní ba lonrúla d’fhéadfá í a aithint mar réalta ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.

Mar is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri; fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain dínn.

Alphekka Alphecca Gemma An tSeoid Alpha Coronae Borealis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig ciliméadair déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian, agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.

Is gnách Alphecca Meridiana a thabhairt ar Alpha Coronae Australis, is é sin, an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.

Alpheratz Sirah Alpha Andromedae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Andraiméide. Tá sí suite in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus deirtear gurb iad Alpheratz agus trí réalta de chuid Pheigeasais (Markab, Scheat, agus Algenib) ”cearnóg mhór Pheigeasais”.

Tá Alpheratz suite faoi sheacht solasbhliana déag is ceithre scór dinn, agus is déréalta é. Tá an ceann is mó den dá chomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian agus trí oiread chomh leathan (de réir an trastomhais, nó an gha); sáraíonn sí an Ghrian faoi 240 oiread ar lonrachas. Is B-réalta í, is é sin, is réalta gheal ghorm í. Tá an leathbhádóir níos lú ná an phríomhréalta, is é sin, dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Réalta den aicme A é, is é sin, réalta bhánghorm atá ann, agus é beagáinín níos fuaire ná an phríomhréalta. Tá sé trí oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian.

Tá roinnt dúl ceimiceach neamhghnách le fáil sa phríomhréalta, mearcair, mangainéis, agus xeanón go háirithe, agus a lorg le haithint ar a speictream.

Alphonsus – Cráitéar mór ar an nGealach é Alphonsus, agus é suite taobh thoir de Mhuir na Scamall, in aice le cráitéir Ptolemaeus agus Alpitragus. Tá Alphonsus céad is fiche ciliméadar ar trastomhas, agus é ainmnithe as Alfonso a Deich, rí na Caistíle, a mhair ón mbliain 1221 go 1284. Bhí suim ag Alfonso sna réaltaí agus sna heolaíochtaí, agus is iad na leasainmneacha a baisteadh air ná Sabio, nó an Fear Críonna, agus Astrólogo, nó an tAstralaí.

Altair Alpha Aquilae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Iolair. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme is ea Altair agus í ar cheann de na réaltaí is gile ar an spéir, chomh cóngarach is atá sí dúinn – níl sí ach sé nó seacht solasbhliana déag uainn. Tá Altair ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is go gcuireann an rothlú seo as a riocht í – níl sí sféarúil (níl sí ar dhéanamh na liathróide) ach sórt leibhéalta sna poil.

Altasamat is ea an cineál gléasadh nó feistiú a chuireas ar do chumas an teileascóp a rothlú ar an ais cheartingearach agus ar an ais chothrománach araon. Tagraíonn tús an fhocail don airde (altitude), agus is ionann an t-asamat agus an treoshuíomh compáis. Cineál altasamat é an túirín gunna chomh maith.

An Altóir atá ar an réaltbhuíon idir an Scairp, an Riail, an Teileascóp agus Triantán an Deiscirt. Tá cuid mhaith réaltbhraislí le feiceáil san Altóir, agus tá Réaltnéal Roc an Gha Nimhe suite sa réaltbhuíon seo freisin. Níl an Altóir le feiceáil ach ó leathsféar theas an Domhain, agus mar sin, níl d’ainmneacha againn ar a cuid réaltaí ach Alpha Arae, Beta Arae, Gamma Arae agus araile.

Ara an t-ainm Laidine ar an Altóir. Tabhair faoi deara go dtagraíonn an t-ainm Gaeilge ”An tAra” do réaltbhuíon eile ar fad, an ceann ar a dtugtar Auriga as Laidin.

Amalthea (Amailtia an leagan Gaelaithe a bhí ag Matt Hussey sa leabhar úd Fréamh an Eolais) a thugtar ar shatailít bheag de chuid Iúpatair; Iúpatar a Cúig an t-ainm córasach. Ba é an Meiriceánach Edward Emerson Barnard a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1892 – an fear céanna a bhfuair Réalta Barnard a hainm uaidh. Tá sí ag timpeallú Iúpatair níos gaire ná gealacha aithnidiúla Galileo, agus í níos lú ná iad: tá déanamh neamhrialta uirthi, is é sin, níl sí ar déanamh liathróide. Shuigh an scríbhneoir ficsin eolaíochta Arthur C. Clarke a ghearrscéal Jupiter Five ar Amalthea, mar is léir ón teideal.

Amharcmhéid an téarma a thagraíos do mhéid na réalta mar a fheictear dúinn í, is é sin, de réir ghile a cuid solais.

Am Iarthar na hEorpa: an t-am a gcloítear leis in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa Ríocht Aontaithe. Is ionann é go bunúsach agus an tAm Uilíoch, is é sin, Meán-Am Greenwich, ach amháin go n-aistrítear na cloig uair amháin ar aghaidh le teacht an Earraigh (am coigilte sholas an lae, is é sin, an t-am samhraidh) agus ar ais le teacht an Fhómhair.

Am Lár na hEorpa: an t-am a gcloítear leis sa chuid is mó den Eoraip. Tá sé ag dul uair amháin chun tosaigh ar Am Iarthar na hEorpa.

Amóinia a thugtar ar hidríd shimplí dhénártha na nítrigine, NH3. Tá an amóinia ina gás le teocht an tseomra, nó is é an fiuchphointe atá aici ná -33°C. Chomh haraiciseach is atá sí chun imoibriúcháin is gás nimhe í a dhéanas dochar do chomhdhúile bithcheimiceacha an orgánaigh dhaonna, ach is furasta an dainséar a aithint ar dhrochbholadh an gháis. Oibríonn sí ar na scamhóga ar nós na ngás tachtach eile, is é sin tarraingíonn sí éidéime na scamhóg ar an othar – líontar na scamhóga le huisce a thachtas é.

an amóinia sothuaslagtha san uisce, agus í ag imoibriú mar bhun scothláidir leis na haigéid sa tuaslagán. Mar bhun de réir theoiric Brønsted agus Lowry, glacann an amóinia le hian hidrigine ón aigéad, ionas go gcruthaítear ian deimhneach amóiniam, NH4+. Ansin is féidir leis an ian seo dul i gcomhdhúil le hiain diúltacha – salainn amóiniam, mar a thugtar ar na comhdhúile seo. Samplaí de shalainn den chineál sin iad an chlóiríd amóiniam NH4Cl agus an charbónáit amóiniam (NH4)2CO3 (an salann fia-adhairce).

Maidir le hamóinia san ollchruinne, tá eolaithe áirithe barúlach go bhféadfadh an amóinia gnó an uisce a dhéanamh do bhithsféar ar phláinéad eile agus do chóras bithcheimiceach de chineál eile. Tá fadhbanna ag baint leis an hipitéis seo, áfach. Thar aon rud ba chóir don phláinéad sin bheith ní b’fhuaire ná an Domhan, ionas go bhfanfadh an amóinia ina leacht, agus ba chóir nach mbeadh ocsaigin le fáil in atmaisféar an phláinéid, toisc gur substaint sho-adhainte, sho-dhóite í an ghlanamóinia.

An tAm Uilíoch: is ionann é agus Meán-Am Greenwich, a bheag nó a mhór – is í an difríocht is mó idir an dá rud ná go bhfuil an tAm Uilíoch níos cruinne ná rothlú an Domhain féin, toisc go bhfuil sé bunaithe ar chloig adamhacha – le fírinne is gnách an tAm Uilíoch a cheartú le soicindí bisigh ó am go ham le féachaint chuige nach rachaidh an dá am sin ó chéile. Cloíonn an Íoslainn leis an Am Uilíoch ó thús go deireadh na bliana, is é sin, níl am samhraidh ar leith (is é sin, am coigilte sholas an lae) acu.

Anailís speictreach a thugtar ar na modhanna oibre a bhíos ag na réalteolaithe le hairíonna na réalta a aithint ar a speictream. Ó tá a cuid línte speictreacha ag gach dúil cheimiceach, is féidir a fheiceáil ar an speictream cé hiad na dúile atá ar fáil i réalta áirithe. Thairis sin, thig linn a aithint an bhfuil an réalta ag éalú uainn nó ag druidim linn. An réalta atá ag éalú uainn, is dealraitheach dúinn go bhfuil na línte speictreacha go léir aistrithe i dtreo na deirge (deargaistriú), agus an réalta atá ag druidim linn, feicimid go bhfuil na línte speictreacha aistrithe i dtreo na goirme (gormaistriú). Is í iarmhairt Doppler is cúis leis an dá aistriú seo.

Andraiméide is ainm don dá rud seo:

  • Réaltra Andraiméide, nó M31, nó NCG 224, atá ar an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, is é sin, i gcomharsanacht Bhealach na Bó Finne. Réaltra bíseach é. Tá sé suite dhá mhilliún go leith de sholasbhlianta ónár réaltra féin, agus é tuairim is dhá chéad míle solasbhliain ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Heber Curtis (1872-1942) a d’aithin roimh aon duine gur réaltra ar leith a bhí ann, seachas réaltnéal taobh istigh dár réaltra féin.
  • Réaltbhuíon Andraiméide – is é Andromeda an leagan Laidine a úsáidtear sa Bhéarla chomh maith. Tá an réaltnéal le feiceáil sa réaltbhuíon áirithe seo. Tá Andraiméide suite idir Peirseas, Caiseoipé, an Laghairt, Peigeasas, na hÉisc, agus an Triantán. Réaltaí aithnidiúla sa bhuíon seo iad Alpheratz agus Almach. Bíonn dreigechith na nAndraiméidídí (nó na mBílídí) le feiceáil sa réaltbhuíon i Mí na Samhna.

Angstram an leagan Gaeilge de shloinne an fhisiceora Shualannaigh Anders Jonas Ångström (1814-1874) – nó den aonad faid a fuair a ainm ón bhfear seo. Is ionann deich n-angstram agus aon nanaiméadar amháin. Ar an solas agus ar an speictream ba mhó a dhírigh Ångström ina chuid taighde, agus dá réir sin is gnách tonnfhaid na gcineálacha éagsúla radaíochta a thomhas in angstraim. Ba é Ångström a mhapáil roimh aon duine eile na tonnfhaid a fhreagraíos do dhathanna éagsúla an tsolais infheicthe.

Anóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach deimhneach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu – ainiain a thugtar orthu siúd.

Antamón a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 51, agus is é Sb an tsiombail cheimiceach (tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm an antamóin, stibiam). Miotalóideach é an t-antamón, agus allatróip éagsúla aige: is é an t-allatróp miotalach an ceann is cobhsaí acu. Tá an t-antamón 121.76 ar mheáchan adamhach, rud a thugas le tuiscint gurb é antamón a 122 an t-iseatóp is coitianta, ach ní mar sin atá: le fírinne is iad antamón a 121 agus antamón a 123 an dá iseatóp cobhsaí, agus is iseatóp radaighníomhach é antamón a 122 a dtagann béite-mheath air.

Is iad +III (na comhdhúile antamónúla) agus +V (na comhdhúile antamónacha) na staideanna ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an antamón ina chuid comhdhúl. Is é an tsuilfíd antamónúil, Sb2S3, nó an stibnít, an mhian is tábhachtaí. Cól (nó kohl) a thugtar ar an tsuilfíd chéanna nuair a úsáidtear mar smideadh í.

Úsáidtear seisce-ocsaíd an antamóin (trí-ocsaíd dé-antamóin, trí-ocsaíd antamóin, ocsaíd antamónúil Sb2O3) mar lasairdhíonadh. Maidir leis an dúil féin, úsáidtear i gcóimhiotalú í – is é sin measctar trí mhiotail éagsúla é le hiad a dhéanamh níos crua nó níos láidire.

Antares Alpha Scorpii atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Scairpe. Ollfhathach dearg atá ann agus é breis is leathchéad míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s’againn. Dá gcuirfí Antares in áit na Gréine, bheadh fithis Mharsa féin fágtha taobh istigh den réalta. Tá leathbhádóir beag aige, mar atá, Antares B. Tá Antares suite cúig chéad go leith de sholasbhlianta uainn.

Tá Antares le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag siombalú stát Piauí in oirthuaisceart na tíre.

An tAoire Boötes atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Coróin an Tuaiscirt, Earcail, an Dragan, an Béar Mór, na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Mhaighdean, agus Ceann na Péiste. Arcturus atá ar an réalta is gile sa réaltbhuíon áirithe seo.

Aois na cruinne, aois na hollchruinne: is ionann aois na cruinne agus an t-am a d’imigh ón Ollphléasc. Creidtear faoi láthair go bhfuil an ollchruinne tuairim is 13.8 billiún bliain d’aois.

I dtús na fichiú haoise bhí cuid mhór de na fisiceoirí barúlach gur rud éigríochta neamhathraitheach a bhí san ollchruinne. Ba í an teirmidinimic a thug an chéad leid nárbh amhlaidh i ndiaidh an iomláin. Is é dara prionsabal na teirmidinimice ná gur dual d’eantrópacht na cruinne dul i méadaíocht i ngach próiseas nádúrtha, is é sin, dá mbeadh an chruinne ann riamh, gan tús gan deireadh, bheadh sí tar éis uasmhéid na heantrópachta a shroicheadh cheana féin – bheadh an fuinneamh go léir scaipthe go cothrom ar fud na cruinne, agus gach cearn den chruinne ar aon teocht le chéile. Mar sin, tuigeadh go bhfuil aois theoranta ag an gcruinne, agus go bhfuil an chruinne ag athrú – go bhfuil a stair féin aici.

Aomadh aomachán a thugtar ar fhórsa atá ag tarraingt cáithníní, reanna neimhe nó réadanna eile – imtharraingt, aomadh maighnéadach nó pé cineál eile. (Focal é ”aomadh” ar tháinig an Duinníneach air i nGaeilge Oirthear Uladh, agus mar sin, níl leithscéal ná siocair ag bunadh an Tuaiscirt gan úsáid a bhaint as.) Is féidir a rá go n-aomann an Domhan sinn go léir, toisc go bhfuil imtharraingt (domhantarraingt) ag an Domhan. Cosúil leis sin, aomann an lucht leictreach deimhneach agus an lucht leictreach diúltach a chéile. Aomann pol thuaidh agus pol theas an mhaighnéid a chéile freisin.

Aonad réalteolaíoch a thugtar ar mheánfhad an Domhain ón nGrian. Inniu, tá luach an aonaid réalteolaíoch socraithe go hoifigiúil ar 149,597,870.7 ciliméadar (céad agus naoi milliún déag is ceithre scór, cúig chéad agus seacht míle déag is ceithre scór, ocht gcéad agus deich gciliméadar is trí scór, agus seacht gcéad méadar) – is é sin, cé go mbítear ag mioncheartú an mheánfhaid de réir na mbreathnuithe is úire, ní athraítear sainmhíniú an aonaid réalteolaíoch dá réir a thuilleadh.

An tAonbheannach Monoceros atá ar an réaltbhuíon idir an Cúpla, an Madra Beag, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, an Madra Mór, an Giorria, agus an Bodach. Ritheann an meánchiorcal neamhaí tríd an Aonbheannach. Níl an tAonbheannach ró-chuidsúlach ó thaobh na réaltaí de, ach tá roinnt réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil sa réaltbhuíon seo, ar nós Réaltnéal an Róiséid, Réaltbhraisle Chrann na Nollag, Réaltnéal na Coirceoige, agus Réaltnéal Athraitheach Hubble.

An tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta a thugaimid ar eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe proifisiúnta. Bunaíodh sa bhliain 1919 é, agus i bPáras atá ceanncheathrú an Aontais. Is é an tAontas, nó foireann ar leith taobh istigh den Aontas, a shocraíos na hainmneacha réalteolaíocha a bhaistear ar reanna neimhe agus ar réadanna spéire, nó a bhronnas stádas oifigiúil ar leagan áirithe de sheanainm.

Apafócas: malairt ainm ar an gcianphointe (apalár).

Apaigí an téarma a thagraíos do chianphointe na satailíte (na Gealaí, cuir i gcás) ar a fithis timpeall an Domhain.

Apaihéilean (nó aiféilean) a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an chóiméid nó an astaróidigh ar a fhithis timpeall na Gréine.

Apairéaltracan is ea cianphointe na Gréine ar a fithis timpeall lárphointe Bhealach na Bó Finne.

Apalár a thugtar ar chianphointe na rinne neimhe ar a fithis – is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach (ón rinn neimhe eile a bhfuil sí ag dul ina timpeall). Samplaí den apalár iad an t-apaigí, an t-apaihéilean, an t-apastrón agus an t-apairéaltracan.

Apalló an t-ainm Gaeilge ar astaróideach uimhir a 1862. Tá grúpa iomlán d’astaróidigh ainmnithe as Apalló: trasnaíonn siad fithis an Domhain ar a gcamchuairt timpeall na Gréine, agus dainséar i gcuid mhaith acu (Apalló féin san áireamh) don Domhan, mar is eagal leis na réalteolaithe.

Apastrón a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an astaróidigh nó an chóiméid ar a fhithis timpeall na réalta.

An tAra Auriga atá ar an réaltbhuíon idir an Lincse, an Cúpla agus Peirséas. Is í Capella an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, agus í ar na réaltaí is lonrúla amuigh. Le fírinne is córas ceithre réalta í, agus an dá cheann is gile acu is fathachréaltaí buí iad. Déréalta uraitheach í an dara réalta is gile san Ara, mar atá, Menkalinan; réalta athraitheach ar déanamh Algol í. Díol suime í Almaaz (Epsilon Aurigae) freisin mar ilréalta athraitheach. Tá roinnt réaltbhraislí oscailte san Ara fosta agus iad ina n-ábhar spéise ag na réalteolaithe amaitéaracha.

Tabhair faoi deara fosta gurb é Ara ainm Laidine na hAltóra freisin. Ainmneacha Laidine cosúil le Alpha Arae, Beta Arae agus araile, níl siad ag tagairt do réaltaí an Ara, ach don Altóir. Auriga an t-ainm Laidine ar an Ara.

ArcturusAlpha Boötis atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Aoire. Fathachréalta fhlannbhuí den aicme speictreach K é, agus é ar aon mhais leis an nGrian s’againn, cé go bhfuil sé i bhfad níos mó ná í – cúig oiread is fiche ar trastomhas – agus i bhfad bhfad níos lonrúla, is é sin, céad is seachtó oiread. Mar sin, cé gur fathachréalta é anois, is dócha go raibh sé ina réalta phríomhsheichimh tráth den tsaol. Tá Arcturus ar réaltaí geala na spéire, agus ba é an chéad réalta riamh ar a ndearnadh breathnuithe teileascóip de lá.

Argóint an pheirihéilin a thugtar ar an uillinn idir an nód éiritheach agus an peirihéilean.

Argón a thugtar ar dhúil uimhir a hocht déag, agus is é Ar an tsiombail cheimiceach. Is triathghás é, is é sin, tá ochtréad iomlán ar an leictreonsceall is faide amuigh aige – ocht leictreon ar fad. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p6. Struchtúr an-chobhsaí é an t-ochtréad nach gceadaíonn don argón dul i gcomhdhúile le dúile ceimiceacha eile ach ar éigean. Le comhdhúile argóin a chruthú tá imthoscaí neamhghnácha agus ocsaídeoirí láidire (fluairín ach go háirithe) ag teastáil, agus ní bhíonn na comhdhúile argóin fadsaolach ná úsáideach – sórt éachtóireachta é ag na ceimiceoirí argón a nascadh de dhúile eile. Scéal eile é go bhfuil na réalteolaithe tar éis sonrú a chur i gcomhdhúile argóin sa spáis: d’aithin siad iain argóiniam ArH+ ar speictream an ábhair idir-réaltaigh thart ar Réaltnéal an Phortáin.

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 36Ar, 38Ar, agus 40Ar. Is é 40Ar an ceann is coitianta, mar is léir ó mheáchan adamhach an argóin, 39.948. Is é is cúis leis seo go bhfuil iseatóp radaighníomhach ag an bpotaisiam, 40K, atá cuíosach flúirseach sa dúlra, agus nuair a thiocfas béite-mheath ar adamh den chineál seo, is é an t-argón úd 40Ar a gheofar mar thoradh.

Is é an t-argón an triathghás is flúirsí in atmaisféar an Domhain, agus dá réir sin ba é an chéad triathghás a d’aithin na heolaithe. Ba iad John William Strutt (Tiarna Rayleigh) agus William Ramsay a d’aonraigh an chéad eiseamal argóin sa bhliain 1894, éacht a thabhaigh Duais Nobel dóibh. Nuair a bhítear ag dealú nítrigine ón aer go crióigineach (is é sin, nuair a bhítear ag reo an aeir leis na gáis éagsúla a aonrú de réir a bhfiuchphointe), faightear argón mar sheachthoradh nádúrtha. Mar sin bíonn argón ar fáil réasúnta saor (i bhfarradh is na triathgháis eile ar a laghad, nó níl siad leath chomh flúirseach céanna san atmaisféar), agus leas á bhaint as nuair a bhíos gás támh ag teastáil. Astaíonn an t-argón solas corcra nuair a leictrítear é, agus mar sin is féidir é a úsáid i soilse daite cosúil leis an neon.

Ariel atá ar an gceathrú satailít is mó atá ag Úránas. Ba é an réalteolaí Sasanach William Lassell a chuir an chéad sonrú in Ariel thiar sa naoú haois déag. Satailít sféarúil é – is é sin tá sé ar dhéanamh liathróide, a bheag nó a mhór – agus is é an tsatailít is lú den chineál seo sa Ghrianchóras. Tá fithis Ariel suite beagnach in aon leibhéal le meánchiorcal Úránais. Creidtear go bhfuil Ariel comhdhéanta as oighear agus as cloch araon: is dócha go bhfuil croí cloiche ann agus maintlín oighir ina thimpeall. Níl ach cuid de dhromchla Ariel léarscáilithe, ach is féidir a rá go bhfuil sé breac ar fad le cainneoin agus le cráitéir.

Aristarchus atá ar an gcráitéar is mó ailbéideacht ar an taobh den Ghealach atá iompaithe linn. Chomh geal is atá sé i gcomparáid leis an timpeallacht is féidir é a aithint le súile do chinn féin faoi imthoscaí fabhracha. Tá sé suite in Ardchlár Aristarchus, in Aigéan na Stoirmeacha, agus é daichead ciliméadar ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Riccioli a d’ainmnigh sa bhliain 1651 é as an réalteolaí Aristarchus ó Samos a mhair sna blianta 310-230 roimh Chríost. Ceannródaí héilealárnachais a bhí ann mar Aristarchus – is é sin bhí sé ar na heolaithe is moiche a thuig gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais.

Arsanaic a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 33. As an tsiombail cheimiceach sna foirmlí. Tá sí in aon ghrúpa leis an nítrigin agus leis an bhfosfar i dtábla peiriadach na ndúl, agus cúig leictreon ar an sceall is faide amuigh aici. Miotalóideach í an arsanaic, is é sin tá sí idir eatarthu idir na miotail agus na dúile neamh-mhiotalacha ar a lán dóigheanna. Tá allatróip éagsúla ag an arsanaic, cosúil leis an bhfosfar – is é sin, an arsanaic liath mhiotalach, an arsanaic bhuí, agus an arsanaic dhubh. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aici, agus is é an t-aon iseatóp arsanaice atá le fáil sa dúlra.

Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +5, mar is léir ón dá ocsaíd, mar atá, an trí-ocsaíd dé-arsanaice As2O3 (”an arsanaic bhán”) agus an peantocsaid dé-arsanaice As2O5. Comhdhúile nádúrtha arsanaice iad an tríshuilfíd dé-arsanaice As2S3 (an óirpimint) agus an teitreashuilfíd teatrarsanaice As4S4 (an rialgar). Tá dath dearg sa rialgar, agus dath órbhuí san óirpimint, agus mar sin d’úsáidtí sa dathadóireacht iad ar feadh i bhfad, go dtí gur chuir ábhair dhatha eile – cinn nach bhfuil arsanaic iontu – an ruaig orthu.

Nimh í an arsanaic, an dúil féin chomh maith leis na comhdhúile. Go bunúsach, is é is cúis le nimhiúlacht na harsanaice ná go bhfuil sí chomh cosúil leis an bhfosfar is gur féidir léi dul in áit an fhosfair i mbeothach an duine, ach san am chéanna chomh difriúil is nach féidir léi gnó an fhosfair a dhéanamh sna próisis bhithcheimeacha. Thar aon rud eile cuireann sí táirgíocht na trífhosfáite adanaisín ó mhaith. Is éard atá i gceist leis an trífhosfáit adanaisín ná comhdhúil a iompraíos fuinneamh sa cholainn – cineál ”airgeadra fuinnimh” sna teagmhálacha idir na cealla – agus mar is léir ón ainm tá trí adamh fosfair de dhíth le móilín trífhosfáite adanaisín a chur i dtoll le chéile.

Sna scéalta bleachtaireachta is minic a mharaítear daoine le harsanaic, ach déanta na fírinne ní bheadh sé praiticiúil ag aon dúnmharfóir arsanaic a úsáid ar na saolta seo, ós dúil cheimiceach ar leith í atá réasúnta so-aitheanta ag na saineolaithe.

Fadhb thromchúiseach é an truailliú arsanaice sa screamhuisce. Truailliú nádúrtha ón úir é go coitianta, is é sin, ní hí tionsclaíocht an duine is cúis leis. Tá an truailliú seo as pabhar dona in Iarthar na Stát Aontaithe, sa Bhanglaidéis, san Airgintín agus sa Mhongóil, mar shampla.

Asamat an uillinn a thugas treoshuíomh na réalta ar an gcompás. Céim stua (céim uillinne) an t-aonad a úsáidtear leis an asamat a thomhas, agus is é an tuaisceart an nialas.

Astaireacht réaltlach a thugtar ar ghrúpa suntasach réaltaí a gcoinnítear cuimhne ar leith air cé nach réaltbhuíon é. Astaireachtaí aithnidiúla iad an Camchéachta (Merak, Dubhe, Phecda/Phad, Megrez, Alioth, Mizar-Alcor, agus Alkaid), Triantán an tSamhraidh (Altair, Deneb, agus Vega), Triantán an Gheimhridh (Betelgeuse, Sirius, agus Procyon), an Muileata Mór (Croí Shéarlais, Spica, Denebola, agus Arcturus), Heicseagán an Gheimhridh (Pollux, Procyon, Capella, Aldebaran, Sirius, agus Rigel), agus Slat an BhodaighCrios Oiríon (Alnitak, Mintaka, agus Alnilam).

Is féidir a rá gur astaireacht agus réaltbhuíon araon í Cros an Deiscirt, nó fuair an réaltbhuíon a hainm ó astaireacht na gceithre réaltaí is gile inti.

Astaitín a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 85. Mar is léir ó ainm na dúile, a chiallaíos ”éagobhsaí”, is dúil an-radaighníomhach é a dtagann meath uirthi chomh sciobtha is nach féidir mórán a fháil amach faoina hairíonna ceimiceacha – tá an t-astaitín suite faoin iaidín i dtábla peiriadach na ndúl, rud a thugas le fios gur dócha go bhfuil sé cosúil leis an iaidín. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an astaitín ná 210At, atá tuairim is ocht n-uaire ar leathré. Is idirchéim nádúrtha é an t-astaitín i meathshlabhra radaighníomhach an úráiniam, ach is dócha nach bhfuil ach cúpla dosaen gram de ar fáil i screamh an Domhain ar fad – an-chorr-adamh anseo agus ansiúd go bunúsach.

Astaróideach a thugtar ar reanna neimhe atá ag fithisiú na Gréine, agus iad níos lú ná na pláinéid. Ní astaróidigh iad na cóiméid, áfach. Sa chiall is cúinge, is astaróidigh iad na cinn atá suite idir Mars agus Iúpatar, san áit a bhfuil crios na n-astaróideach, ach tá grúpaí eile astaróideach ann, cosúil leis na Traígh agus na Gréagaigh (na hastaróidigh a leanas Iúpatar nó a ghabhas roimhe), nó na hastaróidigh neas-Domhain (na cinn a thagas i gcóngar dár bpláinéad féin).

Athshondas a thugtar (i gcoimhthéacs na réalteolaíochta) ar an tionchar tráthrialta a imríos reanna neimhe ar a chéile lena n-imtharraingt, go háirithe más é is toradh don idirghníomhú seo ná go bhfuil a dtréimhsí imrothluithe i gcoibhneas simplí a chéile. Sampla den athshondas é go gcríochnaíonn Neiptiún trí imrothlú timpeall na Gréine san am chéanna a thógas sé ar Phlútón dhá imrothlú a chur de.

Taobh amuigh den réalteolaíocht, tugann lucht na fisice athshondas ar an dóigh a bhfuil dhá thonnchrith ag dul i bhfeidhm ar a chéile, agus tonnchrith nua á chruthú mar chomhthoradh.

Aurora borealis agus aurora australis a thugtar ar na gealáin a fheictear timpeall an dá phol agus an ghrianghaoth ag bualadh faoi mhaighnéadsféar an Domhain. Is cuid súl iad na gealáin seo go minic, agus iad ag cur na ndathanna díobh. Seasann aurora borealis do na gealáin a bhíos le feiceáil timpeall an phoil thuaidh – an chaor aduaidh – agus is ionann aurora australis agus an chaor aneas. Bíonn gealáin chosúla le feiceáil ar na pláinéid eile freisin. Saighneáin a thugtar ar na gealáin freisin.

An Balla Díreach a thugtar ar an ngág nó an scairp is suntasaí ar an nGealach. Rupes Recta an t-ainm Laidine. Tá an Balla Díreach suite in aice le Muir na Scamall, agus é tuairim is céad ciliméadar ar fad.

An Balla Mór – Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:

  • Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.
  • Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfondúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar an ngnólacht úd General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú. Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.

Bá na mBoghanna Báistí Sinus Iridum a thugtar ar an ”mbá” in iarthuaisceart Mhuir na Báistí ar an nGealach.

Bandaí cianaigine: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil cianaigin ar fáil sa réalta. Comhdhúil charbóin agus nítrigine í an chianaigin, C2N2. Tá na bandaí cianaigine is tábhachtaí suite ag an dá thonnfhad úd 389 agus 422 nanaiméadar. Tugtar CN-réaltaí ar na réaltaí le bandaí cianaigine.

Bandaí ocsaíde tíotáiniam: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil (aon)ocsaíd tíotáiniam, TiO, ar fáil sa réalta. I speictream na bhfathachréaltaí ”fuara” (K-aicme agus M-aicme) is tipiciúla a fheictear na bandaí ocsaíde tíotáiniam.

Bandaspeictream a thugtar ar speictream ina bhfeictear grúpaí tiubha (bandaí) de línte speictreacha.

Banda stoidiacach an banda solais ar an spéir a cheanglaíos an solas stoidiacach den fhrithloinnir. Ní bhíonn an banda stoidiacach le feiceáil ach faoi imthoscaí eisceachtúla, nuair a bhíos oíche an-dorcha agus spéir gheal ann.

An Bhanlámh – ceann de na hainmneacha atá ag na Gaeil ar Chrios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, is é sin an trí réalta úd Alnitak, Alnilam, agus Mintaka i réaltbhuíon an Bhodaigh.

Baralár a thugtar ar mheáchanlár nó maislár an chórais imtharraingthe. Nuair a deir muid go bhfuil satailít áirithe ag fithisiú pláinéad áirithe, mar shampla, is ráiteas cineál míchruinn é – b’fhearr a rá go bhfuil an pláinéad agus an tsatailít araon ag dul timpeall ar bharalár an chórais imtharraingthe arbh é an pláinéad an rinn is mó ann. Mar shampla, tá an Domhan agus an Ghealach ag fithisiú a gcomh-bharaláir, ach ar ndóigh tá an pointe sin suite taobh istigh den Domhan cé nach ionann é agus lárphointe an Domhain. Scéal eile é scéal Phlútóin agus a chuid satailítí, nó tá baralár an chórais sin suite taobh amuigh de Phlútón.

Barón an téarma a thagraíos do bhuncháithníní troma, go háirithe don phrótón agus don neodrón. Glactar leis go bhfuil gach barón comhdhéanta as trí chuarc éagsúla.

Bealach na Bó Finne an Láir Bhán Claí Mór na Réaltaí a thugtar ar an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin – sa chiall chúng is é Bealach na Bó Finne an crioslach bán a ritheas trasna na spéire áit a bhfuil na réaltaí chomh tiubh le chéile is nach dtig le súil an duine iad a aithint thar a chéile. Is ionann an crioslach sin go bunúsach agus diosca an réaltra mar a fheictear dúinn inár dtimpeall é, ó tá muid féin suite sa diosca sin. Is é Bealach na Bó Finne an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, nó is é réaltra Andraiméide an ceann is mó.

Réaltra bíseach barrach é Bealach na Bó Finne. Is iad géaga ár réaltra – nó na cinn is tábhachtaí acu – ná Géag Pheirséis, Géag Chóngarach an Trí Chileaparsoic, Géag Chianmhar an Trí Chileaparsoic, Géag na Rialach, an Ghéag Lasmuigh, an Nua-Ghéag Lasmuigh, Géag na Scéithe is an Cheinteáir, Géag na Cíle is an tSaighdeora, agus Géag an Bhodaigh is na hEala. Is féidir gur codanna d’aon ghéag amháin iad Géag Pheirséis agus an dá Ghéag Trí Chileaparsoic; ar an dóigh chéanna, is dócha nach bhfuil sa dá Ghéag Lasmuigh ach fairsingiú ar Ghéag na Rialach. Is í Géag an Bhodaigh is na hEala ár ngéag dhúchais féin.

An Béar Beag Ursa Minor a thugtar ar an réaltbhuíon arb í an Réalta Pholach an réalta is gile inti. Níl sí róchosúil le haon bhéar, ach tá sí cosúil leis an gCamchéachta, ós rud é go bhfuil ”bosca” ceithre réalta ann chomh maith le ”cos” trí réalta. Tá an Réalta Pholach, nó Alpha Ursae Minoris, suite i ndeireadh na ”coise”. Tá an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, Kochab nó Beta Ursae Minoris, ar cheann de réaltaí an ”bhosca”. Déréalta is ea an Réalta Pholach, agus is ollfhathachréalta bhuí í an phríomhréalta. Fathach é Kochab chomh maith, agus é ag dul in aois cheana: K-réalta atá ann, is é sin, réalta atá níos fuaire agus níos deirge ná an Ghrian s’againn.

An Béar Mór Ursa Major a thugtar ar an réaltbhuíon a bhfuil an Camchéachta (an tSeisreach) suite taobh istigh di. Is iad na réaltbhuíonta timpeall an Bhéir Mhóir ná na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Leon, an Leon Beag, an Portán, an Lincse, an Sioráf, an Dragan, agus an tAoire. Is iad réaltaí an Chamchéachta na cinn is gile agus is feiceálaí sa Bhéar Mhór: Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris), Mizar (Zeta Ursae Majoris), Alioth (Epsilon Ursae Majoris), Megrez (Kaffa, Delta Ursae Majoris), Phekda (Phecda, Phad, Gamma Ursae Majoris), Merak (Beta Ursae Majoris), agus Dubhe (Ak, Alpha Ursae Majoris). Tá roinnt réaltraí le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Bearna Cassini a thugtar ar an mbearna idir A-fháinne agus B-fháinne Shatarn. Fuair sí a hainm ón réalteolaí Francach-Iodálach Giovanni Domenico (nó Jean Dominique) Cassini, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1675.

Bearna Encke – is bearna í taobh istigh d’A-fháinne Shatarn. Fuair an bhearna seo a hainm ón réalteolaí Gearmánach Johann Encke. Tá Pan, ceann de ghealaí beaga Shatarn, ag fithisiú an phláinéid sa bhearna seo.

Bearna Hertzsprung – is éard atá i gceist léi ná réigiún i léaráid Hertzsprung-Russell nach bhfuil ach dornán beag réaltaí le fáil ann. Tá an bhearna seo suite os cionn an phríomhsheichimh, ón A-aicme go dtí an F-aicme. Fuair an bhearna a hainm ón réalteolaí Danmhargach Ejnar Hertzsprung, duine acu siúd a bhfuil an léaráid féin ainmnithe astu. Ní fhanann ach beagán réaltaí sa bhearna seo ar feadh i bhfad, agus is dual do na cinn eile í a fhágáil ina ndiaidh i rith a bhforbartha. Faoi láthair, tá Capella Aa – an comhbhall is mó d’ilréalta Capella – suite i mbearna Hertzsprung.

Bearnaí Kirkwood – Sa bhliain 1866 d’aithin an réalteolaí Meiriceánach Daniel Kirkwood bearnaí áirithe i scaipeachán na n-astaróideach sa Ghrianchóras. Go bunúsach ní cheadaítear do na hastaróidigh bheith in athshondas le hIúpatar, is é sin cúrsa amháin timpeall na Gréine a thabhairt in am a bheadh i gcoibhneas simplí an ama a thógas sé ar Iúpatar imrothlú amháin a chur de, agus is iad bearnaí Kirkwood is toradh don chosc seo.

Bellatrix Gamma Orionis a thugtar ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta í, is é sin réalta the bhánghorm, agus í suite dhá chéad go leith de sholasbhlianta uainn. Tá sí ocht n-oiread chomh téagartha (ó thaobh na maise de) leis an nGrian, agus naoi míle is dhá chéad oiread níos lonrúla. Bhaintí úsáid aisti mar thomhas caighdeánach ar ghile agus ar speictream na réaltaí eile tráth, ach d’éirigh lucht na ceirde as sin le fada, ós rud é gur réalta réasúnta athraitheach í.

BetelgeuseAlpha Orionis an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh (is ea, an dara ceann is gile acu, cé gurb é Alpha Orionis ainm na réalta de réir ainmníocht Bayer). Tá Betelgeuse ar réaltaí móra na spéire: ollfhathach dearg den M-aicme atá ann, agus é suite faoi shé chéad go leith de sholasbhlianta dínn, ach bíonn na réalteolaithe an-easaontach faoi chomh fada ar shiúl is atá an réalta seo dáiríre, agus na meastacháin an-difriúil le chéile. Tá sé timpeall ar dhá oiread déag chomh trom leis an nGrian, agus céad míle oiread níos lonrúla – is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go bhfuil sé athraitheach go leor ó thaobh an lonrachais de. Táthar ag déanamh go bhfuil sé i ndán do Bhetelgeuse pléasc ollnóva a dhéanamh sa deireadh.

Na Bílidí – malairt ainm ar an dreigechith ar a dtugtar na hAndraiméididí. Is éard atá i gceist leis an dreigechith seo ná iarsmaí an chóiméid úd Biela, ar stróic imtharraingt Iúpatair as a chéile é thiar sa bhliain 1842. Fuair an cóiméad a ainm ón réalteolaí Gearmánach Wilhelm von Biela a d’aithin gur cóiméad tréimhseach a bhí ann.

Biosmat a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is ceithre scór sa Tábla Peiriadach. Bi an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Miotal geal sobhriste é an biosmat ach is dual dó éirí pinc nuair a oibríos ocsaigin an aeir air. Níl ach aon iseatóp amháin ar fáil i mbiosmat nádúrtha, mar atá, biosmat a 209. Iseatóp radaighníomhach é an ceann sin féin, nó tagann alfa-mheath air, ach tá leathré an iseatóip sin chomh fada (níos faide ná aois mheasúnaithe na hollchruinne) is nach bhfuil cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Le fírinne níl an biosmat leath chomh dainséarach ná díobhálach leis na trom-mhiotail eile, an luaidhe ach go háirithe.

Tá biosmat ar fáil mar mhiotal sa dúlra, ach is iad an bhiosmaitinít agus an bhismít na mianta is tábhachtaí. Suilfíd bhiosmait (Bi2S3) í an bhiosmaitinít, agus ocsaíd (Bi2O3) í an bhismít.

Baintear úsáid as biosmat agus as comhdhúile biosmait sa tionsclaíocht, ach ní féidir a rá go mbeadh an-ráchairt air. Dealraíonn sé áfach go bhfuil biosmat le dul in áit na luaidhe ina lán feidhmeanna, ó táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe scun scan chomh nimhiúil is atá sí.

Bís a thugtar ar réaltraí agus réaltnéalta ar déanamh bíse. Réaltra bíseach é Bealach na Bó Finne féin, ach mar a fuair na réalteolaithe amach le déanaí is bís bharrach é dháiríre. Réaltraí bíseacha eile iad Réaltra Andraiméide agus Réaltra an Triantáin.

Bís bharrach a thugtar ar réaltra a bhfuil barra thart ar a lárphointe, agus géaga bíseacha an réaltra ag teacht as an mbarra.

Bladhm a thugtar ar bhrúchtadh tobann a aithnítear mar laom láidir gile in aice le dromchla na Gréine (nó pé réalta eile). Tugtar bladhmréaltaí ar réaltaí ar féidir bladhmanna tobanna a aithint orthu gan choinne. Abhaic dhearga iad an chuid is mó de na bladhmréaltaí.

Bliain a thugtar ar imrothlú an Domhain timpeall na Gréine. Is féidir an coincheap a thuiscint is a shainmhíniú ar go leor bealaí éagsúla, áfach.

Nuair a bhímid ag trácht ar an mbliain sa ghnáthchaint, is í an bhliain ghréine, nó an bhliain thrópaiceach, a bhíos i gceist againn. Is ionann sin agus timthriall na Gréine ar an éiclipteach. Tá cineálacha eile bliana ann, áfach.

Is í an réaltbhliain an tomhas is fearr ar imrothlú an Domhain. Ar ghluaiseacht bhliantúil na réaltaí a aithnítear í (is ionann anseo ”na réaltaí” agus an sféar neamhaí, is é sin cúlra dobhogtha na réaltaí cianmhara a bhfuil a ndualghluaisne chomh beag is gur féidir neamhshuim a dhéanamh di). Tá an réaltbhliain tuairim is fiche nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach. Is é an feiniméan ar a dtugtar luainíocht na haise is cúis leis an difríocht seo.

Bliain aimhrialta a thugtar ar an am a chaitheas an Domhan ag dul ó pheirihéilean go peirihéilean (is é an peirihéilean garphointe an Domhain don Ghrian, is é sin an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an Domhain).

Bliain Iúlach a thugtar ar mheánfhad na bliana de réir fhéilire Iúil. San fhéilire sin tá an ghnáthbhliain 365 lá ar fad, agus an bhliain bhisigh lá amháin níos faide, agus bliain amháin as gach ceithre cinn is bliain bhisigh í. Mar sin, is é an meánfhad 365.25 lá, go beacht, de réir an fhéilire seo. Úsáidtear an bhliain Iúlach seo sa réalteolaíocht i gcónaí. Mar shampla is í is bunús leis an tsolasbhliain – an fad a chuireas an solas de in aghaidh na bliana Iúlaí. Seanghnás is mó is cúis leis seo.

Is í an bhliain Ghréagórach meánfhad na bliana de réir fhéilire Ghréagóra, an féilire a úsáidimid i láthair na huaire. Blianta bisigh iad 97 mbliana as gach 400 ceann san fhéilire sin, agus mar sin is ionann an bhliain Ghréagórach agus 365.2425 lá.

Is ionann aon bhliain ghealaí amháin agus dhá mhí déag den chineál shionadach – is é sin míonna de réir chéimeanna na Gealaí. Tá an bhliain ghealaí tuairim is aon lá déag níos giorra ná an bhliain Ghréagórach. Tá an féilire Ioslamach agus an féilire Giúdach bunaithe ar an mbliain ghealaí.

Bliain bhisigh a thugtar ar bhliain féilire atá 366 lá ar fad. I bhféilire Iúil, is bliain bhisigh í gach bliain atá inroinnte ar a ceathair. I bhféilire Ghréagóra, má tá an bhliain inroinnte ar chéad, ní bliain bhisigh í mura bhfuil sí inroinnte ar cheithre chéad freisin. Mar sin, ní blianta bisigh iad na blianta úd 1900 ná 2100, ach is bliain bhisigh í an bhliain úd 2000, de réir fhéilire Ghréagóra.

An Bodach an t-ainm Gaeilge ar Oiríon nó Orion, ar ceann de na réaltbhuíonta is aithnidiúla amuigh é. Tá an Bodach le feiceáil go soiléir ó Éirinn, agus is cinnte go n-aithníonn gach duine de mhuintir an oileáin é, iad siúd san áireamh nach bhfuil a fhios acu a ainm. Le fírinne tá an Bodach suite in aice le meánchiorcal an sféir neamhaí, rud a chiallaíos go bhfuil aithne ag an gcuid is mó de mhuintir ár bpláinéid air, agus chomh feiceálach is atá sé, bíonn páirt éigin aige i miotaseolaíochtaí ar fud an uile Dhomhain. Tá an Bodach dingthe idir an Madra Mór, an Abhainn, an tAonbheannach, an Cúpla, an tAra, an Tarbh agus an Giorria, agus is iomaí réalta gheal atá suite sa réaltbhuíon áirithe seo: Betelgeuse, Bellatrix, Rigel, Saiph agus an triúr ar a dtugtar Crios Oiríon, Slat an Bhodaigh, Slat an Cheannaí, Slat an Rí, an Bhanlámh, nó an Fhearsaid, mar atá, Alnilam, Alnitak agus Mintaka.

Ollfhathach dearg atá in Betelgeuse; fathachréaltaí gorma nó bánghorma iad Rigel, Saiph, Bellatrix agus réaltaí Shlat an Bhodaigh.

Bóilíd a thugtar ar chaor thine thuas sa spéir, go háirithe ar dhreige mhór agus í ag pléascadh san atmaisféar.

Boilsciú a thugtar, i gcúrsaí réalteolaíochta nó cosmeolaíochta, ar an bhfairsingiú a tháinig ar an Ollchruinne go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, i rith na tréimhse boilscithe (10-36 go 10-32 soicind i ndiaidh na hOllphléisce).

Bólaiméadar a thugtar ar ghléas ar féidir leat gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach a thomhas leis, idir sholas, radaíocht ultravialait, radaíocht infridhearg, radaíocht ianaitheach, x-ghathanna agus eile. Ón taobh eile de ní féidir leis an mbólaiméadar go bunúsach ach iomlán an fhuinnimh i bhfoirm radaíochta a aithint – is é sin, ní aithníonn sé na cineálacha éagsúla radaíochta thar a chéile. Go bunúsach is brathadóir teirmeach (teasbhunaithe) é an bólaiméadar – is é sin tá eilimint ann agus í ag dul i dteocht le gach candam radaíochta a bhuaileas í, agus is ar an téamh seo (nó ar an sruth leictreach is toradh don téamh) a aithnítear fuinneamh na radaíochta.

Tagraíonn na focal bólaiméadracht agus bólaiméadrach do bhreathnuithe réalteolaíocha atá bunaithe ar gach cineál radaíochta – le hiad a dhealú, abair, ó amharcbhreathnuithe (nach gcuireann san áireamh ach an solas infheicthe). Mar shampla, aithnítear méid bhólaiméadrach na réalta thar a hamharcmhéid: is ionann an mhéid bhólaiméadrach agus méid (nó gile) na réalta mar a fheictear dúinn í de réir na gcineálacha éagsúla radaíochta in éineacht, agus is ionann an amharcmhéid agus chomh mór nó geal a fhaighimid an réalta de réir is mar atá sí ag tabhairt solais infheicthe uaithi.

Bolcán a thugadh na réalteolaithe fadó ar an bpláinéad a cheap siad a bheith ag fithisiú na Gréine níos gaire ná Mearcair. Ba é an réalteolaí Francach Urbain Le Verrier a bhaist Bolcán, thiar sna 1840idí. Ba é ba chúis leis an hipitéis faoi Bholcán ná go bhfuil peirihéilean Mhearcair (is é sin, garphointe Mhearcair don Ghrian, an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an phláinéid) ag bogadh traidhfilín níos gasta ná mar ba chóir, de réir na fisice clasaicí, agus ba é tuairim Le Verrier agus lucht a chomhaimsire go míneodh imtharraingt Bholcáin an difríocht seo. Ba í teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein a chuir deireadh leis an tuairimíocht faoi Bholcán, nó tá an aimhrialtacht sin i luainíocht pheirihéilean Mhearcair inmhínithe ar fad de réir na teoirice sin.

Bonner Durchmusterung (tabhair faoi deara nach bhfuil …Dürchmusterung ceart ar aon nós, nó níl umlabht ar bith sa réimír úd durch-) nó BD a thugtar ar an tsuirbhéireacht chórasach a rinne Réadlann Ollscoil Bhonn in Iarthar na Gearmáine ar an spéir i rith an dara leath den naoú haois déag. Inniu féin tá tábhacht nach beag ag roinnt leis an réaltchatalóg ba thoradh don obair fhadaraíonach seo, nó luaitear breis is trí chéad míle de réaltaí ansin. Ba é an réalteolaí Gearmánach de phór na Fionlainne Friedrich Wilhelm Argelander (1799-1875) a chuir tús leis an Durchmusterung agus a bhí i gceannas ar an obair go lá a bháis.

An Bosca Seod a thugtar ar NCG 4755 nó réaltbhraisle Kappa Crucis, is é sin an réaltbhraisle oscailte atá le feiceáil i réaltbhuíon Chros an Deiscirt, timpeall ar an réalta úd Kappa Crucis, agus í ar na réaltaí is gile sa bhraisle. Ollfhathachréalta ghorm B-aicme í Kappa Crucis. Ba é an réalteolaí Francach Nicolas-Louis de Lacaille a chuir an chéad sonrú sa bhraisle seo thiar i dtús na 1750idí, ach ba é John Herschel a d’ainmnigh í.

Braisle is féidir a thabhairt ar bhraisle réaltaí (réaltbhraisle) nó ar bhraisle réaltraí.

  • Is éard atá i gceist le braisle réaltaí réaltbhraisle ná grúpa réaltaí taobh istigh den réaltra agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Aithnítear dhá phríomhchineál réaltbhraislí: an bhraisle oscailte agus an bhraisle chruinneogach. Réaltaí óga iad na cinn sa bhraisle oscailte, agus ní bhíonn ach cúpla céad réalta i mbraisle thipiciúil den chineál seo; na braislí cruinneogacha áfach bíonn siad i bhfad níos sine, agus i bhfad níos saibhre i réaltaí. Grúpa gluaisteach réaltghaolmhaireacht a thugtar ar réaltbhraisle scaoilte nach féidir a aithint ach ar ghluaiseacht na réaltaí: ní fheictear mar bhraisle dhlúth iad, ach ós rud é go bhfuil siad ag gluaiseacht in aon treo agus ar aon luas, is léir gur réaltbhraisle a bhí iontu ó thús. D’fhéadfá a rá go bhfuil siad ”gaolmhar” le chéile ar dhóigh ar leith, agus sin é an tuige go dtugtar ”réaltghaolmhaireacht” orthu, nó ar an mbaint atá acu le chéile.
  • Braisle réaltraí a thugtar ar ghrúpa réaltraí agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Samplaí iad Braisle Virgo, atá le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine, agus Braisle Bheirnicé i réaltbhuíon Fholt Bheirnicé.

An Bhrasaíl – An tír is mó i Meiriceá Theas, an tír is mó ina labhraítear Portaingéilis mar phríomhtheanga, agus an tír is mó a gcuirfeadh réalteolaí amaitéarach suim ina bratach náisiúnta. Taispeánann bratach na Brasaíle an spéir os cionn Rio de Janeiro ag a leathuair tar éis a hocht ar maidin ar an cúigiú lá déag de Mhí na Samhna, nuair a gaireadh poblacht den tír. Seasann na réaltaí éagsúla do stáit éagsúla an stáit fheidearálaigh, mar seo:

Is í Spica, nó Alpha Virginis, an t-aon réalta amháin a fheictear os cionn an chreasa bháin a ritheas trasna an sféir neamhaí i lár na brataí. (Is iad na focail Phortaingéilise Orden e progresso, is é sin, ”Ordú agus forás”, nó b’fhéidir ”Síocháin sa tsochaí agus dul chun cinn”, atá le léamh ar an gcrios sin.) Tá na réaltaí eile go léir suite taobh thíos den chrios. Siombalaíonn Spica stát Pará i dtuaisceart na tíre. Is í Belém príomhchathair an stáit.

Ar chlé taobh thíos den chrios a fheictear Procyon, nó Alpha Canis Minoris. Seasann an réalta seo do stát Amazonas atá suite in iarthuaisceart na tíre, agus é ar an stát is mó sa Bhrasaíl. Manaus an phríomhchathair.

Síos ar dheis ó Procyon a fheictear cúig réalta an Mhadra Mhóir, mar atá, Sirius (Alpha Canis Majoris), Mirzam (Beta Canis Majoris), Muliphen (Gamma Canis Majoris), Wezen (Delta Canis Majoris), agus Adhara (Epsilon Canis Majoris).

  • Seasann Sirius do Mato Grosso, an tríú stát is mó sa tír, agus é suite in Iarthar na Brasaíle.
  • Seasann Mirzam d’Amapá, stát beag i dtuaisceart na tíre. Ní dhearnadh stát d’Amapá ach i ndeireadh na n-ochtóidí, nó ní raibh ann roimhe sin ach ”críoch”, agus ní bhfuair sé a réalta i mbratach na tíre ach i dtús na nóchaidí.
  • Seasann Muliphen do Rondônia in iarthar na tíre, in aice leis an mBolaiv.
  • Seasann Wezen do Roraima i dtuaisceart na tíre.
  • Seasann Adhara do Tocantins, stát beag nár dealaíodh ó stát Goiás ach sa bhliain 1988.

In aice le réaltaí an Mhadra Mhóir a fheictear Canopus (Alpha Carinae), mar shiombal do Goiás in Iarthar Lár na Brasaíle.

Ar dheis ón Madra Mór atá Cros an Deiscirt, cúig réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Crucis (nó Acrux, réalta ar a dtugann lucht labhartha na Portaingéilise Estrela de Magalhães nó Réalta Magellan freisin) do São Paulo i ndeisceart na tíre.
  • Seasann Beta Crucis (Becrux nó Mimosa) do Rio de Janeiro.
  • Seasann Gamma Crucis (Gacrux, nó Rubídea – ”an réalta ar dhath an rúibín” – mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi) do Bahia in oirthear na tíre.
  • Seasann Delta Crucis (Pálida a thugtar ar an réalta seo as Portaingéilis) do Minas Gerais, stát atá suite in oirthear na tíre, agus é scartha ó chósta an Atlantaigh ag stiall chúng talún – is éard atá sa stiall sin ná an dá stát úd Rio de Janeiro agus Espírito Santo.
  • Seasann Epsilon Crucis do stát Espírito Santo. Giota beag cósta atá ann mar stát, agus é suite idir Rio de Janeiro, Bahia, agus Minas Gerais. Is í Vitória an phríomhchathair, ach tá Vila Velha (”an tseanchathair” is ciall don ainm Portaingéilise seo) níos mó ná Vitória ar na saolta seo.

Tá réalta pholach an Deiscirt, Sigma Octantis, nó Polaris Australis, le feiceáil thíos ina haonar. Ar ndóigh seasann an réalta seo do Distrito Federal – ceantar a gearradh ó stát Rio de Janeiro le haghaidh phríomhchathair nua na Brasaíle, Brasília, sa bhliain 1960.

Ar dheis ó Sigma Octantis a fheictear Triantán an Deiscirt, trí réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Trianguli Australis do Rio Grande do Sul i ndeisceart na tíre, in aice le hUragua. (”Abhainn Mhór an Deiscirt” is ciall d’ainm an stáit.)
  • Seasann Beta Trianguli Australis do Santa Catarina, stát beag i ndeisceart na tíre in aice le Rio Grande do Sul. Is í Florianópolis príomhchathair an stáit, ach is í Joinville an chathair is mó. D’fhág an lucht inimirce ón nGearmáin agus ón Ostair blas láidir a ndúchais ar chultúr an stáit.
  • Seasann Gamma Trianguli Australis do Paraná, stát eile i ndeisceart na tíre. Curitiba atá ar phríomhchathair an stáit seo.

Is í an Scairp an réaltbhuíon is faide ar dheis ar bhratach na Brasaíle, ocht réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Scorpii, nó Antares, do Piauí in Oirthuaisceart na Brasaíle. Is í Teresina an phríomhchathair. Tá a lán iarsmaí tábhachtacha seandálaíochta ó ré na sibhialtachtaí bundúchasacha le feiceáil i stát Piauí, go háirithe i bPáirc Náisiúnta Serra da Capivara.
  • Seasann Beta Scorpii (Graffias, Acrab) do Maranhão in Oirthuaisceart na Brasaíle. São Luis atá ar an bpríomhchathair.
  • An chéad réalta eile de chuid na Scairpe a fheictear ar an mbratach, is í Epsilon Scorpii í, agus í ag seasamh do stát Ceará. Tá an stát seo suite san Oirthuaisceart chomh maith, agus is í Fortaleza an phríomhchathair.
  • Seasann Theta Scorpii (nó Sargas) d’Alagoas, stát beag in oirthear na tíre. Is í Maceio príomhchathair an stáit.
  • Siombalaíonn Iota Scorpii stát Sergipe, stát beag eile in oirthear na tíre – le fírinne is é an stát is lú sa Bhrasaíl ar fad. Aracaju an phríomhchathair.
  • Is í Kappa Scorpii, nó Girtab, is siombail do stát Paraíba. Is í João Pessoa an phríomhchathair. Stát beag eile in oirthear na tíre atá ann, ach tá Paraíba ar na stáit is tibhe daonra sa Bhrasaíl.
  • Aisteach go leor tá Lambda Scorpii ar réaltaí geala na Scairpe, ar an dara réalta is gile b’fhéidir, cé gurb é ”lambda” an litir Ghréagach a thagraíos di i gcóras ainmníochta Bayer. Ainm eile ar an réalta é Shaula. Seasann sí do Rio Grande do Norte (”Abhainn Mhór an Tuaiscirt”), agus is í Natal príomhchathair an stáit. Deirtear go bhfuil Rio Grande do Norte ar na háiteanna is glaine aer i Meiriceá Theas ar fad. Stát beag eile in oirthear na tíre cois farraige é Rio Grande do Norte.
  • Mu Scorpii an ceann deireanach de réaltaí na Scairpe a shiombalaíos stát i mbratach na Brasaíle. Is é Pernambuco an stát sin, agus is í Recife an phríomhchathair. Ba iad na hOllannaigh ba thúisce a tháinig i seilbh an cheantair, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an gcultúr agus ar an tithíocht i bPernambuco.

Feictear dhá réalta de chuid na Péiste Uisce taobh thíos den chrios a ritheas trasna na liathróide, mar atá, Alphard (Alpha Hydrae) agus Gamma Hydrae.

  • Seasann Alphard do Mato Grosso do Sul, stát beag i ndeisceart na tíre a dealaíodh ó Mato Grosso sna seachtóidí. Campo Grande an phríomhchathair.
  • Seasann Gamma Hydrae d’Acre, stát beag in iarthar na tíre in aice le Peiriú agus an Bholaiv. Rio Branco atá ar an bpríomhchathair. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Bholaiv agus an Bhrasaíl timpeall ar an mbliain 1900, agus ghair muintir an cheantair poblacht neamhspleách d’Acre faoin am sin, chomh maith. Cúpla uair d’ionsaigh na Bolavaigh an phoblacht le seilbh a ghlacadh uirthi arís, ach sa bhliain 1903 ba iad na Brasaíligh a rinne a gcuid di.

Maidir le stair na réalteolaíochta sa Bhrasaíl, is deacair a rá cathain a thosaigh sí. Ba iad na hOllannaigh a thóg an chéad réadlann i Recife nuair a bhí siad i seilbh na háite, thiar sa bhliain 1639, ach ansin, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, d’athghabh na Portaingéalaigh an ceantar, agus chuaigh an réadlann de dhroim an domhain sa teagmháil. Sa bhliain 1845, cuireadh an Réadlann Impiriúil ar bun i Morro do Castelo, Rio de Janeiro, agus sa bhliain 1906, fuair an réadlann ainm nua, an Réadlann Náisiúnta. hAistríodh go dtí São Cristóvão i gcathair Rio de Janeiro í sa bhliain 1922. Ba é Henrique Morize a bhí i gceannas ar an Réadlann go dtí an bhliain 1930, agus sa bhliain 1919 chuidigh sé le réalteolaithe Sasanacha turas a eagrú go Sobral i stát Ceará le breathnuithe a dhéanamh ar urú iomlán na Gréine – breathnuithe a theastaigh le teoiric na coibhneasachta (an teoiric chéanna a thuill a chlú d’Einstein) a chruthú.

Ní mór scéilín áirithe magaidh a insint anseo a bhfuil baint aige leis an mBrasaíl agus leis an réalteolaíocht araon: an scéal faoi ”phróiseas Urca”. Is éard atá i gceist le próiseas Urca ná an dóigh a gcailleann neodrónréaltaí agus abhacréaltaí bána fuinneamh agus iad ag fuarú – ina neoidríonónna a imíos an fuinneamh sa phróiseas seo. Bhí George Gamow (nó Georgii Gamov), réalteolaí Meiriceánach de phór na Rúise, i Rio de Janeiro ar cuairt ag Mário Schönberg, a bhí ar an réaltfhisiceoir is mó le rá sa Bhrasaíl san fhichiú haois, agus an bheirt acu ag forbairt a dteoirice ar an bhfuarú seo. Ba nós leis an mbeirt seo scíth a fháil ó obair throm na teoiriceoireachta i dteach cearrbhachais – Urca a bhí ar an gceantar den chathair ina raibh an teach aeraíochta sin suite. Dúirt fear acu leis an bhfear eile go raibh an fuinneamh ag imeacht leis na neoidríonónna chomh tiubh is a bhíodh a gcuid airgid ag imeacht sa teach cearrbhachais in Urca. Mar sin a baisteadh an próiseas.

Breacsholas a thugtar ar an tréimhse idir solas an lae agus dorchadas na hoíche. Aithnítear cineálacha éagsúla breacsholais: an breacsholas oifigiúil, an muir-bhreacsholas agus an breacsholas réalteolaíoch.

Nuair atá lárphointe na gréine sé chéim stua nó níos lú faoin léaslíne, deirtear go bhfuil breacsholas oifigiúil ann.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná sé chéim stua, níos lú ná dhá chéim stua déag faoin léaslíne, tá muir-bhreacsholas ann. Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá an léaslíne sách sofheicthe, sách inaitheanta is gur féidir leis an mairnéalach áit na loinge a oibriú amach agus é i muinín an tseicheamháin.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná dhá chéim stua déag, níos lú ná ocht gcéim stua déag faoin léaslíne, tá breacsholas réalteolaíoch ann. Ansin is féidir leis na réalteolaithe breathnuithe a dhéanamh, cé go bhfuil loinnir ón nGrian le haithint ar an spéir go fóill.

Bremsstrahlung a thugtar ar an radaíocht a ghinfear má chailleann cáithnín luchtaithe amháin (leictreon, cuir i gcás) fuinneamh gluaiseachta agus réimse leictreach timpeall ar cháithnín eile (núicléas adaimh, mar shampla) ag dul i bhfeidhm air. Deir dlí imchoimeádta an fhuinnimh nach féidir fuinneamh a chur ar neamhní, agus mar sin, an fuinneamh gluaiseachta a chaillfeas an cáithnín, claochlófar go radaíocht é. ”Radaíocht choscáin” is ciall leis an bhfocal Gearmáinise Bremsstrahlung.

Bróimín a thugtar ar dhúil uimhir a 35, arb é Br an tsiombail a sheasas di sna foirmlí ceimiceacha. Le teocht an tseomra is leacht dearg é, ach is dual dó galú go réidh. Ceann de na halaiginí é an bróimín, cosúil leis an gclóirín, agus mar sin, tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh aige – níl ach aon leictreon amháin de dhíth le hochtréad iomlán a fháil. Cosúil leis an gclóirín, tá an bróimín araiciseach chun imoibriúcháin leis an leictreon deireanach sin a fháil ar iasacht ó dhúile eile. Mar sin, is nimh láidir é an bróimín agus é aonraithe ina dhúil.

An t-ian bróimín áfach, Br, a bhfuil ochtréad aige, tá sé sách cobhsaí, agus dealraíonn sé gur riandúil é an bróimín san fhoirm ianach seo – is é sin, go dteastaíonn rianta beaga bróimín ó orgánach an duine le hoibriú go maith. Baintear úsáid áirithe as bróimídí (comhdhúile bróimín a bhfuil an t-ian seo iontu) mar chógaisí in aghaidh an titimis.

Tá na bróimídí cosúil leis na clóirídí ó thaobh na ceimice de: is comhdhúil chobhsaí ianach í bróimíd an tsóidiam, NaBr, a chuirfeadh clóiríd an tsóidiam (an gnáthshalann, NaCl) i gcuimhne duit. Sa chiall cheimiceach, is salainn iad na bróimídí miotail – salainn de chuid an aigéid hiodrabrómaigh. Is éard atá san aigéad hiodrabrómach ná tuaslagán uisce na bróimíde hidrigine, HBr. Aigéad láidir é an t-aigéad hiodrabrómach, díreach cosúil leis an aigéad hiodraclórach, HCl. Gás é an bhróimíd hidrigine.

Tá ocsaigéid ag an mbróimín chomh maith: an t-aigéad hipeabrómúil (HBrO, nó HOBr, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad brómúil (HBrO2, nó HOBrO), an t-aigéad brómach (HBrO3, nó HOBrO2) agus an t-aigéad sárbhrómach (HBrO4 nó HOBrO3). Ní féidir aon cheann de na hocsaigéid seo a aonrú ón uisce gan na móilíní a bhriseadh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar a n-airíonna san uisce. Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh san aigéad sárbhrómach ach comhdhúil theoiriciúil nárbh fhéidir a tháirgeadh ar aon nós; sa bhliain 1968, d’éirigh leis na heolaithe an chéad eiseamal d’iain sárbhrómáite BrO4 a chruthú, ach ina dhiaidh sin féin dealraíonn sé nach féidir úsáid ar bith a bhaint as an aigéad sárbhrómach ná as na sárbhrómáití sa tionsclaíocht, chomh deacair is atá sé comhdhúile sárbhrómacha a tháirgeadh. (Na comhdhúile sárchlóracha, cosúil leis an aigéad sárchlórach HClO4, is scéal eile ar fad iad.)

Níl na hipeabróimítí ná na bróimítí (salainn an aigéid hipeabrómúil agus an aigéid bhrómúil) cobhsaí ar aon nós, agus ní thig mórán leas a bhaint astu. Tá an t-ian brómáite BrO3 cobhsaí go maith, áfach, agus tá tábhacht éigin ag baint le brómáit an tsóidiam NaBrO3 mar ocsaídeoir i ruaimniú na dteicstílí. Truailleáin iad na brómáití freisin: is dual do na hiain bhróimíde ocsaídiú go brómáití le solas na gréine agus an t-uisce óil a chur ó mhaith. Tá dochar sa bhróimín don ózónaisféar chomh maith, cosúil leis na halaiginí eile.

Tá bróimín ar fáil san áit a mbíonn clóirín ar fáil chomh cosúil is atá an dá dhúil le chéile ó thaobh na ceimice de, agus is gnách bróimín a bhaint as salann na farraige, ó tá iain bhróimíde measctha tríd na hiain chlóiríde.

Bruthcharraig a thugtar ar charraig a foirmíodh nuair a chuaigh magma (laibhe, cloch leáite) i bhfuacht. Is é an basalt an cineál bruthcharraige is coitianta ar an Domhan.

Buaile an Bhodaigh an t-ainm Gaeilge ar réaltnéal Oiríon (M42 i gCatalóg Messier, NCG 1976 sa Nua-Chatalog Ghinearálta).

Bun-fhadlíne a thugtar ar an bhfadlíne a shainmhínítear mar nialas do chóras na bhfadlínte. Mar is eol do chách is í fadlíne Greenwich bun-fhadlíne an Domhain. Ritheann bun-fhadlíne na Gealaí trasna an leathsféir den Ghealach atá le feiceáil ón Domhan. Is é cráitéar Airy (ainmnithe as an réalteolaí Sasanach George Biddell Airy) a dhéanas gnó Greenwich ar Mhars – sin é an tuige go dtugtar ”Airy-0” air freisin. Ritheann bun-fhadlíne Mhearcair fiche céim stua soir ó chráitéar Hun Kal – is é sin, tá sainmhíniú na bun-fhadlíne bunaithe ar an gcráitéar sin, ach ní hé an cráitéar an nialas. Maidir le Véineas, is í an bhun-fhadlíne ansin an ceann a ritheas trí lárphointe chráitéar Ariadne.

Bunghluaisne: Ba é tuiscint na seanársaíochta ar struchtúr na hOllchruinne go raibh na réaltaí feistithe de sféar criostail a bhí ag iompú ar a ais aon uair amháin in aghaidh an lae. Bunghluaisne a thugtar ar an iompú seo agus ar an tsamhail seo den ollchruinne.

Buningear a thugtar ar an gciorcal samhlaíoch a ritheas tríd an bhforar, trí phointe an oirthir, trí phointe an iarthair, agus tríd an nadair.

Caidhpeanna polacha a thugtar ar an leac oighir timpeall ar na poil ar phláinéid áirithe. Tá caidhpeanna polacha ar an Domhan agus ar Mhars. Oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite, atá i gcaidhpeanna polacha an Domhain, ach bhí sé ina chúis amhrais ar feadh i bhfad, cé acu gnáthoighear (uisce reoite)oighear tirim (dé-ocsaíd charbóin) a bhí timpeall ar phoil Mharsa. Mar a thuigtear inniu, tá an dá rud fíor: uisce reoite atá sa chuid is mó de chaidhpeanna an phláinéid sin, ach is dual do na caidhpeanna dul i bhfairsinge sa gheimhreadh, agus dé-ocsaíd charbóin ag sioc sa mhullach ar an uisce.

Cailciam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir fiche, agus is é Ca an tsiombail cheimiceach. Miotal cré-alcaileach é an cailciam, agus is dual dó dhá leictreon a thabhairt uaidh le caitian défhiúsach, Ca2+, a dhéanamh. Tá an cailciam 40.078 ar mheáchan adamhach, agus mar sin, is é an t-iseatóp is tábhachtaí ná 40Ca, cé go bhfuil roinnt iseatóp cobhsaí eile ann. Tá raidiseatóp nádúrtha ann freisin, mar atá, 48Ca. Tá sé chomh fadsaolach is gur féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht a bhaineas leis, áfach – ní féidir a rá gur truailleán dainséarach a bheadh ann.

Ceann de na miotail cré-alcaileacha é an cailciam, is é sin, tá sé in aon ghrúpa leis an maignéisiam, an strointiam, an beirilliam agus an bairiam. Cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an adamh cailciam, agus ochtréad iomlán taobh istigh den sceall sin. Mar sin is dual dó an dá leictreon a thabhairt ar iasacht agus ian cailciam, Ca2+, a dhéanamh.

Miotal bog é an cailciam agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis an uisce agus le hocsaigin an aeir, rud a fhágas nach furasta é a choinneáil i dtaisce mar dhúil ghlan aonraithe. Seoltóir maith leictreachais é, ach ní féidir úsáid a bhaint as sa leictreoireacht chomh himoibríoch is atá sé. Scéal eile é scéal an spáis áfach, ós rud é nach bhfuil ocsaigin amuigh ansin – mar is dóigh le hinnealtóirí áirithe. Dá réir sin is féidir go bhfeicfidh muid gléasra leictreachais fós atá ceaptha don úsáid sa spás, agus é bunaithe ar an gcailciam mar ábhar seoltóireachta.

Is iad na mianta cailciam is tábhachtaí ná an chailcít (carbónáit an chailciam, CaCO3), an dolaimít (carbónáit mheasctha an mhaignéisiam agus an chailciam, CaMg(CO3)2), an gipseam (déhiodráit shulfáit an chailciam, CaSO4 + 2H2O), an ainhidrít (an tsulfáit thirim nó CaSO4), an fhluairít (fluairíd an chailciam, CaF2) agus an apaitít nó Ca5(PO4)3X, inarb ionann X agus ceann den triúr seo a leanas: Cl (clórapaitít), OH (hiodracsalapaitít) nó F (fluarapaitít). Is iad an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe na tíortha is mó a tháirgeas cailciam.

Teastaíonn iain chailciam ón duine le haghaidh a chuid cnámh, agus mar sin is minic a chuirtear salainn chailciam le bia mar fhorlíonadh cothaitheach. Is iomaí úsáid a bhaintear as na comhdhúile éagsúla cailciam sa teicneolaíocht freisin. Maidir leis an miotal féin, úsáidtear mar chómhiotal é.

An Caimileon Chamaeleon a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir an Chuileog, an Chíle, an tIasc Eitilte, an Tábla, an tOchtamhán agus Éan Parthais. Níl d’ainmneacha ar na réaltaí is gile sa Chaimileon ach litreacha Bayer: Alpha Chamaeleontis, Beta Chamaeleontis, Gamma Chamaeleontis agus Delta Chamaeleontis.

Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet, mar ab ainm dó ina theanga dhúchais féin) a shainigh agus a d’ainmnigh an Caimileon i ndeireadh na séú haoise déag. Ní raibh Plancius ina réalteolaí go díreach: ba í an tíreolaíocht an chloch ba mhó ar a phaidrín, agus é ag tarraingt mapaí do lucht na loingseoireachta, ach ar ndóigh bhí na réaltaí thar a bheith tábhachtach ag na mairnéalaigh san am sin leis an mbealach ceart a aimsiú amuigh ar an teiscinn mhór i bhfad ón talamh slán, rud a thuig Plancius go maith. Mar sin bhí suim aige i mapáil na spéire chomh maith le mapáil an Domhain.

Bhí Plancius i dtuilleamaí na mbreathnuithe a rinne an loingseoir Pieter Dirkszoon Keyser sna farraigí theas – taiscéalaí a bhí in Keyser agus aithne ag Plancius air. Fuair Keyser bás in oileán Iáva sa bhliain 1596, ach má fuair, seachadadh torthaí a chuid breathnuithe chuig Plancius de réir mar a bhí socraithe acu roimhe sin.

Réalta phríomhsheichimh F-aicme í Alpha Chamaeleontis, agus í beagáinín níos troime ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread chomh lonrúil, áfach. Tá sí suite réasúnta cóngarach dúinn – is é sin níl sí ach trí solasbhliana is trí scór uainn.

Maidir le Beta Chamaeleontis, tá an ceann sin trí chéad solasbhliain uainn. Aicmítear mar B-réalta í, agus í cúig oiread chomh trom leis an nGrian, breis is dhá chéad oiread níos lonrúla ná í. Réalta phríomhsheichimh í.

Gamma Chamaeleontis arís, tá sí suite faoi cheithre chéad is fiche solasbhliain dínn. An cineál fathachréalta atá inti ná an cineál fathachréalta a bheas sa Ghrian féin i ndeireadh ama, agus mar sin is dócha nach bhfuil sí mórán níos troime ná an Ghrian. Tá sí seacht n-oiread is trí scór chomh fairsing leis an nGrian, agus ocht gcéad is trí scór oiread chomh lonrúil. Réalta K-aicme í, is é sin, is réalta fhlannbhuí í, agus í traidhfilín níos fuaire ná an Ghrian.

Cairt Franklin-Adams a thugtar ar an mbailiúchán de phlátaí réalteolaíocha (grianghrafanna spéire) a rinne an réalteolaí amaitéarach Sasanach John Franklin-Adams (1843-1912). Chumhdaigh Franklin-Adams an spéir go léir, thuaidh agus theas – chaith sé seal i réadlann Johannesburg san Afraic Theas leis an spéir theas a ghrianghrafadh. Tháinig an chairt i gcló cúpla bliain i ndiaidh bhás an fhir féin. Dhá chéad agus sé phláta atá ann.

Cairteacha Wolf-Palisa a thugtar ar thorthaí an tsuirbhé réalteolaíoch a rinne ollscoil Vín agus ollscoil Heidelberg in éineacht sna blianta 1900-1916. Ba é an réalteolaí Gearmánach Maximilian Wolf (1863-1932) a rinne an chuid is mó den ghrianghrafadóireacht i Heidelberg (an áit ar rugadh is ar cailleadh é), ach ansin chuidigh Johann Palisa le Wolf na plátaí a réiteach don chló. Ostarach a bhí i bPalisa a rugadh sa bhliain 1848 in Troppau (inniu, Opava i bPoblacht na Seice) agus a fuair bás sa bhliain 1925 i Vín. Bhí suim ag Wolf agus Palisa sna hastaróidigh chomh maith, agus d’aithin is a d’ainmnigh siad cuid mhór acu.

Caiseoipé: an réaltbhuíon ar dhéanamh na litreach úd ”W” atá dingthe idir an Sioráf, Ceiféas, an Laghairt, Andraiméide, agus Peirséas. Is iad réaltaí móra na réaltbhuíne seo ná Schedar (Alpha Cassiopeiae), Caph (Beta Cassiopeiae), Gamma Cassiopeiae (nach bhfuil ainm traidisiúnta Araibise ná Laidine uirthi), Ruchbah (Ksora, Delta Cassiopeiae), agus Segin (Epsilon Cassiopeiae).

Tríd is tríd is í Schedar an réalta is gile i gCaiseoipé, cé go sáraíonn Gamma Cassiopeiae uaireanta í. Is ilréalta í Schedar, ach is fathachréalta fhlannbhuí é an ceann is suntasaí de chomhbhaill na hilréalta. Tá an réalta seo suite faoi 230 solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh geal leis an nGrian, ceithre nó cúig oiread chomh trom, agus dhá oiread is dhá scór chomh fairsing.

Réalta athraitheach ar aon chineál le Delta Scuti í Caph. Tá ainm na réalta bunaithe ar an bhfocal Araibise a chiallaíos ”lámh” nó ”bos”: tá cúig réalta i gCaiseoipé, díreach cosúil le cúig mhéar na láimhe, agus mar sin is léir go raibh an t-ainm seo ag tagairt don réaltbhuíon go léir i dtús báire. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh fairsing, agus seacht n-oiread is fiche chomh lonrúil. Réalta F-aicme í Caph, is é sin is réalta bhánbhuí í atá traidhfilín níos teo ná an Ghrian. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí díreach ag forbairt go fathachréalta. Réalta aonair í, is é sin níl leathbhádóir ar bith aici. Tá sí ag dul timpeall ar a hais go sciobtha, rud a fhágas oblátacht áirithe uirthi – is é sin tá a trastomhas níos mó ag an meánchiorcal ná idir na poil.

Réalta athraitheach eile í Gamma Cassiopeiae, agus cineál iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe aisti. Tá sí suite faoi chúig chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus is B-réalta í – is é sin, is réalta ghorm nó bhánghorm í. Fathachréalta bheag, nó fo-fhathach, atá inti, agus cosúil le Caph, tá sí níos fairsinge ag an meánchiorcal ná ag na poil. Tá sí ag caitheamh ábhair uaithi, agus diosca foirmithe timpeall na réalta as an ábhar sin. Is é an diosca is cúis le hathruithe na gile, is dócha.

Bhí Gamma Cassiopeiae tábhachtach ag na spásairí Meiriceánacha fadó mar chabhair spásloingseoireachta, is é sin, leis an treoir cheart a aimsiú sa spás. Bhaist an spásaire Virgil ”Gus” Grissom Navi ar an réalta – giorrúchán ón bhfocal úd navigation (loingseoireacht) a bhí ann is dócha. Fuair Grissom agus beirt spásairí eile bás nuair a chuaigh an spásbhád úd Apollo a hAon trí thine ar an 27 Eanáir 1967 – níor imigh an spásbhád sin ón gceap lainseála riamh, mar sin, nó ní raibh ach druileáil i gceist acu. Na daoine a thugas Navi ar Gamma Cassiopeiae inniu is éard atá i gceist acu ná urraim a thabhairt do mhairtíreach seo an spástaistil.

Maidir le Ruchbah, fuair sí a hainm ó na hArabaigh, agus ”glúin” is ciall dó ina dteanga siúd. (Leagan eile den fhocal chéanna é Rukbat, a thagraíos d’Alpha Sagittarii i réaltbhuíon an tSaigheadóra.) Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í comhdhéanta as dhá chomhbhall a uraíos a chéile go tráthrialta. Déréalta í mar sin. Tá an phríomhréalta den bheirt sin dhá oiread go leith chomh trom agus beagnach ceithre oiread chomh fairsing leis an nGrian. Réalta A-aicme í agus í ina fo-fhathach faoi láthair – is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil sí díreach ag claochlú go fathachréalta cheart.

Segin, arís, tá sí suite ceithre chéad solasbhliain uainn. Fathachréalta í, agus í dhá mhíle agus cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Is B-réalta í, is é sin, is réalta the ghorm í. Tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé oiread chomh fairsing.

Tá cuid mhór réaltaí móra millteanacha le feiceáil i gCaiseoipé nach bhfeictear dúinn chomh geal leis na príomhréaltaí seo, toisc go bhfuil siad suite i bhfad i gcéin uainn. Ollfhathachréalta dhochuimsitheach – nó hipearfhathachréalta – í Rho Cassiopeiae, mar shampla, agus í suite faoi bhreis is ocht míle solasbhliain dínn. Tá sí leathmhilliún oiread chomh geal leis an nGrian, agus is hipearfhathach buí í – ní minic a thiocfá ar a leithéid sin, ach iontas na n-iontas, tá ceann eile den chineál le feiceáil i gCaiseoipé, mar atá, V509 Cassiopeiae.

Callisto: Ceann de Ghealacha Galileo í Callisto – is é sinn, satailít de chuid Iúpatair í, agus ba é Galileo Galilei a tháinig uirthi sa bhliain 1610, chomh maith le trí ghealach eile (Io, Ganymede agus Europa). Ní raibh d’ainm ag Galileo ar an ngealach seo ach Iúpatar a Ceathair: an t-ainm atá againn uirthi inniu fuair sí ó Simon Marius é. Réalteolaí Gearmánach ab ea Simon Marius (Simon Mayr an leagan Gearmáinise dá ainm) a rinne fionnachtain na ngealach seo faoin am chéanna, beag beann ar Galileo.

Tá Callisto beagnach ar aon mhéid le Mearcair, ach tá sí i bhfad níos éadroime ná é.

An Camchéachta an Céachta an tSeisreach a thugtar ar astaireacht na seacht réaltaí is suntasaí sa Bhéar Mhór, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid.

RÉALTAÍ AN CHAMCHÉACHTA

Ainm Litir Ghréagach in ainmníocht Bayer Aicme speictreach Méid dhealraitheach Fad na réalta uainn (solasbhlianta) Lonrachas/mais i gcomparáid leis an nGrian
Dubhe Alpha Ursae Majoris K 1.8 124 316/4.25
Merak Beta Ursae Majoris A 2.4 79 64/2.7
Phekda (Phecda, Phad) Gamma Ursae Majoris A 2.4 84 ?*/3.0
Megrez Delta Ursae Majoris A 3.3 58 14/1.6
Alioth Epsilon Ursae Majoris A 1.8 81 4/2.9
Mizar Zeta Ursae Majoris A 2.1 78 (ilréalta)
Alkaid (Benetnasch) Eta Ursae Majoris B 1.9 101 1.4/6

*) Tá sé deacair lonrachas Phekda i gcomparáid leis an nGrian a mheasúnú. Deirtear go bhfuil sé idir 5 agus 25 oiread.

Candam a thugtar ar phacáiste beag fuinnimh, cosúil leis an bhfótón (an candam solais). Tá dlúthbhaint ag an gcandam le tuiscint na fisice comhaimseartha ar struchtúr an adaimh. San adamh tá na leictreoin timpeall an adaimh suite ar leibhéil éagsúla fhuinnimh (na leictreonscealla agus na foscealla leictreonacha), agus ní féidir leis an leictreon bheith idir eatarthu idir na leibhéil seo. Le dul ó leibhéal íseal go leibhéal ard, caithfidh an leictreon dáileog chruinn fhuinnimh – candam – a fháil a fhreagraíos don difríocht idir an dá leibhéal. Is éard is impleacht dó sin ná go bhfuil gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach – an solas infheicthe, an radaíocht infridhearg, an radaíocht ultraivialait, na radathonnta, na micreathonnta, an x-radaíocht, an gháma-radaíocht – candamaithe, is é sin roinnte ina candaim.

Canóin na nÉiclipsí Canon der Finsternisse (Gearmáinis) a thugtar ar an díolaim faoi uruithe (éiclipsí) na Gréine is na Gealaí a chuir an réalteolaí Theodor Ritter von Oppolzer i dtoll le chéile. D’fhoilsigh Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire an saothar sa bhliain 1887, an bhliain i ndiaidh don eolaí féin bás a fháil. D’oibrigh Oppolzer amach na mionsonraí d’ocht míle urú gréine agus cúig mhíle urú gealaí, ón mbliain 1207 roimh Chríost go dtí an bhliain 2162 AD, de réir na matamaitice agus an eolais chomhaimseartha ar an meicnic neamhaí. Ábhar suntais é chomh cruinn, chomh saibhir is atá an saothar seo a rinneadh i bhfad roimh lá na ríomhairí.

Ostarach a bhí in Oppolzer, nó rugadh i bPrág é sa bhliain 1841, agus d’éag sé i Vín sa bhliain 1886. Bhí a mhac Egon von Oppolzer ina réalteolaí chomh maith, agus cosúil leis an athair fuair sé bás réasúnta óg.

Canopus Alpha Carinae Soheil atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Cíle. Réalta bhán A-aicme atá ann. Tá sé ar an dara réalta is gile ar an spéir, de réir is mar a fheictear dúinn – níl ach Sirius níos gile. Tá sé suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn, agus é deich míle níos gile ná an Ghrian, cé nach bhfuil ach téagar seacht nGrian ann. Réalta úsáideach a bhíodh ann do na mairnéalaigh agus iad ag iarraidh treoir a fháil amuigh ar an teiscinn mhór. Fuair Canopus a ainm ó na sean-Ghréagaigh, ach is deacair a rá cad is bunús leis an ainm – tá míniúcháin éagsúla ann. Is é an ceann is inchreidte ná go dtagraíonn ainm na réalta do Kanobos, a bhí ina phíolóta ar long an rí Menelaos – bhí Menelaos ina rí ar na Spartaigh le linn chogadh na Traí, mar a deir seanchas na Sean-Ghréige.

Tá Canopus le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Goiás i lár na tíre – Goiânia an phríomhchathair.

Caor thine bóilíd a thugtar ar dhreige is gile ná gnáthréalta reatha.

An Capall Beag a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir Iompróir an Uisce, Peigeasas, agus an Deilf. Réaltbhuíon bheag é an Capall Beag, agus ní féidir a rá go mbeadh sé cuidsúlach ach an oiread. Alpha Equulei nó Kitalpha atá ar an réalta is gile sa Chapall Bheag, agus is déréalta í: is fathachréalta bhuí G-aicme í Alpha Equulei A, agus is réalta bhán phríomhsheichimh í Alpha Equulei B. Tá Kitalpha suite faoi 190 solasbhliain dínn.

Capella atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Ara, Alpha Aurigae. Le fírinne is córas ceithre réalta í: is fathachréaltaí iad Capella Aa (réalta fhlannbhuí K-aicme) agus Capella Ab (réalta bhuí G-aicme), agus is abhacréaltaí dearga iad Capella H agus Capella L. Tá réaltchóras Capella suite faoi thrí solasbhliana is dhá scór dínn. Foinse láidir x-radaíochta í Capella: creidtear go ngintear an radaíocht sin i gcoróin Capella Aa.

Catalóg Ghinearálta Boss an chatalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an Meiriceánach Benjamin Boss sa bhliain 1936. Seasann an giorrúchán GC (General Catalogue an Bhéarla) do na réaltaí sa chatalóg seo. Tá trí mhíle dhéag is fiche, trí chéad, dhá réalta is dhá scór (33,342 réalta) ar fad sa chatalóg. Is fairsingiú í ar an gcatalóg a d’fhoilsigh athair Benjamin, Lewis Boss, roimh a mhac, agus nach raibh ach sé mhíle, céad, ocht réalta is ceithre scór inti. Bhí an mac i gceannas ar Réadlann Dudley i Schenectady, Stát Nua-Eabhrac, chomh maith lena athair roimhe.

Catalóg Messier a thugtar ar an gcatalóg a chuir an réalteolaí Francach Charles Messier i dtoll le chéile thiar sna 1770idí. Réaltraí agus réaltnéalta iad na réadanna sa chatalóg seo. Ní raibh suim ag Messier iontu ar a son féin – a mhalairt ar fad bhí sé ag iarraidh cóiméid a aithint, agus na réaltnéalta ag cur isteach air san obair seo. Mar sin, d’oibrigh sé amach catalóg de réadanna a d’fhéadfaí a thógáil in ainriocht cóiméid. Úsáidtear an chatalóg seo i gcónaí. Tá deich réad is cúig scór sa chatalóg, ó M1 go M110. Is é Réaltnéal an Phortáin an chéad réad, agus seasann M110 do réaltra beag in aice le Réaltra Andraiméide (NCG 205 de réir na Nua-Chatalóige Ginearálta).

Is í an Chatalóg Réaltghrafach an chatalóg réalteolaíoch a cuireadh i dtoll a chéile as na sonraí a bhailigh fiche réadlann i ngach cearn den domhan faoi cheannas Réadlann Pháras ón mbliain 1887 ar aghaidh. Le fírinne bhí dhá thionscadal ann: ar dtús thóg na réadlanna grianghrafanna dá raibh le feiceáil le réaltaí a bhí chomh fann le 11 ar mhéid (an Chatalóg Réalteolaíoch), nó níos gile ná sin; agus ina dhiaidh sin bhí siad le sraith nua grianghrafanna a thógáil a thaispeáin réaltaí ab fhainne ná sin, síos go 14 ar mhéid (Carte du Ciel nó ”Mapa na Spéire”, as Fraincis, a bhí ar an dara leagan seo). Bhí an spéir go léir le grianghrafadh i rith an tionscadail dhúbailte seo.

Bhí an scéim thar a bheith uaillmhianach, ach má bhí féin, ní raibh sé chomh torthúil is a shílfeá. Mhair na réadlanna na scórtha bliain á thabhairt i gcrann, agus an teicneolaíocht a raibh sé bunaithe uirthi chuaigh sí as dáta i rith na mblianta sin. Thairis sin níor críochnaíodh an dara leath den tionscadal, Carte du Ciel, i gceart riamh – ní raibh ach cuid de na réadlanna sásta páirt a ghlacadh san obair a thuilleadh, nuair a bhí an chéad sraith istigh.

Ar feadh i bhfad is beag úsáid a bhaintí as an dá chatalóg mhóra mhillteanacha seo, agus ba é an tuairim a bhí ag cuid mhór de na réalteolaithe gur obair amú a bhí iontu. Bhí fócas na réalteolaíochta féin athraithe ón réaltghrafaíocht go dtí an réaltfhisic (ó bhreathnú is mapáil na spéire go tuiscint theoiriciúil a forbartha) le linn na mblianta a chaith na réalteolaithe ag tógáil na ngrianghrafanna seo. Mar sin féin, tháinig cuma nua ar an scéal arís le déanaí, agus inniu cuirtear seansonraí an tionscadail seo i gcomparáid leis na grianghrafanna nua ón tsatailít úd Hipparcos a bhí ag mapáil na spéire sna blianta 1989-1993.

Catóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach díoltach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu – caitiain, mar a thugtar orthu.

Ceann na Péiste a thugtar ar an gcuid de réaltbhuíon na Péiste atá suite idir Fear na bPéisteanna, Earcail, Coróin an Tuaiscirt, an tAoire, an Mhaighdean, agus an Mheá. Tá dhá leath na Péiste, is é sin Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste, scartha ó chéile ag Fear na bPéisteanna. Is í Alpha Serpentis, nó Unukalhai, an réalta is gile i gCeann na Péiste agus sa réaltbhuíon go léir. Tá Unukalhai suite faoi 74 solasbhliana dínn, agus is fathachréalta í. Aicmítear mar K-réalta í, is é sin is réalta fhlannbhuí í agus í beagáinín níos fuaire sa dromchla ná an Ghrian s’againn.

Ceantar na Gréine a thugtar ar an réigiún spáis timpeall na Gréine. Is féidir a rá go bhfuil Alpha Centauri, Sirius, Procyon, Réalta Kapteyn, Réalta Barnard, Réalta Teegarden, agus Epsilon Eridani suite sa cheantar sin de réir gach sainmhíniú.

Cearnóg Mhór Pheigeasais a thugtar ar an astaireacht a chuimsíos na réaltaí seo leanas:

  • Alpha Pegasi, nó Markab;
  • Beta Pegasi, nó Scheat;
  • Gamma Pegasi, nó Algenib;
  • agus Alpha Andromedae, nó Alpheratz. Tá Alpheratz suite ar theorainn Pheigeasais agus Andraiméide, agus ar feadh i bhfad bhíodh na réalteolaithe idir dhá chomhairle fúithi – in ainmníocht Bayer ba nós dhá ainm a thabhairt uirthi ar dtús, Delta Pegasi chomh maith le Alpha Andromedae. Inniu, áirítear ar réaltaí Andraiméide amháin í.

Ceartairde (dronairde, ceartéirí, dronéirí) a thugtar ar cheann den dá chomhordanáid i gcóras na gcomhordanáidí réalteolaíocha. Is í an cheartairde an chomhordanáid a fhreagraíos don fhadlíne, nó is ionann í agus an fad idir pointe áirithe ar an meánchiorcal neamhaí agus pointe chónocht an Earraigh (teagmháil an éicliptigh agus an mheánchiorcail neamhaí), ar a dtugtar ”túsphointe Aries” freisin. Gualainn nó stua í an cheartairde go bunúsach, ach is gnách í a thabhairt in aonaid ama (uaireanta, nóiméid agus soicindí) seachas aonaid stua (céimeanna, stuanóiméid agus stuashoicindí); is ionann, ansin, ceithre huaire is fiche agus ciorcal iomlán.

Is iad ”ceartairde” agus ”ceartéirí” na leaganacha is mó a d’fheicfeá sna foclóirí, ach dealraíonn sé gur fearr le réalteolaithe le Gaeilge, nó le Gaeilgeoirí maithe a bhfuil eolas éigin acu ar na réaltaí, na leaganacha ”dronéirí” agus ”dronairde” a úsáid.

Ceathramhán: Bíonn sé praiticiúil go minic an spéir infheicthe a roinnt ina ceithre chuid, agus tugtar ceithreamháin ar na rannóga seo. Braitheann sainmhíniú an cheathramháin ar an gcóras comhordanáidí a úsáidtear. Focal é ”ceathramhán” a chloistear go minic ar Star Trek freisin, mar chuid den teicneachabaireacht. sé i gceist ag na scriptscríbhneoirí, de réir mar is dealraitheach, go bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, roinnte ina cheathramháin, agus ár ngrianchóras féin suite san Alfa-Cheathramhán. Níl an úsáid seo ródhifriúil leis an dóigh a n-úsáidtear an focal san fhíor-réalteolaíocht.

An Ceathramhán, nó An Ceathramhán Múrach, a thugtaí ar an réaltbhuíon ar shainigh an réalteolaí Francach Jérôme Lalande sa bhliain 1795 í agus í suite idir an tAoire agus an Dragan. Ní thugann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe aitheantas don Cheathramhán a thuilleadh, ach tá dreigechith na gCuadraintídí ainmnithe as. Quadrans Quadrans Muralis an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon.

Ceathrú an téarma a thagraíos ar an gcuma atá ar an ngealach nuair atá leath a diosca soilsithe mar a fheictear dúinn féin é. Is é sin, is ionann ceathrú agus leath gealaí, de réir na gnáthúsáide. Tá an ghealach i mbéal ceathrún nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag fás, is é sin roimh an lánré. Is í an cheathrú dheireanach atá ann nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag dul i laghad, is é sin roimh an nua-ré. D’fhéadfá an dara ceathrú a thabhairt ar an lánré, ach ní gnáthúsáid a bheadh ann.

Ceiféas a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Eala, an Sioráf, Caiseoipé, an Laghairt, an Dragan, agus an Béar Beag. Is í Alderamin, nó Alpha Cephei, an réalta is gile sa réaltbhuíon, agus í suite faoi naoi solasbhliana agus dhá scór dínn. Tá Alderamin cúpla oiread chomh mór leis an nGrian, agus seacht n-oiread déag chomh lonrúil. Creidtear go bhfuil Alderamin díreach ag fágáil an phríomhsheichimh ina diaidh le hiompú ina fathachréalta nó ina fo-fhathachréalta. A-réalta (réalta bhán nó ghormbhán) atá in Aldebaran de réir aicmiú speictreach na réaltaí.

Errai, nó Gamma Cephei, an dara réalta is gile. Le fírinne is déréalta í: tugtar Gamma Cephei ar an gcóras go léir, agus Errai a thugtar ar phríomhréalta an chórais. K-réalta (réalta fhlannbhuí) agus fo-fhathachréalta í Errai, agus í beagáinín níos fuaire ná an Ghrian (ar G-réalta bhuí í). Abhacréalta dhearg atá i leathbhádóir Errai. Sa bhliain 1988 a cuireadh an chéad sonrú i bpláinéad mór (níos mó ná Iúpatar, de réir chosúlachta) atá ag fithisiú Errai. I ndeireadh na bliana 2015 socraíodh an t-ainm Tadmor a bhaisteadh ar an bpláinéad sin. Is éard atá in Tadmor ná ainm Araibise ar an tseanchathair stairiúil úd Palmyra sa tSiria, agus ba í eagraíocht réalteolaithe na Siria a mhol an t-ainm.

Alfirk, nó Beta Cephei, an tríú réalta is gile i gCeiféas. Réalta athraitheach atá inti, agus aicme nó cineál iomlán de réaltaí athraitheach ainmnithe aisti – réaltaí athraitheacha ar aon déanamh le Beta Cephei. Tríréalta í Beta Cephei, agus í comhdhéanta as déréalta speictreascópach (is é sin, déréalta nach féidir a aithint mar dhéréalta ach breathnuithe a dhéanamh ar a speictream) agus comhbhall amháin eile atá infheicthe mar réalta ar leith.

Réalta athraitheach de chineál ar leith í Delta Cephei. Bíonn lonrachas na réalta seo ag athrú go tráthrialta – d’fhéadfá a rá go bhfuil sí ag tabhairt bíoganna uathu. Bíonn lonrachas na réalta ag fás go tobann leis an uasmhéid a shroicheadh, agus maolú ag teacht uirthi de réir a chéile ina dhiaidh sin. Tógann sé 3.37 lá (trí lá agus beagnach naoi n-uaire) ar Delta Cephei timthriall amháin den tsórt seo a chur di. Athraíonn aicme speictreach na réalta féin i rith an timthrialla, ó F go G agus ar ais.

Tá aicme iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe as Delta Cephei, mar atá, na Ceifidí. Réaltaí bíogacha iad na Ceifidí a dtagann athruithe ar a n-aicme speictreach agus ar a dtrastomhas féin de réir timthriall tráthrialta. Is gnách leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as an gcineál seo réaltaí mar chineál baoithe spáis le faid a thomhas.

Ceilt a bheas ann má thagann rinn neimhe amháin idir sinn agus rinn neimhe eile. Ansin beidh an dara ceann acu ceilte ag an gcéad cheann. Mar shampla, is féidir nach bhfeicimid réalta áirithe, toisc go bhfuil an Ghealach idir sinn agus í.

Más í an Ghrian atá ceilte ag an nGealach, ní gnách ceilt a thabhairt air sin, ach urú (gréine).

Céimeanna na Gealaí a thugtar ar na hathruithe a thagas ar chuma na Gealaí mar a fheictear dúinn féin í i rith na míosa. Is í céim na Gealaí an chuid – an céatadán, fiú – den Ghealach atá soilsithe, go bunúsach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, toisc nach bhfuil sí soilsithe ag an nGrian, deirimid go bhfuil an nua-ré ann. I ndiaidh na nua-ré tagann cuma an chorráin ar an nGealach, agus í ag fás. Timpeall ar sheachtain i ndiaidh na nua-ré tá an Ghealach i mbéal ceathrún, agus leath di soilsithe. Ina dhiaidh sin tá an Ghealach scothlán. Nuair atá an Ghealach go léir soilsithe, timpeall ar dhá sheachtain i ndiaidh na nua-ré, deirtear go bhfuil lán-réiomlán gealaí ann. I ndiaidh na lán-ré tagann cuma scothlán ar an nGealach arís, agus í ag dul i laghad anois. Timpeall ar thrí seachtaine i ndiaidh na nua-ré, níl ach leath na Gealaí soilsithe, agus is éard a thugtar air sin ná an cheathrú dheireanach. Ina dhiaidh sin, tá corrán Gealaí ann arís. Sa deireadh, níl an corrán féin fágtha, agus tá nua-ré ann in athuair.

Tugtar mí shionadach mí ghealaí ar an tréimhse idir dhá nua-ré, nó dhá lán-ré. Tá sí naoi lá is fiche, dhá uair déag, agus ceithre nóiméad is dhá scór ar meánfhad, ach le fírinne bíonn fad na míosa gealaí ag luainiú idir 29.8 lá agus 29.26 lá, de réir is mar a bhíos imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar fhithis na Gealaí.

Céim stua a thugtar ar an aonad stua arb ionann é agus 1/360 (aon trí chéad is seascadú cuid) den chiorcal iomlán.

An Ceinteár (Centaurus an leagan Laidine, Centauri an ginideach) an réaltbhuíon ina bhfuil an réalta is cóngaraí don Ghrian le feiceáil, agus í ag críochantaíocht leis an Aerchaidéal, an Chíle, an Compás, Cros an Deiscirt, an Phéist Uisce, an Mheá, an Faolchú, an Chuileog, agus na Seolta.

Is í an tríréalta úd Alpha Centauri, nó Toliman, an réalta (nó an réaltchóras) is feiceálaí sa Cheinteár. Tá trí chomhbhall ann: Rigil Kentaurus, nó Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri (is é is ciall le proxima na Laidine ná ”an ceann is cóngaraí”). Ní réaltaí móra iad: is G-réalta phríomhsheichimh í Rigil Kentaurus, agus í ábhairín níos mó ná an Ghrian; is K-réalta phríomhsheichimh í Alpha Centauri B, agus í ábhairín níos mó agus níos fuaire ná an Ghrian; agus is abhacréalta dhearg (M-réalta) í Proxima, agus í i bhfad níos lú ná an Ghrian, nó an dá réalta eile sa chóras chéanna. Le fírinne tá sé ina chúis easaontais idir an lucht saineolais i gcónaí, an bhfuil baint cheart imtharraingthe ag Proxima leis an dá réalta eile, nó an ea nach bhfuil sí ach ag dul thar bráid. Tá an trí cinn acu suite faoi bhreis is ceithre solasbhliana dínn, ach tá Proxima níos gaire dúinn ná an dá cheann eile.

Tá Alpha Centauri chomh cóngarach dúinn is go bhfuil sí ar réaltaí geala na spéire: níl ach Canopus agus Sirius níos gile. Fathachréalta é Canopus; maidir le Sirius, is réalta phríomhsheichimh é atá suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri.

Ceinteáir a thugtar ar aicme ar leith d’astaróidigh freisin, mar atá, iad siúd a ritheann a bhfithis trasna ar fhithisí na bhfathachphláinéad (is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Is féidir dearcadh orthu mar astaróidigh nó mar chóiméid, díreach mar a bhí tréithe an duine agus an chapaill araon ag ceinteáir na miotaseolaíochta. Níor aithin na réalteolaithe na ceinteáir mar ghrúpa ar leith de reanna neimhe sular chuir siad sonrú in Chiron sa bhliain 1977. Is í Chariklo, a haithníodh sa bhliain 1997, an ceinteár is mó, agus í dhá chéad go leith de chiliméadair ar trastomhas (nó trí chéad ciliméadar ar fad, más fearr leat – níl sí ar déanamh na liathróide).

Ba é Hidalgo an chéad cheinteár a d’aithin na réalteolaithe, thiar sa bhliain 1920, ach ní raibh ainm ar leith acu ar an gcineál seo réadanna go fóill – d’aicmigh siad mar ghnáthastaróideach é. Fuair Hidalgo a ainm ón Athair Miguel Hidalgo, laoch saoirse Mheicsiceo; inniu áfach is gnách na ceinteáir a ainmniú as ceinteáir na miotaseolaíochta, cosúil le Chiron, Chariklo, Nessus agus Amycus.

Ceres an ceann is mó de na reanna neimhe i gCrios na nAstaróideach – le fírinne ní dhearctar uirthi mar astaróideach i gciall cheart an fhocail, ach mar abhacphláinéad cosúil le Plútón. Tá Ceres ar déanamh na liathróide – is é sin tá sí sféarúil. Téann sí timpeall ar an nGrian uair amháin in aghaidh 4.6 bliain, agus í naoi gcéad go leith de chileaméadair ar trastomhas. Tá trian de mhais Chrios na nAstaróideach i Ceres. Creidtear go bhfuil leac oighir timpeall ar chroílár cloiche an abhacphláinéid seo. Ba é an spástaiscéalaí úd Dawn an chéad ghléas daondéanta a fuair radharc ceart ar dhromchla Ceres, nuair a chuaigh sé thart léi sa bhliain 2015. Thóg an gléas cuid mhaith grianghrafanna, agus is éard atá le haithint orthu ná go bhfuil Ceres breac le cráitéir. Uisce galaithe an t-aon atmaisféar atá ag Ceres, agus solas na Gréine ag baint móilíní uisce den dromchla oighir.

Chiron a thugtar ar mhionphláinéad (astaróideach) uimhir 2060, ar chuir an réalteolaí Charles Kowal an chéad sonrú ann sa bhliain 1977. Ní bhaineann Chiron le crios Kuiper ar imeall an ghrianchórais ná le crios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar, agus mar sin fuair na réalteolaithe riachtanach aicme nua a bhunú dá leithéidí – na ”ceinteáir”. Dá réir sin d’ainmnigh siad as ceann de cheinteáir na miotaseolaíochta Gréagaí é. Tá garphointe a fhithise don Ghrian (an peirihéilean) suite taobh istigh d’fhithis Iúpatair, agus an cianphointe (an t-aiféilean) taobh amuigh d’fhithis Úránais.

Ciantréimhseach: Is é an t-athrú ciantréimhseach an t-athrú nach bhfuil tréimhsiúil nó peiriadach. (Athruithe tréimhsiúla nó peiriadacha iad na hathruithe a chuirtear ar ceal go tráthrialta agus an peiriad, an tréimhse nó an timthriall ag tosú arís.) Claonadh mall fadtéarmach atá i gceist leis an athrú ciantréimhseach, mar sin. Is gá a admháil, áfach, go bhfuil an duine daonna chomh gearrshaolach i gcomparáid le himeachtaí na spéire is gur féidir gur athrú peiriadach nó timthriallach atá i gceist lena lán forbairtí ciantréimhseacha, ach amháin go bhfuil siad chomh mall ag teacht i gcrann nach féidir leis an duine fad an timthrialla a thomhas.

Is é an focal Béarla ar ”ciantréimhseach” ná secular. Sa ghnáthchiall is mar ”saolta” a aistrítear é, agus tá sé tábhachtach aird a thabhairt air nach é sin an téarma réalteolaíochta sa Ghaeilge.

Cignídí: dreigechith iad na Cignídí a bhíos le feiceáil i réaltbhuíon na hEala (Cygnus) i Mí Lúnasa.

An Chíle (ainm Laidine: Carina, ginideach: Carinae) atá ar an réaltbhuíon idir Deireadh na Loinge, na Seolta, Compás an Mhairnéalaigh, an Péintéir, an tIasc Eitilte, an Caimileon, an Chuileog, agus an Ceinteár. Cosúil lena lán de na réaltbhuíonta ina timpeall, ba chuid den Long (Argo Navis) í ar dtús.

Is é Canopus, nó Alpha Carinae, an réalta is gile sa Chíle. Ollfhathachréalta bhán atá ann, agus é ar an dara réalta is gile ar an spéir (níl ach Sirius níos gile, agus ní fathach é Sirius, ach réalta phríomhsheichimh atá cóngarach dúinn).

Maidir le Beta Carinae nó Miaplacidus, tá sé ar réaltaí geala na spéire chomh maith. Ainm aisteach é Miaplacidus, ós rud é go bhfuil sé curtha i dtoll le chéile as focal Araibise a chiallaíos ”na huiscí” agus focal Laidine a chiallaíos ”mín, moiglí, séimh” (cf. placid an Bhéarla). Pé scéal é tá an réalta seo trí oiread go leith chomh trom leis an nGrian, beagnach seacht n-oiread chomh leathan, agus dhá chéad ocht n-oiread is ceithre scór chomh lonrúil. A-réalta is ea Miaplacidus, cosúil le Sirius.

Níl a leithéid de réalta ann agus ”Gamma Carinae”. Nuair a scoilteadh an Long ina réaltbhuíonta éagsúla, choinnigh gach réalta an litir Ghréagach a bhí mar ainm uirthi in ainmníocht Bayer, ionas nár hathraíodh ach ainm Laidine na réaltbhuíne i ndiaidh na litreach. Ba leis na Seolta a thit Gamma Argus Navis, agus baisteadh Gamma Velorum ar an réalta sin (Vela an t-ainm Laidine ar na Seolta).

Eta Carinae ar réaltaí móra na spéire, agus í suite faoi sheacht míle go leith de sholasbhlianta dínn. Déréalta nó ilréalta í agus í na milliúin oiread níos gile ná an Ghrian s’againn. Tagann athruithe móra ar a méid dhealraitheach, agus an dá phríomhbhall den chóras ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Bhí Eta Carinae ina réalta mhór fheiceálach sna 1830idí agus sna 1840idí (”an Brúchtadh Mór” a thugas na réalteolaithe ar an tréimhse inniu), agus í ní ba ghile ná Canopus féin tráth, ach ina dhiaidh sin mhaolaigh uirthi arís. Glactar leis anois go mbíonn gile na réalta seo ag athrú go timthriallach, agus an dá chomhbhall den déréalta ag timpeallú a chéile – tógann sé cúig bliana go leith ar an dá réalta timthriall amháin a chríochnú. Ní ar an timthriall amhán a bhraitheas na hathruithe a thagas ar ghile na réalta seo, áfach – mar shampla bíonn sé éagsúil go leor cé acu mar sholas infheicthe nó mar radaíocht de chineál eile a astaíos Eta Carinae a cuid fuinnimh.

Chomh mór millteanach is atá Eta Carinae, creideann na réalteolaithe go bhfuil ollnóva i ndán di, agus go n-iompóidh sí ina dúpholl ina dhiaidh sin. Le fírinne chuirfeadh na pléasca is na brúchta ar Eta Carinae ollnóvaí i gcuimhne duit, ach ní ollnóvaí iad i gciall cheart an fhocail, nó fanann an réalta ina réalta i ndiaidh na n-imeachtaí seo, is é sin ní dhéantar neodrónréalta ná dúpholl di. Nóvaí ateagmhasacha atá i gceist mar sin ach is ábhar iontais é an fás a thagas ar ghile na réalta le linn na mbrúchta seo. Is féidir ollnóvaí bréige a thabhairt orthu, nó ”ollnóvaí den chineál V”; nuair a bhíos brúchta cosúla le haithint ar réaltaí eile, is minic a dhealraítear le hEta Carinae iad (”imeachtaí i stíl Eta Carinae”).

Cill fhótaileictreach: is éard atá i gceist lena leithéid ná gléas a tháirgeas leictreachas nuair a bhuaileas an solas é, ionas go dtugann athruithe ar an leictreachas sin de réir athruithe an tsolais. Tá an chill fhótaileictreach bunaithe ar an bhfeiniméan fisice a dtugtar iarmhairt fhótaileictreach air.

Cineálacha lonrachais: Is éard atá i gceist leis na cineálacha lonrachais ná aicmiú na réaltaí de réir chomh lonrúil is atá siad. Sa chéad leagan den rangú seo ní raibh ach cúig aicme, is é sin, I, II, III, IV agus V – na huimhreacha Rómhánacha óna haon go dtí a cúig. Sa chóras seo, bhí I ag seasamh do na hollfhathachréaltaí, agus V ag tagairt do réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian s’againn. Ina dhiaidh sin, rinneadh athruithe agus fairsingiú ar an gcóras: mar sin, tá aicme na n-ollfhathach roinnte ina lán fochatagóirí (0, Ia, Iab, Ib) agus cúpla catagóir nua curtha leis an gcóras do na habhaic is lú freisin (sd = sub-dwarf an Bhéarla, nó fo-abhac, agus D = dwarf an Bhéarla, is é sin abhacréalta bhán).

Ba iad na réalteolaithe William Morgan, Philip Keenan agus Edith Kellman a d’oibrigh amach an córas aicmiúcháin seo i dtús na 1940idí, agus dá réir sin is gnách ”córas Morgan-Keenan” nó ”córas MKK” a thabhairt air. Bhí siad ag obair i Réadlann Yerkes – tá an réadlann seo suite i Wisconsin, ach is cuid d’Ollscoil Chicago í. An leagan den rangú atá in úsáid inniu téann sé siar go dtí na caogaidí.

Ciogal Mheatóin: Is ionann ”ciogal Mheatóin” agus 235 mhí gealaí. D’aithin an réalteolaí sean-Ghréagach Meatón gurb ionann, beagnach, naoi mbliana déag agus 235 mhí gealaí (níl de dhifríocht ach dhá uair an chloig, má ghlactar leis gurb ionann an ”bhliain” agus bliain na gréine (an bhliain thrópaiceach). Bhí tábhacht nár bheag ag baint le ciogal Mheatóin i bhféilireacht na seanársaíochta.

Ciogal na ngrianspotaí: peiriad na n-athruithe a thagas ar ghníomhaíocht mhaighdéanach na Gréine agus ar na grianspotaí, ar toradh don ghníomhaíocht sin iad. Tógann sé tuairim is aon bhliain amháin ar an nGrian ciogal den chineál seo a chur di.

Ciogal Sótach: Má chloítear leis gurb ionann bliain amháin agus trí chéad cúig lá is trí scór, beidh an féilire chun deiridh ar shéasúir na bliana. Tógfaidh sé ciogal Sótach amháin go mbeidh an féilire cothrom leis an mbliain arís. Is ionann aon chiogal amháin agus míle ceithre chéad is trí scór bliain (1460 bliain) de réir fhéilire Iúil, nó bliain amháin thar an méid sin (1461 bhliain) de réir fhéilire na sean-Éigipteach (is ionann bliain sean-Éigipteach agus 365 lá go cothrom). Tá an aidiacht sin Sótach bunaithe ar Sotis, arbh é ainm na nÉigipteach ar an réalta úd Sirius (le fírinne, is leagan Gréigise é den ainm Éigiptise Sopdet), nó ba nós leis na hÉigiptigh a shíleadh gurb é éirí héiliacach na réalta sin tús na bliana. (An bhliain a shainmhínítear de réir éirí héiliacach na réalta seo, tugtar bliain Shótach uirthi, agus í tuairim is aon nóiméad amháin níos faide ná an bhliain thrópaiceach, is é sin, bliain na Gréine.)

Ciorcal an diallais: an ciorcal i ngléasadh meánchiorclach an teileascóip ar a socraítear an diallas is é ciorcal an diallais é.

Ciorcal comhlárnach: Ciorcail chomhlárnacha iad na ciorcail arb ionann a lárphointe. Dhá chiorcal comhlárnacha nach ionann a nga, tugtar fáinne ar an réigiún eatarthu.

Ciorcal éalárnach: Ciorcail a bhfuil ceann acu go hiomlán taobh istigh den cheann eile, agus nach ionann a lárphointe, is ciorcail éalárnacha iad.

Ciorcal polach: Ciorcail pholacha iad an ciorcal Artach agus an ciorcal Antartach. Taobh istigh den chiorcal pholach caitheann an Ghrian tréimhse níos faide ná lá is oíche amháin os cionn na léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana (grian an mheán oíche, mar a déarfá), agus tréimhse níos faide ná sin taobh thíos den léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana chomh maith.

Ciseal cúlaithe: Is é an ciseal cúlaithe an ciseal i gcrómaisféar na Gréine, díreach os cionn an fhótaisféir. Is ansin a fhágtar na línte ionsúcháin ar speictream na Gréine.

Ciseal Kennelly-Heaviside: Cuid d’ianaisféar an Domhain é ciseal Kennelly-Heaviside, nó an tE-chiseal, nó an tE-réigiún. Gás ianaithe atá sa chiseal seo, agus é suite 90-150 ciliméadar os ár gcionn. Frithchaitheann ciseal Kennelly-Heaviside radathonnta meánmhinicíochta, rud a chiallaíos gur féidir leis iad a iompar thar an léaslíne.

Fuair an ciseal a ainm ó Arthur Edwin Kennelly, innealtóir leictreach Gael-Mheiriceánach, agus ón bhfisiceoir féinteagasctha Sasanach Oliver Heaviside.

Ciseal vialait: Is éard atá i gceist leis an gciseal vialait ná ciseal cáithníní sa chuid is airde thuas d’atmaisféar Mharsa, agus é ag stopadh an tsolais chorcra, an tsolais vialait agus an tsolais ultraivialait.

Cisghealaí: An réigiún den spás atá suite idir atmaisféar an Domhain agus fithis na Gealaí, deirtear gurb é an spás cisghealaí é, is é sin, an spás ar ár dtaobh féin den Ghealach. An spás taobh amuigh den spás cisghealaí, arís, is é an cianspás é. Gineadach baininscneach é an focal sin cisghealaí go foirmiúil, ach ní úsáidfeá an fhoirm cisghealach. D’fhéadfá ”an spás trasghealaí” a thabhairt ar an gcianspás chomh maith.

Claíomh Oiríon: Astaireacht, nó grúpa réaltaí, é Claíomh Oiríon atá le feiceáil i réaltbhuíon an Bhodaigh (Oiríon) taobh thíos de Shlat an Bhodaigh (Crios Oiríon, an Fhearsaid). Tá Claíomh Oiríon comhdhéanta as 42 Orionis, Theta Orionis, agus Iota Orionis chomh maith le Réaltnéal an Bhodaigh, nó Réaltnéal Oiríon, arb é réad uimhir a 42 i gcatalóg Messier agus réad uimhir a 1976 sa Nua-Chatalóg Ghinearálta é (M42, NCG1976).

Clann chóiméad: Bíonn na cóiméid ghearrthréimhseacha ag fithisiú na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus go tipiciúil tá cianphointe (apaihéilean) an chineál sin cóiméid suite sa réigiún den ghrianchóras ina bhfuil na pláinéid mhóra le fáil. An pláinéad a bhfuil cianphointe an chóiméid suite in aice lena fhithis, deirtear gur de chlann an phláinéid sin an cóiméad. Clann chóiméad thábhachtach í clann Iúpatair, cuir i gcás.

Claonadh fithise: Is é claonadh na fithise ná an ghualainn idir fithis an phláinéid (nó a leithéide de réad) agus plána (leibhéal) tagartha éigin. Más ag trácht ar fhithisí na bpláinéad timpeall na Gréine atáimid, is iad na gnáthphlánaí tagartha ná an t-éiclipteach (an leibhéal a ritheann fithis an Domhain tríd), an plána a ritheann meánchiorcal na Gréine tríd, agus an plána do-athraitheach, nó plána Laplace (an leibhéal a bhfuil baralár, nó meáchanlár, an Ghrianchórais suite ann).

Clóirín: Is é an clóirín dúil cheimiceach uimhir a 17, agus is é Cl an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Ceann de na halaiginí é an clóirín, cosúil leis an bhfluairín, an bróimín, an t-iaidín agus an t-astaitín, agus mar sin, tá aon leictreon amháin de dhíth air leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Is gás uaine nó buí-uaine é an clóirín le teocht an tseomra, agus é comhdhéanta as móilíní dhá adamh, Cl2. Fuair an clóirín a ainm ó dhath an gháis, nó is é is brí leis an bhfocal Gréigise úd khloros ná ”bánuaine”.

Tá an clóirín 35.45 aonad ar mheáchan adamhach. Is iad na hiseatóip chobhsaí ná 35Cl (trí cheathrú cuid de chlóirín an dúlra) agus 37Cl (aon cheathrú cuid amháin de chlóirín an dúlra). Tá a leithéid d’iseatóp ann agus 36Cl freisin, ach is radanúiclíd é nach bhfuil ach rianta di le fáil sa dúlra.

Is í an chomhdhúil is simplí dá bhfuil ag an gclóirín ná an chlóiríd hidrigine, HCl. Má thuaslagtar san uisce é, gheofar aigéad hidreaclórach. Aigéad láidir é an t-aigéad hidreaclórach, agus mar sin, is gás nimhe í an chlóiríd hidrigine. Tagann an t-aigéad seo isteach úsáideach sa tionsclaíocht, áfach, agus mar sin is ceimiceán é a tháirgtear go forleathan ar fud an domhain.

Tugtar aqua regia nó ”uisce an rí” ar thuaslagán measctha an aigéid nítrigh agus an aigéid hidreaclóraigh. Creimeann an tuaslagán seo ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór. Is í an tríchlóiríd óir, AuCl3, is toradh don imoibriú sin.

DAINSÉAR

AIGÉAD HIDREACLÓRACH

HCl(aq)

Ocsaídeoir láidir é an clóirín agus é araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin is nimh dhainséarach é an gás clóirín, agus le fírinne ba é an chéad ghás nimhe ar baineadh triail as i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda mar arm ceimiceach ollscriosta. Aon duine a léigh, abair, an dán Dulce et Decorum Est le Wilfred Owen, tá a fhios aige nach ábhar magaidh é an t-ionsaí clóirín. D’éirigh an dá thaobh as an gclóirín go sciobtha, áfach, nuair a tháinig gáis ab fhearr ná é chun úsáide: an fhoisgéin (an chlóiríd charbóinile), ach go háirithe – tá dhá adamh clóirín i móilín na foisgéine chomh maith le hadamh amháin carbóin agus ceann amháin ocsaigine, is é sin, Cl2CO an fhoirmle. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an fhoisgéin ar na scamhóga, ionas go líontar le leacht iad – mar a bheadh an duine á bhá ar talamh tirim. Níl boladh chomh láidir as an bhfoisgéin agus atá as an gclóirín, áfach – chuirfeadh boladh na foisgéine féar tirim i gcuimhne duit. Mar sin is féidir leis an bhfoisgéin dochar tromchúiseach a dhéanamh do na scamhóga i nganfhios don tsaighdiúir – scéal eile é an clóirín, nó d’aithneodh an saighdiúir a bholadh agus rachadh sé ar lorg a ghásphúicín in am.

Nuair a rachas an clóirín i gcomhdhúile le miotail, áfach, iompóidh sé ina chlóiríd, Cl. Tá an t-ian clóiríde breá cobhsaí, agus níl sé nimhiúil ann féin. Clóirídí tábhachtacha iad an chlóiríd sóidiam NaCl, nó gnáthshalann, agus an chlóiríd amóiniam NH4Cl, a úsáidtear le tuilleadh blas a chur le milseáin liocrais. Cineál salann é an chlóiríd chailciam freisin, CaCl2. Is dual don chlóiríd chailciam uisce a ól chuici óna timpeallacht – is substaint thais-scópach í mar a déarfá – agus mar sin scaiptear ar na bóithre í le hiad a choinneáil tirim. An chuid is mó de na salainn chlóiríde tá siad so-thuaslagtha san uisce, ach is í an chlóiríd airgid AgCl an eisceacht mhór. Sin é an tuige go n-úsáidtear an níotráit airgid AgNO3 mar imoibrí leis na hiain chlóiríde a aithint: má chuirtear níotráit airgid le tuaslagán a bhfuil iain chlóiríde ann, beidh deascadh ann.

Tá aithne ag an gcine daonna ar chomhdhúile clóirín cosúil leis an ngnáthshalann ón réamhstair anuas, ach ba é Carl Wilhelm Scheele an chéad cheimiceoir a d’aonraigh gás clóirín agus a rinne taighde ceart ar airíonna na substainte seo, sna 1770idí. Shíl sé, áfach, gur comhdhúil de shórt éigin a bhí ann. Ba é an ceimiceoir Humphry Davy ó Chorn na Breataine a d’aithin, sa bhliain 1810, gur dúil cheimiceach a bhí i gceist, agus ba eisean a bhaist an dúil sin.

Tá sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín: an t-aigéad hipeaclórúil HClO (nó HOCl, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad clórúil HClO2 (nó HOClO), an t-aigéad clórach HClO3 (nó HOClO2) agus an t-aigéad sárchlórach HClO4 (HOClO3). Ní féidir ach an ceann deireanach acu a aonrú ón uisce; an trí cinn eile is comhdhúile éagobhsaí iad nach maireann taobh amuigh den tuaslagán uisce. Is féidir leo salainn a dhéanamh le hiain mhiotail, áfach – hipeaclóirítí, clóirítí agus clóráití. Ocsaídeoirí láidire iad, agus is mar ocsaídeoirí a úsáidtear iad – bléitseálann an hipeaclóirít sóidiam NaOCl teicstilí, mar shampla.

Maidir leis an aigéad sárchlórach, tá sé i bhfad níos cobhsaí ná ocsaigéid eile an chlóirín. Aigéad thar a bheith láidir é, níos láidire ná an t-aigéad nítreach féin. Is féidir é a aonrú ón uisce, ach is ábhar sophléasctha é, chomh maith lena chuid salann – na sárchlóráití. Ocsaídeoir láidir é freisin, ar ndóigh. Is é an bhaint atá ag an aigéad sárchlórach le cúrsaí an spáis ná go n-úsáidtear an tsárchlóráit amóiniam mar bhreosla sna roicéid; thairis sin d’aithin gléasra an spástaiscéalaí úd Phoenix Mars Lander sa bhliain 2008 go raibh sárchlóráit mhaignéisiam agus sárchlóráit chailciam le fáil in úir Mharsa. Bíonn salainn an aigéid shárchlóraigh an-sothuaslagtha san uisce, de ghnáth. Scéal eile é áfach go bhfuil an tsárchlóráit photaisiam dothuaslagtha, agus mar sin úsáidtear an t-aigéad sa cheimic anailiseach leis na hiain photaisiam, K+, a aithint.

Cóiméad réalta scuaibe, réalta eireabaill, réalta mhongach scuabréalta a thugtar ar réad beag a thagas ó imeall an Ghrianchórais i dtreo na Gréine, ionas go bhfeictear radaíocht na Gréine ag baint damhna den réad, agus an damhna sin ag lasadh suas mar a bheadh eireaball ag an réad.

Go bunúsach, ní bhíonn i gceist le cóiméad ach leac oighir den chineál atá flúirseach i scamall Oort agus i gcrios Kuiper, ar imeall an ghrianchórais. An dóigh a dtéann imtharraingt na réaltaí is gaire dúinn i bhfeidhm ar an scamall sin, bíonn corraíl ann, agus de thoradh na corraíola sin a fhágas na cóiméid an scamall le bealach a dhéanamh i dtreo na Gréine.

Tugtar núicléas ar an gcnap oighir féin. Timpeall an núicléis atá an cóma, is é sin, an t-atmaisféar tanaí agus é comhdhéanta as móilíní uisce agus pé cineál damhna eile atá sa núicléas féin. As an gcóma a dhéantar eireaball an chóiméid.

Is é an t-eireaball nó an scuab an ghné is feiceálaí den chóiméad. Is éard atá ann ná ábhar a bhaintear de dhromchla an chóiméid faoi bhrú na radaíochta ón nGrian, chomh maith leis an ngrianghaoth. Le fírinne áfach is minic is féidir dhá eireaball éagsúla a aithint ag an gcóiméad – an t-eireaball dusta agus an t-eireaball gáis – ós rud é nach leac oighir amháin atá sa chóiméad. Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach ní hionann luas a ngluaiseachta.

Bíonn na cóiméid ag dul timpeall na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus is gnách iad a aicmiú ina dhá ngrúpa, mar atá, na cóiméid ghearrthréimhseacha agus na cóiméid fhadtréimhseacha. Is as scamall Oort taobh thiar de Neiptiún a thagas na cinn ghearrthréimhseacha, agus is as crios Kuiper, an t-imeallbhord is faide ón nGrian, do na cóiméid fhadtréimhseacha. Is iad na cóiméid ghearrthréimhseacha na cinn a chríochnaíos turas amháin timpeall na Gréine in aghaidh an dá chéad bliain, nó níos minice, agus is iad na cinn fhadtréimhseacha na cinn a dtógann sé níos mó ama orthu. Tá cóiméid neamhthréimhsiúla ann fosta, is é sin cóiméid nach bhfanann sa Ghrianchóras tar éis an chéad turas a thabhairt i dtreo na Gréine.

Téann imtharraingt na réad mór – imtharraingt na bpláinéad, cuir i gcás – i bhfeidhm ar na cóiméid ó am go ham, agus tarlaíonn sé go mbuaileann cóiméad faoi phláinéad. Sampla clúiteach de seo is ea cóiméad Shoemaker-Levy a bhuail Iúpatar sa bhliain 1994: ar dtús thit an cóiméad seo as a chéile, agus ansin bhuail na hiarsmaí an pláinéad. Ba mhillteanach an phléasc a bhí ann, agus ar ndóigh bhí an t-imbhualadh seo tábhachtach do na réalteolaithe. Threisigh sé leis an tuairim atá ag cuid mhór acu gur sciath chosanta é Iúpatar atá ag dul idir an Domhan agus dreigeoidigh nó cóiméid ó imeall an ghrianchórais.

Cóiméad Arend-Roland a thugtar ar an gcóiméad a d’aithin na réalteolaithe Sylvain Arend agus Georges Roland thiar sa bhliain 1956. Bhí sé geal as an ngnáth nuair a tháinig sé i ngar don Domhan, agus mar sin áirítear ar na cóiméid mhóra i stair na réalteolaíochta é. Cóiméad neamhthréimhsiúil a bhí ann, is é sin, d’imigh sé as an nGrianchóras tar éis dó a pheirihéilean (a gharphointe don Ghrian) a fhágáil ina dhiaidh.

Cóiméad Biela: Fuair an cóiméad seo a ainm ó Wilhelm von Biela, oifigeach Ostarach de phór na Gearmáine a raibh suim aige sa réalteolaíocht. Ba iad Jacques Montaigne agus Charles Messier (an fear céanna a chuir i dtoll le chéile catalóg na réaltnéalta!), roimh aon eolaí eile, a d’aithin an cóiméad seo beag beann ar a chéile sna 1770idí, ach ba é Biela a d’oibrigh amach, sa bhliain 1826, mionsonraí matamaitice na fithise agus a dheimhnigh tréimhse imrothlaithe an chóiméid – tuairim is 6.6 bliain.

Sa bhliain 1845, chonaic na réalteolaithe go raibh dhá leath déanta den chóiméad, agus ina dhiaidh sin, thit Cóiméad Biela as a chéile. Níor fágadh ach dreigechith de – na hAndraiméidídí nó na Bílídí – agus níl an dreigechith sin féin le feiceáil a thuilleadh inniu.

Cóiméad Donati: Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Battista Donati a chuir an chéad sonrú sa chóiméad seo thiar sa bhliain 1858. Bhí cóiméad Donati ar an gcéad chóiméad ar tógadh grianghraf de riamh. Ceann de chóiméid mhóra na staire é chomh feiceálach is a bhí sé, agus deireadh lucht na comhaimsire gurbh é an cóiméad ab áille a chonacthas riamh – ar a laghad chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm ar a lán ealaíontóirí mar inspioráid. Glactar leis gur cóiméad fadtréimhseach é nach bhfillfidh ach sa cheathrú mílaois.

Cóiméad Encke: Cóiméad gearrthréimhseach é Cóiméad Encke nach dtógann sé ach tuairim is trí bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine. Cuireadh sonrú sa chóiméad seo san ochtú haois déag, ach is é an t-ainm a fuair sé ná sloinne an réalteolaí a d’oibrigh amach mionsonraí a fhithise sa bhliain 1819, mar atá, Johann Franz Encke.

Cóiméad Halley: Ceann de chóiméid mhóra na staire é an cóiméad seo. Tógann sé cúig bliana déag is trí scór air imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Bíonn sé le feiceáil go soiléir ón Domhan nuair a thagas sé i ngar don Ghrian, agus na teoiricí atá ag na réalteolaithe i dtaobh na gcóiméad tá siad, cuid mhór, bunaithe ar na breathnuithe a rinneadh ar an gcóiméad áirithe seo. Cosúil le Cóiméad Encke, tá an cóiméad seo ainmnithe as an matamaiticeoir a d’oibrigh amach airíonna a fhithise, seachas as an duine a chuir an chéad sonrú ann. Edmund Halley a bhí ar an eolaí sin, agus rinne sé an t-éacht i dtús na hochtú haoise déag. Chonaic Halley an cóiméad le súile a chinn féin sa bhliain 1682, agus bhí sé in ann filleadh an chóiméid a thairngreacht sách cruinn, ach fuair sé féin bás breis is deich mbliana sula bhfacthas a chóiméad arís.

Cóiméad Holmes: Ba é an réalteolaí Sasanach Edwin Holmes a chuir an chéad sonrú sa chóiméad áirithe seo sa bhliain 1892. Tógann sé sé bliana agus deich mí, a bheag nó a mhór, ar chóiméad Holmes turas amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cuid súl ann.

Cóiméad Ikeya-Seki: Cóiméad fadtréimhseach é an cóiméad seo ar chuir na réalteolaithe Seapánacha Kaoru Ikeya agus Tsutomu Seki sonrú ann sa bhliain 1965. Tháinig cóiméad Ikeya-Seki an-chóngarach don Ghrian agus rinneadh trí chuid de, ach má rinneadh, chloígh na codanna sin lena seanruthag ina dhiaidh sin féin. Nuair a d’imigh an cóiméad ó lár an ghrianchórais, ní fhacthas arís é.

Cóiméad Kohoutek: Ba é an réalteolaí Seiceach Luboš Kohoutek a chuir an chéad sonrú sa chóiméad áirithe seo. Chonacthas sa bhliain 1973 é, agus bhain sé amach a gharphointe don Ghrian faoi dheireadh na bliana. Cóiméad fadtréimhseach é nach bhfeicfear arís ach i gceann seachtó is cúig mhíle bliain. Ba é an chéad chóiméad riamh a ndearnadh breathnuithe air ó spásbháid – ba iad an spás-stáisiún Sóivéadach Soyuz a Trí Dhéag agus an ceann Meiriceánach Skylab a Ceathair a bhí i gceist.

Cóiméad Pons-Winnecke: Seo cóiméad ar chuir an réalteolaí Francach Jean-Louis Pons an chéad sonrú ann sa bhliain 1819. Chuaigh an cóiméad seo as radharc ar na réalteolaithe idir an dá linn, ach ansin rinne an Gearmánach Friedrich August Theodor Winnecke a athfhionnachtain sa bhliain 1858. Cóiméad gearrthréimhseach é nach dtógann sé ach corradh is sé bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine.

Coimhdire a thugtar ar an gcomhbhall is lú i bhfíor-dhéréalta – is coimhdire é Sirius B, mar shampla.

Cóimheas Pogson: Ar scála logartamach na gile, tá réalta na séú méide céad oiread níos gile ná réalta na chéad mhéide. Is é is impleacht dó sin ná, más ionann gile na réalta seo agus m, agus más í gile na réalta úd eile agus m + 1, de réir an scála, is é is brí leis sin ná go bhfuil an réalta úd eile timpeall is 2.512 oiread níos gile ná an réalta seo. Is í an uimhir sin cóimheas Pogson. Le bheith beacht, is ionann cóimheas Pogson agus an cúigiú fréamh as céad, is é sin, más ionann x5 (cúigiú cumhacht an x) agus 100, is ionann x agus cóimheas Pogson. Ba é an réalteolaí Sasanach Norman Robert Pogson a d’oibrigh amach an córas seo faoi lár na naoú haoise déag.

Coindrít a thugtar ar dhreigít atá fáiscthe as dusta agus mionábhar eile spáis, agus cáithníní an mhionábhair seo le haithint i gcónaí mar choindriúil sa chloch. Deoirín damhna é an coindriúl a ghreamaigh den dreigeoideach amuigh sa spás.

An Choirceog an t-ainm Gaeilge ar Praesepe nó réad uimhir a 44 i gcatalóg Messier (M44). Réaltbhraisle oscailte í atá le feiceáil i réaltbhuíon an Phortáin, agus í ar na braislí oscailte is cóngaraí dúinn. Tá réaltaí na Coirceoige suite faoi chúig nó sé chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus is léir óna ndualghluaisne go bhfuil baint éigin ag an gCoirceog le braisle Hyades. Tá timpeall ar mhíle réalta sa Choirceog agus iad nasctha dá chéile ag an imtharraingt; an chuid is mó acu tá siad sách beag, ach d’aithin na réalteolaithe cúig fhathachréalta ansin chomh maith. Ba é Galileo Galilei, roimh aon duine eile, a rinne breathnuithe teileascóip ar an gCoirceog, agus é in ann dhá scór réalta a aithint thar a chéile ansin.

An Colgán Dorado an réaltbhuíon atá suite idir an Siséal, an Clog, an Líontán, an Phéist Bheag, an Tábla, an tIasc Eitilte, agus an Péintéir. Ba é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a shainigh an réaltbhuíon seo sa tseachtú haois déag. Ar feadh i bhfad áfach ní raibh na réalteolaithe ar aon tuairim faoi ainm ceart na réaltbhuíne seo, nó is iomaí duine acu a thugadh Xiphias uirthi – ainm Laidine nó Gréigise ar an gcolgán. Ainm Portaingéilise é Dorado, áfach. Doradus an ginideach Laidine de Dorado a úsáidtear in éineacht le hainmneacha na litreach Gréagach i gcóras ainmníochta Bayer: Alpha Doradus, Beta Doradus, Gamma Doradus…

Is í an réalta is gile sa Cholgán ná Alpha Doradus, ar déréalta í: réaltaí teo bánghorma iad an dá chomhbhall, agus iad cúpla oiread níos troime, níos mó ná an Ghrian. Tá siad chomh lonrúil áfach is go n-aicmítear mar fhathachréaltaí iad. Le bheith beacht, fo-fhathach atá i gceann acu, agus fíorfhathach sa cheann eile. A-réalta é an fathach, agus is B-réalta é an fo-fhathach, de réir an speictrim.

Tá an chuid is mó de Scamall Mór Magellan suite sa Cholgán.

An Colm Columba a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Madra Mór, an Giorria, an Siséal, an Péintéir, agus Deireadh na Loinge. Is gnách glacadh leis gurbh é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a cheap an réaltbhuíon seo is a d’ainmnigh í i ndeireadh na séú haoise déag, cé go bhfuil leideanna ann gur réaltbhuíon thraidisiúnta a bhí ann i ndáiríribh. Is ar éigean is féidir a rá go mbeadh cuid súl sa Cholm. Phact, nó Alpha Columbae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fo-fhathach B-aicme atá i gceist, agus é suite faoi 260 solasbhliain dínn. Wazn an seanainm atá ar Beta Columbae, an dara réalta is gile. Réalta fhlannbhuí K-aicme í, agus í suite faoi 87 solasbhliana dínn.

Colúr a thugtar ar cheann de dhá phríomh-fhadlíne an sféir neamhaí. Is é colúr an ghrianstad an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá ghrianstad (is é sin, túsphointe Cancer agus túsphointe Capricornus). Is é an colúr cónochta an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá chónocht (is é sin, túsphointe Aries agus túsphointe Libra).

Cóma an focal is bunús le ”cóiméad”: is éard atá sa chóma ná ”atmaisféar” an chóiméid. Móilíní uisce agus dusta is mó a bhíos ann. Thairis sin aithnítear comhdhúile simplí eile seachas uisce i gcóma na gcóiméad: dé-ocsaíd charbóin, aonocsaíd charbóin, suilfíd hidrigine, ciainíd hidrigine agus formaildéad mar shampla.

Comharthaí an Stoidiaca a thugtar ar na teascóga den éiclipteach a chomhionannaítear le réaltbhuíonta an Stoidiaca san astralaíocht. Sainmhínítear na comharthaí seo de réir réalteolaíocht na sean-Bhablóine, rud a chiallaíos nach bhfuil na réaltbhuíonta agus na comharthaí ag freagairt dá chéile a thuilleadh, nó tháinig athrú áirithe ar an spéir idir an dá linn, chomh sean is atá na réaltchatalóga Bablónacha – is í luainíocht na gcónocht is cúis leis an athrú seo. Thairis sin is ionann gach teascóg agus aon dóú cuid déag den éiclipteach, ach ar ndóigh tá réaltbhuíonta an Stoidiaca éagsúil maidir leis an gcuid den éiclipteach atá fúthu. Scéal eile fós go bhfuil réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna dingthe idir an Scairp agus an Saighdeoir, agus an t-éiclipteach ag rith tríthi, ach ina dhiaidh sin féin ní thugann lucht na hastralaíochta aitheantas dá leithéid de chomhartha stoidiaca.

Is iad comharthaí an Stoidiaca ná an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an Leon, an Mhaighdean, an Mheá, an Scairp, an Saighdeoir, an Gabhar, an tUisceadóir, agus na hÉisc. ”An tUisceadóir” an t-ainm Gaeilge a bhíos ag lucht scríofa na dtuismeánna ar an gcomhartha úd Aquarius, ach is é ”Iompróir an Uisce” an t-ainm a mholas an Foclóir Réalteolaíochta.

Comhathrú an domhanleithidguagadh Chandler a thugtar ar ghné áirithe de nútú an Domhain, is é sin, ar an athrú a thagas ar an mbaint atá ag ais rothlúcháin an Domhain lenár bpláinéad féin mar chorp soladach. Athrú tréimhsiúil é guagadh Chandler. Ba é an geolaí Meiriceánach Seth Chandler a d’aithin comhathrú an domhanleithid sa bhliain 1891.

Comhbhaill a thugtar ar na réaltaí a bhfuil córas déréaltach nó ilréaltach comhdhéanta astu.

Comhdhlúthuithe corónacha a thugtar ar limistéir i gcoróin na Gréine atá níos teo agus níos gile ná a bhfuil ina dtimpeall. Tá baint acu le gníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine.

Comhéifeacht athraonta an uimhir a thugas coibhneas luas an tsolais san fholús agus luas an tsolais i meán áirithe. Mar shampla, tá an t-uisce 1.333 ar chomhéifeacht athraonta, rud a chiallaíos go bhfuil an solas timpeall ar aon tríú cuid níos sciobtha san fholús ná san uisce.

Ní mór aird a thabhairt air go bhfuil an chomhéifeacht athraonta bunaithe ar luas na dtonnta solais. Mar sin, is féidir di bheith beagáinín níos ísle ná a haon. Sa chás sin féin áfach ní bhristear an dlí nádúrtha a deir nach dtig luas an tsolais a shárú, nó ní iompraíonn na tonnta aon chineál eolais ná damhna.

Comhiompar an focal a thagraíos d’aistriú an teasa trí aistriú na móilíní nó na n-adamh – is é sin, nuair a bhíos na móilíní nó na hadaimh ag gluaiseacht, bíonn siad ag iompar an teasa agus an fhuinnimh leo. Is é an comhiompar is cúis le haistriú an teasa sa chuid eachtrach den Ghrian, a dtugtar crios an chomhiompair uirthi; taobh istigh de chrios an chomhiompair atá crios na radaíochta, áit a bhfuil an teas á iompar ag an radaíocht, seachas ag na móilíní nó na hadaimh.

Comhlínitheoir a thugtar ar ghléas a úsáidtear le solas nó radaíocht a chomhlíniú – is é sin, leis na gathanna a stopadh ó spré agus a choinneáil go tiubh in aice le chéile. Solas an-chomhlínithe atá i gceist leis an solas léasair, agus d’fhéadfá a rá go bhfuil an léasar ar an gcomhlínitheoir is láidire amuigh.

Comhlionsa atá i gceist leis an lionsa atá curtha i dtoll le chéile as lionsaí éagsúla agus iad déanta as cineálacha éagsúla gloine. Úsáidtear comhlionsaí leis na hiomraill optúla sna lionsaí a íosmhéidiú. Sampla tábhachtach de seo is ea an comhlionsa neamhchrómatach. Go bunúsach, ní hionann an fócas do na tonnfhaid éagsúla i lionsa aonair, rud a tharraingíos iomrall crómatach (iomrall datha), ionas go bhfeictear, abair, sórt ”bogha báistí” de dhathanna timpeall ar an réalta sa teileascóp. Comhlionsaí neamhchrómatacha iad na comhlionsaí atá ceaptha go speisialta le baint den iomrall chrómatach.

Comhordanáidí neamhaí a thugtar ar na comhordanáidí a úsáideas na réalteolaithe le háit na rinne neimhe ar an spéir a shocrú is a shainmhíniú. Bíonn córais éagsúla chomhordanáidí acu le haghaidh cuspóirí éagsúla:

  • Córas na léaslíne. Tá an córas seo bunaithe ar an áit a bhfuil an breathnóir féin suite ar dhroim an Domhain. Is í an léaslíne a shocraíos bunphlána an chórais agus nialas an leithid (is é sin, nialas na hairde). Is iad poil an chórais seo ná an forar (an pointe os cionn an bhreathnóra) agus an nadair (an pointe taobh thíos den bhreathnóir). Tugtar airde (leithead) agus asamat (fad) ar na comhordanáidí. Is féidir tuaisceart nó deisceart na léaslíne a úsáid mar nialas don fhad (don asamat).
  • Córas an mheánchiorcail. Is féidir an córas seo a bhunú ar lárphointe an Domhain (an leagan geolárnach den chóras, mar a déarfá) nó ar lárphointe na Gréine (an leagan héilealárnach den chóras). Is é an meánchiorcal neamhaí nialas an leithid, agus is é cónocht an Earraigh nialas an fhaid. Diallas a thugtar ar an leithead sa chóras seo, agus tá dhá fhad éagsúla ann: an dronairde (an cheartairde, an dronéirí, an ceartéirí) agus an uair-uillinn. Tá an dronairde ag dul i méadaíocht soir, agus an uair-uillinn ag dul i méadaíocht siar. Cé gur uaillinn atá i gceist leis an dronairde chomh maith leis an uair-uillinn, tugtar an dá rud in aonaid ama seachas in aonaid stua, ionas gurb ionann an ciorcal iomlán agus ceithre huaire is fiche ar an gclog.
  • Córas an éicliptigh. Tá an leagan geolárnach agus an leagan héilealárnach ann. Is é an t-éiclipteach is nialas don leithead, agus is é cónocht an Earraigh is nialas don fhad. Tugtar fad éicliptigh agus leithead éicliptigh ar an bhfad agus ar an leithead sa chóras seo.
  • Córas na gcomhordanáidí réaltracha. Is é lárphointe na Gréine bunphointe na gcomhordanáidí. Is é plána an réaltra is nialas don leithead, agus is é lárphointe an réaltra is nialas don fhad. Tá an pol thuaidh suite i bhFolt Bheirnicé, agus an pol theas sa Dealbhóir.

Compánach is féidir a thabhairt ar cheann de na réaltaí sa déréalta. Is gnách compánach nó coimhdire a thabhairt ar an gcomhbhall is laige: mar shampla, is ionann ”compánach Sirius” agus Sirius B.

Comparadóir caochaíola an gléas d’úsáidtí sna laethanta a bhí le dhá ghrianghraf réalteolaíoch den limistéar chéanna den spéir a chur i gcomparáid le chéile. D’fhéadfadh an réalteolaí dul ó ghrianghraf amháin go grianghraf eile go sciobtha agus é in ann na difríochtaí a aithint – sonrú a chur i gcóiméad, abair, nó i réad eile a bhí ag gluaiseacht go luath i gcomparáid le cúlra suaimhneach na réaltaí i gcéin. Le gléas den chineál seo a d’aithin Clyde Tombaugh Plútón sa bhliain 1930, mar shampla. Ba é an fisiceoir Gearmánach Carl Pulfrich a chéadcheap an comparadóir caochaíola sa bhliain 1904.

Inniu, is fearr leis na réalteolaithe ríomhairí a úsáid le haghaidh comparáidí mar seo, agus is gnách na grianghrafanna réalteolaíocha féin a choinneáil i dtaisce i bhfoirm leictreach ar dhioscaí ríomhaire.

An Compás a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Riail, an Faolchú, an Ceinteár, Cros an Deiscirt, an Chuileog, agus Triantán an Deiscirt. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a shainigh is a d’ainmnigh an Compás (Circinus as Laidin) thiar san ochtú haois déag. Níl an Compás ar réaltbhuíonta feiceálacha na spéire; an réalta is gile atá ann, is é sin Alpha Circini, is réalta phríomhsheichimh í a dtagann athruithe (ascaluithe) ar a gile go tiubh – réalta mhearascalach a thugtar ar a leithéid. Níl Alpha Circini suite ach faoi leathchéad solasbhliain dínn.

Compás an MhairnéalaighPyxis Pyxis Nautica a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir na Seolta, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, agus an tAerchaidéal. Réaltbhuíon fhann é Compás an Mhairnéalaigh; is fathachréalta B-aicme í an réalta is gile i gCompás an Mhairnéalaigh (Alpha Pyxidis) agus í suite faoi naoi gcéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Ritheann plána Bhealach na Bó Finne trí Chompás an Mhairnéalaigh.

Compás diallais méadar diallais a thugtar ar uirlis a úsáidtear leis an diallas maighnéadach (an difríocht idir tuaisceart an mhaighnéid agus an fíorthuaisceart) a thomhas.

Conair an lándorchadais: Má théann an Ghealach idir an Ghrian agus an Domhan, caithfidh sí a scáil ar an Domhan, rud ar a dtugtar urú gréine. Tá an Domhan agus an Ghrian araon níos mó ná an Ghealach, rud a chiallaíos nach féidir leis an nGealach iomlán an Domhain a fhágáil i ndorchadas. Ní bhíonn ach réigiún áirithe de dhroim ár bpláinéid faoi lánscáil na Gealaí, agus ar ndóigh tá an réigiún sin ag athrú de réir is mar atá an Domhan féin ag déanamh bulla báisín. Tugtar conair an lándorchadais ar an mbealach a leanas an lánscáil le linn an uraithe.

Cónasc atá i gceist má tá dhá rinn neimhe le feiceáil in aice a chéile – go bunúsach, más ionann an dronairde (an ceartéirí, an cheartairde) don dá réad, nó más ionann an diallas don dá réad. An pláinéad atá ag fithisiú na Gréine taobh istigh d’fhithis an Domhain, má tá sé i gcónasc agus é ar an taobh thall den Ghrian, deirimid gur cónasc uachtair atá i gceist. Más ar an taobh abhus den Ghrian atá sé, is éard atá i gceist ná cónasc íochtair.

Cónocht – Sa ghnáthchaint, is ionann an cónocht agus an lá atá ar aon fhad leis an oíche: cónocht an fhómhair agus cónocht an earraigh. Maidir leis na réalteolaithe, tugann siadsan cónocht ar phointe teagmhála an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh. Tá dhá phointe den chineál sin ann: cónocht an fhómhair (túsphointe Libra) agus cónocht an earraigh (túsphointe Aries). Ainmneacha stairiúla iad ”túsphointe Libra” agus ”túsphointe Aries”, nó, de thoradh luainíocht na gcónochtaí, tá na pointí sin suite i réaltbhuíonta eile ar fad inniu, seachas na cinn óna bhfuair siad a n-ainm. Ba é an réalteolaí sean-Ghréagach a bhaist mar sin iad, sé scór bliain roimh Chríost. Aries an t-ainm Laidine ar an Reithe, agus Libra a thugtar ar an Meá. (Le fírinne bheadh sé ní b’oiriúnaí Túsphointe an Reithe agus Túsphointe na Meá a thabhairt orthu as Gaeilge, dar liomsa.)

Copernicus an leagan Laidine de shloinne an réalteolaí Pholannaigh Mikołaj Kopernik, ach thar aon rud eile, is cráitéar millteanach ar an nGealach é Copernicus a fuair a ainm ón réalteolaí. Tá Copernicus timpeall ar dheich gciliméadar is ceithre scór ar trastomhas, agus é suite ar an taobh den Ghealach atá iompaithe inár dtreo. Is féidir é a fheiceáil gan dul ach i dtuilleamaí na ndéshúileach. Cráitéar réasúnta óg é Copernicus, agus le fírinne tugtar ”tréimhse Copernicus” ar an tréimhse is deireanaí i ngeolaíocht stairiúil na Gealaí.

cráitéar ar Mhars freisin a bhfuil an t-ainm céanna air, agus é thart ar thrí chéad ciliméadar ar trastomhas – i bhfad níos mó ná an ceann ar an nGealach.

Córas Cassegrain – Is éard atá i gceist leis seo ná dearadh teileascóip a chuireas ar ár gcumas frithchaiteoir (teileascóp scáthánbhunaithe, teileascóp frithchaiteach) a thógáil a bhfuil a fhad fócasach níos mó ná fad an ghléis féin. Is é is bunsmaoineamh do chóras Cassegrain ná go bhfuil scáthán mór cuasach ann agus poll ina lár. Frithchaithfidh an scáthán seo an solas ar scáthán beag dronnach atá suite os comhair an phoill. Ansin rachaidh an solas isteach sa pholl a bhfuil an fócas taobh thiar de.

Is gnách glacadh leis gurbh é an sagart agus an t-optaiceoir féinteagasctha Laurent Cassegrain a chéadcheap an dearadh seo sna 1870idí, ach is féidir gur rith an smaoineamh le hoptaiceoirí eile faoin am chéanna.

Córas héilealárnach a thugtar ar an tuiscint go bhfuil na pláinéid agus réadanna beaga eile an Ghrianchórais ag fithisiú na Gréine – d’fhéadfá ”córas grianlárnach” a thabhairt uirthi chomh maith as Gaeilge. Rith an smaoineamh seo le réalteolaithe sean-Ghréagacha féin. An chéad duine acu a raibh tuiscint héilealárnach aige ar an nGrianchóras ba é Aristarchus ó Samos é. Ina dhiaidh sin, áfach, fuair an tuiscint gheolárnach (an tuiscint a chuir an Domhan i lárphointe na hollchruinne) an lámh in uachtar go ceann na gcéadta bliain, cé go raibh réalteolaithe áirithe fonnmhar locht a fháil air.

An leagan den gheolárnachas a bhí i bhfeidhm san am, is gnách córas Tholamaeis a thabhairt air. Ba é Claudius Ptolamaeus, nó Tolamaes mar a thugaimid air as Gaeilge, a d’fhág a ainm ar an gcóras sin. Mhair Tolamaes i gCathair Alastair (Alexandria) san Éigipt sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost. Saoránach Rómhánach a bhí ann, ach mar ba ghnách i gcúigí oirthearacha Impireacht na Róimhe, ba í an Ghréigis teanga a chuid scríbhinní.

Ba é an Polannach Mikołaj Kopernik, nó Nicolaus Copernicus as Laidin, a d’athbheoigh an córas héilealárnach sa bhliain 1514 leis an tráchtas beag úd Commentariolus. Nuair a bhí a shaol ag druidim chun deiridh, bhí sé ag obair ar shaothar eile, De revolutionibus orbium coelestium (”Faoi imrothluithe na reann neimhe”), a chuaigh i gcló faoin am a fuair sé bás, sa bhliain 1543.

Is minic a shíltear go raibh ar Chopernicus a thuiscint ar struchtúr an ghrianchórais a chosaint ar an Eaglais Chaitliceach nó go raibh an Eaglais go tréan in aghaidh an héilealárnachais. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhí Copernicus na scórtha bliain ag déanamh créafóige nuair a chuaigh an Eaglais chun cogaidh ar an héilealárnachas, agus ba é an tIodálach Galileo Galilei ba mhó a bhí thíos leis.

Bhí Galilei ina cheannródaí ag baint úsáide as an teileascóp le breathnuithe réalteolaíocha a dhéanamh, agus sa bhliain 1610 d’fhoilsigh sé saothar beag eolaíochta ina ndearna sé cur síos ar a raibh feicthe aige, Sidereus Nuncius nó ”Teachtaire na Réaltaí”. Bhí sé tar éis ceithre shatailít a aithint ag Iúpatar, agus breathnuithe déanta aige ar an nGealach s’againn féin: chonaic sé cuid mhaith cráitéar agus gnéithe tír-raoin eile uirthi fosta.

Bhain Galilei an chonclúid as an iomlán go raibh an Ghealach agus na pláinéid déanta as an gcineál céanna den damhna agus an Domhan féin. Go nuige sin ba é tuiscint na n-eolaithe clasaiceacha cosúil le Tolamaes agus Arastótal go raibh na réaltaí agus na pláinéid déanta as an ”gcúigiú dúil” nach raibh gaolmhar le ceithre dhúile an Domhain (is é sin, an t-uisce, an tine, an talamh agus an t-aer, de réir mar a thuig eolaithe na seanársaíochta an scéal) agus go raibh siad foirfe, gan cháim gan locht, cosúil le Dia féin. Bhréagnaigh breathnuithe Galilei an tuiscint seo, agus ba é sin an phríomhchúis leis an dóigh ar chaith an Eaglais le Galilei. Ní raibh an Eaglais ag cur in aghaidh an héilealárnachais mar ghléas matamaitice le gluaiseachtaí na réadanna neimhe a áireamh – ba é an phríomhfhadhb ná gurbh é an héilealárnachas a spreag Galilei chun smaointí eiriceacha eile. Rud eile fós go raibh pearsana an Bhíobla ag tagairt do ghluaiseachtaí na Gréine, ar nós éirí agus luí na Gréine, agus mar sin ba é tuiscint an Bhíobla, dar leis na diagairí, gurbh í an Ghrian a bhí ag gluaiseacht seachas a mhalairt.

Ní hionann sin is a rá nach mbeadh réalteolaithe de chuid na hEaglaise – na réalteolaithe Íosánacha ach go háirithe – tar éis a thabhairt faoi deara go raibh fadhbanna ag roinnt le córas Tholamaeis. Ní raibh siad sásta glacadh leis an Domhan mar rinn neimhe i measc a leithéidí eile agus é ag gluaiseacht, áfach. Bhí siad claonta chun tacaíocht a thabhairt do chóras Tycho Brahe: sa tsamhail sin bhí an Ghrian ag dul timpeall an Domhain agus na pláinéid ag fithisiú na Gréine.

Chaith Galilei deireadh a shaoil faoi bhraighdeanas baile, ach má chaith, mhair an héilealárnachas ag dul chun cinn. Ba é an Gearmánach Johannes Kepler ba mhó a d’fhorbair an teoiric sa tseachtú haois déag. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile fosta: eisean a d’aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad fithisí na bpláinéad. D’fhoilsigh sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.

Nuair a bhí an seachtú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an chéad eagrán de mhórshaothar Isaac Newton, Philosophiae naturalis principia mathematica (”Prionsabail mhatamaiticeacha na fealsúnachta nádurtha”), i gcló – Principia, mar is gnách a thabhairt air. Glactar leis go forleathan gurbh é Principia an saothar réabhlóideach eolaíochta a chuir tús leis an bhfisic agus leis an réalteolaíocht i gciall an lae inniu. Cuid den réabhlóid ab ea an héilealárnachas. Faoi thionchar shaothar Newton chuaigh an Eaglais féin le héilealárnachas i rith na hochtú haoise déag, cé gur mhair an cosc ar shaothar Galilei i bhfad ina dhiaidh sin féin.

Córas meiniscis – Tugtar córas meiniscis ar dhearadh áirithe teileascóip ina gcuirtear lionsa meiniscis (lionsa atá cuasach ar thaobh amháin, dronnach ar an taobh eile) os comhair an réadscátháin le hiomraill an scátháin a cheartú. Ba é an t-optaiceoir Rúiseach Dmitry Maksutov a chéadcheap an córas meiniscis, agus mar sin is gnách teileascóp Maksutov a thabhairt ar an gcóras freisin.

Córas pláinéadach a thugtar ar na pláinéid atá ag dul timpeall ar réalta áirithe, agus iad á gceangal den réalta sin ag an imtharraingt. Go dtí le déanaí, bhí ár gcóras féin ar an t-aon chóras pláinéadach amháin a raibh aithne ag an gcine daonna air, ach sa bhliain 1992 chuir na réalteolaithe sonrú i dtrí phláinéad timpeall ar neodrónréalta áirithe atá suite i réaltbhuíon na Maighdine. Fuair na pláinéid seo na hainmneacha Draugr, Phobetor, agus Poltergeist. Inniu, tá na réalteolaithe an-díograiseach faoi na córais phláinéadacha amuigh sa chianspás, agus na céadta eiseapláinéid fionnta acu cheana féin, mar a thugtar ar na pláinéid i gcórais phláinéadacha eile.

Córas réaltach a thugtar ar réaltaí atá ceangailte dá chéile ag an imtharraingt agus iad ag fithisiú a chéile – is é sin, is córais réaltacha iad na déréaltaí is na hilréaltaí. Tá sé tábhachtach na fíor-chórais réaltacha a dhealú ó na cinn optúla. Na dé- agus na hilréaltaí optúla, is éard atá i gceist leosan ná réaltaí nach bhfuil siad ach suite ar aon líne ón Domhan, ionas go bhfeicimid in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile.

Córas Tholamaeis a thugtar ar an tuiscint gheolárnach ar struchtúr an ghrianchórais agus na hollchruinne – is é sin, an tuiscint a chuireas an Domhan sa lárphointe. Fuair an córas a ainm ó Claudius Ptolemaeus, nó Tolamaes, a chaighdeánaigh an geolárnachas sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Cheap Tolamaes a chóras le gluaiseachtaí na reann neimhe a áireamh roimh ré – le huruithe Gréine agus Gealaí a thairngreacht, abair. Mar sin, fuair sé riachtanach córas an-chasta matamaitice a chur i dtoll le chéile. Coincheapanna tábhachtacha sa chóras iad an ciorcal iompair agus an t-eipiciogal. Go bunúsach, shíl Tolamaes agus na matamaiticeoirí réalteolaíocha roimh a lá féin go raibh gach pláinéad ag timpeallú pointe áirithe réasúnta gar don phláinéad féin – ba é an fhithis seo an t-eipiciogal. Ach ansin bhí an t-eipiciogal féin ag dul timpeall an Domhain ar chonair ar a dtugtaí an ciorcal iompair. Ghlac Tolamaes leis an tuiscint seo óna chuid réamhtheachtairí agus chuir sé a chasadh féin inti. Feabhsú ab ea a leagan féin den chóras ar ar tháinig roimhesean, agus mar sin d’fhan a chóras in úsáid ar feadh na gcéadta bliain.

Bhí Tolamaes ar na daoine ba léannta lena linn féin, agus níor theorannaigh sé é féin don réalteolaíocht agus don astralaíocht: chum sé tráchtas tábhachtach tíreolaíochta freisin, mar shampla. Cé go raibh a chóras réalteolaíoch bun os cionn le tuiscint an lae inniu, tá cuid dá obair beo inniu féin, ó rinne sé cion fir ag léarscáiliú na spéire freisin.

Sna laethanta a bhí, ba ghnách leis na healaíontóirí coróin a tharraingt ar chloigeann Tholamaeis sna pictiúirí a rinne siad de, ó ba eisean ”rí na réalteolaíochta”.

Córas Tycho a thugtar ar an gcomhréiteach idir córas Copernicus agus córas Tholamaeis a rith leis an réalteolaí Danmhargach Tycho (Tyge) Brahe. Ba é barúil Tycho go raibh cuid den cheart ag Copernicus agus cuid ag Tolamaes: ní chreidfeadh sé go bhféadfadh an Domhan gluaiseacht ar bith a dhéanamh, chomh támh trom is a bhí sé, ach san am chéanna ba léir dó go raibh Copernicus in ann gluaiseachtaí na bpláinéad a léiriú ní b’fhearr ná Tolamaes. Ba é a theoiricsean go raibh na pláinéid ag fithisiú na Gréine, agus an Ghrian ag fithisiú an Domhain.

Córas UBV – Córas é an córas UBV (ultraviolet – blue – visible, ultravialait – gorm – infheicthe) a úsáidtear le réaltaí a aicmiú de réir a méide dealraithí. Is éard a dhéantar ná méid, nó gile, na réalta a thomhas de réir na radaíochta ultravialait, an tsolais ghoirm agus an tsolais infheicthe go léir, agus is é meán na luachanna seo a thugas méid na réalta de réir an chórais áirithe seo.

Córas uilleach a thugtar ar leagan forbartha de chóras Cassegrain. Sa chóras seo tá an súil-lionsa ar thaobh an teileascóip, agus réimse an-chúng radhairc ann.

Cor Caroli Croí Shéarlais a thugtar ar Alpha Canum Venaticorum, is é sin, an réalta is gile i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh. Déréalta í Alpha Canum Venaticorum, ach is é moladh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Cor Caroli” a thabhairt ach ar an gceann is gile den dá chomhbhall sa déréalta. Is fathachréalta í an réalta sin, agus í tuairim is céad oiread chomh geal agus an Ghrian, cé nach bhfuil ach mais na Gréine méadaithe faoi thrí inti. Tá Cor Caroli suite faoi chéad is cúig solasbhliana déag dínn.

Fuair an réalta a hainm ón Rí Séarlas a hAon de mhuintir na Stíobhartach. Ba é Francis Lamb, thiar sa bhliain 1673, a bhaist Cor Caroli Regis Martyris – ”Croí Shéarlais, an Rí agus an Mhairtírigh” – ar an réalta ina réaltmhapa féin. Is minic a shíltear, áfach, gurbh é Edmund Halley a d’ainmnigh as Séarlas a Dó é.

Coróin a thugtar ar an scamall plasma timpeall na Gréine, agus é ag sroicheadh na milliúin ciliméadair amach sa spás. Bíonn an choróin le feiceáil le linn urú iomlán na Gréine. Tá an choróin i bhfad níos teo ná dromchla na Gréine, agus í scartha ó fhótaisféar na Gréine ag an gcrómaisféar.

Coróin an Deiscirt atá ar an réaltbhuíon idir an Saighdeoir, an Scairp, an Teileascóp agus an Altóir. Cé go dtugtar ”coróin” uirthi, tá sí níos cosúla le crú capaill. Fuair sí a hainm ó Choróin an Tuaiscirt, ó tá an dá réaltbhuíon réasúnta cosúil le chéile. Ba é Claudius Tolamaes a bhaist an bheirt acu ina chuid scríbhinní réalteolaíochta.

Is í Alphecca Meridiana, nó Meridiana, nó Alpha Coronae Australis (nó Alpha Coronae Austrinae) an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. A-réalta í Alphecca Meridiana, agus í breis is dhá oiread chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais is na maise de; san am chéanna tá sí tuairim is tríocha oiread níos mó ná an Ghrian. Is í an ghné is suntasaí di ná go bhfuil sí ag rothlú ar a hais go han-sciobtha. Tá an radaíocht infridhearg as Alphecca Meridiana as pabhar láidir, rud a thugas le fios go bhfuil fáinne dusta timpeall na réalta.

Coróin an Tuaiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon idir Earcail, an tAoire agus Ceann na Péiste. Tugtar Alphecca, Alphekka, Gemma nó An tSeoid ar an réalta is gile i gCoróin an Tuaiscirt – Alpha Coronae Borealis an t-ainm de réir chóras Bayer. Tá Coróin an Tuaiscirt, nó astaireacht na réaltaí is gile inti, cosúil le crú capaill, díreach ar nós Choróin an Deiscirt, agus is ó Choróin an Tuaiscirt a fuair Coróin an Deiscirt a hainm. Ceann de na sean-réaltbhuíonta traidisiúnta í Coróin an Tuaiscirt, nó luaitear i scríbhinní réalteolaíochta Tholamaeis féin í.

Déréalta uraitheach í Alpha Coronae Borealis, is é sin tagann an coimhdire go tráthrialta idir sinn agus an phríomhréalta, rud a aithnítear mar íosmhéid solais in athruithe ghile na déréalta. A-réalta the bhán í an phríomhréalta, agus í cúpla oiread níos téagartha ná an Ghrian s’againn. Tá sí ceithre oiread déag is trí scór níos lonrúla ná an Ghrian, cé nach n-áirítear ar na fathachréaltaí í, ach ar an bpríomhsheicheamh. Maidir leis an gcomhbhall beag, is réalta G-aicme é cosúil leis an nGrian, beagáinín níos lú ná í ó thaobh na maise de. Tá Alphecca suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dár ngrianchóras.

Coróiniam – Thiar sa naoú haois déag bhí an teoiric ag eolaithe áirithe go raibh dúil cheimiceach nua ar fáil i gcoróin na Gréine. Is é an t-ainm a cheap duine acu – an Rúiseach Dmitry Mendeleyev (an fear céanna a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl) don dúil seo ná coróiniam nó niútainiam. Bhí an teoiric seo bunaithe ar an speictreascópacht, nó bhí líne aitheanta ag na heolaithe ar speictream na Gréine nach raibh siad in ann a athchruthú sa tsaotharlann.

Mar a tháinig chun solais áfach ba é an t-iarann ba chúis leis an líne – ian iarainn a raibh lucht deimhneach trí aonad déag aige (is é sin adamh iarainn a thug uaidh trí leictreon déag). Ní dual don iarann a leithéid d’ian a dhéanamh faoi imthoscaí an Domhain, agus mar sin ní raibh taithí ag na heolaithe air: na hiain iarainn a bhíos le fáil i gcomhdhúile iarainn a bhfuil aithne againn orthu níl ach lucht deimhneach dhá nó trí aonad acu, agus rachadh sé rite leat ian Fe13+ a chruthú sa tsaotharlann.

Corónagraf a thugtar ar ghléas a chuirtear os comhair an teileascóip le diosca na Gréine a dhorchú, ionas gur féidir leis na heolaithe breathnuithe a dhéanamh ar choróin na Gréine nó ar an gcuid den spéir atá timpeall na Gréine.

An Chorr Grus a thugtar ar an réaltbhuíon idir an tIndiach, an Túcán, an Micreascóp, Iasc an Deiscirt, an Dealbhóir, agus an Féinics. Ceann d’”Éanacha an Deiscirt” í an Chorr, mar a deirtear; is iad an Túcán, an Féinics, agus an Phéacóg na ”héanacha” eile. Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet), thiar faoi dheireadh na séú haoise déag, a shainaithin an Chorr mar réaltbhuíon ar leith. Roimhe sin ba ghnách dearcadh uirthi mar chuid d’Iasc an Deiscirt.

Is é Alnair nó Alpha Gruis an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Réalta phríomhsheichimh é, ach cosúil le Sirius tá sé an-te, an-lonrúil, cé nach bhfuil sé ach ceithre oiread chomh mór leis an nGrian. Le fírinne chomh lonrúil is atá sé is féidir go bhfuil sé díreach leis an bpríomhsheicheamh a fhágáil ina dhiaidh le hiompú ina fhathachréalta. Tá sé deich n-oiread chomh lonrúil le Sirius féin.

ALNAIR AGUS SIRIUS Á gCUR I gCOMPARÁID

Réalta Trastomhas (1 = trastomhas na Gréine) Mais (1 = mais na Gréine) Aicme speictreach Lonrachas (1 = lonrachas na Gréine) Méid dhealraitheach Fad ón Domhan
Alnair (Alpha Gruis) 3.4 4.0 B 263 +1.74 céad agus aon solasbhliain amháin (aon pharsoic déag agus fiche)
Sirius A (Alpha Canis Majoris A, príomh-chomhbhall na déréalta) 1.7 2.0 A 25 -1.47 ocht solasbhliana agus sé dheichiú cuid (dhá pharsoic agus sé dheichiú cuid)

Maidir le Beta Gruis, is fathachréalta dhearg í nach bhfuil mórán rudaí suimiúla le rá fúithi: níl sí ach dhá oiread is ceithre dheichiú cuid chomh trom téagartha leis an nGrian, ach tá sí dhá mhíle is cúig chéad oiread níos lonrúla. Réalta M-aicme í.

Gamma Gruis arís, is fathachréalta í fosta ach is mar B-réalta a aicmítear í – is é sin, ar an dara aicme speictreach is teo. Radaíocht ultraivialait is mó a astaíos sí, ach tá sí lonrúil go maith ó thaobh an tsolais infheicthe chomh maith – tuairim is trí chéad is nócha oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Réalta bhánghorm í, ar ndóigh.

Corraíl – Glacaimis leis go bhfuil córas dhá rinn neimhe againn, agus ceann acu ag dul timpeall an chinn eile – is maith an sampla iad an Domhan agus an Ghealach, ar ndóigh. Tugtar corraíl ar an dóigh a gcuireann fórsaí eile seachas imtharraingt an Domhain isteach ar ghluaiseacht na Gealaí, ansin. Is féidir le himtharraingt na Gréine, mar shampla, corraíl a spreagadh i bhfithis na Gealaí; maidir leis na pláinéid, is léir go mbíonn siad ina gcúis corraíola ag a chéile. An té a chaitheas súil ar chóras na satailítí timpeall ar Iúpatar, tuigfear dó ar an toirt gur féidir leo corraíl a tharraingt ar a chéile.

Corrán an Leoin a thugtar ar astaireacht na réaltaí seo a léanas: Epsilon Leonis, Mu Leonis, Zeta Leonis, Gamma Leonis, Eta Leonis, agus Alpha Leonis. Mar is léir ón ainm, tá sí ar dhéanamh an chorráin, agus is cuid de réaltbhuíon an Leoin í.

Cosmagnaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar bhunús na hollchruinne a thuiscint agus ar theoiricí a fhorbairt le breith na hollchruinne a mhíniú. Is í teoiric na hOllphléisce an múnla cosmagnaíochta is tábhachtaí i réalteolaíocht an lae inniu.

Cosmeolaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar fhás, forbairt agus todhchaí na hollchruinne a thuiscint agus na dlíthe nádúrtha a stiúras an fhorbairt sin a thaighde, a mhapáil agus a oibriú amach.

Cothromaíocht radantach atá i gceist nuair atá córas dúnta de choirp againn, agus gach corp acu ag tabhairt uaidh an fhuinnimh chéanna mar radaíocht agus atá sé a ghlacadh chuige – is é sin, is ionann an radaíocht astaithe agus an radaíocht ionsúite.

Cothromóid Kepler – Is í cothromóid Kepler ná:

M = E – e sin E

inarb ionann:

  • M agus an mheán-aimhrialtacht;
  • E agus an aimhrialtacht éalárnach;
  • e agus an éalárnacht.

Seasann sin don tsíneas, ceann de na feidhmeanna triantánúla.

Ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) ba thúisce a d’fhoilsigh an chothromóid seo. Gléas matamaitice atá inti ar bhain sé úsáid as agus é ag oibriú amach na ndlíthe nádúrtha a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, nó dlíthe Kepler mar a thugtar orthu.

Cráitéar – Go bunúsach is éard is cráitéar ann ná poll mór sa talamh. Sa réalteolaíocht is iad na cráitéir dhreigíte is tábhachtaí, is é sin, cráitéir a cruthaíodh nuair a bhuail dreigít faoi dhromchla an phláinéid nó na gealaí. Ar ndóigh tá cráitéir bholcánacha ann chomh maith – is é an cráitéar an poll as a dtagann laibhe, deatach agus dusta, fad is a fhanas an bolcán beo.

Crapadh Kelvin crapadh Kelvin-Helmholtz a thugtar ar an dóigh a gcrapann an scamall gáis chuige faoi thionchar a imtharraingthe féin. San am chéanna tá an scamall ag cailleadh fuinnimh mar theas.

Fuair an crapadh a ainm ó William Thomson (tiarna Kelvin) agus ó Hermann Helmholtz.

Crapadh Lorentz-Fitzgerald a thugtar ar chrapadh coibhneasaíoch an fhaid. Go bunúsach, is éard a deir teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein ná gur tairiseach (is é sin rud dearbh do-athraithe) é luas an tsolais san fholús, nó c, agus go gcaithfidh na hairíonna fisiceacha géilleadh don tairiseach seo. Toradh don ghéilleadh seo é crapadh Lorentz-Fitzgerald. An spásbhád atá á luasghéarú i dtreo luas an tsolais, tá sí ag dul i ngiorracht, mar a fheictear don bhreathnóir atá suite socair – rud nach n-aithníonn siad siúd, áfach, atá ag taisteal ar bhord an spásbháid.

Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhfuil aon rud ná réad ”suite socair” de réir theoiric na coibhneasaíochta, ach amháin i gcoibhneas ruda eile. Mar sin, nuair a dúradh thíos go bhfuil an breathnóir ”suite socair”, is ionann sin is a rá go bhfuil sé suite socair sa chóras comhordanáidí ina bhfuil an réad eile ag gluaiseacht leis agus a luas ag teacht i gcóngar do luas an tsolais.

Fuair crapadh Lorentz-Fitzgerald a ainm ón bhfisiceoir Ollannach Hendrik Lorentz agus ón Ollamh Éireannach George Francis Fitzgerald (nó Seoirse Proinsias Mac Gearailt, más fearr leat an leagan sin).

Crios Oiríon an Bhanlámh, an tSlat is an Bhanlámh, nó Slat an Rí, nó Slat an Cheannaí, nó an Fhearsaid, nó Slat an Bhodaigh a thugtar ar an astaireacht trí réalta atá i lár an Bhodaigh – más mar fhear armtha a shamlaítear an réaltbhuíon, is iad crios an tsaighdiúra sin iad. Is iad ainmneacha na réaltaí seo ná Alnitak, Alnilam, agus Mintaka, agus is fathachréaltaí teo gorma nó gormbhána iad. Cé go bhfuil siad ar réaltaí geala na spéire, tá trí réalta is gile ná iad féin sa réaltbhuíon chéanna, mar atá, Betelgeuse, Rigel, agus Bellatrix.

Ilréaltaí iad Alnitak agus Mintaka. Maidir le hAlnilam, dealraíonn sé nach bhfuil coimhdire ar bith aici.

Ainm Alnilam Alnitak Mintaka
Ainm de réir chóras Bayer Epsilon Orionis Zeta Orionis Delta Orionis
Aicme speictreach B (ollfhathach gorm) O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad an dá chomhbhall eile O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad na trí cinn is mó de na comhbhaill
Fad ón Domhan Tuairim is dhá mhíle solasbhliain Tuairim is 1,260 solasbhliain (luach an-mhíchruinn!) Tuairim is míle agus dhá chéad solasbhliain
Mais i gcomparáid leis an nGrian 30-65 oiread 23-43 oiread (an phríomhréalta), 11-17 n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) 24 oiread (an phríomhréalta), 8.4 + 22.5 + 9 n-oiread (na trí cinn is mó de na comhbhaill eile)
Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian Ocht gcéad tríocha míle oiread Dhá chéad caoga míle oiread (an phríomhréalta), tríocha dhá mhíle oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) Céad is nócha míle oiread (an phríomhréalta; níl na comhbhaill eile in aon chóngar do bheith chomh lonrúil)
Ga (nó trastomhas) i gcomparáid leis an nGrian Dhá oiread is dhá scór Fiche oiread (an phríomhréalta), seacht n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) 16.5 oiread (an phríomhréalta), 6.5 oiread, 10.4 oiread, 5.7 oiread (na comhbhaill eile)
Dearbhmhéid -6.95 -6.0/-3.9/-4.1 -5.8 (go hiomlán), -5.4 (an phríomhréalta)
Méid dhealraitheach 1.69 1.77 (an trí chomhbhall in éineacht) 2.23 (na comhbhaill go léir in éineacht)

Crios ózóin ózónaisféar a thugtar ar an gciseal i strataisféar an Domhain a neodraíos an chuid is mó den radaíocht ultraivialait ón nGrian. In íochtar an strataisféir is mó atá an tiúchan ózóin.

Is éard atá san ózón ná allatróp trí-adamhach na hocsaigine. Dhá adamh atá i móilín na gnáthocsaigine, nó O2; is é O3 foirmle cheimiceach an ózóin. Níl an móilín ózóin róchobhsaí, nó is dual dó titim as a chéile agus gnáthocsaigin a dhéanamh, agus sin de phléasc; mar sin is ar éigean is féidir ózón a aonrú ón ngnáthocsaigin. San ózónaisféar féin ní sháraíonn tiúchan an ózóin 10 gcuid sa mhilliún.

Tá buaireamh ar an gcine daonna le fada faoin dochar atá sna clórafluaracarbóin agus sna brómafluaracarbóin don chrios ózóin. Comhdhúile iad seo atá cosúil leis na hiodracarbóin ach amháin go bhfuil adaimh chlóirín, fluairín nó bróimín curtha in áit na n-adamh hidrigine sa struchtúr móilíneach acu. Is éard is cúis leis an dochar atá sna substaintí seo ná go bhfuil siad chomh cobhsaí is gur féidir leis na móilíní a mbealach a dhéanamh a fhad leis an strataisféar, ach nuair a shroichfeas siad an strataisféar titfidh siad as a chéile agus an radaíocht ultraivialait ag dul i bhfeidhm orthu. Ansin a scaoiltear saor adaimh aonair, agus cuireann na saorfhréamha seo isteach ar an timthriall gnáthocsaigine-ózóin a stopas an radaíocht ultraivialait.

Inniu tá stáit an Domhain go léir tar éis conradh a shíniú faoi chosc ar úsáid na gclórafluaracarbón, agus dealraíonn sé go bhfuil an strataisféar ag teacht chuige féin arís i ndiaidh an dochair a rinne na comhdhúile seo. Ba nós, tráth den tsaol, iad a úsáid sna múchtóirí agus ina dtiomántáin sna cannaí aerasóil.

Crios radaíochta crios Van Allen a thugtar ar cheann den dá chrios cáithníní luchtaithe timpeall ar an Domhan agus iad ar dhéanamh an toróidigh (cineál fáinne). Leictreoin agus prótóin is mó atá i gceist, agus iad á gceapadh ag réimse maighnéadach ár bpláinéid. An chuid is mó de na cáithníní seo is cuid den ghrianghaoth iad, agus an chuid eile ag baint leis an radaíocht chosmach. Bíonn athruithe na grianghaoithe ag dul i bhfeidhm ar na creasanna radaíochta, agus uaireanta cruthaítear crios breise a mhaireas tráth.

Fuair na creasanna a n-ainm ó James Van Allen, an t-eolaí Meiriceánach a chuir an chéad sonrú iontu. Bhí sé ina cheannródaí ag baint úsáide as gléasra ar bhord satailítí le taighde a dhéanamh ar mhaighnéadsféar an Domhain.

Croí carraigeach –croí carraigeach ag na mórphláinéid úd Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún, cé go bhfuil an chuid eile den phláinéad comhdhéanta as gás (na gásfhathaigh, arb iad Iúpatar agus Satarn iad) nó as oighear (na hoighearfhathaigh, arb iad Úránas agus Neiptiún iad).

Crómaisféar a thugtar ar an gciseal in atmaisféar na Gréine atá suite os cionn an fhótaisféir, faoi bhun na corónach. Tá an crómaisféar rósdearg, ach ní féidir é a aithint ná breathnuithe a dhéanamh air ach le linn urú iomlán na gréine. Tá an damhna sa chrómaisféar i bhfad níos scaipthe ná san fhótaisféar gan trácht ar bith a dhéanamh ar atmaisféar an Domhain. Tá an crómaisféar trí mhíle go cúig mhíle ciliméadar ar doimhneacht, agus é ag dul i dteas suas ón nGrian.

Tá an crómaisféar ag astú solais, agus is í an líne speictreach is láidre dá n-astaíonn sé ná Hα, is é sin, an líne a fhreagraíos do thitim an leictreoin ón tríú sceall go dtí an dara sceall san adamh hidrigine. Tá an líne seo 6563 angstram (656.3 nanaiméadar) ar tonnfhad, agus í suite i mbanda an tsolais dheirg – mar sin is í an líne seo is cúis le dath dearg an chrómaisféir.

Cros-aeróg Mills a thugtar ar dhearadh ar leith de radaiteileascóp atá bunaithe ar dhá shraith d’aeróga agus iad ag trasnú a chéile. Tá an dearadh ainmnithe as Bernard Yarnton Mills, réalteolaí Astrálach a thóg an chéad radaiteileascóp den chineál seo sa bhliain 1954 i mBadgery’s Creek, leathchéad ciliméadar ó Sydney.

Cros an Deiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Ceinteár agus an Chuileog. I ré na sean-Ghréagach bhí Cros an Deiscirt le feiceáil ón nGréig féin, agus ba nós le Tolamaes dearcadh ar réaltaí Chros an Deiscirt mar chuid den Cheinteár. Ina dhiaidh sin, áfach, d’fhág luainíocht na gcónocht dofheicthe ón Eoraip iad, agus ligeadh i ndearmad iad. Ní bhfuair an réaltbhuíon an t-ainm atá uirthi inniu ach i Ré na Fionnachtana, nuair a thosaigh na hEorpaigh ag taisteal go cearnaí cianmhara den Domhan, áit a raibh na réaltaí seo le feiceáil.

Is iad na ceithre réaltaí is gile, Alpha Crucis, Beta Crucis, Gamma Crucis agus Delta Crucis, a thuill a hainm do Chros an Deiscirt: is astaireacht iad a chuirfeadh cros i gcuimhne duit. Na hainmneacha atá ar na réaltaí seo i gcóras Bayer, is gnách iad a ghiorrú go hAcrux, Becrux, Gacrux agus Decrux.

Tríréalta í Acrux agus í suite faoi thrí chéad, aon solasbhliain is fiche ón Domhan. Is féidir dhá chomhbhall a aithint le gléasra cianradhairc. Is B-réaltaí iad, agus iad tuairim is sé oiread déag chomh trom leis an nGrian. Tá gach ceann acu thart ar fiche míle oiread chomh lonrúil léi – an ceann is mó acu, tá sí breis is fiche míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian, agus an ceann is lú acu tá sí breis is cúig mhíle oiread déag níos lonrúla ná an Ghrian.

Déréalta í Becrux, nó Mimosa, mar a thugtar uirthi freisin. Déréalta speictreascópach í, is é sin, ní féidir í a aithint mar dhéréalta ach amháin trí anailís a dhéanamh ar a speictream. Tá Becrux suite faoi dhá chéad agus ocht scór solasbhliain dínn. B-réaltaí iad an dá chomhbhall, an ceann is mó acu sé oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, an ceann is lú acu deich n-oiread. Tá sé incheaptha go bhfuil comhbhall beag eile ann fós.

Maidir le Gacrux, nó Rubídea mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi, is fathachréalta dhearg den M-aicme í agus í suite níos cóngaraí dúinn ná aon réalta eile den chineál. Tá sí oiread agus leath, nó dhá oiread, chomh téagartha leis an nGrian, cé go bhfuil sí breis is ceithre scór oiread chomh mór. Mar sin, is fathachréalta í a bhí ina habhac príomhsheichimh tráth, cosúil leis an nGrian féin, agus an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an fhorbairt chéanna ar an nGrian i gceann na mílte milliún bliain.

Decrux áfach, is fo-fhathach bánghorm í atá ocht nó naoi n-oiread chomh teagartha leis an nGrian, agus ocht n-oiread chomh mór ó thaobh an trastomhais. Tá sí deich míle oiread chomh lonrúil. Pálida a thugtar ar Decrux i dtíortha na Portaingéilise.

Tá na ceithre réaltaí thuasluaite le feiceáil i mbratach na Brasaíle mar shiombailí do stáit éagsúla de chuid na tíre. Seasann Acrux do São Paulo, siombalaíonn Becrux Rio de Janeiro, is í Gacrux samhailchomhartha Bahía, agus maidir le Decrux, is í siombail Minas Gerais í.

Thairis sin, tá Epsilon Crucis le feiceáil sa bhratach, mar shiombail do stát Espírito Santo. K-réalta í, is é sin, fathachréalta fhlannbhuí agus í suite faoi dhá chéad is tríocha solasbhliain dínn. Cosúil le Gacrux, is iar-réalta phríomhsheichimh í a d’iompaigh ina fathachréalta de réir is mar a d’fhorbair sí.

Réadanna eile i gCros an Deiscirt iad an Gualmhála agus an Bosca Seod. Réaltnéal dorcha é an Gualmhála; réaltbhraisle oscailte atá sa Bhosca Seod.

An Chruinne an Ollchruinne a thugtar ar an spás-am go léir agus gach rud nó réad dá mbaineann leis an spás-am, in éineacht. Creideann formhór mór na n-eolaithe inniu gurbh í an Ollphléasc a chuir tús leis an gCruinne agus leis an spás-am go léir, ach ní hionann sin is a rá nach mbeadh teoiricí eile ann.

  • Tugtar cruinne ascalach ar an teoiric a deir go dtagann Ollbhrúisc i ndiaidh gach Ollphléasc, is é sin, go gcuirfidh comh-imtharraingt na réadanna deireadh le fairsingiú na cruinne, agus go gcrapfaidh an chruinne chuici arís. Sa

    deireadh, tiocfaidh an chéad Ollphléasc eile, agus tosóidh an chruinne ag dul i bhfairsinge arís.

  • Is í an chruinne bhoilscitheach an tuiscint a deir go bhfuil an spás féin ag boilsciú agus ag cailleadh cuaire.
  • Cruinne chéimiúlachta í an chruinne seo againn, ós rud é go bhfuil na struchtúir eagraithe de réir céimiúlachta: tá na cáithníní eagraithe ina n-adaimh, na n-adaimh – ina réaltaí; na réaltaí – ina réaltraí; na réaltraí – ina mbraislí réaltraí; na braislí réaltraí – ina n-ollbhraislí; na hollbhraislí – ina bhfiliméid.
  • Cruinne fhairsingíoch í an chruinne s’againn, ós rud é go bhfuil sí ag dul i bhfairsinge; tá na réaltraí i bhfad amach uainn ag druidim uainn, agus dá fhad amach uainn atá siad is amhlaidh is luaithe atá siad ag druidim uainn.
  • Cruinne fhoisteanach a thugtar ar an teoiric a deir nach athrú ceart é an fairsingiú thuasluaite, ó tá damhna nua ag teacht chun saoil gan stad gan staonadh, agus é ag cothromú an dóigh a bhfuil an damhna ag scaipeadh de thoradh an fhairsingiúcháin. Bhí glacadh éigin le teoiric na cruinne foisteanaí sna 1950idí, ach má bhí, tháinig sé chun solais go sciobtha nach raibh sí in ann a lán breathnuithe a mhíniú.
  • Cruinne gheolárnach a thugtar ar an teoiric a deir go bhfuil an Domhan i lárphointe na hollchruinne. Is léir nach bhfuil glacadh ar bith leis an tuiscint i measc na n-eolaithe a thuilleadh.
  • Cruinne statach í an ollchruinne nach bhfuil ag dul i bhfairsinge ná ag crupadh chuici. Teoiric thréigthe eile í teoiric na cruinne stataí.

Cruinníní a thugtar ar néalta dorcha gáis agus dusta, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu.

Cuadraintídí: Is iad na Cuadraintídí an dreigechith a bhíos á fheiceáil i dtús Mhí Eanáir i réaltbhuíon an Aoire. Fuair an dreigechith seo a ainm ón gCeathramhán Múrach (Quadrans Muralis), sean-réaltbhuíon nach dtugann mapaí spéire an lae inniu aitheantas di a thuilleadh.

Cuaire: Deir teoiric coibhneasaíochta Einstein go gcuireann gach mais an spás-am ina timpeall as a riocht – is é sin, go gcuarann sí é. Cosúil leis sin, is dual do mhais na cruinne go léir an spás-am a chuaradh. A lán de na hiarmhairtí aisteacha a bhaineas leis an teoiric coibhneasaíochta is torthaí don chuaire seo iad.

Cuasár: Giorrúchán ón téarma radafhoinse chuasairéaltach réad cuasairéaltach is ea an focal cuasár. Is éard atá i gceist leis an gcuasár ná dúpholl i gcroí réaltra agus é ag astú radaíochta de réir is mar atá damhna ón timpeallacht ag titim isteach sa dúpholl. Níl aon chuasár suite róchóngarach dúinn, agus le fírinne dealraíonn sé go bhfuil ré na gcuasár thart le fada – is é sin, an radaíocht a thagas chugainn ó na cuasáir inniu, tagann sí ó na laethanta a bhí, agus d’imigh an chuid is mó de na cuasáir féin idir an dá linn.Solas ó laethanta eile” atá ann dáiríre.

Ar na radathonnta is túisce a d’aithin na réalteolaithe na cuasáir, ach ina dhiaidh sin tháinig chun solais gur féidir cuasáir a aithint ar bhandaí radaíochta eile fosta. Mar sin, níl an leagan ”radafhoinse chuasairéaltach” sách cruinn a thuilleadh.

Glactar leis inniu gurb éard atá sna cuasáir ná réaltraí gníomhacha agus gurb í an uilleann bhreathnóireachta an difríocht is mó idir iad agus na réaltraí gníomhacha eile.

Cúigréad Stephan: Grúpa réaltraí – cúig cinn ar fad – iad Cúigréad Stephan agus iad le feiceáil in aice a chéile i réaltbhuíon Pheigeasais. Ba é an réalteolaí Francach Édouard Stephan a chéadaithin an grúpa thiar sa bhliain 1877. Tá nasc imtharraingthe idir ceithre cinn de na réaltraí seo, agus an chuma ar an scéal go gcumascfaidh siad in aon réaltra amháin, i gceann na mórmhilliún bliain.

Cúisíocht: Is éard is brí leis an bhfocal cúisíocht ná an bhaint atá ag an gcúis lena toradh agus a mhalairt. Deir an fhisic chlasaiceach nach féidir don toradh bheith ann roimh a chúis, agus gurb é sin an t-iomlán is féidir leis an bhfisiceoir a rá i dtaobh na cúisíochta. Cuireann an fhisic choibhneasaíoch – is é sin, an fhisic atá bunaithe ar theoiric choibhneasachta Einstein – coinníoll breise leis seo: ní féidir le haon rud ná réad luas an tsolais a shárú, agus mar sin, ní féidir leis an gcúis an toradh a shroicheadh níos luaithe ná leis an solas.

Culaith spáis spáschulaith: Culaith bhrúchóirithe den chineál a chaitheas na spásairí. Tá soláthar ocsaigine ann chomh maith le cosaint ar radaíocht an spáis, agus ar ndóigh ní mór féachaint chuige go gcoinnítear an chulaith compordach ó thaobh na teochta de. Scéal eile fós é go bhfuil solas na gréine i bhfad níos láidire amuigh sa spás ná thíos ar dhroim an domhain, rud a chiallaíos go bhfuil scáthlán gréine ar leith de dhíth chun súile an spásaire a dhíonadh. Bíonn micridhreigeoidigh – dreigí beaga agus iad ag gluaiseacht go han-luath – coitianta go maith amuigh ansin freisin, agus ní mór an spásaire a chosaint orthu siúd fosta. Rud eile fós nach rithfeadh leat go bhfuil gléasra ar leith ann le cuidiú leis an spásaire a chuid géag a fheacadh, toisc go n-éiríonn na teicstilí righin amuigh san fholús. Thairis sin bíonn roicéid bheaga ann ar acht is go bhfaighidh an spásaire é féin rófhada ón spásárthach nó ón spás-staisiún: cuideoidh na roicéid leis an spásárthach a shroicheadh arís.

Is léir nach bhfuil sé ciallmhar ar aon nós dul amach sa spás gan chulaith bhrúchóirithe a chaitheamh, dá mbainfeá triail as, thachtfaí thú. Na scéalta ficsin eolaíochta a thugas le fios go bpléascfá agus an fhuil ar fiuchadh i do chuid artairí de cheal aerbhrú, is ar éigean atá craiceann ar bith orthu. Ar ndóigh, tá dainséir mhóra ag baint leis an easpa aerbhrú, leis an radaíocht agus leis na difríochtaí móra teochta, ach is í an anocsacht – an easpa ocsaigine – roimh aon rud eile a chuirfeadh néal ionat is a mharódh thú. Dá mbeadh soláthar ocsaigine agat gan chulaith spáis, ansin d’fhéadfá do chloigeann a bhuaireamh faoi na priacail eile.

Denebola Beta Leonis atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Leoin. Tá sí suite faoi shé solasbhliana déag is fiche dínn, agus í infheicthe go maith gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc. Réalta phríomhsheichimh í – níl sí dhá oiread chomh mór leis an nGrian – ach is A-réalta the lonrúil í. Réalta athraitheach í den chineál atá ainmnithe as Delta Scuti, is é sin, tagann athruithe beaga bídeacha ar a lonrachas de réir tréimhse nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar fad.

Diphda: Is í Diphda nó Deneb Kaitos Beta Ceti an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir – tá sí níos gile, fiú, ná an réalta ar a dtugtar Alpha Ceti, nó Menkar. Ó thaobh an speictrim de, tá sí idir eatarthu idir na haicmí G agus K. Fathachréalta fhlannbhuí í mar sin. Meastar go bhfuil sí suite faoi shé solasbhliana déag agus ceithre scór den Domhan.

An Domhan an pláinéad a bhfuil muid inár gcónaí air. Tá sé ar an gceann is mó de na pláinéid dhomhanchosúla sa Ghrianchóras, is é sin de na pláinéid nach gásfhathaigh iad. Tá dhá dtrian de dhromchla an Domhain, nó níos mó fós, clúdaithe ag uisce, agus an t-atmaisféar saibhir in ocsaigin – tá an dá rud riachtanach don bheatha mar a d’fhorbair sí ar an Domhan, ach is tábhachtach a thuiscint gur neachanna anaeróbacha a bhí sna chéad orgánaigh bheo ar an Domhan, is é sin gur nimh a bhí san ocsaigin dóibh. Mar sin b’éigean don bheatha éabhlóid áirithe a dhéanamh le bheith in ann leas a bhaint as ocsaigin an atmaisféir.

Aithníonn na geolaithe screamh, maintlín agus croí an Domhain thar a chéile. Is í an screamh an ciseal tanaí cloiche a chlúdaíos an pláinéad, agus í timpeall ar chúig ciliméadar ar tiús faoi na farraigí. Bíonn sí i bhfad níos tibhe faoin talamh slán, tríocha ciliméadar, fiú.

Tugtar neamhleanúnachas Mohorovičić, nó an Moho, ar an dromchla a scaras an screamh ón maintlín. Fuair an dromchla a ainm ó Andrija Mohorovičić, geolaí Crótach a bhí ina cheannródaí seismeolaíochta (is éard is seismeolaíocht ann ná an chraobh den gheolaíocht a dhéanas taighde ar na talamhchreathanna). D’aithin Mohorovičić roimh aon duine eile go bhfrithchaitheann an dromchla sin tonnta seismeacha (tonnta talamhchreatha) – is é sin nach leanann na tonnta sin a seanbhealach i ndiaidh an dromchla sin a bhualadh (sin é an fáth a dtugtar ”neamhleanúnachas” air).

Tugtar litisféar, nó sféar cloiche, ar an screamh agus ar uachtar an mhaintlín araon; taobh thíos den litisféar atá an t-astanaisféar, nó sféar na laibhe. Faoin astanaisféar atá croí an Domhain, agus is féidir struchtúr inmheánach áirithe a aithint sa chroí féin: an croí amuigh agus an croí istigh. Sreabhán slaodach atá sa chroí amuigh, ach is solad é an croí istigh. Iarann agus nicil is mó atá sa chroí. Tá an croí chomh te céanna agus dromchla na Gréine, a bheag nó a mhór – beagnach sé mhíle ceilvin.

Tá an litisféar deighilte ina phlátaí teicteonacha, agus tugtar teicteonaic ar an gcraobh den gheolaíocht a bhíos ag plé le gluaiseachtaí na bplátaí seo. Bíonn próisis éagsúla gheolaíocha ar obair áit a dtagann dhá phláta le chéile: ansin a bhíos talamhchreathanna le mothú agus bolcáin nua ag fás.

Tá an Domhan beo le bolcánachas. Le fírinne tá an Domhan eisceachtúil go maith sa Ghrianchóras chomh gníomhach is atá sé ó thaobh an bholcánachais de. Is iad na substaintí radaighníomhacha nádúrtha is mó is cúis leis an teas taobh istigh den Domhan: nuair a thagas meath radaighníomhach orthu, scaoiltear le radaíocht, is é sin le fuinneamh, agus an fuinneamh sin á chlaochlú go teas. Úráiniam, tóiriam, agus potaisiam (an t-iseatóp radaighníomhach úd 40K, nó potaisiam 40) na dúile is mó atá i gceist.

Cloch atá sa chuid is mó den Domhan, agus is éard atá sa chuid is mó den chloch ná sileacáití. Is éard atá i sileacáit ná ainian (ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) atá comhdhéanta as ocsaigin agus sileacan, agus é ceangailte de chaitiain éagsúla (iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu). Iain mhiotail is mó a bhíos ann (is é sin adaimh mhiotail a thug leictreoin ar iasacht uathu), ach bíonn iain níos casta ná sin ann.

ATMAISFÉAR AN DOMHAIN: CÉATADÁIN NA nGÁS ÉAGSÚIL SAN AER TIRIM

Nítrigin (N2) 78.09 %
Ocsaigin (O2) 20.95 %
Argón (Ar) 0.93 %
Dé-ocsaíd charbóin (CO2) 0.041 %
Neon (Ne) 0.0018 %
Héiliam (He) 0.00052 %
Meatán (CH4) 0.00018 %
Crioptón (Kr) 0.00011 %
Hidrigin (H2) 0.000055 %

Is gnách atmaisféar an Domhain a dheighilt ina chisil mar seo:

Ainm an chisil Airde Nótaí
An t-eisisféar Ó sheacht gcéad go fiche míle ciliméadar Is mó a bhaineas sainmhíniú an eisisféir le himtharraingt an Domhain ná le brú an atmaisféir. Go bunúsach tá deireadh leis an eisisféar san áit a bhfuil an ghrianghaoth níos láidire ná an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm ar na móilíní gáis.
AN TEIRMEASTAD – SEACHT gCÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an t-eisisféar agus an teirmisféar ó chéile
An teirmisféar Ó ochtó ciliméadar go seacht gcéad ciliméadar Tá an chuid seo den atmaisféar an-te, de réir chomh sciobtha is a bhíos na móilíní is na hadaimh ag gluaiseacht. Tá an gás chomh scaipthe anseo áfach nach n-aithneodh aon teirmiméadar (ná aon duine) an teocht sin – a mhalairt bheadh mothú mór fuachta ann. Bíonn na hadaimh ianaithe sa chuid seo den atmaisféar, agus mar sin tugtar ianaisféar ar an teirmisféar agus ar chodanna den mhéisisféar agus den eisisféar araon.
AN MÉISEASTAD – CEITHRE SCÓR CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar, agus an áit is fuaire san atmaisféar, de réir luas gluaiseachta na n-adamh.
An méisisféar Ó chaoga go hochtó ciliméadar Murab ionann agus an teirmisféar, tá an méisisféar ag dul i bhfuacht suas, fiú de réir luas gluaiseachta na n-adamh. Is é an méiseastad (an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar) an áit is fuaire san atmaisféar.
AN STRATASTAD – LEATHCHÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an strataisféar agus an méisisféar ó chéile
An strataisféar Ó dhá chiliméadar déag go caoga ciliméadar Tá an strataisféar níos fuaire thíos, níos teo thuas, agus é féin roinnte ina chisil éagsúla (sin é an tuige a dtugtar strataisféar air – féach focail ar nós stratum agus stratification sa Bhéarla, nó fiú sraith na Gaeilge).
AN TRÓPASTAD – DHÁ CHILIMÉADAR DÉAG OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an trópaisféar agus an strataisféar
An trópaisféar Ó dhroim an phláinéid go dhá chiliméadar déag An chuid den atmaisféar is aithin dúinn féin gan dul i muinín gléasra eolaíochta agus taighde. Tá an trópasféar níos teo thíos, agus níos fuaire thuas.

Dualghluaisne a thugtar ar an dóigh a bhfuil réalta áirithe ag gluaiseacht trasna na spéire i gcomparáid leis an sféar neamhaí (is é sin, i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí is na reann neimhe atá chomh cianmhar is nach féidir linn a ndualghluaisne siúd a aithint). Stua í an dualghluaisne, agus í á tomhas ina soicindí stua in aghaidh na bliana. Na réaltaí is mó dualghluaisne, is abhacréaltaí éadroma iad agus iad suite réasúnta cóngarach dúinn, cosúil le Réalta Barnard, Réalta Kapteyn agus Réalta Teegarden.

Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.

Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís an t-imoibriú a choinneáil ag obair gan an slabhra a bhriseadh.

Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlaítear go húráiniam a 233 (233U) san imoibreoir féin. Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.

Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha trí chéile.

Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.

Fathach: Is éard atá i gceist le fathach nó fathachréalta ná réalta atá i bhfad níos mó ná na réaltaí príomhsheichimh ar aon dath agus ar aon teocht léi. Tá na fathachréaltaí suite os cionn an phríomhsheichimh i léaráid Hertzsprung-Russell. Tá fathachréaltaí éagsúla ann: cuid acu bhí siad ina réaltaí príomhsheichimh ar dtús, ach ansin d’fhorbair siad go fathachréaltaí, an chuid eile bhí siad mór millteanach ó thús báire.

Glactar leis go n-iompóidh an Ghrian féin ina fathachréalta i ndeireadh báire, i gceann cúig mhíle milliún bliain, nuair a bheas an hidrigin go léir i gcroí na réalta comhleáite go héiliam. Ansin crapfaidh an croí isteach chuige féin, agus an t-ábhar taobh amuigh de á aomadh chuige ag an imtharraingt. Faoi bhrú na himtharraingte cuirfear tús nua leis an gcomhleá, ach anois, is sna sraitheanna taobh amuigh den chroí a bheas sé ag dul ar aghaidh, áit a bhfuil hidrigin fágtha fós. Rachaidh na sraitheanna sin go mór i bhfairsinge, ach ní bheidh siad chomh te céanna is a bhí dromchla na réalta ar dtús: an fuinneamh a bheas á tháirgeadh beidh sé scaipthe níos fairsinge. Mar sin rachaidh dath agus aicmiú na réalta i dtreo na fuachta, is é sin, i dtreo na deirge (aicmí K agus M).

DORNÁN FATHACHRÉALTAÍ AITHNIDIÚLA

(más déréalta nó ilréalta atá i gceist, is iad sonraí na príomhréalta sa chóras atá le léamh thíos)

Ainm Réaltbhuíon Mais i gcomparáid leis an nGrian Trastomhas i gcomparáid leis an nGrian Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian Aicme speictreach
Albireo An Eala cúig oiread deich n-oiread agus trí scór míle agus dhá chéad oiread K
Aldebaran An Tarbh aon oiread go leith ceithre oiread is dhá scór leathmhíle oiread K
Alnitak An Bodach trí oiread déag is fiche fiche oiread dhá chéad go leith míle oiread (an ceathrú cuid den mhilliún) O
Alphard An Phéist Uisce trí oiread leathchéad oiread ocht gcéad oiread K
Altarf An Portán trí oiread leathchéad oiread sé chéad is trí scór míle oiread K
Antares An Scairp dhá oiread déag ocht gcéad is trí oiread agus ceithre scór leathchéad is seacht míle is cúig chéad oiread M
Arcturus An tAoire aon oiread amháin cúig oiread is fiche céad is deich n-oiread is trí scór K
Betelgeuse An Bodach tá meastacháin éagsúla ann ó ocht n-oiread go fiche oiread tuairim is míle oiread timpeall ar chéad míle oiread (réalta an-athraitheach atá i gceist) M
Canopus An Chíle tuairim is deich n-oiread tuairim is deich oiread is trí scór cúig mhíle déag oiread F
Deneb An Eala tuairim is fiche oiread tuairim is dhá chéad oiread tuairim is dhá chéad míle oiread A
Diphda (Deneb Kaitos) An Míol Mór dhá oiread is ocht ndeichiú cuid seacht n-oiread is fiche céad is dhá scór oiread K
Eta Carinae An Chíl meastacháin éagsúla ó chéad oiread go dhá chéad oiread meastacháin éagsúla ó thrí scór oiread go hocht gcéad oiread cúig mhilliún oiread athraitheach
Hamal An Reithe aon oiread go leith cúig oiread déag timpeall ar dheich n-oiread is ceithre scór oiread K
Rigel An Bodach tuairim is fiche oiread ceithre scór oiread céad is fiche míle oiread B

An Ghealach an t-aon satailít nádúrtha atá ag an Domhan s’againn. Go bunúsach, níl inti ach cloch: sileacáití, alúmana, aol, ocsaídí iarainn, ocsaídí tiotáiniam agus eile. Tá dhá chineál tír-raon ann, is é sin, na garbhchríocha agus na mara, mar a thugtar orthu – ar ndóigh, ní thiocfá ar bhraon uisce sna farraigí sin, nó is éard atá iontu ná ísleáin nó mánna, agus iad déanta as cloch bholcánach (basalt, brúchtcharraig).

I gcomparáid le satailítí nádúrtha eile an Ghrianchórais, níl an Ghealach beag ar aon nós. Tá sí níos mó ná Europa, is é sin, an ceann is lú de Ghealacha Galileo (na ceithre satailítí is mó atá ag Iúpatar). Thairis sin, tá sí níos mó ná aon cheann acu i gcomparáid leis an bpláinéad a bhfuil sí ag dul ina thimpeall – an príomhúlach, mar a déarfá. Tá gealacha Iúpatair agus Shatarn i bhfad níos lú i gcomparáid lena bpríomhúlach.

Is éard atá sa Ghealach, mar a chreidtear inniu, ná toradh d’imbhualadh millteanach a tharla tuairim is leathchéad milliún bliain i ndiaidh fhoirmiú an Ghrianchórais. Bhuail pláinéad ar aon mhéid le Mars faoin réamh-Dhomhan – Theia a thugas na réalteolaithe ar an imbhuailteoir seo – agus ba iad smidiríní Theia comhábhair na Gealaí. Ba dhomhain ar fad a chuaigh Theia isteach sa phláinéad s’againn, agus a rian sin le haithint ar mhaintlín agus ar chroílár an Domhain i gcónaí.

Deirtear go bhfuil rothlú na Gealaí sioncrónach leis an Domhan – is é sin, is é an taobh céanna den Ghealach a bhíos iompaithe linn an t-am ar fad. Is féidir linn, áfach, beagáinín níos mó ná leath de dhromchla ár satailíte a fheiceáil, toisc go mbíonn sí ag guagadh ar dhóigheanna éagsúla: uaireanta iompaíonn sí a pol thuaidh nó a pol theas linn, agus bíonn sí ag moilliú nó ag géarú a gluaiseachta ar a fithis, ionas gur féidir linn tuilleadh den ”tosach” nó den ”chúl” a fheiceáil in amanta difriúla. Fágann an guagadh 59 % de dhromchla na Gealaí inmhapáilte ón Domhan. Ba iad na Sóivéadaigh a chuir tús le léarscáiliú an taoibh eile den Ghealach sa bhliain 1959: ansin, d’éirigh leo taiscéalaí (is é sin spásbhád beag gan foireann) a chur ag fithisiú na Gealaí agus ag tógáil grianghrafanna.

Thug daoine daonna an chéad chuairt ar an nGealach i Mí Iúil 1969, nuair a thuirling an tIolar (Eagle) modúl tuirlingthe an spásbháid úd Apollo a hAon Déag – i Muir na Sáimhe. Ba iad na spásairí Meiriceánacha Neil Armstrong agus Buzz Aldrin a bhí ag stiúradh an mhodúil, agus an tríú fear, Michael Collins, ag fanacht leo i modúl ceannasaíochta an spásbháid a bhí ag fithisiú na Gealaí. I ndiaidh an turais, bhain Collins amach clú áirithe mar scríbhneoir leis an leabhar cuimhní cinn a bhreac sé síos faoi shaol an spásaire, Carrying the Fire.

Maidir le tábhacht na dturasanna seo don eolaíocht is don taighde, ba iad na geolaithe ba mhó a ghnóthaigh orthu, nó d’ardaigh na spásairí leo cuid mhaith cloch a thug léargas nua ar fhorbairt gheolaíoch na Gealaí. Fuair na spásairí go léir bunscolaíocht sa gheolaíocht, agus bhí Harrison Schmitt, fear den triúr spásairí ar an turas deireanach go dtí an Ghealach, ina gheolaí oilte.

Gealacha Galileo a thugtar ar na satailítí is mó atá ag Iúpatar, ceithre cinn ar fad, a ndearna Galileo Galilei a bhfionnachtain thiar sa bhliain 1610.

Is iad ainmneacha na ngealach seo ná Io, Europa, Ganymede, agus Callisto. Fuair siad na hainmneacha seo ón réalteolaí Gearmánach Simon Marius (Mayr), ach ní raibh formhór na réalteolaithe fonnmhar iad a úsáid roimh an bhfichiú haois, ó nach raibh Galileo féin sásta leo – b’fhearr leis na gealacha a uimhriú go simplí. Is gnách ainmniú na reann neimhe a fhágáil faoin duine a rinne a bhfionnachtain, agus ba é Galileo a d’aithin na gealacha seo roimh Marius. Thairis sin, deirtear go raibh meas an mhagaidh mhíchuí ag lucht na comhaimsire ar na hainmneacha a bhronn seisean. Nó tagraíonn siad do na cailíní (agus d’fhear óg amháin) a raibh cumainn ghrá ag Zeus leo de réir mhiotaseolaíocht na sean-Ghréige, agus is gnách Zeus a chomhionannú le hIúpatar, mar a rinne na Rómhánaigh fadó, ó ba nós leo gach dia de chuid na nGréagach a chomhionannú le dia dá gcuid féin.

Ba é Giovanni Battista Hodierna, dalta de chuid Galileo, a bhaist na hainmneacha Principharus, Victripharus, Cosmipharus agus Fernipharus orthu. Tagairt a bhí sna hainmneacha seo do ”Phrionsa (principe) na Tuscáine”, do Vittoria della Rovere (bean Ferdinando de Medici), Cosimo de Medici (urraí Galileo) agus Ferdinando de Medici (mac Cosimo). Ó bhí Galileo ag fáil urraíochta ó Cosimo de Medici, Ard-Diúc na Tuscáine, bhí sé féin tar éis Medicea Sidera nó ”Réaltaí Mhuintir Medici” a bhaisteadh ar na gealacha seo in éineacht.

GEALACHA GALILEO – ”RÉALTAÍ MHUINTIR MEDICI” – ”MEDICEA SIDERA”

IO (Iúpatar a hAon, Principharus) EUROPA (Iúpatar a Dó, Victripharus) GANYMEDE (Iúpatar a Trí, Cosmipharus) CALLISTO (Iúpatar a Ceathair, Fernipharus)

AR MHAITHE LEIS AN gCOMPARÁID:

AN GHEALACH TIOTÁN (an tsatailít is mó atá ag Satarn)
Meángha (ciliméadar) 1822 1560 2630 2410 1737 2575
Tréimhse imrothlaithe (lá Domhanda) 1.77 3.55 7.15 16.7 27.3 15.9
Meánluas ar an bhfithis (ciliméadar in aghaidh na soicinde) 17.3 13.7 10.9 8.2 1.02 5.57
Mais (i gcomparáid leis an Domhan) 0.015 0.008 0.025 0.018 0.012 0.0225
Dlús (gram in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh) 3.5 3.0 1.9 1.8 3.3 1.9
Imtharraingt ar an dromchla (g-aonad) 0.183 0.134 0.146 0.126 0.1654 0.14
Treoluas éalaithe (ciliméadar in aghaidh na soicinde) 2.558 2.025 2.741 2.440 2.38 2.639
Meánteocht ar an dromchla (ceilvin) 110 102 110 134 220 94
Ailbéideacht 0.63 0.67 0.43 0.22 0.136 0.22
Cianphointe na fithise (ciliméadar) 423 400 677 000 1 071 600 1 897 000 405 400 1 257 000
Garphointe na fithise (ciliméadar) 420 000 665 000 1 069 200 1 869 000 362 600 1 187 000

Gienah Gienah Cygni – ”Sciathán na hEala” – a thugtar go traidisiúnta ar an réalta úd Epsilon Cygni i réaltbhuíon na hEala. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme is ea í agus í suite corradh is seachtó solasbhliain dínn. Tá sí aon oiread déag chomh mór leis an nGrian (de réir an trastomhais) agus dhá oiread is trí scór chomh lonrúil. Creidtear áfach nach bhfuil sí ach aon oiread amháin níos troime ná an Ghrian – is é sin bhí sí i bpríomhsheicheamh na réaltaí ar dtús sular iompaigh sí ina fathach, díreach mar atá i ndán don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Gienah Ghurab Gienah Corvi Ala Corvi a thugtar ar Gamma Corvi, arb í an réalta is gile i réaltbhuíon an Phréacháin. Réalta the bhánghorm den aicme B í, agus í suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. Focal Araibise é Gienah a chiallaíos ”eite, sciathán”, agus mar sin, is é ”Sciathan an Phréacháin” is brí le hainm na réalta.

An Grúpa Áitiúil a thugtar ar an ngrúpa réaltraí a mbaineann Bealach na Bó Finne leis. Is iad Réaltra Andraiméide, Bealach na Bó Finne, agus Réaltra an Triantáin na réaltraí is mó sa ghrúpa, ach thairis sin tá cuid mhór réaltraí ann is lú ná na cinn sin, ar nós Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan.

ROINNT RÉALTRAÍ SA GHRÚPA ÁITIÚIL

Ainm Uimhir i gcatalóg Messier Uimhir sa Nua-Chatalóg Ghinearálta An cineál réaltra atá ann An réaltbhuíon ina bhfeictear an réaltra Nótaí
Réaltra Andraiméide M31 NCG224 Réaltra bíseach barrach Andraiméide An réaltra is mó sa ghrúpa
Bealach na Bó Finne Réaltra bíseach barrach An réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin
Réaltra an Triantáin M33 NCG598 Réaltra bíseach neamhbharrach An Triantán An réaltra bíseach is lú sa Ghrúpa Áitiúil. Is dócha gur satailít de chuid réaltra Andraiméide atá ann
Scamall Mór Magellan Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin An Colgán agus an Tábla Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann. Shíltí ar feadh i bhfad gur réaltra neamhrialta a bhí ann
Scamall Beag Magellan NCG292 Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin An Túcán agus an Phéist Uisce Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann

M32

NCG221 Réaltra éilipseach Andraiméide Satailít de chuid Andraiméide atá ann
SagDEG (Sagittarius Dwarf Elliptical Galaxy, Abhacréaltra Éilipseach an tSaigheadóra) Réaltra éilipseach An Saigheadóir Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
SagDIG (Sagittarius Dwarf Irregular Galaxy, Abhacréaltra Neamhrialta an tSaigheadóra) Réaltra neamhrialta An Saigheadóir Is é seo an réaltra is faide atá suite ó bharalár (is é sin, ó mheáchanlár) an Ghrúpa Áitiúil
Abhac an Dragain (Béarla: Draco Dwarf) Abhacréaltra sféaróideach An Dragan Táthar ag déanamh go bhfuil an réaltra seo an-saibhir i ndamhna dorcha

Héiliam: Is é an héiliam dúil uimhir a dó sa tábla peiriadach. Mar is léir ón uimhir adamhach, tá dhá phrótón i núicléas an héiliam. Tá dhá iseatóp tábhachtacha ag an héiliam, mar atá, an ceann is coitianta, nó héiliam a ceathair, agus an ceann eile, nó héiliam a trí. Na hiseatóip eile is radanúiclídí éagobhsaí iad a dtagann meath radaighníomhach orthu go sciobtha. Tá dhá leictreon ag an héiliam, agus mar sin, is triathghás é, nó níl áit ar an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas ach d’aon leictreondís amháin. Dá réir sin ní féidir leis an héiliam dul i gcomhdhúil le dúil eile.

Tá fiuchphointe an héiliam iontach íseal, nó níl sé ach cúpla céim Celsius os cionn an dearbhnialais. Ní féidir héiliam a reo go solad gan brú ard a oibriú air. Ina áit sin, má reoitear i dtreo an dearbhnialais é faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, iompóidh sé ina fhorshreabhán a bhfuil saintréitheanna neamhghnácha aige: mar shampla ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, nó dreapfaidh sé as agus é ag dul ar fud na háite ina scannán tanaí.

Hidrigin: Is í an hidrigin dúil uimhir a haon sa tábla peiriadach, agus is í an dúil is simplí ó thaobh an struchtúir de, nó níl ach aon phrótón amháin i núicléas na hidrigine, agus níl ach aon leictreon amháin i néal leictreon na hidrigine. Is dual do na hadaimh hidrigine móilíní dhá adamh a dhéanamh faoi na gnáth-imthoscaí ar dhroim an Domhain, ach dáiríre is dúil an-imoibríoch í an hidrigin, agus tá an chuid is mó di le fáil ceangailte i gcomhdhúile éagsúla ceimiceacha. Le fírinne tá an gás hidrigine chomh héadrom is nach bhfuil imtharraingt ár bpláinéid sách láidir lena choinneáil san atmaisféar: is dual dó éalú go dtí an spás. Sin é an tuige nach bhfuil ach iarsmaí beaga hidrigine le fáil san aer.

Nuair a rachas an hidrigin trí thine, is é an toradh a gheofar ná ocsaíd na hidrigine – is é sin, uisce. Is féidir leis an hidrigin pléasc a dhéanamh agus í ag imoibriú leis an ocsaigin. Thairis sin, tá dainséar eile ag baint le dóchan na hidrigine: tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, agus í an-te san am chéanna.

Tá trí iseatóp ag an hidrigin, agus ainmneacha ar leith orthu: an próitiam (an ghnáth-hidrigin, nach bhfuil ach prótón amháin mar núicléas aici), an deoitéiriam (hidrigin a dó – tá prótón agus neodrón amháin i núicléas an iseatóip seo), agus an tritiam (hidrigin a trí – prótón amháin agus dhá neodrón sa núicléas). Núiclíd radaighníomhaíoch é an tritiam, agus tagann béite-mheath air: is é héiliam a trí (iseatóp neamhghnách de chuid an héiliam) is toradh don mheath seo.

I réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, comhleáitear núicléis hidrigine go héiliam: an fuinneamh a thagas as an nGrian is toradh don chomhleá seo é. Ar dtús téann dhá phrótón le chéile le núicléas deoitéiriam (”deoitéarón”) a dhéanamh, ansin téann deoitéarón agus prótón le chéile le núicléas de chuid héiliam a trí a tháirgeadh, agus sa deireadh comhleáitear dhá núicléas den chineál seo go núicléas gnáth-héiliam (héiliam a ceathair) – scaoiltear dhá phrótón saor sa teagmháil seo. Tugtar timthriall ”prótón-prótón” air seo.

Infridhearg a thugtar ar na bandaí radaíochta idir na radathonnta agus an solas infheicthe. Tá tonnfhad na radaíochta infridheirge níos mó ná tonnfhad an tsolais, agus dá réir sin tá a minicíocht níos ísle. Is mar theas is mó a aithníos nó a mhothaíos an duine an radaíocht infridhearg.

Io an ceann de Ghealacha Galileo is cóngaraí d’Iúpatar, agus is minic a thugtar ”an ghealach píotsa” uirthi, toisc go bhfuil sí buí (cosúil le cáis an phíotsa) agus breac le bolcáin (a chuirfeadh slisní tráta i gcuimhne duit). Tá Io á streachailt as a chéile taobh istigh ag na fórsaí taoidmheara, is é sin, ag imtharraingt na ngealach eile gan trácht a dhéanamh ar Iúpatar féin. Dá thoradh sin tá sí beo le bolcánachas thar aon rinn neimhe eile sa Ghrianchóras. Is é an sulfar a thagas as na bolcáin is cúis leis an dath buí, agus na dathanna eile a fheictear is minic a bhaineas siad le hallatróip neamhghnácha an tsulfair.

Tá Io beagáinín níos mó ná an Ghealach s’againn, agus í ar an dara ceann is lú de ghealacha Galileo. Tá sí níos mó ná Europa, agus níos lú ná Ganymede agus Callisto.

Leaptón a thugtar ar bhuncháithnín éadrom, cosúil leis an leictreon. Ní féidir leis na leaptóin páirt a ghlacadh san idirghníomhú láidir (is é an t-idirghníomhú láidir is cúis leis an bhfórsa a choinníos núicléas an adaimh le chéile). Ba é an leictreon an chéad leaptón a haithníodh. Leaptón eile é an múón, agus é i bhfad níos troime ná an leictreon, cé nach bhfuil sé chomh trom leis na baróin.

Léaráid Hertzsprung-Russell a thugtar ar an léaráid a gheofar, má chuirtear sonraí na réaltaí i gcóras comhordanáidí ionas gurb iad aicmiú na réalta (is é sin, dath na réalta, nó teocht a dromchla) agus a lonrachas na haiseanna comhordanáide. Tá an léaráid ainmnithe as Ejnar Hertzsprung agus Henry Russell, beirt réalteolaithe a d’fhorbair í tuairim na bliana 1910. Danmhargach ab ea Hertzsprung, agus b’as na Stáit Aontaithe don Ruiséalach. Is féidir na hollfhathachréaltaí, na fathachréaltaí, an príomhsheicheamh agus na habhacréaltaí a aithint thar a chéile ar an léaráid seo, mar limistéir atá réasúnta scartha ó chéile.

Litiam a thugtar ar an gceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Li an tsiombail cheimiceach, agus ós rud é go bhfuil trí phrótón i núicléas an litiam, is é dúil cheimiceach uimhir a trí é i dtábla peiriadach na ndúl. Tá sé 6.94 ar mheáchan adamhach, rud a thugas le fios gurb é litiam a seacht, nó 7Li, an t-iseatóp is coitianta. Tá teacht ar litiam a sé, nó 6Li, sa dúlra chomh maith, agus níl aon cheann den dá iseatóp nádúrtha sin radaighníomhach. Bíonn céatadán litiam a sé ag guagadh timpeall ar chúig sna heiseamal nádúrtha, agus é chomh hathraitheach is nach féidir meáchan adamhach na dúile seo a shocrú níos cruinne ná 6.94.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an litiam ná 1s22s1. Is é sin, tá an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas lán (níl áit ansin ach do dhá leictreon) agus leictreon amháin ar an sceall taobh amuigh de. Is dual don litiam an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh agus ian deimhneach, Li+, a dhéanamh. Mar sin, tá sé sách araiciseach chun imoibriúcháin, cosúil leis na miotail alcaileach eile, cé nach bhfuil sé chomh himoibríoch leis an sóidiam. Seoltóir maith leictreachais agus teasa é fosta.

Níl an litiam ach 0.53 g/cm3 ar dhlús. Is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread chomh dlúth. Má chuirtear cnapán litiam i gcoimeádán uisce le súil is go n-imoibreoidh sé leis an uisce, beidh an cnapán ag snámh ar dhromchla an uisce agus é ag iompú go hiodrocsaíd litiam le linn an imoibriúcháin.

Is gnách an miotal litiam a choinneáil i dtaisce in ola le hé a chosaint ar an uisce agus ar an aer. Is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir féin agus ocsaíd litiam a dhéanamh. Thairis sin áfach tá an litiam in ann imoibriú le nítrigin an aeir le teocht an tseomra agus nítrid litiam Li3N a dhéanamh. Níl na miotail alcaileacha eile féin in ann dul i gcomhdhúil leis an nítrigin mar sin.

Is é +I an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an litiam ina chuid comhdhúl, rud is léir ón gcumraíocht leictreonach. Úsáidtear salainn áirithe litiam mar fhrithdhúlagráin, is é sin, mar chógais le maolú ar an dúlagar intinne.

An Mhaighdean – Ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca í an Mhaighdean, agus í le feiceáil idir an Leon, an Préachán, an Cupán, Folt Bheirnicé, an Mheá, ceann na Péiste, agus an tAoire. Spica (Alpha Virginis) an réalta is gile sa réaltbhuíon seo; réaltaí suntasacha eile iad Zavijava (Beta Virginis), Porrima (Gamma Virginis), Auva (Delta Virginis) agus Vindemiatrix (Epsilon Virginis). Tá braisle iomlán réaltraí, Braisle na Maighdine, le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Markab Markeb a thugtar ar cheithre réalta éagsúla:

  • Alpha Pegasi. Cé gurb í alfa-réalta Pheigeasais í, níl sí ach ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon sin i ndáiríre. B-réalta í, is é sin, réalta the bhánghorm. Is fathachréalta í agus í chomh sean is nach bhfuil sí ag comhleá hidrigine go héiliam a thuilleadh. Tá sí suite faoi chéad trí solasbhliana déag is fiche dínn.
  • Tau Pegasi. Tugtar Salm Kerb ar an réalta seo freisin. Réalta the den A-aicme í, ach níl sí ina fathach. Tá sí suite faoi chéad is trí scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • k Puppis (tabhair faoi deara nach í an litir Ghréagach úd kappa atá againn ansin, ach an ghnáthlitir k!). Déréalta í seo a bhfuil dhá fhathachréalta ghorma den B-aicme inti – nó, le fírinne, tá ceann den dá leathréalta sin ina dhéréalta ann féin. Tá siad go léir suite faoi cheithre chéad go leith de sholasbhlianta dínn.
  • Kappa Velorum. Déréalta i réaltbhuíon na Seolta atá ann, agus í suite faoi chúig chéad agus deich solasbliana déag is trí scór dínn. Ní furasta an dá leathréalta a aithint thar a chéile, ach is mar B-réalta a rachaidís i bhfeidhm ort.

Mars atá ar dhia cogaidh na sean-Róimhe, óna bhfuair an ceathrú pláinéad sa ghrianchóras s’againn a ainm féin. Tá Mars ag fithisiú na Gréine idir an Domhan agus crios na n-astaróideach, agus dhá ghealach aige: Phobos agus Deimos. Níl iontu siúd ach cnapáin bheaga chloiche i gcomparáid leis an nGealach s’againn, agus dealraíonn sé nach raibh iontu riamh ach astaróidigh fhánacha agus iad ceaptha ag Mars ar a gcamchuairt.

Tá Mars níos lú ná an Domhan, ach is ionann, beagnach, achar Mharsa agus achar na talún tirime ar an Domhan. Is minic a thugtar ”an pláinéad dearg” ar Mhars, ach is dócha go mb’fhearr ”an pláinéad rua” a rá, nó is é an t-iarann is cúis leis an dath sin – is é dath na meirge é go bunúsach, nó tá ”cré” Mharsa sách saibhir i mianraí iarainn. Chomh fíneáilte is atá an chré nó an dusta sin bíonn cuid mhór de ar foluain san aer, ionas go bhfuil an spéir féin sórt dearg nó rua ar Mhars.

Bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad an bhfuil uisce ar bith ar dhromchla Mharsa. Faoi dheireadh na naoú haoise chreid a lán daoine go raibh ”canálacha” ar Mhars, ó thug an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli le fios go raibh sé in ann línte díreacha a aithint ar dhromchla an phláinéid agus é barúlach gur uiscebhealaí de chineál éigin a bhí ann. Is é an chiall a bhain a lán daoine as seo go raibh neacha intleachtúla tar éis canálacha a ghearradh ansin, agus spreag an smaoineamh seo cuid mhaith scéalta faoi shibhialtacht sheanársa Mharsa atá ag foghlaim an bháis cheana, agus na daoine, nó pé cineál neacha iad, ag streachailt leo leis an mbeagán uisce atá fágtha a bhailiú ina gcuid canálacha. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh sna canálacha ach iomrall súl, agus ní raibh Marsaigh ann ach an oiread.

Maidir le ceist an uisce ar Mhars, is iad na caidhpeanna polacha is mó is ábhar suime dháiríre. Bhí na heolaithe barúlach ar feadh i bhfad gur dé-ocsaíd charbóin a bhí iontu, ach ina dhiaidh sin tháinig a athrú tuairime i bhfaisean, agus na heolaithe suite siúráilte gur oighear uisce a bhí i gceist. Is é tuiscint na n-eolaithe sa lá atá inniu ann ná go bhfuil an dá chuid ann, ach gur gnách don dé-ocsaíd charbóin galú le teacht an tsamhraidh, ionas nach bhfágtar ach an t-oighear uisce. Sin é an tuige go dtagann crapadh ar na caidhpeanna go tráthrialta.

Tá bliain Mharsa beagnach dhá oiread chomh fada le bliain an Domhain, ach níl lá Mharsa ach beagáinín níos faide ná ár lá féin – dhá scór nóiméad níos faide, a bheag nó a mhór. Bíonn na séasúir – an samhradh is an fómhar, an geimhreadh is an t-earrach – ag leanúint a chéile de réir timthriall a chuirfeadh an Domhan i gcuimhne duit.

Ceist mhór é i gcónaí, an bhfuil beatha d’aon chineál ar fáil ar Mhars. Na scéalta ficsin eolaíochta faoi na neacha intleachtúla, cosúil leis na banphrionsaí deargchraicneacha ag Edgar Rice Burroughs, tá siad bréagnaithe inniu, ach tá sé incheaptha i gcónaí go bhfuil beatha shimplí ann, rud éigin cosúil leis na baictéir mar shampla. Tá mianraí i gcré Mharsa a choinneodh plandaí beo, ach ní cosaint ar an radaíocht ultraivialait é atmaisféar tanaí an phláinéid, agus mar sin pé beatha atá ann caithfidh sí a bheith ar a teitheadh ón radaíocht faoi dhromchla Mharsa.

Is dócha gurb iad Syrtis Major agus Olympus Mons an dá ghné is clúití de thíreolaíocht Mharsa. Ba é Syrtis Major an chéad bhall ar dhromchla aon rinn neimhe ar tugadh cur síos air in aon scríbhinn eolaíochta. Ba é Christiaan Huygens, an fear mór teileascópaíochta ón Ollainn sa seachtú haois déag, a luaigh Syrtis Major roimh aon duine eile, agus é ag tabhairt ”an Mhuir Orláiste” air, toisc gur bhain sé úsáid an ”orláiste” as le ham rothlaithe Mharsa a thomhas. Is éard atá i Syrtis Major, de réir thuiscint an lae inniu, ná sciathbholcán, nó ceantar leibhéalta a bhí ina sciathbholcán tráth.

Maidir le hOlympus Mons, is é an sliabh is airde sa Ghrianchóras ar fad. Tá sé dhá chiliméadar is fiche níos airde ná an tír-raon ina thimpeall, agus is sciathbholcán é freisin. Tá sé suite ar imeall thiar Tharsis, ar réigiún ardchríche é, agus trí bholcán arda eile (Tharsis Montes, nó Sléibhte Tharsis) le feiceáil taobh istigh den réigiún – Arsia Mons, Pavonis Mons, agus Ascria Mons.

ATMAISFÉAR MHARSA

Brú an aeir ar dhromchla Mharsa 0.6 % de mheánbhrú an aeir ar leibhéal na farraige ar an Domhan
Dé-ocsaíd charbóin 96 %
Argón 1.9 %
Nítrigin 1.9 %
Ocsaigin

(iarsmaí beaga)

Aonocsaíd charbóin
Meatán

An MheáLibra a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Scairp agus an Mhaighdean ar an stoidiaca. Is é Zubeneschamali nó Beta Librae an réalta is gile sa Mheá, agus is B-réalta phríomhsheichimh í – trí nó ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, agus céad is tríocha oiread níos lonrúla. Maidir leis an dara réalta is gile, nó Zubenelgenubi (Alpha Librae), is ilréalta í; shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe nach n-úsáidtear an t-ainm ”Zubenelgenubi” a thuilleadh ach le tagairt a dhéanamh don chomhbhall is gile sa chóras ilréaltach sin, is é sin, α2 Librae. Déréalta inti féin í an réalta seo, agus í suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn, a bheag nó a mhór.

Tríd is tríd, níl mórán cuid súl sa Mheá. Tá réaltbhraisle chruinneogach amháin le feiceáil sa réaltbhuíon seo, mar atá, NCG 5897, agus í suite faoi dhá scór míle solasbhliain dínn.

Mearcair atá ar an bpláinéad is cóngaraí don Ghrian. Níl gealacha ná atmaisféar aige, agus tá sé i bhfad níos lú ná an Domhan – le fírinne tá sé ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis na gealacha is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair: tá Ganymede beagáinín níos mó ná Mearcair.

Tá rothlú agus imrothlú Mhearcair in athshondas le chéile ar dhóigh ar leith: críochnaíonn an pláinéad trí rothlú (= trí lá is trí oíche) in aghaidh an dá imrothlú (= dhá bhliain), i gcomparáid le cúlra na réaltaí. An breathnóir a bheadh suite ar dhroim an phláinéid féin, áfach, d’fheicfeadh sé aon lá is aon oíche amháin i rith dhá bhliain. Rud eile fós, tá fithis Mhearcair an-éalárnach i gcomparáid leis na pláinéid eile, agus luas an phláinéid an-difriúil i bpointí éagsúla na fithise. In aice leis an ngarphointe don Ghrian (an peirihéilean) sáraíonn luas an phláinéid ar a chamchuairt timpeall na Gréine luas a rothlaithe ar a ais. Mar sin, an breathnóir a bheadh suite in áit oiriúnach ar dhromchla Mhearcair, d’fheicfeadh sé an Ghrian ag éirí, ag stad agus ag dul faoi, agus ag éirí arís i ndiaidh don phláinéad an peirihéilean a fhágáil ina dhiaidh.

Cé go bhfuil Mearcair i bhfad níos lú ná an Domhan, tá a mhaighnéadsféar (réimse maighnéadach) beagáinín níos láidire ná maighnéadsféar ár bpláinéid féin. Mar sin, creidtear go bhfuil croí iarainn Mhearcair an-mhór agus go bhfuil a screamh is a mhaintlín réasúnta tanaí.

Ní féidir a rá go mbeadh atmaisféar ag Mearcair – an beagán atá ann níl sé in ann an teas a scaipeadh is a chothromú, mar a dhéanas atmaisféar an Domhain. Mar sin, bíonn sé an-te ar Mhearcair nuair a bhíos an Ghrian ag scaladh, agus an-fhuar nuair nach mbíonn. Na háiteanna is teo ar mheánchiorcal an phláinéid is féidir leo teocht ceithre chéad céim Celsius a shroicheadh, ach le linn oíche fhada an phláinéid reofaidh siad arís go céad go leith de chéimeanna Celsius faoin nialas, nó níos fuaire fós. Maidir leis na réigiúin pholacha fanann siad an-fhuar (timpeall ar chéad céim Celsius faoin nialas) ó thús go deireadh na bliana.

Tá Mearcair sách cosúil leis an nGealach ina chuma is ina chosúlacht, nó tá dromchla an phláinéid breac le cráitéir. Sa bhliain 2012 d’aithin an taiscéalaí spáis úd Messenger go raibh oighear – oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite – sna cráitéir timpeall ar phol thuaidh an phláinéid.

Mearcair a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a ceithre scór freisin, nó airgead beo, agus is é Hg an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is é an t-aon mhiotal atá ina leacht le teocht an tseomra. Is iomaí úsáid a bhaintear as mearcair sa teicneolaíocht, go háirithe sna teirmiméadair agus sna gáslampaí, ach táthar ag éirí as ar na saolta seo, toisc gur trom-mhiotal dainséarach atá ann. Is iad +II (na comhdhúile mearcaracha) agus +I (na comhdhúile mearcarúla) na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí i gcomhdhúile ceimiceacha an mhearcair. Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir dhá adamh mearcair: mar sin, is é an caitian atá iontu ná an démhearcair Hg+-Hg+. Is é an cionnabar (an tsuilfíd mhearcarach, HgS) an mianra mearcair is tábhachtaí.

Meathshlabhra a thugtar ar shlabhra na n-idirchéimeanna ó radanúiclíd fhadsaolach go núiclíd chobhsaí. Go bunúsach níl ach iseatóip radaighníomhacha ag aon dúil a sáraíonn a huimhir adamhach 82 (is í an luaidhe dúil uimhir a 82). Mar sin, ní féidir le dúile troma cosúil leis an úráiniam (dúil uimhir a 92) cobhsaíocht a bhaint amach le haon mheath radaighníomhach amháin: ní bhaineann an t-alfa-mheath féin ach dhá aonad den uimhir adamhach. An núiclíd is toradh don mheath radaighníomhach a thagas ar an úráiniam, beidh sí radaighníomhach chomh maith, agus tiocfaidh meath radaighníomhach eile uirthi.

Seo an meathshlabhra a chaithfeas an t-úráiniam (an t-iseatóp is coitianta sa dúlra, mar atá, úráiniam a 238) a chur de le cobhsaíocht a bhaint amach:

  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 238, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar thóiriam a 234, agus is é is toradh don mheath ná prótachtainiam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar phrótachtainiam a 234, agus is éard a gheofar ná úráiniam a 234;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 234, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 230;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar thóiriam a 230, agus is éard a gheofar ansin ná raidiam a 226;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar raidiam a 226, agus is é is toradh don mheath seo ná radón a 222;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar radón a 222, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 218;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 218, agus is éard a gheofar ná luaidhe a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 214, agus is é is toradh dó seo ná biosmat a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 214, agus is é is toradh don mheath ná polóiniam a 214;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 214, agus is é is toradh don mheath ná luaidhe a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 210, agus is éard a gheofar ná biosmat a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 210, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 210;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 210, agus is éard a gheofar ansin ná luaidhe a 206;
  • agus is núiclíd chobhsaí í luaidhe a 206; mar sin, tháinig an meathshlabhra a fhad lena dheireadh.

Ní mór a thuiscint go bhfuil an meathshlabhra seo beagáinín simplithe. Mar shampla tagann béite-mheath ar pholóiniam a 218 an-chorruair, cé gurb annamh is gur ró-annamh é, agus is é is toradh dó seo ná astaitín a 218. Go ginearálta, áfach, bíonn an ceann scríbe céanna (sa mheathshlabhra seo, luaidhe a 208) i ndán do bhealaí malartacha den chineál seo.

Nuair a thosaigh an taighde ar na meathshlabhraí, ba mhinic a bhíodh ainmneacha dá gcuid féin ag na fisiceoirí ar na hidirchéimeanna, gnás a d’fhágadh na ceimiceoirí in umar an éadóchais, ós minic nár léir ó na hainmneacha seo cén dúil a bhí i gceist. Mar shampla, ba nós leis na fisiceoirí méiseatóiriam a thabhairt ar dhá núiclíd i meathshlabhra an tóiriam, cé nach iseatóip thóiriam a bhí iontu ar aon nós, agus iad ag tabhairt tórón ar an iseatóp radóin a bhfuil baint aige le meathshlabhra an tóiriam. Iainiam a bhí acu ar thóiriam a 230.

MegrezKaffaDelta Ursae Majoris atá ar an réalta is fainne sa Chamchéachta. Réalta phríomhsheichimh í, agus cé nach bhfuil sí ach 63 % níos troime ná an Ghrian, tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil is ár réalta féin. A-réalta í Megrez, is é sin réalta bhán, agus í réasúnta te. Níl Megrez suite ach corradh is leathchéad solasbhliain uainn.

Merope23 Tauri – Ceann de na réaltaí sa Phléadach í Merope. Réalta the bhánghorm í agus í ceithre go leith oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé chéad is tríocha oiread chomh lonrúil. Tá sí suite i réaltbhuíon an Tairbh, cosúil leis an bPléadach go léir.

An Micreascóp a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir Iasc an Deiscirt, an Gabhar, an Saigheadóir, an tIndiach agus an Chorr. Ba é an réalteolaí Nicolas Louis de Lacaille a shainigh agus a d’ainmnigh an réaltbhuíon san ochtú haois déag. Réaltbhuíon fhann é an Micreascóp, agus níl sé le feiceáil sa chuid is mó den Leathsféar Thuaidh. Tá sé suite faoi bhun an stoidiaca. Is í Gamma Microscopii an réalta is gile sa réaltbhuíon; fathach buí atá inti agus í suite faoi dhá chéad deich solasbhliana is fiche dínn.

Mimas – ceann de shatailítí Shatarn é Mimas, agus ba é William Herschel a chéadaithin é sa bhliain 1789. Tá sé timpeall ar cheithre chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é réasúnta sféarúil (cosúil le liathróid) ar a dhéanamh. Tá an-luas faoi ar a fhithis, nó ní thógann sé oiread is lá amháin de chuid an Domhain air turas timpeall ar Shatarn a chríochnú. Níl ann go bunúsach ach leac oighir, nó níl a thiús ach beagáinín níos airde ná tiús an uisce. Is é an ghné is suntasaí de ná an cráitéar mór úd Herschel, a fuair a ainm ó fhear na fionnachtan. I gcomparáid leis an ngealach féin, tá an cráitéar sin níos mó ná aon cheann eile sa Ghrianchóras.

Mira Ceti Omicron Ceti – réalta bhíogach athraitheach í atá suite i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir. Déréalta í agus í comhdhéanta as fathach dearg agus abhac bán. Na hathruithe a thagas ar lonrachas na réalta seo b’ábhar iontais iad do na réalteolaithe riamh, agus mar sin baisteadh ”An Mhiorúilt” uirthi. Ba é David Fabricius ón nGearmáin a bhreac síos an chéad tuairisc ar an réalta seo agus ar a hathraitheacht i ndeireadh na séú haoise déag, ach tá leideanna ann gur chuir an cine daonna sonrú ar leith i réalta chomh neamhghnách sin i bhfad roimhe sin. Is deacair an fad ón Domhan go dtí Mira Ceti a mheasúnú go beacht: creidtear go bhfuil sí suite timpeall trí chéad solasbhliain uainn.

Mirfak Alpha Persei atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon Pheirséis. Tá sí ar réaltaí geala na spéire, agus is F-réalta í – is é sin, réalta bhánbhuí agus í ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá sí suite breis is leathmhíle solasbhliain uainn, agus í ocht nó naoi n-oiread chomh trom is an Ghrian. San am chéanna is ollfhathachréalta í – cúig míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Tá Mirfak suite i lár Réaltbhraisle Alpha Persei, a fuair a hainm ón réalta seo. Is éard atá sa réaltbhraisle seo ná dornán réaltaí – B-réaltaí iad an chuid is mó acu, is é sin, tá siad níos teo ná Mirfak féin – a fáisceadh as an scamall céanna fadó, agus iad ar comhaois le chéile, a bheag nó a mhór.

Mizar Zeta Ursae Majoris an réalta atá suite san áit a bhfuil lámh an Chamchéachta camtha. Iad siúd a bhfuil súile géara acu is féidir leo a aithint gur déréalta atá i gceist, agus is é an t-ainm atá ar an gceann is lú den bheirt ná Alcor. Le fírinne áfach is córas ceithre réalta é Mizar, agus déréalta atá in Alcor féin. Tá Mizar – an ceathrar go léir – suite faoi shé solasbhliana is ceithre scór dínn, agus Alcor cúpla solasbhliain níos cóngaraí. Is mar A-réaltaí a aicmítear comhbhaill Mizar agus Alcor go léir.

Muir an Fhuachta Mare Frigoris a thugtar ar an ”muir” (má bhasailt) i dTuaisceart na Gealaí in aice le Muir na Báistí agus Muir an tSuaimhnis. Ba é an réalteolaí Giovanni Riccioli a d’ainmnigh í sa tseachtú haois déag. Cráitéir thábhachtacha sa mhuir seo iad Arastótal, Plató, Philolaus agus Harpalus.

Muir an Neachtair Mare Nectaris atá ar an ”muir” bheag taobh thuaidh de Mhuir na Sáimhe, taoibh thuaidh thiar de Mhuir na Torthúlachta. Tá roinnt cráitéar mór suite timpeall Mhuir an Neachtair, ar nós Fracastorius, agus é tuairim is céad agus fiche ciliméadar ar trastomhas.

Muir an tSuaimhnisMare Serenitatis a thugtar ar an ”muir” atá suite taobh thoir de Mhuir na Báistí ar an nGealach, in aice le Muir na Sáimhe agus Muir na Gaile – le fírinne, ní féidir teorainn shoiléir a aithint idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Sáimhe. Is mascan í Muir an tSuaimhnis – is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidre i Muir an tSuaimhnis ná ina thimpeall. Tugtar Montes Taurus ar an sliabhraon in oirthear Mhuir an tSuaimhnis, agus is ansin a thuirling Apollo a Seacht Déag i Mí na Nollag 1972. Ba é sin an turas deireanach a thug spásairí Meiriceánacha ar an nGealach, agus ba é an geolaí oilte Harrison Schmitt a bhí ag stiúradh an mhodúil thuirlingthe. Uaidhsean a d’fhoghlaim na spásairí eile uraiceacht na geolaíochta sula ndeachaigh siad go dtí an Ghealach, ach is follasach gur theastaigh ón múinteoir féin droim na Gealaí a shiúl chomh maith le duine.

Muir na Báistí Mare Imbrium a thugtar ar an dara muir is mó ar an nGealach (is é Aigéan na Stoirmeacha an ceann is mó ar fad). Tá sí suite idir Aigéan na Stoirmeacha agus Muir an Fhuachta, agus is iad Archimedes agus Plato an dá chráitéar móra a bhaineas léi. Dreigít mhór a bhuail droim na Gealaí tuairim is trí mhórmhilliún agus ocht gcéad milliún bliain ó shin a chuir tús leis an ”muir” seo: ar dtús bhí cráitéar ann ach ansin líonadh le laibhe é ionas gur cruthaíodh má bhasailt, nó ”muir”. Cosúil le Muir an tSuaimhnis, is mascan (maischuimsiú) í Muir na Báistí – is é sin tá an imtharraingt níos láidre ansin ná mar is gnách ar dhroim na Gealaí i gcoitinne.

Muir na Gaile Mare Vaporum an mhuir ar dhroim na Gealaí atá suite idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Báistí. Tá Muir na Gaile suite in aice leis an sliabhraon ar a dtugtar Montes Apenninus, agus ar an imeall thoir thuaidh tá an cráitéar úd Manilius. Gné shuntasach eile de Mhuir na Gaile is ea an ghág úd Rima Hyginus. Fuair an ghág a hainm ó Hyginus, cráitéar atá suite inti chomh maith le cúpla ceann eile is lú ná é.

Muir na Lionnta Mare Humorum – ceann de ”mhara” na Gealaí í. Tá sí suite in aice le hAigéan na Stoirmeacha, agus is é Gassendi an cráitéar is suntasaí sa mhuir. Is mascan (maischuimsiú) í Muir na Lionnta, is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidire istigh ansin. Ba é Giovanni Riccioli a bhaist Muir na Lionnta. Tá an mhuir seo beagnach ceithre chéad ciliméadar ar leithead.

Muir na nGábh Mare Crisium an ”mhuir” ar an nGealach atá suite soir ó thuaidh ó Mhuir na Sáimhe. Tá sí cúig go leith de chéadta ciliméadar ar leithead, agus is iad Yerkes, Peirce, agus Picard na cráitéir is suntasaí sa mhuir, cé nach bhfuil aon cheann acu mór ná cuidsúlach. Ba é Giovanni Riccioli a d’ainmnigh an mhuir. Fuair Picard a ainm ó Jean-Félix Picard, réalteolaí Francach a bhí beo sa tseachtú haois déag.

Muir na Sáimhe Mare Tranquillitatis an ceann is cáiliúla de ”mhara” na Gealaí, nó is ansin a thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an 20 Iúil 1969. Tá an mhuir seo suite díreach taobh thuaidh de mheánchiorcal na Gealaí. Tá trí chráitéar sa mhuir seo ainmnithe as an triúr fear a bhí páirteach sa chéad chuairt ar an nGealach, mar atá, Armstrong, Aldrin agus an tríú spásaire, Michael Collins, a bhí ag fanacht leis an mbeirt eile ar an bhfithis timpeall na Gealaí.

Muir na Scamall Mare Nubium a thugtar ar an ”muir” bheag ar an nGealach atá suite soir ó dheas in aice le hAigéan na Stoirmeacha. Cráitéir thábhachtacha ansin iad Bullialdus agus Pitatus.

Muir na Torthúlachta Mare Fecunditatis – ceann de na ”mara” basailt ar an nGealach í Muir na Torthúlachta, agus í ocht gcéad is leathchéad ciliméadar ar trastomhas. Cráitéir thábhachtacha iad Messier agus Messier A (in aice le lárphointe na mara) agus Langrenus (ar imeall na mara). Gné eisceachtúil den mhuir seo ná nach bhfuil mascan (maischuimsiú) ar bith sa lárphointe. Siúd is nár thug aon spásaire daonna cuairt ar Mhuir na Torthúlachta riamh, ba ansin nó in aice na mara a thuirling na spástaiscéalaithe Soivéadacha Luna 16, Luna 18 agus Luna 20, chomh maith leis an gceann Síneach Chang’e a hAon. Bhí Luna 16 agus Luna 20 in ann eiseamail a thabhairt ar ais go dtí an Domhan; treascraíodh Luna 18 agus Chang’e nuair a bhuail siad dromchla na Gealaí.

Neiptiún atá ar an bpláinéad is faide amuigh sa Ghrianchóras s’againn – ní áirítear Plútón ar na pláinéid a thuilleadh. Cosúil le hÚránas, is ”oighearfhathach” é: cé gur deacair atmaisféar agus screamh an phláinéid a aithint thar a chéile, is féidir a rá go bhfuil maintlín aige, agus é comhdhéanta as ”oighear” mar a thugtar – siúd is nach oighear atá ann ach sreabhán an-tiubh agus é comhdhéanta as uisce, amóinia agus meatán. Creideann na heolaithe go bhfuil croílár cuíosach beag ag Neiptiún agus go bhfuil cloch sileacáite agus iarann ann. Pé scéal é tá maighnéadsféar mór ag an bpláinéad, agus é an-te taobh istigh rud nach bhfuiltear in ann a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Maidir le hatmaisféar Neiptiúin, tá sé comhdhéanta as hidrigin agus héiliam – ochtó faoin gcéad de, hidrigin atá ann, agus an chuid eile, héiliam atá ann don chuid is mó. Tá an t-atmaisféar beo le gaotha móra a sháraíos luas dhá mhíle ciliméadar in aghaidh na huaire. Is dócha go bhfuil baint ag bristeacha móra na haimsire ar Neiptiún leis an teas istigh.

Néiriad an tríú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Neiptiúin. Ba é an réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach Gerrit Pieter (Gerard Peter) Kuiper a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1949. Dealraíonn sé nach bhfuil sí ar dhéanamh na liathróide, ach le fírinne níl mórán eolais againn ina taobh go fóill. Tá sí 170 ciliméadar ar fad, a bheag nó a mhór.

Is éard atá sa Nua-Chatalóg Ghinearálta (NCG an giorrúchán Gaeilge, NGC as Béarla) ná catalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an réalteolaí Danmhargach-Éireannach John Dreyer sa bhliain 1888, nuair a bhí sé i gceannas ar Réadlann Ard Mhacha. Liostáil sé réadanna éagsúla den chineál ar a dtugann réalteolaithe amaitéaracha ”réadanna domhainspéire”, is é sin, réadanna taobh amuigh dár nGrianchóras féin nach réaltaí iad. Mar sin, is réaltraí, réaltnéalta agus réaltbhraislí iad na hiontrálacha sa Nua-Chatalóg Ghinearálta.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an Nua-Chatalóg Ghinearálta i gcónaí, agus ceartuithe éagsúla déanta ag na réalteolaithe ar an gcatalóg i ndiaidh bhás Dreyer. D’fhoilsigh Dreyer féin cúpla ”Innéacs-Chatalóg” (Index Catalogues, IC) leis an NCG a fhorlíonadh. Ba é Wolfgang Steinicke a d’eisigh an leagan leasaithe is deireanaí de chatalóg Dreyer sa bhliain 2009.

Núiclíd a thugtar ar chineál áirithe adaimh má táthar ag cur béim ar leith ar struchtúr a núicléis, ar líon na bprótón agus na neodrón i núicléas an adaimh sin. Radanúiclídí iad na núiclídí radaighníomhacha, is é sin, na núiclídí a dtagann meath radaighníomhach éigin orthu.

Tugtar iseatóip ar núiclídí arb ionann líon na bprótón iontu. Ós ar líon na bprótón (an uimhir adamhach) a aithnítear an dúil cheimiceach, is leaganacha den dúil chéanna iad. Iseatoin na núiclídí arb ionann líon na neodrón iontu. Iseabair na núiclídí arb ionann a maisuimhir, is é sin, líon na bprótón agus na neodrón in éineacht.

Mar shampla, is iseatóip iad an próitiam (hidrigin a haon, nach bhfuil ach aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus an deoitéiriam (hidrigin a dó, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin sa núicléas aige). Is iseatoin iad an deoitéiriam agus héiliam a trí, nó tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin sa núicléas ag an dara ceann acu. Is iseabair iad an tritiam (hidrigin a trí, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, a bhfuil dhá neodrón agus aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus héiliam a trí. Agus ar ndóigh is iseatóip iad an próitiam, an deoitéiriam agus an tritiam.

Ní bhíonn ainmneacha ar leith ar na hiseatóip de ghnáth – is eisceacht ar fad í an hidrigin. Nuair nach raibh an taighde ar na núiclídí radaighníomhacha ach tosaithe, áfach, ba mhinic a bhí na fisiceoirí in ann a rá cén cineál meath radaighníomhach a thagadh ar núiclíd áirithe agus cén leathré a bhí aici, ach san am chéanna ní raibh siad eolach ar an dúil ar bhain sí léi (nó ba chuma leo faoi ina gcuid oibre). Mar sin bhí ainmneacha cosúil le méiseatóiriam, iainiam, bréiviam nó tórón acu ar na núiclídí sin. Tá dhá núiclíd ann ar a dtugtaí méiseatóiriam, is é sin méiseatóiriam a haon (ar iseatóp de chuid an raidiam é) agus méiseatóiriam a dó (ar iseatóp de chuid an achtainiam é). Iseatóp de chuid an phrótachtainiam é an bréiviam, agus iseatóp de chuid an tóiriam é an t-iainiam. Is é an tórón an t-iseatóp radóin a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam. Ní mholtar na hainmneacha seo a úsáid a thuilleadh, nó is furasta an chiall mhícheart a bhaint astu: sórt béarlagair nó leathchaint atá iontu.

Oberon atá ar an dara satailít is mó dá bhfuil ag Úránas. Cloch agus oighear is mó atá ann, nó creidtear go bhfuil maintlín oighir ann timpeall ar chroí cloiche. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú sa ghealach áirithe seo, thiar sa bhliain 1787, agus tagraíonn an t-ainm do A Midsummer Night’s Dream, an dráma le William Shakespeare. Tá Oberon míle go leith de chiliméadair ar trastomhas, agus é ag fithisiú Úránais faoi chúig chéad is ceithre scór míle ciliméadar den phláinéad. Tá an tsatailít seo faoi ghlas taoide ag Úránas, is é sin, iompaíonn sí an taobh céanna le hÚránas fud fad a fhithise, agus críochnaíonn sí rothlú (ar a hais) agus imrothlú (ar a fithis) amháin san am chéanna. Níl ach dhá chúigiú cuid de dhromchla Oberon mapáilte, ach is féidir dhá ghné fheiceálacha a aithint: na cainneoin (chasma an téarma Laidine a úsáidtear i logainmníocht Oberon) agus na cráitéir. Is iad Hamlet, Macbeth agus Othello ainmneacha na gcráitéar is mó; Mommur Chasma atá ar an gcainneon is tábhachtaí. Carachtair de chuid Shakespeare iad ainmneacha na gcráitéar, ar ndóigh. Maidir le Mommur, is é ainm na coille ina raibh cónaí ar Oberon de réir na heipice Fraincise óna bhfuair Shakespeare mianach an scéil dá dhráma.

Ocsaigin atá ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht, agus í ar an gceann is éadroime de na calcaiginí. O an tsiombail cheimiceach a sheasas di sna foirmlí. Tá trí iseatóp cobhsaí aici, mar atá, ocsaigin a sé déag, ocsaigin a seacht ndéag, agus ocsaigin a hocht ndéag, ach is léir go bhfuil an chéad cheann acu i bhfad Éireann níos coitianta in ocsaigin an dúlra ná an dá cheann eile.

Is ocsaídeoir láidir agus dúil leictridhiúltach í an ocsaigin – fuair coincheap an ocsaídiúcháin féin a ainm ón ocsaigin. Is é is brí leis sin go bhfuil de chlaonadh inti na leictreoin agus an lucht diúltach leictreachais a tharraingt chuici sna comhdhúile ceimiceacha. Tá an ocsaigin an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile agus comhdhúile a dhéanamh – sampla de seo is ea an dóchán.

Tá ocht leictreon i néal leictreon an adaimh ocsaigine, agus sé cheann acu ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an ocsaigin ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall sin, is é sin, dhá leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin eile. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aici ina cuid comhdhúl ná -2. Tagraíonn an comhartha lúide do lucht leictreach diúltach an dá leictreon a fhaigheas an ocsaigin ar iasacht ón dúil eile.

Tá dhá allatróp ag an ocsaigin – an ghnáthocsaigin, nó an ”dé-ocsaigin”, atá comhdhéanta as móilíní dhá adamh (O2), agus an t-ózón nó an ”trí-ocsaigin” (O3). Tá an t-ózón in uachtar an atmaisféir tábhachtach leis an radaíocht ultraivialait a chosc, ach ón taobh eile de is gás nimhe agus substaint éagobhsaí shophléasctha é. Cosúil leis an gclóirín, is gás tachtach é an t-ózón a oibríos ar na scamhóga ionas go líontar le huisce iad, agus an t-othar á bhá ar an talamh tirim – riocht é seo ar a dtugtar éidéime na scamhóg. Gás gan dath í an ghnáthocsaigin, ach tá dath gorm san ózón.

Tá ocsaigin de dhíth ar an duine agus ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo le haghaidh na cillríospráide (táirgiú an fhuinnimh sna cealla, ”tarraingt anála na gceall” mar a déarfá). Dealraíonn sé áfach nach mar sin a bhí ó thús, nó tá baictéir ann, cosúil leis an ngéineas Clostridium, nach gcuireann suas le hocsaigin ar aon nós. (Is é an speiceas úd Clostridium botulinum an cineál baictéir is cúis leis an ispíneachas, is é sin, an nimhiú bia.) Is iarsmaí iad na baictéir anaeróbacha seo ón tréimhse roimh Réabhlóid na hOcsaigine. Tharla Réabhlóid na hOcsaigine (nó Olltubaiste na hOcsaigine, nó Géarchéim na hOcsaigine) breis is dhá mhórmhilliún bliain ó shin, nuair a d’éirigh an t-atmaisféar chomh saibhir in ocsaigin is gur thosaigh sé ag marú na neachanna beo a bhí ann san am. Creidtear gurbh iad na halgaí gormghlasa, na Cyanophyta, a chuir tús le Réabhlóid na hOcsaigine, nó ba iad ba thúisce a thosaigh ag táirgeadh ocsaigine ar nós na bplandaí, is é sin, ag déanamh fótaisintéise. Tar éis an tsaoil bhí an bheatha in ann í féin a oiriúnú don atmaisféar ocsaiginithe, áfach, agus inniu tá an ocsaigin riachtanach (seachas nimhiúil) don chuid is mó di.

Chomh himoibritheach is atá an ocsaigin d’imeodh sí as an atmaisféar go sciobtha, ach go bé go bhfuil fótaisintéis na bplandaí ag táirgeadh tuilleadh di. An chuid is mó d’ocsaigin an Domhain tá sí ceangailte de dhúile eile i gcomhdhúile. Is dócha gurb é an t-uisce – comhdhúil na hocsaigine is na hidrigine, ocsaíd na hidrigine – an ceann is iomráití acu seo. Thairis sin áfach tá ocsaigin le fáil sna sileacáití, is é sin, i gcomhdhúile na hocsaigine, an tsileacain agus na miotal. Mianraí iad na sileacáití atá ar fáil sna clocha – is ionann, beagnach, sileacáit agus cloch, nó is deacair teacht ar chloch nach mbeadh sileacáit de chineál éigin mar chomhábhar inti. Maidir leis an ngrianchloch, is comhdhúil ocsaigine agus sileacain í – dé-ocsaíd an tsileacain.

Na hOirínidí: Cith dreigí iad na hOirinidí a bhíos ag teacht as radaí atá suite i réaltbhuíon an Bhodaigh, agus iad le feiceáil go bliantúil i Mí Dheireadh Fómhair. Is éard atá ann ná cáithníní beaga oighir a bhain an Ghrian de Chóiméad Halley fadó, díreach cosúil leis na hEta-Acuairídí.

An tOllaomthóir (Matt Hussey a cheap an téarma) a thugtar ar aimhrialtacht imtharraingthe atá suite faoi 150-250 milliún solasbhliain den Ghrianchóras i dtreo na Rialach agus Thriantán an Deiscirt. Go bunúsach, is éard atá ann ná rud dofheicthe agus é an-trom. Tá an tOllaomthóir suite sa ghannchrios, ionas nach dtig linn radharc ceart a fháil air, agus mar sin is deacair a rá cad é atá ann. Is ionann mais an Ollaomthóra agus mais na Gréine méadaithe faoi thuairim is deich gcuaidrilliún (10,000,000,000,000,000), rud is féidir a aithint go neamhdhíreach ar an dóigh a dtéann a imtharraingt i bhfeidhm ar na réaltraí.

Ór a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a naoi déag is trí scór, agus is é Au an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Bhí aithne ag an gcine daonna ar an dúil seo sa ré réamhstairiúil féin, agus is miotal lómhar í a ndéantar seodra as. Tá dath buí neamhghnách ann a dhealaíos ó na miotail eile é. Tá an t-ór as pabhar insínte, agus é níos troime ná an luaidhe féin. Is féidir teacht ar an miotal lom sa dúlra, siúd is go mbíonn sé measctha trí mhiotail lómhara eile, cosúil le copar nó pallaidiam. Bíonn comhdhúile ceimiceacha óir le fáil sa dúlra chomh maith, ar nós teallúirídí óir (comhdhúile óir agus teallúiriam).

Ní furasta ór a ocsaídiú, ach má mheasctar aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach, gheofar ocsaídeoir láidir ar a dtugtar aqua regia nó ”uisce ríoga”, toisc go bhfuil sé in ann ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór, a ocsaídiú is a chreimeadh. Rachaidh an t-ór sa tuaslagán mar ian teitreaclóróráite, AuCl4. Mar is léir ó fhoirmle an iain seo, is é +3 gnáthstaid ocsaídiúcháin an óir. Is féidir ór a thuaslagadh i dtuaslagáin chiainíde, toisc gur dual dó iain choimpléascacha a dhéanamh in éineacht leis na hiain chiainíde, agus san aigéad seiléineach H2SeO4, ar ocsaídeoir láidir é.

Pallas atá ar an dara mionphláinéad (astaróideach) is mó sa Ghrianchóras, taobh istigh d’fhithis Úránais ar a laghad. Is í an dara mionphláinéad is luaithe a d’aithin súil an duine, nó ba é an réalteolaí Heinrich Olbers a chuir an chéad sonrú inti i dtús na naoú haoise déag. Dá réir sin, is é ”2 Pallas” an t-ainm córasach atá uirthi mar mhionphláinéad. Fuair sí a hainm ó Pallas Athene, an bandia sean-Ghréagach. Tá fithis an-éalárnach aici: nuair a bhainfeas sí amach a cianphointe ón nGrian, beidh sí faoi 3.4 aonad réalteolaíoch den réalta, agus nuair a thiocfas sí go dtína garphointe, ní bheidh ach fad 2.1 aonad réalteolaíoch idir í agus an Ghrian. (Is ionann aon aonad réalteolaíoch, ar ndóigh, agus meánfhad an Domhain ón nGrian.)

Parsoic: Tá an focal féin parsoic bunaithe ar parsec an Bhéarla, agus is giorrúchán é a chiallaíos parallax second, is é sin, soicind saobhdhiallais. Aonad faid é arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus 3.26 solasbhliana. Is é is bunús leis an bparsoic ná: Glacaimis leis go bhfuil réad réalteolaíoch againn agus é ag dul trasna na spéire. Má chomhfhreagraíonn aon soicind stua amháin den ghluaiseacht tras-spéire (den tsaobhdhiallas) d’aon aonad réalteolaíoch amháin d’fhíorghluaiseacht an réid, bainfidh muid an tátal as go bhfuil an réad sin suite aon pharsoic amháin i gcéin uainn (le fírinne áfach níl Proxima Centauri féin suite chomh cóngarach sin). Is ionann an t-aonad réalteolaíocht agus meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar.

Pasiphaë: Ceann de shatailítí nádúrtha Iúpatair atá inti. Ba é an réalteolaí Philibert Jacques Melotte, Sasanach de phór na Beilge, a rinne a fiannachtain sa bhliain 1908, ach ní bhfuair sí a hainm roimh an mbliain 1975 – idir an dá linn ba é an t-ainm a bhíodh uirthi ná Iúpatar a hOcht. Tá sí dhá scór ciliméadar ar trastomhas, a bheag nó a mhór, agus tá fithis an-neamhrialta, an-éalárnach aici – tá a garphointe d’Iúpatar suite seacht milliún déag de chiliméadair ón bplainéad, agus a cianphointe aon mhilliún déag is fiche uaidh. Fithis chasiompaithe í. Tá grúpa iomlán satailítí ag Iúpatar ar a dtugtar ”grúpa Pasiphaë”, toisc go bhfuil siad ag timpeallú an phláinéid ar fhithisí éalárnacha casiompaithe atá cosúil le fithis Pasiphaë.

Peirséas – réaltbhuíon is ea Peirséas agus é le feiceáil i leathsféar thuaidh na spéire, dingthe idir an Sioráf, Caiseoipé, Andraiméide, an Triantán, an Reithe, an Tarbh, agus an tAra. Mirfak nó Algenib a thugtar ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, is é sin Alpha Persei, ach is dócha gurb é Algol, nó Beta Persei, an ceann is clúití. Feictear dhá réaltbhraisle oscailte i bPeirséas, mar atá, NCG869 agus NCG884.

An Phéacóg – réaltbhuíon í an Phéacóg agus í suite i leathsféar theas na spéire, idir an tOchtamhán, Éan Parthais, Triantán an Deiscirt, an Altóir, an Teileascóp, an tIndiach, agus an Túcán. Tugtar ”An Phéacóg” ar Alpha Pavonis freisin, is é sin, an réalta is gile sa Phéacóg. Tá Alpha Pavonis suite faoi chéad agus ceithre scór de sholasbhlianta dínn, agus is déréalta speictreascópach í: tá an dá chomhréalta níos cóngaraí dá chéile ná an Ghrian agus Mearcair. Is B-réalta í.

An Phéist a thugtar ar an t-aon réaltbhuíon atá scoilte ina dhá limistéar: Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste. Tá réaltbhuíon eile, mar atá, Fear na bPéisteanna, suite idir an Ceann agus an tEireaball. Is é Unukalhai nó Alpha Serpentis an réalta is gile sa Cheann (agus sa réaltbhuíon go léir). Cor Serpentis an t-ainm traidisiúnta Laidine ar an réalta seo – Croí na Péiste. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, agus í aicmithe mar K-réalta, is é sin beagáinín níos fuaire ná an Ghrian. Réalta í Unukalhai a bhí ina réalta phríomhsheichimh tráth agus a chlaochlaigh go fathachréalta nuair a spíon sí a cuid hidrigine, rud atá i ndán don Ghrian s’againn féin i ndeireadh ama. Tá Unukalhai suite faoi cheithre solasbhliana déag is trí scór dínn. Maidir le hEireaball na Péiste, is í Eta Serpentis an ceann is gile de na réaltaí ansin, agus is K-réalta fhlannbhuí í, díreach cosúil le hUnukalhai. Tá Eta Serpentis ina fo-fhathach, nó fathach beag atá idir eatarthu san fhorbairt i dtreo an fhathaigh. Meastar go bhfuil an réalta seo suite faoi thrí scór de sholasbhlianta dínn.

Sa bhreis ar na réaltaí, tá cuid mhaith réaltnéalta agus réaltraí le feiceáil sa dhá leath den Phéist. Is iad na réada is tábhachtaí den chineál seo sa Cheann ná M5, nó Messier 5; L134 agus L183, ar néalta dorcha iad; agus an réaltra aisteach ar a dtugtar Réad Hoag (tá a lán réaltraí eile sa réaltbhuíon seo chomh maith, ach is é Réad Hoag an ceann is aistí). Ba é an réalteolaí Meiriceánach Arthur Allen Hoag a chuir sonrú sa réaltra seo sa bhliain 1950. Réaltra fáinneach é Réad Hoag, is é sin, tá an croí ann, agus fáinne réaltaí ina thimpeall, ach ní aithnítear a dhath sa dorchadas idir an dá rud, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil réaltbhraislí ansin nach bhfuil sách geal le bheith infheicthe againne. Maidir le hEireaball na Péiste, tá sé an-saibhir i réaltbhraislí agus réaltnéalta atá suite taobh istigh dár réaltra féin, cosúil le M16 nó Messier 16 – Néal an Iolair. Níl an réaltnéal seo rógheal ann féin, ach tá sórt clú air: sa bhliain 1995 chuaigh grianghraf de chuid de Néal an Iolair ar fud na meán a chuir draíocht ar na daoine, ó bhí trí cholún cuidsúlacha gáis le feiceáil ann, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu. Is gnách ”Colúin an Chruthaithe” a thabhairt ar an réigiún sin den néal inniu.

An Phéist Bheag a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Colgán, an Abhainn, an Clog, an Tábla, an tOchtamhán, an Féinics, an Líontán, agus an Túcán. Níl sí leath chomh feiceálach leis an bPéist Uisce – le fírinne is réaltbhuíon réasúnta fann í. Is í Beta Hydri an réalta is gile sa Phéist Bheag; G-réalta í atá díreach ag forbairt ó réalta phríomhsheichimh go fathachréalta, agus í ar aon mhais, a bheag nó a mhór, leis an nGrian. Mar sin, cuireann na réalteolaithe suim ar leith inti, ós eochair í dá bhfuil i ndán don Ghrian s’againn sa deireadh. Tá Beta Hydri suite faoi cheithre solasbhliana is fiche dínn.

An Phéist Uisce a thugtar ar an réaltbhuíon is mó sa spéir. Tá an Phéist Uisce ag críochantacht leis an Aerchaidéal, an Portán, an Madra Beag, an Ceinteár, an Préachán, an Cupán, an Leon, an Mheá, an Faolchú, an tAonbheannach, Deireadh na Loinge, Compás an Mhairnéalaigh, an Seiseamhán, agus an Mhaighdin. Is é Alphard, nó Alpha Hydrae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá ann. Tá Alphard suite faoi chéad is ceithre scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Déréalta í Beta Hydrae atá suite breis is trí chéad go leith de sholasbhlianta uainn; fathachréalta the bhánghorm B-aicme é an ceann is gile den bheirt sa déréalta. Maidir le Gamma Hydrae, is fathachréalta bhuí í, is é sin, tá sí sách cosúil leis an nGrian s’againn ó thaobh an speictrim de: G-réaltaí iad an bheirt acu. Tá Gamma Hydrae suite faoi chorradh is céad deich solasbhliana is fiche dínn. Tá sí trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is céad oiread níos lonrúla.

Tá Alphard agus Gamma Hydrae le feiceáil i mbratach na Brasaíle, mar chuid de spéir na réaltaí os cionn Rio de Janeiro. Seasann Alphard do stát Mato Grosso do Sul, agus siombalaíonn Gamma Hydrae stát Acre.

Tá trí réad sa Phéist Uisce a luaitear i gCatalóg Messier, mar atá, M83, nó Réaltra Muilinn an Tuaiscirt; M68, ar réaltbhraisle chruinneogach é; agus M48, ar réaltbhraisle oscailte é. Thairis sin, is fiú an réaltnéal pláinéadach úd NCG 3242 a lua – tugtar ”taibhse Iúpatair” air, toisc gurb éasca é a thógáil in ainriocht Iúpatair chomh cosúil leis is atá sé.

Phekda Phecda Phad Gamma Ursae Majoris a thugtar ar an réalta thíos ar chlé i ”mbocsa” an Chamchéachta, taobh thíos de Megrez, ar chlé ó Merak. Tá Phekda suite timpeall ar thrí solasbhliana is ceithre scór uainn. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán, cosúil le Deneb, Vega agus Fomalhaut. Réalta phríomsheichimh í, agus í trí oiread chomh trom leis an nGrian. Is féidir a aithint ar a speictream go bhfuil scamall gáis timpeall ar an réalta seo, nó cuireann an gás línte astúcháin leis an speictream. Ceann de na réaltaí i nGrúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir í.

An Phléadach An Streoillín An Croimfhleiscín An tÉillín An Scuaidrín Na Cearrbhaigh – ”an paca cártaí a chaith an Cearrbhach Mac Cába uaidh nuair a bhain sé amach na Flaithis” – a thugtar ar réaltbhraisle uimhir a cúig is dhá scór i gCatalóg Messier – M45. Seven Sisters a chloisfeá i mBéarla ar an bPléadach – tagairt é sin do sheachtar iníonacha Atlas agus Pleione i miotaseolaíocht na sean-Ghréige. Tá an Phléadach suite i réaltbhuíon an Tairbh, agus is iad ainmneacha na ”ndeirfiúracha” ná Alcyone, Asterope (Sterope), Celaeno, Electra, Maia, Merope, agus Taygeta. Tá beirt eile de na réaltaí sa bhraisle ainmnithe as tuismitheoirí na ndeirfiúracha, Atlas agus Pleione. B-réaltaí iad na deirfiúracha agus na tuismitheoirí araon, is é sin is réaltaí teo bánghorma iad. Tá na réaltaí seo suite tuairim is ceithre chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus iad díreach ag dul trí scamall dusta a chuireas luan le loinnir na réaltaí.

Tugann na Seapánaigh Subaru ar an bPléadach, agus déanamh gluaisteáin ainmnithe acu as an réaltbhraisle seo. Na Maori sa Nua-Shéalainn, arís, is é an t-ainm a bhí acusan ar an bPléadach ná Makali’i. Bhí tábhacht spioradálta ag baint le Makali’i i gcultúr traidisiúnta na Maori, bunadh dúchasach na Nua-Shéalainne, nó ba é éirí na Pléadaí go gairid i ndiaidh luí na gréine ba chomhartha do Makahiki. Is éard a bhí i gceist le Makahiki ná tréimhse bhliantúil síochána in ómós do dhia an fhómhair is na méithe i seanchreideamh na Maori.

Príomhsheicheamh a thugtar ar an gcrios i léaráid Hertzsprung-Russell ina bhfuil an chuid is mó de na réaltaí. D’fhéadfá a rá gurb iad na gnáthréaltaí iad. Réaltaí phríomhsheichimh iad an Ghrian, Sirius, Spica, Alphecca, agus Vega, mar shampla. Is gnách a rá gurb ionann abhacréalta agus réalta phríomhsheichimh, ach ní mór cuimhne a choinneáil air nach réaltaí príomhsheichimh iad na habhacréaltaí bána, ná fiú réaltaí i gciall cheart an fhocail, ach iarsmaí de réaltaí.

Tá gach réalta phríomhsheichimh ar mheá hidreastatach. Is é sin, tá ábhar na réalta chomh te is go bhfuil sé ar tí pléascadh (”brú teirmeach”, is é sin brú teasa, a thugtar air seo), ach san am chéanna tá sé chomh trom is go bhfuil sé ar tí crupadh chuige, nó ”imphléascadh” a dhéanamh, agus an dá fhórsa seo – an brú teirmeach agus an imtharraingt – neodraithe ag a chéile. Sin é an rud a dtugtar meá hidreastatach (nó cothromaíocht hidreastatach) air.

Tá ”imoibreoir núicléach” na réalta príomhsheichimh suite ina croílár, agus is ansin a chomhleáitear na núicléis hidrigine go núicléis héiliam. Taobh amuigh den imoibreoir atá an crios radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á scaipeadh mar radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair.

Prótachtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a haon déag is ceithre scór, is é sin, an dúil atá suite idir an tóiriam agus an t-úráiniam i dtábla peiriadach na ndúl. Cosúil leis na hachtainídí go léir is dúil radaighníomhach é, i bhfad níos radaighníomhaí ná na comharsana, nó níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige (prótachtainiam dhá chéad a trí déag is fiche) ach dhá mhíle déag is fiche, sé bliana déag is trí scór ar leathré. Shílfeá gur tréimhse sách fada é an méid sin féin, ach is é is impleacht dó go bhfuil an prótachtainiam i bhfad níos dainséaraí le láimhseáil ná an tóiriam nó an t-úráiniam nádúrtha.

Tá ceithre staid ocsaídiúcháin ag an bprótachtainiam, mar atá, +4 agus +5, arb iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta aige iad, agus +2 agus +3. Ní féidir mórán úsáide a bhaint as an dúil ná as na comhdhúile, áfach, chomh dainséarach is atá siad de dheasca na radaighníomhaíochta. Scéal eile áfach go gcuireann na geolaithe suim sna hiarsmaí prótachtainiam a dtagann siad trasna orthu sna mianraí, lena aithint cé chomh fada is atá próisis áirithe gheolaíocha ag teacht i gcrann.

Ba iad Kazimierz Fajans agus Oswald Helmuth Göhring ba thúisce a d’aithin an prótachtainiam, agus is é an t-ainm a bhaist siad air ná ”bréiviam”, nó ba é an t-iseatóp a bhí i gceist acu ná prótachtainiam dhá chéad a ceathrar déag is fiche, nach bhfuil oiread is seacht n-uaire an chloig ar leathré – brevis an focal Laidine a chiallaíos ”gearrshaolach”. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na fisiceoirí cáiliúla úd ón nGearmáin, Otto Hahn agus Lise Meitner, trasna ar iseatóp nach raibh chomh gearrshaolach sin, agus mar sin ní bhfuarthas an t-ainm sin ”bréiviam” oiriúnach don dúil nua seo a thuilleadh. ”Próta-achtainiam” nó ”réamhachtainiam” a baisteadh ar an dúil ina dhiaidh sin, toisc go dtagann sé roimh an achtainiam i meathshlabhra an úráiniam. Sa bhliain 1949, rinne Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ”prótachtainiam” den ainm sin, le súil is go mbeadh sé níos fusa le fuaimniú.

Radaí – is é an radaí an pointe spéire a bhfuil dreigechith (nó rud éigin cosúil leis) ag teacht as, mar a fheictear dúinne.

Réalta Barnard an ceathrú réalta is cóngaraí dúinn, agus í suite faoi shé solasbhliana dínn. Feictear i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna í – is é sin má fheictear, nó is réalta bheag dhearg fhann í. Scéal eile é gur foinse láidir solais infridheirg í. Sáraíonn sí réaltaí eile na spéire ar dhualghluaisne, áfach. Tá an réalta ainmnithe as an bhfear a d’aithin í roimh aon duine eile, mar atá, Edward Emerson Barnard, réalteolaí Meiriceánach a rinne cuid mhaith breathnuithe tábhachtacha lena linn: eisean a chuir an chéad sonrú in Amalthea, gealach bheag de chuid Iúpatair, mar shampla.

Réalta Kapteyn an gnáthainm ar an dara réalta is mó dualghluisne atá le feiceáil ar an spéir. Tá sí sách cóngarach dúinn, is é sin tá sí suite faoi thrí solasbhliana déag dinn, agus is abhacréalta dhearg fhannlag í nach féidir a aithint gan déshúiligh nó teileascóp. Tá sí suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus ba é an réalteolaí Ollannach Jacobus Kapteyn a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1898.

Réalta Teegarden a thugtar ar abhacréalta dhearg ar tháinig Bonnard Teegarden agus a fhoireann taighde uirthi sa bhliain 2003 nuair a bhí siad ag scagadh eolais faoi astaróidigh a bailíodh na blianta roimhe sin. Cosúil le Réalta Barnard agus Réalta Kapteyn, tá Réalta Teegarden suite cóngarach dúinn (dhá sholasbhliain déag) agus is í an dualghluaisne an ghné is suntasaí di. Maidir leis an aicmiú, is M-réalta í cosúil leis an mbeirt eile. Tá Réalta Teegarden suite i réaltbhuíon an Reithe.

Réaltra a thugtar ar chóras réaltaí atá á choinneáil le chéile ag an imtharraingt. Is é Bealach na Bó Finne an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin. Glactar leis go bhfuil dúpholl i gcroí ár réaltra agus a lán réaltraí eile; Sagittarius A* a thugtar ar an dúpholl s’againne. Is gnách na réaltraí a aicmiú de réir an déanamh atá orthu: aithnítear réaltraí bíseacha, réaltraí éilipseacha agus réaltraí neamhrialta. Cuid de na réaltraí bíseacha is féidir cineál barra a fheiceáil timpeall an chroí iontu – réaltraí bíseacha barracha iad mar sin.

Réaltra an Ghuairneáin – is é seo leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist leis, mar atá, Réaltra an Ghuairneáin sa chiall chúng (M51a) agus réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre. Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra ”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D’fhéadfá a rá go bhfuil an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.

Réaltra an tSoimbréaró – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg Messier (M104) é. Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh cianmhar sin uainn.

RigelBeta Orionis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Córas trí réalta atá ann le fírinne. Ollfhathach í an phríomhréalta, Rigel A, agus is réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian. Tá Rigel le feiceáil ón gcuid is mó d’fharraigí an Domhain – réalta thábhachtach eolais a bhí inti riamh do na mairnéalaigh mar sin. Réalta athraitheach í Rigel, agus í ag lonrú suas nó ag tréigean go neamh-thráthrialta. Tá Rigel fiche oiread chomh trom leis an nGrian, agus tuairim is ceithre scór oiread chomh mór, de réir an trastomhais. Ó thaobh an lonrachais de, áfach, bheadh céad agus fiche míle Grian de dhíth le Rigel a shárú. Réalta bhánghorm den aicme speictreach B atá inti.

Ainm Araibise é ”Rigel” ó thús, agus is é is brí leis ná ”cos” – cos an Bhodaigh, más maith leat. Tá Rigel suite faoi thuairim is naoi gcéad solasbhliain dínn.

An SciathSciath Sobieski Scutum Scutum Sobiescianum (Polainnis: Tarcza Sobieskiego) a thugtar ar an réaltbhuíon bheag idir an tIolar, Fear na bPéisteanna, an Phéist agus an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí Polannach Eoin Hevelius (Polainnis: Jan Heweliusz) a shocraigh teorainneacha na Scéithe, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an réaltbhuíon seo ná Sciath Sobieski, le Rí na Polainne Jan (Eoin) Sobieski a onórú. Bhí Sobieski díreach tar éis bua a bhreith i gCath Vín, 1683.

Níl mórán cuid súl sa Sciath dáiríre, nó níl réaltaí rógheala inti ar aon nós. I gceann cúpla milliún bliain beidh a mhalairt fíor, áfach, nó tá ceann de réaltaí na Scéithe, Delta Scuti, ag druidim isteach linn go tiubh, agus is fathachréalta ghorm í. Nuair a bheas sí chomh cóngarach dúinn agus a bheas (timpeall ar dheich solasbhliana), beidh sí níos gile ná Sirius féin, dar leis na réalteolaithe. I láthair na huaire, tá Delta Scuti faoi dhá chéad solasbhliain dinn.

Siorcóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 40, agus is é Zr an giorrúchán a shiombalaíos siorcóiniam i bhfoirmlí ceimiceacha. Miotal é an siorcóiniam agus é in aon ghrúpa amháin leis an itriam agus leis an niaibiam. Sileacáit siorcóiniam é an siorcón, an mianra arb é an fhoinse is tábhachtaí siorcóiniam é. Is iad an Astráil agus an Afraic Theas an dá stát is mó mianadóireachta siorcóiniam.

Miotal insínte liathbhán é an glansiorcóiniam. Is féidir púdar siorcóiniam a chur trí thine, ach tá na cnapáin mhóra miotail sách díonta ar ocsaídiú. Tá leáphointe an tsiorcóiniam réasúnta ard, is é sin, míle ocht gcéad cúig chéim déag is dhá scór de réir Celsius.

Is iad an dé-ocsaíd (ZrO2), nó an tsiorcóinia, agus an tsileacáit, nó an siorcón (ZrSiO4), an dá chomhdhúil is tábhachtaí. +4 an staid ocsaídiúcháin atá ag an dúil sna comhdhúile seo, mar is gnách di. Baintear úsáid as an tsiorcóinia i ndéantús gléasra saotharlainne, agus gearrtar siorcón go seoidchlocha. Maidir leis an miotal féin, is minic a chuirtear le miotail eile é (cóimhiotalú) le hiad a dhéanamh níos díonta ar an teas agus ar an ocsaídiú.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, siorcóiniam a deich is ceithre scór (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra), siorcóiniam a haon déag is ceithre scór (11.22 %), siorcóiniam a dó déag is ceithre scór (17.15 %), siorcóiniam a ceithre déag is ceithre scór (17.38 %) agus siorcóiniam a sé déag is ceithre scór (2.8 %). Iseatóp radaighníomhach é an ceann deireanach acu, ach ós rud é go bhfuil leathré an iseatóip sin níos faide ná aois na hollchruinne, níl cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Is féidir iarsmaí d’iseatóp radaighníomhach eile a aithint sa siorcóiniam nádúrtha, is é sin siorcóiniam a trí déag is ceithre scór, nach bhfuil ach milliún go leith de bhlianta ar leathré. Pé scéal é tá an siorcóiniam 91.224 aonad ar mheáchan adamach.

Sirius: Is é Sirius nó Sotis Sopdet Alpha Canis Majoris Réalta an Mhadra an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé ar an réalta is gile dá bhfuil le feiceáil ar spéir oíche ár bpláinéid féin, amach ón nGrian ar ndóigh. Le fírinne is déréalta é: is é Sirius A príomhréalta an chórais, agus is réalta bhán den A-aicme é. Ní fathachréalta atá ann ach réalta phríomhsheichimh, agus í suite sách cóngarach dúinn, is é sin, ocht solasbhliana go leith. Tá Sirius A dhá oiread chomh trom leis an nGrian s’againn, ach tá sé breis is fiche oiread níos lonrúla. Réalta an-te é agus é ag spíonadh a chuid hidrigine i bhfad níos gasta ná an Ghrian s’againn.

Maidir le compánach Sirius, nó Sirius B, níl ann ach abhacréalta bhán: tá sé ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, agus é ar aon mhéid leis an Domhan. Mar is dual do na habhacréaltaí bána is réalta an-dlúth é, agus é tar éis a chuid hidrigine a spíonadh, ionas nach bhfuil sé ag táirgeadh teasa a thuilleadh.

Deir téacsanna seanársa réalteolaíochta gur réalta dhearg é Sirius, rud a tharraingíos cuid mhaith diospóireachta inniu féin. Míniú amháin é go raibh Sirius B ina fhathachréalta dhearg cúpla míle bliain ó shin, ach is é an bharúil atá ag an gcuid is mó de na réalteolaithe nach bhfuil sé incheaptha, nó bíonn forbairt na réaltaí i bhfad níos maille ná sin ag teacht i gcrann. Mar sin, ní féidir an rúndiamhair seo a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Tá Sirius le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Mato Grosso in iarthar na tíre.

Sóidiam: Is é an sóidiam an dara ceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Is é dúil cheimiceach uimhir a haon déag é, agus is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Na – Natrium an t-ainm Gearmáinise a úsáidtear ina lán teangacha eile fosta. Cosúil leis na miotail alcaileacha go léir tá an sóidiam an-araiciseach chun imoibriúcháin le comhdhúile a dhéanamh le dúile eile, agus mar sin má aonraítear mar dhúil é, imoibreoidh sé go fíochmhar le huisce, abair, nó leis an aer féin le comhdhúile nua a chruthú.

Is é an gnáthshalann nó clóiríd an tsóidiam NaCl an chomhdhúil is coitianta dá bhfuil aige, agus is é +1 an t-aon staid ocsaídiúcháin atá aige – tá aon leictreon amháin ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus é fonnmhar an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hian sóidiam Na+ a dhéanamh. Comhdhúile tábhachtacha eile iad an tsóid aráin (décharbónáit nó hiodracarbónáit an tsóidiam NaHCO3) agus an tsóid níocháin (carbónáit an tsóidiam Na2CO3).

Má chuirtear cnapán sóidiam in uisce, beidh imoibriú fíochmhar ann, agus an sóidiam ag cur na ruaige ar hidrigin an uisce le ”sóid loiscneach”, is é sin hiodrocsaíd sóidiam, NaOH, a dhéanamh. Bun láidir (is é sin substaint bhunata nó alcaileach) í hiodrocsaíd an tsóidiam, agus é sothuaslagtha san uisce.

Is féidir sóidiam a aithint ar an dath láidir buí a chuireas an t-ian sóidiam in aon lasair. Seo an ”D-líne” ar chuir an fisiceoir ceannródaíoch Joseph von Fraunhofer sonrú inti lena lá, agus tá an solas buí seo 589 nanaiméadar ar tonnfhad.

Spica: Is í Spica nó Alpha Virginis an réalta is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Déréalta í, agus is fathachréalta bhánghorm den B-aicme í an phríomhréalta. Tá an dá leathréalta chomh cóngarach dá chéile, áfach, nach féidir iad a aithint thar a chéile ach ar a speictream (is é sin, déréalta speictreascópach í Spica). Tá Spica suite faoi dhá chéad is caoga solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

Sraith Balmer: Is í sraith Balmer an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an dara leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá ceithre líne acu suite i mbanda an tsolais infheicthe, agus an chuid eile sa bhanda ultraivialait. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Eilvéiseach Johann Balmer a d’aithin an dóigh a raibh tonnfhaid na línte ag brath ar a chéile agus a d’oibrigh amach foirmle mhatamaiticiúil a cheadaigh do na fisiceoirí coibhneas na dtonnfhad a chomhaireamh. Ní ba dhéanaí ghinearálaigh an Sualannach Johannes Rydberg cothromóid Balmer go cothromóid Rydberg a chuir ar a gcumas tonnfhaid agus minicíochtaí na sraitheanna eile a áireamh.

Sraith Brackett: Is í sraith Brackett an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an ceathrú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil fhuinnimh os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Frederick Sumner Brackett.

Sraith Humphreys: Is í sraith Humphreys an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an séú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Curtis Humphreys.

Sraith Lyman: Is í sraith Lyman an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda ultraivialait, is é sin, níl siad infheicthe. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Theodore Lyman.

Sraith Paschen: Is í sraith Paschen an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an tríú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda infridhearg, is é sin, tá a dtonnfhad níos mó ná tonnfhad an tsolais infheicthe, agus dá réir sin, tá a minicíocht níos ísle. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Gearmánach Friedrich Paschen.

Sraith Pfund: Is í sraith Pfund an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an cúigiú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach August Herman Pfund.

Teicnéitiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 43 i dTábla Peiriadach na nDúl, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Tc. Is miotal trasdultach é, agus é in aon ghrúpa leis an mangainéis agus an réiniam. Thar aon rud eile, áfach, is é an teicnéitiam an dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha acu. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná teicnéitiam a naoi ndéag is ceithre scór (99Tc), agus é 211,000 bliain ar leathré.

Ba é an fisiceoir Iodálach Emilio Segrè a d’aithin an teicnéitiam an chéad uair riamh, cé go raibh torthaí bréagdheimhneacha tugtha roimhe sin ag eolaithe a shíl go raibh dúil a 43 fionnta acu. Ar cuairt sna Stáit Aontaithe dó chuir Segrè suim sa chioglatrón (luasaire cáithníní) i Saotharlann Berkeley, agus thug Ernest Lawrence, an fear a chéadcheap an gléas, scragall úsáidte ón gcioglatrón dó, le go bhféadfadh sé taighde a dhéanamh ar na núiclídí radaighníomhacha a d’fhág an úsáid sa scragall. Bhí an scragall déanta as molaibdéineam, dúil uimhir a 42, agus teoiric ag Segrè gur iseatóp de chuid dhúil a 43 a bhí ar fáil sa scragall. Le cuidiú óna chara Carlo Perrier, a bhí ina mhianreolaí, chruthaigh sé gurbh amhlaidh.

Bhí Segrè ag obair in Ollscoil Palermo, agus d’iarr lucht rialtais na cathrach go mbaistfeadh sé panóirmiam ar an dúil nua, ainm a bhí bunaithe ar an leagan Laidine d’ainm na cathrach, Panormus. Sa bhliain 1947, aon bhliain déag i ndiaidh do Segrè an fhionnachtain a dhéanamh, bhaist eagraíocht idirnáisiúnta na gceimiceoirí teicnéitiam ar an dúil, ós rud é gur dúil shaorga (tekhnetos sa tSean-Ghréigis) í nach bhfuil ar fáil sa dúlra – tá gaol ag an ainm le teicneolaíocht, ar ndóigh.